AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 11.2.2025
COM(2025) 46 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Bóthar i dTreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile
1.RÉAMHRÁ: BUISÉAD AN AONTAIS I gCROÍLÁR THOSAÍOCHTAÍ BEARTAIS AN AONTAIS
Tá buiséad an Aontais i gcroílár ghníomhaíocht bheartais an Aontais. Le blianta fada anuas, chuidigh sé le feabhas a chur ar cháilíocht saoil agus ar shlite beatha saoránach, feirmeoirí, taighdeoirí, gnólachtaí agus réigiún ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Tá léirithe aige cad é an fíorfhiúntas a bhaineann leis i leith géarchéim paindéime agus fuinnimh a shárú, na milliúin post a shábháil le linn dianghlasálacha, agus infheistíocht a dhéanamh inár dtodhchaí ghlan dhigiteach. Agus súil siar á caitheamh ar cheann de na géarchéimeanna ba mheasa leis na blianta, is é sin paindéim COVID‑19 agus a raibh d’iarmhairtí aici, d’fhreagair an tAontas le NextGenerationEU agus le creat airgeadais ilbhliantúil 2021‑27. Réitigh an méid sin an bealach le haghaidh téarnamh eacnamaíoch tapa, agus an Eoraip á déanamh níos glaise, níos digití agus slán i bhfad na haimsire san am céanna. D’fhág cogadh foghach na Rúise ar theorainneacha na hEorpa gurbh éigean gníomhú go tapa, chun tacú leis an Úcráin agus chun aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh atá ag dul i méid, agus ina leith sin chruthaigh buiséad an Aontais arís a éifeachtaí atá sé.
D’fhág scála na ndúshlán a bhí ann le blianta beaga anuas gur theastaigh freagairt choiteann chomhréireach ón Aontas. Tacaíodh le tosaíochtaí polaitiúla atá ag teacht chun cinn trí chaiteachas suntasach, agus bhain caiteachas tiomnaithe do thaighde, imirce, cosaint agus gníomhaíocht sheachtrach na leibhéil is airde amach i gcomparáid le buiséid ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo. Den chéad uair riamh, soláthraíodh maoiniú ar an mórchóir le haghaidh athchóirithe in éineacht le hinfheistíochtaí – rud a mhéadaigh tionchar NextGenerationEU a thuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, tugadh an smacht reachta chun tosaigh, tríd an gcóras ginearálta coinníollachta lena gcosnaítear cistí AE ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit.
Mar sin féin, d’fhág riachtanais agus éigeandálaí nua a tháinig chun cinn agus na glaonna méadaithe ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais gur cuireadh brú as cuimse ar bhuiséad an Aontais agus gur ghá athbhreithniú meántéarma a dhéanamh air in 2024. Ba riachtanais gheopholaitiúla iad tacaíocht láidir intuartha don Úcráin, treisiú clár um imirce agus bainistiú teorainneacha, tacaíocht do chomhpháirtithe comharsanacha an Aontais agus do thíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha; ba ghá tacaíocht mhéadaithe a thabhairt do theicneolaíochtaí criticiúla. Bhí réitigh ad hoc agus solúbthachtaí méadaithe ag teastáil chun dul i ngleic le rátaí úis luaineacha agus costais mhaoiniúcháin atá ag méadú. Rinneadh an chéad athbhreithniú riamh ar uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil, rud ar bhain ath‑leithdháiltí substaintiúla agus cruthú ionstraimí nua speisialta leis.
Léiríonn ionchais mhéadaitheacha maidir le gníomhaíocht an Aontais gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar bhuiséad an Aontais. An cuspóir go mbeidh an Eoraip saor, daonlathach, láidir, slán, rathúil agus iomaíoch, atá leagtha amach i dtreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin nua agus i gClár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí le haghaidh na tréimhse 2024‑2029, ní mór é a bhaint amach i gcomhthéacs geopholaitiúil an‑dúshlánach. Chuige sin, beidh gá le buiséad AE athchóirithe treisithe. Thairis sin, cuirfear tús in 2028 le haisíoc iasachtaí NextGenerationEU, a raibh ról ríthábhachtach acu maidir leis an bhfreagairt fhioscach aontaithe don ghéarchéim. Cuirfidh an t‑aisíoc sin le riachtanais airgeadais an chéad chreata airgeadais eile.
Ní mór don Eoraip an rud a dhéanamh a cheaptar a bheith dodhéanta: buiséad AE a bheith oiriúnach dár n‑uaillmhianta agus a áiritheoidh go háirithe go n‑aisíocfar NextGenerationEU agus go mbeidh ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta cobhsaí san am céanna, ní féidir é a dhéanamh gan acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Ní mór roghanna a dhéanamh.
