Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0420

    Cás C-420/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad — an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh HN (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 47 agus Airteagal 48 – an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint – Airteagal 6 – Treoir (AE) 2016/343 – Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla – Airteagal 8 – An ceart a bheith i láthair ag an triail – Cinneadh um fhilleadh lena ngabhann toirmeasc ar theacht isteach cúig bliana – Coinníollacha chun triail a sheoladh in éagmais an duine lena mbaineann – Oibleagáid a bheith i láthair ag an triail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta)

    IO C 418, 31.10.2022, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    31.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 418/2


    Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad — an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh HN

    (Cás C-420/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 47 agus Airteagal 48 - an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint - Airteagal 6 - Treoir (AE) 2016/343 - Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla - Airteagal 8 - An ceart a bheith i láthair ag an triail - Cinneadh um fhilleadh lena ngabhann toirmeasc ar theacht isteach cúig bliana - Coinníollacha chun triail a sheoladh in éagmais an duine lena mbaineann - Oibleagáid a bheith i láthair ag an triail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta)

    (2022/C 418/02)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Rayonen Sofiyski sad

    Páirtí sna príomhimeachtaí coiriúla

    HN

    I láthair: Sofiyska rayonna prokuratura

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla

    a léiriú sa chiall nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear don oibleagáid ar dhaoine ar amhrastaigh agus ar dhaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a bheith i láthair ag a dtriail.

    2)

    Ní mór Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2016/343

    a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena gceadaítear triail a sheoladh in éagmais an duine a bhfuil amhras faoi nó an duine atá cúisithe, i gcás ina bhfuil an duine sin lasmuigh den Bhallstát sin agus nach bhfuil sé in ann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit sin, mar gheall ar thoirmeasc ar theacht isteach arna ghlacadh ina choinne ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin.


    (1)  IO C 399, 23.11.2020


    Top