Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0595

    Cás C-595/20: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerischtschof – An Ostair) – UE v ShareWood Switzerland AG, VF (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhar sibhialta – Dlí is infheidhme in oibleagáidí conarthacha – Rialachán (EC) Uimh. 593/2008 (An Róimh I) – Conarthaí tomhaltais – Rogha an dlí is infheidhme – Airteagal 6(4)(c) – Eisiamh ar chonarthaí a bhaineann le ceart in rem le maoine dochorraithe nó do thionóntacht maoine dochorraithe – Conradh díolacháin, lena n-áirítear comhaontú léasa agus comhaontú seirbhíse, a bhaineann le crainn arna gcur chun iad a shaothrú le haghaidh brábúis amháin)

    IO C 148, 4.4.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 148, 4.4.2022, p. 6–6 (GA)

    4.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 148/6


    Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerischtschof – An Ostair) – UE v ShareWood Switzerland AG, VF

    (Cás C-595/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhar sibhialta - Dlí is infheidhme in oibleagáidí conarthacha - Rialachán (EC) Uimh. 593/2008 (An Róimh I) - Conarthaí tomhaltais - Rogha an dlí is infheidhme - Airteagal 6(4)(c) - Eisiamh ar chonarthaí a bhaineann le ceart in rem le maoine dochorraithe nó do thionóntacht maoine dochorraithe - Conradh díolacháin, lena n-áirítear comhaontú léasa agus comhaontú seirbhíse, a bhaineann le crainn arna gcur chun iad a shaothrú le haghaidh brábúis amháin)

    (2022/C 148/09)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberster Gerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: UE

    Cosantóir: ShareWood Switzerland AG, VF

    An chuid oibríochtúil den bhreithiúnas

    Ní mór Airteagal 6(4)(c) de Rialachán (EC) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) a léirmhíniú go gciallaítear leis nach bhfuil conradh díolacháin, lena n-airítear comhaontú léasa agus comhaontú seirbhíse, a bhaineann le crainn arna gcur ar thalamh ar léas chun iad a shaothrú le haghaidh brábúis amháin, ina “chonradh maidir le ceart in rem le maoine dochorraithe nó do thionóntacht maoine dochorraithe” de réir bhrí na forála sin.


    (1)  IO C 35, 01.02.2021


    Top