Leagtar amach sa Teachtaireacht seo roinnt de na príomhdhúshláin bheartais agus bhuiséadacha a bheidh roimh an gcéad chreat airgeadais eile, chun tús a chur le hidirphlé leathan a chuideoidh le hullmhú an togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile.
2. DÚSHLÁIN BHEARTAIS DON CHÉAD CHREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL EILE
Leis an mbuiséad AE a bheidh ann amach anseo ba cheart díriú ar dhúshláin choiteanna, a mbaineann an breisluach is airde a thiocfaidh as caiteachas ar an leibhéal Eorpach leo Is réamhriachtanas bunúsach é comhaontú leathan maidir le ‘cad’ atá le maoiniú – is é sin, maidir leis na riachtanais infheistíochta sna blianta atá le teacht – chun teacht ar chomhaontú maidir le ‘conas’ é a mhaoiniú – trí infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh, trí bhuiséid náisiúnta nó trí bhuiséad coiteann an Aontais, agus maidir le cé na huirlisí a úsáidfear sa bhuiséad.
Cuirtear bac ar an iomaíochas Eorpach mar gheall ar na bacainní atá laistigh den mhargadh aonair fós, iomaíocht idirnáisiúnta éagórach, praghsanna arda fuinnimh, ganntanas scileanna agus saothair agus na deacrachtaí atá ag gnólachtaí rochtain a fháil ar an gcaipiteal atá de dhíth orthu. Tá láidreachtaí tábhachtacha ag geilleagar na hEorpa – geilleagar oscailte, iomaíocht ard sa mhargadh, samhail láidir leasa shóisialaigh lena ngabhann leibhéil ísle neamhionannais agus ardchaighdeáin rialachais, sláinte, oideachais agus cosanta comhshaoil, agus saibhreas cultúrtha uathúil. Tá roinnt laigí ag teacht chun solais, áfach. Ní ar an mórchóir a dhéantar caiteachas poiblí ar thaighde agus nuálaíocht san Eoraip – ós rud é nach dtarlaíonn ach an deichiú cuid de ar an leibhéal Eorpach, agus go bhfuil sé scaipthe thar roinnt mhaith réimsí – agus nach bhfuil sé dírithe go leordhóthanach ar an nuálaíocht cheannródaíoch. In 2023, ba é EUR 381 bhilliún, nó 2,22 % de OTI an Aontais, an caiteachas ar thaighde agus forbairt san Aontas sa chaoi nár baineadh amach an sprioc 3 %. Ar an gcaoi chéanna, chaith cuideachtaí an Aontais thart ar EUR 270 billiún níos lú ar thaighde agus forbairt ná a gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe in 2021. Tá an struchtúr tionsclaíoch statach: níor bunaíodh le 50 bliain anuas aon chuideachta de chuid an Aontais a bhfuil caipitliú margaidh is mó ná EUR 100 billiún aici, ach ba sa tréimhse sin a cruthaíodh gach ceann de na sé chuideachta de chuid na Stát Aontaithe ar mó a luacháil ná EUR 1 trilliún. An bhearna leanúnach sa mhaoiniú príobháideach le haghaidh infheistíocht fáis ag céim dhéanach, cuireann sí bac ar chumas chuideachtaí an Aontais méadú. Tá an Eoraip thíos freisin le bearnaí scileanna ar fud an gheilleagair, agus iad á dtreisiú mar go bhfuil lucht saothair ag dul i laghad. Ar an iomlán, beidh iomaíochas na hEorpa ag brath amach anseo ar ár gcumas tús a chur le ré nua nuálaíochta agus seiftiúlachta, ina mbeidh taighde agus nuálaíocht, agus eolaíocht agus teicneolaíocht, i gcroílár ár ngeilleagair.
Tá bagairtí slándála san Aontas ag méadú i bhfianaise an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid. Tá bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí thíos leis na blianta fada tearcinfheistíochta: idir 1999 agus 2021, tháinig méadú 22 % ar chomhchaiteachas cosanta an Aontais, i gcomparáid le 66 % sna Stáit Aontaithe, 289 % sa Rúis agus 579 % sa tSín. Gheall na Ballstáit ar baill d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) iad go gcaithfidh siad 2 % ar a laghad dá OTI ar chosaint, ach níl an sprioc sin bainte amach acu uile, agus táthar ag cuimhneamh ar sprioc níos airde. Tá an comhar teoranta freisin: An tagarmharc a leag na Ballstáit síos dóibh féin níos mó ná 15 bliana ó shin chun infheistíocht 35 % a dhéanamh i dteannta a chéile ar thionscadail chomhoibritheacha Eorpacha, tá siad fós i bhfad óna bhaint amach. Fágann an ilroinnt feadh teorainneacha náisiúnta, mar aon le comhar teoranta agus an dúbailt a bhaineann leis sin, go ndéantar díobháil do chuideachtaí cosanta Eorpacha iomaíocha agus go gcruthaítear spleáchais straitéiseacha. Tá ullmhacht cosanta níos láidre, lena n‑áirítear trí shócmhainní spáis, agus soghluaisteacht mhíleata ag teastáil chun aon fhogha a dhéanfaí amach anseo a dhíspreagadh agus chun tacú leis an Úcráin i dtreo na síochána. Chuige sin uile, ní mór maoiniú don chosaint a mhéadú agus a bharrfheabhsú ar fud an Aontais. Mar chuid d’fhíor‑Aontas Eorpach um Chosaint, beidh ar an Eoraip níos mó a chaitheamh, é a chaitheamh níos fearr agus é a chaitheamh i dteannta a chéile. Cuirfidh an Coimisiún an Páipéar Bán maidir le Todhchaí na Cosanta Eorpaí i láthair i mí an Mhárta.
