AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 17.6.2025
COM(2025) 824 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ
Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - bliain airgeadais 2024
Clár
CLÁR ÁBHAIR
Iarscríbhinn 1 – An méid atá bainte amach ó thaobh feidhmíochta de in 2024
1. Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh
2. Seachadadh bhuiséad an Aontais in 2024
3. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais
4. An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip
Iarscríbhinn 2 – Rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais
1.Uirlisí láidre chun buiséad an Aontais a bhainistiú i dtimpeallacht chasta
2.Rialuithe costéifeachtacha lena gcosnaítear buiséad an Aontais
3.Dearbhú bainistíochta
4.Ionchas do 2025 agus ina dhiaidh sin
Iarscríbhinn 3 –An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi NextGenerationEU
1.An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi NextGenerationEU — uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar théarnamh nuálach agus rathúil
2.2.Deimhnítear le torthaí rialaithe gur comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna uile le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh in 2024
Iarscríbhinn 1 – An méid atá bainte amach ó thaobh feidhmíochta de in 2024
1. Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh
Tá buiséad an Aontais Eorpaigh i gcroílár ghníomhaíocht bheartais an Aontais. Le blianta fada anuas, chuidigh sé le feabhas a chur ar cháilíocht an tsaoil agus ar shlite beatha daoine laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Spreagann sé infheistíocht sa todhchaí: ar mhaithe le hEoraip atá glan, digiteach agus níos iomaíche. An tráth céanna, bhí sé ina líne tharrthála ríthábhachtach tráth géarchéime: chuidigh sé le paindéim a shárú agus na milliúin post a shábháil le linn na ndianghlasálacha, chuidigh sé le daoine agus cuideachtaí teacht slán as géarchéimeanna fuinnimh agus tá tacaíocht ríthábhachtach iontaofa á soláthar aige don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise.
Is uirlis fhíor-riachtanach é buiséad an Aontais chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Lena chuid clár, tacaíonn an buiséad le beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. Cruthaíonn sé breisluach Eorpach trí thorthaí a fháil nach bhféadfaí a bhaint amach le caiteachas náisiúnta neamhchomhordaithe. Tá cláir de chuid an Aontais saincheaptha chun sineirgí a spreagadh, cistiú poiblí agus príobháideach a thionscnamh agus borradh comhordaithe a chur faoi
thosaíochtaí polaitíochta an Choimisiúin faoi stiúir an Uachtaráin von der Leyen
.
Cur chun feidhme an bhuiséid in 2024
In 2024, lean buiséad fadtéarmach an Aontais (an creat airgeadais ilbhliantúil) agus NextGenerationEU de bheith ag cruthú go bhfuil siad inniúil chun gníomhú mar chrann taca fhreagairt beartais an Aontais ar dhúshláin gan choinne – amhail cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh, suaití sa slabhra soláthair, tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla gan fasach – agus an tráth céanna lean siad de bheith ríthábhachtach chun tosaíochtaí an Choimisiúin a bhaint amach. Chun é sin a bhaint amach, cuireadh EUR 190 billiún de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas chun feidhme in 2024 ó bhuiséad 2021-2027 an Aontais chun inbhuanaitheacht, iomaíochas agus rathúnas an Aontais a chur chun cinn, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Leis an infheistíocht sin, neartófar athléimneacht gheilleagar sóisialta an Aontais, cothófar cruthú post agus cuideofar le cruthú todhchaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe do gach Eorpach.
Creat airgeadais ilbhliantúil: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad an Aontais 2024 de réir ceannteideal buiséid (i milliúin EUR)
Foinse:An Coimisiún Eorpach.
Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha agus chun leanúint de phróiseas an aistrithe eacnamaíoch a chur chun cinn, chuir an ionstraim shealadach NextGenerationEU borradh faoi bhuiséad an Aontais. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta croílár NextGenerationEU agus soláthraítear cistiú do na Ballstáit léi chun infheistíochtaí agus athchóirithe a dhéanamh. Ó 2021 go 2026, tá EUR 807 mbilliún (
) de chistiú ar fud roinnt clár agus tosaíochtaí á soláthar ag NextGenerationEU, agus aird á díriú go láidir ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. In 2024, d’eisíoc an Coimisiún EUR 110,4 billiún de chistí NextGenerationEU, arbh é ba mhó a spreag iad na híocaíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach EUR 85,3 billiún (EUR 55,9 milliún de dheontais agus EUR 29,4 billiún d’iasachtaí). Dá thoradh sin, ba é a bhí sna heisíocaíochtaí iomlána faoi dheireadh 2024 EUR 306,1 billiún, a raibh EUR 197,5 billiún de i bhfoirm deontas (55 % den EUR 359 mbilliún san iomlán a leithdháileadh le haghaidh deontas faoi imchlúdach airgeadais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) agus a raibh EUR 108,7 billiún de i bhfoirm iasachtaí (37 % den EUR 291 bhilliún san iomlán a leithdháileadh le haghaidh iasachtaí faoi imchlúdach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta).
Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht
In 2024, lean cláir an Aontais de dhul chun cinn a dhéanamh maidir lena bpríomhchuspóirí a bhaint amach agus luach a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais. Is trí bhíthin táscairí feidhmíochta go háirithe a dhéantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí cláir.
Ní hionann staid an chur chun feidhme sna cláir airgeadais uile. Sa cheathrú bliain dá gcur chun feidhme, rinne cláir faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach dul chun cinn mór i dtreo a gcuspóirí sonracha a bhaint amach. Maidir le cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte, amhail faoi chistí beartais comhtháthaithe, tháinig méadú mór ar chur chun feidhme chláir 2021-2027 in 2024, agus tá na torthaí tosaigh ar fáil cheana féin.
I gcás na dtáscairí sin arbh fhéidir measúnú a dhéanamh orthu, measadh go raibh a bhformhór mór ar an mbóthar ceart chun a spriocanna a bhaint amach faoi dheireadh chur chun feidhme na gclár. Tá faisnéis mhionsonraithe ar leibhéal an chláir le fáil sna ráitis ar fheidhmíocht cláir, Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Miondealú ar chroítháscairí feidhmíochta 2021-2027 de réir dul chun cinn i dtreo spriocanna
NB: Léirítear sa ghraf an dul chun cinn arna thomhas de réir an sciar de na príomhtháscairí feidhmíochta atá ar an mbóthar ceart chun a spriocanna faoi seach a chomhlíonadh
. Ní áirítear ann táscairí nach féidir measúnú a dhéanamh orthu leis na torthaí ag an gcéim seo.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Le linn 2024, leanadh de roinnt clár de chuid an Aontais ón gclárthréimhse roimhe sin (2014-2020) a chur chun feidhme agus de thorthaí a bhaint amach do shaoránaigh an Aontais. Rinneadh íocaíochtaí dar luach EUR 22,8 billiún san iomlán i ndáil leis na cláir sin in 2024. Bhain formhór na n-íocaíochtaí sin leis an mbeartas comhtháthaithe (lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus Ciste Sóisialta na hEorpa). Go bunúsach, is buiséad atá dírithe ar infheistíocht é buiséad an Aontais, agus tá sé dírithe go príomha ar luach fadtéarmach a ghiniúint don Aontas. Choinnigh na cláir sin orthu ag déanamh dul chun cinn i dtreo a spriocanna feidhmíochta faoi seach a bhaint amach.
An tráth céanna, leis an airgead a chaitear, tá sé ríthábhachtach go dtabharfar aghaidh iarbhír ar na dúshláin agus go mbainfear amach na torthaí a bhfuil coinne leo ar an láthair. Léirítear sa tábla thíos samplaí de thorthaí ó bhuiséad an Aontais a baineadh amach faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027 araon.
|
Samplaí de thorthaí a baineadh amach
Aeráid (
)
•Rinneadh 45 ghigeavatuair de choigilteas measta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí de bharr an chláir InvestEU, cistí beartais comhtháthaithe, an chláir LIFE agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2014-2023.
•Seachnaíodh 98 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, ar lean níos mó ná leath de sin as infheistíocht i mbannaí glasa NextGenerationEU. Ina theannta sin, tá coinne leis go mbeidh laghdú 452 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde charbóin ann de bharr tionscadail faoin gCiste don Nuálaíocht i gcaitheamh na chéad 10 mbliana d’oibríochtaí.
•Rinneadh 543 ghigeavatuair bhreise d’acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil de bharr an chláir InvestEU, cistí beartais comhtháthaithe, an chláir LIFE agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2014-2023.
Digiteach
•Soláthraíodh rochtain idirlín do 16,2 milliún teaghais bhreise trí líonraí fíor-ardacmhainneachta de bharr na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi dheireadh 2024.
•Chruthaigh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 5 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise de bharr croí-líonraí imscartha, lena n-áirítear cáblaí faoi uisce, faoi dheireadh 2024.
Fostaíocht
•Tacaíodh le 24 mhilliún duine aonair chun scileanna atá ábhartha don fhostaíocht a fháil agus cruthaíodh 415 000 post nó coinníodh ar bun iad idir 2021 agus 2024 le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais (
).
•Fuair 690 000 rannpháirtí post (lena n-áirítear féinfhostaíocht) agus fuair 1 mhilliún duine cáilíocht a bhuí le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus faoi dheireadh 2024.
|
Leis an anailís feidhmíochta sa chéad roinn eile den iarscríbhinn seo, tugtar tuairisc ar conas a rannchuidigh cláir an Aontais le tosaíochtaí polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen. Sa tríú roinn den iarscríbhinn seo, Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais, soláthraítear faisnéis ar leibhéal bhuiséad an Aontais maidir le maoiniú tionscnamh a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht, le comhionannas inscne, leis an aistriú digiteach agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (
). Ar deireadh, le hIarscríbhinn 4, Ráitis ar fheidhmíocht cláir, soláthraítear anailís mhionsonraithe ar na cláir aonair agus ar a bhfeidhmíocht, a chuirtear i láthair mar
shuíomh gréasáin
chun é a dhéanamh níos soláimhsithe do léitheoirí.
Faisnéis feidhmíochta a dhéanamh níos iontaofa
Leagann an Coimisiún Eorpach an-tábhacht ar iontaofacht a chuid faisnéise feidhmíochta agus oibríonn sé go leanúnach chun tuilleadh feabhais a chur ar a phróisis tuairiscithe feidhmíochta atá láidir cheana féin. Chun ardchaighdeáin a choinneáil ar bun, déantar sonraí maidir le croítháscairí feidhmíochta a thaifeadadh agus a bhainistiú trí bhunachar sonraí tiomnaithe bunaithe ar chórais, feidhmchláir agus táirgí (SAP) ina n-ionchorpraítear rialacha uathoibríocha maidir le rialú cáilíochta chun cáilíocht agus iontaofacht sonraí a neartú. Ina theannta sin, maidir le ranníocaíochtaí a bhaineann leis an aeráid ó bhuiséad an Aontais, déantar meastachán orthu go díreach agus úsáid á baint as sonraí a bhaintear as córas cuntasaíochta an Choimisiúin, lena n-áirithítear inrianaitheacht agus beachtas.
In 2024 lean an Coimisiún den chur chuige neartaithe i leith rialú a chur chun feidhme agus a chomhdhlúthú chun iontaofacht na faisnéise feidhmíochta maidir le cláir airgeadais an Aontais a áirithiú. Lean ranna an Choimisiúin de thorthaí a rialuithe a thuairisciú ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2024 (ar foinse thábhachtach faisnéise iad don tuarascáil bhliantúil seo ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht), bunaithe ar an treoraíocht agus na ceanglais shonracha a forbraíodh in 2023 mar fhreagairt ar mholtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí. In 2024, níor tuairiscíodh aon mhóreasnaimh maidir le hiontaofacht na faisnéise feidhmíochta i ndáil lena gcláir airgeadais faoi seach.
Tacaíocht bhuiséadach an Aontais d’athchóirithe
Tacaíonn buiséad an Aontais le hathchóirithe chomh maith le hinfheistíocht sna Ballstáit agus i dtíortha comhpháirtíochta. Cé go ndéantar tionscadail inláimhsithe lena gcuirtear fás agus forbairt chun cinn a mhaoiniú trí bhíthin infheistíochta, is cumasóirí iad athchóirithe a chuidíonn le tionchar agus éifeachtacht na hinfheistíochta a fheabhsú agus a spreagann athruithe agus ailíniú beartas le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.
Laistigh den Aontas, tá an tsineirge idir athchóirithe agus infheistíochtaí corpraithe go háirithe sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb í an ionstraim fheidhmíochtbhunaithe atá i gcroílár NextGenerationEU. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ceanglaítear ar na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach ina gcomhcheanglaítear infheistíochtaí agus athchóirithe, lena n-eisíocfar cistiú bunaithe ar chlocha míle agus spriocanna réamhshainithe a bhaint amach. Ina theannta sin, tá coinníollachtaí ionsuite i roinnt clár de chuid an Aontais chun a áirithiú go gcaithfear airgead an Aontais go héifeachtach agus i gcomhréir le cuspóirí níos leithne an Aontais. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás na gcistí comhtháthaithe, lena gceanglaítear go mbeidh creataí láidre straitéiseacha agus rialála i bhfeidhm sula n-íocfar aon airgead. I gcás ina mbeidh tacaíocht de dhíth ar na Ballstáit, soláthraíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil saineolas agus treoraíocht shaincheaptha chun athchóirithe casta a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ó thaobh gníomhaíochta seachtraí de, úsáideann an tAontas tacaíocht bhuiséadach choinníollach agus saoráidí infheistíochta chun athchóirithe a chur chun cinn i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí, maille le tíortha comhpháirtíochta eile.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb í croílár NextGenerationEU í
Sa mheastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuireadh i dtábhacht an ról lárnach atá ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le tacú le hathchóirithe sna Ballstáit. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tugadh isteach spreagadh nua agus dreasachtaí airgeadais chun athchóirithe criticiúla a bhfuil coinne leo le fada a chur chun feidhme, a bhuí leis na ceanglais rialála agus leis an nasc nua idir athchóirithe agus infheistíocht.
Déantar bearta athchóirithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a dháileadh ar fud a sé cholún beartais, agus is mó an líon beart atá faoi na colúin lena gcumhdaítear beartais feabhsaithe fáis agus athléimneachta (féach an chairt thíos dar teideal ‘Clocha míle agus spriocanna a bhaineann le hathchóirithe, de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’). Léiríonn na colúin tosaíochtaí an Aontais i gcomhréir leis na moltaí tírshonracha ón gComhairle atá dírithe ar na Ballstáit i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh.
Ar an iomlán, tá dlús curtha leis an leibhéal cur chun feidhme agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta i bhfeidhm. Sna 4 bliana roimh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, maidir leis an sciar de mholtaí tírshonracha 2016-2017 a ndearnadh ‘roinnt dul chun cinn’ ar a laghad ina leith, níor mhéadaigh sé ach ó 52 % tar éis 1 bhliain amháin nó 2 bhliain (measúnú 2018 ar mholtaí tírshonracha) go 58 % tar éis 4 bliana nó 5 bliana (measúnú 2021 ar mholtaí tírshonracha). Os a choinne sin, le linn thréimhse cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, maidir leis an sciar de mholtaí tírshonracha 2019-2020 a ndearnadh ‘roinnt dul chun cinn’ ar a laghad ina leith, mhéadaigh sé ó 52 % in 2021 go 75 % i measúnú 2024 ar mholtaí tírshonracha.
Léirítear sa ghraf thíos dar teideal ‘Clocha míle agus spriocanna a bhaineann le hathchóirithe, de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’ an líon cloch míle agus spriocanna i dtaobh athchóirithe de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arna gcatagóiriú mar ‘phróiseas ullmhúcháin agus rialála’ nó mar ‘sheachadadh ar an láthair’. Léirítear leis an dá ghraf seo a leanas stádas cur chun feidhme na gcloch míle agus na spriocanna sin bunaithe ar an aicmiú céanna: ‘próiseas ullmhúcháin agus rialála’ (an dara graf) agus ‘seachadadh ar an láthair’ (an tríú graf).
Clocha míle agus spriocanna a bhaineann le hathchóirithe, de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
NB: Léirítear sa ghraf an líon cloch míle agus spriocanna athchóirithe de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna gcatagóiriú mar ‘phróiseas ullmhúcháin agus rialála’ nó mar ‘sheachadadh ar an láthair’.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Stádas na gcloch míle agus na spriocanna a bhaineann le ‘próisis ullmhúcháin agus rialála’
NB: Léirítear sa ghraf an céatadán de na clocha míle agus na spriocanna athchóirithe a bhaineann le ‘próisis ullmhúcháin agus rialála’, bunaithe ar a stádas cur chun feidhme: ‘comhlíonta’, ‘curtha i gcrích (gan mheasúnú)’ nó ‘gan bheith curtha i gcrích’.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Stádas na gcloch míle agus na spriocanna a bhaineann le ‘seachadadh ar an láthair’
NB: Léirítear sa ghraf an céatadán de na clocha míle agus na spriocanna athchóirithe a bhaineann le ‘seachadadh ar an láthair’, bunaithe ar a stádas cur chun feidhme: ‘comhlíonta’, ‘curtha i gcrích (gan mheasúnú)’ nó ‘gan bheith curtha i gcrích’.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Cistí comhtháthaithe
Faoin mbeartas comhtháthaithe, áirithítear leis an sásra um choinníollacha cumasúcháin go bhfuil na coinníollacha is gá i bhfeidhm i mBallstát chun úsáid éifeachtach éifeachtúil a bhaint as na cistí agus go bhfuil siad nasctha leis na nithe seo a leanas:
•creataí beartais agus straitéiseacha, chun a áirithiú go mbeidh na doiciméid straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach atá mar bhonn agus thaca ag infheistíocht ó na cistí ar ardcháilíocht agus i gcomhréir le caighdeáin arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais;
•creataí rialála, chun a áirithiú go gcomhlíonfar acquis an Aontais agus na hoibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na cistí á gcur chun feidhme.
Is mór an dul chun cinn atá déanta maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sin ó glacadh na cláir in 2022: faoi láthair, níl ach 2,7 % de leithdháiltí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Comhtháthaithe agus CSE+ fós faoi bhac ag coinníollacha cumasúcháin nár comhlíonadh.
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
In 2024, lean an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de bheith ag tacú le hathchóirithe atá cliste, inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta ar fud raon leathan réimsí beartais agus gach cineál acmhainneachta riaracháin á neartú an tráth céanna, go háirithe na sásraí riaracháin inmheánacha le haghaidh athchóirithe ar fud an Aontais. Mar shampla, i dtéarmaí infheistíochta poiblí agus bonneagair agus mar thoradh ar thionscadal faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, d’fhoilsigh an Rómáin treoirlínte maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun cuidiú le húdaráis áitiúla agus náisiúnta tionscadail infheistíochta a sheoladh agus a chur chun feidhme go rathúil.
Le blianta anuas, chuidigh tá sciar méadaitheach de thionscadail faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis na Ballstáit athchóirithe a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. In 2024, léirigh na Ballstáit gur spéis leo comhar a neartú ar an leibhéal réigiúnach trí thionscadail éagsúla faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena n-áirítear tacaíocht a sholáthraítear do 10 réigiún i gcúig Bhallstát chun mianadóireacht AE in éiceachórais réigiúnacha a fheabhsú chun tacú leis an aistriú glas agus chun soláthar amhábhar mianrach a dhaingniú.
Thairis sin, in 2024 chuidigh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis na Ballstáit na hathchóirithe is gá a cheapadh chun a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. Bíonn cúnamh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil i bhfoirm tacaíochta ginearálta, atá infheidhme go cothrománach maidir le cur chun feidhme rianúil na bpleananna, agus i bhfoirm tacaíochta téamaí, lena ndírítear ar athchóirithe sonracha agus ar infheistíocht sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Mar shampla de thionscadal rathúil, thacaigh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis an gCróit caillteanais uisce a laghdú trí phlean gníomhaíochta náisiúnta um laghdú caillteanais a fhorbairt chomh maith le moltaí maidir le conas faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht cuideachtaí uisce.
Gníomhaíocht sheachtrach
Is mar ionstraim feidhmíochtbhunaithe a ceapadh an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. Tá an fócas sin ar fheidhmíocht dírithe go háirithe ar thairbhithe a dhreasú chun gealltanas a thabhairt i leith athchóirithe bunúsacha. Leis an gclár, déantar raon feidhme na tacaíochta a choigeartú bunaithe ar dhul chun cinn gach tairbhí, agus ar an gcaoi sin spreagtar iarrachtaí leanúnacha athchóirithe. Tá an cur chuige feidhmíochtbhunaithe leabaithe sa phróiseas clársceidealaithe dhéthaobhaigh bliantúil. Déantar an measúnú feidhmíochta mar mheasúnú domhanda, agus cuirtear san áireamh tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir le méadú, measúnuithe saineolaithe seachtracha, an cuntas teiste maidir le bearta leanúnacha a chur chun feidhme, tuairisciú in aghaidh na dtáscairí a leagtar síos faoi chreat torthaí na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais III agus foinsí eile.
I gcás an phlean faoin tSaoráid don Úcráin, leis an gcinneadh cur chun feidhme ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir lena measúnú a fhormheas, leagtar amach treochlár mionsonraithe coinníollacha, i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíocht. Is féidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sin tacaíocht dhíreach ón Aontas a spreagadh do bhuiséad na hÚcráine (Colún I den tSaoráid don Úcráin). Áirítear sa phlean 151 chéim arna n-eagrú i 15 chaibidil earnála. I ndáil leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, mar shampla, mhéadaigh an Úcráin foireann Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe agus rith sí leasuithe tábhachtacha ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil; go sonrach, tháinig feabhas mór ar an gcreat dlíthiúil maidir le margáil pléadála.
|
In 2024 chomhlíon an Úcráin 23 chéim san iomlán i roinnt réimsí:
·an comhrac in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid (5 chéim);
·bainistíocht airgeadais phoiblí (4 chéim);
·fuinneamh (3 chéim);
·an timpeallacht ghnó (3 chéim);
·agraibhia (2 chéim);
·an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil (2 chéim);
·dílárú agus beartas réigiúnach; caipiteal daonna; sócmhainní faoi úinéireacht stáit a bhainistiú; córas breithiúnach (céim amháin an ceann).
|
Maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, beidh na bearta a dhéanfar tríd an gclár bunaithe ar chláir oibre athchóirithe gach tairbhí. Leagtar amach sna cláir oibre sin tacar cuimsitheach comhleanúnach d’athchóirithe spriocdhírithe tosaíochta agus de réimsí infheistíochta tosaíochta le haghaidh gach tairbhí. Áirítear orthu sin coinníollacha íocaíochta lena léirítear dul chun cinn sásúil ar bhearta gaolmhara nó a gcur i gcrích, mar aon le hamchlár táscach i ndáil lena gcur chun feidhme. Díríonn na hathchóirithe ar phríomhréimsí athchóirithe socheacnamaíocha agus ar bhunphrionsabail phróiseas méadaithe an Aontais.
Agus Global Gateway á bhaint amach tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, cuireann an Coimisiún infheistíochtaí chun cinn sna cúig earnáil tosaíochta de Global Gateway chomh maith le hathchóirithe lena gcuirtear feabhas ar an timpeallacht infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais i ngach tír agus i gcomhlántacht chuí le páirtithe leasmhara uile Fhoireann na hEorpa. I measc na n-athchóirithe tá idir dhea-rialachas (e.g. soláthar poiblí, bainistiú infheistíochta poiblí, bainistiú fiachais, nó athchóirithe institiúideacha) agus chumasóirí le haghaidh infheistíochtaí agus tionscadail shuaitheanta rathúla de chuid Global Gateway (e.g. uasghrádú ar an gcreat rialála chun grianfhuinneamh nó fuinneamh gaoithe a tháirgeadh/a thráchtálú, nó le haghaidh oibreoirí i gconairí straitéiseacha iompair) (
).
Soláthraítear dreasachtaí le haghaidh athchóirithe leis na coinníollacha fabhracha maoiniúcháin a chuirtear ar fáil tríd an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus chun tacú le hinfheistíocht phoiblí nó phríobháideach, trí thacaíocht bhuiséadach nó i ngeall ar chúnamh teicniúil lena gcothaítear acmhainneachtaí intíre le haghaidh athchóirithe. San Airméin, san Éigipt agus go luath sa Mholdóiv, déantar an iarracht sin chun athchóirithe a chur chun cinn a chomhlánú le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha tiomnaithe nó le saoráidí feidhmíochtbhunaithe a dhéanann eisíocaíochtaí ar choinníoll go mbaintear amach céimeanna athchóirithe comhaontaithe. I réigiún comharsanachta an Aontais, maidir le hathchóirithe a chur chun cinn, tá ról chomh tábhachtach céanna ag cúnamh macrairgeadais arna mhaoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda.
|
Luachanna atá ann faoi láthair faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda ó chreat torthaí na hEorpa Domhanda:
·20 tír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun slógadh ioncaim, bainistíocht airgeadais phoiblí agus/nó trédhearcacht buiséid a neartú (GERF 2.19);
·16 thír agus chathair a bhfuil straitéisí athraithe aeráide agus/nó straitéisí laghdaithe riosca tubaiste arna bhforbairt nó á gcur chun feidhme acu (GERF 2.5);
·3 thír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun an timpeallacht infheistíochta a neartú (GERF 2.16);
·215 bheartas rialtais arna bhforbairt nó arna n-athbhreithniú le rannpháirtíocht eagraíochtaí den tsochaí shibhialta trí thacaíocht ón Aontas (GERF 2.29);
·5 thír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun toghcháin a reáchtáil agus/nó feabhas a chur ar a bpróiseas toghcháin (GERF 2.26).
|
2. Seachadadh bhuiséad an Aontais in 2024
Aontas Eorpach atá rathúil agus iomaíoch
Ba mhór-roinn tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta í an Eoraip i gcónaí ... ní mór dúinn dul i bhfad níos tapúla anois agus tuilleadh a dhéanamh chun iomaíochas, rathúnas agus cothroime a áirithiú (
).
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Tacú le tionscal glan, nuálach agus iomaíoch
Le buiséad an Aontais tugadh tacaíocht láidir d’earnáil thionsclaíoch an Aontais, arbh é ab aidhm di an earnáil sin a dhéanamh iomaíoch, nuálach, aeráidneodrach agus glan. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs praghsanna arda fuinnimh mar thoradh ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Mar shampla, cuireadh plean REPowerEU ar bun chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise a laghdú agus chun dlús a chur leis an aistriú glan. Faoi dheireadh 2024, bhí réamh-mhaoiniú EUR 10 mbilliún curtha ar fáil ag REPowerEU do 21 Bhallstát. Thairis sin, le Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, maoiníodh suiteáil breis agus 106 ghigeavata d’acmhainneacht bhreise fuinnimh in-athnuaite idir 2021 agus 2024 (
).
Thairis sin, tá an tAontas, trí bhíthin an Chiste don Nuálaíocht, ag rannchuidiú le teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chur ar an margadh agus le tacú le tionsclaíocht san aistriú chuig astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha. Chuir an ciste punann 200 tionscadal i dtoll a chéile a fuair thart ar EUR 12 bhilliún san iomlán de thacaíocht i bhfoirm deontas. Cuidíonn an tacaíocht spriocdhírithe sin lena áirithiú go mbeidh réitigh nua ar fáil chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha is deacair a mhaolú, amhail monaraíocht stroighne agus cruach, agus tacaíonn sí an tráth céanna le monarú teicneolaíochtaí ísealcharbóin atá bunaithe san Aontas, idir cheallraí, thuirbíní gaoithe agus theaschaidéil.
Tá an Ciste don Nuálaíocht ag cuidiú freisin le maoiniú aistriú an Aontais i dtreo úsáid níos mó a bhaint as hidrigin in-athnuaite. In 2024, faoin
gcéad cheant hidrigine in-athnuaite uile-Aontais, ag a bhfuil buiséad EUR 800 milliún
chun tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí fuinnimh in-athnuaite trí íocaíocht sheasta a dhéanamh leo in aghaidh an chileagraim de hidrigin in-athnuaite deimhnithe agus fíoraithe a tháirgeann siad, síníodh comhaontuithe deontais i dtaca le sé thionscadal san Fhionlainn, san Iorua, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. Osclaíodh
an dara ceant, a raibh buiséad EUR 1,2 billiún aige
, i mí na Nollag 2024 agus mheall sé 61 tairiscint ó 11 tír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Is é an aidhm atá ann tacú le cruthú margaidh le haghaidh hidrigin in-athnuaite san Eoraip, lena rannchuideofar le rogha mhalartach atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur in ionad breoslaí iontaise sa tionscal trom agus san iompar trom.
Is foinse eile tacaíochta ón Aontas é an Ciste don Nuachóiriú, a bhfuil sé d’aidhm aige córais fuinnimh a nuachóiriú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tionsclaíochta agus in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair. In 2024, sholáthair an ciste EUR 5,6 billiún san iomlán chun tacú le 77 dtionscadal in
11 Bhallstát.
EUR 15,4 billiún
a bhí san infheistíocht iomlán tríd an gCiste don Nuachóiriú ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí na Nollag 2024.
Tá ról lárnach ag an gclár Fís Eorpach, clár taighde suaitheanta an Aontais, maidir le hiomaíochas an Aontais a chothú. In 2024, gealladh thart ar EUR 13 bhilliún faoin gclár. De bharr na ngealltanas buiséadach sin i leith an chláir Fís Eorpach in 2024, cuidíodh le tacaíocht a thabhairt do na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
•91 thionscadal lena dtugtar aghaidh ar bhia inbhuanaithe, ar an mbithgheilleagar, ar acmhainní nádúrtha, ar thalmhaíocht agus ar an gcomhshaol, ar ranníoc an tAontas níos mó ná EUR 450 milliún leo ();
•31 thionscadal maidir le bonneagar taighde, ar ranníoc an tAontas níos mó ná EUR 220 milliún san iomlán leo ();
•EUR 678 milliún de dheontais chun tacú le heolaithe agus scoláirí den scoth agus a bhfoirne taighde neamhspleácha á mbunú acu agus a gcuid smaointe eolaíocha is mó a bhfuil gealladh fúthu á bhforbairt acu ().
Ionstraim eile chun tacú le taighde faoin gclár Fís Eorpach is ea an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, atá ceaptha cuidiú leis an mbearna caipitil fiontair san Eoraip a dhúnadh. Soláthraíonn sí maoiniú go díreach do chuideachtaí aonair, go príomha gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Is é atá i bpunann na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí cheana féin infheistíocht i mbreis agus 500 ceann de na gnólachtaí nuathionscanta agus na cuideachtaí ardfháis is mó a bhfuil gealladh fúthu san Eoraip. In 2024 infheistíodh os cionn EUR 500 milliún i gcuideachtaí na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí chun taighde a dhéanamh ar chineálacha nua cur chuige i leith ailse a bhrath agus a chóireáil le biteicneolaíocht cheannródaíoch agus teicneolaíochtaí leighis ().
Tacaíonn an beartas comhtháthaithe freisin le hinfheistíochtaí sa taighde, sa nuálaíocht, sa digitiú, san iomaíochas, i scileanna agus sa nascacht dhigiteach, agus é d’aidhm aige Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a bhaint amach, agus claochlú eacnamaíoch nuálach cliste a chur chun cinn. Thairis sin, leis an Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-Réigiúnach, faoi
Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
, tacaítear le tionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha ina gcéimeanna uas-scálaithe agus tráchtálaithe. Cuidíonn sí le bacainní rialála agus margaidh a shárú, rud a thugann tionscadail chuig an leibhéal infheistíochta atá dírithe ar shlabhra luacha an Aontais.
Thairis sin, tá infheistíocht déanta ag an Aontas freisin i bhforbairt na teicneolaíochta comhleá núicléach. Trí infheistíocht EUR 4,6 billiún a dhéanamh i gcaitheamh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, tá maoiniú á chur ar fáil ag an Aontas le haghaidh thógáil thionscadal ITER agus oibriú an tionscadail sin amach anseo agus, in éineacht lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta, tá an tAontas i gceannas ar an tionscadal taighde idirnáisiúnta is mó ar domhan. Is é is aidhm don tionscadal a léiriú go bhfuil sé indéanta an comhleá a úsáid mar fhoinse fuinnimh saor ó charbón, agus go bhféadfadh ról cinntitheach a bheith aige dá bhrí sin i ndícharbónú ár ngeilleagar
Infheistíocht phríobháideach a thionscnamh
Tá an clár InvestEU ina spreagadh cumhachtach don infheistíocht phríobháideach, lena ndírítear ar ráthaíochtaí le haghaidh infheistíocht ardriosca i bpríomhearnálacha eacnamaíocha, agus é d’aidhm aige tacú leis an nuálaíocht agus leis an dícharbónú chomh maith le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais. Is ar bhealaí éagsúla a dhéanann an clár amhlaidh.
Tá cistí poiblí á gcur chun úsáide go straitéiseach aige chun infheistíocht a dhí-rioscú agus a thionscnamh
, chun margaí a thógáil agus a mhúnlú trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn (e.g. teicneolaíochtaí spáis, teicneolaíochtaí dé-úsáide, leathsheoltóirí, an geilleagar gorm, an ríomhaireacht chandamach), chun ceannródaíocht a dhéanamh i dtaca le táirgí airgeadais nua spriocdhírithe agus chun seirbhísí comhairleacha cuimsitheacha a chur ar fáil chun acmhainneacht mhargaidh agus institiúideach a fhorbairt. Is é is aidhm don chlár
EUR 372 bhilliún
a spreagadh. Faoi dheireadh 2024,
slógadh EUR 283,4 billiún ()
, agus an méid iomlán ráthaíochtaí ón Aontas a soláthraíodh faoin gclár ba mhó é ná EUR 22 bhilliún , lena gcumhdaítear oibríochtaí amhail:
•EUR 30 milliún de fhrithráthaíochtaí chun cuidiú le banc réigiúnach Gearmánach maoiniú a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá dírithe ar an nuálaíocht agus ar an inbhuanaitheacht ();
•ráthaíocht i dtaca le hiasacht EUR 200 milliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta do dhéantóir fearas tí Eorpach atá dírithe ar fhearais tí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a fhorbairt ();
•ráthaíocht i dtaca le hiasacht EUR 30 milliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta do ghnólacht nuathionscanta Spáinneach arb é is aidhm dó buíon satailítí íseal-domhanfhithiseacha a imscaradh chun feabhas a chur ar nascacht idirlín ().
Soláthraíonn an beartas comhtháthaithe tacaíocht freisin do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, don gheilleagar ísealcharbóin agus do chuspóirí aeráide, don nuálaíocht taighde agus don fhorbairt chríochach. Laistigh de chláir 2021-2027, gealltar EUR 18,5 billiún trí ionstraimí airgeadais um infheistíochtaí ginte ioncaim agus coigiltis costais:
•infheisteofar beagnach EUR 8,5 billiún in FBManna i bhfoirm iasachtaí nó cothromais agus é d’aidhm aige sin feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú, rud atá fós ina chonstaic do roinnt mhaith gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag fás;
•EUR 1,7 billiún le haghaidh infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht agus EUR 417 milliún sa digitiú;
•EUR 6 bhilliún lena dtacaítear le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus le haghaidh fuinneamh in-athnuaite.
Rialacha an Aontais maidir le státchabhair, tacaíonn siad freisin leis an ardán nua um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (STEP), atá i bhfeidhm ón 1 Márta 2024, trína cheadú do na Ballstáit leibhéil níos airde cabhrach réigiúnaí a dheonú do thionscadail infheistíochta a chumhdaítear leis an ardán. Ina theannta sin, tacaíonn an t-ardán le tionscadail lena gcothaítear na scileanna is gá chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt. Ar an iomlán, meastar go dtairbheoidh EUR 50 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach de chomhordú faoi STEP. Tá tuilleadh eolais faoi STEP le fáil i Roinn 4 den iarscríbhinn seo.
Ar deireadh, tá ‘tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne’ ríthábhachtach chun comhar tionsclaíoch trasteorann a éascú agus chun tionscail núíosacha a thógáil trí rialú státchabhrach. In 2024, formheasadh 3 thionscadal nua, maidir le hidrigin agus táirgí cúraim sláinte, chomh maith le sé thionscadal a bhí ann cheana. San iomlán,
is fiú os cionn EUR 91 bhilliún
an státchabhair a formheasadh lena cur ar fáil ag na Ballstáit, mar aon leis an infheistíocht phríobháideach lena bhfuil coinne i dtaighde agus i bhforbairt na naoi dtionscadal chomhtháite go dtí seo.
|
Gnó a dhéanamh níos éasca san Aontas
Is é clár an mhargaidh aonair, ar ar leithdháileadh níos mó ná EUR 600 milliún do 2024, clár cistiúcháin an Aontais chun cuidiú leis an margadh aonair barr a chumais a bhaint amach agus téarnamh na hEorpa ó phaindéim COVID-19 a áirithiú. Tacaíonn an clár le ceapadh, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais atá mar bhonn agus thaca ag feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí. Cuidíonn sé le digitiú seirbhísí agus oibríochtaí gnó a chur chun cinn, agus le rochtain ar an margadh agus comhar idirnáisiúnta a éascú, go háirithe i réimsí dhlí na gcuideachtaí, dhlí na gconarthaí agus na seach-chonarthaí, an sciúrtha airgid a chomhrac, na saorghluaiseachta caipitil, na seirbhísí airgeadais agus na hiomaíochta, na cosanta tomhaltóirí agus na sábháilteachta táirgí. In 2024, thairbhigh 3 032 fhiontraí (lena n-áirítear fiontraithe óga, fiontraithe nua agus fiontraithe mná, agus spriocghrúpaí sonracha eile) de scéimeanna meantóireachta agus soghluaisteachta faoi chlár malartaithe Erasmus d’fhiontraithe óga, arna mhaoiniú ag clár an mhargaidh aonair.
|
Cosaint agus slándáil na hEorpa a neartú
I mí an Mhárta 2024, sholáthair an Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa fís fhadtéarmach maidir le hullmhacht thionscal cosanta an Aontais a threisiú. Tá sé sin ina chuid d’obair an Aontais chun feabhas a chur ar a shlándáil, ar a athléimneacht agus ar a neamhspleáchas straitéiseach. Chun tacú le bearta coincréiteacha a shainaithnítear sa straitéis, mhol an tAontas rialachán maidir leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach. Agus buiséad
EUR 1,5 billiún
aige i gcaitheamh thréimhse 2025-2027, is é is aidhm don chlár go neartófar slándáil sholáthar trealaimh cosanta an Aontais. Cuirfidh sé fad leis an nGníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch agus leis an nGníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin agus méadóidh sé a raon feidhme freisin.
An Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch, is tábhachtach mar a rannchuidíonn sé le nuachóiriú agus nuálaíocht thionscal cosanta an Aontais. In 2024 roghnaigh an Coimisiún cúig thionscadal tríd an ngníomh i réimsí criticiúla: armlón, cosaint agus ardáin aeir agus diúracán agus athsholáthar córas leagáide. Gheobhaidh gach ceann de na cúig thionscadal sin EUR 60 milliún, chun tacú leis na Ballstáit trealamh cosanta práinneach a sholáthar go comhpháirteach.
Tríd an nGníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin, tá an tAontas ag cuidiú leis an táirgeadh armlóin a mhéadú. Faoin ngníomh, in 2024,
rinne an Coimisiún deontais a dhámhachtain ar 31 togra tionscadail
ag a bhfuil buiséad punainne EUR 500 milliún chun borradh a chur faoi chumais táirgthe armlóin an Aontais.
Is é an Ciste Eorpach Cosanta tionscnamh suaitheanta an Aontais chun tacú le taighde agus forbairt i réimse na cosanta. Cuireann an ciste borradh faoi iarrachtaí a bhaineann le spás agus leis an gcosaint trína bheith ag tacú go gníomhach le nuálaíocht an Aontais maidir le príomhthosaíochtaí cosanta do na Ballstáit. In 2024 cumhdaíodh raon leathan cumas cosanta criticiúil leis na glaonna ar chistí a bhuí le dámhachtainí cistiúcháin dar luach níos mó ná EUR 1,1 billiún. I mí na Bealtaine 2024, dhámh an Coimisiún cistiú ar 61 tionscadal tionscail cosanta faoi ghlao 2023 ar thograí ón gCiste Eorpach Cosanta. B’fhiontair bheaga agus mheánmhéide iad
42 % de na heintitis uile a roghnaíodh, agus bhí 18 % den chistiú iomlán acu
.
Buiséad an Chiste Eorpaigh Cosanta in aghaidh na catagóire gníomhaíochta in 2024 (i milliúin EUR)
NB: FBManna = fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Foinse:
An Coimisiún Eorpach
.
In 2024 lean an Coimisiún air straitéis spáis an Aontais um shlándáil agus cosaint a chur chun feidhme, agus sheol sé an chomhpháirtíocht Eorpach le haghaidh córais spáis atá iomaíoch ar fud an domhain, arb é is aidhm di iomaíochas thionscal spáis an Aontais a chothú. San iomlán, leithdháilfear
EUR 100 milliún
de chistiú ón Aontas ar na hábhair a mhol an chomhpháirtíocht i réimsí na cumarsáide satailíte, fhaire na Cruinne agus an iompair spáis. Tá coinne leis go ndéanfaidh comhpháirtithe príobháideacha
EUR 120 milliún
a chomhinfheistiú, go príomha trí ranníocaíochtaí comhchineáil.
Tacaíocht a thabhairt do dhaoine
Más mian linn a bheith ar thús cadhnaíochta i dtionscail an lae amárach – teastaíonn uainn oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu. Ciallaíonn sé sin infheistíocht a dhéanamh san oideachas, go háirithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic. Agus níos mó cailíní agus ban a spreagadh sna hábhair sin. Ciallaíonn sé freisin infheistíocht a dhéanamh san oiliúint agus san uas-sciliú. Is ann don spreagadh agus don ghá le gníomhaíocht (
).
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Infheistíocht a dhéanamh i ndaoine
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine. Agus leithdháileadh buiséid EUR 96,6 billiún ag an gciste do 2021-2027, cuireann sé go mór le beartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais. Le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, tugtar le chéile ceithre ionstraim chistiúcháin a bhí scartha ó chéile i gclárthréimhse 2014-2020: Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg agus Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta. A bhuí le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, baineadh amach na torthaí seo a leanas faoi dheireadh 2024:
•Fuair 690 000 duine post;
•Bhí 320 000 duine i mbun oideachais nó oiliúna, agus bhain 1 mhilliún duine cáilíocht amach;
•Fuair 620 000 duine aonair cúnamh ábhartha, agus thairbhigh 2.3 milliún duine de chúnamh bia.
Thairis sin, chun tacú leis an margadh saothair, thug an tAontas maoiniú nua EUR 23 mhilliún isteach trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus le haghaidh tionscadail nuálacha arb é is aidhm dóibh dífhostaíocht fhadtéarmach a laghdú agus cuidiú le daoine obair a fháil (
). Tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ina chomhlánú air sin, a infheistíonn EUR 22 bhilliún chun tacú le saol níos fearr do dhaoine sna háiteanna is mó atá i ngátar ar fud na hEorpa. Trí bhonneagar poiblí a fhorbairt agus trí threalamh agus comhar trasteorann, tacaíonn CFRE le rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha ar ardchaighdeán san fhostaíocht, san oideachas agus san oiliúint, sa tithíocht, agus i gcúram sláinte, sóisialta agus fadtéarmach.
Tá infheistíocht i ndaoine á déanamh ag an Aontas freisin tríd an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha. Is ionstraim speisialta de chuid an Aontais í, lasmuigh d’uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil, chun cúnamh a thabhairt d’oibrithe nó do dhaoine féinfhostaithe a cuireadh ar iomarcaíocht i ngeall ar athstruchtúrú, agus chun cuidiú leo poist nua a aimsiú. Mar shampla, in 2024, slógadh os cionn EUR 7,5 milliún ón gciste chun tacaíocht a chur ar fáil do thart ar 1 600 oibrí a leagadh as a bpost sa Bheilg, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin.
Tá an tAontas tar éis daoine a chumasú freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar an aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach tríd an Sásra um Aistriú Cóir. Is é is aidhm don sásra a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, agus tacaíocht spriocdhírithe á soláthar chun tionchair shocheacnamaíocha a mhaolú sna réigiúin is mó a ndéantar difear diúltach dóibh. Déantar é sin trí bhíthin na dtrí cholún seo a leanas.
•An Ciste um Aistriú Cóir, lena soláthraítear ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais le pleananna críochacha um aistriú cóir a chuirtear chun feidhme i ngach Ballstát. Faoi dheireadh 2024, bhí an ciste ag tacú le 70 plean éagsúil lena gcumhdaítear 96 chríoch ar fud an Aontais, agus leithdháileadh EUR 10,2 billiún ar thionscadail roghnaithe.
•An scéim um aistriú cóir faoi chlár InvestEU, lena soláthraítear ráthaíocht bhuiséadach chun cuidiú le hinfheistíocht ón earnáil phríobháideach a shlógadh. Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024, thuairiscigh comhpháirtithe cur chun feidhme Chiste InvestEU gur slógadh EUR 6,76 billiún san iomlán d’infheistíocht faoin Sásra um Aistriú Cóir.
•An tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí, lena gcomhcheanglaítear deontais a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Tá buiséad iomlán EUR 1,3 billiún ag an gcomhpháirt deontais, agus déanann an banc ranníocaíocht suas le EUR 8 mbilliún. Faoi dheireadh 2024, síníodh seacht gcomhaontú deontais dar luach níos mó ná EUR 120 milliún san iomlán sa tSeicia, sa Ghréig, sa Fhrainc agus sa tSualainn, lenar slógadh EUR 1,5 billiún d’infheistíocht phoiblí.
Fionnachtain fhrithpháirteach a chothú trí Erasmus+
Rinne buiséad an Aontais infheistíocht i ndaoine in 2024 freisin trína bheith ag tacú leis an tsoghluaisteacht agus leis an gcomhar i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt tríd an gclár Erasmus+. Tá an clár sin, a bhfuil stair nach mór dhá scór bliain aige, ag cuidiú le scileanna agus comhar a chothú agus cleachtas a mhalartú i measc eagraíochtaí, agus le fionnachtain fhrithpháirteach a éascú ar fud an Aontais. In 2024, lean Erasmus+ de thacaíocht a thabhairt don tsoghluaisteacht foghlama thrasnáisiúnta agus de chomhar a chur chun cinn idir cineálacha éagsúla eagraíochtaí.
Is é bunbhrí agus croílár Erasmus+ i gcónaí é a bheith ag tacú le deiseanna soghluaisteachta do chách, ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil de. I ndáil leis sin, thacaigh an clár le 1,3 milliún rannpháirtí (), lena n-áirítear mic léinn, foghlaimeoirí, ollúna, múinteoirí, daoine óga agus oiliúnóirí i ngach earnáil, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta in 2023. ()
Maidir lena ghné idirnáisiúnta, in 2024 chuir bearta idirnáisiúnta Erasmus+ tacaíocht ar fáil do thart ar 1 200 tionscadal soghluaisteachta creidmheasa idirnáisiúnta arb é is aidhm dóibh deiseanna a sholáthar do níos mó ná 50 000 mac léinn agus ball foirne ardoideachais. Trí bhearta Erasmus Mundus, bhí baint ag thart ar 147 n-institiúid ardoideachais ó 38 dtír le cláir mháistreachta chomhpháirteacha idirnáisiúnta a fhorbairt. Ina theannta sin, dámhadh 2 765 scoláireacht Erasmus Mundus ar mhic léinn ó níos mó ná 75 thír. Thairis sin, roghnaíodh 270 tionscadal fothaithe acmhainneachta in 2024 chun comhar a chur chun cinn i measc institiúidí agus eagraíochtaí atá ag gabháil don ardoideachas, don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, agus don óige agus don spórt ().
Ó thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, thacaigh clár Erasmus+ le gníomhaíochtaí oideachais agus d’éascaigh sé lánpháirtiú daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Moladh d’eagraíochtaí rannpháirteacha a ngníomhaíochtaí a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin sin. In 2024, áiríodh sa tacaíocht sin soghluaisteacht mac léinn agus foirne a mhaoiniú, tionscadail chomhair agus 1,5 milliún leabhar scoile a phriontáil do dhaltaí 11-13 bliana d’aois.
|
An dlúthpháirtíocht a chothú trí obair dheonach
Tugann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deis do dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d’aois (35 bliana d’aois i gcás gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla) páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oibre deonaí agus dlúthpháirtíochta ar an gcoigríoch nó ina dtír féin. Cuireann an clár tacaíocht ar fáil do dhaoine óga ar mian leo gabháil do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i réimsí éagsúla, idir chúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíbhuntáiste agus chabhair dhaonnúil a sholáthar chun rannchuidiú le gníomhaíocht ar son na sláinte agus an chomhshaoil ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin.
