Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0753

    Cás T-753/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Green Power Technologies v an Coimisiún (Clásal eadrána – Seachtú clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 – 2013) – Conarthaí deontais – Costais incháilithe – Tuarascáil ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) inar aimsíodh go raibh caiteachas áirithe neamh-incháilithe – Aisíocaíocht suimeanna a íocadh – Dualgas cruthúnais – Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Saibhriú éagórach – Caingean le haghaidh neamhniú – Tuarascáil OLAF – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht)

    IO C 63, 20.2.2023, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 63/36


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Green Power Technologies v an Coimisiún

    (Cás T-753/20) (1)

    (Clásal eadrána - Seachtú clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 – 2013) - Conarthaí deontais - Costais incháilithe - Tuarascáil ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) inar aimsíodh go raibh caiteachas áirithe neamh-incháilithe - Aisíocaíocht suimeanna a íocadh - Dualgas cruthúnais - Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Saibhriú éagórach - Caingean le haghaidh neamhniú - Tuarascáil OLAF - Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc - Do-ghlacthacht)

    (2023/C 63/44)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Green Power Technologies, SL (Bollullos de la Mitación, an Spáinn) (ionadaithe: A. León González agus A. Martínez Solís, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Araujo Arce agus J. Estrada de Solà, Gníomhairí)

    Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Spáinne, (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus Á. Ballesteros Panizo, Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar dtús, de bhun Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí tuarascáil ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) an 9 Iúil 2018 lena ngabhann tagairt B.4(2017)4393 ar neamhní, agus, anuas air sin, de bhun Airteagal 272 CFAE, go ndearbhófaí, ar an gcéad dul síos, go gcomhfhreagraíonn do chostais incháilithe na suimeanna a deonaíodh ag an gCoimisiún Eorpach i bhforghníomhú conartha deontais Uimh. 2567509, a tugadh i gcrích i gcomhthéacs an seachtú clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 – 2013), chun roinnt tionscadail chomhfhreagracha a mhaoiniú, lena n-áirítear, go háirithe, an tionscadal Powair, maidir le forbairt “ceallraí since – aershreibhe le haghaidh líonra dáileacháin cumhachta leictreachais”, agus a bhfuil a n-aisíocaíocht iarrtha trí nóta dochair Uimh. 3242010798 a eisiúint agus, ar an dara dul síos, nach raibh na suimeanna arna n-éileamh ag an gCoimisiún le héisiúint nóta dochair Uimh. 3242010800, maidir le pionóis chonarthacha, iníoctha.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Green Power Technologies, SL a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, a íoc.

    3)

    Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.


    (1)  IO C 53, 15.2.2021.


    Top