Is measa an t‑easáitiú laistigh de Chomharsanacht an Deiscirt, agus an imirce neamhrialta go dtí an Eoraip ón gComharsanacht sin, mar gheall ar chogadh, neamhshlándáil, bochtaineacht agus easpa deiseanna. Tá roinnt mhaith dul chun cinn déanta ag an Eoraip maidir le cur chuige aontaithe a bhunú i leith na himirce, an tearmainn agus na dteorainneacha, ach leanfaidh an imirce de bheith ina dúshlán agus tá sé fós ina thosaíocht ag muintir na hEorpa déanamh de réir an chur chuige sin. Is é an toradh a bhíonn ar smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine brabúis choiriúla. Leis an úsáid mar uirlis troda atá á baint as an imirce ag teorainneacha an Aontais, léirítear go bhfuil cineálacha nua hibrideacha bagairtí ag cothú easaontais agus mímhuiníne i sochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, ba cheart don chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheith ina chuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an imirce, lena n‑áirítear cosaint éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais agus comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tíortha tionscnaimh agus idirthurais. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit leis freisin chun a áirithiú go bhfuil an saineolas agus an acmhainn oibríochtúil agus airgeadais acu a theastaíonn uathu chun an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme.
Tá rath an mhargaidh aonair ag brath freisin ar a chumas dul chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí uile na hEorpa. Cé go bhfuil laghdú substaintiúil tagtha ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus críochacha, lena n‑áirítear trí bheartais chomhtháthaithe an Aontais, tá 29 % de shaoránaigh den Aontas fós ina gcónaí i réigiúin ina bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán an Aontais agus tá thart ar 135 mhilliún duine ina gcónaí in áiteanna atá tite ar gcúl go mall le scór bliain anuas. Fostaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide beagnach dhá thrian de lucht saothair an Aontais agus is é atá iontu beagán níos mó ná leath dá bhreisluach, ach tá bacainní ar roinnt mhaith acu maidir le rochtain a fháil ar an Margadh Aonair, lena n‑áirítear nósanna imeachta maorlathacha casta, ualaí arda riaracháin, agus easpa faisnéise agus seirbhísí tacaíochta. Is gá an glas a bhaint den infheistíocht chun forbairt eacnamaíoch a áirithiú ar fud na hEorpa, ach tá gá le hathchóirithe freisin chun bacainní ar fhorbairt réigiúnach a bhaint, e.g. bacainní infheistíochta, bacainní rialála agus laigí i margadh an tsaothair agus sa timpeallacht ghnó. Ní mór dúinn ár sochaí a athaontú trí oideachas agus infheistíocht a dhéanamh i ndaoine. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí bheartas neartaithe nuachóirithe um chomhtháthú agus fás i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
Cothaíonn slándáil an tsoláthair bia agus cosaint an dúlra cáilíocht saoil na hEorpa ach tá deacrachtaí sonracha acu. Iomaíocht éagórach dhomhanda, praghsanna fuinnimh níos airde, easpa feirmeoirí agus iascairí óga agus deacrachtaí maidir le rochtain ar chaipiteal, déanann siad difear níos mó agus níos mó d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do cheantair thuaithe. D’ainneoin na tacaíochta substaintiúla ón gcomhbheartas talmhaíochta, tá an t‑ioncam talmhaíochta in aghaidh an oibrí fós luaineach agus go mór faoi bhun an mheánphá i ngeilleagar an Aontais (60 % in 2023). I gcás iascach cósta ar mhionscála, ba é an meánphá in 2021 thart ar leath de mheánphá an gheilleagair. Ós rud é nach raibh ach 6,5 % d’fheirmeoirí faoi bhun 35 bliana d’aois in 2020, tá lucht saothair talmhaíochta an Aontais ag dul in aois. Bheadh thart ar EUR 62 bhilliún ag teastáil chun an bhearna infheistíochta san earnáil talmhaíochta a dhúnadh agus chun na haistrithe digiteacha, glasa agus fuinnimh a bhaint amach inti. Thairis sin, bíonn an córas bia níos neamhchosanta ar rioscaí de dheasca an athraithe aeráide. Agus forbairt á déanamh ar na moltaí ón bplé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach agus ón bhFís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia atá le teacht, ní mór do chomhbheartas talmhaíochta atá oiriúnach dá fheidhm tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar do na feirmeoirí is mó a bhfuil gá acu léi, torthaí dearfacha comhshaoil agus sóisialta a chur chun cinn trí luaíochtaí agus dreasachtaí do sheirbhísí éiceachórais agus tacú leis na coinníollacha cearta cumasúcháin le haghaidh ceantair thuaithe rathúla. Ní mór dó a bheith níos simplí agus níos spriocdhírithe agus an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir dreasachtaí, infheistíocht agus rialáil, agus a áirithiú go mbeidh ioncam cothrom leordhóthanach ag feirmeoirí.