Díríonn an clár, trí thacaíocht do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí sonracha, ar cheithre thosaíocht: cuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn; rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; rannchuidiú le rannpháirtíocht dhaonlathach; agus rannchuidiú le luachanna an Aontais. In 2024, tugadh aird ar leith ar ‘eispéiris agus torthaí dearfacha foghlama a chothú do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu’ agus ar ‘fhaoiseamh do dhaoine atá ag teitheadh ó choinbhleachtaí armtha agus d’íospartaigh eile tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine’.
I measc na samplaí de thionchar an chláir ar dhaoine óga, lena n-áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu:
•cláraíodh níos mó ná 886 000 duine díobh ó seoladh an clár nuaghlúine in 2021, agus bhí beagnach 250 000 clárúchán in 2023 amháin;
•fuair beagnach 10 000 tionscadal deontais faoin gclár ó bhí 2021 ann;
•ba dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu iad níos mó ná 50 % díobh siúd a bhí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oibre deonaí ó bhí 2021 ann.
|
Tacaíocht a thabhairt do cheantair thuaithe na hEorpa
Is iad pleananna náisiúnta is bonn le cur chun feidhme an chomhbheartais nua talmhaíochta, atá i bhfeidhm ó bhí 2023 ann. Lean an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun cur chun feidhme rianúil na bpleananna a ráthú in 2024. Thairis sin, chuir an Coimisiún bearta chun cinn chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú, agus mhol sé athruithe reachtacha spriocdhírithe arb é is aidhm dóibh simpliú a dhéanamh, agus treoshuíomh foriomlán an bheartais agus a ról maidir le tacú le haistriú thalmhaíocht na hEorpa chuig feirmeoireacht inbhuanaithe á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.
Rannchuidíonn an comhbheartas talmhaíochta go mór leis an ngeilleagar tuaithe i gcoitinne, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha. Chuidigh sé freisin le tacú le hioncam feirme agus é a chobhsú de réir mar a lean na margaí de bheith luaineach in 2024. Tacaíonn pleananna straitéiseacha an bheartais le forbairt shocheacnamaíoch ceantar tuaithe trí bhunú feirmeoirí óga agus nua agus forbairt gnó a éascú, trí fhostaíocht, forbairt gnó agus bunseirbhísí do phobail tuaithe a chur chun cinn, agus trí uirlisí forbartha áitiúla rannpháirteacha a spreagadh. Faoi 2024, bhain an beartas roinnt clocha míle amach, amhail na cinn seo a leanas:
•cruthaíodh thart ar 200 000 post, agus ba iad idirghabhálacha a thacaíonn le bunú feirmeoirí óga ba mhó a rannchuidigh leis sin;
•thairbhigh níos mó ná 17 milliún duine de rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí éagsúla.
Chuidigh an beartas freisin le feirmeoirí déileáil le caillteanais shuntasacha táirgeachta agus acmhainneachta táirgeachta de dheasca tubaistí nádúrtha in 2024. I gcaitheamh na bliana, soláthraíodh EUR 233 mhilliún mar thacaíocht d’fheirmeoirí a ndearna tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire difear dóibh sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa Ghréig, san Iodáil, san Ostair, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóivéin (
).
Anuraidh, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh freisin le cur chun feidhme na físe fadtéarmaí do cheantair thuaithe an Aontais, go háirithe le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an Tuath, a raibh 21 ghníomhaíocht ar siúl ina leith (lena n-áirítear an comhshocrú um an tuath a éascú) agus naoi ngníomhaíocht curtha i gcrích, agus úsáid á baint as cistí ó bheartais éagsúla de chuid an Aontais ón gcomhbheartas talmhaíochta agus lasmuigh de (e.g. Cistí Comhtháthaithe, Fís Eorpach, ERASMUS+, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Clár an Mhargaidh Aonair). Rannchuidigh sé sin le méadú a dhéanamh ar ghuthanna tuaithe pobail a bhíonn ag fás i gcónaí, le líonrú agus comhoibriú a chumasú agus le gníomhaíocht ó rialtais náisiúnta agus réigiúnacha a spreagadh chun feabhas a chur ar fholláine faoin tuath.
Ina theannta sin, tacaíonn an beartas comhtháthaithe le forbairt tuaithe mar chuid dá mhisean chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Tá tacaíocht an bheartais comhtháthaithe fadréimseach (nuálaíocht, bonneagar, tacaíocht do FBManna, fuinneamh in-athnuaite agus caomhnú na bithéagsúlachta) agus dírítear léi go príomha ar réigiúin bheagfhorbartha agus ar réigiúin trasdula. Déantar an tacaíocht sin a sheoladh trí straitéisí comhtháite forbartha críochaí, lena n-áirítear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, arna gceapadh agus arna gcur chun feidhme ag údaráis chríochacha agus comhpháirtíochtaí áitiúla faoi seach, lena neartaítear bonn eacnamaíoch agus creatlach shóisialta ceantar tuaithe.
Taighde agus nuálaíocht a thacaíonn le daoine
Is é Fís Eorpach príomhchlár eolaíochta an Aontais, arb é is aidhm dó barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus eolas agus teicneolaíochtaí nua a ghiniúint. I gcás 2024, leithdháileadh os cionn EUR 16 bhilliún san iomlán ar an gclár. Tacaíonn taighde agus nuálaíocht le daoine trí imscrúdú agus anailís a dhéanamh ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus réitigh a sholáthar lena n-aghaidh, rud a chuidíonn le feabhas a chur ar shaol daoine.
Príomhghné den chlár Fís Eorpach is ea pleananna straitéiseacha a thabhairt isteach mar ionstraimí clársceidealaithe chun cistiú taighde agus nuálaíochta a stiúradh, arna bhforbairt ag an gCoimisiún in éineacht leis na Ballstáit, le tíortha comhlachaithe agus le Parlaimint na hEorpa agus ionchur ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh ann (
). Cuidíonn na pleananna straitéiseacha le cistiú taighde agus nuálaíochta a stiúradh laistigh den Eoraip agus lasmuigh di chun dul i ngleic le príomhdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta, an t-aistriú digiteach agus daonra atá ag dul in aois. Glacadh an dara plean straitéiseach le haghaidh na tréimhse 2025-2027 in 2024.
In 2024, dhámh an Chomhairle Eorpach um Thaighde deontais dar luach EUR 2,3 billiún san iomlán ar thionscadail a roghnaíodh bunaithe ar a mbarr feabhais eolaíoch, agus chuir gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie os cionn EUR 1,25 billiún ar fáil chun taighde ceannródaíoch a chistiú trí chláir dhochtúireachta agus iardhochtúireachta den scoth, tionscadail chomhoibríocha taighde agus nuálaíochta agus comhaltachtaí taighde, lena dtacófar le thart ar 10 000 taighdeoir tréitheach ó gach cearn den domhan ag gach céim dá ngairmréim agus lena gcuirfear poist ar fáil dóibh ().
Thairis sin, fós faoin gclár Fís Eorpach, seoladh ardán tallainne an Limistéir Eorpaigh Taighde i mí an Mheithimh 2024. Is é is aidhm don ardán feabhas a chur ar dhálaí forbartha gairme agus taighdeoirí a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, agus tá sé ina mhol lárnach chun rochtain a fháil ar uirlisí forbartha gairme, maoinithe agus comhair idirnáisiúnta, lena gcuirtear borradh faoin tsoghluaisteacht agus faoin dul chun cinn gairme ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún an Comhaontas um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla agus an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, chun aghaidh a thabhairt, faoi seach, ar an ngné thionsclaíoch de ghanntanais agus ar na dúshláin dhigiteacha a bhaineann le cosaint sonraí sláinte.
Féachann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa le hEoraip níos iomaíche agus níos cliste a chothú trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh lucht saothair ag na réigiúin a bhfuil an tacar ceart scileanna acu chun an t-aistriú sin a chur i gcrích go rathúil. Soláthraíonn an ciste tacaíocht spriocdhírithe dá réir sin chun na scileanna sonracha is gá a fhorbairt le haghaidh speisialtóireacht chliste, aistriú tionsclaíoch agus fiontraíochta. Go dtí deireadh 2024, ba é EUR 27,3 billiún, lena n-áirítear EUR 10,47 billiún chun taighde agus nuálaíocht a fheabhsú, EUR 11,88 billiún d’infheistíochtaí le haghaidh fás agus iomaíochas gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus EUR 253 mhilliún le haghaidh speisialtóireacht chliste, luach iomlán na dtionscadal a roghnaíodh faoi chistí beartais comhtháthaithe agus faoin gcuspóir beartais. Tá coinne leis go dtacóidh an infheistíocht sin, i measc nithe eile, le níos mó ná 51 000 fiontar ina ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, le thart ar 24 500 fiontar agus táirgí nua nó nuálaíocht phróisis á dtabhairt isteach acu, le beagnach 19 600 fiontar agus infheistíocht á déanamh i scileanna nua acu agus le thart ar 4 800 gnólacht nuathionscanta.
Infheistíocht a dhéanamh i gcultúr na hEorpa
Is é
clár Eoraip na Cruthaitheachta
clár suaitheanta an Aontais chun tacú leis na hearnálacha cultúir agus closamhairc, ag a bhfuil buiséad EUR 2,44 billiún don tréimhse 2021-2027, agus EUR 344,8 milliún do 2024 amháin. Tá trí shraith i struchtúr an chláir:
•sraith an chultúir, lena ndírítear ar thionscnaimh a dhéanann an comhar ealaíne a chur chun cinn agus an comhar sin a fheabhsú ar an leibhéal Eorpach, agus a d’fhoilsigh 11 ghlao in 2024;
•sraith na meán, atá dírithe ar iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht earnáil closamhairc na hEorpa a spreagadh, agus a sheol 15 ghlao anuraidh;
•an tsraith thrasearnálach, lena gcothaítear bearta nuálacha agus comhar ar fud na n-earnálacha closamhairc agus cultúrtha chomh maith le tacaíocht do na meáin nuachta, agus a rinne ceithre ghlao in 2024.
Faoi shraith an chultúir, reáchtáladh roghnúcháin nua le haghaidh duaiseanna cultúrtha (ceol, litríocht, ailtireacht, oidhreacht), le haghaidh na líonraí Eorpacha d’eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheachta, agus le haghaidh na n-ardán Eorpach d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus do na heagraíochtaí cultúrtha uile-Eorpacha, arbh fhiú os cionn EUR 85 mhilliún san iomlán iad. Sholáthair sé freisin thart ar EUR 5 mhilliún chun 530 leabhar a aistriú ó 37 dteanga bhunaidh éagsúla go 29 sprioctheanga chun cúrsaíocht saothar liteartha Eorpach a éascú.
Faoi shraith na meán, dhámh an clár EUR 167 milliún ar thionscadail chlosamhairc amhail scannáin agus sraitheanna teilifíse, chomh maith le dáileadh trasnáisiúnta ábhair thar theorainneacha agus ardáin. A bhuí le deontais do dháileoirí a síníodh in 2021 faoin gclár Dáiliúchán Scannán Eorpach, shroich 554 scannán a lucht féachana thar theorainneacha faoi 2024.
Dhámh an tsraith thrasearnálach EUR 20 milliún ar thionscadail atá dírithe ar nuálaíocht (amhail cineálacha cur chuige nuálacha i leith cruthú ábhair, rochtain ar ábhar agus dáileadh ábhair), litearthacht sna meáin agus tacaíocht d’earnáil na meán nuachta, lena n-áirítear tacaíocht do chomhoibriú trasteorann agus do chistí a chuidíonn leis na meáin a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo don daonlathas, amhail na meáin áitiúla i bhfásaigh nuachta agus an tuairisciú iniúchach.
|
Torthaí coincréiteacha chlár Eoraip na Cruthaitheachta
D’imir an clár Eoraip na Cruthaitheachta cuid mhór tionchair dhearfaigh in 2024, amhail:
•faoi dheireadh 2024, thairbhigh 6 366 ealaíontóir agus gairmí cultúrtha de bhearta soghluaisteachta;
•síníodh 62 dheontas le haghaidh bearta ilbhliantúla in 2024 chun an tréimhse 2025-2027 a chumhdach do na líonraí Eorpacha d’eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheachta, do na hardáin Eorpacha d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus do na heintitis chultúrtha uile-Eorpacha;
•an scannán Laitviach Flow a rinneadh in 2024, arna mhaoiniú ag sraith na meán, bhuaigh sé Duais an Acadaimh agus duais Golden Globe araon (in 2025).
|
Ina theannta sin, faoi dheireadh 2024, d’éirigh le cistí beartais comhtháthaithe EUR 1,8 billiún de thacaíocht airgeadais a fháil do thart ar 3 300 láithreán cultúir agus turasóireachta inbhuanaithe.
Feabhas a chur ar an tsláinte san Aontas Eorpach
Glacadh an clár EU4Health mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna san Aontas a threisiú. Is é is aidhm don chlár aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sláinte fhadtéarmacha trí chórais sláinte níos láidre, níos athléimní agus níos inrochtana a thógáil. Leithdháileadh EUR 4,4 billiún air don tréimhse 2021-2027, agus tá EUR 752 mhilliún clársceidealaithe do 2024. Faoi dheireadh 2024, áiríodh na nithe seo a leanas ar thorthaí an chláir:
•thairbhigh níos mó ná 2,2 milliún othar a raibh riochtaí neamhchoitianta orthu de rochtain ar dhiagnóis agus ar chóireáil i 24 líonra tagartha Eorpacha;
•bunaíodh nó cuireadh feabhas ar 21 chomhlacht um rochtain ar shonraí sláinte;
•deonaíodh 215 000 dáileog vacsaíne bolgaí moncaí do na Lárionaid Afracacha um Ghalair a Rialú agus a Chosc, le linn ráig phráinneach;
•cuireadh oiliúint ar 778 ngairmí cúraim sláinte agus sláinte poiblí in ullmhacht i gcomhair bagairtí sláinte trasteorann agus i bhfreagairt ar na bagairtí sin agus in aghaidh a thabhairt ar fhrithbhearta leighis.
In 2024, lean an tAontas de phlean ailse an Aontais a chur chun feidhme, arb é gealltanas polaitiúil an Aontais an taoide a chasadh in aghaidh na hailse. Faoi 2024, bhí 10 ndeontas dhíreacha do na Ballstáit (ar dámhadh sé cinn díobh in 2024) á gcur chun feidhme, lena dtacaítear le bearta a bhaineann leis an ailse trí bhíthin cistí a cuireadh ar fáil tríd an gclár EU4Health (
). EUR 115,1 milliún a bhí i mbuiséad clársceidealaithe an chláir EU4Health i dtaca le bearta a bhaineann leis an ailse in 2024 (
).
Go dtí seo le linn chlárthréimhse reatha 2021-2027, rannchuidigh cistí beartais comhtháthaithe le hinfheistíocht EUR 2,83 billiún a dhéanamh i rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí cúraim sláinte, rud a chuaigh chun tairbhe do thart ar 19,98 milliún duine san Aontas. Ba cheart EUR 7,42 billiún a bheith san infheistíocht iomlán i gcaitheamh na clárthréimhse uile, rud a rachadh chun tairbhe do 59 milliún duine san iomlán.
Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach
Ionas go mbeimid iomaíoch, ní mór don Eoraip a bheith ina baile don chéad rabharta eile de theicneolaíochtaí teorann (
).
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Claochlú digiteach an Aontais
Tá an tAontas ag obair chun a áirithiú go dtairbheoidh an tsochaí den teicneolaíocht agus den nuálaíocht le linn don tírdhreach digiteach domhanda a bheith ag athrú go tapa. Leis an
gCompás Digiteach 2030
agus leis an g
Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach
, tá fís agus creat leagtha amach ag an Aontas chun iomaíochas agus ceannaireacht theicneolaíoch a fheabhsú chomh maith le claochlú digiteach duinelárnach. Mar chuid den iarracht sin, tá an tAontas ag obair chun feabhas a chur ar bhunscileanna agus ardscileanna digiteacha na saoránach, chun feabhas a chur ar ghlacadh teicneolaíochtaí nua (amhail intleacht shaorga, anailísíocht sonraí agus néalríomhaireacht) ag gnólachtaí an Aontais, chun nascacht san Aontas, bonneagar ríomhaireachta agus sonraí a chur chun cinn a thuilleadh, agus chun seirbhísí poiblí agus riarachán a dhéanamh idir-inoibritheach agus iad a chur ar fáil ar líne.
Is é an clár don Eoraip Dhigiteach príomhchlár an Aontais lena dtacaítear le claochlú digiteach an Aontais. Soláthraíonn sé cistiú do thionscadail maidir le sár-ríomhaireacht, intleacht shaorga, cibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha, leathsheoltóirí agus tionscadail lena gcuirtear chun cinn úsáid níos leithne teicneolaíochtaí digiteacha agus idir-inoibritheacht ar fud an gheilleagair agus na sochaí. Leithdháileadh os cionn EUR 1,3 billiún ar an gclár sin in 2024.
Gealltanais bhuiséadacha don chlár don Eoraip Dhigiteach (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Thacaigh an clár don Eoraip Dhigiteach freisin le forbairt líonra lárionad inniúlachta cibearshlándála ar fud na hEorpa, rud a chuideoidh le hacmhainneacht agus saineolas sa chibearshlándáil a fhorbairt agus le feabhas a chur ar chomhar idir na Ballstáit. Tacaíonn an clár le cur chun feidhme Ghníomh Cibearshlándála an Aontais agus le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt le haghaidh táirgí, seirbhísí agus próisis TFC. Thacaigh an clár le cur chun feidhme píosaí éagsúla reachtaíochta maidir leis an gcibearshlándáil, amhail an Gníomh um Athléimneacht Cibearshlándála, an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, an Treoir maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise agus an Gníomh um Chibearshlándáil. Thacaigh an clár freisin le réitigh nuálacha chibearshlándála a chur in úsáid, bunaithe freisin ar IS agus ar phríomhtheicneolaíochtaí digiteacha eile, agus aird ar leith á tabhairt ar údaráis phoiblí agus ar FBManna. Leis an gclár, éascaíodh an comhar leis na Ballstáit chun tacú leo trí threalamh, uirlisí agus bonneagair sonraí cibearshlándála ardfhorbartha a sholáthar amhail iad siúd lena bhforbraítear cibearmhoil trasteorann agus náisiúnta.
Thairis sin, is tábhachtach mar atá an clár don Eoraip Dhigiteach ag rannchuidiú leis an
gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach
, arb é is aidhm dó bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí den chéad scoth a fhorbairt agus a chur in úsáid san Eoraip, lena dtacaítear le soláthar agus oibriú sár-ríomhairí, mar aon le feidhmchláir agus seirbhísí gaolmhara a fhorbairt.
Sár-ríomhairí faoin gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach
|
Ríomhaire
|
Suíomh
|
Feidhmeanna
|
|
LUMI
|
Kajaani na Fionlainne
|
Intleacht shaorga, go háirithe an domhainfhoghlaim, agus ionsamhlúcháin thraidisiúnta ar mórscála in éineacht le hanailísíocht sonraí ar scála ollmhór.
|
|
Leonardo
|
Bologna na hIodáile
|
Feidhmchláir ríomhaireachta agus anailísíocht sonraí mhodúlach inscálaithe, agus feidhmchláir idirghníomhacha, phráinneacha agus néalríomhaireachta
|
|
MareNostrum 5
|
Barcelona na Spáinne
|
Ríomhaire ilchuspóireach, lena ndírítear go speisialta ar fheidhmeanna leighis, fionnachtain drugaí agus leathchúplaí digiteacha (den domhan agus de chorp an duine).
|
|
MeluXina
|
Bissen, Lucsamburg
|
Intleacht shaorga, leathchúplaí digiteacha, ualaí oibre ríomhaireachtúla traidisiúnta agus ionsamhlú candamach.
|
|
Karolina
|
Ostrava na Seicia
|
Intleacht shaorga, ualaí oibre ríomhaireachtúla traidisiúnta agus mórshonraí.
|
|
Discoverer
|
Sóifia na Bulgáire
|
Feidhmeanna éagsúla, amhail fionnachtain drugaí, tuar struchtúir agus airíonna, dearadh ábhair agus forbairt drugaí, réamhaisnéis aeráide, samhaltú comhshaoil agus meaisínfhoghlaim.
|
|
Vega
|
Maribor na Slóivéine
|
Ualaí oibre ríomhaireachtúla traidisiúnta, intleacht shaorga, mórshonraí agus próiseáil sonraí ar mórscála.
|
|
Deucalion
|
Guimarães na Portaingéile
|
Ualaí oibre ríomhaireachtúla traidisiúnta, intleacht shaorga agus mórshonraí.
|
|
Jupiter
|
Jülich na Gearmáine
|
Tá sé ar cheann de na sár-ríomhairí is tapúla ar domhan cheana féin, cé nár cóimeáladh a chuid modúl uile. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, rachaidh sé i ngleic le hionsamhlúcháin dhúshlánacha agus feidhmchláir intleachta saorga atá dian ar ríomhchumhacht, amhail oiliúint a chur ar líonraí móra néaracha amhail samhlacha teanga san intleacht shaorga, ionsamhlúcháin chun ábhair fheidhmiúla a fhorbairt, leathchúplaí digiteacha de chroí nó d’inchinn an duine a fhorbairt chun críoch leighis, ríomhairí candamacha a bhailíochtú agus ionsamhlúcháin ardtaifigh den aeráid a fhorbairt lena gcuimsítear córas iomlán an Domhain.
|
Foinse:
Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach
.
Thacaigh an clár don Eoraip Dhigiteach freisin le forbairt agus cur in úsáid ardscileanna digiteacha trí thionscnaimh amhail
an Clár Oibre Eorpach um Scileanna
, an
Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach
agus an
Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí
, agus an aidhm ann feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh. Tá an clár ailínithe le
Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach
, lena leagtar síos spriocanna uaillmhianacha maidir le claochlú digiteach an Aontais faoi 2030, rud a sholáthraíonn creat don Aontas agus do na Ballstáit chun oibriú le chéile. Áirítear ar na
spriocanna
a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ag gach saoránach, an sciar speisialtóirí TFC sa lucht saothair a mhéadú agus a áirithiú go mbainfidh 75 % de ghnólachtaí na hEorpa úsáid as néalseirbhísí.
|
Samplaí de thionscadail arna gcistiú ag an gclár don Eoraip Dhigiteach
Tá cistiú curtha ar fáil ag an gclár don Eoraip Dhigiteach do roinnt tionscadail tionchair, amhail:
•dhá leathchúpla dhigiteacha den Domhan a seoladh in 2024, rud a fhágann gur féidir feabhas a chur ar fhreagairt an Aontais ar mhórthubaistí nádúrtha, agus a chuidíonn leis oiriúnú don athrú aeráide trí theagmhais adhaimsire agus an t-athrú aeráide fadtéarmach a ionsamhlú;
•835 chlár nua oiliúna (cláir bhaitsiléara agus mháistreachta, mar aon le gearrchúrsaí oiliúna) i réimsí thar a bheith speisialaithe amhail an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus an róbataic, ar thairbhigh níos mó ná 20 000 mac léinn díobh faoi dheireadh 2024;
•26 lárionad oibríochtaí slándála, lena n-áirítear cibearmhoil trasteorann a bunaíodh in 2024 ar fud an Aontais, a chuidíonn le comhar trasteorann a áirithiú agus le feasacht staide maidir le cibearbhagairtí agus cibeartheagmhais san Aontas a fheabhsú;
•an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála san Eoraip, Jupiter, a bhfuair an dara modúl aige in 2024, rud a d’fhág go bhfuil sé ar cheann de na sár-ríomhairí is tapúla ar domhan cheana féin, cé nach bhfuil aige faoi láthair ach an dóú cuid déag den chumhacht a bheidh aige nuair a chuirfear i gcrích é.
|
Caitheadh maoiniú taighde freisin chun cuidiú leis an Aontas dul chun cinn a dhéanamh maidir lena chlaochlú digiteach. Tá ról lárnach ag an gclár Fís Eorpach, arb é príomhchlár cistiúcháin an Aontais don eolaíocht agus don nuálaíocht, maidir le claochlú digiteach na hEorpa a chur chun cinn. Idir 2021 agus 2024, rinneadh níos mó ná EUR 11,6 billiún de chistiú i dteicneolaíochtaí digiteacha faoin gclár Fís Eorpach.
Thairis sin, leithdháil an beartas comhtháthaithe EUR 40 billiún le haghaidh na tréimhse 2021-2027 chun tacú le hiarrachtaí aistrithe dhigitigh ar fud veicteoirí uile an Chompáis Dhigitigh 2030 trí chláir náisiúnta agus réigiúnacha (). Ina theannta sin, faoi dheireadh 2024, áirithíodh le cistí beartais comhtháthaithe gur tugadh tacaíocht airgeadais do 1,8 milliún teaghais agus fiontar chun rochtain a fháil ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta.
Infheistíocht a dhéanamh san intleacht shaorga
Tá taighde agus forbairt na hintleachta saorga san Eoraip á maoiniú ag an Aontas freisin. Faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, tá
EUR 2,5 billiún
leithdháilte ag an Aontas le haghaidh infheistíocht san intleacht shaorga sa tréimhse 2021-2027. Thairis sin, faoi dheireadh 2024, sheol agus dhún an clár don Eoraip Dhigiteach dhá ghlao ar thograí lena ndírítear ar shamhlacha le haghaidh na hintleachta saorga agus teicneolaíochtaí néalríomhaireachta, ar fiú thart ar EUR 55 mhilliún san iomlán iad. San iomlán, d’infheistigh an tAontas níos mó ná EUR 65 mhilliún san intleacht shaorga in 2024 (
).
I mí na Bealtaine 2024, bhunaigh an Coimisiún an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga, mar a bhunaítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga. Is lárionad saineolais san intleacht shaorga é a chuideoidh le hintleacht shaorga iontaofa a fhorbairt agus a úsáid, agus le cosaint a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann léi. I mí Eanáir 2024, sheol an oifig an
pacáiste nuálaíochta IS
chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide san intleacht shaorga trí bhearta, tionscnaimh, cistiú méadaithe agus athruithe reachtacha.
Pacáiste nuálaíochta IS
|
Pacáiste nuálaíochta IS
|
|
An Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga, arb é is aidhm di an intleacht shaorga a úsáid chun teangacha na hEorpa a thuiscint agus a úsáid ar bhealach níos fearr.
|
Monarchana intleachta saorga chun samhlacha intleachta saorga giniúnaí ceannródaíocha iontaofa a fhorbairt.
|
|
An Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach i dtreo CitiVERSE, arb é is aidhm dó úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun cuidiú le cathracha feidhmiú ar bhealach níos rianúla.
|
Tionscnamh GenAI4EU, a áirítear anois sa straitéis ApplyAI, chun tacú le forbairt cásanna úsáide núíosacha agus feidhmchlár atá ag teacht chun cinn.
|
|
Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha a chruthú chun rochtain a thabhairt do thaighdeoirí agus
d’fhorbróirí ar chomhthiomsuithe sonraí
chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS agus iad a bheachtú.
|
Tacaíocht airgeadais tríd an gclár Fís Eorpach agus tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach, lena soláthraítear infheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise de thart ar EUR 4 bhilliún go dtí 2027.
|
Mar chuid den
Phlean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga
, bunófar 13
mhonarcha intleachta saorga
ar a laghad in 2025-2026, lena soláthrófar éiceachóras dinimiciúil a chothóidh nuálaíocht, comhar agus forbairt i réimse na hintleachta saorga. Tabharfaidh na monarchana sin ríomhchumhacht, sonraí agus tallann le chéile chun samhlacha agus feidhmchláir intleachta saorga cheannródaíocha a chruthú, agus cothóidh siad comhar ar fud an Aontais trí lárionaid sár-ríomhaireachta, ollscoileanna, fiontair bheaga agus mheánmhéide, an tionscal agus páirtithe leasmhara airgeadais a nascadh. Sa chomhthéacs sin, déanfar naoi gcinn de shár-ríomhairí nua barrfheabhsaithe IS a sholáthar agus a chur in úsáid ar fud an Aontais in 2025/26. I gcaitheamh na tréimhse 2021-2027, is é EUR 10 mbilliún a bheidh in infheistíocht fhoriomlán an Choimisiúin, na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe i mbonneagar sár-ríomhaireachta agus i monarchana intleachta saorga san Aontas.
Monarchana intleachta saorga – Tíortha óstacha
|
Monarchana intleachta saorga
|
|
AIF Austria (an Ostair)
|
JAIF (an Ghearmáin)
|
Meluxina-AI (Lucsamburg)
|
MIMER (an tSualainn)
|
|
BRAIN++ (an Bhulgáir)
|
HammerHAI (an Ghearmáin)
|
PIAST AIF (an Pholainn)
|
|
|
LUMI AIF (an Fhionlainn)
|
Pharos (an Ghréig)
|
BSC AIF (an Spáinn)
|
|
|
AIF2 (an Fhrainc)
|
IT4LIA (an Iodáil)
|
SLAIF (an tSlóivéin)
|
|
Foinse:
An Coimisiún Eorpach
.
Muintir na hEorpa a Chónascadh: an nascacht dhigiteach a fheabhsú
Tacaíonn an tAontas le feabhsú na nascachta digití tríd an tsraith dhigiteach den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá EUR 1,6 billiún curtha i leataobh ag an tsaoráid atá le cur chun feidhme idir 2021-2027, agus EUR 325 mhilliún clársceidealaithe do 2024. Cuidíonn an tsraith dhigiteach den tsaoráid le tacú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i mbonneagar nascachta digití ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne agus leis an infheistíocht sin a shlógadh. I mí Dheireadh Fómhair 2024,
d’fhoilsigh an Coimisiún tacar glaonna ar thograí dar luach EUR 323 mhilliún
faoin tsraith chun dlús a chur le cur in úsáid ard-bhonneagair thapa, shlán agus inbhuanaithe, lena rannchuidítear le nascacht croí-líonraí, líonraí 5G agus cumarsáid chandamach a fhorbairt, agus áirítear orthu:
•Tabharfaidh EUR 128 milliún faoin nglao ar staidéir agus ar obair dar teideal ‘nascacht croí-líonraí le haghaidh tairseacha digiteacha domhanda’ tacaíocht do chur in úsáid nasc croí-líonraí, go príomha trí cháblaí fomhuirí agus trastíre;
•EUR 105 mhilliún faoin nglao dar teideal ‘píolótaí mórscála 5G’ ar phobail chliste agus ar chonairí, lena gcistítear cur in úsáid bonneagair neamhspleách 5G;
•EUR 90 milliún faoin nglao dar teideal ‘bonneagair chumarsáide candamaí Eorpacha’ chun idirnascadh líonraí bonneagair cumarsáide candamaí náisiúnta ó Bhallstát go chéile a mhaoiniú, mar aon le naisc idir deighleoga talún agus spáis na mbonneagar sin trí stáisiúin talún optúla a chur in úsáid.
Fós faoi shraith na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, shínigh an Coimisiún, i mí na Nollag 2024,
comhaontuithe deontais dar luach EUR 142 mhilliún
san iomlán, lena gcumhdaítear 21 thionscadal lena ndéanfar cáblaí nua nascachta croí-líonra a uasghrádú nó a chur in úsáid, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí. Rannchuideoidh na tionscadail sin le feabhas a chur ar na naisc dhomhanda idir an Eoraip agus tíortha eile, idir na Ballstáit agus idir an Eoraip agus na réigiúin is forimeallaí di chomh maith le tíortha agus críocha thar lear.
Infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí spáis
Neartaíonn oibríochtaí spáis athléimneacht na hEorpa agus tá siad ríthábhachtach dár ngeilleagar nasctha, lena n-áirítear seirbhísí nuálacha amhail faireachán comhshaoil agus aeráide, agus don chosaint agus don tslándáil. Gealladh níos mó ná EUR 2,5 billiún do ghníomhaíochtaí spáis an Aontais in 2024 faoi
chlár spáis an Aontais
, faoi
chlár an Aontais um nascacht shlán
agus faoi bhraisle spáis an chláir Fís Eorpach. Cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i réimse na Domhanbhreathnóireachta, na loingseoireachta satailíte, na cumarsáide satailíte, agus chun tacú le taighde agus nuálaíocht spáis trí shé cinn de thionscadail shuaitheanta spáis. Chuir na cláir sin réimse seirbhísí ar fáil a chuir feabhas ar cháilíocht saoil daoine ar fud an Aontais.
Tionscnaimh shuaitheanta spáis an Aontais
Foinse:
An Coimisiún Eorpach
.
Soláthraíonn Copernicus, súile na hEorpa sa spéir, sé cinn de sheirbhísí éagsúla lena dtacaítear le faireachán ar an atmaisféar, ar an muirthimpeallacht agus ar an talamh, mar aon le beartais maidir leis an athrú aeráide, bainistiú éigeandála agus slándáil, agus é ag tarraingt ar shonraí satailíte agus sonraí in situ (neamhspáis). Lainseáladh dhá shatailít nua Fhairtheoir Copernicus in 2024. Bhí seirbhís bainistithe práinne Copernicus ríthábhachtach maidir le freagairt i gcás tubaistí, agus rinneadh í a ghníomhachtú thart ar 100 uair i gcaitheamh na bliana, rud a chuidigh le haghaidh a thabhairt ar theagmhais amhail na tuilte sa Spáinn i mí Dheireadh Fómhair 2024. Thairis sin, bhí níos mó ná 320 000 úsáideoir cláraithe ann de sheirbhís Copernicus um an athrú aeráide, úsáídeoirí a raibh rochtain acu uile ar thart ar 140 teiribheart de shonraí aeráide faoi rialú cáilíochta in aghaidh an lae in 2024.
Tá seirbhísí éagsúla á soláthar ag Galileo ó bhí 2016 ann, arb é córas suite domhanda agus córas loingseoireachta satailíte na hEorpa é. In 2024, cuireadh ceithre shatailít leis an gcóras de bharr dhá lainseáil déshatailíte , rud a sháraigh na moilleanna a bhí ann i ngeall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus gan lainseálaí Soyuz a bheith infhaighte dá thoradh sin. Faoi dheireadh 2024, bhí 32 shatailít i bhfithis ag Galileo.
Forbhreathnú ar sheirbhísí Galileo
Is é Govsatcom comhpháirt an chláir spáis atá dírithe ar chumarsáid satailíte rialtais. Le cur in úsáid a bhonneagair córais, bhíothas in ann acmhainní cumarsáide satailíte atá ann cheana a chomhthiomsú agus a chomhroinnt le gníomhaithe rialtais Eorpacha údaraithe. In 2024, chinn an Coimisiún suíomhanna
mhol Govsatcom
, agus tá coinne leis na seirbhísí tosaigh faoi 2025, agus tá coinne leis go mbeidh cumas oibríochtúil iomlán ann faoi 2027. Mar fhorbairt ar Govsatcom, agus beartas spáis nuálach agus inbhuanaithe á shaothrú ina ndírítear aird ar cheannasacht agus slándáil an Aontais a neartú le
Clár an Aontais um Nascacht Shlán
, baineadh cloch mhíle mhór amach nuair a síníodh conradh lamháltais le cuibhreannas SpaceRISE i mí na Nollag 2024. Ar bhonn comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí atá láidir agus nuálach, déanfaidh an lamháltóir buíon satailítí IRIS² (Bonneagar don Athléimneacht, don Idirnascacht agus don tSlándáil trí Shatailít) a fhorbairt, a imscaradh agus a oibriú.
Leis
an gcomhpháirt um Fheasacht Staide an Spáis
(), ar léi a fhaigheann an Eoraip radharc ar spás, soláthraítear faireachas spáis agus rianú seachanta imbhuailtí do líon méadaitheach úsáideoirí ar fud an domhain. Leanadh de ghníomhaíochtaí ullmhúcháin i dtreo seirbhís oibríochtúil aimsire spáis a sholáthar faoi 2025 agus aird á díriú ar riachtanais agus tionchair úsáideoirí. In 2024, rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí dul chun cinn maidir le cur chuige an Aontais i leith bainistiú spástráchta.
Eoraip níos láidre sa domhan
Tá an domhan timpeall orainn ag athrú ar luas lasrach. Tá comhghuaillíochtaí á gcur i mbaol ag athruithe geopholaitiúla. Cinnteachtaí a bhí ann leis na scórtha bliain, tá siad ag imeacht i léig. Agus tá cogadh brúidiúil fós á fhearadh cois teorann linn. D’ainneoin na tréimhse corraí seo, tá an Coimisiún seo tar éis dul i mbun oibre láithreach (
).
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Tacaíocht a sholáthar don Úcráin
Cabhair dhaonnúil agus airgeadais don Úcráin
Tá an tAontas fós tiomanta do bheith ag tacú leis an Úcráin i bhfianaise chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise in aghaidh na tíre sin. Tá sé ag obair leis an Úcráin freisin chun cuidiú léi agus í ar a bealach i dtreo ailíniú níos dlúithe le margadh aonair an Aontais agus i dtreo ballraíocht fhéideartha san Aontas.
In 2024, sholáthair an tAontas cabhair dhaonnúil shubstaintiúil don Úcráin. Áiríodh léi sin, i measc nithe eile, cúnamh airgid thirim, cúnamh cosanta sibhialta, cúram sláinte, foscadh éigeandála agus geimhridh, soláthairtí leighis, bia, uisce, trealamh dímhianaithe agus oiliúint i ndímhianú, agus oideachas. Ó 2022 go 2024, sholáthair an tAontas EUR 950 milliún de chabhair dhaonnúil don Úcráin, agus EUR 76 mhilliún don Mholdóiv (chun cuidiú léi iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine a sheasamh) (
).
Soláthraíodh tuilleadh cabhrach daonnúla don Úcráin in 2024 freisin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Chuir gach ceann de na 27 mBallstát, in éineacht le sé thír nach Ballstáit den Aontas iad, cabhair chomhchineáil ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. In 2024 rinneadh os cionn 55 000 tona de chúnamh tarrthála a imscaradh chuig an Úcráin faoin sásra, lenar cumhdaíodh earraí amhail soláthairtí leighis, feithiclí agus trealamh fuinnimh (
).
D’éascaigh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta freisin aslonnú leighis breis agus 900 othar ón Úcráin chuig ospidéil ar fud an Aontais in 2024. Áiríodh ar na haslonnuithe sin othair phéidiatraiceacha leochaileacha a bhí ina n-íospartaigh ag ionsaí brúidiúil na Rúise ar ospidéal leanaí Okhmatdyt i gCív i mí Iúil 2024 (
).
Tacaíocht dhaonnúil an Aontais don Úcráin (in aghaidh na hearnála)
Foinse:
An Coimisiún Eorpach
.
Tá cúnamh airgeadais ríthábhachtach á sholáthar ag an Aontas don Úcráin freisin, rud a chuidíonn leis an tír tacú léi féin agus tionchar eacnamaíoch fhogha na Rúise a sheasamh. I mí an Mhárta 2024, seoladh
an tSaoráid don Úcráin
, lena gcuirtear suas le EUR 50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha ar fáil ó 2024 go 2027, chun athléimneacht na hÚcráine a neartú, a téarnamh a chothú agus a conair i dtreo ballraíocht san Aontas a éascú. As an EUR 50 billiún sin, soláthrófar EUR 33 bhilliún mar iasachtaí don Úcráin, agus tiomsófar na cistí ar an margadh airgeadais trí
bhannaí AE a eisiúint
. Thairis sin, i mí Dheireadh Fómhair 2024, tháinig an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin i bhfeidhm, lena gcuirtear chun feidhme iasachtaí breise USD 50 billiún don Úcráin faoi thionscnamh G7 maidir le hIasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin, lena ngiaráiltear ioncam ó shócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise. Is é atá i ranníocaíocht an Aontais leis an tionscnamh sin iasacht cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 18,1 billiún atá le heisíoc i gcaitheamh 2025.’
Cúnamh míleata don Úcráin
Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine, chuir an tAontas an tSaoráid Eorpach Síochána chun feidhme. Idir 2022 agus 2024, shlóg an tAontas
EUR 6,1 billiún
faoin tSaoráid Eorpach Síochána, agus é d’aidhm aige cumais agus athléimneacht fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú agus an pobal sibhialta a chosaint. Maoinítear leis soláthar soláthairtí míleata marfacha agus neamh-mharfacha amhail armlón, diúracáin agus breosla. I mí an Mhárta 2024, rinne an tAontas an cinneadh uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána a mhéadú faoi EUR 5 bhilliún, lena mbunaítear Ciste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin. In éineacht leis an tacaíocht mhíleata a sholáthraíonn na Ballstáit, meastar gurb é atá i dtacaíocht iomlán an Aontais d’arm na hÚcráine
EUR 49,6 billiún
. In 2022, sheol an tAontas misean cúnaimh mhíleata an Aontais don Úcráin. Cuireadh síneadh 2 bhliain bhreise leis i mí na Samhna 2024, agus leithdháileadh buiséid de bheagnach
EUR 409 milliún
aige. Cuirtear seisiúin oiliúna aonair, chomhchoiteanna agus speisialta ar fáil d’fhórsaí armtha na hÚcráine.
Cuireadh oiliúint ar 73 000 saighdiúir Úcránach
ó seoladh an misean. Thairis sin, i mí an Mheithimh 2024, shínigh an tAontas agus an Úcráin gealltanais chomhpháirteacha chun tacú le slándáil agus cosaint fhadtéarmach na hÚcráine.
Tá nuálaíocht á cothú ag an Aontas freisin in earnáil na cosanta in éineacht leis an Úcráin. I mí Mheán Fómhair 2024, bhunaigh an Coimisiún Oifig AE um Nuálaíocht i Réimse na Cosanta i gCív, arb é an ról atá aici an comhar idir tionscail chosanta an Aontais agus na hÚcráine a neartú. Cuideoidh an oifig, i measc nithe eile, le riachtanais agus acmhainneachtaí na hÚcráine maidir le nuálaíocht i réimse na cosanta a shainaithint agus le tionscnaimh chomhpháirteacha agus comhar idir páirtithe leasmhara nuálacha agus tionsclaíocha an Aontais agus na hÚcráine a éascú. Déanfaidh an oifig gníomhaíochtaí nuálaíochta i réimse na cosanta a chur chun cinn san Úcráin agus in éineacht leis an Úcráin freisin. Cothóidh sí tionscnaimh chomhpháirteacha freisin agus tabharfaidh sí gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaithe an Aontais le chéile le tionscal agus fórsaí armtha na hÚcráine. Ba chloch mhíle thábhachtach í sin maidir leis an straitéis um thionscal cosanta na hEorpa a chur chun cinn, straitéis a glacadh i mí an Mhárta 2024.
|
Brabúis amhantair a bhailiú ó shócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise chun tacú leis an Úcráin
An 28 Deireadh Fómhair 2024,
tháinig an rialachán lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus clár nua cúnaimh macrairgeadais
don Úcráin i bhfeidhm. Leis an sásra, bailítear brabúis amhantair ó shócmhainní blocáilte Bhanc Ceannais na Rúise atá i seilbh institiúidí airgeadais sna Ballstáit agus úsáidtear iad chun tacú leis an Úcráin suas le EUR 45 bhilliún d’iasachtaí atá le soláthar don Úcráin ag comhpháirtithe Ghrúpa 7 a aisíoc. Is é is cuspóir do thionscnamh Ghrúpa 7 tacaíocht airgeadais leordhóthanach leanúnach a sholáthar don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais láithreacha arb é fogha leanúnach na Rúise faoin tír is cúis leo.
|
Bearta sriantacha
Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin, agus chuir sé dlús lena smachtbhannaí ar an Rúis mar fhreagairt ar a cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine. In 2024, d’fhéach an tAontas le geilleagar na Rúise a lagú a thuilleadh le trí phacáiste smachtbhannaí láidre, lenar díríodh ar dheireadh a chur le rochtain ar theicneolaíocht chriticiúil, ar earraí tionsclaíocha agus ar sheirbhísí airgeadais, agus ar laghdú a dhéanamh ar shruthanna ioncaim na Rúise, go háirithe ó fhuinneamh. Chun éifeachtacht agus tionchar na smachtbhannaí a mhéadú, is mó fós a dhírigh an tAontas a aird ar bhearta chun teacht timpeall a sheachaint i réimse na trádála agus an fhuinnimh, lena n-áirítear spriocdhíriú ar an scáthchabhlach a úsáideann an Rúis chun an chaidhp phraghais ar ola a imghabháil. An tráth céanna, threisigh an tAontas a chomhar agus a fhor-rochtain le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
Tacaíocht dhaonnúil d’íospartaigh coinbhleachtaí lasmuigh den Eoraip
Tá an tAontas tar éis cabhair dhaonnúil a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar roinnt géarchéimeanna. Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin agus an ghéaraithe shuntasaigh ar an gcogaíocht in Gaza agus ar choinbhleachtaí leanúnacha eile, amhail sa tSúdáin, mheas na
Náisiúin Aontaithe
go raibh cabhair dhaonnúil de dhíth ar 323,4 milliún duine in 2024.
Gheall an tAontas EUR 237 milliún de chabhair dhaonnúil in 2024, mar aon le 2 622 thona de sholáthairtí daonnúla do
dhaoine atá i ngátar in Gaza
. Ó rinne Hamas ionsaí sceimhlitheoireachta ar Iosrael i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus ó fhreagairt na tíre ina dhiaidh sin, tá an staid dhaonnúil in Gaza tar éis dul in olcas go mór. I mí Mheán Fómhair 2024,
easáitíodh 1,9 milliún duine
in Gaza, agus gortaíodh thart ar 88 000 duine agus fuair 40 000 duine bás. Dá dheasca sin, tá 2,2 milliún duine thíos leis an ngéarchéim, rud a fhágann go bhfuil ganntanas ollmhór bunriachtanas ann amhail uisce, bia agus foscadh. Ina theannta sin, rinneadh damáiste tromchúiseach don bhonneagar poiblí i Stráice Gaza, amhail scoileanna agus ospidéil. Cuireadh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh 10 n-uaire in 2024 chun aslonnuithe a chomhordú agus chun tacú le tíortha comharsanachta, agus iad ag obair go díreach ón talamh freisin.
Cabhair dhaonnúil an Aontais in 2024
|
EUR 956 mhilliún
|
EUR 665 mhilliún
|
EUR 447 mhilliún
|
EUR 214 mhilliún
|
EUR 205 mhilliún
|
|
An Afraic Fho-Shahárach
|
An Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh
|
An Áise, Meiriceá Laidineach, an tAigéan Ciúin agus
Muir Chairib
|
An Úcráin, na Balcáin Thiar agus
Cugas
|
Leithdháiltí neamh-gheografacha
|
|
Buiséad iomlán: EUR 2,5 billiún
|
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Tá tacaíocht dhaonnúil á soláthar ag an Aontas freisin don tSiria agus don Liobáin, agus an staid sa réigiún ag dul in olcas. I mí na Bealtaine 2024, gheall an tAontas agus a Bhallstáit
EUR 3,8 billiún
de dheontais don tSiria agus don réigiún, ach bhí cabhair dhaonnúil de dhíth fós ar 16,7 milliún duine laistigh den tSiria. I gcás na Liobáine, leithdháil an tAontas EUR 25 mhilliún breise de chistiú daonnúil chun tacaíocht ríthábhachtach a sholáthar do phobail atá thíos leis an gcoinbhleacht idir Hezbollah agus Iosrael, as ar eascair easáitiú ar mórscála.
In 2024, sholáthair an tAontas cúnamh tarrthála freisin dóibh siúd atá thíos leis an ngéarchéim sa tSúdáin agus ina tíortha comharsanachta. San iomlán, leithdháil sé beagnach EUR 260 milliún mar fhreagairt ar ghéarchéim na Súdáine (lena n-áirítear os cionn EUR 147 milliún sa tSúdáin amháin). Idir 2023 agus 2024, ba í an tSúdáin an áit a raibh an ghéarchéim easáitithe ba mhó ar domhan, agus 11,5 milliún duine easáitithe ina dtír féin, thart ar 30 % den daonra iomlán agus 15 % den líon iomlán daoine ar fud an domhain atá easáitithe ina dtír féin. Mar chuid den choinbhleacht rinneadh sáruithe ollmhóra ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear coireanna cogaidh agus coireanna ar dócha gur coireanna in aghaidh an chine dhaonna iad.
