Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0698

    Cás C-698/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy – An Pholainn) – Gmina Wieliszew v Syndyk masy upadłości Spółdzielczego Banku Rzemiosła i Rolnictwa w Wołominie w upadłości likwidacyjnej (Tarchur chun réamhrialú – Cistí struchtúracha – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (FEDER) – An Ciste Comhtháthaithe – Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 – Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 – Cistiú ón Aontas Eorpach – An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (Feader) – Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 – Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Comhaontú deontais – Cistí arna n-íoc le tairbhí i gcuntas i mbanc dócmhainneach – Reachtaíocht náisiúnta nach n-eisiatar na cistí sin ó eastát dócmhainneachta an bhainc sin)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/4


    Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy – An Pholainn) – Gmina Wieliszew v Syndyk masy upadłości Spółdzielczego Banku Rzemiosła i Rolnictwa w Wołominie w upadłości likwidacyjnej

    (Cás C-698/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Cistí struchtúracha - Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (FEDER) - An Ciste Comhtháthaithe - Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 - Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 - Cistiú ón Aontas Eorpach - An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (Feader) - Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 - Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Comhaontú deontais - Cistí arna n-íoc le tairbhí i gcuntas i mbanc dócmhainneach - Reachtaíocht náisiúnta nach n-eisiatar na cistí sin ó eastát dócmhainneachta an bhainc sin)

    (2022/C 463/04)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Najwyższy

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Gmina Wieliszew

    Cosantóir: Syndyk masy upadłości Spółdzielczego Banku Rzemiosła i Rolnictwa w Wołominie w upadłości likwidacyjnej

    Idiragraí: Rzecznik Praw Obywatelskich

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 2(5) agus Airteagail 3, 4, 57, 70 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 423/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012, Airteagail 11, 54, 56 agus 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, agus Airteagal 2(i), Airteagail 3 agus 4 agus Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach gcuireann ar chumas, ar an gcéad dul síos, eintiteas a fuair cistí faoi chuimsiú clár arna gcómhaoiniú ag buiséad an Aontais Eorpaigh, i gcás inar íocadh na cistí sin i gcuntas atá i mbanc a dearbhaíodh ina dhiaidh sin a bheith dócmhainneach, chun a áirithiú go n-eisiafar na cistí sin ó eastát dócmhainneachta an bhainc sin, agus, ar an dara dul síos, ní fhorordaítear leis na cistí sin a eisiamh ón eastát dócmhainneachta sin.


    (1)  IO C 182, 10.05.2021


    Top