Is mór an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a imríonn tubaistí a bhíonn ag tarlú níos minice agus ag éirí níos measa.
Tháinig méadú faoi dhó ar an meánchostas a bhaineann le tubaistí nádúrtha ó EUR 8 mbilliún in aghaidh na bliana sna 1980í go EUR 16 bhilliún le 10 mbliana anuas. In 2021 agus 2022, bhí na costais ní ba mhó ná EUR 50 billiún in aghaidh na bliana agus shroich siad EUR 40 billiún in 2023, arbh í an bhliain ba theo riamh ar domhan. De réir Thuarascáil 2024 ar an Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide, d’fhéadfadh caillteanais eacnamaíocha charnacha a bheith chomh hard le EUR 175 bhilliún (i.e. thart ar 1,4 % de OTI an Aontais) má bhíonn téamh 3 °C ann. Chomh maith leis sin, i bhfianaise na rioscaí sin, mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhféachfar chuige go mbeidh cistiú ón Aontas don oiriúnú don athrú aeráide slán i bhfad na haimsire. Chuige sin, beidh gá le dlús a chur leis an obair ar athléimneacht agus ullmhacht ó thaobh na haeráide agus an uisce de: agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais á saothrú againn mar chuid dár straitéis fáis eacnamaíoch, ní mór an t‑ullmhú do rioscaí aeráide atá ag méadú a bheith ina chuspóir uileghabhálach ag gníomhaíocht an Aontais, go hinmheánach agus go seachtrach araon.
Tá dúshláin a bhaineann leis an tírdhreach domhanda polaitiúil agus eacnamaíoch nach raibh a leithéid ann riamh. Tá cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine tar éis cogadh a thabhairt ar ais chuig mór‑roinn na hEorpa. Ní mór an tacaíocht airgeadais, pholaitiúil agus mhíleata a thugann an Eoraip don Úcráin a choinneáil ar bun chomh fada is gá óir is infheistíocht i slándáil na hEorpa í. Tá éagobhsaíocht ar fud an réigiúin agus riachtanais dhaonnúla ag dul i méid mar gheall ar an gcás sa Mheánoirthear. Fágann an méadú atá ag teacht ar an iomaíocht éagórach agus an seasamh eacnamaíoch agus geopholaitiúil níos ionsaithí go bhfuil an bonn á bhaint den chóras iltaobhach domhanda, rud a léiríonn an t‑aistriú ón gcomhar chuig an iomaíocht agus an méadú ar choinbhleachtaí. Tá níos lú ná 20 % de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an mbóthar ceart, agus tá bearna leanúnach infheistíochta i dtíortha i mbéal forbartha. Bíonn riachtanais dhaonnúla ag dul i méid i gcónaí: in 2024, tá EUR 45 bhilliún ag teastáil ar fud an domhain le haghaidh cabhair dhaonnúil, níos mó ná dhá oiread an mhéid a theastaigh in 2019. Chun go rachaidh comhpháirtíochtaí chun tairbhe an dá thaobh, tá gá le beartas eachtrach Eorpach lena ngabhfaidh maoiniú níos spriocdhírithe agus níos láidre ó thaobh tionchair de dár gcomhpháirtithe agus a bheidh ailínithe níos fearr le leasanna straitéiseacha an Aontais.
Is riachtanas polaitiúil agus geostraitéiseach é an méadú. Próiseas bunaithe ar fhiúntas a bheidh sa phróiseas aontachais leis an Aontas i gcónaí – agus déanfar measúnú ar gach iarrthóir de réir an dul chun cinn a bheidh déanta aige féin i dtreo chomhlíonadh na gcritéar uile. Beidh ar an Aontas dlús a chur leis an tacaíocht chun tíortha is iarrthóirí a ullmhú, le hinfheistíocht agus athchóirithe, le haghaidh a mballraíochta ionchasaí. Tá OTI per capita na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia fós thart ar 50 % de OTI an Aontais nó faoina bhun, agus is go malltriallach atáthar ag baint cóineasú amach. Beidh tacaíocht ón Aontas agus óna chomhghuaillithe de dhíth ar an Úcráin chun ionsaí brúidiúil na Rúise agus na drochiarmhairtí eacnamaíocha a bheidh aige a sheasamh. Tá buntáistí móra socheacnamaíocha, polaitiúla agus slándála ag baint le hAontas níos mó agus níos láidre.