Ar an iomlán, ba iad an tAontas agus a Bhallstáit orthu siúd ba mhó ar domhan a sholáthair cúnamh oifigiúil forbraíochta in 2024. Chomh maith le cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá thíos le coinbhleachtaí, soláthraíonn an tAontas cabhair dhaonnúil bunaithe ar riachtanais do dhaoine atá thíos le tubaistí de dheasca an duine agus le guaiseacha nádúrtha, agus aird ar leith á tabhairt ar na híospartaigh is leochailí. In 2024, tríd an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil, tugadh aghaidh ar 16 ghéarchéim a raibh 17 dtír thíos leo.
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn
Tacaíonn an tAontas le tionscadail agus gníomhaíochtaí ar fud an domhain i réimsí amhail an aeráid, fuinneamh, iompar, sláinte, oideachas agus taighde, go príomha trína straitéis Global Gateway. Trí mheascán d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, tá sé d’aidhm aige EUR 300 billiún a shlógadh idir 2021 agus 2027. In 2024, bhog an tAontas ar aghaidh leis an straitéis sin, a ceapadh chun seasamh na hEorpa ar domhan a threisiú. I mí na Nollag 2024, d’fhormhuinigh na Ballstáit
46 thionscadal shuaitheanta breise de chuid Global Gateway
. Lean an tAontas de Straitéis nua Sláinte Domhanda an Aontais agus de Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hInscne a chur chun feidhme freisin.
Comhpháirtíochtaí Global Gateway bunaithe ar shé phrionsabal
|
Luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin
|
Dea-rialachas agus trédhearcacht
|
Chomhpháirtíochtaí
Comhionannais
|
|
Glas agus glan
|
Dírithe ar an tslándáil
|
Infheistíocht ón earnáil phríobháideach a thionscnamh
|
Bhí an tAontas gníomhach go háirithe maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí san Afraic. Is é is aidhm don Phacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip, lena gcuimsítear 119 as 264 thionscadal de chuid Global Gateway, thart ar
EUR 150 billiún
d’infheistíocht a ghiaráil chun an comhar le comhpháirtithe Afracacha a neartú. I gcomhréir lena thionscnamh suaitheanta maidir le monarú vacsaíní, táirgí íocshláinte agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic agus rochtain orthu, d’fhógair an tAontas freisin, i mí an Mheithimh 2024, ranníocaíocht EUR 220 milliún le Luasaire Monaraithe Vacsaíní na hAfraice arb é is aidhm dó cuidiú le leathnú monarú vacsaíní atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de san Afraic.
Faoi chreat airgeadais 2021-2027, déanann an tAontas an chuid is mó dá chláir forbartha agus de thionscadail agus infheistíochtaí Global Gateway a mhaoiniú do thíortha comhpháirtíochta san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus san Áise, agus tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, ag a bhfuil imchlúdach airgeadais tosaigh iomlán de thart ar EUR 79,5 billiún. Lasmuigh de Global Gateway, rannchuidigh an ionstraim freisin le gníomhaíocht i raon réimsí amhail an daonlathas, cearta an duine, comhionannas inscne, cosaint an chomhshaoil agus tacaíocht eacnamaíoch. Mar shampla, ó bhí 2021 ann, thug an tAontas cúnamh do bheagnach 137 000 íospartach sáruithe ar chearta an duine. Ina theannta sin, tá rochtain faighte ag beagnach 1,8 milliún duine ar fud an domhain ar uisce glan agus/nó ar shláintíocht, agus rinneadh níos mó ná 43 000 km² d’éiceachórais mhuirí, talún agus fionnuisce a chosaint nó a bhainistiú go hinbhuanaithe. Thairis sin, sholáthair an tAontas tacaíocht spriocdhírithe shaincheaptha do thíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe na himirce i réigiúin na hAfraice Fo-Shaháraí agus na hÁise chun feabhas a chur ar an rialachas maidir le himirce agus easáitiú éigeantais an phobail, faoi threoir Phleananna Gníomhaíochta tiomnaithe an Aontais lena gcumhdaítear na príomhbhealaí imirce i dtreo na hEorpa, trí chur chuige an bhealaigh iomláin. Thairis sin, thacaigh an tionscnamh EU4business, arna chistiú ag an ionstraim, le 67 000 fiontar beag agus meánmhéide i gComharsanacht an Oirthir le linn 2023-2024, rud a d’fhág gur cruthaíodh beagnach 80 000 post nua.
Tháinig an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus a Bhallstáit agus Comhaltaí d’Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, is é sin Comhaontú iar-Cotonou, i bhfeidhm go sealadach i mí Eanáir 2024 agus shínigh 77 mBallstát san iomlán as 79 mBallstát Eagraíocht na Stát ACC an Comhaontú.
Tá an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, ag cuidiú leis an Aontas Global Gateway a bhaint amach, lena n-áirítear trí sciar de na rioscaí a bhíonn roimh chomhpháirtithe airgeadais forbartha agus infheistíocht á déanamh acu i dtíortha comhpháirtíochta a chumhdach. Dá bhrí sin, meallann sé infheisteoirí breise, go háirithe ón earnáil phríobháideach. Idir 2021 agus 2024, chuir an Coimisiún EUR 13,3 billiún de ráthaíochtaí ar fáil tríd an gciste. Ó bhí 2021 ann, mar thoradh ar chur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomharsana an Deiscirt, gealladh EUR 5,7 billiún de dheontais arna gcistiú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda. Shlóg sé thart ar EUR 26,6 billiún d’infheistíocht trí dheontais a chumasc le hiasachtaí lamháltais in earnálacha an fhuinnimh ghlain, an uisce agus na sláintíochta, san earnáil oideachais agus san earnáil dhigiteach.
Ba bhuaicphointe de 2024 é Conair Lobito a áireamh mar thionscadal suaitheanta de chuid Global Gateway. Nascann an chonair sin Angóla, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an tSaimbia, rud a fheabhsaíonn bonneagar réigiúnach agus acmhainneacht eacnamaíoch. Gheall an tAontas deontais dar luach EUR 520 milliún chun tacú le fás san fhuinneamh aeráidchliste, sa talmhaíocht agus i bhforbairt scileanna. Bhí ról tábhachtach ag rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara freisin, agus bhí rannpháirtíocht nach beag ag gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, mná agus an óige ann, agus bhí imeachtaí agus comhpháirtíochtaí ardleibhéil ar fud roinnt tíortha san Afraic ina léiriú uirthi sin.
Thairis sin, is mór an dul chun cinn a rinne an Coimisiún in 2024 maidir leis an gConair Iompair Thras-Chaispeach a fhorbairt. Le Fóram Infheisteoirí Iompair Global Gateway idir an tAontas agus an Áise Láir, a reáchtáladh i mí Eanáir, tionóladh níos mó ná 600 páirtí leasmhar agus d’éirigh leis EUR 10 mbilliún de ghealltanais a fháil le haghaidh iompar inbhuanaithe san Áise Láir, lena n-áirítear EUR 1,47 billiún ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus EUR 1,5 billiún ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. Ina theannta sin, shínigh an tAontas agus an Úisbéiceastáin meabhrán tuisceana lenar seoladh comhpháirtíocht straitéiseach maidir le hamhábhair chriticiúla.
Tacaíocht a thabhairt dár gcomharsanacht agus d’iarrthóirí ar mhéadú
I bhfianaise an teannais gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, go háirithe cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tháinig próiseas méadaithe an Aontais isteach i gcéim nua in 2024. I mí an Mheithimh 2024, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas leis an Aontas ag na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha leis an Moldóiv agus leis an Úcráin. Chuir an Coimisiún tús le cruinnithe scagtha déthaobhacha leis an dá thír, nach mór dóibh a léiriú conas atá sé beartaithe acu rialacha agus beartais an Aontais a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus pleananna a leagan amach maidir le tuilleadh ailínithe. Thairis sin, d’aithin an tAontas an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró maidir le conair a aontachais, cé go bhfuil gá fós le roinnt feabhsuithe ar an smacht reachta agus ar na breithiúna. Lean an tAontas dá mheasúnú ar an Albáin, ar an Macadóin Thuaidh agus ar an tSeirbia, agus ní mór do gach ceann acu athchóirithe tábhachtacha a chur chun feidhme a thuilleadh i réimsí sonracha. Ina theannta sin, rinne an Chomhairle Eorpach an cinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i mí an Mhárta 2024.
Chun a phróiseas um méadú a chothú, ghlac an tAontas
an Rialachán maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis
i mí na Bealtaine 2024, chun cabhrú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar (
) a gcórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn go mbeidh siad ina mbaill den Aontas amach anseo. Meastar go soláthróidh an tsaoráid suas le
EUR 2 bhilliún de dheontais agus EUR 4 bhilliún d’iasachtaí
ó 2024 go 2027. Mar mhalairt air sin, ní mór do gach comhpháirtí clár oibre don athchóiriú a ullmhú. Na cláir oibre don athchóiriú a d’ullmhaigh an Albáin, an Chosaiv (), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia, d’fhormheas an Coimisiún iad i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus tá coinne le híocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin sa chéad leath de 2025. Eagraíodh an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i mí na Nollag 2024, go gairid tar éis Chruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín, rud a d’fheabhsaigh an comhtháthú tríd an bplean fáis.
An daonlathas a neartú
An fhís go n-aontófar an mhór-roinn faoin daonlathas, faoin smacht reachta agus faoin urraim do shaoirsí bunúsacha, is í a stiúrfaidh ár gcuid oibre i gcónaí. Is amhlaidh sin toisc go bhfuil todhchaí na síochána, an dul chun cinn agus an rathúnais tuillte ag muintir na dtíortha sin. Agus cinnteoimid gur féidir an todhchaí sin a fhíorú san Eoraip (
).
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Cearta agus luachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn
Is é is aidhm don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna cearta agus luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn mar a chumhdaítear i gconarthaí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm don chlár rannchuidiú le sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh. I gcás 2024, leithdháileadh EUR 219 milliún ar an gclár, rud a chuidigh le maoiniú tionscnamh de chuid na sochaí sibhialta arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú, tacú le comhionannas do chách agus cosaint agus cur chun cinn ceart agus luachanna an Aontais a chur chun cinn. Seoladh 13 ghlao ar thograí faoin gclár in 2024, agus fuarthas 2 865 iarratas ar thionscadail, ar dámhadh cistiú ar 279 díobh.
Thacaigh an clár freisin le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. Leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, is féidir le saoránaigh a iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cén ghníomhaíocht is gá a dhéanamh. In 2024, chuir an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna níos mó ná EUR 2 mhilliún de chistiú ar fáil chun tacú le cur chun feidhme tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. San iomlán, cláraíodh 11 tionscnamh nua in 2024, lena gcumhdaítear réimsí amhail talmhaíocht na hEorpa a chosaint, slándáil bia agus athléimneacht uisce, tacaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar chun sláinte atáirgthe na mban a chosaint, agus cearta tomhaltóirí a chosaint i ndáil le físchluichí.
Lean an Coimisiún den
Rialachán maidir le Coinníollacht
a chur chun feidhme freisin. Tugann an sásra sraith bhreise cosanta do bhuiséad an Aontais, a spreagtar i gcásanna ina ndéanfaidh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta difear do leasanna airgeadais an Aontais nó ina mbeidh an baol ann go ndéanfaidh siad difear dóibh. Féadfar a áireamh ar na bearta faoin sásra, i measc nithe eile, íocaíochtaí a chur ar fionraí agus toirmeasc a chur ar ghealltanais dhlíthiúla a dhéanamh. I mí na Nollag 2024, rinne an Coimisiún an cinneadh toirmeasc a chur ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh le hiontaobhais leasa phoiblí san Ungáir i leith cistiú ón Aontas a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, chomh maith le trí chlár oibríochtúla faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur ar fionraí, a bhfuil an dá bheart i bhfeidhm ó bhí 2022 ann. Tá tuilleadh eolais faoi sin le fáil in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo.
An daonlathas a chosaint
Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach stáit dhaonlathacha níos athléimní a chothú ar fud an Aontais trí shaorthoghcháin chóra a chur chun cinn, trí shaoirse na meán a neartú agus tríd an mbréagaisnéis a chomhrac. Tacaítear lena bhearta trí raon ionstraimí, amhail:
•sláine toghcháin a chur chun cinn agus borradh a chur faoi rannpháirtíocht saoránach, rannpháirtíocht shibhialta agus muinín as an daonlathas trí chistiú ón gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta, ón gclár Erasmus+, ón gclár Fís Eorpach agus ó chistí comhtháthaithe;
•cistiú d’eagraíochtaí meán nuachta laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin a neartú trí chlár Eoraip na Cruthaitheachta, tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach agus trí Chlár na hEorpa Domhanda um Chearta an Duine agus um an Daonlathas;
•an bhréagaisnéis a chomhrac d’fhonn litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus cuidiú le saoránaigh bréagaisnéis a shainaithint trí chistiú ón gclár Erasmus+ agus ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Tacaíonn an tAontas leis an daonlathas freisin trína fheachtais chumarsáide, ar ar leithdháileadh EUR 109 milliún in 2024. Mar shampla, chuidigh an feachtas ‘Is tusa an tAontas Eorpach’ le feasacht a mhúscailt faoi luachanna an Aontais amhail an daonlathas agus an tsaoirse. Thairis sin, tugadh níos mó ná 115 000 cuairt ar leathanaigh ghréasáin frith-bhréagaisnéise arna gcoinneáil ar bun ag an Aontas in 2024.
3. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais
Soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le maoiniú tionscnamh a bhaineann le cuspóirí na haeráide, na bithéagsúlachta, an chomhionannais inscne agus spriocanna forbartha inbhuanaithe, dá bhforáiltear i bpointe 16(d–g) de chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 (
). Soláthraítear faisnéis freisin maidir le ranníocaíocht bhuiséad an Aontais le tosaíocht an Choimisiúin an t-aistriú digiteach a chur chun cinn.
Buiséadú glas
Úsáideann an Coimisiún buiséadú glas chun trédhearcacht an chistithe ón Aontas a fheabhsú chun tacú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip. I mí an Mhárta 2022, gheall an Coimisiún leanúint dá chuid oibre maidir le buiséadú glas, in éineacht le hUachtaránacht na Fraince ar an gComhairle agus le roinnt Ballstát.
Chun a thiomantas dá spriocanna aeráide agus comhshaoil a chur i dtábhacht, tá spriocanna caiteachais cainníochtúla leagtha síos ag an Aontas dá chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus do chistiú NextGenerationEU. Go sonrach, tá gealltanas tugtha ag an Aontas 30 % ar a laghad dá chreat airgeadais ilbhliantúil agus dá bhuiséad NextGenerationEU a thiomnú do chaiteachas a bhaineann leis an aeráid, agus 7.5 % de bhuiséad bliantúil 2024 agus 10 % de bhuiséid bhliantúla 2026 agus 2027 don bhithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú.
An ranníocaíocht aeráide agus bithéagsúlachta (gealltanais bhuiséadacha) lena bhfuil coinne sa tréimhse 2021-2027 (i milliúin EUR)
NB: Ós féidir leis an ngníomhaíocht chéanna rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach féidir tosaíochtaí cothrománacha (e.g. figiúirí aeráide agus bithéagsúlachta) a shuimiú chun áireamh dúbailte a sheachaint.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Léiríonn na sonraí atá ar fáil le haghaidh na tréimhse 2021-2027 go bhfuil buiséad an Aontais, lena n-áirítear NextGenerationEU, ar an mbóthar ceart chun a sprioc 30 % maidir le príomhshruthú aeráide a bhaint amach, a bhuí le feidhmíocht láidir na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus phlean REPowerEU. Leis na figiúirí a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo, úsáidtear gealltanais roimhe seo le haghaidh na mblianta 2021-2024 agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhfuil coinne leo le haghaidh 2025-2027.
Maidir le príomhshruthú na bithéagsúlachta, cé gur baineadh amach uaillmhian 2024, meastar go dtitfidh spriocanna 2026 agus 2027 faoi bhun na n-uaillmhianta tosaigh. Tá tuilleadh sonraí le fáil sa roinn thiomnaithe maidir leis an mbithéagsúlacht thíos.
I gcomhréir lena rialacháin earnála, rannchuidíonn an tSaoráid don Úcráin agus an tSaoráid do na Balcáin Thiar le príomhshruthú na haeráide agus na bithéagsúlachta. Is réamh-ranníocaíochtaí iad na ranníocaíochtaí a áirítear sna ráitis ar fheidhmíocht cláir agus déanfar iad a bheachtú a thuilleadh agus a thabhairt cothrom le dáta sna blianta amach romhainn.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go rannchuidíonn cistí eile arna mbainistiú ag an gCoimisiún le tosaíocht an bhuiséid ghlais freisin, d’ainneoin nach cuid den chreat airgeadais ilbhliantúil iad, amhail an Ciste don Nuálaíocht, an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste Aeráide Sóisialta. Is ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a thagann an t-ioncam ó na cistí sin.
Ríomhtar na méideanna thuas ar bhonn leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar a léirítear thíos.
•I gcás bainistíocht dhíreach, ullmhaíonn gach seirbhís meastacháin ar bhonn na sonraí is nuashonraithe atá ar fáil. I gcás meastacháin amach anseo, úsáidtear cláir oibre, spriocanna earnála agus luachanna stairiúla.
•I gcás bainistíocht chomhroinnte, cuirtear figiúirí a bhí ann roimhe seo agus figiúirí a bheidh ann amach anseo i láthair ar bhonn na gclár agus na bpleananna straitéiseacha comhbheartais talmhaíochta arna gcomhaontú leis na Ballstáit agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na tuarascálacha bliantúla.
•I gcás bainistíocht indíreach, tá na figiúirí bunaithe ar na spriocanna agus na comhaontuithe atá ann cheana le comhpháirtithe cur chun feidhme, mar aon lena dtuarascálacha bliantúla.
•Déantar athbhreithniú bliantúil ar chaiteachas roimhe seo tar éis athbhreithniú cáilíochta arna dhéanamh ag ranna an Choimisiúin, ina n-ionchorpraítear faisnéis bhreise atá ar fáil maidir leis an tionscadal roghnaithe.
Díriú ar thorthaí (
)
|
45 ghigeavatuair
de choigilteas measta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí.
|
Seachnaíodh 98 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana,
ar lean níos mó ná leath de sin as infheistíocht i mbannaí glasa NextGenerationEU. Ina theannta sin, tá coinne leis go mbeidh laghdú 452 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ann ón gCoiste don Nuálaíocht sna chéad 10 mbliana oibríochta.
|
543 ghigeavatuair
breise
de thoilleadh giniúna in-athnuaite suiteáilte.
|
Tá béim ar thorthaí ríthábhachtach maidir le gníomhaíocht an bhuiséid ghlais agus maidir le buiséad an Aontais i gcoitinne. Na torthaí a eascraíonn as na táscairí atá ar fáil, is féidir iad a úsáid chun caiteachas níos spriocdhírithe a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar stiúradh bhuiséad an Aontais. Is féidir an t-aistriú glas a dhéanamh níos éifeachtúla leis freisin trí fheabhas a chur ar chuntasacht. Tá an ceann deireanach sin tábhachtach freisin i bhfianaise an ghá atá le rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta iomadúla.
Tá sé ríthábhachtach díriú ar laghduithe ar astaíochtaí trí éifeachtúlacht fuinnimh agus leathnú fuinnimh in-athnuaite chun spriocanna aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach agus chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Léiríonn na torthaí thuas go bhfuil buiséad an Aontais ag cuidiú leis na Ballstáit a meascán fuinnimh a éagsúlú agus a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile. Is é a bhíonn mar thoradh air sin costais fuinnimh níos ísle agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir laghdaithe, rud a chuidíonn leis an athrú aeráide a chomhrac.
Tionchar infheistíocht NextGenerationEU a thomhas
I mí na Samhna 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún an dara tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa NextGenerationEU, mar obair leantach ar thuarascáil 2023 a cuireadh i láthair ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai. Is éacht mór ó thaobh trédhearcachta de iad an dá thuarascáil, rud a fhágann gur féidir tionchar coincréiteach aeráide na hinfheistíochta a mhaoinítear le bannaí glasa NextGenerationEU a thomhas.
Mar fhorbairt ar chreat láidir bannaí glasa an Aontais, tá an tuarascáil bunaithe ar anailísí mionsonraithe ar na clocha míle agus na spriocanna i dtaobh infheistíocht a mhaoinítear le bannaí glasa faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Feidhmíonn sé sin mar bhonn chun a dtionchar ar an aeráid a ríomh, lenar féidir an dul chun cinn ar an gconair i dtreo todhchaí inbhuanaithe a thomhas agus nasc díreach idir cistiú agus tionchar aeráide a áirithiú. Go sonrach, cuirtear san áireamh freisin i dtuarascáil 2024 an infheistíocht a dtacaíonn REPowerEU léi.
Léirítear leis an anailís go bhféadfadh infheistíochtaí bannaí glasa NextGenerationEU 55 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint in aghaidh na bliana – is é sin 1.5 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2022. Is é atá san fhigiúr sin faoi láthair thart ar leath den infheistíocht a mhaoinítear le bannaí glasa, rud a fhágann go bhfuil coinne leis go dtabharfaidh tuarascálacha amach anseo léargas níos iomláine ar an tionchar iarbhír ar an aeráid. Ag an gcéim luath seo de chur chun feidhme an tionscadail, is dual an laghdú ar astaíochtaí a bheith níos lú. Meastar sa tuarascáil gurb é laghdú 1,5 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin an laghdú bliantúil atá ann faoi láthair, agus leanfaidh an figiúr sin de bheith ag méadú de réir mar a chuirfear dlús le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh airgeadas inbhuanaithe
Don dara bliain as a chéile, sna ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo) a ghabhann le roinnt príomhchlár buiséid AE, áirítear anailís ar an gcaoi a bhfuil na gníomhaíochtaí dá gcuid dá dtugtar tacaíocht bainteach le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe. Tá an méid sin ina thúsphointe tábhachtach d’anailísí amach anseo ar an gcaoi a rannchuidíonn caiteachas an Aontais le todhchaí níos glaise (
).
An anailís ar an gcaidreamh idir na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht agus an tacsanomaíocht sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cé gur mionsonraíodh í roimhe seo i gcomhthéacs thuairisciú bhannaí glasa NextGenerationEU, leathnaíodh an raon feidhme chun cláir bhreise a chumhdach a d’fhéadfadh infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le tacsanomaíocht an Aontais. Leis an gcur chuige sin, tugtar léargas níos cuimsithí ar ghealltanas an Aontais i leith maoiniú inbhuanaithe ar fud a thionscnamh éagsúil.
Príomhshruthú aeráide
An méid atá bainte amach
|
An misean maidir le ‘cathracha aeráidneodracha cliste’ atá ag an gclár Fís Eorpach, is é is aidhm dó a chur faoi deara go mbeidh cathracha a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe. Tacaíonn sé le 112 chathair aeráidneodracht a bhaint amach agus a bheith cliste faoi 2030, agus aird ar leith á díriú ar an aistriú fuinnimh agus ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt.
|
Tá caibidil sa tSaoráid don Úcráin maidir leis an aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil agus tagraítear do thosaíochtaí glasa i gcaibidlí eile freisin. Chun céimeanna an phlean a chomhlíonadh, in 2024 ghlac an Úcráin dlí nua maidir le truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú, plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus straitéis nua maidir le nuachóiriú teirmeach foirgneamh go dtí 2050, mar shampla.
|
|
Faoin gclár LIFE, tá coinne leis go seachnófar níos mó ná 1 400 000 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin a bhuí le tionscadail a dámhadh in 2022 agus 2023 agus tá coinne leis go mbeidh 7 799 ngigeavatuair in aghaidh na bliana de choigilteas fuinnimh phríomhúil ann ó thionscadail 2022-2023.
|
Cumhdaíodh thart ar 2,55 milliún heicteár de thalamh talmhaíochta agus foraoise le gealltanais bhainistíochta an chomhbheartais talmhaíochta a rannchuidigh le ceapadh carbóin nó caomhnú in 2023(
).
|
Cé mhéad a chaithimid?
Ranníocaíocht aeráide sa tréimhse 2021-2027 (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, meastar go ranníocfaidh buiséad an Aontais – lena n-áirítear NextGenerationEU – EUR 662 bhilliún le cuspóirí príomhshruthaithe aeráide, arb é atá ann 34 % d’imchlúdach an bhuiséid, rud a sháraíonn an sprioc tosaigh 30 %. Ina theannta sin, tríd an gclár InvestEU, tá coinne leis go gcuideoidh buiséad an Aontais le níos mó ná EUR 110 mbilliún d’infheistíocht a shlógadh chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.
Agus úsáid á baint as an gcéatadán den chaiteachas aeráide in aghaidh an chláir arna ríomh le haghaidh gealltanais bhuiséadacha, is féidir meastachán a dhéanamh ar an méid caiteachais a bhaineann leis an aeráid ar an leibhéal íocaíochta, arb é atá ann faoi láthair 32.6 %. Ar an mbonn sin, is féidir leis na Ballstáit a rannchuidíonn le buiséad an Aontais a ríomh cén sciar dá ranníocaíochtaí buiséid ghlais le buiséad an Aontais. Eisiatar ón meastachán sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é go maoinítear é sin le bannaí an Aontais seachas le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.
Idirdhealú a dhéanamh idir caiteachas ar mhaolú ar an athrú aeráide agus caiteachas ar oiriúnú don athrú sin
Faoi chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, gheall an Coimisiún go dtuairisceodh sé caiteachas aeráide, agus idirdhealú á dhéanamh idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i gcás inarb indéanta. Chun go mbeifí in ann an tuairisciú sin a dhéanamh, coimisiúnaíodh staidéar seachtrach chun cuidiú le modheolaíocht a fhorbairt chun caiteachas aeráide thar an dá ghné sin a imdhealú.
Ceapadh an mhodheolaíocht sa chaoi nach gcruthófaí ualaí breise riaracháin trína bheith ag cur leis an gcóras réimsí idirghabhála atá ann cheana a úsáidtear faoi
Rialachán na bhForálacha Coiteanna
le haghaidh cistí comhtháthaithe agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcás cláir gníomhaíochta seachtraí, úsáideadh modheolaíochtaí a bhí ann cheana, agus i gcás an chomhbheartais talmhaíochta, forbraíodh an mhodheolaíocht mar chuid de staidéar sonrach a coimisiúnaíodh le haghaidh an bheartais sin.
Ranníocaíocht aeráide sa tréimhse 2021-2024 arna himdhealú de réir maolú ar an athrú aeráide agus
oiriúnú don athrú sin
Foinse: An Coimisiún Eorpach. Ní áirítear sna figiúirí an tSaoráid don Úcráin ná an ‘tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar’. Is don tréimhse 2023-2024 amháin a thagraíonn figiúirí le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta.
Príomhshruthú bithéagsúlachta
An méid atá bainte amach
|
Déantar 21 mhilliún heicteár a chumhdach le tionscadail roghnaithe chun cosaint a thabhairt ar fhalscaithe faoi chistí beartais comhtháthaithe. Ina theannta sin, úsáideann seirbhís faireacháin atmaisféir Copernicus breathnuithe neas-fhíorama ar shuíomh agus ar dhéine falscaithe gníomhacha chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbithéagsúlacht sna limistéir atá buailte.
|
176 speiceas a meastar go gcuirfear stop lena gcaillteanas nó go n-aisiompófar é a bhuí le tionscadail dúlra agus bhithéagsúlachta faoin gclár LIFE in 2022 agus 2023.
|
|
Roghnaíodh 915 bheart a rannchuidíonn le ‘dea-stádas comhshaoil’ idir 2022 agus 2023 faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.
|
Tríd an gcomhbheartas talmhaíochta, bhí 21 % den talamh talmhaíochta faoi chumhdach ag conarthaí bainistíochta a rannchuidíonn leis an mbithéagsúlacht in 2023 (
).
|
Cé mhéad a chaithimid?
Ranníocaíocht bithéagsúlachta sa tréimhse 2021-2027 (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, tá buiséad an Aontais – lena n-áirítear NextGenerationEU – ag ranníoc beagnach EUR 113 bhilliún, nó 5.8 % den bhuiséad iomlán, le cuspóirí príomhshruthaithe bithéagsúlachta. Cé gur baineadh amach an uaillmhian go ndéanfaí 7.5 % de bhuiséad an Aontais a leithdháileadh ar an mbithéagsúlacht in 2024, meastar go dtitfidh na spriocanna 10 % do 2026 agus 2027 faoi bhun na n-uaillmhianta tosaigh.
Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil leibhéal níos airde gráinneachta agus uaillmhéine ag modheolaíocht an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh na tréimhse 2023-2027 ná mar atá ag an modheolaíocht a úsáideadh in 2014-2022, rud a fhágann gur féidir meastacháin níos beaichte agus níos coimeádaí a dhéanamh i gcomparáid leis an am a chuaigh thart. Ó rinneadh dréachtbhuiséad 2024, déanann an Coimisiún meastachán ar an ranníocaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta leis an mbithéagsúlacht trí chomhéifeachtaí an Aontais (100 %, 40 % agus 0 %) agus tosca ualúcháin (100 %, 70 % agus 50 %) a chur i bhfeidhm. arb é is aidhm dóibh léiriú a thabhairt ar ranníocaíocht dhifreáilte gach cineáil idirghabhála i dtreo na gcuspóirí bithéagsúlachta. Thairis sin, i bhfianaise dhearadh an chomhbheartais talmhaíochta agus an bheartais comhtháthaithe – agus chlárú airgeadais an dá chláir – ní féidir acmhainní a shannadh do bhlianta sonracha, ós rud é go bhfuil na tionscadail de chineál ilbhliantúil nach féidir a chur i leith bliain aonair. An ranníocaíocht ón tSaoráid don Úcráin agus ón tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a cruthaíodh le déanaí i dtreo cuspóirí bithéagsúlachta, tá sí in easnamh faoi láthair agus tabharfar cothrom le dáta í nuair a bheidh na sonraí ar fáil sna blianta atá le teacht.
Príomhshruthú comhionannais inscne
Mar fhreagairt ar bhearnaí inscne agus neamhionannais thrasnacha leanúnacha, tá dlús curtha ag an Aontas lena iarrachtaí a bhuiséad agus a cheapadh beartas a dhéanamh níos cuimsithí. Dúshláin amhail an ghéarchéim costais maireachtála, éagothromaíochtaí maidir leis an ualach cúraim agus rochtain mhíchothrom ar phoist dhigiteacha agus ghlasa, cuireann siad i dtábhacht gur gá infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa chomhionannas inscne.
Mar thoradh air sin, tá príomhshruthú inscne leabaithe anois i mórbheartais agus i mórchláir chistiúcháin an Aontais, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, Fís Eorpach, an comhbheartas talmhaíochta, agus Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda. Cuireann na huirlisí sin rochtain chomhionann ar acmhainní, rannpháirtíocht eacnamaíoch agus cosaint shóisialta chun cinn – go háirithe do mhná agus do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht.
Ag féachaint chun cinn, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen straitéis nua maidir le comhionannas inscne tar éis 2025 mar chuid dá treoirlínte polaitiúla 2024 do Choimisiún 2024-2029. Leis an straitéis sin atá ar na bacáin, cuirfear leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus tabharfar aghaidh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, rud a áiritheoidh go mbeidh an comhionannas fós ina cheann feadhna i gcinntí beartais agus buiséadacha an Aontais amach anseo.
An méid atá bainte amach
|
Thacaigh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le comhionannas inscne trí na Ballstáit a chistiú chun an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá a thrasuí, trí eagraíochtaí a oibríonn chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac a neartú trí thionscadail fhadtéarmacha agus trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí áitiúla pobail trí idirghabhálaithe. In 2024, bhí thart ar 25 % de chistí geallta an chláir dírithe go príomha ar chomhionannas inscne a chur chun cinn.
|
Faoin gclár Fís Eorpach, is é is aidhm don tionscadal ‘Cuimsiú, ionadaíocht agus cumhachtú na gcailíní agus na mban a fhíorú’ neamhionannais inscne a chosc agus a aisiompú ar fud na réimsí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha trí bhunchúiseanna an idirdhealaithe inscne a shainaithint agus deireadh a chur leo trí chur chuige ildisciplíneach. Baineann sé le comhoibriú idir roinnt tíortha Eorpacha agus an Afraic Theas, agus aird á díriú ar ghnéithe institiúideacha agus siombalacha agus ar thaithí chun comhionannas claochlaitheach a chur chun cinn.
|
|
Agus EUR 3,9 milliún de mhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, tacaíonn sé le tionscadal a bhfuil eagraíochtaí ón nGearmáin, ón nGréig, ón Íoslainn, ón Iodáil, ón bPortaingéil agus ón Rómáin páirteach ann, lena gcuirtear cur chuige iomlánaíoch trasnach chun cinn i leith an easpa dídine i measc na mban a chomhrac. Áirítear ar chuspóirí an tionscadail mná imeallaithe a chumhachtú chun an easpa dídine a shárú trí rochtain ar chonairí cóireála saincheaptha a sholáthar dóibh, trí chineálacha cur chuige inscne-shonracha a chomhtháthú i gcúram trámathreoraithe agus trí thionchar a imirt ar athruithe beartais i dtreo straitéisí inscne-íogaire cuimsitheacha.
|
A bhuí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb é croílár NextGenerationEU é, chuir an Eastóin, faoi dheireadh 2024, uirlis dhigiteach um an mbearna phá idir na hinscní i bhfeidhm d’fhostóirí chun an fhaisnéis is gá a sholáthar maidir leis an mbearna phá idir na hinscní agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith léi, chomh maith le réitigh chun aghaidh a thabhairt uirthi. Ina theannta sin, sholáthair an Iodáil tacaíocht airgeadais chun 700 fiontar faoi stiúir ban a chruthú agus/nó a fhás, lena dtacaítear le fiontraíocht na mban agus lena neartaítear rannpháirtíocht na mban i ngníomhaíochtaí gnó. Mar chomhlánú ar na hinfheistíochtaí ríthábhachtacha sin tá athchóirithe struchtúracha, lena n-áirítear athchóirithe chun neamhionannais inscne sa Phortaingéil a chomhrac, chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar ghairm na gcúntóirí altranais sa tSualainn agus chun feabhas a chur ar an scagthástáil sláinte réamhbhreithe agus nua-naíoch sa Bhulgáir.
|
|
Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, thacaigh an Coimisiún le cumhachtú ban a bhfuil cúlraí mionlaigh acu. Ba é ab aidhm do tionscadail shonracha amhail ‘Cumhacht athraithe na mban Romach sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc’ (ag a bhfuil ranníocaíocht EUR 1 mhilliún ón Aontas) agus ‘Gníomhaíocht réigiúnach an Aontais ar son oideachas na Romach: tacaíocht agus deiseanna oideachais méadaithe do mhic léinn Romacha sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc’ (EUR 4 mhilliún) rannpháirtíocht na mban Romach sa chinnteoireacht áitiúil agus san oideachas a mhéadú.
|
Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, chistigh an Coimisiún infheistíochtaí inscne-fhreagrúla faoi straitéis Global Gateway, amhail Clár Nasctha na hAfraice arna chur chun feidhme ag FINNFUND, agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tacú le cearta na mban, amhail cláir WYDE agus ACT, ar cláir de chuid Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan iad. Le tionscadal eile de chuid Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan dar teideal ‘An Clár Oibre um Chur Chun Cinn na mBan, na Síochána agus na Slándála’, tacaíodh le gníomhaithe míleata i bPoblacht na hAfraice Láir agus i Mósaimbíc. Faoin tionscadal oibrítear chun cuimsiú agus lánpháirtiú na mban i measc gníomhaithe míleata a fheabhsú, agus chun a áirithiú go mbeidh fórsaí armtha níos ullmhaithe chun gné na hinscne a chomhtháthú i bpleanáil agus i ndéanamh a gcuid oibríochtaí agus gníomhaíochtaí.
|
Cé mhéad a chaithimid?
I gcomhréir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025, tacaíonn creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus NextGenerationEU le raon tionscnamh lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, cothromaíocht oibre is saoil, bonneagar cúraim, fiontraíocht na mban agus cothromaíocht inscne san oideachas agus i ngairmeacha. Tacaíonn cistiú tiomnaithe freisin leis an tsochaí shibhialta agus le hinstitiúidí poiblí a théann i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe.
D’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht chun caiteachas a bhaineann le hinscne a rianú ar leibhéal an chláir, i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus bunaithe ar thuarascáil 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais.
Ó bhí bliain airgeadais 2023 ann, feabhsaíodh an faireachán ar chaiteachas inscne trí na sonraí imdhealaithe de réir inscne atá ar fáil in aghaidh an chláir a áireamh sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo).
Leagtar amach thíos leithdháileadh bhuiséad an Aontais ar scóir chomhionannais inscne, bunaithe ar chomhiomlánú idirghabhálacha 2024 a cháilíonn do gach scór. I gcomhréir leis an modheolaíocht, féadfaidh clár cáiliú do scór inscne amháin nó níos mó bunaithe ar na cuspóirí atá á saothrú lena idirghabhálacha faoi seach.
•Scór 2: idirghabhálacha arb é is príomhchuspóir dóibh feabhas a chur ar chomhionannas inscne, chomhfhreagair siad do 2,7 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2024 agus áiríodh i 13 chlár iad.
•Scór 1: idirghabhálacha a bhfuil comhionannas inscne de chuspóir tábhachtach lántoiliúil acu (ach nach é is príomhchúis leis an idirghabháil), chomhfhreagair siad do 16,8 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2024 agus áiríodh in 22 chlár iad.
•Scór 0*: idirghabhálacha a d’fhéadfadh rannchuidiú le comhionannas inscne, chomhfhreagair siad do 15,7 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2024 agus áiríodh in 8 gclár iad.
•Scór 0: idirghabhálacha nach n-imríonn tionchar mór ar chomhionannas inscne, chomhfhreagair siad do 64,8 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2024 agus áiríodh i 45 chlár iad.
In 2024, rannchuidigh 19,5 % de bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne a chur chun cinn (scóir 2 agus 1), ar mhéadú mór a bhí ann ó na blianta roimhe sin. Leis an dul chun cinn suntasach sin, cuirtear i dtábhacht tiomantas daingean an Aontais príomhshruthú inscne a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais, lena n-áirithítear go dtacóidh leithdháiltí buiséid go gníomhach le beartais a chuireann comhionannas inscne chun cinn.
Ranníocaíocht le comhionannas inscne mar a tuairiscíodh in 2021, 2022, 2023 agus 2024
NB: Tá gach graf bunaithe ar na céatadáin a tuairiscíodh tráth foilsithe na dtuarascálacha bliantúla ar bhainistíocht agus ar fheidhmíochta le haghaidh bhlianta airgeadais 2021, 2022, 2023 agus 2024, faoi seach.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Léiríonn torthaí 2024 an dul chun cinn atá déanta ag cláir éagsúla i dtéarmaí cur chun feidhme agus acmhainneachta tuairiscithe araon, rud a fhágann gur féidir rannchuidiú bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne a ghabháil ar leibhéal níos mionsonraithe. Go sonrach, léiríonn an laghdú leanúnach ar 0* na hiarrachtaí leanúnacha chun measúnuithe buiséid a bheachtú agus leithdháiltí atá dírithe ar inscne a fheabhsú. Príomhshampla in 2024 is ea an comhbheartas talmhaíochta. Tar éis athmheasúnú a dhéanamh ar na bearta a mhaoinítear leis an mbeartas a n-áirítear díriú ar chomhionannas inscne iontu, in 2024 sannadh scóir 1 agus 0 do ghealltanais bhuiséadacha an Aontais i leith an chláir sin ó 2021 go 2024, ón scór 0* roimhe sin. Léiríonn an coigeartú sin aitheantas níos cruinne ar chomhpháirteanna an bheartais a bhaineann le hábhar na hinscne agus cuireann sé i dtábhacht iarrachtaí leanúnacha an Aontais feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar breithnithe inscne a thomhas laistigh dá chláir airgeadais.
I dtéarmaí coincréiteacha, leithdháil an tAontas EUR 38 mbilliún ar an iomlán ar thionscadail lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn in 2024 (scóir inscne 2 agus 1). Tá an figiúr sin níos ísle ná an EUR 48 mbilliún a tuairiscíodh le haghaidh 2023, go príomha i ngeall ar dheireadh a bheith á chur de réir a chéile le gealltanais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, arbh é a bhí iontu EUR 8,4 billiún faoi scóir 1 agus 2 in 2023. Cé go bhfuil an caiteachas iomlán lena dtacaítear le comhionannas inscne níos ísle in 2024, tháinig méadú ar an gcion den chistiú atá dírithe ar chomhionannas inscne.
Ranníocaíocht le scóir inscne 1 agus 2 i gcás 2021, 2022, 2023 agus 2024 (i milliúin EUR)
NB: Bunaithe ar na méideanna a tuairiscíodh sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht agus ar bhainistíocht le haghaidh bhlianta airgeadais 2021, 2022, 2023 agus 2024, faoi seach.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur tháinig an tSaoráid don Úcráin agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar i bhfeidhm in 2024. Ó tharla gur cuireadh tús lena n-oibríochtaí le déanaí, is é sin an dara leath de 2024, sannadh scór inscne 0* do ghealltanais bhuiséadacha faoin dá chlár. Gan na cláir sin a áireamh, bheadh méadú breise go 21.5 % tagtha ar an sciar de bhuiséad an Aontais a rannchuidíonn le comhionannas inscne in 2024, i gcomparáid leis an 19.5 % a tuairiscíodh, ach bheadh laghdú go 6.6 % tagtha ar 0*, i gcomparáid leis an 15.7 % a tuairiscíodh.
Torthaí comhiomlána 2021-2024
Déantar athbhreithniú bliantúil ar chaiteachas roimhe seo tríd an athbhreithniú cáilíochta a dhéanann ranna an Choimisiúin, lena n-ionchorpraítear faisnéis bhreise atá ar fáil maidir leis na tionscadail roghnaithe. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás bearta dar sannadh scór inscne 0* sna blianta roimhe seo. Sa chomhthéacs sin, thángthas ar an gconclúid san athmheasúnú, i gcaitheamh na tréimhse 2021-2024, gur rannchuidigh 12 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais le hinscne a chur chun cinn (scóir inscne 1 agus 2), arbh é a bhí ann EUR 158,4 billiún mór i gcaitheamh na 4 bliana sin.
An tráth céanna, tá laghdú seasta tagtha ar an sciar de bhuiséad an Aontais faoi scór inscne 0* agus níl ann anois ach 5 % le haghaidh tréimhse 4 bliana (
). Léiríonn sé sin éifeachtacht iarrachtaí leanúnacha athmheasúnaithe an Choimisiúin, rud a chuir le tuiscint níos beaichte agus níos soiléire ar thacaíocht bhuiséadach an Aontais don chomhionannas inscne. Le haghaidh na tréimhse 2021-2024, sannadh scór 0 do 83 % de na leithdháiltí, i ngeall ar an athmheasúnú córasach ar chaiteachas 0* ó 2021 go 2024.
Bhí tionchar inbhraite ag na gealltanais airgeadais a rinneadh i gcaitheamh na tréimhse 4 bliana sin ar réimsí éagsúla, lena n-áirítear fostaíocht, cosaint shóisialta agus cumhachtú eacnamaíoch, rud a threisigh ról an Aontais mar cheannaire domhanda i maoiniú comhionannais inscne.
Scóir inscne mar chéatadán de bhuiséad iomlán an Aontais (2021-2024)
NB: Áirítear sna céatadáin sin na figiúirí athbhreithnithe le haghaidh 2021, 2022, 2023 agus 2024 tar éis an athmheasúnaithe ar scór 0* agus rinneadh iad a chomhiomlánú chun céatadáin fhoriomlána na scór inscne i gcaitheamh na tréimhse 2021-2024 a ríomh.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Sonraí imdhealaithe de réir inscne
I mbliana, den dara huair, feabhsaíodh na ráitis ar fheidhmíocht an chláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo), lena soláthraítear faisnéis feidhmíochta mhionsonraithe ar leibhéal an chláir, ionas go gcuirfí san áireamh an fhaisnéis ábhartha imdhealaithe de réir inscne atá ar fáil le haghaidh gach cláir. Áirítear leis sin réimse leathan sonraí imdhealaithe de réir inscne arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar fheidhmíocht an chláir i ndáil le comhionannas inscne. I gcás cláir áirithe, go háirithe na cláir sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus faoi bhainistíocht indíreach, cuireann rialacháin na gclár agus na comhaontuithe cur chun feidhme srian ar infhaighteacht sonraí imdhealaithe de réir inscne.
Agus súil chun cinn á caitheamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, chomhaontaigh na comhreachtóirí ceanglas a áireamh sa Rialachán Airgeadais () chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí uile a bhaileofar i ndáil le táscairí feidhmíochta na gclár airgeadais a imdhealú de réir inscne i gcás inarb iomchuí. Is céim mhór é sin i dtreo feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chomhionannas inscne i gcláir an Aontais agus comhlánaíonn sé na treoirlínte nuashonraithe maidir le rialáil níos fearr, lena n-áiritheofar go gcuirfear san áireamh go cuí sna measúnuithe tionchair ex ante a dhéanfar amach anseo ar na cláir chaiteachais ábhartha uile na héifeachtaí ar chomhionannas inscne ón tús.
|
Samplaí de shonraí imdhealaithe de réir inscne a thuairiscítear sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo)
•Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ba é an líon rannpháirtithe san oideachas agus san oiliúint a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 4,29 milliún san iomlán ar fud na n-aoisghrúpaí uile in 2024. As an iomlán sin, ba mhná iad 2,37 milliún díobh, b’fhir iad 1,92 milliún díobh agus ba dhaoine neamh-dhénártha iad 499 díobh. Thairis sin, as na daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a fuair tacaíocht in 2024, b’fhir iad 969 960 díobh, ba mhná iad 848 584 díobh agus ba dhaoine neamh-dhénártha iad 204 díobh.
•Faoin gclár Fís Eorpach, ó mhí Eanáir 2024, mná a bhí ina gcomhordaitheoirí ar 31 % de thionscadail an chláir Fís Eorpach. Léiríonn sé sin méadú suntasach ar an sciar de na cuibhreannais atá faoi stiúir ban, méadú ó 23 % i gcás an chláir Fís 2020. Thairis sin, is mná iad 51,4 % de na rannpháirtithe i mboird agus i ngrúpaí saineolaithe an chláir Fís Eorpach, agus tá 74 bhean (52,9 %) i ngrúpaí saineolaithe oifigiúla agus 38 mbean (48,7 %) i ngrúpaí speisialta. Ar an gcaoi chéanna, i measc taighdeoirí sa chlár Fís Eorpach, is mná iad 37.8 % (75 114) díobh, is fir iad 62.1 % (123 472) díobh, agus is daoine neamh-dhénártha iad 0.1 % (189) díobh.
•Faoin gclár Erasmus, in 2023, ghlac mná le 60 % de na deiseanna soghluaisteachta a cuireadh ar fáil. Bhí éagsúlacht sa dáileadh inscne ag brath ar réimse an oideachais: ba san oideachas aosach a chonacthas an céatadán is airde ban (70 %), agus ina dhiaidh sin bhí an t-oideachas scoile (67 %), an t-ardoideachas (61 %), an t-oideachas don óige (58 %) agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint (54 %).
•Faoin gcomhbheartas talmhaíochta, ba é 5 713 335 an líon iomlán feirmeoirí a fuair tacaíocht dhíreach (sonraí sealadacha i gcás 2024). Áiríodh orthu sin 1 796 858 mbean (31.45 %), 3 612 428 bhfear (63.23 %) agus 1 841 duine neamh-dhénártha (0.03 %), 229 833 fhreagra neamhleitheadúlachta (
) (4.02 %) agus 72 232 fhreagra gurbh fhearr leo gan a rá (1.26 %).
•Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, thairbhigh 628 418 nduine go díreach d’idirghabhálacha a dtacaíonn an tAontas leo, arb é is aidhm dóibh neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch a laghdú. Léiríonn na sonraí imdhealaithe de réir inscne atá ar fáil gur mná iad 202 532 ar a laghad agus gur fir iad 191 068 díobh (
).