Dá réir sin, fágann scála na ndúshlán atá romhainn go bhfuil gá le buiséad a bheidh uaillmhianach ó thaobh méid agus dearaidh de.
3.‘ROGHA AN AONTAIS’ LE hAGHAIDH BUISÉAD NÍOS SIMPLÍ, NÍOS DÍRITHE AGUS NÍOS LÁIDRE Ó THAOBH TIONCHAIR DE
Buiséad AE níos dírithe
Le cur chun feidhme leanúnach an chreata airgeadais atá i bhfeidhm faoi láthair, tugtar roinnt ceachtanna maidir le conas solúbthacht bhuiséad an Aontais a mhéadú agus é a ailíniú níos fearr lenár dtosaíochtaí agus lenár gcuspóirí. Tá an tsolúbthacht ríthábhachtach chun a ráthú go mbeidh an buiséad in ann freagairt d’athruithe ar an saol mar atá. Mar sin féin, ní féidir é sin a dhéanamh má réamhchláraítear ón tús beagnach gach ciste de chuid an Aontais, óir déantar níos mó ná 90 % de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027 agus NextGenerationEU a réamh‑leithdháileadh chun críoch sonrach, chun clár sonrach nó chun imchlúdach náisiúnta sonrach. Dá thoradh sin, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn ó bhí 2021 ann, athraíodh an cuspóir ag cistí atá ann cheana agus ath‑leithdháileadh iad, trí nósanna imeachta fada uaireanta, agus cruthaíodh cistí, cláir nó bearta ad hoc nua, rud a rinne cistiú ón Aontas níos scaipthe fós. Is gá díriú isteach níos fearr agus simpliú níos fearr a dhéanamh ón tús chun tionchar an chistithe ón Aontas a uasmhéadú, tráth machnaimh ar an gcreat airgeadais a bheidh ann amach anseo.
Freagairt an Aontais ar dhrochiarmhairtí eacnamaíocha chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, is sampla é den chaoi a neartaítear tionchar chomhghníomhaíocht an Aontais a bhuí le creat a thugann ár gcuspóirí beartais i gcomhréir lenár dtosaíochtaí caiteachais. Nuair a tháinig méadú géar ar phraghsanna fuinnimh de dheasca chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ba mhó ba ghá an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite. Trí chreat an tSeimeastair Eorpaigh díríodh moladh tiomnaithe chuig na Ballstáit uile, agus bhí siad in ann é a chur chun feidhme ansin trí chaibidlí nua REPowerEU sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n‑áirítear le cistí breise ón Aontas. A bhuí lenár ngníomhaíocht chomhpháirteach, bhíothas in ann tomhaltas gáis a laghdú 18 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2024, deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a áirithiú agus táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a mhéadú.
Tá tuilleadh iarrachtaí ag teastáil chun buiséad a bheidh bunaithe ar bheartas i ndáiríre a bhaint amach sa chaoi go n‑áiritheofar sineirgí idir ár mbeartais agus gníomhaíocht airgeadais an Aontais. Is rómhór fós an tionchar a imríonn struchtúir clár caiteachais, agus ní beartais, ar bhuiséad an Aontais. Dá thoradh sin, is minic a bhíonn maoiniú na dtosaíochtaí beartais atá ag an Aontas faoi láthair scaipthe idir cláir a fhorluíonn a chéile uaireanta. Tá deis ann an nasc idir an comhordú foriomlán beartais agus buiséad an Aontais a threisiú, trí shásra nua stiúrtha lena nascfar tosaíochtaí an Aontais le buiséad an Aontais. Maidir le hiomaíochas, beidh an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais, mar aon le Seimeastar Eorpach cuíchóirithe a bheidh dírithe ar athchóirithe agus infheistíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ina gcuid de shásra stiúrtha comhleanúnach barainneach chun bonn eolais a chur faoi chinntí maidir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ar bhonn níos leithne, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcaoi a gcuireann beartais an Aontais bonn eolais faoi na tosaíochtaí buiséadacha agus ar an gcaoi a dtacaíonn siad leo, chun a áirithiú go dtacaíonn buiséad an Aontais le hearraí poiblí Eorpacha, go háirithe tionscadail trasteorann.