•Faoin gclár um chabhair dhaonnúil, is mar a leanas céatadán na dtairbhithe arna n-imdhealú de réir inscne in 2024: 48 % baineann, 39 % fireann agus 13 % anaithnid (
).
|
Rianú digiteach
Is eilimint lárnach de chlár oibre iomaíochais an Choimisiúin é an t-aistriú digiteach. Chomh maith le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear ceannaireacht i nuálaíocht na hintleachta saorga, tá ról ríthábhachtach aige maidir leis an rathúnas, an téarnamh eacnamaíoch agus an athléimneacht a spreagadh agus réitigh nuálacha a chumasú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda an tráth céanna.
In 2021, chuir an Coimisiún i láthair a fhís maidir le claochlú digiteach an Aontais faoi 2030, lena ngabhann compás digiteach le haghaidh na deacáide digití a bhfuil ceithre ghné dhigiteacha ann:
•scileanna
•bonneagar digiteach slán inbhuanaithe
•claochlú digiteach gnólachtaí agus
•digitiú seirbhísí poiblí.
An 14 Nollaig 2022, ghlac na comhreachtóirí Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, lena nglactar an compás digiteach agus an fhís atá aige, leag siad síos spriocanna cainníochtúla an Aontais i dtaobh na gceithre phríomhphointe atá le baint amach faoi 2030 agus bhunaigh siad sásra comhair leis na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin.
|
|
Scileanna
|
|
Claochlú digiteach gnólachtaí
|
|
Speisialtóir teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide: 20 milliún speisialtóir agus cothromaíocht inscne.
Bunscileanna digiteacha: 80 % den daonra ar a laghad.
|
Glacadh teicneolaíochta: 75 % de chuideachtaí an Aontais a bheith ag úsáid na néalríomhaireachta / na hintleachta saorga / mórshonraí.
Nuálaithe: cuideachtaí atá i mbun fáis a mhéadú agus maoiniú a mhéadú chun an líon aonbheannach san Aontas a dhúbailt.
Glacadóirí déanacha: bunleibhéal déine digití ar a laghad a bheith bainte amach ag níos mó ná 90 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
|
|
|
Bonneagar digiteach slán inbhuanaithe
|
|
Digitiú seirbhísí poiblí
|
|
Nascacht: luas gigighiotáin do chách, 5G i ngach áit.
Leathsheoltóirí ceannródaíocha: sciar an Aontais den táirgeadh domhanda a dhúbailt.
Sonraí – imeallríomhaireachta agus néalríomhaireachta: 10 000 imeallnód aeráidneodrach thar a bheith slán.
Ríomhaireacht: an chéad ríomhaire le luasghéarú candamach.
|
Príomhsheirbhísí poiblí: 100 % ar líne.
Ríomhsheirbhísí sláinte: rochtain a bheith ag 100 % de na saoránaigh ar thaifid leighis.
Céannacht dhigiteach: céannacht dhigiteach in úsáid ag 80 % de shaoránaigh.
|
An méid atá bainte amach
|
Fuair beagnach 16,2 milliún teaghais rochtain ar líonraí idirlín fíor-ardacmhainneachta, lena n-áirítear líonraí 5G agus luas gigighiotáin, trí bhearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi dheireadh 2024.
|
Seoladh an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála (1 chuintilliún ríomh in aghaidh an tsoicind) san Eoraip chun tacú le taighdeoirí, leis an tionscal agus le forbairt na hintleachta saorga. Bhí Jedi – arb é an chéad mhodúl de shár-ríomhaire eicsea-scála Jupiter é – sa chéad áit ar liosta na 500 sár-ríomhaire is glaise ar domhan i mí an Mheithimh 2024.
|
|
Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chruthaigh croí-líonraí imscartha, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, 5 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise in 2024.
|
Faoin gclár spáis, bhí 4 bhilliún gaireas atá cumasaithe le Galileo in úsáid in 2024. Tá feidhmíocht Galileo ó thaobh cruinneas suite de trí huaire níos fearr ná córais dhomhanda eile um loingseoireacht satailíte, agus tá fáil den scoth air.
|
Cé mhéad a chaithimid?
Cleachtadh athbhreithniúcháin 2025 chun meastachán a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais ar an aistriú digiteach, rinneadh é chun buiséad 2021-2027 an Aontais a chur chun feidhme i gcaitheamh na tréimhse 2021-2024. Léiríonn na torthaí go bhfuil ranníocaíochtaí móra á gcur i dtreo phríomhghnéithe uile an aistrithe dhigitigh ag buiséad an Aontais, lena n-áirítear NextGenerationEU. Is é uaillmhian an Choimisiúin cur leis na torthaí chun modheolaíocht chuimsitheach láidir a fhorbairt chun rannchuidiú foriomlán bhuiséad an Aontais leis an aistriú digiteach ar fud na gclár uile a thomhas.
Ar bhonn thorthaí an chleachtaidh athbhreithniúcháin, tiomnaíodh EUR 208,1 billiún de bhuiséad an Aontais (lena n-áirítear NextGenerationEU) don aistriú digiteach idir 2021 agus 2024, arb é atá ann beagnach 15,1 % de bhuiséad iomlán an Aontais le haghaidh na tréimhse sin (
). Tháinig sciar mór den mhéid sin ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a thiomnaigh EUR 149 mbilliún don aistriú digiteach le linn na tréimhse céanna.
Ranníocaíochtaí measta le haistriú digiteach chláir bhuiséadacha an Aontais, in 2021-2024 (go carnach) (*)
(*) Lena n-áirítear NextGenerationEU, i mbilliúin EUR.
NB: Tá an scála briste ar mhaithe le hinléiteacht, ós rud é go soláthraíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta os cionn 10 n-oiread níos mó tacaíochta don aistriú digiteach ná an chéad chlár eile is mó a rannchuidíonn leis. Na giorrúcháin a úsáidtear, seasann siad do na nithe seo a leanas: STA – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; HORIZONEU – Fís Eorpach; NDICI – An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda; DIGITALEU – an clár don Eoraip Dhigiteach; CSE+ – Ciste Sóisialta na hEorpa Plus; JTM – Sásra um Aistriú Cóir; SPACE – clár spáis an Aontais; SCE – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; IPA III – Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III; CBCT – Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha; CSI – An Ciste Slándála Inmheánaí; CREATIVEEU – Clár Eoraip na Cruthaitheachta; CBT – an comhbheartas talmhaíochta; CEMID – An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe; NASCACHT SHLÁN - Clár an Aontais um Nascacht Shlán; TSI – Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil; ESC – an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; OCT – An Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear leis an nGraonlainn; CEARTA – an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; TCC – pobal Turcach na Cipire; EDF – an Ciste Eorpach Cosanta.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Rannchuidíonn beagnach gach clár buiséid de chuid an Aontais leis an aistriú digiteach. I ngeall ar theorainneacha sonraí, áfach, ní fhéadfaí caiteachas a bhaineann leis an digitiú don tréimhse 2021-2024 a rianú ach amháin le haghaidh 31 cheann de na 53 chlár caiteachais a cuireadh chun feidhme in 2024. Tháinig an tSaoráid don Úcráin agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar i bhfeidhm in 2024. Ós rud é nár tosaíodh ar chun feidhme na n-oibríochtaí faoin dá chlár sin go dtí an dara leath den bhliain, níor áiríodh i gcleachtadh tuairiscithe na bliana seo gealltanais bhuiséadacha a rannchuidíonn leis an aistriú digiteach.
Maidir le díriú téamach, d’fhéadfaí 89 % den chaiteachas digiteach tuairiscithe i mbliana a chur i leith na gceithre chatagóir den chompás digiteach. Tá iarrachtaí nach beag á ndéanamh chun tacú le digitiú seirbhísí poiblí (go háirithe réitigh TFC rialtais, ríomhsheirbhísí agus feidhmchláir, agus digitiú cúraim sláinte) agus le digitiú gnólachtaí, agus tacaíocht láidir á tabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá tuilleadh eolais le fáil sna ranna seo a leanas.
Ranníocaíochtaí measta leis an aistriú digiteach de réir príomhghnéithe digiteacha (2021-2024) (*)
(*) Lena n-áirítear NextGenerationEU, i mbilliúin EUR.
NB: Ní fhéadfaí gach clár a chur san áireamh i ngeall ar theorainneacha modheolaíochta. D’fhéadfaí thart ar 89 % den chaiteachas tuairiscithe a imdhealú sna catagóirí thuas.
Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar chleachtadh athbhreithniúcháin 2025.
Digitiú gnólachtaí agus seirbhísí poiblí
Ranníocann buiséad an Aontais (lena n-áirítear NextGenerationEU) go mór le digitiú na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí. Is iad na meastacháin le haghaidh 2021 go 2024 gur tiomnaíodh EUR 61,0 billiún de bhuiséad an Aontais chun tacú le ríomhsheirbhísí rialtais (lena n-áirítear digitiú córas sláinte agus ceartais) agus EUR 40,3 billiún chun tacú le digitiú gnólachtaí. Is ranníocóirí tábhachtacha leis an infheistíocht sin iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Ó 2021 go 2024, úsáideadh 11.6 % de na méideanna ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe chun idirghabhálacha lena gcuirtear an t-aistriú digiteach chun cinn a mhaoiniú, go háirithe chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le seirbhísí poiblí.
Ranníocaíochtaí measta bhuiséad an Aontais le digitiú seirbhísí poiblí (2021-2024) (*)
(*) Lena n-áirítear NextGenerationEU.
NB: Is toradh iad na méideanna sin ar an athbhreithniú a rinneadh le haghaidh 2021 go 2024 agus, i ngeall ar theorainneacha modheolaíochta, ní áirítear iontu na cláir gníomhaíochta seachtraí ná an comhbheartas talmhaíochta.
Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar chleachtadh athbhreithniúcháin 2025.
Tacú le forbairt agus cur in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus taighde
Ó 2021 go 2024, léiríonn meastacháin gur ranníoc an tAontas EUR 27,7 billiún le hinfheistíocht in acmhainneachtaí digiteacha agus le cur in úsáid ardteicneolaíochtaí, agus EUR 4,7 billiún le taighde. Tá na figiúirí sin níos ísle ná na figiúirí a tuairiscíodh le linn na dtimthriallta tuairiscithe deireanacha, go príomha i ngeall ar mhodheolaíocht nuashonraithe a cuireadh i bhfeidhm faoin gclár Fís Eorpach. Níl na figiúirí sin críochnaitheach go fóill agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar a bheidh tuilleadh faisnéise ó thionscadail chistithe ar fáil.
Is iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an clár Fís Eorpach, clár spáis an Aontais, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Sásra um Aistriú Cóir agus an clár don Eoraip Dhigiteach na príomhchláir rannchuidithe i dtreo infheistíocht in acmhainneachtaí digiteacha agus cur in úsáid ardteicneolaíochtaí agus taighde.
Infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha
Ó 2021 go 2024, chuir buiséad an Aontais, lena n-áirítear NextGenerationEU, go mór le bunscileanna agus ardscileanna digiteacha araon, agus meastar go ndearnadh infheistíocht EUR 29,6 billiún san iomlán. Chomh maith le tacú le forbairt scileanna digiteacha ar gach leibhéal, mar aon le seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus feidhmchláir le haghaidh scileanna digiteacha agus cuimsiú digiteach, cuireadh béim ar leith ar a bheith ag tacú le daoine óga. Is iad na príomhchláir a rannchuidíonn leis an ngné sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 23,6 billiún) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (EUR 3,8 billiún), lena soláthraítear tacaíocht um fhostaíocht don aos óg agus um lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga.
An nascacht dhigiteach a fheabhsú
Tá buiséad an Aontais, lena n-áirítear NextGenerationEU, ag rannchuidiú le nascacht dhigiteach a fheabhsú, rud a thabharfaidh deiseanna nua do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as an margadh aonair digiteach agus a chuirfidh dlús leis an bhfás eacnamaíoch. Idir 2021 agus 2024, meastar gur bhain infheistíocht sa nascacht dhigiteach, lena n-áirítear infheistíocht i líonraí leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta agus cumhdach líonra 5G, EUR 22,1 billiún amach. Is iad na príomhchláir a rannchuidíonn leis sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 13,3 billiún), cistí beartais comhtháthaithe (EUR 1,2 billiún) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Tá ról tábhachtach ag an gcomhbheartas talmhaíochta maidir le feabhas a chur ar rochtain ar leathanbhanda i limistéir thuaithe, trí thacaíocht a thabhairt do bhonneagar leathanbhanda agus rochtain fheabhsaithe ar ríomhsheirbhísí rialtais. Léiríonn na chéad torthaí ar chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta go ndeachaigh rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí agus ar bhonneagar chun tairbhe do bheagnach 8 % de dhaonra na tuaithe a bhuí le tacaíocht ón gclár.
Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chruthaigh croí-líonraí imscartha, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, 5 0 teirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise. Dámhadh EUR 500 milliún san iomlán ar 43 thionscadal chun tacú le digitiú an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, go háirithe trína bheith ag tacú le teicneolaíocht an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid. Tá sé d’aidhm ag an gclár freisin eangacha fuinnimh a nuachóiriú agus bonneagar nascachta digití a chur in úsáid chun tacú le haistriú digiteach an Aontais. Go sonrach, tacóidh an clár le córais 5G agus líonraí digiteacha ardacmhainneachta a chur in úsáid chun earnálacha éagsúla a athrú ó bhonn, lena n-áirítear cúram sláinte, oideachas agus monaraíocht. Feabhsóidh sé sin an ullmhacht dhigiteach, an t-iomaíochas agus an chuimsitheacht, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, agus rannchuideoidh sé le téarnamh agus fás eacnamaíoch an Aontais.
Rinne an Ciste Eorpach Infheistíochta EUR 3,64 billiún a leithdháileadh chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide sa nuálaíocht agus sa digitiú trí ráthaíocht thiomnaithe a dtacaíonn an clár InvestEU léi. Tacaíonn an ráthaíocht sin le hiarrachtaí éagsúla digitithe, lena n-áirítear samhlacha gnó nuálacha agus sealbhú scileanna digiteacha. Ina theannta sin, le táirge cothromais an chiste le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide agus taighde, áirítear fotháirge a thacaíonn go sonrach le hinfheistíocht i réitigh thionsclaíocha dhigiteacha, chultúrtha agus chruthaitheacha.
An dá aistriú: sineirgí a shaothrú
Tá an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach fite fuaite ina chéile, rud a d’fhéadfadh sineirgí móra a chruthú. Tá buiséad an Aontais ríthábhachtach sa phróiseas sin, agus é ag gníomhú mar phríomhchumasóir chun leas a bhaint as na sineirgí sin. Soláthraíonn sé an tacaíocht airgeadais is gá le haghaidh tionscnaimh atá ailínithe le cuspóirí an dá aistriú, agus ar an gcaoi sin áirithítear gur féidir na tairbhí féideartha a bhaint amach ina n-iomláine. Tugtar samplaí léiritheacha sa tábla thíos de roinnt de na sineirgí atá á mbaint amach le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais.
|
•Leis an tionscadal TwinPolitics, arna mhaoiniú ag an gclár Fís Eorpach, fiosraítear na dúshláin shochtheicniúla a bhaineann le leathchúpla digiteach den aigéan a chruthú chun cabhrú leis an maolú ar an athrú aeráide agus le bainistiú sonraí aigéin. Tacaíonn an tionscnamh sin le cinnteoireacht eolasach chun muirthimpeallachtaí a chosaint.
•Trína bheith ag tacú le heangacha cliste, amhail iad siúd faoi shraith fuinnimh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, rannchuidítear leis an bhforbairt inbhuanaithe trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú agus eangacha cliste fuinnimh a fhorbairt. Sampla de sin is ea críochnú ceann de na línte inmheánacha atá ina cuid den idirnasc idir an Fhionlainn agus an tSualainn, arb é is aidhm dó an acmhainneacht tarchurtha idir na Ballstáit a mhéadú.
•Ina theannta sin, cuireadh cistí beartais comhtháthaithe dar luach EUR 5 billiún in áirithe le haghaidh na n-infheistíochtaí i gcórais chliste fuinnimh trí chlárthréimhse 2021-2027 ina iomláine, ar leithdháileadh EUR 1,44 billiún de sin ar thionscadail roghnaithe as ar cheart go leanfaidh 1,94 milliún breise d’úsáideoirí deiridh a bheidh ceangailte leis na córais chliste fuinnimh.
•Mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais cleachtais talmhaíochta agus forbairt tuaithe a nuachóiriú agus a nuáil faoin gcomhbheartas talmhaíochta, rannchuidíonn an tacaíocht do chur chun feidhme teicneolaíochtaí digiteacha, amhail feirmeoireacht bheacht, le sprioc an Aontais go mbeidh an earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe.
•Tacaíonn córas satailíte Galileo an Aontais le príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin le haghaidh an iompair chliste agus inbhuanaithe, agus go háirithe le haghaidh tiomáint nasctha agus uathrialaitheach. Maidir le hiompar de bhóthar, is é an toradh a bhíonn ar sheirbhísí loingseoireachta agus suite ó Galileo a úsáid raon feidhmeanna nuálacha lena gcumasaítear soghluaisteacht chliste agus digitiú iompair ilmhódaigh le bealaí taistil barrfheabhsaithe, rud a fhágann gur féidir astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú. San aeriompar, trí Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí a úsáid chun bealaí eitilte a shainiú go héifeachtúil, cuidítear le hídiú breosla agus astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú.
|
Buiséad an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe
Cad a dhéanaimid?
Le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, ina bhfuil 17 sprioc forbartha inbhuanaithe agus 169 sprioc eile, tugadh spreagadh nua d’iarrachtaí domhanda chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Bhí ról tábhachtach ag an Aontas maidir leis an gclár oibre a mhúnlú, trí chomhairliúcháin phoiblí, trí idirphlé le comhpháirtithe agus trí ghrinntaighde. Tá an tAontas tiomanta do ról gníomhach a bheith aige chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe a uasmhéadú, mar a leagtar amach, mar shampla, sa teachtaireacht ón gCoimisiún Next steps for a sustainable European future [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip], sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Delivering on the UN’s Sustainable Development Goals – A comprehensive approach [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – Cur chuige cuimsitheach] agus sa chéad athbhreithniú deonach riamh de chuid an Aontais ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh an 15 Bealtaine 2023. Thairis sin, foilsíonn Eurostat tuarascáil gach bliain lena ndéantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i gcomhthéacs an Aontais.
Faoi stiúir an Uachtaráin von der Leyen, choinnigh an Coimisiún a aird dírithe go comhsheasmhach ar spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a ghnóthú ar fud a chuid oibre. Ó bhí 2020 ann, tugadh isteach roinnt mórthionscnaimh bheartais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, an Dlí Aeráide, agus plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 2023. Áirítear ar na bearta is déanaí an comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan, Suirbhé Bliantúil 2025 don Fhás Inbhuanaithe, an Clár Oibre Eorpach nuashonraithe um Scileanna, agus an compás iomaíochais.
I gcomhréir le teachtaireacht 2021 ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre um rialáil níos fearr agus cuspóirí an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, rinne an Coimisiún comhtháthú na spriocanna forbartha inbhuanaithe i dtimthriall beartais agus buiséadach an Aontais a neartú a thuilleadh. Ar an iomlán, áirithítear leis an bpríomhshruthú sin go ndéanfar measúnú ar na mórthograí reachtacha agus airgeadais uile i ndáil lena rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, rud a threisíonn tiomantas an Aontais don inbhuanaitheacht, don fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus do cheapadh beartas fianaisebhunaithe.
Chuige sin, ó bhí 2021 ann, tá na spriocanna forbartha inbhuanaithe ábhartha le haghaidh gach togra á sainaithint go córasach ag an gCoimisiún agus tá scrúdú á dhéanamh aige ar an gcaoi a dtacaíonn an tionscnamh lena mbaint amach. Ina theannta sin, beidh naisc leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe san áireamh i meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair.
Ar leibhéal an Aontais, tugtar aghaidh ar dhúshláin na forbartha inbhuanaithe trí bheartais agus ionstraimí rialála. A mhéid a bhaineann le beartais, rannchuidíonn buiséad an Aontais go mór leis an bhforbairt inbhuanaithe trína chláir chaiteachais trí na buiséid náisiúnta a chomhlánú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé d’aidhm ag dearadh agus cur chun feidhme chláir chaiteachais an Aontais na cuspóirí i ngach réimse beartais a bhaint amach, agus an inbhuanaitheacht á cur chun cinn an tráth céanna trí thionscnaimh agus idirghabhálacha na gclár ábhartha ar bhealach nasctha comhsheasmhach. Go sonrach, rannchuidigh 47 gceann den 52 chlár caiteachais atá ag an Aontas le haghaidh 2021-2027 le sprioc forbartha inbhuanaithe amháin ar a laghad a bhaint amach in 2024.
Líon na gclár 2021-2027 a rannchuidíonn le spriocanna forbartha inbhuanaithe aonair
in 2024
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
I bhfianaise chineál cothrománach na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus chun cur chuige iomlánaíoch i leith forbairt inbhuanaithe a áirithiú, rannchuidíonn 99 % de bhuiséad an Aontais le spriocanna forbartha inbhuanaithe. Ina theannta sin, tá formhór mór chláir 2021-2027 (42 as 52) ceaptha aghaidh a thabhairt ar spriocanna forbartha inbhuanaithe iomadúla trína mbearta beartais. Sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo), cuireann an Coimisiún i láthair na spriocanna forbartha inbhuanaithe a rannchuidíonn gach clár cistiúcháin de chuid an Aontais leo, mar aon le samplaí dá rannchuidiú. Tugtar samplaí sa ghrafaic faisnéise thíos a léiríonn, ar bhealach neamh-uileghabhálach, an chaoi a rannchuidíonn cláir an Aontais leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe.
Leis an bhfoilseachán ó 2023 dar teideal EU voluntary review on the implementation of the 2030 Agenda for Sustainable Development [Athbhreithniú deonach an Aontais ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe], agus le Sustainable Development in the European Union – Monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context – 2024 edition [An Fhorbairt Inbhuanaithe san Aontas Eorpach – Tuarascáil faireacháin ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais], athdhearbhaíodh go bhfuil buiséad an Aontais Eorpaigh ina spreagthóir tábhachtach chun dul chun cinn substaintiúil a bhaint amach i dtaca le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (
). Ag féachaint chun cinn, threisigh an tAontas a thiomantas maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú agus a thuairisciú go córasach ar fud chláir ábhartha uile an Aontais, lena n-áirithítear comhleanúnachas beartais agus neart marthanach fáis i dtreo na spriocanna uile a bhaint amach.
|
|
Sa tSeicia, tá Ciste Sóisialta na hEorpa Plus ag cuidiú le daoine atá i ngátar a saol a atógáil, agus dídean a fháil dóibh féin mar thús. Tríd an tionscnamh tithíochta sóisialta, is féidir le daoine aonair agus teaghlaigh atá i ngátar rochtain a fháil ar phointí tithíochta tiomnaithe i gcathair Ostrava, agus tugann oibrithe sóisialta cuairteanna tráthrialta ar na cónaitheoirí nua chun cobhsaíocht a áirithiú. Tá ardráta rathúlachta ag an tacaíocht leanúnach sin, agus fanann an staid tithíochta ag níos mó ná 85 % de na rannpháirtithe cobhsaí. Is iomaí duine a bhfuil a saol athraithe cheana féin ag cur chuige réamhghníomhach na cathrach, agus tairbhíonn 59 dteaghlach de thithíocht agus den bhraistint go bhfuil deiseanna acu arís.
|
|
In Éimin, sheachain cistiú daonnúil ón Aontas géarchéim thromchúiseach slándála bia agus níor bhuail gorta aon cheann de cheantair na tíre in 2024. Thacaigh EUR 30 milliún le cúnamh éigeandála an Chláir Dhomhanda Bia a thosú arís i limistéir atá faoi rialú ag na húdaráis de facto, tar éis do dháiltí ginearálta bia a bheith ar sos ar feadh beagnach 1 bhliain amháin. I gcomhthéacs na n-acmhainní teoranta sin, bhí Cuibhreannas Airgid Éimin ina phríomh-chomhpháirtí ag an Aontas i gcónaí. Bhí níos mó ná leathmhilliún duine in ann freastal ar a mbunriachtanais agus ar a riachtanais bia a bhuí leis an gcúnamh airgid ilchuspóireach a thug an cuibhreannas.
|
|
|
Leis an gclár EU4health, rinneadh bearta in 2024 chun an tionscnamh ‘Healthier Together’, Plean Sáraithe Ailse na hEorpa agus tionscnaimh mheabhairshláinte a chur chun feidhme, agus chun aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí riosca sláinte agus ar thosca sláinte roghnaithe. Chomh maith leis sin, chistigh an clár bearta lena dtugtar treoraíocht chun feabhas a chur ar an rochtain ar chúram sláinte.
|
|
Leis an tionscadal ‘Share the music for inclusive learning in education’, arna mhaoiniú ag Erasmus+, tacaíodh le múinteoirí trí chreat praiticiúil a sholáthar agus trína léiriú cén dea-chleachtas maidir le cuimsiú agus éagsúlacht san oideachas a bhainistiú. Is é an phríomhsprioc atá aige eolas nua, príomhinniúlachtaí agus ábhair oideachais atá réidh le húsáid a chur ar fáil do mhúinteoirí réamh-bhunscoile agus bunscoile chun úsáid éifeachtach a bhaint as an gceol mar uirlis oideolaíoch le haghaidh oideachas cuimsitheach. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal cuidiú le múinteoirí a scileanna sóisialta agus digiteacha a fhorbairt trína stór digiteach agus trína acmhainní oiliúna ar líne.
|
|
|
In 2024, faoin tSaoráid don Úcráin, ghlac an Úcráin an straitéis nua um fhorbairt dhéimeagrafach go dtí 2040. Sa dlí nua maidir le rialachas corparáideach fiontar faoi úinéireacht stáit, agus sa straitéis náisiúnta maidir le gníomhaíocht mhianadóireachta suas le 2033, áirítear freisin bearta lena spreagtar comhionannas inscne.
|
|
Faoi dheireadh 2024, bhí an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tar éis tacú le tógáil nó atógáil 517 km ar a laghad den líonra soláthair uisce phoiblí sa Chróit.
|
|
|
Sa Pholainn, chuidigh an Ciste um Aistriú Cóir le billí fuinnimh a laghdú agus chuir sé ar a gcumas do shaoránaigh tairbhiú d’fhoinsí fuinnimh cobhsaí éiceolaíocha inacmhainne. Rinne an ciste infheistíocht in Iarthar Małopolska in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh poiblí agus tithíochta, lena n-áirítear trína bheith ag tacú le hinsliú tí, suiteálacha díonta gréine agus teaschaidéil a shuiteáil. Rinne an ciste infheistíocht EUR 2,4 billiún sa tSiléis agus in Iarthar Małopolska.
|
|
Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, i réimse na fostaíochta agus an chuimsithe shóisialta, bhí 21 300 duine (ar mná iad 10 870 díobh) rannpháirteach sa scéim ráthaíochta don aos óg sa Mhacadóin Thuaidh in 2024. Ó tharla gur éirigh go tráthúil le 8 152 dhuine, bhí 6 672 dhuine fostaithe laistigh de 4 mhí ar theacht isteach dóibh, mar shampla, agus bhí 1 480 duine rannpháirteach i gceann de na cláir agus na bearta gníomhacha, mhéadaigh rath na scéime ráthaíochta don aos óg in 2024 go 38.2 %. Cuireadh chun feidhme an plean oibríochtúil le haghaidh cláir agus bearta gníomhacha fostaíochta agus seirbhísí margaidh saothair, chomh maith leis an scéim ráthaíochta don aos óg, lena gcumhdaítear 11 194 dhuine, go háirithe daoine óga. Ba mhná iad 47.4 % díobh siúd a thairbhigh de bhearta gníomhacha fostaíochta, ba dhaoine faoi mhíchumas iad 1.5 % díobh, ba dhaoine óga iad 67.7 % díobh agus ba Romaigh iad 4.4 % díobh.
|
|
|
Tríd an gclár Fís Eorpach, cuidíonn an chomhpháirtíocht Eorpach maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide nuálacha le gnólachtaí nuálacha a n-acmhainneacht agus a dtáirgiúlacht taighde agus nuálaíochta a mhéadú agus iad féin a leabú go rathúil i slabhraí luacha domhanda agus i margaí nua.
|
|
Faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, tá céim 7 den chlár forbartha cosanta réigiúnaí don Afraic Thuaidh ar siúl ó 2025 go 2028 lena ngabhann buiséad (uasmhéid deontais AE) EUR 37,5 milliún. Is é príomhchuspóir na gníomhaíochta atá beartaithe tacú le tíortha neamh-AE san Afraic Thuaidh agus ar fud bhealach imirce an Atlantaigh agus na Meánmhara chun a gcórais imirce agus tearmainn a chomhdhlúthú agus chun cur lena n-acmhainneacht réitigh leordhóthanacha mharthanacha a sholáthar maidir le glacadh agus cosaint imirceach leochaileach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe.
|
|
|
Le tionscadal SeedNEB de chuid an chláir LIFE, cuireadh i bhfeidhm réitigh ó Bauhaus Eorpach Nua agus réitigh dhúlrabhunaithe i dtrí bhardas: Dunaújváros, an Ungáir; Potenza na hIodáile agus Lorquí, an Spáinn. Leis an tionscadal, léireofar straitéisí uirbeacha agus idirghabhálacha ar an láthair bunaithe ar an dúlra amhail díonta agus aghaidheanna glasa. Leis na straitéisí agus na hidirghabhálacha sin, is féidir an bhithéagsúlacht a chothú, tionchar tonnta teasa a laghdú agus feabhas a chur ar fholláine na gcónaitheoirí.
|
|
Faoi dheireadh 2024, thacaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le Málta caighdeáin tionscail tógála a ghlacadh chun dramhaíl a laghdú agus feabhas a chur ar a cóireáil de réir ord na réiteach dramhaíola.
|
|
|
Tá an Ciste don Nuálaíocht ceaptha chun freagairt don sprioc sin agus gníomhú go práinneach chun an t-athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac. Suiteálfaidh an tionscadal Grey2Green-II leictrealóir 200 MW chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh. Ar an gcuma chéanna, is é is aidhm do eMETHANOLxWSolution – soitheach tancaeir den chéad ghlúin eile a chumhachtaítear le leictrimheatánól agus tiomáint ghaothchuidithe aige – rannchuidiú le dícharbónú an tionscail mhuirí trí mheascán nuálach de sheolta súite infhillte agus inneall débhreosla a léiriú le haghaidh soitheach tancaeir hibrideach nua.
|
|
Cuireann eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí chun cinn trí fheabhas a chur ar bhearta bainistíochta a ghlactar de réir comhairle eolaíoch agus trí stoic shláintiúla tuinníní a chur chun cinn san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, agus tríd an gcreat rialachais a bhunaítear le comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe arna ndéanamh le roinnt tíortha nach de chuid an Aontais iad.
|
|
|
Tá EUR 9,5 billiún beartaithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tacú leis an sprioc sin. Mar shampla, is é is aidhm don tionscadal ARIEM+ tacú le réigiúin i dtuaisceart na Portaingéile agus na Spáinne ina bhfuil beagnach 1 mhilliún heicteár talún scriosta ag falscaithe le 5 bliana anuas. Bainistítear an tionscadal ó ionad éigeandála i réigiún na Gailíse, i gcomhar le réigiún na Caistíle agus León agus Tuaisceart na Portaingéile, agus tá plean éigeandála cruthaithe aige chun mórthubaistí amhail tuilte, stoirmeacha troma agus falscaithe a chosc agus chun freagairt dóibh. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal go dtairbheoidh thart ar 600 000 duine de. Trí chumarsáid chomhordaithe, oiliúint agus trealamh teicneolaíochta nua, beidh an Spáinn agus an Phortaingéil in ann teacht le chéile anois i gcás éigeandála. Ba iad cistí beartais comhtháthaithe a sholáthair 75 % de bhuiséad EUR 4 mhilliún atá ag ARIEM+, agus chistigh réigiúin na Gailíse, na Caistíle agus León agus Thuaisceart na Portaingéile an chuid eile.
|
|
Rannchuidíonn bearta an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála le caomhnú na síochána, cosc coinbhleachtaí, neartú na slándála idirnáisiúnta agus comhdhlúthú an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine, agus leis an tacaíocht don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine, trí chomhairle a thabhairt maidir le hathchóirithe ar an earnáil slándála, maidir leis an smacht reachta agus maidir le bainistiú teorainneacha agus trí acmhainneacht a fhorbairt ina leith, trína bheith ag tacú le tionscnaimh idirghabhála agus réitigh coinbhleachta nó trína bheith ag tacú le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach conarthaí agus coinbhinsiún idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar leathadh arm ollscriosta nó gnáth-armán.
|
|
|
Tá clár Spáis an Aontais, go háirithe trí sheirbhísí Copernicus, tar éis comhpháirtíochtaí iomadúla a fhorbairt ar an leibhéal domhanda, réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil le páirtithe leasmhara institiúideacha, neamhrialtasacha agus príobháideacha.
|
4. An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip
Réamhrá
Bhunaigh an tAontas an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) (
) mar chuid dá fhreagairt ar an ngéarghá atá le bonn taca a chur faoina cheannaireacht theicneolaíoch agus a athléimneacht in earnálacha straitéiseacha a fheabhsú.
Bunaíodh an t-ardán chun acmhainní airgeadais an Aontais a stiúradh i dtreo an dá chuspóir seo a leanas a bhaint amach (féach Airteagal 2 den
Rialachán maidir le STEP
).
1.Tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla ar fud an Aontais, nó a slabhraí luacha faoi seach a chosaint agus a neartú, sna hearnálacha seo a leanas: teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochta doimhne, teicneolaíochtaí agus bith-theicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.
2.Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna ar fud na dtionscal straitéiseach sin, lena n-áirithítear go bhfuil an lucht saothair is gá ag an Eoraip le haghaidh nuálaíochta agus táirgeadh.
I bhfianaise an ionchais go mbeidh an buiséad faoi shrianta dochta, feidhmíonn STEP de réir cur chuige úrnua trí acmhainní ó 11 chlár AE atá ann cheana, lena n-áirítear iad seo a leanas, a athstiúradh i dtreo infheistíocht atá ábhartha do STEP:
•cúig chlár atá á mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún don mhargadh inmheánach (an clár Fís Eorpach, an Ciste don Nuálaíocht, an Ciste Eorpach Cosanta, an clár don Eoraip dhigiteach agus an clár EU4health);
•cúig chlár arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ach atá fós á gcistiú ag an Aontas trí imchlúdaigh náisiúnta (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta);
•clár amháin (InvestEU) arna chur chun feidhme ag comhpháirtithe an Choimisiúin (e.g. an Banc Eorpach Infheistíochta, bainc forbartha náisiúnta eile).
Bhí atreisiú buiséadach EUR 1,5 billiún ag gabháil le STEP freisin go sonrach le haghaidh tionscadail a bhaineann le STEP a gheobhaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta.
Is é príomhuirlis cur chun feidhme STEP athchlárú na gclár cistiúcháin de chuid an Aontais a luaitear, a fhaigheann tacaíocht i gcásanna áirithe ó dhreasachtaí airgeadais. Áirítear orthu sin bearta sonracha chun na Ballstáit a spreagadh chun acmhainní beartais comhtháthaithe a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí/cuspóirí STEP. Le hAirteagal 19 den Rialachán maidir le STEP, ceadaíodh freisin méadú 6 % ar aistrithe ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chuig urranna na mBallstát den Chiste InvestEU má tá sé beartaithe go gcisteoidh siad sin tionscadail atá ábhartha do STEP.
A mhéid a bhaineann leis na cúig chiste atá á mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún (i.e. ‘bainistíocht dhíreach’) faoi shainchúram STEP, thug an Rialachán maidir le STEP lipéad cáilíochta nua isteach ina leith, is é sin an Séala Ceannasachta. Tá sé sin le dámhachtain ag an gCoimisiún ar thionscadail ardchaighdeáin a thagann le cuspóirí STEP. Is é is cuspóir dó cuidiú leis na tionscadail sin infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhealladh, i.e. trí chistiú carnach nó malartach a éascú ar fud na gclár cistiúcháin de chuid an Aontais. In 2024 bhronn an Coimisiún 162 Shéala Ceannasachta ar an iomlán faoi chúig thopaic de chuid an Chiste don Nuálaíocht (149), faoi dhá thopaic de chuid an chláir Fís Eorpach (Colún II – Spás) (6) agus faoi thrí thopaic de chuid an chláir EU4health (7).
Forbhreathnú ar 11 chlár STEP
|
5 CHLÁR AE
Cistiú agus Séala Ceannasachta arna dhámhachtain
ag an gCoimisiún
|
Dámhachtain an tSéala Ceannasachta
MEARCHONAIR TIONSCADAL I dTREO CISTIÚ EILE
|
6 CHLÁR AE
Cistiú arna leithdháileadh ag na Ballstáit agus ag institiúidí airgeadais (e.g. BEI)
|
|
Fís Eorpach
|
EU4Health
|
|
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
|
An Ciste Comhtháthaithe
|
|
An Ciste don Nuálaíocht
|
An Ciste Eorpach Cosanta
|
|
Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
|
An Ciste um Aistriú Cóir
|
|
An clár don Eoraip Dhigiteach
|
|
|
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (*)
|
InvestEU (**)
|
(*) Clár feidhmíochtbhunaithe arna bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus arna chur chun feidhme ag na Ballstáit.
(**) Arna chur chun feidhme trí ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus trí chomhpháirtithe cur chun feidhme eile – níor dámhadh an séala air.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Ina theannta sin, ceanglaíodh leis an Rialachán maidir le STEP go seolfaí Tairseach (Cheannasachta) STEP (
) chun simpliú a dhéanamh ar an rochtain atá ag tionscnóirí tionscadail ar fhaisnéis chomhtháite maidir le deiseanna cistithe ón Aontas, agus ar an gcaoi sin an ilroinnt atá ann faoi láthair a shárú idir suíomhanna gréasáin agus ardáin éagsúla. Chomh maith le faisnéis a sholáthar do thionscnóirí tionscadail maidir le deiseanna ábhartha cistithe ón Aontas ar fud chláir chistiúcháin uile an Aontais atá faoi shainchúram STEP (i.e. lena n-áirítear iad siúd arna bhfoilsiú ag údaráis bhainistíochta sna Ballstáit), soláthraíonn an mol nua seo de chuid an Choimisiúin faisnéis úsáideach d’údaráis bhainistíochta agus d’infheisteoirí príobháideacha, lena n-áirítear mar shampla deais de na tionscadail ar dámhadh Séala STEP orthu agus léarscáil idirghníomhach, mar aon le doiciméid éagsúla treoraíochta agus léirmhínithe.
Ar deireadh, tacaítear le cur chun feidhme STEP lasmuigh den Choimisiún trí líonra de phointí teagmhála náisiúnta STEP, arna gceapadh ag na Ballstáit uile (seachas Éire) agus faoi chathaoirleacht an Stiúrthóra um Ioncam agus um an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, ar stiúrthóir de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um an mBuiséad é.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an Séala Ceannasachta, Tairseach STEP agus an líonra de phointí teagmhála náisiúnta, féach tuarascáil bhliantúil 2024 maidir le STEP.
Cistiú ón Aontas a stiúradh i dtreo teicneolaíochtaí straitéiseacha
Cláir faoi bhainistíocht dhíreach
Miondealú earnála ar na hacmhainní a cuireadh in áirithe le haghaidh STEP in 2024
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
D’ainneoin gur glacadh é leath bealaigh trí thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil, rinne an Coimisiún STEP a chur chun feidhme go pras agus cistí AE a athchlárú faoi na cúig chlár a bhainistíonn sé go díreach chun tacú le cuspóirí STEP ar fud an Aontais. Cé go saothraítear spriocanna níos leithne ná STEP leis na cláir sin, leithdháileadh níos mó ná EUR 4,6 billiún in 2024 ar ghlaonna ar thograí a fhreastalaíonn ar theicneolaíochtaí atá ábhartha do STEP. Faoi dheireadh na bliana, dámhadh níos mó ná EUR 4,9 billiún (
).
In 2024, le glao amháin ar thograí, díríodh go sonrach ar fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí in earnálacha atá ábhartha do STEP: na cláir oideachais speisialaithe i bpríomhréimsí acmhainneachta faoin gclár don Eoraip Dhigiteach.
An nuálaíocht ghlan a spreagadh
Teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, tá siad ar cheann de na príomhréimsí teicneolaíochta a ndírítear orthu le STEP, lena n-áirítear raon leathan nuálaíochtaí, ó theicneolaíochtaí in-athnuaite go breoslaí inbhuanaithe, gabháil carbóin, agus teicneolaíochtaí dícharbónaithe (
).
Ba é an Ciste don Nuálaíocht, arna chistiú ag an gcóras trádála astaíochtaí, an ranníocóir ba mhó le cuspóirí STEP. Mar thoradh ar a ghlaonna in 2024, dámhadh EUR 4,8 billiún de dheontais ar 85 thionscadal, lenar cumhdaíodh suas le 60 % de chostais chaipitil agus oibriúcháin. Ar na tionscnaimh dá dtugtar tacaíocht áiríodh táirgeadh ceimiceán bunaithe ar bhithmhais sa tSlóvaic (L1X), teirmeastóráil ar mórscála san Ostair (ScaleUp) agus stóráil dé-ocsaíde carbóin sa Danmhairg (Greensand Future). Fuair trí thionscadal trasteorann, lena n-áirítear Energy Observer 2, ar lastlong faoi thiomáint hidrigine í (an Fhrainc–an Ísiltír), EUR 150,6 milliún. Fuair eintitis atá bunaithe sa Ghearmáin agus sa Bheilg an cistiú ba mhó (EUR 661 mhilliún agus EUR 604 mhilliún, faoi seach), agus ina ndiaidh sin bhí an Fhrainc, an Spáinn agus an Danmhairg.
Dlús a chur le nuálaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochta doimhne
Cuireadh tacaíocht STEP do theicneolaíochtaí digiteacha agus doimhne ar fáil tríd an gclár Fís Eorpach, tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach agus tríd an gCiste Eorpach Cosanta in 2024, agus cuireadh EUR 461 mhilliún in áirithe chun tacú le ríomhaireacht shárfhorbartha, intleacht shaorga, cibearshlándáil, micrileictreonaic agus teicneolaíochtaí candamacha. Faoi dheireadh 2024 (
), ní raibh meastóireacht déanta go fóill ar iarratais ar na glaonna ar thopaicí a bhaineann leis an gCiste Eorpach Cosanta agus leis an gclár don Eoraip Dhigiteach (
). Roghnaíodh sé thionscadal faoin gclár Fís Eorpach, a fuair EUR 18,2 milliún san iomlán faoi Bhraisle 4 (‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’). Rinneadh cuibhreannais idir tíortha na tionscadail sin uile a chur chun cinn, lena n-áirítear rannpháirtithe ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad amhail an Íoslainn agus an Iorua. Ba iad eintitis ón bhFrainc agus ón nGearmáin a fuair na cistí ba mhó (EUR 9,6 milliún agus EUR 4,4 milliún, faoi seach). I measc samplaí de thionscadail tá an tionscadal maidir le gníomhaíochtaí soghluaisteachta uirbí a phleanáil, ar tionscadal comhair é idir tionscnóirí Gearmánacha, Francacha agus Iodálacha lena dtugtar aghaidh ar spleáchais straitéiseacha an Aontais i réimse na micrileictreonaice le haghaidh feidhmeanna spáis, agus OpticalSpaceLink, ina rachaidh eintitis ón mBeilg, ón nGearmáin, ón nGréig agus ón bhFrainc i gcomhar le chéile chun comhpháirteanna a fhorbairt le haghaidh cumarsáid optúil de ghrád spáis.
Bith-theicneolaíochtaí a chumhachtú
Maidir le bith-theicneolaíochtaí – atá ríthábhachtach don nuálaíocht leighis agus d’athléimneacht sláinte an Aontais – cuireadh buiséad is mó ná EUR 150 milliún de chistiú STEP in áirithe tríd an gclár EU4health agus tríd an gCiste Eorpach Cosanta, chun tacú le raon leathan réimsí ceannródaíocha, lena n-áirítear an ghéanómaíocht agus an chógasghéanómaíocht, sintéis DNA, innealtóireacht ceall agus fíochán, an bhithfhaisnéisíocht agus nanai-bhith-theicneolaíochtaí. Faoi dheireadh 2024, dámhadh EUR 130 milliún faoin gclár EU4health ar sheacht dtionscadal, i bhfoirm deontas lena gcumhdaítear idir 60 % agus 80 % dá gcostais incháilithe. Tionscadail iltairbhí a bhí gceithre cinn díobh, lena n-áirítear trí chuibhreannas idir tíortha. I measc na samplaí tá PharmSD 3.0 sa Phortaingéil a fhéachann le próiseas leanúnach spraethriomaithe cógaisíochta a fhorbairt agus RoboPharma, ar ardán é atá bunaithe ar intleacht shaorga agus róbataic arna fhorbairt ag comhpháirtithe ón nGearmáin, ón Eastóin, ón bhFrainc, ón bhFionlainn agus ón tSualainn. Bhí tairbhithe ón nGearmáin agus ón Iodáil chun cinn i dtéarmaí na ndeontas a dámhadh (EUR 47 milliún agus EUR 34 mhilliún, faoi seach), agus ina ndiaidh sin bhí an Fhrainc (EUR 19 milliún).
Cistí beartais comhtháthaithe
Tá an beartas comhtháthaithe tagtha chun cinn mar cheann de na nithe is mó a rannchuidíonn le cuspóirí STEP agus le hiomaíochas agus athléimneacht gheilleagar na hEorpa – rud atá suntasach go háirithe ó tharla gur seoladh STEP leath bealaigh tríd an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Bhí sé curtha in iúl cheana féin ag roinnt mhaith Ballstát go raibh rún acu cistí beartais comhtháthaithe a leithdháileadh ar STEP fiú sular glacadh an Rialachán maidir le STEP go foirmiúil.
Thug STEP roinnt modhanna solúbthachta agus dreasachtaí isteach don bheartas comhtháthaithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht go maoineofaí infheistíocht tháirgiúil i bhfiontair nach fiontair bheaga ná mheánmhéide iad faoi thosaíochtaí STEP Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, rátaí cómhaoinithe níos airde suas le 100 % ar leibhéal na tosaíochta atá tiomnaithe do STEP agus 30 % den leithdháileadh ar thosaíochtaí STEP arna íoc ag an gCoimisiún mar réamh-mhaoiniú aonuaire 30 % (
). Cuireadh isteach an chéad bhabhta d’iarrataí ar leasú cláir faoi spriocdháta an 31 Lúnasa 2024 chun go mbainfí leas as díolúine ón athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe in 2025. Faoi dheireadh mhí na Nollag 2024, chuir sé Bhallstát 41 leasú isteach, dar luach EUR 6,4 billiún de chistí beartais comhtháthaithe: EUR 4,8 billiún faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, EUR 838 milliún faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus EUR 764 mhilliún faoin gCiste um Aistriú Cóir. Tá coinne le tuilleadh leasuithe in 2025.
Méid airgeadais leasuithe STEP in aghaidh an Bhallstáit (leasuithe arna gcur isteach versus leasuithe arna nglacadh, in ord íslitheach de réir méide)
NB: I gcás cláir ag a bhfuil tosaíochtaí tiomnaithe nó méideanna aitheanta atá tiomnaithe don ardán bunaithe ar leithdháiltí ar réimsí idirghabhála, agus sna cásanna sin amháin.
Foinse: Tuairisciú ó na Ballstáit.
Anailís ar úsáid an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip sa bheartas comhtháthaithe
Ón 31 Nollaig 2024, d’fhormheas an Coimisiún 29 leasú dar luach beagnach EUR 5,9 billiún san iomlán iad. Formhór na hinfheistíochta a bhaineann le STEP, rinneadh togra lena n-aghaidh trí chláir réigiúnacha sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc agus san Iodáil – 23 de na 29 gclár fhormheasta – dar luach EUR 3,7 billiún iad. Ba é EUR 2,2 billiún a bhí sna sé chlár náisiúnta eile. Rud atá tábhachtach, ní chuireann clársceidealú ar an leibhéal náisiúnta bac ar réigiúin incháilithe tairbhiú de.
Is le haghaidh infheistíocht tháirgiúil thart ar 60 % de na leithdháiltí atreoraithe, agus le haghaidh forbairt scileanna agus taighde agus nuálaíochta 15 % díobh. Tacaíonn 10 % eile díobh le haistriú teicneolaíochta, goradh gnó, gnólachtaí nuathionscanta agus seirbhísí atá nasctha leis an ngeilleagar ísealcharbóin agus leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Laistigh d’infheistíocht tháirgiúil, tá na méideanna deighilte réasúnta cothrom ar fud earnálacha STEP, agus is mór an úsáid a bhaintear as solúbthacht Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nua chun fiontair nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad a mhaoiniú.
Méid airgeadais leasuithe STEP de réir earnála (i gcás cláir ag a bhfuil aiseanna tosaíochta tiomnaithe nó méideanna aitheanta atá tiomnaithe do STEP, agus sna cásanna sin amháin)
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Bunaithe ar na príomhtháscairí aschuir agus toraidh a roghnaigh na Ballstáit sna cláir leasaithe – agus i gcomhréir le cuspóirí STEP – tá coinne leis go rachaidh an infheistíocht sin chun tairbhe do thart ar 7 200 fiontar agus go gcruthóidh sí thart ar 9 800 post laistigh de na heintitis dá dtugtar tacaíocht.
Glao ar thograí faoin mbeartas comhtháthaithe agus tionscadail roghnaithe
Tar éis na chéad leasuithe STEP a fhormheas, d’fhoilsigh an Danmhairg agus an Ghearmáin (
) ceithre ghlao STEP (agus thuairiscigh siad don Choimisiún iad, mar a cheanglaítear leis an Rialachán maidir le STEP) faoi dheireadh 2024, dar luach EUR 244 mhilliún (
). Tá tionscadail roghnaithe cheana féin ag cúig Bhallstát – an Danmhairg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil – faoi STEP.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (arb é croílár NextGenerationEU é) agus an clár InvestEU
Chun tacú le glacadh tionscadal ar dámhadh Séala Ceannasachta orthu, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht nuashonraithe i mí Iúil 2024 lenar soiléiríodh an próiseas chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a leasú chun cuspóirí STEP a áireamh iontu. Choinnigh sé rannpháirtíocht thráthrialta le pointí teagmhála náisiúnta STEP agus le húdaráis náisiúnta i dtaca le pleananna téarnaimh agus athléimneachta ar bun freisin, agus roinn sé faisnéis ábhartha, lena n-áirítear an liosta de na Séalaí Ceannasachta a dámhadh i ngach tír.
Ón 31 Nollaig 2024, bhí cur chun feidhme STEP faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta fós teoranta. Go sonrach, níor leasaigh aon Bhallstát a phlean téarnaimh agus athléimneachta chun tosaíocht STEP a áireamh ann ná chun tacú le tionscadal ar dámhadh Séala Ceannasachta air ná níor leithdháil aon Bhallstát acmhainní de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar urrann an Bhallstáit den Chiste InvestEU le haghaidh infheistíocht atá ábhartha do STEP (
).
Iarscríbhinn 2 – Rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais
1.Uirlisí láidre chun buiséad an Aontais a bhainistiú i dtimpeallacht chasta
Ní mór don Choimisiún Eorpach a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le beartais an Aontais Eorpaigh a mhúnlú agus a chur chun feidhme agus, an tráth céanna, an úsáid is fearr is féidir a bhaint as airgead na gcáiníocóirí. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach a áirithiú go bhfuil caiteachas an Aontais éifeachtach, éifeachtúil agus barainneach, agus go gcomhlíontar na rialacha is infheidhme an tráth céanna. Déanann an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin is airde bainistíochta airgeadais a bhaint amach agus an chothromaíocht cheart á baint amach idir leibhéal íseal earráide, íocaíochtaí prasa agus costais rialaithe réasúnta.
2.Buiséad an Aontais Eorpaigh: éagsúlacht leathan réimsí, faighteoirí agus caiteachais i dtimpeallacht chasta
In 2024 ba é EUR 179,0 billiún an caiteachas arna bhainistiú ag an gCoimisiún (féach na figiúirí thíos) (
). Cuimsítear leis sin an sciar de bhuiséad an Aontais arna bhainistiú ag an gCoimisiún, mar aon leis an gCiste Eorpach Forbraíochta (
) agus cistí iontaobhais an Aontais. Is é a bhí sa chaiteachas sin níos mó ná 296 000 íocaíocht, idir cúpla céad euro in aghaidh an tairbhí (i gcás deontais soghluaisteachta faoi Erasmus+) agus na céadta milliún euro (i gcás tionscadail mhóra amhail imoibreoir teirmeanúicléach ITER nó Galileo agus Copernicus, mar aon le tacaíocht bhuiséadach do thíortha comhpháirtíochta) agus fiú na billiúin euro (i gcás na Saoráide don Úcráin). Léiríonn sé sin go bhfuil faighteoirí cistí AE an-éagsúil agus an-iomadúil. Baineann an caiteachas sin le clárthréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 araon. In 2024, thosaigh an líon íocaíochtaí a bhaineann leis an dara ceann ag méadú, agus tá coinne leis go sroichfidh sé leibhéil nach beag sna blianta amach romhainn.
Caiteachas ábhartha bhuiséad an Aontais arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún in 2024, de réir réimse beartais
|
Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
|
Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
Acmhainní Nádúrtha agus Comhshaol
|
Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
Slándáil agus Cosaint
|
An Chomharsanacht agus an Domhan
|
Riarachán Poiblí Eorpach
EUR 11,6 billiún (6,5 %)
|
|
EUR 24,2 billiún (13,5 %)
|
EUR 62,0 billiún (34,6 %)
|
EUR 57,4 billiún (32,0 %)
|
EUR 3,5 billiún (2,0 %)
|
EUR 0,3 billiún (0,2 %)
|
EUR 20,0 billiún (11,2 %)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Síníodh níos mó ná 4 500 deontas faoin gclár Fís Eorpach in 2024.
|
Tugadh tacaíocht do thart ar 4,4 milliún fiontar agus tá beagnach 63 mhilliún duine faoi chumhdach seirbhísí sláinte feabhsaithe ó bhí 2014 ann.
|
Thacaigh cistí talmhaíochta le thart ar 5,7 milliún tairbhí faoi scéimeanna éagsúla in 2024.
|
Athlonnaíodh 4 971 náisiúnach tríú tír faoi scéimeanna de chuid an Aontais in 2024.
|
Dhámh an Ciste Eorpach Cosanta tacaíocht iomlán EUR 1,12 billiún ón Aontas ar 61 thionscadal um chomhar tionsclaíoch i réimse na cosanta faoi mhí na Nollag 2024.
|
Cabhair dhaonnúil, forbairt inbhuanaithe, cobhsaíocht agus comhar eacnamaíoch agus polaitiúil an Aontais le 130 tríú tír ar fud an domhain.
|
|
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh.
Faoi bhuiséad an Aontais, ba é a bhí ar an sciar is mó den chaiteachas iomlán an bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit (go háirithe caiteachas ar an mbeartas comhtháthaithe agus ar thalmhaíocht), inar roghnaigh comhlachtaí na mBallstát tionscadail, inar dháil siad cistí agus inar bhainistigh siad caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus inar thuairiscigh siad ar ais don Choimisiún faoi na torthaí a baineadh amach. Chuir an Coimisiún an chuid eile den bhuiséad chun feidhme go díreach nó go hindíreach trí eintitis a gcuirtear cúram orthu amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta, an Banc Eorpach Infheistíochta agus bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. Tugtar tuairisc sa tábla seo a leanas ar na trí mhodh bainistíochta.
Speansais 2024 de réir an mhodha bainistíochta – lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus gan í a áireamh
|
(gan an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áireamh)
|
Samplaí de chláir/de chaiteachas
|
Gníomhaithe eile atá rannpháirteach, i gcomhar leis an gCoimisiún
|
(lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta)
|
|
|
Bainistíocht dhíreach
Cuireann an Coimisiún na cistí chun feidhme.
|
|
|
|
Cláir Fís; An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; caiteachas riaracháin.
|
n/bh (cistiú a thugtar go díreach do na tairbhithe).
|
|
|
|
Bainistíocht indíreach
Cuirtear cistí chun feidhme i gcomhar leis na heintitis ar cuireadh cúram orthu.
|
|
|
|
Erasmus+; cuid de chabhair forbartha agus dhaonnúil; cúnamh réamhaontachais; gníomhaíocht sheachtrach
|
Gníomhaireachtaí, comhghnóthais, na Náisiúin Aontaithe, an Banc Domhanda, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, etc.
|
|
|
|
Bainistíocht chomhroinnte
Cuirtear cistí chun feidhme i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus/nó réigiúnacha na mBallstát, a bhfuil an chéad leibhéal freagrachta acu as cur chun feidhme an bhuiséid.
|
|
|
|
Cistí talmhaíochta; An Ciste Muirí agus Iascaigh; Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; An Ciste Comhtháthaithe; Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg; imirce, bainistiú teorainneacha agus cistí slándála.
|
Gníomhaireachtaí íocaíochta le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta: 72; cláir oibríochtúla le haghaidh cistí beartais comhtháthaithe: 431, i ngach Ballstát i gcás chlárthréimhse 2014-2020 (380 i gcás 2021-2027).
|
|
Foinse: Dréachtchuntais bhliantúla an Choimisiúin Eorpaigh 2024 – Ráiteas maidir le feidhmíocht airgeadais.
In 2024, le cogadh foghach na Rúise san Úcráin, coinbhleachtaí idirnáisiúnta a bhí ag teacht chun cinn agus éiginnteacht dhomhanda ar an leibhéal geopholaitiúil, leanadh de bhrú a chur ar chumas an Choimisiúin beart a dhéanamh, agus a chuid acmhainní gann cheana féin. Níos mó ná riamh, fágann sé sin nach mór rialú inmheánach éifeachtach a bheith ann chun a áirithiú go gcuirfear prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta i bhfeidhm go docht agus buiséad an Aontais á chaitheamh.
3.Córas rialachais láidir mar bhonn taca faoi fhreagracht an Choláiste
Ina cháil mar oifigeach údarúcháin an Choimisiúin, tá freagracht pholaitiúil ar Choláiste na gCoimisinéirí as buiséad an Aontais a bhainistiú agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as obair ranna an Choimisiúin. Tá rialachas bhuiséad an Aontais bunaithe ar roinnt shoiléir na bhfreagrachtaí idir na leibhéil pholaitiúla agus bhainistíochta; iniúchóireacht inmheánach neamhspleách dá dtugann an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta tacaíocht, ar a n-áirítear saineolaithe seachtracha; cuntasóir neamhspleách; tiomantas láidir do bhainistiú feidhmíochta agus do chomhlíonadh an chreata dhlíthiúil; trédhearcacht agus ardchaighdeáin eiticiúla; agus tuairisciú trédhearcach.
Tá córas rialachais agus slabhra freagrachtaí an Choimisiúin saincheaptha dá shamhail uathúil cinnteoireachta díláraithe i gcur chun feidhme an bhuiséid. Tarmligeann Coláiste na gCoimisinéirí an bhainistíocht oibríochtúil laethúil chuig 51 oifigeach údarúcháin trí tharmligean (
) a bhainistíonn agus a stiúrann a ranna chun na cuspóirí ina bpleananna straitéiseacha a bhaint amach, agus na hacmhainní atá ar fáil á gcur san áireamh. Tá gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntasach as an sciar de bhuiséad an Aontais a chuirtear chun feidhme ina roinn féin.
Ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, déanann na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean tuairisciú trédhearcach ar an bhfeidhmíocht agus ar na torthaí a baineadh amach, ar fheidhmiú a gcóras rialaithe inmheánaigh agus ar bhainistíocht airgeadais a sciar de bhuiséad an Aontais – agus an dearbhú a sholáthair na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na comhpháirtithe cur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach á chur san áireamh. Tá dearbhú dearbhaithe i ngach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí. Féadfar é a cháiliú le forchoimeádas má shainaithníonn oifigeach údarúcháin trí tharmligean laigí a bhfuil tionchar mór acu.
Sa tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta, déantar na torthaí bliantúla do bhuiséad an Aontais a shintéisiú ar leibhéal an Choimisiúin, ar bhonn an dearbhaithe agus na bhforchoimeádas atá sna tuarascálacha bliantúla uile ar ghníomhaíochtaí. Is cuid de phacáiste tuairiscithe chomhtháite airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin í an tuarascáil seo, a ghlacann Coláiste na gCoimisinéirí (
).
Leis an nós imeachta bliantúil um urscaoileadh buiséadach ina dhiaidh sin, ceadaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh freagracht pholaitiúil as cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a chur ar an gCoimisiún. Cuirtear san áireamh sa chinneadh ón bParlaimint tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin; tuarascálacha bliantúla agus speisialta na Cúirte Iniúchóirí, mar aon le ráiteas dearbhaithe na Cúirte Iniúchóirí i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo; éisteachtaí Coimisinéirí agus Ard-Stiúrthóirí; agus moladh ón gComhairle.
Cuidíonn na socruithe láidre rialachais sin le Coláiste na gCoimisinéirí cuspóirí an Choimisiúin a bhaint amach, úsáid éifeachtúil éifeachtach a bhaint as acmhainní agus a áirithiú go gcuirtear buiséad an Aontais chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Cuirtear forbhreathnú i láthair sa chairt thíos.
Forbairt dearbhaithe agus cuntasacht an Choimisiúin as buiséad an Aontais: róil agus freagrachtaí soiléire
4.Creat rialaithe inmheánaigh treisithe a rannchuidíonn le cuspóirí an Choimisiúin a bhaint amach i dtimpeallacht atá ag athrú
5.Creat rialaithe inmheánaigh aibí atá oiriúnaithe a thuilleadh d’ionstraimí nua
Braitheann an Coimisiún ar chreat láidir corparáideach um rialú inmheánach bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Baineann sé úsáid freisin as beartas láidir bainistithe riosca chun rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú ar gach leibhéal den eagraíocht, d'fhonn dearbhú a sholáthar maidir le baint amach a chuspóirí. In 2024, lean an Coimisiún de bheith ag áirithiú go ndéantar na méideanna a leithdháiltear ó bhuiséad an Aontais a infheistiú chun na críche atá beartaithe dóibh i ndianchomhlíonadh na rialacha airgeadais chun earráidí a íoslaghdú, a bhrath agus a chosc, cistiú dúbailte a sheachaint, calaois a chosc, trédhearcacht a fheabhsú agus an bealach a réiteach don urscaoileadh.
Ar an iomlán, in 2024, tháinig ranna an Choimisiúin ar an gconclúid go raibh na prionsabail rialaithe inmheánaigh is bun lena gcórais rialaithe inmheánaigh i láthair agus ag obair mar a bhí beartaithe agus go raibh siad cobhsaí i gcaitheamh na mblianta (féach an graf thíos) fiú más gá mionfheabhsuithe a dhéanamh i réimsí áirithe. Deimhníodh leis an measúnú foriomlán sin gur lean ranna an Choimisiúin dá n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh ina gcórais rialaithe inmheánaigh a sainaithníodh in 2023. I measc nithe eile, d’eascair an dul chun cinn a rinneadh in 2024 as an bhfeabhas a cuireadh ar an am íocaíochta agus ar an meán-am chun freagra a thabhairt ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid, as straitéisí áitiúla a glacadh i réimsí éagsúla (e.g. acmhainní daonna, bearta frithchalaoise), as rannpháirtíocht níos fearr i ngníomhaíochtaí foghlama i ranna áirithe, as plean leanúnachais gnó agus plean athlonnaithe a glacadh agus as an bhfeabhas a cuireadh ar cháilíocht roinnt faisnéise a soláthraíodh ar inlíonta áitiúla.
Tá feabhsuithe ar roinnt prionsabail rialaithe inmheánaigh fós ag teastáil, a chomhfhreagraíonn go príomha do mhioneasnaimh. Ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, is é is cúis leo sin go príomha moltaí iniúchóireachta leanúnaí ar forbraíodh pleananna gníomhaíochta ina leith agus a bhfuil tús curtha lena gcur chun feidhme cheana féin, rud a chruthaíonn éifeachtaí maolaitheacha go feadh méideanna áirithe ach nach ndéanann maolú iomlán orthu go fóill (e.g. tuilleadh feabhais ar thosaíochtaí rialaithe i ndáil le sainiúlachtaí roinnt clár). Na ranna lena mbaineann agus na réimsí a bhfuil feabhas le cur orthu, athraíonn siad ó bhliain go bliain. Sin é an fáth a bhfuil éagsúlachtaí i gcaitheamh na mblianta fós imeallach. Soláthraíonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach forbhreathnú ar na réimsí sin (féach iarscríbhinn 6).
Is le tosca seachtracha a bhaineann na prionsabail a mheastar a bheith ‘éifeachtach go páirteach’. Is gné dhílis é an measúnú sin den staid pholaitiúil éagobhsaí i dtíortha agus i réigiúin áirithe nach de chuid an Aontais iad ina mbíonn na hoibríochtaí á ndéanamh. Cuireann an luaineacht mhéadaithe sin cosc ar chur chun feidhme iomlán gníomhaíochtaí caighdeánacha faireacháin, meastóireachta agus rialaithe gan deireadh a chur le seachadadh práinneach agus fíor-riachtanach cúnaimh airgeadais.
Measúnú ar fheidhmiú na gcomhpháirteanna agus na bprionsabal rialaithe inmheánaigh (*)
(*) Líon ranna an Choimisiúin a thuairiscigh gur seasadh le comhpháirteanna agus prionsabail rialaithe inmheánaigh agus gur fheidhmigh siad i gceart in 2023 agus 2024.
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh.
Lean ranna an Choimisiúin, le tacaíocht ón tSeirbhís Lárnach Airgeadais, dá gcórais rialaithe inmheánaigh a fheabhsú, a nuashonrú agus a mhionchoigeartú i gcás inar gá.
Mar chuid de chlár oibre digiteach an Aontais, agus chun próisis inmheánacha a chuíchóiriú, d’fhorbair an Coimisiún Clár Lárnach Córas Rialaithe Inmheánaigh ina dtugtar le chéile an chuid is mó den fhaisnéis maidir le feidhmiú chórais rialaithe inmheánaigh a ranna. Mar fhorbairt ar a rolladh amach rathúil in 2023, d’fheabhsaigh an Coimisiún éifeachtacht agus éifeachtúlacht na huirlise trí ghnéithe nua a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar shlándáil agus éifeachtúlacht. Tá tús curtha freisin le húsáid na huirlise ag eagraíochtaí eile de chuid an Aontais atá ag iarraidh a dtimpeallachtaí rialaithe inmheánaigh féin a neartú.
In 2024, threisigh an Ard-Stiúrthóireacht um an mBuiséad barr feabhais oibríochtúil a feidhme cisteáin a bhuí le cur chun feidhme rathúil chaighdeán nua ISO 20022 an tionscail baincéireachta is infheidhme maidir le réitigh teachtaireachtaí bainc.
I mí Feabhra 2024, ghlac an Coimisiún straitéis chorparáideach fheabhsaithe chun a fhéichiúnaithe a bhainistiú. Chun fiacha amhrasacha nó drochfhiacha, fiú, a chosc a mhéid is féidir, agus ag dul níos faide ná bearta roimhe seo, tugadh isteach leis an straitéis ceithre bheart straitéiseacha chun dlús a chur leis an bpróiseas téarnaimh: caighdeáin feidhmíochta aisghabhála; faireachán agus tuairisciú trédhearcach ar chomhlíonadh; cuntasacht threisithe le sásraí méadúcháin corparáideacha; agus sineirgí agus éifeachtúlachtaí arb é lárú páirteach is cúis leo (lena n-áirítear cinntí comhcheangailte maidir le tarscaoileadh). Ba é an lárú páirteach a rinneadh ar phróisis a bhaineann le tarscaoiltí ba chúis le héifeachtúlachtaí, agus glacadh cinneadh comhcheangailte amháin maidir le tarscaoileadh in 2024 lena gcumhdaítear 99 bhfiach.
6.Creat feabhsaithe um bainistiú riosca oibríochtaí airgeadais
An tráth céanna, d’fheabhsaigh an Coimisiún freisin éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe atá mar bhonn agus thaca ag maoiniú clár beartais, amhail NextGenerationEU, tacaíocht don Úcráin tríd an gclár cúnaimh macrairgeadais (cúnamh macrairgeadais plus agus an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin) agus tacaíocht leanúnach do thíortha comharsanachta eile. Leis an gcur chuige cistiúcháin aontaithe a seoladh i mí Eanáir 2023, cuireadh ar a chumas don Choimisiún tairbhí na straitéise bainistithe fiachais, ar straitéis níos solúbtha agus níos costéifeachtaí í a úsáidtear chun NextGenerationEU a mhaoiniú, a leathnú chuig cláir iasachtaíochta agus iasachtaithe eile. Chuir an Coimisiún a chlár cistiúcháin le haghaidh 2024 i gcrích, lenar tiomsaíodh EUR 318.1 billiún san iomlán i gcaitheamh na bliana. Le heisiúint 2024, ba é EUR 578,2 billiún méid iomlán bhannaí an Aontais gan íoc faoi dheireadh na bliana, agus eisíodh EUR 68,2 billiún i bhfoirm bhannaí glasa NextGenerationEU.
Ó seoladh clár iasachtaíochta NextGenerationEU ag deireadh 2021, tá méadú mór tagtha ar oibríochtaí airgeadais an Aontais – ó thaobh méide agus raon feidhme de. Ráthaíochtaí buiséadacha agus iasachtaí chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, arna gcistiú trí urrúis fiachais a eisiúint, baineadh úsáid astu ar mórscála chun dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht chun cinn agus le géarchéimeanna comhleanúnacha. Sa chomhthéacs sin, tá Príomhoifigeach Riosca ceaptha ag an gCoimisiún chun creat iomchuí bainistithe riosca agus comhlíontachta a cheapadh agus a chur chun feidhme chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí éagsúla a eascraíonn as na hoibríochtaí iasachtaíochta a shainaithint, a bhainistiú agus a mhaolú go leormhaith. Feabhsaíodh an creat sin go leanúnach trí phróisis, pointí rialaithe agus formhaoirseacht riosca a chur i bhfeidhm ar fud na bpríomhghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe uile, lena n-áirítear pleanáil cistiúcháin, forghníomhú idirbheart iasachtaíochta, bainistíocht leachtachta, ríomh costas agus leithdháileadh.
Agus castachtaí agus scála méadaithe oibríochtaí airgeadais uile an Aontais á gcur san áireamh, ba ghá don Choimisiún creat bainistithe riosca níos cuimsithí agus níos sofaisticiúla, a bheadh ailínithe le dea-chleachtas, a fhorbairt go tapa. Baineadh é sin amach ag tús 2025 trí ról an Phríomhoifigigh Riosca a leathnú ó oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais agus óna oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe agus bainistithe fiachais chuig oibríochtaí bainistithe sócmhainní, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad (
). I gcomhréir le dea-chleachtas, tá an tsamhail bainistithe riosca ‘trí líne chosanta’ curtha chun feidhme ag an gCoimisiún:
•tá an chéad líne chosanta comhdhéanta de na hardstiúrthóireachtaí atá freagrach as oibríochtaí airgeadais an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ar cheart dóibh próisis bainistithe fhónta riosca airgeadais a chur chun feidhme agus comhlíonadh an chreata bainistithe riosca a áirithiú;
•gníomhaíonn an Príomhoifigeach Riosca mar an dara líne chosanta ar an leibhéal corparáideach agus tá sé freagrach as creat comhchoiteann bainistithe riosca airgeadais a bhunú le haghaidh oibríochtaí airgeadais uile an Aontais agus as measúnú riosca neamhspleách agus tuairisciú a dhéanamh;
•an tríú líne chosanta is ea an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, a fheidhmíonn a ról i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán Airgeadais.
Tá an creat lena rialaítear bainistiú riosca airgeadais agus comhlíonadh á fhorbairt ag an gCoimisiún anois le haghaidh na gcatagóirí éagsúla d’oibríochtaí airgeadais an Aontais.
7.Straitéisí rialaithe ilbhliantúla chun a áirithiú go bhfuil an caiteachas dlíthiúil agus rialta
Mar bhainisteoirí ar bhuiséad an Aontais, cuireann oifigigh údarúcháin straitéisí rialaithe ilbhliantúla i bhfeidhm chun earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú. I gcomhréir leis an bhfreagracht atá orthu maidir le híocaíochtaí aonair a dhéanamh, ní mór dóibh a ndearbhú a fhorbairt ón mbun aníos agus ar bhealach mionsonraithe, (i.e. de réir cláir nó de réir mír caiteachais ábhartha eile). Cuireann sé sin ar a chumas don Choimisiún laigí agus earráidí a bhrath ar bhealach mionsonraithe difreáilte le haghaidh gach cláir nó gach deighleoige caiteachais; na bunchúiseanna le hearráidí sistéamacha a shainaithint (e.g. castacht rialacha i réimsí beartais áirithe, amhail taighde nó comhtháthú); bearta ceartaitheacha spriocdhírithe comhréireacha a dhéanamh; agus chun a áirithiú go n-úsáidfear na ceachtanna a foghlaimíodh chun feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe agus ar dhearadh na gclár airgeadais a bheidh ann amach anseo.
Ceaptar cláir chaiteachais an Aontais chun bheith ina gcláir ilbhliantúla, agus is amhlaidh an cás maidir leis na straitéisí rialaithe gaolmhara. Tugann sé sin le tuiscint go bhféadfar earráidí a bhrath agus a cheartú go leanúnach, go dtí go ndúnfar an clár. Thairis sin, tá na straitéisí rialaithe difreáilte ó thaobh riosca de (i.e. coigeartaítear de réir na saintréithe agus na rioscaí a bhaineann le modhanna bainistíochta éagsúla, leis na gníomhaithe lena mbaineann, le réimsí beartais agus/nó le socruithe cistiúcháin). Is é a bhíonn i gceist le straitéisí rialaithe de ghnáth rialuithe coisctheacha (rialuithe ex ante) a dhéantar roimh íocaíocht an Choimisiúin agus rialuithe ceartaitheacha (rialuithe ex post) a dhéantar tar éis na híocaíochta. Cuirtear i láthair sa léaráid thíos an cur chuige maidir le caiteachas costasbhunaithe, agus maidir le caiteachas a gcinntear ráta earráide ina leith. Sonraítear in Iarscríbhinn 5 príomhshásraí coisctheacha agus ceartaitheacha an Choimisiúin.
Timthriall rialaithe ilbhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
I gcás ionstraimí costasbhunaithe, cinntear an riosca tráth na híocaíochta agus an riosca tráth an dúnta ag pointí éagsúla ama, mar a mhínítear sa léaráid thíos.
Riosca tráth na híocaíochta agus riosca tráth an dúnta
Chun faisnéis bhreise a fháil maidir le riosca tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta i gcás 2024, féach Roinn 2.1 thíos agus Iarscríbhinn 5, Ranna 5.1 agus 5.2.
I gcás íocaíochtaí feidhmíochtbhunaithe, arb é atá iontu an chuid is mó den tacaíocht a sholáthraítear faoi chomhbheartas talmhaíochta 2023-2027, tá an seicheamh rialuithe comhchosúil i gcónaí leis an seicheamh a dtugtar tuairisc air thuas, agus béim á leagan ar fheidhmiú na gcóras atá i bhfeidhm sna Ballstáit agus ar iniúchtaí córas, arna ndéanamh ag na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta agus ag an gCoimisiún araon.
Maidir leis na cláir chistiúcháin eile le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, choigeartaigh an Coimisiún straitéisí rialaithe a thuilleadh i ndáil le sainiúlachtaí an chláir. An méadú ar úsáid deontas cnapshuime sa chlár taighde agus nuálaíochta, mar shampla, d’fhág sé gur ghá straitéis rialaithe an chláir Fís Eorpach a oiriúnú. Thacaigh Seirbhís Lárnach Airgeadais an Choimisiúin le ranna an Choimisiúin sna tionscnaimh sin.
8.An comhrac in aghaidh na calaoise: straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus tograí breise
9.Plean gníomhaíochta straitéis frithchalaoise an Choimisiúin a chur chun feidhme
Ní fhulaingíonn an Coimisiún calaois ar chor ar bith. De bhun Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cosnaíonn an Coimisiún agus na Ballstáit buiséad an Aontais ar an gcalaois agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile. Tá ról nach beag ag straitéis frithchalaoise an Choimisiúin (
) maidir le mí-úsáid fhéideartha airgead an Aontais a chosc. Tá plean gníomhaíochta ag gabháil leis an straitéis, arna athbhreithniú in 2023 (
), lena n-áirítear 44 bheart faoi sheacht dtéama lena gcumhdaítear tosaíochtaí an Choimisiúin maidir leis an gcalaois a chomhrac. Déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise comhordú agus faireachán ar chur chun feidhme an phlean, agus tá sí i gceannas ar thart ar leath de na bearta. I gcaitheamh 2024, rinne seirbhísí an Choimisiúin agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise dul chun cinn maidir le cur chun feidhme beart faoi gach cuspóir.
In 2024, thug an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí an Choimisiúin agus a straitéisí frithchalaoise á gceapadh acu agus d’áirithigh sí go mbeadh comhordú idir na ranna agus go n-oibreoidís i gcomhar le chéile maidir le hábhair frithchalaoise tríd an Líonra um Chosc agus Brath Calaoise.
Lean an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise dá cuid oibre anailísí straitéisí, go háirithe trí anailísí a dhéanamh ar bhrath agus ar thuairisciú neamhrialtachtaí agus calaoise in earnálacha éagsúla agus ar thionchar na calaoise agus ar an leochaileacht ina leith i réimsí éagsúla den bheartas comhtháthaithe. I dtuarascáil bhliantúil 2023 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais (
), a glacadh an 25 Iúil 2024, áiríodh den chéad uair measúnú cáilíochtúil ar na straitéisí náisiúnta frithchalaoise. Lean an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise de bheith ag oibriú i gcomhar leis na Ballstáit maidir le cúrsaí frithchalaoise i gcomhthéacs an Choiste Chomhairligh chun an Cosc Calaoise a Chomhordú agus le Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise na mBallstát, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.
Lean an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise de ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a dhéanamh freisin, agus dá dtuairisciú ina tuarascáil bhliantúil (
). Mar thoradh ar a cuid oibre imscrúdaithí, in 2024 mhol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise go n-aisghabhfaí EUR 871,5 milliún, agus moladh go gcuirfí cosc ar chaitheamh míchuí EUR 43,5 milliún.
10.Uirlisí eile chun éifeachtúlacht an chomhraic in aghaidh na calaoise a mhéadú
Mar chuid den chomhrac in aghaidh na calaoise, is ardtosaíocht ar chlár oibre an Choimisiúin í an chibearshlándáil. Ceanglaítear ar eintitis an Aontais creat bainistithe riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú, faoin 8 Aibreán 2025, bunaithe ar athbhreithniú cibearshlándála tosaigh (
).
Leis an athbhreithniú cibearshlándála tosaigh sin, bunaithe ar an gcreat rialachais, faireacháin agus tuairiscithe cibearshlándála atá ann cheana sa Choimisiún, deimhníodh dea-sheasamh cibearshlándála an Choimisiúin: go dtí seo, d’éirigh linn iarrachtaí ionsaithe a shrianadh agus ba theoranta an tionchar a d’imir siad, d’ainneoin an mhéadaithe atá tagtha ar an líon teagmhas. Mar sin féin, tá an Coimisiún fós ina sprioc tharraingteach. Fágann an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair go dtugtar spreagadh nua do ghníomhaithe cibearbhagairtí teacht i dtír ar leochaileachtaí teicniúla agus daonna ar bhealaí atá ag éirí níos sofaisticiúla. Chuige sin, ní mór feabhas leanúnach a chur ar chumais agus ar fheasacht an Choimisiúin agus iad a mhéadú chun leibhéil iomchuí cosanta a áirithiú. Déantar na tosaíochtaí a eascraíonn as sin a chomhtháthú i straitéis chibearshlándála chorparáideach 2025-2026 a formhuiníodh le déanaí.
I mí Mheán Fómhair 2024, leis an Rialachán Airgeadais athmhúnlaithe, tugadh isteach roinnt athruithe maidir leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh, ar cuid den chreat chun calaois a chosc agus den chomhrac in aghaidh na calaoise é. Tá sé d’aidhm ag na hathruithe sin (1) úsáid an chórais luathbhraite agus eisiaimh a chur chun cinn; (2) a éifeachtacht a fheabhsú; agus (3) an córas a dhéanamh níos éifeachtúla. Mar chuid de na feabhsuithe tugtar isteach nós imeachta brostaithe; foras nua eisiaimh, amhail diúltú comhoibriú in imscrúduithe; agus an fhéidearthacht go ndéanfaí eintitis chleamhnaithe agus úinéirí tairbhiúla eintitis phríomha eisiata a eisiamh ó thairiscintí ar chonarthaí poiblí, agus ar deireadh ó chistí AE a fháil ar feadh roinnt blianta. Leis an Rialachán Airgeadais (athmhúnlú), leathnaítear cur i bhfeidhm an chórais luathbhraite agus eisiaimh chuig tairbhithe faoi bhainistíocht chomhroinnte agus chuig ionstraimí a bheidh ann amach anseo faoi bhainistíocht dhíreach leis na Ballstáit, de réir cur chuige comhréireach spriocdhírithe. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit bunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh a sheiceáil i ndáil le hiarratasóirí díreacha, rannpháirtithe agus tairbhithe.
11.Tá an córas coinníollachta á chur chun feidhme
Leis an rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (
) (an Rialachán maidir le Coinníollacht), a glacadh i mí na Nollag 2020, cosnaítear an buiséad ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear, nó a bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfadh siad difear, do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach. Tháinig an Rialachán maidir le Coinníollacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus comhlánaíonn sé nósanna imeachta eile a bhunaítear le reachtaíocht an Aontais chun buiséad an Aontais a chosaint. Sheas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go hiomlán le bailíocht an Rialacháin maidir le Coinníollacht in dhá bhreithiúnas uaithi in 2022 (
). Tar éis na mbreithiúnas sin, ghlac an Coimisiún a threoirlínte i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht (
).
Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid ar fud na mBallstát uile faoin Rialachán maidir le Coinníollacht ó bhí mí Eanáir 2021 ann. Tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht má chomhlíontar a choinníollacha uile.
An 15 Nollaig 2022, tar éis togra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle bearta chun buiséad an Aontais a chosaint faoin Rialachán maidir le Coinníollacht i gcás na hUngáire. Chinn an Chomhairle go gcuirfí 55 % de na gealltanais bhuiséadacha ar fionraí i gcás trí chlár (
) faoin mbeartas comhtháthaithe, a chomhfhreagraíonn do thart ar EUR 6,4 billiún san iomlán le haghaidh na tréimhse 2021-2027, agus chuir sí cosc ar an gCoimisiún gealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh le hiontaobhais leasa phoiblí nó le heintitis arna gcoinneáil ar bun acu (ar ollscoileanna iad roinnt mhaith acu) faoi aon chlár de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. An toirmeasc i gcás an dara beart, rinneadh agóid ina aghaidh os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (tá an cás fós ar feitheamh).
I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, in éagmais aon fhógra i scríbhinn ón Ungáir maidir le bearta nua feabhais lena dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an staid an 13 Nollaig 2023. Tháinig sé ar an gconclúid go raibh buiséad an Aontais fós ar an leibhéal céanna riosca agus nár cheart na bearta buiséadacha a rinne an Chomhairle ag deireadh 2022 a oiriúnú ná deireadh a chur leo. I bpróiseas comhthreomhar faoi rialacha Rialachán na bhForálacha Coiteanna (
), mheas an Coimisiún gur thug an Ungáir aghaidh go leormhaith ar roinnt de na saincheisteanna a d’fhág nár chomhlíon an Ungáir ceann dá choinníollacha cumasúcháin cothrománacha a mhéid a bhaineann le saincheisteanna maidir le neamhspleáchas breithiúnach. Dá bhrí sin, ba é an toradh a bhí air sin gur baineadh an bac de chuid de na cistí don Ungáir faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
An 2 Nollaig 2024, thug an Ungáir fógra foirmiúil don Choimisiún faoi leasuithe reachtacha sonracha maidir le hiontaobhais leasa phoiblí agus eintitis a choinníonn siad ar bun, agus d’iarr sí go foirmiúil ar an gCoimisiún a mholadh don Chomhairle an beart cosanta maidir le hiontaobhais leasa phoiblí a oiriúnú nó deireadh a chur leis.
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh na leasuithe reachtacha ina leigheas leormhaith ar an bhforas ba chúis le glacadh an bhirt agus, dá bhrí sin, níor mhol sé don Chomhairle deireadh a chur leis na bearta cosanta ná iad a oiriúnú ina Cinneadh an 16 Nollaig 2024 (
).
Rinne an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm an rialacháin an 12 Eanáir 2024. Díríodh sa tuarascáil ar (1) na bearta a rinne an Coimisiún i gcur i bhfeidhm an rialacháin, lena n-áirítear an nós imeachta a osclaíodh i gcás na hUngáire; (2) comhlántacht an rialacháin le hionstraimí ábhartha eile, amhail Rialachán na bhForálacha Coiteanna; (3) meastóireacht an Choimisiúin ar éifeachtacht na mbeart a glacadh go dtí seo; agus (4) éifeachtacht fhoriomlán an nós imeachta a leagtar amach leis an Rialachán maidir le Coinníollacht. Deimhníodh roimh ré leis an tuarascáil éifeachtacht agus acmhainneacht na mbeart cosanta a glacadh faoi chás na hUngáire.
I mí Eanáir 2024, d’fhoilsigh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar an smacht reachta san Aontas, inar díríodh ar an Rialachán maidir le Coinníollacht, ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn sé leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar choinníollacht faoi rialacha an bheartais comhtháthaithe. Sa tuarascáil iniúchóireachta (
) tugadh barúlacha dearfacha ar an iomlán faoi láimhseáil an Rialacháin maidir le Coinníollacht agus faoi na himeachtaí maidir leis an Ungáir. Glacadh leis an gcuid is mó de mholtaí na Cúirte agus tá siad á gcur chun feidhme, mar shampla cur i gcrích na forbartha atáthar a dhéanamh ar chóras bainistithe cásanna, CASE@EC, chun bainistíocht agus doiciméadú a dhéanamh ar an sreabhadh oibre i dtaca leis na cinntí agus na bearta a rinneadh.
12.Tháinig an Rialachán Airgeadais (athmhúnlú) i bhfeidhm in 2024
Glacadh an Rialachán Airgeadais (athmhúnlú) an 23 Meán Fómhair 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm ar 30 Meán Fómhair 2024. Leis na hathruithe, déantar rialacha airgeadais an Aontais a oiriúnú do dhomhan atá athraithe trí rialacha níos soiléire agus níos solúbtha a thabhairt isteach maidir le soláthar i gcásanna géarchéime; soláthraítear suíomh gréasáin láraithe i dtaca le trédhearcacht maidir le húsáid bhuiséad an Aontais, lena gcumhdófar na modhanna bainistíochta uile ó 2028 ar aghaidh; tugtar isteach an simpliú i bhfoirm deontas ar luach an-íseal (faoi bhun EUR 15 000); agus cosnaítear buiséad an Aontais ar chalaois, ar éilliú nó ar choinbhleachtaí leasa tríd an gcóras luathbhraite agus eisiaimh a leathnú chuig bainistíocht chomhroinnte ó 2028 ar aghaidh. Ní bheidh feidhm ag roinnt forálacha ach ó 2028 ar aghaidh. Chun na hathruithe ar an Rialachán Airgeadais a léiriú, glacadh rialacha inmheánacha athbhreithnithe an Choimisiúin an 30 Meán Fómhair 2024 (
).
Úsáid na huirlise aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca – Arachne
Tar éis ghlacadh an Rialacháin Airgeadais (athmhúnlú) i mí Mheán Fómhair 2024, ceanglaítear le hAirteagal 36 den Rialachán Airgeadais go mbeidh uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca nuachóirithe ann, a bheidh le húsáid i ngach modh bainistíochta. Tá an uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca atá ann cheana, Arachne, ar a mbeidh an uirlis a bheidh ann amach anseo bunaithe, in úsáid cheana féin ag seirbhísí an Choimisiúin agus ag roinnt Ballstát ar bhonn deonach sa bhainistíocht chomhroinnte agus le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh sé ina cheangal ar na Ballstáit uile sonraí a sholáthar don uirlis ón gcéad chreat airgeadais eile, dar tús 2028.
In 2024 lean an Coimisiún den obair ullmhúcháin don chóras nua, e.g. ag féachaint ar riachtanais úsáideoirí agus ar chosaint sonraí. Chun ullmhú don fhéidearthacht go mbainfeadh na Ballstáit úsáid éigeantach as an uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca nuachóirithe sin tar éis 2027, bhunaigh an Coimisiún grúpa saineolaithe, lena n-áirítear ionadaí amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit, chun cúnamh agus tacaíocht a sholáthar chun an uirlis nuachóirithe a dhearadh. Ba cheart dó, go háirithe, cuidiú le measúnú ullmhachta ar an uirlis a ullmhú, atá le tíolacadh ag an gCoimisiún faoi 2027. Ar an mbonn sin, féadfaidh na comhreachtóirí plé a dhéanamh arís ar an bhféidearthacht go mbainfeadh na Ballstáit úsáid éigeantach as an uirlis.
13.Rialuithe costéifeachtacha lena gcosnaítear buiséad an Aontais
Chun a áirithiú go leanfaidh rialuithe de bheith costéifeachtach, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir na nithe seo a leanas.
·Éifeachtacht. An leibhéal earráide arna fháil ar bhonn na rialuithe a dhéantar, lena bhfágtar gur féidir an caiteachas a ghrúpáil i gcatagóirí riosca éagsúla.
·Éifeachtúlacht. An meán-am a ghlactar chun íocaíocht a dhéanamh. Seachas sin, bíonn bealaí nua á lorg agus á bhforbairt ag an gCoimisiún i gcónaí chun éifeachtúlacht a mhéadú, go háirithe trí shineirgí a chruthú nuair is féidir.
·Barainneacht. An chomhréireacht idir costais na rialuithe agus na gcistí a bhainistítear.
Baintear costéifeachtacht amach trí na rialuithe a dhifreáil: spreagfaidh réimsí lena mbaineann níos mó rioscaí leibhéal grinnscrúdaithe níos airde agus/nó minicíocht rialuithe níos airde, cé gur cheart, i gcás réimsí nach mbaineann a oiread rioscaí leo, go bhfágfadh sé sin nach mbeidh rialuithe chomh dian, chomh costasach ná ualach chomh trom céanna i gceist leo. Ar na bealaí eile chun costéifeachtacht rialuithe a áirithiú, tá an riosca earráidí a laghdú trí rialacha agus próisis shimplithe, amhail roghanna costais simplithe (i.e. cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid), trasiontaoibh ar mheasúnuithe, iniúchtaí agus rialuithe atá ann cheana arna ndéanamh ag eintitis eile agus barainneachtaí scála a bhaint amach trí na feidhmeanna rialaithe a chomhthiomsú.
14.Le torthaí rialaithe an Choimisiúin, deimhnítear go bhfuil buiséad an Aontais dea-chosanta
15.Torthaí foriomlána le haghaidh 2024
In 2024, agus an chuid is mó de chaiteachas an chomhbheartais talmhaíochta curtha chun feidhme faoi chreat beartais feidhmíochtbhunaithe, d’úsáid an Coimisiún táscaire nua le haghaidh na dtorthaí rialaithe i gcomhair an chineáil sin caiteachais: an sciar den chaiteachas ísealriosca.
Ina theannta sin, agus mar thoradh ar an athrú i gcás na talmhaíochta, cuirtear torthaí rialaithe i láthair anois ar leibhéal cheannteidil aonair an chreata airgeadais ilbhliantúil agus ní ar leibhéal bhuiséad iomlán an Aontais, agus ní ann a thuilleadh do tháscaire ar leibhéal an Choimisiúin ina iomláine.
I gcás íocaíochtaí costasbhunaithe, measann an Coimisiún go gcosnaítear an buiséad go héifeachtach nuair a bhíonn an riosca tráth an dúnta faoi bhun 2 % tráth dhúnadh na gclár ar a dhéanaí (i.e. nuair a bheidh na rialuithe, na ceartúcháin agus na haisghabhálacha uile curtha chun feidhme). Is é sin an tairseach ábharthachta chéanna a úsáideann an Chúirt Iniúchóirí. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na coincheapa sin agus faoin modheolaíocht a úsáidtear chun na meastacháin sin a chinneadh, in éineacht leis na torthaí rialaithe maidir le gach réimse beartais, féach Iarscríbhinn 5. Bunaithe ar na hiniúchtaí agus ar na rialuithe a dhéantar, déanann ranna an Choimisiúin meastachán gach bliain i ndáil le leibhéal an riosca a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht chaiteachas an Aontais ag dhá chéim den timthriall rialaithe ilbhliantúil: tráth na híocaíochta agus tráth dhúnadh na gclár.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Go dtí 2023, ba é sin an t-aon táscaire a úsáideadh chun leibhéal cosanta bhuiséad an Aontais a thomhas, a úsáideadh don Choimisiún ina iomláine freisin. Leanfar den táscaire sin a chur i bhfeidhm cibé áit a bhfuil íocaíochtaí bunaithe ar chostas agus le haghaidh na gceannteideal sin faoina bhfuil íocaíochtaí bunaithe ar chostas, is iad sin ceannteidil 1, 2, 4, 5, 6 agus 7 i gcás 2024.
Maidir le CBT nua 2023-2027, i gcás caiteachas feidhmíochtbhunaithe, dírítear ar fheidhmíocht, bunaithe ar thorthaí a bhaint amach, agus ar fheidhmiú cuí na gcóras rialachais sna Ballstáit. Ní thuairiscíonn na Ballstáit staidreamh rialúcháin ar leibhéal na dtairbhithe don Choimisiún a thuilleadh. In ionad ráta earráide agus riosca tráth na híocaíochta a chinneadh, déanann an Coimisiún an caiteachas comhfhreagrach a ghrúpáil i dtrí chatagóir riosca (ísealriosca, meánriosca agus ardriosca), bunaithe ar an measúnú ar fheidhmiú na gcóras atá i bhfeidhm sna Ballstáit chun dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart agus cáilíocht na dtorthaí feidhmíochta araon a áirithiú. Mar gheall ar an gcur chuige nua sin, ní féidir aon riosca tráth na híocaíochta a chinneadh don cheannteideal ‘Acmhainní Nádúrtha agus Comhshaol’ den chreat airgeadais ilbhliantúil, ós rud é go gcomhfhreagraíonn 74.8 % de chaiteachas an cheannteidil anois do chaiteachas feidhmíochtbhunaithe. Chomh maith leis sin, mar gheall ar an athrú sin, ní fhéadfar aon riosca tráth na híocaíochta a chinneadh don Choimisiún ina iomláine a thuilleadh. Déantar an tuairisciú de réir ceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil.
Forbhreathnú ar an riosca tráth na híocaíochta agus ar an riosca tráth an dúnta le haghaidh caiteachas ar bhonn comhlíontachta
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Maidir le 2024, i gcás gach ceannteidil, cé is moite de chomhtháthú, tá an riosca tráth na híocaíochta agus an riosca tráth an dúnta faoi bhun 2 %, agus is é 77 % an sciar d’íocaíochtaí ísealriosca faoi cheannteideal 3 maidir le hAcmhainní Nádúrtha agus Comhshaol, lena n-áirítear na híocaíochtaí talmhaíochta, rud atá os cionn 64 % arb é an meánfhigiúr le haghaidh 2018-2023 é. Tá an caiteachas comhfhreagrach cosanta go maith dá réir.
Tá riosca tráth na híocaíochta os cionn 2 % agus riosca tráth an dúnta faoi bhun 2 % ag baint leis an gceannteideal maidir leis an mbeartas comhtháthaithe. I gcás an cheannteidil sin, leanann an Coimisiún dá iarrachtaí an leibhéal riosca tráth na híocaíochta a laghdú a thuilleadh.
Chun go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh agus forbhreathnú a fháil, cuirtear an fhaisnéis i láthair le haghaidh gach ceannteidil de réir leibhéal riosca (ísealriosca, meánriosca nó ardriosca – féach Roinn 2.1.2), agus le haghaidh an Choimisiúin ina iomláine (féach an chéad léaráid eile).