Tá comhleanúnachas níos fearr maidir le maoiniú beartas inmheánach agus seachtrach ríthábhachtach chun leasanna straitéiseacha an Aontais a chur chun cinn níos fearr. I ngeall ar an gcomhlántacht le gníomhaíocht sheachtrach na mBallstát, tá gá le comhordú chun éifeachtacht agus infheictheacht na hinfheistíochta domhanda agus an chomhair dhomhanda a dhéanann an Eoraip a uasmhéadú. Ar an gcúis sin, nuair a bhuail paindéim COVID‑19, cuireadh ‘Foireann na hEorpa’ i bhfeidhm chun freagairt dhomhanda chomhordaithe agus chuimsitheach ón Aontas, óna Bhallstáit agus ó institiúidí airgeadais poiblí na hEorpa a áirithiú. Ó shin i leith, tá cur chuige ‘Fhoireann na hEorpa’ ina chnámh droma ag maoiniú ón Aontas don chomhar idirnáisiúnta. Leanann an tionscnamh Global Gateway an cur chuige sin, agus téann i gcomhar chun leasanna coiteanna a shainaithint agus chun bheith i gceannas ar rabharta nua infheistíochta bonneagair ar fud an domhain. An tráth céanna, cumhdaítear le maoiniú gníomhaíochta seachtraí raon leathan réimsí a bhfuil idirnaisc mhóra inmheánacha agus sheachtracha eatarthu – ón mbeartas trádála foriomlán go hábhair, fuinneamh, aeráid agus imirce. Trí athbhreithniú agus uas‑scálú a dhéanamh ar an dea‑chleachtas agus ar na huirlisí is éifeachtúla, cuideofar le leasanna straitéiseacha agus slándála eacnamaíche an Aontais a bhaint amach agus neartófar comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh, i gcomharsanacht na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Buiséad AE níos simplí
Cuireann an chastacht atá ann cheana isteach ar an rochtain ar chistiú ón Aontas. Cé go bhfuil an líon clár caiteachais laghdaithe go feadh méid áirithe cheana féin ag tús na tréimhse atá anois ann, tá os cionn 50 clár caiteachais fós sa bhuiséad agus i gcláir eile lasmuigh de
. Cé go léiríonn sé sin a mhéad atá raon feidhme an chistithe ón Aontas, méadaíonn sé an baol go mbeidh forluí ann agus laghdaíonn sé an tionchar agus an trédhearcacht agus d’fhéadfadh sé bearnaí a fhágáil i ngeall ar easpa cineálacha cuimsitheacha comhordaithe cur chuige i leith cistiúcháin le haghaidh tosaíochtaí trasnacha amhail iomaíochas. San Aontas Eorpach, cuireann ‘laigí feadh ‘shaolré na nuálaíochta’ (...) cosc ar earnálacha nua agus ar iomaitheoirí nua teacht chun cinn, [agus] tosaíonn siad le bacainní sa phíblíne idir na nuálaíocht agus an tráchtálú’. Áirítear orthu sin bearnaí tacaíochta ó bhuiséad an Aontais, toisc nach soláthraíonn sé maoiniú rianúil ón taighde go dtí an nuálaíocht tríd an bhforbairt agus an cur in úsáid. Imríonn an ilroinnt sin, mar aon le castacht agus dolúbthacht, tionchar ar éifeachtacht an chistithe ón Aontas.
Bíonn deacrachtaí ag tairbhithe dul i ngleic leis an iliomad rialacha agus critéar, in ainneoin na mbeart simpliúcháin a tugadh isteach sa chreat airgeadais atá i bhfeidhm faoi láthair
. Rialacha éagsúla incháilitheachta, próisis éagsúla iarratais, rátaí éagsúla cómhaoinithe agus pointí iontrála iomadúla d’iarratasóirí féideartha, cuireann siad luas agus cáilíocht an chur chun feidhme agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i mbaol. D’fhéadfaidís freisin an bonn a bhaint de ghnóthú chuspóirí an Aontais, má tá siad neamhréireach. Glao ar thograí a fhreagairt le haghaidh rochtain a fháil ar chistí AE, d’fhéadfadh sé a bheith casta agus ina ualach ar leith ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide. Tá níos mó ná 30 uirlis ann inniu lena gcuirtear cúnamh teicniúil agus roghanna tacaíochta ar fáil, agus is féidir iad a shimpliú agus deireadh a chur le forluí. Thairis sin, dá chasta na rialacha is ea is mó an riosca go mbeidh earráidí caiteachais ann. Dá mbeadh fíorphointe iontrála aonair ag tairbhithe ar sheirbhísí cistiúcháin agus comhairleacha uile an Aontais sa chéad chreat airgeadais eile, d’fhéadfadh sé rochtain a éascú do thairbhithe.