Forbhreathnú ar chaiteachas in aghaidh na catagóire riosca
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Níl aon tionchar ag an gcur chuige nua sin ar bhearta coisctheacha agus ceartaitheacha a leantar dá gcur i bhfeidhm.
Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 2,6 billiún (EUR 3,8 billiún in 2023).
Forchoimeádais: 18 (14 in 2023), ar bhain 17 díobh le caiteachas ó bhuiséad an Aontais ag a bhfuil tionchar airgeadais iomlán EUR 330,9 milliún (EUR 1 290,6 milliún in 2023) agus ar bhain ceann amháin díobh le caiteachas ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag a bhfuil tionchar airgeadais EUR 17,5 milliún. Féach Roinn 3.1 agus Iarscríbhinn 5, Roinn 5.3 chun tuilleadh sonraí a fháil.
16.Torthaí rialaithe de réir deighleoga cláir lena mbaineann ísealriosca, meánriosca agus ardriosca
Tá faisnéis iontaofa fhianaisebhunaithe ag an gCoimisiún a léiríonn staid éagsúlaithe na gcistí a bhainistíonn sé. Sainaithnítear ann na cláir nó na deighleoga caiteachais lena mbaineann riosca níos airde, rud a chuireann ar a chumas a thacaíocht a chur ar fáil go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar laigí sonracha fiú i gcás beartais a bhfuil riosca níos ísle ag baint leo, ar fud an domhain, amhail an comhbheartas talmhaíochta.
I gcás caiteachas costasbhunaithe, tá an deighilt idir na catagóirí riosca bunaithe ar an riosca tráth na híocaíochta (i.e. sula mbeidh aon cheartú amach anseo curtha chun feidhme): ísealriosca – riosca tráth na híocaíochta faoi bhun 2.0 %; meánriosca – riosca tráth na híocaíochta idir 2.0 % agus 2.5 %; agus ardriosca – riosca tráth na híocaíochta os cionn 2.5 %. Maidir le comhtháthú, cuirtear an anailís sin i bhfeidhm freisin ar leibhéal na gclár aonair sna Ballstáit.
Déantar caiteachas feidhmíochtbhunaithe a roinnt idir na catagóirí ísealriosca, meánriosca agus ardriosca de réir an mheasúnaithe ar fheidhmiú na gcóras sna gníomhaireachtaí íocaíochta ar leibhéal na hidirghabhála. Dá thoradh sin, leis an gcur chuige nua i leith caiteachas comhbheartais talmhaíochta, is féidir torthaí rialaithe níos gráinní a fháil le haghaidh an chaiteachais sin, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis maidir leis na laigí agus na heasnaimh ar leibhéal níos ísle ná leibhéal na gníomhaireachta íocaíochta.
Caiteachas an Choimisiúin Eorpaigh a aicmiú i ndeighleoga lena mbaineann ísealriosca, meánriosca agus ardriosca, mar chéatadán den chaiteachas ábhartha iomlán i gcás 2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
•Riosca níos ísle. Ba é EUR 97,2 billiún an caiteachas sa chatagóir sin in 2024, arbh é a bhí ann 54,8 % den chaiteachas iomlán, i gcomparáid le 66,6 % den chaiteachas in 2023). An laghdú ar an méid de sa chatagóir ísealriosca i gcomparáid le 2023, baineann sé le cláir chomhtháthaithe a socraíodh, go coimeádach, ag meánriosca (2 %) fiú nuair a bhí a rátaí earráide ní b’ísle. Glacadh an cur chuige stuama sin toisc gur bhain na Ballstáit úsáid as an bhféidearthacht go soláthróidís a ndearbhú deiridh tar éis 2024 (féach thíos). Áirítear sa chatagóir ísealriosca sin formhór an chaiteachais arna bhainistiú faoin tsamhail nua fheidhmíochtbhunaithe atá i bhfeidhm le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta 2023-2027 (1 306 idirghabháil as 1 526) agus, lasmuigh den chomhbheartas talmhaíochta nua, caiteachas arna bhainistiú ag 50 as 70 gníomhaireacht íocaíochta um fhorbairt tuaithe. Ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, áirítear ann freisin caiteachas a bhaineann le deontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde faoin gclár Fís 2020 agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – iompar agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – cláir fuinnimh; Erasmus+; gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie; ranníocaíochtaí le comhlachtaí eile de chuid an Aontais (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, an Comhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá, etc.); an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht; an Ciste Slándála Inmheánaí; cabhair dhaonnúil; ionstraimí airgeadais an chláir Fís Eorpach; caiteachas sa réimse beartais dar teideal an Chomharsanacht agus an Domhan; agus caiteachas riaracháin i gcoitinne.
•Meánriosca. Ba é EUR 43,7 billiún an caiteachas sa chatagóir sin in 2024 (24,4 % den chaiteachas i gcomparáid le 9,2 % in 2023). Is iad na cistí beartais comhtháthaithe is mó is cúis leis an méadú sin, inar cuireadh ráta comhréidh coimeádach 2 % i bhfeidhm maidir le roinnt mhaith clár, fiú má bhí na rátaí earráide measta ní b’ísle. Rinneadh é sin mar chur chuige stuama, mar fhreagairt ar an bhfíoras nach bhfuarthas ach líon teoranta pacáistí dearbhaithe le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (ó tharla gur deonaíodh bliain bhreise do na Ballstáit iad a chur isteach leis an Rialachán maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip), agus le haghaidh na tréimhse 2021-2027, a bhfuil cláir ina leith fós i gcéimeanna luatha a gcur chun feidhme. Áiríodh sa chatagóir sin freisin caiteachas ar thaighde agus nuálaíocht go háirithe i ndáil le deontais faoin gclár nua Fís Eorpach, agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – clár iompair le haghaidh na tréimhse 2021-2027, caiteachas ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (sé chlár as 27), chomh maith le caiteachas a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (152 idirghabháil as 1 526 san iomlán le haghaidh caiteachas feidhmíochtbhunaithe).
•Ardriosca. Ba é EUR 38,2 billiún an caiteachas sa chatagóir sin in 2024 (21,3 % den chaiteachas, mórán mar an gcéanna le 2023, 24,2 %). Áirítear leis sin go príomha roinnt caiteachais a dhearbhaítear faoi chistí beartais comhtháthaithe lena mbaineann riosca níos airde tráth na híocaíochta nó lena mbaineann easnaimh thromchúiseacha (
) agus roinnt caiteachais a dhearbhaítear faoin gcomhbheartas talmhaíochta.
Deimhnítear le hanailís mhionsonraithe an Choimisiúin go bhfuil dlúthbhaint ag leibhéal earráide agus sciar an chaiteachais ardriosca le cineál an chistithe. Formhór na gclár nó na ndeighleog caiteachais, a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 50 % de chaiteachas ábhartha na bliana, meastar go mbaineann siad leis an gcatagóir ísealriosca toisc go gcuimsítear leo níos mó íocaíochtaí bunaithe ar theidlíocht. Ar an taobh eile, is cosúil go bhfuil riosca réasúnta níos airde tráth na híocaíochta ag baint le roinnt clár nó deighleoga caiteachais a bhfuil rialacha casta acu bunaithe ar aisíocaíocht (mar is gnách faoin mbeartas comhtháthaithe, a bhfuil feidhm ag roinnt mhaith rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó cláir maidir leo i dteannta rialacha an Aontais). Mar sin féin, leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm, is féidir maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cuid de na cláir is casta agus, dá thoradh sin, is féidir an leibhéal riosca tráth na híocaíochta a laghdú.
Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta le haghaidh na gclár agus na ndeighleog éagsúil caiteachais agus tá gníomhaíocht bhreise á déanamh aige chun iad a laghdú. I gcás na gcatagóirí meánriosca agus ardriosca go háirithe, bíonn an Coimisiún i gcónaí ag lorg bealaí chun iad a laghdú a thuilleadh trí fheasacht tairbhithe agus comhpháirtithe cur chun feidhme ar shaincheisteanna a mhéadú, trí na straitéisí rialaithe a choigeartú i gcás inar gá, trí na ceachtanna a foghlaimíodh a chur i bhfeidhm maidir le cláir a bheidh ann amach anseo agus trí rialacha a shimpliú i gcás inar féidir.
17.Torthaí rialaithe de réir réimse beartais
Is éard atá i dTuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó 51 roinn de chuid an Choimisiúin. Déantar an caiteachas a chumhdaítear i ngach ceann de na tuarascálacha sin a leithdháileadh ina iomláine ar cheann de sheacht gceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ó bhí 2022 ann, i bhfianaise a mhéad atá sé, rinneadh an caiteachas slándála agus cosanta faoin Ard-Stiúrthóireacht um an Tionscal Cosanta agus an Spás a roinnt idir ceannteideal 1 agus ceannteideal 5. Tugtar tuairisc thíos ar staid gach réimse beartais.
Ceannteideal 1 – Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
Caiteachas ábhartha iomlán: EUR 24,2 billiún (2022: EUR 19.1 billiún).
Riosca tráth na híocaíochta: 1.6 % (2023: 1.4 %).
Riosca tráth an dúnta: 1.2 % (2023: 1.0 %).
Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach: EUR 348,5 milliún (2023: EUR 149,8 milliún):
·bearta coisctheacha: EUR 244,7 milliún (2023: EUR 121,1 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 103,8 milliún (2023: EUR 28,6 milliún).
Forchoimeádas: forchoimeádas clú amháin gan tionchar airgeadais (mar an gcéanna le 2023) ().
In 2024, tháinig méadú beag ar na rioscaí tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta araon, faoi 0.2 pointe céatadáin, i gcomparáid le 2023, agus sroicheadh 1.6 % i gcás riosca tráth na híocaíochta agus 1.2 % i gcás riosca tráth an dúnta. Is é is cúis leis sin an méadú ar an riosca tráth na híocaíochta i gcás deontais faoin gclár Fís 2020, ó 2.57 % in 2023 go 3.55 % in 2024, ós rud é gur aon trian den chaiteachas iomlán faoin gceannteideal seo an caiteachas comhfhreagrach fós, fiú má tá laghdú ag teacht ar sciar den chaiteachas ó chlárthréimhse ilbhliantúil 2014-2020 (gach clár le chéile) (ó 56 % in 2023 go beagnach 40 % in 2024). Tá an riosca tráth an dúnta don chaiteachas sin fós faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % (ag 1.59 %).
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur rud eile a mhíníonn an méadú ar an riosca tráth na híocaíochta don cheannteideal seo é an méadú ar an sciar den chaiteachas ó chlárthréimhse 2021-2027 (ó níos lú ná 6 % in 2023 go dtí níos mó ná 21 % in 2024), agus go háirithe i gcás an chláir Fís Eorpach (ó 1.9 % in 2023 go 17.8 % in 2024). I gcás an chaiteachais sin, ní raibh aon ráta earráide ionadaíoch ann do 2024 toisc nár seoladh an feachtas iniúchóireachta ex post go dtí an dara leath de 2024, nuair a bhí líon fóinteach íocaíochtaí ar fáil. Dá thoradh sin, coinníodh an cur chuige coimeádach a cuireadh i bhfeidhm in 2023 ar bun in 2024 trí ráta comhréidh 2 % a úsáid le haghaidh an riosca tráth na híocaíochta. Ar bhonn níos lú, is amhlaidh sin freisin i gcás an chláir don Eoraip Dhigiteach. Tá minicíocht an chur chuige sin le sonrú go háirithe sa ghraf thíos, mar a fheictear méadú ar sciar na deighleoige meánriosca den chaiteachas in 2024 (deighleog idir 2 % agus faoi bhun 2,5 %).
I gcás an chláir Fís 2020, mar a tharla sna blianta roimhe seo, agus d’ainneoin iarrachtaí agus feabhsuithe leanúnacha, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta os cionn 2 % mar gheall ar chastacht bhunúsach na rialacha. Go sonrach, in 2024, bhí sciar méadaitheach d’íocaíochtaí deiridh ann i gcás an chláir Fís 2020, ar mó an baol go mbeidh earráidí ag baint leo ná le híocaíochtaí eatramhacha toisc go gcomhfhreagraíonn siad go minic do thionscadail níos mó agus níos casta. Ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, níor cháiligh na ranna taighde a ndearbhú urrúis le forchoimeádas i ndáil leis an gclár Fís 2020 (
).
I gcás an chláir Fís Eorpach, tá coinne sa mheántéarma le feabhsuithe struchtúracha as a dtiocfaidh níos lú earráidí ón sciar níos airde de dheontais a úsáideann cnapshuimeanna nó roghanna costais simplithe. Is é an cuspóir atá ann cistiú cnapshuime a úsáid le haghaidh 50 % den bhuiséad i gcomhair glaonna ar thograí faoi dheireadh 2027. I bhfianaise thimthriall na n-íocaíochtaí, is dócha go mbeidh tús tionchair mheasartha le feiceáil ar an leibhéal riosca tráth na híocaíochta sna blianta amach romhainn agus go mbeidh sé níos suntasaí ó 2029 ar aghaidh.
Shainigh an Coimisiún bearta eile chun na rialacha a shimpliú d’fhonn na rátaí earráide sa chlár Fís Eorpach a laghdú agus tá na bearta sin á gcur chun feidhme aige. Anuas ar úsáid a bhaint as foirmeacha simplithe cistiúcháin (cnapshuimeanna agus costais aonaid), áirítear ar na bearta sin feachtais chumarsáide a dhíriú ar chineálacha tairbhithe ar mó an baol earráidí a bhaineann leo (amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus nuatheachtaithe) agus feabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí iniúchóireachta seachtracha a dhéanann iniúchtaí thar ceann an Choimisiúin. Trína bheith ag díriú ar na hearráidí is coitianta, ba cheart tionchar dearfach a bheith ag na bearta sin agus iad fós costéifeachtach.
An t-aon fhorchoimeádas amháin a eisíodh in 2023, coinníodh é ar bun in 2024. Baineann an forchoimeádas sin le cláir táirgí talmhaíochta a chur chun cinn agus eisíodh é i ngeall ar neamhrialtachtaí sa phróiseas fochonraitheoireachta. Mar a raibh coinne leis in 2023, tá an riosca airgeadais tagtha ann anois mar a léirítear sna torthaí rialaithe ag a bhfuil ráta earráide 3.89 % (2.32 % tar éis asbhaint na gceartúchán a rinneadh cheana). Tá iniúchtaí breise agus imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise fós á ndéanamh. Rinneadh bearta maolaithe agus tá siad á gcur chun feidhme chun cásanna comhchosúla a chosc amach anseo. Mar sin féin, tógfaidh sé tamall fós na ceartúcháin uile is gá a chur chun feidhme.
A mhéid a bhaineann le bearta coisctheacha agus ceartaitheacha, is é is príomhchúis leis an méadú líon agus méid méadaithe na n-íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, agus líon teoranta cásanna ardluacha, go háirithe téarnamh aonuaire thar a bheith tábhachtach i gclár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa tar éis iniúchadh ón gCoimisiún.
An creat airgeadais ilbhliantúil ceannteideal 1 — an margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha — forléargas
na deighilte riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Ceannteideal 2 – comhtháthú, athléimneacht agus luachanna
Caiteachas ábhartha iomlán: EUR 62,0 billiún (2023: EUR 67.3 billiún).
Riosca tráth na híocaíochta: 2,9 % (2023: 2,6 %).
Riosca tráth an dúnta: 1,7 % (2023: 1,2 %).
Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 1 028,6 milliún (2023: EUR 2 370,9 milliún):
·bearta coisctheacha: EUR 579,9 milliún (2023: EUR 1 643,7 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 448,7 milliún (2023: EUR 727,2 milliún).
Forchoimeádais: cúig fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 73 mhilliún acu (2023: trí fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 583 mhilliún acu).
Tháinig méadú ar an riosca tráth na híocaíochta don cheannteideal seo ó 2,6 % go 2,9 %, agus tháinig méadú ar an riosca tráth an dúnta ó 1,2 % go 1,7 %. Na méideanna a íocadh as cistí beartais comhtháthaithe () arna mbainistiú faoi bhainistíocht chomhroinnte, arbh é a bhí iontu thart ar 92 % den chaiteachas ábhartha iomlán le haghaidh an cheannteidil sin, ba iad go príomha ba chúis leis an riosca tráth na híocaíochta agus an riosca tráth an dúnta.
I gcás na gcistí beartais comhtháthaithe uile, b’ábhartha i gcónaí an riosca tráth na híocaíochta agus é idir 2.3 % agus 3.2 % (), méadú ón raon 1.9 % go 2.8 % a breathnaíodh in 2023. Is é is príomhchúis leis an méadú an cur chuige stuama a ghlac an Coimisiún i leith caiteachas a chomhfhreagraíonn do chlárthréimhse 2014-2020 (lena gcuimsítear fós 80 % de na híocaíochtaí iomlána in 2024), mar fhreagairt ar an bhfíoras nach bhfuarthas ach líon teoranta pacáistí dearbhaithe faoin 1 Márta 2025, tar éis Rialachán na bhForálacha Coiteanna a bheith leasaithe ag an Rialachán maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, lenar cuireadh síneadh go dtí an 15 Feabhra 2026 leis an tréimhse faoinar gá na pacáistí dearbhaithe deiridh (agus na torthaí iniúchóireachta dá bhrí sin) a chur isteach (
). Dá thoradh sin, d’úsáid an Coimisiún ráta comhréidh 2 % le haghaidh na gclár uile nár cuireadh pacáiste dearbhaithe isteach ina leith agus bhí an ráta earráide measta, bunaithe ar thorthaí iniúchóireachta neamhiomlána, faoi bhun 2 %. Ar an gcaoi chéanna, úsáideadh ráta comhréidh 2 % i gcás luach níos ísle an riosca tráth na híocaíochta do chláir uile 2021-2027, i ngeall ar na torthaí iniúchóireachta an-teoranta a fuarthas don bhliain chuntasaíochta 2022-2023 ().
Ar an iomlán, tá dearbhú réasúnta ag an gCoimisiún go bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go leormhaith i gcás 91.5 % de na cláir (
). Mar sin féin, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta i gcás an bheartais comhtháthaithe os cionn na tairsí ábharthachta 2 %. Is é is príomhchúis leis sin an chastacht is gné dhílis de na tionscadail a mhaoinítear leis na cistí sin, éagsúlacht na ngníomhaithe lena mbaineann agus an deacracht a bhaineann le dul i ngleic le roinnt rialacha casta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, go háirithe iad siúd a bhaineann le soláthar poiblí agus státchabhair. Is ar leibhéal na n-údarás bainistíochta nó a gcomhlachtaí idirmheánacha atá formhór na laigí fágtha. Tá na príomhchatagóirí neamhrialtachtaí a shainaithin údaráis iniúchóireachta na mBallstát agus an Coimisiún comhchosúil leo siúd a shainaithin an Chúirt Iniúchóirí: caiteachas neamh-incháilithe, tionscadail nó tairbhithe neamh-incháilithe, earráidí i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus faisnéis nó doiciméadacht tacaíochta in easnamh.
In 2022 agus 2023, tá méadú mór tagtha ar an difríocht idir riosca an Choimisiúin tráth na híocaíochta agus leibhéal earráide measta na Cúirte Iniúchóirí. Is é an rud is mó a mhíníonn é sin éagsúlachtaí sa chaoi a léirmhínítear sáruithe ar na rialacha is infheidhme. Agus an éagsúlacht sin ag dul i méid, choimisiúnaigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Rialú Buiséadach staidéar chun comparáid a dhéanamh idir riosca an Choimisiúin tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta agus leibhéal measta earráide na Cúirte Iniúchóirí, agus aird á díriú ar chistí comhtháthaithe. Sa staidéar a foilsíodh le déanaí, déantar measúnú cothrom fíorasach ar mhodheolaíochtaí faoi seach, agus ar na cúiseanna a mbíonn torthaí éagsúla ar thuairisciú rátaí earráide ag an dá institiúid mar thoradh orthu, go háirithe i gcás cistí comhtháthaithe. Léiríonn sé go cothrom an obair a dhéanann an dá institiúid, na hionchais faoi seach a bhaineann lena róil agus a úsáidí atá an dá chur chuige. Luaitear ann go mbaineann an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí araon úsáid as modheolaíochtaí úrscothacha, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta. Comhlíonann gach modheolaíocht riachtanais agus ionchais gach institiúide. Is é conclúid an staidéir nach bhfuil an ráta earráide agus an riosca tráth na híocaíochta inchomparáide go díreach.
I gcás na gcistí comhtháthaithe, chuir an Coimisiún ceartuithe airgeadais breise i bhfeidhm le haghaidh na gclár sin inar dheimhnigh sé rátaí earráide aonair os cionn 2 %, ionas go mbeidh an riosca tráth an dúnta faoi bhun 2 % i gcás na gclár uile ar deireadh. Chomhfhreagair ceartúcháin mheasta amach anseo do raon idir 0,5 % agus 1,4 %, rud a d’fhág gurbh é 1,8 % an riosca measta tráth an dúnta.
Ba iad cláir oibríochtúla faoi chlárthréimhse 2021-2027 ba mhó ba chúis le bearta coisctheacha agus ba iad cláir oibríochtúla faoi chlárthréimhse 2014-2020 ba mhó ba chúis le bearta ceartaitheacha. I ndáil leis na cistí comhtháthaithe le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020, chuir na Ballstáit bearta coisctheacha agus ceartaitheacha chun feidhme (
) a cuireadh i leith rialuithe na mBallstát féin dar luach iomlán EUR 211 mhilliún, méid atá i bhfad níos ísle ná an méid a cuireadh chun feidhme anuraidh, is é sin EUR 598 milliún. Is é an míníú atá leis sin an líon teoranta pacáistí dearbhaithe deiridh (i.e. 96 as 431) a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2025. Don chlárthréimhse céanna, chuir na Ballstáit bearta ceartaitheacha chun feidhme freisin a cuireadh i leith rialuithe an Choimisiúin, obair leantach ar imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise agus iniúchtaí na Cúirte Iniúchóirí dar luach EUR 70 milliún. Ina theannta sin, le haghaidh chlárthréimhse 2007-2013, chuir an Coimisiún bearta ceartaitheacha chun feidhme i leith EUR 154 mhilliún. Cuireadh dlús in 2024 le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027, agus sroicheadh EUR 8 368 milliún, nó 15 % den chaiteachas iomlán faoi chistí comhtháthaithe. Dá réir sin, ba í an chéad bhliain inar chuir na Ballstáit bearta coisctheacha chun feidhme le haghaidh na clárthréimhse sin, dar luach iomlán EUR 565 mhilliún. Ós rud é go bhfuil sé fós luath, bhí na bearta ceartaitheacha le haghaidh 2021-2027 réasúnta íseal (EUR 8 milliún).
Gné shonrach amháin de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 le haghaidh na gclár faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus is ea gur gá do na Ballstáit sraith coinníollacha cumasúcháin téamacha agus cothrománacha a chomhlíonadh chun go mbeifear in ann na cistí a chur chun feidhme go héifeachtach. Ag deireadh 2024, measúnaíodh go raibh thart ar 96 % de na coinníollacha cumasúcháin téamacha is infheidhme comhlíonta le haghaidh na gclár a glacadh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2024, chomhlíon na Ballstáit uile seachas an Ungáir na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha (
).
Ag deireadh 2024, eisíodh ceithre fhorchoimeádas i ndáil le cistí beartais comhtháthaithe (dhá fhorchoimeádas in aghaidh na clárthréimhse): ceann amháin do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus don Chiste Comhtháthaithe agus ceann eile do Chiste Sóisialta na hEorpa, don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg agus don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí. Baineann na forchoimeádais sin le cláir oibríochtúla a raibh laigí móra le sonrú ina gcórais bhainistíochta agus rialaithe nó a raibh an ráta earráide ina leith os cionn na tairsí ábharthachta, nó, níos annaimhe, ar measadh nach raibh an obair iniúchóireachta ina leith ar leibhéal an Bhallstáit leordhóthanach nó sásúil.
•Dhá fhorchoimeádas le haghaidh na tréimhse 2014-2020: an líon clár atá faoi fhorchoimeádas (26), bhí sé ní b’ísle ná an líon clár a bhí faoi fhorchoimeádas in 2023 (53). Laghdaíodh an tionchar airgeadais ó EUR 583 mhilliún go EUR 68 milliún toisc nár cuireadh isteach ach 20 % de na pacáistí dearbhaithe deiridh faoin 1 Márta 2025. Dá thoradh sin, is lú an líon cásanna a chomhlíon na critéir chun forchoimeádais a eisiúint. Chun aon bhearna ráthaíochta a chosc, chuir an Coimisiún rátaí comhréidhe agus cáilíochtaí iomchuí i bhfeidhm maidir le cásanna ábhartha. Áirítear orthu sin cásanna nár cuireadh aon phacáiste dearbhaithe isteach, ach inarbh eol don Choimisiún cheana féin ó chleachtadh na mblianta roimhe sin nó trína chuid oibre iniúchóireachta féin go raibh easnaimh i bhfeidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe. Thairis sin, d’imir an easpa cuntas i gcás 80 % de chláir 2014-2020 tionchar ar an gcaiteachas ábhartha (arb é an bonn ar a ríomhtar an tionchar airgeadais). Dá thoradh sin, bhí forchoimeádais neamhchainníochtaithe ann agus laghdú comhfhreagrach ar thionchar airgeadais na bhforchoimeádas.
•Dhá fhorchoimeádas le haghaidh na tréimhse 2021-2027, i ndáil le seacht gclár, a bhfuil tionchar airgeadais iomlán EUR 3 mhilliún acu.
Ní chuirtear deireadh le forchoimeádais go dtí go dtugtar aghaidh ar laigí an chórais agus go bhfuil an ráta earráide faoi bhun 2 %. De ghnáth, ní cúiseanna struchtúracha iad na cúiseanna atá leis na forchoimeádais, agus tógann sé 1 bhliain amháin go 2 bhliain chun deireadh a chur le forchoimeádas. Chun tuilleadh sonraí maidir le forchoimeádais a fháil, féach Imleabhar III, Iarscríbhinn 5.
Leanann an Coimisiún de bheart a dhéanamh chun tacú le húdaráis na gclár feabhas a chur ar a gcórais bainistithe agus rialaithe agus an riosca tráth an dúnta maidir le comhtháthú a thabhairt faoi bhun 2 %. I mí na Nollag 2024, tar éis díospóireacht rannpháirteach leis na húdaráis iniúchóireachta agus bhainistíochta araon, bhunaigh an Coimisiún plean gníomhaíochta a comhaontaíodh go comhpháirteach ina raibh 22 bheart lena gcumhdaítear na catagóirí seo a leanas: faisnéis a scaipeadh ar thairbhithe chun feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar a n-oibleagáidí agus na rialacha; anailís ar earráidí a braitheadh, agus go háirithe earráidí breise a tuairiscíodh in iniúchtaí an Aontais; úsáid fheabhsaithe uirlisí teicneolaíochta faisnéise; oiliúint foirne; ról coisctheach feabhsaithe na hiniúchóireachta; seicliostaí iniúchóireachta iomlána agus nuashonraithe a úsáid; agus cleachtais iniúchóireachta éifeachtacha i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta (e.g. doiciméadú fíoruithe/seiceálacha a rinneadh). Beidh cur chun feidhme na mbeart sin faoi réir faireachán leanúnach ag an gCoimisiún, in éineacht le húdarás iniúchóireachta gach Ballstáit.
Ceannteideal 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil – Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Tabhair faoi deara: In 2024, i gcás an bheartais comhtháthaithe, níl aon chlár sa deighleog ísealriosca de réir an chur chuige stuama ina n-úsáidtear rátaí comhréidhe 2 % don dá chlárthréimhse.
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus Comhshaol
Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 57,4 billiún (2023: EUR 58.3 billiún).
·Samhail dearbhaithe atá bunaithe ar chomhlíonadh: EUR 14,5 billiún (2023: EUR 58.1 billiún).
·Samhail dearbhaithe feidhmíochtbhunaithe: EUR 42,9 billiún (2023: EUR 0.2 billiún).
Sciar den chaiteachas ísealriosca: 77 % (2024), 69 % (2023).
Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 1 069,8 milliún (2023: EUR 1 157,6 milliún).
·bearta coisctheacha: EUR 178,4 milliún (
) (2023: EUR 490,3 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 891,4 milliún (2023: EUR 667,4 milliún).
Forchoimeádais: seacht bhforchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 254 mhilliún acu (2023: cúig fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 705 mhilliún acu).
Ceannteideal 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil – Acmhainní Nádúrtha agus Comhshaol – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
In 2024, i gcás acmhainní nádúrtha agus comhshaoil, measadh go raibh ísealriosca ag baint le 77.7 % den chaiteachas. Comhfhreagraíonn sé sin do chaiteachas lena mbaineann riosca tráth na híocaíochta faoi bhun 2 %, i gcás íocaíochtaí bunaithe ar chomhlíontacht, agus do chaiteachas ar measúnaíodh ina leith go bhfuil ísealriosca ag baint leis na córais atá i bhfeidhm sna Ballstáit, nó go bhfuil na córais sin ag feidhmiú go maith nó ar a laghad ag feidhmiú, i gcás íocaíochtaí feidhmíochtbhunaithe. Tá sé sin an-chosúil leis an sciar den chaiteachas ísealriosca ar thalmhaíocht (77.4 %), arb é formhór an chaiteachais sa réimse beartais sin é (97 %), agus a gcomhfhreagraíonn an chuid eile de do chaiteachas muirí agus iascaigh (
), comhshaoil agus aeráide. Is méadú é sin i gcomparáid leis an sciar den chaiteachas ísealriosca in 2023 (69 %), in 2022 (72 %) agus le haghaidh 2018-2023 (64 % ar an meán).
Le CBT 2023-2027, aistríodh ó bheartas atá bunaithe ar chomhlíonadh chuig beartas lena ndírítear níos mó airde ar fheidhmíocht agus ar thorthaí a baineadh amach. Le CBT nua, tugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit, ach níos mó freagrachta dóibh freisin. Go ginearálta, leagann na Ballstáit síos ina bPleananna Náisiúnta na rialacha atá le comhlíonadh ag na tairbhithe deiridh, i gcomhréir le creat ginearálta an Aontais. Díríonn an Coimisiún ar mheastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na dtorthaí agus ar fheidhmiú na gcóras a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun a áirithiú go n-urramófar na coinníollacha sin. Ní bhreathnaíonn an Coimisiún a thuilleadh ar idirbhearta aonair a théann chun tairbhe d’fhaighteoirí aonair. Tugann na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar na Ballstáit léiriú ar na hathruithe sin: i gcodarsnacht leis an gclárthréimhse roimhe sin, ní thuairiscíonn na Ballstáit staidreamh rialúcháin ar leibhéal an tairbhí don Choimisiún a thuilleadh. Gan staidreamh rialúcháin ar leibhéal an tairbhí a fháil, níl an Coimisiún in ann ráta earráide a shuí ar leibhéal na gníomhaireachta íocaíochta ná ráta earráide a shuí le haghaidh CBT ina iomláine ach oiread.
Dá réir sin, díríonn samhail nua dearbhaithe an Choimisiúin ar fheidhmíocht agus ar fheidhmiú cuí chórais rialachais na mBallstát a bunaíodh chun dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart agus cáilíocht na dtorthaí feidhmíochta a áirithiú. Chun teacht ar chonclúid maidir le feidhmiú cuí chórais rialachais na mBallstát, measann an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil, go háirithe an measúnú a rinne na Comhlachtaí Deimhniúcháin, ar dá réir a ndéantar na córais rialachais ar leibhéal na gníomhaireachta íocaíochta agus na hidirghabhála a ghrádú, chomh maith le torthaí a chuid iniúchóireachta féin agus iniúchóireacht na Cúirte Iniúchóirí. D’fhéadfadh sé sin an Coimisiún a spreagadh chun gráduithe na gComhlachtaí Deimhniúcháin a choigeartú ar bhonn cás ar chás ar an leibhéal iomchuí (leibhéal na gníomhaireachta íocaíochta agus leibhéal na hidirghabhála). An tráth céanna, déantar rioscaí maidir le heasnaimh thromchúiseacha i gcórais rialachais na mBallstát a shainaithint agus a thuairisciú.
Is iad na córais rialachais na comhlachtaí rialachais, lena n-áirítear údaráis inniúla, gníomhaireachtaí íocaíochta, comhlachtaí comhordaithe agus comhlachtaí deimhniúcháin, a bhainistíonn an comhbheartas talmhaíochta sna Ballstáit. Áirítear ar na córais sin buncheanglais an Aontais, oibleagáidí na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, pleananna straitéiseacha formheasta um an gcomhbheartas talmhaíochta a chur chun feidhme agus córas tuairiscithe iontaofa chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht.
Tagraíonn idirghabháil d’ionstraim tacaíochta shonrach lena ngabhann coinníollacha incháilitheachta sainithe, a leagtar amach i bplean straitéiseach Ballstáit um an gcomhbheartas talmhaíochta, lena gcumhdaítear idirghabhálacha faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe araon. Áirítear ar na hidirghabhálacha sin raon cineálacha tacaíochta, amhail tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta, tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga, éiciscéimeanna, agus tacaíocht earnála do thorthaí agus glasraí, beachaireacht agus fíon, mar aon le gealltanais i leith an chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile, agus tacaíocht do shrianta nádúrtha nó do shrianta a bhaineann go sonrach le limistéar, i measc nithe eile.
Maidir leis an gcaiteachas faoin tsamhail nua dearbhaithe, déanann an Coimisiún an caiteachas comhfhreagrach a ghrúpáil i dtrí chatagóir riosca – ísealriosca, meánriosca agus ardriosca – bunaithe ar ghrádú deiridh (féach an bosca thíos) na gcóras a chuir na Ballstáit i bhfeidhm. Cinneann comhlachtaí deimhniúcháin an grádú go bliantúil bunaithe ar a measúnú cáilíochtúil ar fheidhmiú cuí na gcóras atá i bhfeidhm (córais rialachais) in aghaidh na hidirghabhála in aghaidh na gníomhaireachta íocaíochta chun a áirithiú go gcomhlíonann na tairbhithe deiridh na rialacha is infheidhme. Féadfaidh an Coimisiún an grádú sin a choigeartú ar bhonn cás ar chás, agus torthaí a chuid iniúchóireachta féin agus iniúchóireacht na Cúirte Iniúchóirí á gcur san áireamh. Bunaithe ar an méid thuas, déantar caiteachas a ghrúpáil i gcatagóir ísealriosca, i gcás inarb é 3 nó 4 an grádú coigeartaithe deiridh; meánriosca, i gcás inarb é 2 an grádú coigeartaithe deiridh; agus ardriosca, i gcás inarb é 1 an grádú coigeartaithe deiridh. Eiseoidh an Coimisiún forchoimeádais i gcás ina sainaithneofar rioscaí maidir le heasnaimh thromchúiseacha i gcórais rialachais na mBallstát (grádú 1) nó i gcás ina mbeidh Ballstát tite chun deiridh maidir lena gharspriocanna.
Tá ceithre ghrád ann lena dtugtar tuairisc ar fheidhmiú chórais rialachais na n-idirghabhálacha:
·4 – ag feidhmiú go maith, i gcás córais rialachais nár aimsíodh aon eisceacht nó ar aimsíodh fíorbheagán eisceachtaí ina leith sna tástálacha ar rialuithe;
·3 – ag feidhmiú, i gcás córais rialachais ar aimsíodh beagán eisceachtaí ina leith sna tástálacha ar rialuithe;
·2 – ag feidhmiú go páirteach, i gcás córais rialachais ar aimsíodh roinnt eisceachtaí ina leith sna tástálacha ar rialuithe;
·1 – neamhfheidhmiúil, i gcás córais rialachais ar aimsíodh roinnt eisceachtaí sistéamacha ina leith sna tástálacha ar rialuithe, a dhéanann difear mór d’éifeachtacht na rialuithe
Tá ról ríthábhachtach ag a bheith ag brath ar na comhlachtaí deimhniúcháin faoin bprionsabal iniúchóireachta aonair a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm. Dá thoradh sin, ní dhéanann sé iniúchadh ar ghníomhaireachtaí íocaíochta ach amháin mura féidir brath ar obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin. In 2024, rinne an Coimisiún 48 n-iniúchadh, lenar díríodh ar na córais rialachais atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Leis na hiniúchtaí céanna, i gcás inarb ábhartha, cumhdaíodh dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi chlárthréimhse 2014-2022 freisin.
Na bearta ceartaitheacha a cuireadh chun feidhme in 2024, arbh fhiú EUR 891 mhilliún iad, baineann siad fós leis an gcóras comhbheartais talmhaíochta a bhí ann roimhe seo. Ní dhearnadh cinneadh go fóill maidir le haon ghlancheartú airgeadais i ndáil le caiteachas faoi phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta. Léiríodh le hiniúchtaí 2024 gur bhunaigh na Ballstáit córais rialachais chuí, go ginearálta, le haghaidh an chomhbheartas talmhaíochta nua. Thángthas ar roinnt easnamh a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach agus ar osclaíodh nósanna imeachta comhréireachta ina leith chun na heasnaimh a dheimhniú agus chun measúnú a dhéanamh ar an riosca do bhuiséad an Aontais. Tá am ag teastáil chun go dtabharfaidh nósanna imeachta comhréireachta deis do na Ballstáit torthaí an Choimisiúin a bhréagnú. Ó dheireadh 2024, ní raibh aon nós imeachta comhréireachta tugtha chun críche le haghaidh an chaiteachais faoi phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta.
Maidir leis an gcaiteachas a cuireadh chun feidhme lasmuigh de na pleananna straitéiseacha um fhorbairt tuaithe, bearta margaidh agus íocaíochtaí díreacha (22 % den chaiteachas faoin gceannteideal seo), bhí an riosca tráth na híocaíochta comhchosúil leis an riosca in 2023, is é sin 2.79 % i gcás forbairt tuaithe, 1.99 % i gcás bearta margaidh agus 5.95 % i gcás íocaíochtaí díreacha. I gcomhréir leis na rátaí stairiúla maidir leis na bearta lena ngabhann caiteachas in 2024, tá na rátaí níos airde i ngeall ar na rialacha a bheith níos casta.
Lean caiteachas a bhaineann le hiascach, leis an gcomhshaol agus le tionscnaimh aeráide – 3 % de chaiteachas faoin gceannteideal seo – de bheith ina chaiteachas ísealriosca. Is é 0.59 % an riosca measta tráth na híocaíochta don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020 (i gcomparáid le 1.37 % in 2023). Cé go bhfuil clár amháin faoi fhorchoimeádas faoi láthair, tá na ceartuithe airgeadais agus na bearta coimirce comhfhreagracha á gcur chun feidhme. Ba é 1.11 % an riosca measta tráth na híocaíochta don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe le haghaidh 2021-2027. Ar an iomlán, d’fhan an leibhéal riosca cobhsaí ó bhí 2021 ann, ag thart ar 1 %, a mheastar a bheith ina chineál caiteachais ísealriosca. Ar an gcaoi chéanna, tá próifílí caiteachais ísealriosca ag an Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol agus an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, ag a bhfuil rioscaí tráth na híocaíochta 0.25 % agus 0.40 % faoi seach. Is gné dhílis de na cineálacha íocaíochtaí atá ag an dá roinn gur de chineál ísealriosca iad go príomha (e.g. soláthairtí, fóirdheontais do ghníomhaireachtaí díláraithe, comhaontuithe ranníocaíochta le heagraíochtaí idirnáisiúnta).
Ag deireadh 2024, bhí seacht bhforchoimeádas ann maidir leis an gceannteideal seo, mar a thuairiscítear thíos.
Cúig fhorchoimeádas athfhillteacha do dheighleoga caiteachais nó do chláir ina bhfuil laigí rialaithe agus/nó rátaí earráide os cionn 2 %:
•bearta margaidh de chuid an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta i ndáil le sé scéim cabhrach i gceithre Bhallstát, cainníochtaithe;
•íocaíochtaí díreacha (clár roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánachas) i ndáil le Ballstát amháin, cainníochtaithe;
•bearta de chuid an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe i ndáil le 12 ghníomhaireacht íocaíochta i 10 mBallstát, cainníochtaithe;
•An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, de dheasca laigí sa chóras bainistithe agus rialaithe i mBallstát amháin, neamhchainníochtaithe;
•Clárlann chóras trádála astaíochtaí an Aontais, forchoimeádas a bhaineann le rioscaí TF, neamhchainníochtaithe.
Dhá fhorchoimeádas nua maidir le caiteachas faoi phleananna straitéiseacha comhbheartais talmhaíochta um idirghabhálacha sna Ballstáit inar sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha fhéideartha i bhfeidhmiú na gcóras rialachais. I bhfianaise an mheasúnaithe cháilíochtúil, ní féidir aon tionchar airgeadais a chinneadh, agus ní chainníochtaítear na forchoimeádais. Is é an easpa cainníochtaithe sin a mhíníonn an laghdú mór ar an tionchar airgeadais i gcomparáid le 2023:
•maidir le caiteachas a thagann faoin gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (10 bhforchoimeádas i 10 ngníomhaireacht íocaíochta i gcás naoi mBallstát a dhéanann difear do 28 n-idirghabháil);
•maidir le caiteachas nach dtagann faoin gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (sé fhorchoimeádas i sé ghníomhaireacht íocaíochta i gcás cúig Bhallstát a dhéanann difear do naoi n-idirghabháil).
I ngach cás ina raibh forchoimeádais mar thoradh ar na heasnaimh a sainaithníodh, tá dlúthbhearta leantacha i bhfeidhm, lena n-áirítear nósanna imeachta imréitigh comhréireachta chun buiséad an Aontais a chosaint ar deireadh, faireachán ar chur chun feidhme beart feabhais arna ndéanamh ag na Ballstáit agus, i gcás inar gá, briseadh sna íocaíochtaí leis na Ballstáit nó laghdú/cur ar fionraí na n-íocaíochtaí sin (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Imleabhar III, Iarscríbhinn 5).
Ceannteideal 4 – Imirce agus bainistiú teorainneacha
Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 3,5 billiún (2023: EUR 3.0 billiún).
Riosca tráth na híocaíochta: 1.3 % (2023: 1.1 %).
Riosca tráth an dúnta: 1.2 % (2023: 1.0 %).
Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 45,5 milliún (2023: EUR 2,5 milliún):
·bearta coisctheacha arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún: EUR 13,6 milliún (2023: EUR 1,3 milliún);
·bearta ceartaitheacha arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún: EUR 1,1 milliún (2023: EUR 1,1 milliún).
Forchoimeádais: dhá fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 3,4 milliún acu (2023: dhá fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 0,8 milliún acu).
Maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha (
), tháinig méadú beag ar an riosca tráth na híocaíochta (1.3 %) agus ar an riosca tráth an dúnta (1.2 %) i gcomparáid le 2023, ach bhí an dá riosca fós faoi bhun 2 %. In 2024, d’fhan méid na mbeart ceartaitheach cobhsaí, agus bhí méid na mbeart coisctheach i bhfad níos airde i gcomparáid le 2023, ag EUR 13,6 milliún. Is éard a mhíníonn é sin go páirteach an bhearna ama idir cinntí a rinneadh in 2023 ach a cuireadh chun feidhme i gcóras cuntasaíochta an Choimisiúin in 2024 dar luach EUR 5,3 milliún.
Is deighleoga caiteachais lena mbaineann riosca íseal go príomha a bhí sa réimse beartais sin. I gcás sciar 87 % den chaiteachas ábhartha, tá an riosca tráth na híocaíochta faoi bhun 2 %. Áirítear leis sin na híocaíochtaí le gníomhaireachtaí díláraithe arna vótáil ag an údarás buiséadach, a measadh a bheith ina gcineál caiteachais saor ó earráidí agus arb é 40 % an sciar díobh. Tá ísealriosca ag baint freisin le cur chun feidhme an Chiste Slándála Inmheánaí, an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, faoin modh bainistíochta comhroinnte, arb é atá ann 44 % den chaiteachas ábhartha, agus is é 1,1 % agus 0,8 % an riosca foriomlán tráth na híocaíochta atá ag baint leis na cláir i dtréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 faoi seach.
An t-aon deighleog chaiteachais ardriosca a chuir an Coimisiún chun feidhme go díreach, shroich a riosca tráth na híocaíochta 6.64 % in 2024 (suas ó 4.04 % in 2023). Ní raibh sa deighleog sin ach 13 % den chaiteachas ábhartha le haghaidh 2024 agus chomhfhreagair sí do dheontais le haghaidh gníomhaíochtaí AE agus cúnamh éigeandála chun tacú leis na Ballstáit i réimsí na himirce agus an bhainistithe teorainneacha.
Ag deireadh 2024, sainaithníodh dhá fhorchoimeádas:
•forchoimeádas amháin maidir leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027, cainníochtaithe i gcás dhá Bhallstát agus neamhchainníochtaithe i gcás Ballstát amháin.
•forchoimeádas amháin maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020, cainníochtaithe i gcás Ballstát amháin agus tír amháin atá comhlachaithe le Schengen agus neamhchainníochtaithe i gcás sé Bhallstát.
Ceannteideal 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint
Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 318,7 milliún (2023: EUR 136,7 milliún).
Riosca tráth na híocaíochta: 0.5 % (2023: 0.5 %).
Riosca tráth an dúnta: 0.5 % (2023: 0.5 %).
Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 7,5 milliún (2023: EUR 1,9 milliún):
·bearta coisctheacha: EUR 7,2 milliún (2023: EUR 1,9 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 0,3 milliún (2023: EUR 0 milliún).
Forchoimeádais: ceann ar bith (2023: ceann ar bith).
Faoin gceannteideal seo, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta cobhsaí, agus an-íseal, idir 2023 agus 2024. Is é is cúis leis sin an phróifíl riosca íseal is gné dhílis de na tairbhithe, modhanna cistiúcháin na gclár éagsúil agus feidhmíocht na gcóras rialaithe gaolmhar. Ar an iomlán, tháinig méadú 133 % ar an gcaiteachas ábhartha ó 2023 go 2024. Is é is príomhchúis leis sin dul chun cinn tionscadal faoi na Cistí Eorpacha Cosanta agus faoin gclár táirgthe armlóin ar cuireadh tús leo ó thús na clárthréimhse, rud a fhágann go ndéantar níos mó íocaíochta tar éis cúpla bliain.
Tá beagnach 76 % den chaiteachas nasctha le tionscnaimh chosanta (i.e. an Ciste Eorpach Cosanta agus a chláir réamhtheachtacha, an Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin agus an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta) a chuirtear chun feidhme go príomha trí bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún, trí dheontais agus soláthar. Rinneadh an caiteachas a bhí fágtha, lena n-áirítear cuid den ghníomhaíocht ullmhúcháin maidir le taighde cosanta, a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus ag an Eagraíocht um Chomhar Armála.
Is an méadú ar íocaíochtaí a sheiceáiltear ex ante is mó is cúis leis an méadú ar bhearta coisctheacha, a leanann as rialuithe ex ante a dhéantar sula ndéantar na híocaíochtaí. Braitheadh fíorbheagán earráidí tar éis na híocaíochta mar thoradh ar rialuithe ex post, agus dá bhrí sin bhí an líon beart ceartaitheach fós íseal, rud atá comhsheasmhach leis an ísealriosca is gné dhílis den chaiteachas sin.
Ceannteideal 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil – slándáil agus cosaint – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Ceannteideal 6 – An Chomharsanacht agus an Domhan
Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 20,0 billiún (2023: EUR 14.2 billiún).
Riosca tráth na híocaíochta: 0.8 % (2023: 0.8 %).
Riosca tráth an dúnta: 0.7 % (2023: 0.7 %).
Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 153,1 milliún (2023: EUR 150,5 milliún):
·bearta coisctheacha: EUR 125,5 milliún (2023: EUR 138,1 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 27,6 milliún (2023: EUR 12,4 milliún).
Forchoimeádais: forchoimeádas amháin gan tionchar airgeadais (2023: forchoimeádas amháin).
In 2024, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta (0.8 %) agus an riosca tráth an dúnta (0.7 %) cobhsaí i gcomparáid le 2023 agus bhí siad i bhfad faoi bhun 2 %. Tháinig méadú EUR 5,8 billiún – níos mó ná 30 % i gcomparáid le 2023 – ar an gcaiteachas a bhain go príomha leis an tSaoráid don Úcráin, ar cuireadh tús léi in 2024 (EUR 3,6 billiún faoi bhuiséad an Aontais agus EUR 13,1 billiún d’iasachtaí lasmuigh de bhuiséad an Aontais), agus leis na ranníocaíochtaí leis an gCiste Domhanda (EUR 1,16 billiún).
Seoladh an tSaoráid nua don Úcráin i mí an Mhárta 2024. San iomlán, cuirfidh sé EUR 50 billiún de thacaíocht airgeadais ar fáil don Úcráin i gcaitheamh an tréimhse 2024-2027, lena gcomhcheanglófar tacaíocht neamh-inaisíoctha (ó bhuiséad an Aontais) agus iasachtaí ardlamháltais (ó iasachtaí). Tá na híocaíochtaí bunaithe ar fheidhmíocht agus braitheann siad ar chéimeanna réamhshainithe a bhaint amach.
D’ainneoin an leibhéil ísil earráide i bhformhór na ndeighleog caiteachais, lean an Coimisiún de bheith ag fiosrú deiseanna chun feabhas a chur ar an mbainistíocht airgeadais a dhéanann sé ar chláir a rialaítear uaireanta le nósanna imeachta casta cistiúcháin. Tá gá leis sin freisin mar gheall ar an timpeallacht chasta oibríochtúil, a bhfuil dothuarthacht, luaineacht agus neamhshlándáil ina saintréithe di.
Doiciméid tacaíochta a bheith in easnamh, saincheisteanna soláthair agus imréiteach iomarcach is mó is cúis leis na hearráidí a dhéantar i ndeontais agus sa bhainistíocht indíreach. Is é conclúid na Cúirte Iniúchóirí go bhfuil imréiteach iomarcach ann nuair a íocann an Coimisiún níos mó ná an costas iarbhír arna thabhú ag na comhpháirtithe cur chun feidhme. Ní mheasann seirbhísí an Choimisiúin gur earráid é cás den sórt sin ós rud é go dtugtar é sin chun rialtachta in aon chás ag deireadh an tionscadail, mar a bhfuil an íocaíocht deiridh bunaithe ar na costais iarbhír a tabhaíodh. Mar sin féin, tá bearta maolaithe déanta ag seirbhísí an Choimisiúin, amhail na próisis idirphlé agus fíorúcháin a neartú chun trédhearcacht sa chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta a mhéadú, chun aghaidh a thabhairt ar na laigí agus ar na heasnaimh. Thairis sin, thug Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta an t-athbhreithniú ar a straitéis rialaithe i gcrích in 2024, agus tá na bearta atá le déanamh mar obair leantach á meas aici anois. Moltar sa tuarascáil go bhfeabhsófar éifeachtacht na rialuithe agus go simpleofar agus go laghdófar an t-ualach riaracháin, agus moltar bearta maidir le bainistíocht indíreach agus deontais chun earráidí a chosc agus a laghdú.
Coinníodh an forchoimeádas maidir le tionscadail sa Libia, sa tSiria agus san Úcráin ar bun in 2024. Sna tíortha sin, ní féidir le toscaireachtaí an Aontais gníomhaíochtaí caighdeánacha faireacháin agus rialaithe a chur chun feidhme i ngeall ar shrianta slándála agus polaitiúla ar an láthair. Cuireadh bearta maolaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear cianfhaireachán agus cros-seiceáil faisnéise ó fhoinsí éagsúla. Mar sin féin, ní féidir leo aghaidh a thabhairt go hiomlán ar an tionchar ar dhearbhú an chaiteachais chomhfhreagraigh. Gan an Coimisiún a bheith ar an láthair, is é is cuspóir do na bearta sin na rioscaí sistéamacha a bhaineann leis na hoibríochtaí a mhaolú a mhéid is féidir, fiú má leanann na tíortha de bheith ina limistéir coinbhleachta gníomhaí.
Ceannteideal 6 den chreat airgeadais ilbhliantúil – An Chomharsanacht agus an Domhan – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
Ceannteideal 7 – Riarachán Poiblí Eorpach
Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 11,6 billiún (2023: EUR 8.9 billiún).
Riosca tráth na híocaíochta: 0.5 % (2023: 0.5 %).
Riosca tráth an dúnta: 0.5 % (2023: 0.5 %).
Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 5,9 milliún (2023: EUR 3,5 milliún):
·bearta coisctheacha: EUR 4,3 milliún (2023: EUR 2,7 milliún);
·bearta ceartaitheacha: EUR 1,6 milliún (2023: EUR 0,8 milliún).
Forchoimeádais: forchoimeádas clú amháin (2023: forchoimeádas clú amháin).
Leis an gceannteideal seo, tugtar le chéile seirbhísí agus ranna uile an Choimisiúin lena soláthraítear seirbhísí do sheirbhísí agus ranna eile de chuid an Choimisiúin go príomha ach nach bhfuil aon chuspóir beartais oibríochtúil acu. Dá réir, is é caiteachas riaracháin den chuid is mó a bhainistíonn na heintitis faoin modh bainistíochta dírí, amhail an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla, arb é atá ann thart ar 61 % den chaiteachas faoin gceannteideal seo. An méadú ar an gcaiteachas ábhartha i gcomparáid le 2023, comhfhreagraíonn sé go príomha (EUR 2,54 billiún) don fhóirdheontas úis a íocadh faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus faoin gclár cúnaimh macrairgeadais 'plus' don Úcráin.
Socraíodh an riosca tráth na híocaíochta go stuama ag 0,5 % i gcás an chineáil caiteachais ísealriosca sin. Ós rialuithe ex ante den chuid is mó a bhaineann le formhór na gcóras rialaithe comhfhreagrach, ba mhinic a socraíodh na ceartúcháin a mheastar a bheidh ann amach anseo ag 0,0 %, rud is stuama. Dá bhrí sin, tá an riosca tráth an dúnta cothrom leis an riosca tráth na híocaíochta, agus d’fhan sé an-íseal ag 0.5 %. In 2024, ba é EUR 4,3 milliún a bhí i mbearta coisctheacha an Choimisiúin, níos mó ná an EUR 2,7 milliún anuraidh. EUR 1,6 milliún (EUR 0,8 milliún in 2023) a bhí sna bearta ceartaitheacha. I gcás cheannteideal 7, tá an méadú ar aisghabhálacha ina léiriú ar an gcoigeartú réamhíocaíochtaí tar éis na chéad bhliana iomláine de chur chun feidhme creata chonarthaigh nua. Ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, baineann na haisghabhálacha sin le tabhairt chun rialtachta caighdeánach íocaíochtaí agus ní chomhfhreagraíonn siad do cheartú neamhrialtachtaí.
Sa réimse beartais sin, choinnigh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne an forchoimeádas clú ar bun a ardaíodh in 2023 maidir leis na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus nósanna imeachta agus comórtais roghnúcháin nua á gcur chun feidhme. Na bearta a glacadh dar tús 2023, níor imir siad a dtionchar maolaithe iomlán go fóill.
Ceannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil – Riarachán Poiblí Eorpach – forbhreathnú ar dheighilt riosca le haghaidh 2022-2024
Foinse: Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2024.
18.Rinneadh bearta éifeachtúlachta
Táscaire amháin a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht nósanna imeachta agus rialuithe atá i bhfeidhm chun íocaíochtaí a dhéanamh is ea an t-am chun íocaíocht a dhéanamh. In 2024, rinneadh 99 % d’íocaíochtaí (de réir luacha) laistigh den sprioc-am íocaíochta dlíthiúil (féach an graf), d’ainneoin go raibh tionchar nach beag fós á imirt ag géarchéimeanna éagsúla ar an timpeallacht oibre. Tá ríthábhacht leis sin, óir braitheann roinnt mhaith tairbhithe ar na híocaíochtaí sin chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh agus chun a dtionscadail a chur i gcrích, rud a rannchuidíonn le cuspóirí an Choimisiúin.
Bíonn an Coimisiún i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar éifeachtúlacht a chuid oibríochtaí chun a chuspóirí a bhaint amach faoi shrianta buiséadacha dochta agus chun na cuspóirí a leagtar amach ina chlár oibre digiteach a bhaint amach. Tá próisis á gcuíchóiriú chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as acmhainní teoranta.
I bhfianaise dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá claochlú digiteach an Choimisiúin ag dul chun cinn trína bheith ag leanúint d'uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha níos éifeachtúla a fhorbairt chun éifeachtúlacht a phróisis ghnó a mhéadú agus trí chumais mhéadaithe bainistithe sonraí agus tuairiscithe a chur ar fáil.
Cloch mhíle thábhachtach sa chlaochlú digiteach atá dírithe ar ghnó is ea cur i bhfeidhm chóras nua airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin (SUMMA) (féach an bosca thíos).
SUMMA – cur i bhfeidhm chóras airgeadais corparáideach an Choimisiúin den chéad ghlúin eile
In 2024, i gcomhréir le straitéis dhigiteach an Aontais, lean an Coimisiún dá ardán airgeadais corparáideach nua, SUMMA, a chur chun feidhme agus a chur in úsáid. Cuireadh an t-ardán i bhfeidhm i ranna agus i ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin i mí Eanáir 2025, in ionad an iarchórais lárnaigh cuntasaíochta, buiséid agus cisteáin ina iomláine, agus cuirfear é in úsáid a thuilleadh go dtí go mbeidh na heintitis uile á úsáid faoi 2027. Cuireann sé sin go mór le héifeachtúlacht ghnó, chomh maith le solúbthacht trí anailísíocht fhíor-ama chomhtháite, agus laghdóidh sé costais úinéireachta agus chothabhála amach anseo.
Is córas airgeadais nua-aimseartha é SUMMA, a dearadh i ndlúthchomhar leis na húinéirí gnó, bunaithe ar na caighdeáin tionscail is fearr agus atá comhtháite go hiomlán i dtimpeallacht teicneolaíochta faisnéise chorparáideach an Choimisiúin.
De bharr comhtháthú leis na príomhchórais chorparáideacha agus áitiúla le linn 2024, méadaíodh leibhéal foriomlán uathoibrithe oibríochtaí an Choimisiúin. Tá creat rialachais láidir ag clár SUMMA agus úsáideann sé córas dearbhaithe cáilíochta críochnúil, bunaithe ar thástálacha tráthrialta ar phróisis agus ar chomhtháthuithe SUMMA. Tar éis measúnú cuimsitheach, lenar deimhníodh ullmhacht SUMMA agus na gcóras comhtháite, mar aon leis an ullmhacht eagraíochtúil chun an t-ardán a chur i bhfeidhm, chomhaontaigh Bord Maoirseachta SUMMA é a chur in úsáid i mí na Samhna 2024 le haghaidh na n-oibríochtaí ar an mbuiséad lena bhfuil coinne do 2025 mar thús. Ó bhí mí Eanáir 2025 ann, tá SUMMA á úsáid ag an gCoimisiún agus ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin le haghaidh na n-oibríochtaí airgeadais uile.
Cuirtear samplaí eile de bharainneacht agus éifeachtúlacht i láthair sa bhosca thíos.
Samplaí de bharainneacht agus éifeachtúlacht
·Ceann de na bearta a bhfuil coinne leis go mbeidh an éifeacht is leithne agus is fadtéarmaí acu is ea úsáid mhéadaithe a bhaint as cistiú roghanna costais simplithe, go háirithe cnapshuimeanna agus costais aonaid, i roinnt réimsí beartais. I réimse an taighde, tá úsáid cnapshuimeanna ag éirí níos tábhachtaí, agus tá rabharta mór breise de chistiú cnapshuime sna cláir oibre do 2024 arb é atá ann 27 % de bhuiséad iomlán na nglaonna, agus is é an cuspóir atá ann gurb é 50 % de bhuiséad iomlán na nglaonna a bhainfear amach faoi 2027. Chomh maith leis sin, ó bhí mí na Bealtaine 2024 ann, tugadh isteach costais aonaid roghnacha le haghaidh pearsanra. Tar éis mionanailís a dhéanamh ar dheontais chnapshuime, bíonn tóir ag úsáideoirí orthu i gcónaí agus meastar go laghdaíonn siad an t-ualach riaracháin.
·Fós sa réimse céanna, d’fhorbair an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde seiceálacha uathoibrithe le haghaidh tograí cnapshuime. Cuidíonn na seiceálacha sin le meastóirí measúnú a dhéanamh ar bhuiséid. Chuidigh an réamhanailís sin lena shainaithint cé na príomh-mhíreanna buiséid ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu.
·I mbeartais gníomhaíochta seachtraí le linn 2024, laghdaíodh an líon táscairí le haghaidh chreat torthaí na Seirbhíse um Ionstraimí Beartais Eachtraigh 68 % (ó 512 tháscaire go 166 tháscaire). Ba é an próiseas rialála níos fearr a spreag an obair choincréiteach sin maidir le simpliú, mar fhreagairt do mholadh ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach i ndáil le creat bainistíochta feidhmíochta 2020. Leis an gcreat feidhmíochta athbhreithnithe sin, beidh modhanna níos soiléire, níos cuíchóirithe agus níos trédhearcaí ag comhpháirtithe cur chun feidhme chun torthaí infheistíocht an Aontais sa ghníomhaíocht sheachtrach a thuairisciú sna blianta amach romhainn. Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh sé sin freisin lena n-ualach riaracháin a laghdú.
·Lean roinnt ranna de chuid an Choimisiúin de thuairisciú a dhéanamh in 2024 ar an dul chun cinn mór a rinneadh sna cláir ríomhsholáthair. Bhain an tAirmheán Comhpháirteach Taighde cloch mhíle thábhachtach amach ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024 nuair a cuireadh deireadh iomlán leis an ríomhthairiscint, ar cuireadh an Uirlis Bainistithe Soláthair Phoiblí agus an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ ina hionad. Go praiticiúil, tá ceann amháin ar a laghad dá gcreatchonarthaí ionduchtaithe go hiomlán ar eContracting ag ranna uile an Choimisiúin nó tá siad in ann creatchonarthaí roinne eile a úsáid. Tá réiteach iomlán á tháirgeadh ar féidir le ranna uile an Choimisiúin a úsáid anois le haghaidh a gconarthaí díreacha nua. Bíonn feabhas leanúnach á dhéanamh ar an réiteach ríomhsholáthair, agus leanfar de sin in 2025. Is é is aidhm do na feabhsuithe sin níos mó solúbthachta agus éifeachtúlachta a thabhairt d’úsáideoirí.
·Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha an tArdán Réiteach In-Athúsáidte, ar tacar bloc tógála bogearraí é, do ranna eile de chuid an Choimisiúin ionas nach gá dóibh an fheidhmiúlacht faoi seach a sholáthar ná a fhorbairt iad féin. Seachnaíonn an t-ardán sin costas agus cuireann sé feabhas ar bharainneacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí teicneolaíochta faisnéise ar an leibhéal corparáideach. Cuireann sé feabhas freisin ar shlándáil na teicneolaíochta faisnéise agus cothaíonn sé prionsabal na hathúsáide ar fud na hinstitiúide.
·Rinneadh Kohesio, arb é an t-ardán poiblí le haghaidh infheictheacht agus trédhearcacht tionscadal arna gcistiú ag an mbeartas comhtháthaithe, a nuashonrú agus a shaibhriú a thuilleadh in 2024. Cumhdaítear leis sonraí ó na Ballstáit uile agus tá sé ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ag deireadh na bliana, bhí beagnach 2 mhilliún tionscadal agus 630 000 tairbhí in Kohesio a fuair tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear Interreg. Tá tús curtha le tionscadail ó chlárthréimhse 2021-2027, agus tá léarscáil nua á forbairt chun taiscéalaíocht réimsí téamacha ar fud gnéithe geografacha a fheabhsú. Leanann Graf Eolais an Aontais de bheith ina chnámh droma ag Kohesio, lena bhfoilsítear na sonraí uile i bhformáid oscailte nasctha. Cuireann sé ar a gcumas do thaighdeoirí agus do shaoránaigh sonraí a easpórtáil, rud a chuireann trédhearcacht maidir le cistí comhtháthaithe chun cinn.
Tionchar na hintleachta saorga
i mí Eanáir 2024, d’eisigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an intleacht shaorga sa Choimisiún (AI@EC) (
), lena leagtar síos fís straitéiseach chun forbairt agus úsáid córas intleachta saorga atá dleathach, sábháilte agus iontaofa a chothú sa Choimisiún. Leis sin, bhí coinne ag an gCoimisiún leis go gcuirfí Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga (
) chun feidhme agus d’ullmhaigh sé go hinmheánach dó, rud a glacadh agus a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2024. Is é an gníomh sin an chéad dlí cuimsitheach ar domhan maidir leis an intleacht shaorga. Áirítear ann bearta nithiúla maidir leis an gcaoi a bhforbróidh an Coimisiún acmhainneacht institiúideach agus oibríochtúil chun úsáid shábháilte thrédhearcach dhuinelárnach na hintleachta saorga a áirithiú ina chuid oibre. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar chleachtais intleachta saorga áirithe atá ina mbagairtí móra agus leagtar síos oibleagáidí dochta leis maidir le córais intleachta saorga ardriosca. In éineacht leis sin, seoladh GPT@EC, ardán intleachta saorga atá le húsáid laistigh den Choimisiún.
Sa taighde agus sa nuálaíocht, tugadh faoi deara gur tháinig méadú mór ar an líon tograí a fuarthas le haghaidh roinnt mhaith glaonna, arb é glacadh tapa na hintleachta saorga giniúnaí ag iarratasóirí is dócha is cúis leis, go páirteach ar a laghad. Mhéadaigh sé sin an t-ualach oibre agus an brú ar acmhainní le linn mheastóireacht agus roghnú na dtograí. Tá rioscaí ann freisin a bhaineann le húsáid uirlisí intleachta saorga ag saineolaithe agus ag foireann an Choimisiúin, mar aon leis na himpleachtaí eiticiúla a bhaineann le huirlisí intleachta saorga a úsáid laistigh de thionscadail. Seo a leanas samplaí: meastóireachtaí a d’fhéadfadh a bheith claonta go dearfach i bhfabhar tograí a dhéantar le cúnamh intleachta saorga i ngeall ar cháilíocht a ndréachtaithe a bheith níos fearr, agus a d’fhéadfadh neamhaird a thabhairt ar bharr feabhais eolaíoch i dtograí eile; ionramháil fhéideartha ar CVanna taighdeoirí, rud a fhágann gur gá seiceálacha agus fíoruithe ag saineolaithe meastóireachta a mhéadú; rátaí cáilíochta agus rathúlachta níos ísle i gcás tionscadail a dhréachtaítear le cúnamh intleachta saorga; agus tuarascálacha tionscadail agus táirgí insoláthartha a bhfuil ábhar neamhiontaofa iontu. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus ar an méadú ar fheidhmeanna araon, tá Tascfhórsa um an Intleacht Shaorga ag fiosrú saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ag dearadh beart chun aghaidh a thabhairt orthu, a chomhthiomsaítear sa ‘
Nóta treorach – Uirlisí intleachta saorga a úsáid agus tograí ardoideachais á gcur isteach agus meastóireacht á déanamh orthu
’.
Maidir leis an gcur chuige Eorpach nua i leith na hintleachta saorga, foilsíodh treoirlínte maidir le húsáid na hintleachta saorga giniúnaí san eolaíocht in 2024 trí Fhóram an Limistéir Eorpaigh Taighde, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha, chun tacú leis an bpobal taighde Eorpach úsáid fhreagrach a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach agus leis an tsláine taighde (
).
19.Tá costais na rialuithe comhréireach leis na rioscaí gaolmhara
In 2024, tar éis measúnú comhcheangailte a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht agus a mbarainneacht, tháinig ranna uile an Choimisiúin ar chonclúid dhearfach maidir le costéifeachtacht a rialuithe. Na hacmhainní a leithdháiltear ar rialuithe, déantar iad a ailíniú leis na rioscaí a bhaineann le cineál na gclár agus/nó leis an gcomhthéacs ina gcuirtear chun feidhme iad. Tá costas na rialuithe cobhsaí go ginearálta le himeacht aimsire. Ní féidir a gcostais rialaithe a chur i gcomparáid go fóinteach i ngeall ar éagsúlacht na gclár caiteachais agus na gnéithe éagsúla díobh. Mar sin féin, is féidir roinnt spreagthóirí costais comónta a shainaithint, mar a thaispeántar sa bhosca téacs seo a leanas.
|
Samplaí de spreagthaí costais comónta
An chastacht bhunúsach de na cláir a ndéantar bainistíocht orthu. Le deontais bunaithe ar aisíocaíocht fíorchostas tugtar le fios go bhfuil rialuithe dlúthshaothair i gceist seachas maoiniú bunaithe ar chnapshuimeanna, roghanna costais simplithe nó maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, amhail ionstraimí feidhmíochtbhunaithe.
An chastacht a bhaineann leis an timpeallacht ina gcuirtear cláir chun feidhme. Is dócha go mbeidh costais rialuithe níos airde i gcás struchtúr eagraíochtúil il-láithreáin nó i gcás ina mbeidh comhpháirtithe agus/nó tairbhithe lonnaithe lasmuigh de dhlínse an Aontais.
Na méideanna atá le próiseáil. Le líon ard íocaíochtaí ar luach íseal, ginfear costais rialuithe níos airde ná ollíocaíochtaí athfhillteacha, agus ceanglaítear leis an gcreat rialála rialuithe áirithe do-chomhbhrúite. Díbharainneachtaí scála atá mar thoradh air sin.
Modh chur chun feidhme an bhuiséid. Faoin modh bainistíochta indírí agus comhroinnte, comhroinntear costas na rialuithe idir an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme, ach is é an Coimisiún a íocann an costas iomlán faoin modh bainistíochta dírí.
Saolré an chláir: I dtreo chéim dheiridh na gclár (e.g. faoin modh bainistíochta dírí), d’ainneoin an leibhéil ísil caiteachais, ní mór íosleibhéal rialuithe a dhéanamh fós, as a dtagann méadú ar an gcóimheas idir costas na rialuithe agus an caiteachas arna rialú.
An méadú ar na meánchostais foirne chaighdeánacha, arna spreagadh ag coigeartuithe tuarastail agus luaineachtaí i rátaí malairte airgeadra. Le roinnt blianta anuas, tá méaduithe móra tagtha ar chostais foirne de dheasca boilsciú, ach tá an buiséad foriomlán a bhainistítear agus a rialaítear gach bliain cobhsaí i gcónaí. I ngníomhaíocht sheachtrach, tá toisc bhreise ann a bhaineann le rátaí malairte airgeadra.
|
Ar mhaithe le trédhearcacht agus iomláine, tá na ranna a bhíonn ag plé le bainistíocht chomhroinnte agus/nó bainistíocht indíreach tar éis costas na rialuithe sna Ballstáit agus in eintitis a gcuirtear cúram orthu a thuairisciú ar leithligh ó chostas rialuithe dílis an Choimisiúin ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí.
20.Dearbhú bainistíochta
Mar chuid den chóras rialachais a mhínítear thuas, áirithítear dearbhú bainistíochta foriomlán tríd an dearbhú a thugann na hArd-Stiúrthóirí, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta. Forlíontar é leis an tuairim ón gCúirt Iniúchóirí mar aon le pointí maidir le hurscaoileadh 2023 a thug an t-údarás buiséadach agus maidir leis an obair leantach ar na moltaí urscaoilte agus iniúchóireachta seachtraí.
21.Measúnuithe, dearbhú agus forchoimeádais arna ndearbhú ag oifigigh údarúcháin
Maidir le bliain tuairiscithe 2024, ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí faoi seach (
), dhearbhaigh gach ceann de na 51 oifigeach údarúcháin trí tharmligean (
) go raibh dearbhú réasúnta acu (1) go léirítear ‘seasamh fíor agus cothrom’ (i.e. iontaofa, iomlán agus ceart) leis an bhfaisnéis atá ina dtuarascálacha i ndáil leis an staid ina ranna; (2) gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh dá ngníomhaíochtaí chun na críche a bhí beartaithe dóibh agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus (3) go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, agus cineál ilbhliantúil roinnt clár agus cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh.
Laistigh dá bpróiseas foriomlán forbartha dearbhaithe agus bunaithe ar a ndearcthaí bainistíochta, úsáideann na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean an fhaisnéis uile atá ar fáil le linn na bliana, go háirithe torthaí a rialuithe, chun go n-aithneoidh siad aon laige mhór, i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla, a bheadh ann i gcás gach cláir nó deighleoige dá bpunann. Ag deireadh gach bliana airgeadais, cinneann siad an dócha go mbeidh tionchar airgeadais laige den sórt sin os cionn na tairsí ábharthachta 2 % agus/nó an bhfuil an tionchar ar chlú suntasach. Más amhlaidh, cáilíonn siad a ndearbhú dearbhaithe le forchoimeádas maidir leis an gcatagóir shonrach dá déantar difear.
I gcás 2024, d’eisigh 11 oifigeach údarúcháin dearbhú dearbhaithe cáilithe, as ar eascair 18 bhforchoimeádas san iomlán mar a leanas. Ar an gcaoi chéanna, in 2023, bhí 14 fhorchoimeádas tuairiscithe ag 10 n-oifigeach údarúcháin.
•Coinníodh 14 fhorchoimeádas san iomlán ar bun ó bhlianta roimhe seo, a bhfuil sé cinn díobh neamhchainníochtaithe go hiomlán nó go páirteach. Coinnítear na forchoimeádais sin ar bun go príomha toisc gur féidir na bunchúiseanna leis an leibhéal ábhartha earráide a mhaolú go páirteach ach ní féidir deireadh iomlán a chur leo faoi chreataí dlíthiúla na gclár atá ann faoi láthair. Baineann formhór na bhforchoimeádas athfhillteach le deighleoga atá faoi bhainistíocht chomhroinnte lena gcumhdaítear laigí a shainaithnítear ar leibhéal Ballstáit, gníomhaireachta íocaíochta nó cláir agus a athraíonn gach bliain de ghnáth.
•Tá ceithre fhorchoimeádas nua ann, trí cinn díobh nach bhfuil cainníochtaithe agus a bhaineann le cláir faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus ceann amháin díobh atá cainníochtaithe agus a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag a bhfuil tionchar airgeadais EUR 17,5 milliún, arb é atá ann 0,02 % den chaiteachas iomlán faoin tSaoráid in 2024.
•I naoi gcás eile, níor eisíodh forchoimeádas de bhua na rialach de minimis, ina meastar, maidir le cásanna ag a bhfuil ráta earráidí iarmharacha os cionn na tairsí ábharthachta 2 % i ndáil le deighleoga a bhfuil níos lú ná 5 % d’íocaíochtaí iomlána na roinne i gceist leo agus a bhfuil tionchar airgeadais is lú ná EUR 5 mhilliún acu, nach bhfuil siad sách substaintiúil chun forchoimeádas a eisiúint. Bhí tionchar airgeadais iomlán na gcásanna sin in 2024 an-teoranta, ag EUR 8,6 milliún (
), cé gur tháinig méadú air i gcomparáid le 2023 (EUR 6,4 milliún).
I gcás forchoimeádais a bhaineann le caiteachas ó bhuiséad an Aontais, ba é EUR 330,9 milliún an tionchar airgeadais iomlán le haghaidh 2024, arb é atá ann 0,2 % den chaiteachas ábhartha, agus bhí laghdú tagtha air. Is laghdú é sin i gcomparáid le EUR 1 290,6 milliún le haghaidh 2023, rud a bhaineann go páirteach le cur chun feidhme chomhbheartas talmhaíochta 2023-2027. Maidir leis an gcaiteachas sin, i gcás easnaimh thromchúiseacha i gcórais rialachais as a n-eascraíonn forchoimeádas, ní féidir méid an tionchair airgeadais a chinneadh toisc gur toradh é ar mheasúnú cáilíochtúil agus nach bhfuil sé bunaithe ar ráta earráide. Tá an laghdú ar an tionchar airgeadais nasctha freisin leis na réimsí beartais comhtháthaithe, réimsí nár chuir na Ballstáit ach líon teoranta pacáistí dearbhaithe isteach ina leith faoin 1 Márta 2025, ós rud é, le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, arna leasú ag an Rialachán maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, go gceadaítear pacáistí dearbhaithe deiridh na mBallstát a chur isteach faoin 15 Feabhra 2026.
In Iarscríbhinn 5 in Imleabhar III, soláthraítear liosta iomlán de na forchoimeádais le haghaidh 2024, mar aon le mínithe agus mionsonraí breise.
22.Obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus an conclúid fhoriomlán
Déanann Ard-Stiúrthóirí agus seirbhísí an Choimisiúin a ndearbhú a bhunú freisin ar an obair a dhéanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.
Mar a cheanglaítear lena cairt mhisin, eisíonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach conclúid fhoriomlán bhliantúil maidir le bainistíocht airgeadais an Choimisiúin. Tá an chonclúid sin bunaithe ar an obair iniúchóireachta i réimse na bainistíochta airgeadais sa Choimisiún lena gcumhdaítear na 3 bliana dheireanacha (2022 go 2024). Cuirtear san áireamh sa chonclúid fhoriomlán freisin faisnéis ó fhoinsí eile, is iad sin tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Eisítear an chonclúid fhoriomlán an tráth céanna leis an tuarascáil seo agus cumhdaítear an bhliain chéanna léi.
Bunaithe ar an bhfaisnéis iniúchóireachta sin, mheas an tIniúchóir Inmheánach gur chuir an Coimisiún nósanna imeachta rialachais, bainistithe riosca agus rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm in 2024 atá leordhóthanach, ina n-iomláine, chun dearbhú réasúnta a thabhairt maidir le baint amach a chuspóirí airgeadais, cé is moite de na réimsí bainistíochta airgeadais sin a bhfuil forchoimeádais curtha in iúl ag oifigigh údarúcháin trí tharmligean ina leith ina ndearbhú dearbhaithe mar a liostaítear san iarscríbhinn.
Gan an chonclúid fhoriomlán le haghaidh 2024 a cháiliú a thuilleadh, tharraing an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach aird an Choimisiúin ar an ngá atá le freagairt do na hardrioscaí trasearnálacha don institiúid agus do bhuiséad an Aontais trí chur leis na ceachtanna a foghlaimíodh óna hacmhainní airgeadais a bhainistiú i gcomhthéacs dúshlánach. Mionsonraítear é sin a thuilleadh in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Déanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach iniúchadh ar na córais bainistithe agus rialaithe laistigh den Choimisiún agus de na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, agus dearbhú neamhspleách oibiachtúil maidir lena leordhóthanacht agus a n-éifeachtacht á soláthar aici. Baineann na moltaí a tháinig as sin le gnéithe a bhaineann le bainistiú feidhmíochta, cur chun feidhme bheartas an Aontais, dlíthiúlacht agus rialtacht i ndáil le córais rialaithe inmheánaigh, ullmhacht do bhuiséad an Aontais agus a chur chun feidhme luath, comhar le tríú páirtithe a chuireann beartais agus cláir chun feidhme, agus teicneolaíocht faisnéise. I gcás na moltaí uile ar glacadh leo, dhréachtaigh na hiniúchaithe pleananna gníomhaíochta a cuireadh faoi bhráid na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, a mheasúnaigh ina dhiaidh sin go raibh siad sásúil nó a d’iarr plean gníomhaíochta athbhreithnithe. Ar deireadh, lean an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach dá beartas dian um obair leantach agus rinne sí measúnú ar chur chun feidhme iarbhír a moltaí ag ranna an Choimisiúin ar bhonn tráthrialta. Deimhníodh leis an obair iniúchóireachta go ndearna na hiniúchaithe beagnach gach ceann de na moltaí a eisíodh idir 2020 agus 2024 agus a ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach obair leantach orthu a chur chun feidhme go leordhóthanach agus go héifeachtach. Leis an toradh, léirítear go bhfuil seirbhísí an Choimisiúin dícheallach ó thaobh na moltaí a chur chun feidhme agus na rioscaí arna sainaithint ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a mhaolú.
Tá tuilleadh faisnéise in Iarscríbhinn 6 maidir leis an dearbhú arna sholáthar ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún tuarascáil ar obair an iniúchóra inmheánaigh ar aghaidh chuig an údarás um urscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 118(4) den Rialachán Airgeadais, mar chuid den phacáiste tuairiscithe chomhtháite airgeadais agus cuntasachta.
23.Dearbhú a fhaightear trí obair an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta
Déanann an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta formhaoirseacht ar chúrsaí iniúchóireachta laistigh den Choimisiún agus tuairiscíonn sé go bliantúil do Choláiste na gCoimisinéirí. Áirithíonn sé neamhspleáchas na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, déanann sé faireachán ar cháilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí, agus áirithíonn sé go gcuireann Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin moltaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí (i.e. ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa) san áireamh go cuí agus go ndéantar obair leantach iomchuí orthu.
Le linn na bliana tuairiscithe sin, ar a raibh tionchar fós ag sraith dúshlán i ndiaidh a chéile nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a raibh tionchar acu ar an Aontas ó bhí 2020 ann, choinnigh an coiste a ról tábhachtach maidir le rialachas, feidhmíocht eagraíochtúil agus cuntasacht a fheabhsú ar fud na heagraíochta ar fad. D’ainneoin an ama is gá chun comhaltaí inmheánacha nua a cheapadh ar an gCoiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta tar éis na hidirthréimhse idir an dá shainordú ón gCoimisiún, reáchtáil sé ceithre bhabhta cruinnithe, inar díríodh ar na príomhchuspóirí a leagtar amach i gcláir oibre 2024 agus 2025. Ba dhíol sásaimh don choiste freisin an cóineasú leathan idir na rioscaí criticiúla a shainaithin an bhainistíocht agus na rioscaí arda a shainaithin an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.
Phléigh an coiste torthaí iniúchóireachta an-tábhachtacha a d’ardaigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach le hiniúchaithe ábhartha agus d’áitigh sé go gcuirfí gníomhaíochtaí maolaitheacha i gcrích a luaithe is féidir. Rinne an coiste plé ar ábhair thábhachtacha amhail cosaint sonraí, slándáil acmhainní daonna agus TF, rud a bhaineann le hábhar go háirithe sa timpeallacht chibearshlándála atá ann faoi láthair.
Bhí an coiste sásta le neamhspleáchas agus cáilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí agus ba dhíol sásaimh dó dearbhuithe an iniúchóra inmheánaigh go soláthraítear cumhdach leordhóthanach leis an bpleanáil chun teacht ar an gconclúid fhoriomlán maidir le bainistíocht airgeadais an Choimisiúin. Bhí ráta cur chun feidhme éifeachtach mholtaí an iniúchóra inmheánaigh fós an-ard (i.e. lena gcumhdaítear 95 % de na moltaí a eisíodh agus a ndearnadh obair leantach orthu le linn 2020-2024), agus ní raibh ach sé cinn de mholtaí iniúchóireachta an-tábhachtach níos mó ná 6 mhí thar téarma ó mhí Eanáir 2025.
Lean an coiste dá mhalartuithe le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus bhí plé aige leis an iniúchóir seachtrach maidir lena chlár oibre bliantúil do 2025. Lean an coiste freisin d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le moltaí na Cúirte a chur chun feidhme, agus ba dhíol sásaimh dó gur thug an Chúirt tuairim gan choinníoll, den 17ú huair as a chéile, maidir le hiontaofacht chuntais chomhdhlúite an Aontais.
Áirítear le hIarscríbhinn 7 a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht tuilleadh faisnéise maidir le hobair agus conclúidí an choiste.
24.Tuairimí na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais 2023 agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart
Sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí dar teideal 2023 – Tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2023 agus ar ghníomhaíochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEFanna) do bhliain airgeadais 2023, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024, tugadh tuairim gan choinníoll maidir le cuntais an Aontais don 17ú bliain as a chéile. Lean an t-ioncam freisin de bheith saor ó earráid ábhartha.
Maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, chloígh an Chúirt lena tuairim neamhfhabhrach. Mheas sí gur tháinig méadú ar an leibhéal foriomlán earráide do bhuiséad an Aontais (5.6 % i gcomparáid le 4.2 % in 2022).
Míníonn an Chúirt gurb é is bun lena tuairim neamhfhabhrach an leibhéal earráide tuairiscithe agus an fíoras gur ann fós d’earráidí ábhartha sa mhéid a mheasann an Chúirt a bheith ina chaiteachas ardriosca. Measann an Chúirt gur caiteachas den sórt sin é caiteachas a bhíonn faoi réir rialacha casta go minic agus atá bunaithe go príomha ar aisíocaíocht costas, go háirithe i réimsí an chomhtháthaithe, an taighde, na forbartha tuaithe, na mbeart margaidh faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus roinnt codanna de thionscnaimh sheachtracha. Tagann sí ar an gconclúid gurbh é 64 % den phobal iniúchóireachta le haghaidh 2023 a bhí sa chaiteachas ardriosca (in aghaidh 66 % in 2022).
Ar an taobh eile, dheimhnigh an Chúirt arís go bhfuil an riosca earráide níos ísle i gcás caiteachas atá faoi réir rialacha níos simplí, go príomha íocaíochtaí bunaithe ar theidlíocht (seachas íocaíochtaí bunaithe ar aisíocaíocht). Baineann sé sin, mar shampla, le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, ach baineann sé freisin le caiteachas riaracháin (tuarastail agus pinsin i státseirbhís an Aontais go príomha). Tá an dá chineál caiteachais sin fós saor ó earráid ábhartha.
D’eisigh an Chúirt tuairim iniúchóireachta freisin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta den tríú huair. Mheas sí go bhfuil éifeachtaí foriomlána a cuid torthaí ábhartha do chaiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i mbliana ach nach bhfuil siad forleatach ann. Bunaithe ar na torthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla eile sin, d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí tuairim choinníollach (
).
25.Urscaoileadh an bhuiséid do 2023
Dheonaigh an Pharlaimint an t-urscaoileadh don Choimisiún don bhliain airgeadais 2023 an 7 Bealtaine 2025, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar thuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí, ar phacáiste tuairiscithe chomhtháite airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin agus ar mholadh urscaoilte na Comhairle. D’iarr an Coiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint freisin ar Choimisinéirí agus ar Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin roghnaithe teacht chuig éisteachtaí urscaoilte a bhí struchtúraithe de réir cheannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil, tar éis dó malartuithe tuairimí a reáchtáil le hArd-Stiúrthóirí roghnaithe (a bhí dírithe ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí faoi seach).
Le linn an nós imeachta, dhírigh na príomhpháirtithe leasmhara – an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Chúirt Iniúchóirí – ar conas trédhearcacht a áirithiú maidir le húsáid bhuiséad an Aontais, conas feabhas a chur ar a thorthaí agus conas an leibhéal earráidí a laghdú a thuilleadh. Bhí an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar cheann de phríomhghnéithe an phlé maidir le hurscaoileadh arís i ngeall ar a méid airgeadais agus cineál sonrach a modha seachadta, atá bunaithe ar fheidhmíocht seachas bunaithe ar chostais a tabhaíodh. Rud atá tábhachtach, ba í an bhliain airgeadais 2023 lárphointe thréimhse seachadta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
An plé maidir le hurscaoileadh, bhain sé freisin le saincheisteanna amhail:
•maoiniú eagraíochtaí neamhrialtasacha;
•an smacht reachta agus cearta bunúsacha;
•a thábhachtaí atá buiséad an Aontais chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach agus chun freagairt do ghéarchéimeanna;
•an gá atá le cistí an Aontais a chur chun feidhme agus a ionsú ar bhealach níos rianúla agus le rialacha agus nósanna imeachta a shimpliú;
•an costas méadaitheach a bhaineann le haisíoc an fhiachais faoi NextGenerationEU,
•teacht ar chonclúidí ó chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfianaise an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile;
•comhar i measc páirtithe leasmhara éagsúla in ailtireacht frithchalaoise an Aontais;
•na modheolaíochtaí chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide agus an leibhéal riosca, agus cásanna inar tháinig an Chúirt Iniúchóirí agus an Coimisiún ar chonclúidí éagsúla maidir le hincháilitheacht caiteachais;
•an t-athbhreithniú ar an gcistiú a soláthraíodh don Phalaistín (
) agus do Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear;
•úsáid uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht a dhéanamh ar chistí an Aontais.
Laistigh den nós imeachta bliantúil um urscaoileadh, déanann an Coimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle (ina gcáil mar dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh agus an údaráis um urscaoileadh) a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme a moltaí trí dhá thuarascáil: (1) tuarascáil leantach ina dtugtar forléargas (a fhoilsítear sa samhradh); agus (2) tuarascáil níos mionsonraithe ina dtugtar freagraí ar iarrataí sonracha ón bParlaimint agus ón gComhairle (a sheoltar san fhómhar).
Maidir le moltaí arna n-eisiúint ag an gCúirt Iniúchóirí, foilsítear freagraí an Choimisiúin in éineacht le tuarascálacha na Cúirte, ina luaitear cé na moltaí a nglactar leo, a nglactar leo go páirteach nó a ndiúltaítear dóibh. Déantar an obair leantach ar na moltaí a nglactar leo a rianú in uirlis teicneolaíochta faisnéise, lena n-áirithítear inrianaitheacht gach céime den chur chun feidhme. Tuairiscíonn gach roinn de chuid an Choimisiúin cur chun feidhme na moltaí sin ina tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí. Thairis sin, cuirtear staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na moltaí sin faoi bhráid an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta ar bhonn tráthrialta i gcomhthéacs a shainordaithe.
Déanann an Chúirt Iniúchóirí faireachán freisin ar chur chun feidhme a moltaí ag an gCoimisiún agus tugann sí aiseolas, rud a chuidíonn leis an gCoimisiún a chuid gníomhaíochtaí leantacha a fheabhsú. I dtuarascáil bhliantúil 2023 ón gCúirt Iniúchóirí, rinne sí athbhreithniú ar a mhéid a shaothraigh an Coimisiún cur chun feidhme 185 mholadh iniúchóireachta a díríodh chuige in 26 thuarascáil speisialta a foilsíodh in 2020. Ní raibh cur chun feidhme ocht moladh dlite go fóill tráth athbhreithniú leantach na Cúirte. As na 177 moladh eile, bhí 92 (52 %) curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an gCoimisiún, 27 (16 %) curtha chun feidhme den chuid is mó agus 34 (19 %) curtha chun feidhme ar bhealaí áirithe. In dhá chás (1 %), níor ghá aon mheasúnú a dhéanamh ar an stádas cur chun feidhme toisc gur mheas an Chúirt Iniúchóirí nach raibh an moladh ábhartha a thuilleadh. In dhá chás eile (1 %), ní raibh an Chúirt in ann teacht ar chonclúid toisc go raibh sé róluath measúnú a dhéanamh ar leibhéal cur chun feidhme an mholta. As an 20 moladh (11 %) a mheas an Chúirt nár cuireadh chun feidhme, níor ghlac an Coimisiún le naoi gcinn díobh, ach ghlac sé go páirteach le ceithre cinn. Bhí na torthaí sin comhchosúil le torthaí na mblianta roimhe seo.
26.Ionchas do 2025 agus ina dhiaidh sin
27.Timthriall nua pleanála straitéisí agus clársceidealaithe le haghaidh 2025-2029
Rinne an Coimisiún a phleanáil straitéiseach agus a chlársceidealú le haghaidh 2025-2029 a chuíchóiriú, óir d’aistrigh sé ó phlean straitéiseach amháin in aghaidh na roinne i dtreo plean straitéiseach aonair a bheith ann don eagraíocht ina hiomláine. Leis an bplean straitéiseach nua aonair sin, cumhdófar tréimhse 5 bliana (2025-2029) agus áireofar ann, i measc nithe eile, cuspóirí ginearálta an Choimisiúin, bunaithe ar
threoirlínte polaitiúla 2024-2029
, mar aon le táscairí tionchair fhadtéarmaigh. Chomh maith le plean straitéiseach aonair, déanfar pleananna bainistíochta na ranna a ghiorrú agus beidh siad dírithe níos mó ar na haschuir agus na táirgí insoláthartha atá beartaithe ag ranna an Choimisiúin don bhliain amach romhainn.
28.Ullmhú an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027
Ag féachaint don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile – buiséad fadtéarmach an Aontais – a thosóidh in 2028, sheol an Coimisiún in 2024 an obair ullmhúcháin do na tograí atá dlite in 2025.
Leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile, ní mór an rud a cheaptar a bheith dodhéanta a dhéanamh: tá méadú ag teacht de réir a chéile ar an ionchas go ngníomhóidh an tAontas. Chun go mbeidh buiséad an Aontais oiriúnach dá uaillmhianta, chun a áirithiú go n-aisíocfar an iasachtaíocht le haghaidh NextGenerationEU agus, an tráth céanna, chun ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta cobhsaí ó na Ballstáit a sholáthar, ní mór don Aontas acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Ní rogha é an status quo. Ní mór don Aontas féachaint chuige go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag gach euro a chaitheann sé, agus aird á díriú ar thosaíochtaí agus ar chuspóirí an Aontais ar mó a theastaíonn gníomhaíocht ón Aontas ina leith.
A mhéid a bhaineann le rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais, tá aird ar leith á tabhairt ar an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir an t-ualach riaracháin ar na tairbhithe agus an breisluach a bhaineann le rialuithe agus iniúchtaí láidre chun leasanna airgeadais an Aontais a chaomhnú agus chun calaois a chosc.
Iarscríbhinn 3 –An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi NextGenerationEU
29.An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi NextGenerationEU —
uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar théarnamh
nuálach agus rathúil
Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (
) i gcroílár phlean téarnaimh NextGenerationEU don Aontas agus bunaíodh i lár phaindéim COVID-19 í chun cuidiú leis na Ballstáit téarnamh níos tapúla agus níos athléimní uaithi. Cuireann sé uirlis chumhachtach ar fáil ar leibhéal an Aontais chun tacú le haistriú glas agus digiteach uaillmhianach a bhfuil dlús á chur leo araon. In 2022, leathnaíodh í chun freastal ar phlean REPowerEU, arb é atá ann freagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcruatan eacnamaíoch, ar an mboilsciú ard agus ar an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair as an ionradh iomlán gan chúis atá an Rúis a dhéanamh ar an Úcráin. Leanadh in 2024 den phlé maidir leis an athbhreithniú ar na pleananna náisiúnta, ar leasuithe spriocdhírithe iad a bhformhór.
Bhí dul chun cinn déanta ag an gcur chun feidhme ó dheireadh 2024, agus mheas an Coimisiún go raibh formhór na gcloch míle agus na spriocanna a raibh sé beartaithe iad a bhaint amach faoi dheireadh 2024 comhlíonta (47 %) nó thuairiscigh na Ballstáit go raibh siad le cur i gcrích (29 %). Sonraíodh nach raibh mionchuid díobh curtha i gcrích (24 %) (
).
Clocha míle agus spriocanna na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
In 2024, d’eisíoc an Coimisiún méid iomlán EUR 85,3 billiún (a raibh EUR 29,4 billiún de i bhfoirm iasachtaí), lena n-áirítear EUR 3,32 billiún d’íocaíochtaí breise réamh-mhaoiniúcháin. Fágann sé sin gurb é EUR 306,1 billiún atá sna heisíocaíochtaí iomlána faoi dheireadh 2024, idir dheontais dar luach EUR 197,5 billiún (55 % d’imchlúdach iomlán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach EUR 359 mbilliún) agus iasachtaí dar luach EUR 108,7 billiún (37 % d’imchlúdach iomlán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach EUR 291 bhilliún). Na clocha míle agus na spriocanna a bhaineann leis na heisíocaíochtaí, baineann siad le raon mór beart lena gcumhdaítear sé cholún an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Eisíocaíochtaí iomlána na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a rinneadh agus méideanna atá le heisíoc
Foinse:
Scórchlár téarnaimh agus athléimneachta
.