Fágann ilroinnt an mhór‑réimse airgeadais freisin go bhfuil an iomarca doiciméid chlársceidealaithe ann, ar doiciméid iad atá dian ar acmhainní do na riaracháin uile lena mbaineann agus ina gcúis le moilleanna. Áirítear sa chreat airgeadais atá i bhfeidhm faoi láthair níos mó ná 10 gciste réamh‑leithdháilte a dteastaíonn iarrachtaí pleanála agus clársceidealaithe ar leithligh ina leith. Cruthaíonn sé sin ualach trom riaracháin d’údaráis bhainistíochta agus do thionscnóirí tionscadail ag tús gach tréimhse airgeadais agus is mór an mhoill dá dheasca idir ullmhú an chreata airgeadais agus a chur chun feidhme ar an láthair. B’amhlaidh sin freisin i gcás chlárthréimhse 2021‑2027, nuair a cuireadh moill ar chur chun feidhme i ngeall ar ghlacadh déanach na reachtaíochta earnálaí agus ar an bpróiseas fada chun doiciméid chlársceidealaithe a ghlacadh. Níor glacadh cláir oibríochtúla chistí an Bheartais Chomhtháthaithe, mar shampla, go dtí lár 2022.
Ó tharla gur glacadh cláir oibríochtúla go déanach agus gur ann i gcomhthráth do roinnt cistí amhail an Ciste um Aistriú Cóir agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bhfuil tráthchlár níos doichte ag an gceann deireanach sin, agus ó tharla gur dhírigh na húdaráis náisiúnta ar dtús ar chur chun feidhme na gcistí a chur i gcrích faoi chreat ilbhliantúil 2014‑2020 faoi riail ‘n+3’, tá níos lú ná 7 % de leithdháileadh 2021‑27 íoctha amach, agus réamh‑mhaoiniú is ea níos mó ná leath de sin.
Clársceidealú faoi mhaoiniú gníomhaíochta seachtraí, go háirithe le haghaidh na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, mhair sé suas le 3 bliana freisin.
Roinnt clár ar an láthair a bheith curtha chun feidhme go mall, tá gealltanais níos airde le híoc nó ‘Reste à liquider’ (Fíor 1) agus riosca níos airde maidir le saoradh ann dá dheasca, agus d’fhéadfadh neamhéifeachtúlachtaí a bheith ann, toisc go dtagann athrú ar na tosaíochtaí beartais nuair a bhíonn moill mhór roinnt blianta idir socrú na dtosaíochtaí, an clársceidealú agus cur chun feidhme iarbhír na n‑infheistíochtaí.
Figiúir 1. Gealltanais bhuiséad an Aontais le híoc
Tabhair faoi deara: EUR, praghsanna reatha, slánaithe go dtí an billiún is gaire. Comhfhreagraíonn na blianta 2024‑2027 do réamhaisnéis na n‑íocaíochtaí fadtéarmacha.
Buiséad AE atá níos láidre ó thaobh tionchair de
Déanann buiséad an Aontais acmhainn airgeadais fhoriomlán an Aontais a ghiaráil. Ar ollstruchtúr airgeadais chláir chaiteachais an Aontais áirítear iasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, agus slógann sé cómhaoiniú ó na Ballstáit agus ó thairbhithe. Trí InvestEU agus tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach, laghdaíonn buiséad an Aontais an riosca a bhaineann le tionscadail nuálacha agus déanann sé infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a phlódú isteach. Thuairiscigh 95 % de thionscnóirí tionscadail nach rachadh a dtionscadail ar aghaidh ar chor ar bith nó ar an mbealach a bhí beartaithe gan maoiniú ó InvestEU. Thairis sin, mheas 58 % de thionscnóirí tionscadail gur imir an maoiniú ráthaithe ó InvestEU tionchar ar chinntí airgeadaithe nó infheisteoirí eile gealladh don tionscadal.