Eisíocaíochtaí a rinneadh in 2024 in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh deontas agus iasachtaí, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
30.Seasmhacht i leith na todhchaí trí phleananna athbhreithnithe
Leanadh den dul chun cinn ar chur chun feidhme na bpleananna ar an láthair in 2024, agus dhírigh an Coimisiún ar chur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta a éascú agus dlús a chur leis. Cuireadh 17 bplean athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin agus rinne sé measúnú orthu. Bhí na leasuithe bunaithe go príomha ar Airteagal 21 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena gceadaítear athbhreithnithe i gcás ina bhfágann imthosca oibiachtúla nach féidir clocha míle agus spriocanna a bhaint amach. Leasuithe spriocdhírithe a bhí i bhformhór na n-athbhreithnithe inar coigeartaíodh gealltanais nárbh fhéidir a bhaint amach a thuilleadh i ngeall ar imthosca oibiachtúla agus, i roinnt mhaith cásanna, inar cuireadh roghanna malartacha níos oiriúnaí ina n-ionad, agus uaillmhian bhunaidh na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á coinneáil ar bun an tráth céanna. Agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, thug na Ballstáit aird ar leith ní hamháin ar cháilíocht na mbeart ach ar a n-aibíocht agus a dtréimhse cur chun feidhme freisin, i bhfianaise an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bheith faoi cheangal ama (go dtí 2026). Le raon feidhme leathan na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, soláthraíodh an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun acmhainní a leithdháileadh i gcomhréir lena dtosaíochtaí atá ag athrú, i gcomhréir le cuspóirí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ghlac an Coimisiún treoraíocht nuashonraithe maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun éifeachtúlacht chur chun feidhme na saoráide a fheabhsú agus chun na ceanglais tuairiscithe do na Ballstáit a shimpliú (
). Leis an treoraíocht nuashonraithe, soiléirítear a thuilleadh raon feidhme na leasuithe is féidir a dhéanamh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcás imthosca oibiachtúla, lena n-áirítear chun tacú le bearta lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) (
). Leis an treoraíocht, simplítear ceanglais tuairiscithe do na Ballstáit freisin agus soláthraítear soiléireacht níos fearr maidir leis na coinníollacha faoinar féidir tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí AE a chomhcheangal chun sineirgí a fheabhsú.
In 2024, thug trí Bhallstát eile (an Ghearmáin, Éire agus Lucsamburg) caibidlí REPowerEU isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, a thairbhíonn dá réir sin anois d’acmhainní breise agus a chuireann borradh faoi athchóirithe agus infheistíocht lena ndéantar soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú, lena gcuirtear dlús leis an aistriú glas agus lena dtugtar tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha. San iomlán, tá caibidlí REPowerEU ag 26 Bhallstát ina bpleananna anois, arb é atá ann san iomlán EUR 64,75 billiún de chistiú breise le haghaidh na bpleananna uile, rud atá méadaithe ó EUR 62 bhilliún ag deireadh 2023. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar an gcaibidil dheireanach REPowerEU atá fós gan réiteach (i gcás na Bulgáire) agus tá sé beartaithe í a ghlacadh le haghaidh 2025.
Le caibidlí REPowerEU, méadaíodh a thuilleadh na huaillmhianta sa ghné ghlas. Ó dheireadh 2024, socraíodh níos mó ná 42,6 % (EUR 277 mbilliún) de leithdháileadh iomlán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht agus athchóirithe a thacaíonn leis an aistriú glas a mhaoiniú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite, eangacha leictreachais agus infheistíocht ghlas eile.
An fhorbairt atá tagtha ar chistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ()
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Ba é EUR 650 billiún an t-imchlúdach airgeadais iomlán faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, idir dheontais dar luach EUR 359 mbilliún agus iasachtaí dar luach EUR 291 bhilliún. As an méid sin, tacaíonn NextGenerationEU le EUR 338 mbilliún de dheontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus leis an tacaíocht iasachta ina hiomláine. Cuireadh EUR 19,5 billiún de thacaíocht deontais bhreise ó cheantanna lamháltas córais trádála astaíochtaí agus EUR 2 bhilliún d’aistrithe deonacha ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit ar fáil do na Ballstáit chun na bearta a áirítear i gcaibidlí REPowerEU a chistiú.
31.Torthaí feidhmíochta a bhaint amach
Baineann na Ballstáit úsáid as na cistí a sholáthraíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athchóirithe agus infheistíocht uaillmhianach a chur chun feidhme lena ndéanfar a ngeilleagair agus a sochaithe níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach.
Léiríonn na torthaí a fuarthas faoi dheireadh 2024 go bhfuil difríocht mhór á déanamh ag an tsaoráid i saol shaoránaigh an Aontais. Léiríonn na táscairí coiteanna an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtreo cuspóirí coiteanna agus fheidhmíocht fhoriomlán na saoráide.
|
Táscaire coiteann
|
Torthaí faoi dheireadh 2024
|
|
Coigilteas maidir le hídiú fuinnimh phríomhúil bliantúil
|
33 388 511 MWh/bliain
|
|
Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh in-athnuaite
|
110 655 MW agus 18 MW i gcás na hidrigine
|
|
Bonneagar breoslaí malartacha (pointí athbhreoslaithe/athluchtaithe)
|
915 995
|
|
An daonra a thairbhíonn de bhearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid
|
31,1 milliún
|
|
Teaghaisí breise a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon trí líonraí fíor-ardacmhainneachta
|
16,2 milliún
|
|
Fiontair a dtacaítear leo chun táirgí digiteacha, seirbhísí digiteacha agus próisis iarratais dhigiteacha a fhorbairt nó a ghlacadh
|
1,2 milliún
|
|
Úsáideoirí seirbhísí digiteacha, táirgí digiteacha agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe
|
1 584 mhilliún ()
|
|
Taighdeoirí atá ag obair i saoráidí taighde dá dtugtar tacaíocht
|
164 000
|
|
Fiontair dá dtugtar tacaíocht (fiontair bheaga (lena n-áirítear micrifhiontair), fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra)
|
4,5 milliún
|
|
An líon rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint
|
29,0 milliún
|
|
An líon daoine atá fostaithe nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí cuardaigh poist
|
2,8 milliún
|
|
Acmhainneacht saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe
|
49,8 milliún
|
|
Acmhainneacht seomra ranga saoráidí cúraim leanaí agus oideachais nua nó nuachóirithe
|
2,7 milliún
|
|
An líon daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a fhaigheann tacaíocht
|
10,7 milliún
|
Thairis sin, chuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le roinnt athchóirithe tábhachtacha a chur i gcrích le linn na chéad 3 bliana den chur chun feidhme, lena n-áirítear athchóirithe:
•lena nglactar an Tuarascáil ar an mBuiséad Glas chun costais ghlasa sa dlí buiséadach bliantúil a mhapáil, lena n-éascaítear oibreacha athchóirithe foirgneamh agus lena gcuirtear feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú (an Spáinn) agus lena n-éascaítear úsáid conarthaí feidhmíochta fuinnimh chun infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i dtionscadail phoiblí agus phríobháideacha (an Pholainn);
•lena gcuirtear creatdlí nua chun feidhme chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála daoine scothaosta nach bhfuil in ann aire a thabhairt dóibh féin (an Iodáil) agus lena dtacaítear le rochtain uilíoch saor in aisce ar aonaid mheabhairshláinte ar ardchaighdeán (an Ghréig);
•lena gcuirtear an tAcht um Rialtas Oscailte chun feidhme a chuidigh le trédhearcacht agus inrochtaineacht fhaisnéis na riarachán poiblí a fheabhsú (an Ísiltír) agus lena nglactar an straitéis um ríomhsheirbhísí sláinte chun cuidiú le réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme san earnáil cúraim sláinte (an Laitvia);
•lena ndéantar cuideachtaí a nascadh le comhlachtaí rialála trí ardán deimhniúcháin le haghaidh thionscail na bhfeistí leighis agus an aeraspáis (an tSeicia) agus lena leathnaítear deiseanna uas-scilithe agus athscilithe chuig gach duine fásta trí bhíthin ríomhcholáiste (Málta);
•lena leagtar síos caighdeáin nuachóirithe níos airde i dtaca le príomhspriocanna foghlama i mbunscoileanna agus i meánscoileanna sóisearacha (an tSlóvaic) agus lena neartaítear an córas oideachais trína bheith ag dul i ngleic le héagothromaíochtaí foghlama a chruthaigh géarchéim COVID-19 (an Ghearmáin);
•lena mbaintear leas as samhail chistiúcháin a thacaíonn le deiseanna comhionanna do gach leanbh agus a chuidíonn le cúramóirí poist lánaimseartha a aimsiú (an Chróit) agus lena bhforbraítear uirlis dhigiteach d’fhostóirí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní (an Eastóin);
•lena simplítear rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le gníomhaíocht phoiblí (an Fhrainc) agus lena gcruthaítear timpeallacht ghnó a chothaíonn fás tríd an Acht um an Dímhaorlathú (an tSlóivéin).
Ina theannta sin, rannchuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht athchóirithe struchtúracha trína gcomhlánú le príomhinfheistíocht. Áirítear na nithe seo a leanas i gcuid den mhórinfheistíocht atá mar chuid de na bearta agus a bhfuil na príomhchéimeanna díobh curtha i gcrích cheana féin:
•feabhas a chur ar athléimneacht os cionn 172 as 1 162 km d’iarnróid sa deisceart, lena n-áirítear athnuachan línte iarnróid ar shé bhealach éagsúla (an Iodáil, EUR 2,4 billiún (
);
•rochtain a bheith ag 3 500 teaghlach agus gnólacht ar a laghad ar idirlíon ardluais (an Danmhairg, EUR 13,5 milliún);
•cistiú a deonaíodh do thionscadail taighde uile-Aontais arna ndéanamh ag ollscoileanna agus institiúidí taighde a d’aontaigh go ndíreoidh siad ar thorthaí, rud a athraíonn an bealach a chistítear taighde poiblí i dtreo torthaí rathúla a chúiteamh (an Chróit, EUR 59 milliún);
•dlús a chur le bonneagar agus uirlisí digiteacha cúraim sláinte trí fheabhas a chur ar idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bogearraí a bhfuil 30,5 milliún ríomhthaifead sláinte ar a laghad i gceist leo, feabhsú a dhéanamh ar ‘Mo spás sláinte’ lena ngabhann 12 mhilliún doiciméad digiteach nua agus 410 000 ríomhthaifead leighis-shóisialta gníomhach a bhunú (an Fhrainc, EUR 2 bhilliún);
•conarthaí a dhámhachtain chun ríomhchóras cógaisíochta a sholáthar agus córas comhtháite bainistíochta airgeadais a thógáil agus a chumrú d’ospidéil (Éire, EUR 75 mhilliún);
•600 000 ríomhaire glúine a sholáthar do dhaltaí agus do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna poiblí ar bhonn iasachtaithe, lena dtacaítear leis an oideachas agus an teagasc digiteach (an Phortaingéil, EUR 609 milliún).
Tríd an
scórchlár téarnaimh agus athléimneachta
agus trí léarscáil na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tugtar forbhreathnú ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Ceanglaítear ar gach plean téarnaimh agus athléimneachta ranníocaíocht 37 % agus 20 % ar a laghad, faoi seach, a dhéanamh le cuspóirí aeráide agus digiteacha. Léirítear é sin sa ranníocaíocht bhuiséadach mhór le haistriú glas agus aistriú digiteach na saoráide araon.
•Ranníocaíocht aeráide: EUR 276,6 billiún ó 2021 go 2024 (42,6 % den imchlúdach iomlán, lena n-áirítear deontais agus iasachtaí).
•Ranníocaíocht dhigiteach: EUR 149,2 billiún ó 2021 go 2024 (25,45 % den imchlúdach iomlán, lena n-áirítear deontais agus iasachtaí).
32.Deimhnítear le torthaí rialaithe gur comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna uile le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh in 2024
33.Timpeallacht rialaithe thiomnaithe chun cosaint chistí an Aontais a áirithiú
Leagtar amach sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach maidir le buiséad an Aontais a chosaint. Is ionstraim í an tsaoráid atá bunaithe go hiomlán ar fheidhmíocht, agus, murab ionann agus an chuid is mó de chláir chistiúcháin eile an Aontais, ní aisíocann an Coimisiún na Ballstáit ar bhonn costais iarbhír arna dtabhú le haghaidh na n-athchóirithe agus na hinfheistíochta a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ina ionad sin, íocann an Coimisiún tráthchodanna reámhshainithe nuair a chomhlíontar clocha míle agus spriocanna comhaontaithe go sásúil agus sa chás sin amháin. Nuair a eisíoctar cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear isteach i ngach buiséad náisiúnta iad gan aon nasc díreach leis an gcaiteachas arna thabhú chun na hathchóirithe agus an infheistíocht a mhaoiniú. De réir an rialacháin, tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go gcuirtear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dearbhú leordhóthanach a fháil uathu ina leith sin.
Ní mór do na Ballstáit córais oiriúnacha faireacháin agus rialaithe a chur i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil úsáid na gcistí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar na córais sin sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus rinne an Coimisiún measúnú orthu sular glacadh gach plean. Le linn shaolré na saoráide, ní mór do na Ballstáit éifeachtacht na gcóras rialaithe sin a áirithiú. Go sonrach, ní mór dóibh obair chórasach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na córais neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Má bhraitheann Ballstát aon neamhrialtacht shonrach, ní mór dó beart a dhéanamh chun iad a cheartú agus an Coimisiún a chur ar an eolas fúthu. Mura ndéanann Ballstát na ceartúcháin is gá i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa, déanfaidh an Coimisiún na méideanna dá ndéantar difear a laghdú nó a aisghabháil ón mBallstát. Thairis sin, má sháraíonn Ballstát a oibleagáidí go tromchúiseach faoi na comhaontuithe maoiniúcháin nó iasachta, laghdóidh nó aisghabhfaidh an Coimisiún cistí ag brath ar imthosca an cháis (mar shampla, féadfaidh an Coimisiún ceartúchán ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir le cistí saoráide an Bhallstáit sin). Cheap an Coimisiún a straitéis rialaithe chun na freagrachtaí a eascraíonn as an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh go hiomlán.
•Ní mór don Choimisiún dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí leis na Ballstáit a áirithiú, rud atá nasctha le comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna agus leis sin amháin. Chun na críche sin, déanann an Coimisiún measúnuithe ex ante ar na hiarratais uile ar íocaíocht a fhaightear ó na Ballstáit; iniúchtaí ex post ar an láthair i gcás rogha iarratas ar íocaíocht, cloch míle agus spriocanna; iniúchtaí córais maidir le clocha míle agus spriocanna; agus an anailís ar dhearbhuithe bainistíochta agus achoimrí iniúchóireachta na mBallstát
•Tá sé de cheart ag an gCoimisiún aon mhéid a laghdú agus a aisghabháil, nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh agus nár aisghabh an Ballstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as an gcomhaontú maoiniúcháin agus/nó iasachta a síníodh leis an mBallstát. Chun na críche sin, déanann an Coimisiún measúnú ar na córais rialaithe a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna (agus sna hathbhreithnithe ina dhiaidh sin) a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin sula nglactar iad. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún iniúchtaí córais i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais sna Ballstáit i gcaitheamh thréimhse iomlán na saoráide agus déanann sé iniúchtaí ar an obair a dhéanann na húdaráis náisiúnta iniúchóireachta. Déanann sé measúnú freisin ar na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ar chomhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí agus na rialacha maidir le státchabhair, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin.
Tugtar forbhreathnú san fhíor thíos ar straitéis rialaithe an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid.
Forbhreathnú ar thimpeallacht rialaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar leibhéal an Choimisiúin
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Déanann an Coimisiún measúnú cáilíochtúil ar thorthaí an rialaithe agus ar an leibhéal riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí. Murab ionann agus cláir eile de chuid an Aontais, ní féidir an measúnú sin a chainníochtú le ráta earráide. Léiríonn rátaí earráide measúnú cainníochtúil, atá ábhartha i gcás inar féidir an caiteachas chur go díreach i leith critéar cainníochtúil. Tá íocaíochtaí i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil ar chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna, rud atá deacair a chur i dtéarmaí cainníochtúla. Fiú i gcás nár comhlíonadh clocha míle agus spriocanna go sásúil, agus ina ndéanfar laghdú, ní féidir an laghdú sin a bheith comhfhreagrach do mhéid caiteachais neamh-incháilithe. Ina theannta sin, tá na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta an-éagsúil, laistigh de Bhallstát agus ó Bhallstát go chéile araon, rud a choisceann aon eachtarshuí staidrimh. Sa chomhthéacs seo, ní féidir ráta fóinteach earráide a chinneadh.
De réir na moltaí ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, ón gCúirt Iniúchóirí agus ó Pharlaimint na hEorpa, lean an Coimisiún dá chreat iniúchóireachta agus rialaithe don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a neartú in 2024 d’fhonn feabhsuithe cáilíochtúla a dhéanamh, is é sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·rialuithe feabhsaithe a chur chun feidhme maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn córais rialaithe inmheánaigh na mBallstát comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta trí úsáid a bhaint as seiceálacha cuimsitheacha ar sholáthar poiblí agus ar státchabhair, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin; i ngach cineál iniúchóireachta de chuid an Choimisiúin;
·tuilleadh mionchoigeartaithe a dhéanamh ar an gcur chuige i leith conas aghaidh a thabhairt ar rioscaí maidir le haisiompuithe le linn iniúchtaí ex post ar chlocha míle agus spriocanna;
·an líon iniúchtaí comhlíontachta a mhéadú chun tuilleadh dearbhaithe a fháil gur féidir leis brath ar na hiniúchtaí arna ndéanamh ag údaráis iniúchóireachta náisiúnta;
·athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun obair iniúchóireachta bhreise a roghnú maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint chun a áirithiú go ndéanfar faireachán leordhóthanach ar rioscaí agus go dtabharfar aghaidh orthu go leormhaith i gcaitheamh shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
In 2024 lean an Coimisiún d’fheabhsuithe agus soiléirithe a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar dearadh na saoráide a léirmhíniú leis an ‘Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta’ uaidh, lena gcuimsítear na príomhphointí seo a leanas (
).
·Creat um laghduithe agus aisghabhálacha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena gcumhdaítear an foras le haghaidh laghduithe agus aisghabhálacha faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear trí chás éagsúla: (1) cásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh an Ballstát; (2) cásanna de shárú tromchúiseach ar oibleagáid an chomhaontaithe maoiniúcháin nó an chomhaontaithe iasachta; (3) cásanna ina suitear go bhfuil an fhaisnéis agus an t-údar is bun le hiarratas ar íocaíocht mícheart (le linn iniúchtaí ex post, mar shampla).
·Cuireadh treoraíocht maidir le conas aon riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a shainaithint agus a sheachaint ar fáil chun leordhóthanacht leanúnach na rialuithe a áirithiú. Soiléiríodh léi sin, i gcás ina suitear nach bhfuil idirdhealú costais ex ante indéanta nó go bhfuil ualach rómhór ag baint leis, gur féidir tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí AE eile a chomhcheangal ar bhonn pro rata mar rogha dheireanach agus i gcásanna eisceachtúla, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha sonracha.
In Iarscríbhinn II a ghabhann le tuarascáil bhliantúil 2024 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (
), sholáthair an Coimisiún níos mó beachtais maidir le hincháilitheacht beart faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus go sonrach maidir le cur i bhfeidhm na gclásal cúlghabhálachta a áirítear sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Airteagal 17(2)). Shoiléirigh an Coimisiún an réasúnaíocht atá mar bhonn agus thaca ag an treoraíocht a sholáthair an Coimisiún cheana do na Ballstáit maidir le conas a chinneadh, le linn an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cathain a cuireadh tús le beart. In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil, shoiléirigh an Coimisiún na forálacha maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an 100 faighteoir deiridh is mó, arb é is aidhm dóibh an trédhearcacht a neartú a thuilleadh a bhuí le rialachán REPowerEU, lenar tugadh isteach ceanglas ar na Ballstáit faisnéis a fhoilsiú maidir leis an 100 faighteoir deiridh a fhaigheann na méideanna is mó cistiúcháin ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
34.Tá torthaí an rialaithe dearfach den chuid is mó
35.Formheas iomlán na bpleananna athbhreithnithe tar éis a measúnaithe
I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, rinneadh athmheasúnú in 2024 ar chóras iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát faoi seach agus an fhaisnéis nua agus bhreise uile a fuarthas ó rinneadh an measúnú bunaidh trí iniúchtaí éagsúla an Choimisiúin á cur san áireamh. I bhfianaise na faisnéise sin, mheas an Coimisiún an raibh na socruithe don chóras iniúchóireachta agus rialaithe a chuir na Ballstáit ar aghaidh sna pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta (fós) leordhóthanach. Níor mhol an Coimisiún tuilleadh clocha míle iniúchóireachta agus rialaithe in athbhreithnithe 2024 (). Go dtí seo, in 2025, moladh cloch mhíle iniúchóireachta agus rialaithe bhreise amháin. Glacadh gach ceann de na 17 n-athbhreithniú ar an bplean a cuireadh isteach in 2024.
36.Rialuithe ex ante ag céim na híocaíochta
Measúnú dearfach roimh íocaíocht ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna
In 2024 rinne an Coimisiún measúnú ar 27 n-iarratas ar íocaíocht arna gcur isteach ag 22 Bhallstát agus d’íoc sé iad, ar iarratais iad a chomhfhreagraíonn do 839 gclocha mhíle agus sprioc (600 cloch mhíle, 239 sprioc) (
). Bunaithe ar na measúnuithe sin, measadh nach raibh 6 gharsprioc agus sprioc, as 839 gcinn san iomlán, comhlíonta go sásúil agus rinneadh cinneadh maidir lena bhfionraí dá thoradh sin. Bhain siad sin leis na hiarratais ar íocaíocht a chuir an Bheilg, an tSeicia, an Spáinn, an Iodáil agus an Chipir isteach. I gcásanna na Beilge agus na hIodáile, cé gur glacadh cinneadh maidir le fionraí, níor tharla aon fhionraí óir rinneadh athbhreithniú ina dhiaidh sin ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta.
In 2024, chuir an Coimisiún deireadh páirteach le fionraí íocaíochtaí leis an Liotuáin agus leis an Rómáin agus deireadh iomlán le fionraí íocaíochtaí leis an bPortaingéil mar aitheantas ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na clocha míle comhfhreagracha neamh-chomhlíonta.
I gcomhthéacs an mheasúnaithe ar gharspriocanna agus spriocanna, tá an Coimisiún tar éis seiceálacha a thabhairt isteach go córasach maidir le hincháilitheacht agus na pleananna á bhformheas aige, i gcás ina dtagann amhras chun cinn maidir le píosaí aonair fianaise arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus nuair a bhíonn iarratais ar íocaíocht á measúnú aige. Chun cur i bhfeidhm na bhforálacha atá ann cheana a shoiléiriú a thuilleadh (
), sholáthair an Coimisiún, in Iarscríbhinn II a ghabhann le tuarascáil bhliantúil 2024 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta níos mó beachtais maidir le hincháilitheacht beart faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (
) agus maidir le cur i bhfeidhm na gclásal cúlghabhálachta a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go sonrach (
).
Measúnú dearfach ar na clocha míle sonracha maidir le hiniúchóireacht agus rialú
do na Ballstáit uile
Ó cuireadh tús le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ionchorpraíodh 83 chloch míle iniúchóireachta agus rialaithe san iomlán sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh 24 Bhallstát. As measc na 83 chloch míle iniúchóireachta agus rialaithe sin (ar cuireadh 10 gcinn díobh leis sna hathbhreithnithe a rinneadh in 2023 agus ceann amháin leis in 2025), mheasúnaigh an Coimisiún gur comhlíonadh 50 ceann díobh go sásúil, (faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025), i gcomhthéacs an mheasúnaithe a rinneadh ar na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag 21 Bhallstát. Rinne an Coimisiún measúnú ar bhaint amach na gcloch míle sin ar bhonn athbhreithnithe doiciméad agus grinnanailís ar an bhfianaise a sholáthair na Ballstáit. Mar sin féin, faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, bhí measúnú á dhéanamh ar chúig chloch mhíle iniúchóireachta agus rialaithe le haghaidh trí Bhallstát mar chuid den chéad iarratas ar íocaíocht nó den dara hiarratas ar íocaíocht a cuireadh isteach. Is mar chuid den chéad iarraidh eile ar íocaíocht a dhéanfar measúnú ar an gcloch mhíle a cuireadh leis le déanaí in 2025. Bhain na 27 gcloch mhíle iniúchóireachta agus rialaithe eile leis an Ungáir, nach bhfuil a céad iarratas ar íocaíocht curtha isteach aici go fóill.
Seo a leanas samplaí de gharspriocanna den sórt sin:
•córas stórais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sula ndéanfar an chéad íocaíocht;
•teacht i bhfeidhm dlíthe nó foraitheanta lena leagtar amach sainorduithe dlíthiúla nó lena sainítear nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe;
•plean gníomhaíochta a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le coinbhleacht leasa a chosc i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus straitéis iniúchóireachta a ghlacadh lena n-áiritheofar iniúchadh neamhspleách éifeachtach ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ina theannta sin, mar obair leantach ar an measúnú dearfach ar na clocha míle iniúchóireachta agus rialaithe a cuireadh chun feidhme, thug 11 Bhallstát (an Bheilg, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ghréig, an Liotuáin, Lucsamburg, an Pholainn, an Rómáin agus an Fhionlainn) 13 ghealltanas chun comhlíonadh leanúnach na gcloch míle iniúchóireachta agus rialaithe gaolmhara a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na ngealltanas sin agus measúnú á dhéanamh aige ar an gcéad iarraidh eile ar íocaíocht a rinneadh tar éis dhul in éag amlíne an ghealltanais. Go dtí seo, cuireadh 11 cheann de na 13 ghealltanas chun feidhme – trí cinn in 2022, dhá cheann in 2023, trí cinn in 2024, agus trí cinn in 2025, bunaithe ar réamh-mheasúnú an Choimisiúin a foilsíodh in éineacht leis na hiarratais ar íocaíocht faoi seach. Tá measúnú á dhéanamh ar dhá ghealltanas eile, ós rud é go bhfuil anailís á déanamh ar na hiarratais ghaolmhara ar íocaíocht.
Deimhnítear measúnú tosaigh an Choimisiúin le hanailís ar achoimrí bainistíochta agus iniúchóireachta
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar na hachoimrí iniúchóireachta a ghabhann leis na hiarratais ar íocaíocht a cuireadh isteach in 2024. Maidir leis na cúig íocaíocht ar cuireadh a gcistiú ar fionraí in 2024 i ngeall ar gharspriocanna agus spriocanna nár comhlíonadh go sásúil, cuireadh amhras maidir lena gcomhlíonadh in iúl roimhe sin san athbhreithniú ar dhearbhuithe bainistíochta agus sna hachoimrí iniúchóireachta, rud a deimhníodh ansin le measúnú an Choimisiúin.
37.Le hiniúchtaí ex post maidir le clocha míle agus spriocanna, deimhnítear comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna
In 2024, rinne an Coimisiún 17 n-iniúchadh (
) ar gharspriocanna agus spriocanna.
Déantar na hiniúchtaí sin ar bhonn riosca, lena gcumhdaítear 100 % de chlocha míle agus spriocanna ardriosca de ghnáth, mar aon le roinnt clocha míle agus spriocanna meánriosca. Ar na hiarratais ar íocaíocht nach ndearnadh iniúchadh orthu áiríodh clocha míle agus spriocanna a raibh riosca íseal ag baint leo, a bhain le bearta a ndearnadh iniúchadh orthu sna blianta roimhe sin, agus/nó a ndearna údaráis iniúchóireachta náisiúnta iniúchadh orthu lenar tugadh dearbhú réasúnta don Choimisiún. Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, bhí iniúchadh déanta ag an gCoimisiún ar 60 cloch mhíle agus sprioc san iomlán, lena gcuimsítear 46 chloch míle agus sprioc ardriosca a áiríodh in iarratais ar íocaíocht a íocadh in 2024, 13 chloch míle lena mbaineann meánriosca, agus ceann amháin lena mbaineann riosca íseal.
Chomh maith lena fhíorú cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh go sásúil an gharsprioc nó an sprioc faoi seach tráth an mheasúnaithe ar an iarratas ar íocaíocht, rinneadh iniúchtaí ex post freisin chun a fhíorú, i gcás inarb infheidhme, an seiceálann na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair á gcomhlíonadh, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin. Chuige sin, lean an Coimisiún d’úsáid a bhaint as na seicliostaí cuimsitheacha feabhsaithe maidir le soláthar poiblí agus státchabhair a cuireadh i bhfeidhm ó bhí mí Aibreáin 2023 ann ().
Bunaithe ar a chuid oibre iniúchóireachta, i gcás na n-íocaíochtaí a ndearnadh measúnú orthu in 2024, níor tháinig an Coimisiún ar aon fhianaise nár comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a ndearnadh iniúchadh orthu. Aon neamhréireacht eile a sainaithníodh idir na sonraí a dearbhaíodh agus na sonraí a ndearnadh iniúchadh orthu, d’fhan sí laistigh den chorrlach 5 % a bhreithnigh an Coimisiún le haghaidh a mheasúnaithe (
). I gcás ina measfaidh an Coimisiún ex post nár baineadh cloch mhíle nó sprioc amach, tionscnóidh sé ceartuithe airgeadais chun an chuid mhíchuí den íocaíocht a rinneadh a aisghabháil. Níor tharla sé sin i gcás na n-íocaíochtaí a rinneadh in 2024.
38.Le hiniúchtaí córais i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, deimhnítear leordhóthanacht na gcóras atá i bhfeidhm
Faoi dheireadh 2023, bhí iniúchadh déanta ag an gCoimisiún ar na Ballstáit uile trí iniúchtaí córais i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. In 2024, rinne an Coimisiún dhá iniúchadh córais breise i dtaca le Cosaint Leasanna Airgeadais an Aontais (i gcás na Beilge () agus na Liotuáine ()).
I gcomhréir lena Straitéis Iniúchóireachta athbhreithnithe, d’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht measúnaithe riosca atá le cur i bhfeidhm go bliantúil chun na Ballstáit a roghnú a bhfuil tuilleadh iniúchtaí córais i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais le déanamh orthu. Tugadh tosaíocht do na Ballstáit nár úsáid na seicliostaí nua cuimsitheacha chun rialuithe a dhéanamh ar sholáthar poiblí ná ar státchabhair. Ar an mbonn sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún iniúchtaí córais a dhéanamh i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais i sé Bhallstát in 2025. Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, rinneadh dhá iniúchadh cheana féin (sa Fhrainc agus in Éirinn).
Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, rinne an Coimisiún 33 iniúchadh córais, lenar cumhdaíodh na Ballstáit uile agus 181 eintiteas amhail aireachtaí nó gníomhaireachtaí, a roghnaíodh ar bhonn riosca. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí córais sin agus obair iniúchóireachta eile, d’fhíoraigh an Coimisiún go háirithe cé acu a sheiceálann nó nach seiceálann na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na rialacha maidir le státchabhair agus soláthar poiblí á gcomhlíonadh, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin. Le hiniúchtaí córais cumhdaíodh freisin nósanna imeachta chun cistiú dúbailte idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cláir eile de chuid an Aontais a sheachaint.
Bunaithe ar a chuid oibre iniúchóireachta leanúnaí, feictear don Choimisiún go bhfuil feabhas foriomlán tagtha de réir a chéile ar chur chun feidhme na gcóras rialaithe inmheánaigh ar fud na gcomhlachtaí cur chun feidhme agus comhordaithe a ndearnadh iniúchadh orthu. Tá bearta ceartaitheacha á ndéanamh ag na Ballstáit mar fhreagairt ar thorthaí iniúchóireachta ar leibhéal an chomhlachta cur chun feidhme agus leanann an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Sainaithníodh dea-chleachtais, amhail nósanna imeachta chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte féideartha a bhrath, a dtacaítear leo go minic trí úsáid a bhaint as uirlisí mianadóireachta sonraí amhail ARACHNE. Ar shamplaí dearfacha eile áirítear cláir oiliúna foirne atá ceaptha feasacht a mhúscailt maidir le rioscaí calaoise agus éillithe. Is suntasach an dul chun cinn a rinneadh freisin maidir le bailiú sonraí i gcomhréir le hAirteagal 22(2)(d) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Mar sin féin, tá réimsí ann fós ar féidir tuilleadh feabhais a chur orthu, lena n-áirítear measúnú riosca calaoise a neartú, feabhas a chur ar rialuithe ex ante atá dírithe ar choinbhleachtaí leasa a chosc, nósanna imeachta a threisiú chun a fhíorú nach bhfuil cistiú dúbailte ann, oibleagáidí poiblíochta a chomhlíonadh, rannpháirtíocht in oiliúint feasachta calaoise a mhéadú agus tuairisciú neamhrialtachtaí don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a fheabhsú.
Is féidir leis an gCoimisiún dearbhú réasúnta a thabhairt maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais ar chalaois, ar éilliú agus ar choinbhleachtaí leasa bunaithe ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta córais a rinneadh in 2024 agus torthaí na hanailíse ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar na hachoimrí iniúchóireachta a luaitear thuas á gcur san áireamh, cé is moite de chás Ballstáit amháin ().
39.Rialuithe maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair
I gcomhréir le raon feidhme leathnaithe a chuid oibre iniúchóireachta mar fhreagairt ar Thuarascáil Bhliantúil 2023 ón gCúirt Iniúchóirí (Caibidil 11), d’fhíoraigh an Coimisiún i ngach cineál iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann na Ballstáit a n-oibleagáid faoi Airteagal 22(2)(a) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Mar chuid de sin áirithítear go ndéantar an maoiniú arna sholáthar a úsáid go cuí agus i gcomhréir le rialacha uile an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme, go háirithe i réimsí an tsoláthair phoiblí agus na státchabhrach, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin. Chun tacú leis an obair sin, tá seicliostaí cuimsitheacha curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún maidir le soláthar poiblí agus státchabhair ar fud a ghníomhaíochtaí iniúchóireachta uile. Tugadh na seicliostaí sin isteach i mí Aibreáin 2023 (). Thairis sin, i mí Mheán Fómhair 2024, d’fheabhsaigh an Coimisiún a mhodheolaíocht iniúchóireachta trí cheanglais samplála shonracha a thabhairt isteach le haghaidh nósanna imeachta soláthair a bhfuil athbhreithniú le déanamh orthu le linn iniúchtaí, in aghaidh an chomhlachta cur chun feidhme.
I mí an Mhárta 2025, d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí a Tuarascáil Speisialta 09/2025 maidir le córais lena n-áirithítear go gcomhlíonann caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair. D’aithin an Chúirt Iniúchóirí na forbairtí dearfacha a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha feabhsaithe ar sholáthar poiblí agus ar státchabhair trí sheicliostaí cuimsitheacha a úsáid agus thug sí roinnt moltaí spriocdhírithe i dtaca le tuilleadh feabhais. Tá mionchoigeartú breise á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a chuid oibre iniúchóireachta i gcomhréir leis na moltaí ar glacadh leo. Go dtí seo, tá cúig cinn de na naoi bhfomholadh ar glacadh leo nó ar glacadh go páirteach leo curtha chun feidhme ag an gCoimisiún cheana féin.
Maidir le státchabhair, is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht seiceálacha comhlíontachta a dhéanamh trína gcórais rialaithe inmheánaigh. Le hiniúchtaí an Choimisiúin, déantar measúnú an ndearna na Ballstáit comhlíonadh choinníollacha na scéimeanna ábhartha a fhíorú, amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (RGBD) nó an creat státchabhrach um Thaighde agus Forbairt agus Nuálaíocht (TFN), agus ar tugadh fógra ceart do sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin faoi na scéimeanna sin. Chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, rinneadh seicliosta iniúchóireachta an Choimisiúin maidir le státchabhair a leasú go luath in 2025 chun léiriú níos soiléire a thabhairt air sin agus cuireadh i bhfeidhm láithreach é.
Tá dearbhú an Choimisiúin maidir le comhlíonadh oibleagáid na mBallstát faoi Airteagal 22(2)(a) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta bunaithe ar a chuid oibre iniúchóireachta féin. In 2024 agus sa chéad ráithe de 2025, áiríodh san obair iniúchóireachta a rinne an Coimisiún seiceálacha ar sholáthar poiblí agus ar státchabhair, i gcás inarb ábhartha, i gcás na mBallstát uile a fuair íocaíocht le linn 2024. Rinneadh na seiceálacha sin ar fud na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta uile (iniúchtaí córais, ar iniúchtaí i dtaca le cosaint leasanna airgeadais an Aontais iad go príomha, iniúchtaí comhlíontachta ar chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta, iniúchtaí ex post maidir le clocha míle agus spriocanna).
40.Iniúchtaí ar na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta
In 2024, rinne an Coimisiún líon méadaitheach iniúchtaí comhlíontachta, lena ndéantar measúnú ar iontaofacht na hoibre a rinne na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta (), lena gcuimsítear dhá phríomhréimse: 1) iniúchtaí ar chórais rialaithe náisiúnta, chun a áirithiú go gcomhlíontar rialacha náisiúnta agus rialacha an Aontais, lena n-áirítear rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair, agus go gcosnaítear buiséad an Aontais, agus (2) iniúchtaí maidir le clocha míle agus spriocanna. Thairis sin, áirítear sna hiniúchtaí sin seiceálacha chun a fhíorú go bhfuil na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta ag tabhairt aghaidh go leordhóthanach ar an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte. Is é is aidhm don iarracht sin éifeachtacht na hoibre iniúchóireachta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta a neartú a thuilleadh agus, de mheon an chur chuige iniúchóireachta aonair, dúbailt iniúchtaí a íoslaghdú agus éifeachtúlacht fhoriomlán na hoibre iniúchóireachta a mhéadú.
Ó bhí mí Eanáir 2024 ann, rinne an Coimisiún 12 cheann d’iniúchtaí comhlíontachta nó iniúchtaí comhcheangailte ina raibh codanna comhlíontachta. Go dtí seo, ó cuireadh tús leis an tsaoráid, rinneadh iniúchadh comhlíontachta ar 20 Ballstát nó bhí siad faoi réir iniúchadh ina raibh gné chomhlíontachta. Faoi dheireadh 2025, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iniúchtaí comhlíontachta a dhéanamh sna Ballstáit eile, agus é de chuspóir aige go gcumhdófar na Ballstáit uile faoi dheireadh na bliana.
I roinnt mhaith cásanna, sainaithníodh le torthaí obair na n-údarás iniúchóireachta go bhfuil réimsí ann ar féidir tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh iontu. Samplaí de mholtaí atá dírithe ar na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta, baineann siad leis an ngá go n-áireofar spriocdhátaí chun a gcuid moltaí a chur chun feidhme, go ndéanfar nósanna imeachta leantacha a shainiú níos fearr, go gcuirfear feabhas ar lámhleabhair iniúchóireachta, seicliostaí nó doiciméadacht, go gcuirfear feabhas ar fhíoruithe ar nósanna imeachta soláthair phoiblí nó rialacha maidir le státchabhair agus go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna foirne nó ar shaincheisteanna a bhaineann le foireann iniúchóireachta a shannadh.
Go luath in 2025, rinneadh mionchoigeartú ar an gcreat modheolaíochta lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir leis an gCoimisiún brath ar obair iniúchóireachta náisiúnta le haghaidh iniúchtaí ex post maidir le clocha míle agus spriocanna. Faoin gcreat sin, is féidir leis an gCoimisiún a bheith ag brath ar obair comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta i gcás ina mbeidh mar thoradh ar iniúchtaí comhlíontachta an Choimisiúin tuairim gan choinníoll nó tuairim choinníollach a bhfuil tionchar teoranta aici. Sna cásanna sin, féadfaidh iniúchóirí an Choimisiúin a bheith ag brath ar mheasúnuithe na gcomhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta agus ní cheanglaítear orthu aon chloch mhíle ná sprioc ardriosca a áireamh ina roghnú iniúchóireachta ex post, ar clocha míle agus spriocanna iad ar mheas na comhlachtaí náisiúnta sin gur comhlíonadh iad go sásúil cheana féin.
41.Tuairimí bliantúla iniúchóireachta agus bainistíochta
Bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar a dtugtar tuairisc thuas, d’eisigh an Coimisiún 22 thuairim iniúchóireachta bhliantúla maidir leis an 22 Bhallstát a fuair íocaíochtaí, tar éis dóibh iarratas ar íocaíocht a chur isteach in 2024 (
). Úsáideadh na tuairimí iniúchóireachta sin ansin i dteannta aon fhaisnéis eile a bhí ar fáil chun tuairim bhainistíochta a eisiúint maidir le gach ceann de na híocaíochtaí a rinneadh in 2024 (
).
Úsáidtear tuairimí iniúchóireachta agus tuairimí bainistíochta araon chun tacú leis an gconclúid maidir leis an dearbhú dearbhaithe foriomlán. Leis na tuairimí iniúchóireachta, tugtar tuairim maidir leis an leibhéal riosca i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht na híocaíochta, a mhéid a bhaineann le comhlíonadh Airteagal 22(2)a (
) agus Airteagal 22(5) (
) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis na tuairimí bainistíochta, tugtar tuairim ar an leibhéal riosca i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí. Cuirtear faisnéis mhionsonraithe maidir le leibhéal riosca gach iarratais ar íocaíocht i láthair sa tábla i Roinn 2.2.9.
42.Obair leanúnach na Cúirte Iniúchóirí i gcomhthéacs ráiteas dearbhaithe 2024
Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiúin faoi láthair ar thorthaí na Cúirte chun teacht ar chonclúid maidir leis an leibhéal riosca do na híocaíochtaí a rinneadh in 2024. Faoin 30 Aibreán 2025, fuair an Coimisiún na litreacha imréitigh ón gCúirt Iniúchóirí lena gcumhdaítear na 27 n-íocaíocht deontais () a rinneadh le 21 Bhallstát in 2024. Ós rud é go bhféadfar torthaí na Cúirte Iniúchóirí a úsáid chun leibhéal riosca na n-íocaíochtaí a chinneadh, rinne an Coimisiún measúnú orthu agus an leibhéal riosca á chinneadh aige do gach íocaíocht a rinneadh in 2024.
Maidir leis na litreacha imréitigh lena mbaineann, chloígh an Coimisiún, tar éis anailís chúramach a dhéanamh, lena sheasamh (bunaithe ar a rialuithe ex ante agus ex post) gur baineadh amach go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a áiríodh sna hiarratais chomhfhreagracha ar íocaíocht. De bhun ceann de na litreacha imréitigh sin, sheol an Coimisiún dréacht-tuarascáil athbhreithnithe chuig Ballstát an 20 Bealtaine 2025 lenar iarradh air faisnéis bhreise a sholáthar maidir le comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna in iarratas ar íocaíocht agus údar a thabhairt leo, de bhun Airteagal 12 de Chomhaontú Maoiniúcháin na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
43.Is é riosca íseal/meánriosca a léirítear go ginearálta le measúnú cáilíochtúil ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí agus ar chomhlíonadh Airteagal 22(2)(a) agus Airteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Tá measúnú cáilíochtúil an Choimisiúin maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí bunaithe ar mheascán de thorthaí ó na nithe seo a leanas: (1) measúnú ex ante an Choimisiúin ar na hiarratais ar íocaíocht; (2) iniúchtaí ex post an Choimisiúin maidir le clocha míle agus spriocanna agus próifíl riosca na gcloch míle agus na spriocanna a cuireadh isteach á cur san áireamh; agus (3) torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, má mheastar iad a bheith inghlactha.
Dá thoradh sin, cinneann an Coimisiún leibhéal riosca do dhlíthiúlacht agus rialtacht gach íocaíochta, agus, i gcás gach Ballstáit, leibhéal riosca do chomhlíonadh Airteagal 22(2)(a) agus Airteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is féidir an leibhéal riosca a aicmiú mar ísealriosca, meánriosca nó ardriosca.
Déantar achoimre sa tábla seo a leanas ar chonclúidí an Choimisiúin in aghaidh an iarratais ar íocaíocht a fuarthas:
Íocaíochtaí measúnaithe cháilíochtúil a rinneadh in 2024
|
|
Leibhéal riosca
|
|
|
Dlíthiúlacht agus rialtacht
|
Comhlíonadh
|
|
|
|
Rialacha is infheidhme
(a)
|
Oibleagáid ceartú a dhéanamh
(b)
|
|
Ballstát
|
Iarratas ar íocaíocht
|
Tuairim iniúchóireachta
|
Tuairim bhainistíochta
|
Méid foriomlán
|
Tuairim iniúchóireachta
|
Tuairim iniúchóireachta
|
|
an Bheilg
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
|
an tSeicia
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Ardriosca
|
|
an tSeicia
|
An tríú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Ardriosca
|
|
an Danmhairg
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Ghearmáin
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Eastóin
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
Éire
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
|
an Ghréig
|
An ceathrú ceann (Iasachtaí)
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
an Ghréig
|
An ceathrú ceann (Deontais)
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
|
an Spáinn
|
An ceathrú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
|
an Fhrainc
|
An tríú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Chróit
|
An ceathrú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
an Chróit
|
An cúigiú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
an Iodáil
|
An cúigiú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Iodáil
|
An séú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
An Chipir
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
an Laitvia
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
|
an Liotuáin
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Liotuáin
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Liotuáin
|
An tríú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
Málta
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Ísiltír
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
|
an Pholainn
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Pholainn
|
An dara ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Phortaingéil
|
Tríú/Ceathrú
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Phortaingéil
|
An cúigiú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Rómáin
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an tSlóivéin
|
An tríú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an tSlóvaic
|
An ceathrú ceann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
|
an Fhionlainn
|
An chéad cheann
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Ísealriosca
|
Meánriosca
|
Meánriosca
|
Nótaí a ghabhann leis an tábla:
Rialacha is infheidhme: Airteagal 22(2)a den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Oibleagáid ceartú a dhéanamh: Airteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Foinse: An Coimisiún Eorpach.
Ar an iomlán, is mar a leanas conclúid an Choimisiúin.
•Maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht: tá an leibhéal riosca íseal i gcás na n-íocaíochtaí uile a rinneadh. Ar bhonn na n-iniúchtaí agus na rialuithe a rinneadh, níor measadh nár comhlíonadh go sásúil aon cheann de na clocha míle ná na spriocanna a áiríodh sna híocaíochtaí a rinneadh. Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar thorthaí iniúchtaí na Cúirte Iniúchóirí ar íocaíochtaí a rinneadh in 2024 a bhí ar fáil ó scoithdháta an 27 Bealtaine 2025 agus chloígh sé lena sheasamh gur baineadh amach go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a áiríodh sna hiarratais chomhfhreagracha ar íocaíocht.
•Maidir le comhlíonadh na rialacha uile is infheidhme, is iad sin rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair (
), tá meánleibhéal riosca ann i gcás 13 Bhallstát (
) agus leibhéal íseal riosca i gcás na mBallstát eile (
). Maidir leis an oibleagáid ceartuithe a dhéanamh i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí a eascraíonn as na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta (
) tá meánleibhéal riosca ann i gcás 17 mBallstát (
) agus leibhéal íseal riosca ann i gcás na mBallstát eile (
) cé is moite den tSeicia a bhfuil ardleibhéal riosca ann ina leith, ar bhonn na dtorthaí iniúchóireachta a fuarthas lenar sainaithníodh dhá chás aonair de choinbhleachtaí leasa. Dá bhrí sin, tugadh isteach forchoimeádas airgeadais. Is é EUR 17,5 milliún an méid airgeadais atá faoi riosca i gcás an dá thionscadal lena mbaineann, arb é atá ann 0,74 % de na híocaíochtaí a rinneadh leis an tSeicia in 2024.
44.Dheimhnigh ab t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean don tsaoráid go raibh dearbhú réasúnta aige
Sna conclúidí uaidh maidir leis an dearbhú don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, dheimhnigh an t-oifigeach () go raibh dearbhú réasúnta aige maidir leis an méid seo a leanas:
•dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí a rinneadh in 2024 le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ar bhonn an mheasúnaithe dhearfaigh ar an bhfianaise ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a áiríodh sna hiarrataí ar íocaíocht, ar obair iniúchóireachta ex post maidir leis na clocha míle agus na spriocanna agus torthaí na hoibre iniúchóireachta a rinne an Chúirt Iniúchóirí i gcomhthéacs a ráitis dearbhaithe 2024 á gcur san áireamh freisin (i gcás litreacha imréitigh a fuarthas agus a ndearnadh measúnú orthu faoin 27 Bealtaine 2025);
•soláthar poiblí agus státchabhair, urraim d’oibleagáid na mBallstát a leagtar síos in Airteagal 22(2)(a) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go ndéanfar a sheiceáil tráthrialta go ndearnadh an maoiniú arna sholáthar i gcomhthéacs na mbun-idirbheart a úsáid go cuí i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear éifeachtacht na seiceálacha sin, agus maidir le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, go ndéanfar a sheiceáil gur cuireadh chun feidhme i gceart é, i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme go háirithe maidir le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú; agus
•cur chun feidhme Airteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i ndáil le laghdú comhréireach na tacaíochta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus aisghabháil aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais nó i ndáil leis an iarraidh go n-aisíocfar an iasacht go luath, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh an Ballstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cé is moite de chás Ballstáit amháin , mar a thuairiscítear i Roinn 2.2.9 ar eisíodh forchoimeádas ina leith.