Tá sé fós dúshlánach, áfach, infheistíochtaí príobháideacha a scaoileadh sa bhuiséad fadtéarmach reatha. Tá deis ann acmhainn coinneála riosca bhuiséad an Aontais a bharrfheabhsú chun tionchar na n‑acmhainní poiblí a mhéadú oiread is féidir. Tá gá le soláthar níos airde, mar shampla, chun tacú le hearnálacha a bhfuil níos mó deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú margaidh, e.g. earnálacha ardriosca, nó earnálacha nideoige amhail an bhithéagsúlacht nó táirgí sóisialta. D’fhéadfaí é sin a fhrithchothromú le táirgí soláthair eile atá níos ísle. Cuireann inghlacthacht theoranta riosca isteach ar acmhainneacht bhuiséad an Aontais infheistíocht phríobháideach a shlógadh trí ionstraimí comhroinnte riosca toisc go bhfuil comhpháirtithe cur chun feidhme fós dírithe den chuid is mó ar infheistíocht lena mbaineann riosca réasúnta íseal. Sa bhuiséad ilbhliantúil reatha, tá sé dúshlánach InvestEU a úsáid chun tacú le tionscadail a bhaineann leis an gcosaint mar gheall ar rialacha inmheánacha na gcomhpháirtithe cur chun feidhme. Thairis sin, thug NextGenerationEU breisiú substaintiúil do bhuiséad InvestEU. Mar gheall ar spriocdhátaí níos déine NextGenerationEU, tugadh tús áite d’fhormheasanna, rud a d’ídigh roinnt mhaith de na táirgí airgeadais a bhí ar fáil. Dá thoradh sin, tiocfaidh deireadh tar éis 2025 le formheasanna nua le haghaidh roinnt táirgí airgeadais, go háirithe i réimsí ardriosca
. Tá úsáid foinsí cistiúcháin nach creidmheas bainc iad fós faoi bhun na hacmhainneachta atá ann: tá caipiteal fiontair an Aontais tearcfhorbartha mar shampla, agus ní thiomsaíonn a chistí ach 5 % den chaipiteal fiontair domhanda i gcomparáid le 52 % i gcás chistí na Stát Aontaithe. Beidh sé ríthábhachtach Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích chun infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh. An tráth céanna, is féidir le buiséad an Aontais infheistíochtaí príobháideacha a chomhlánú agus a shlógadh, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do bhainc thráchtála, d’infheisteoirí agus don chaipiteal fiontair maoiniú a thabhairt do chuideachtaí atá ag fás go tapa agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní a chuireann srian ar an méid caipitil Eorpaigh atá ar fáil chun nuálaíocht a mhaoiniú. Is gá don Aontas úsáid níos fearr a bhaint as a bhuiséad chun tuilleadh maoinithe náisiúnta, phríobháidigh agus institiúidigh a dhí‑rioscú agus a ghiaráil.
Chun an t‑aistriú glas, an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú sóisialta a mhaoiniú, is gá infheistíocht phoiblí a uasmhéadú agus caipiteal príobháideach a ghiaráil. Trí infheistíocht a dhéanamh chun spriocanna dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach agus trí dheireadh a chur le bacainní ar ár nAontas Fuinnimh, tugtar an deis don Eoraip praghsanna fuinnimh a ísliú, a slándáil fuinnimh a mhéadú agus ceannaireacht a thabhairt maidir le teicneolaíochtaí glana. Chun an sprioc sin a bhaint amach, is gá cuíchóiriú a dhéanamh ar an maoiniú ón Aontas le haghaidh teicneolaíochtaí glana, agus aird á díriú ar na teicneolaíochtaí a bhfuil buntáiste agus acmhainneacht láidir fáis ag an Aontas ina leith. Ina theannta sin, ní áirítear costais oibriúcháin i dtacaíocht airgeadais an Aontais faoi láthair, mar a bhfuil na bearnaí costais is mó. Cuireann ilroinnt an Mhargaidh Aonair agus ilroinnt deiseanna maoiniúcháin bac ar an bhféidearthacht go ndéanfaí cuideachtaí nuálacha a uas‑scálú, agus is amhlaidh sin go háirithe i gcás cuideachtaí teicneolaíochta nuálacha óga. Ceann de na tosca a chuireann isteach ar ár n‑iomaíochas is ea nár baineadh leas as an réabhlóid dhigiteach agus is gá infheistíochtaí substaintiúla a dhéanamh chun leanúint de luas phríomhiomaitheoirí na hEorpa: beidh sé ríthábhachtach dá réir scála leordhóthanach a bhaint amach sna tionscadail straitéiseacha tacaíochta chun bearna nuálaíochta na hEorpa a dhúnadh. I ndáil leis sin, is féidir leis an gCiste Eorpach Infheistíochta gníomhú chun maoiniú breise a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha ardacmhainneachta atá ag fás go tapa. Ar an iomlán, tá tuilleadh deiseanna ann breisíocht chaiteachas an Aontais a mhéadú chun a áirithiú go ndíreoidh buiséad an Aontais ar infheistíochtaí nach dtiocfaidh chun cinn murach sin.
Aird níos mó a bheith dírithe ar fheidhmíocht, chuidigh sé le cuspóirí beartais an Aontais agus caiteachas an Aontais a ailíniú. Tá roinnt clár aistrithe ó íocaíochtaí bunaithe ar aisíoc costas chuig samhlacha seachadta atá dírithe níos mó ar chuspóirí agus ar thorthaí atá le baint amach. Is amhlaidh sin ní hamháin i gcás na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta – ar clár mórscála é ina mbíonn íocaíochtaí ag brath ar chuspóirí réamhshainithe a chomhlíonadh go sásúil – ach i gcás cláir eile freisin amhail an tSaoráid don Úcráin agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar. Baineadh úsáid as sásraí eile chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chaiteachas an Aontais, amhail maoiniú nach bhfuil nasctha le costais,agus pleanáil straitéiseach. Díríodh níos fearr ar fheidhmíocht sa chomhbheartas talmhaíochta, mar shampla, trí phleananna straitéiseacha náisiúnta bunaithe ar riachtanais agus cumais náisiúnta, lena ndéantar na hidirghabhálacha uile a nascadh freisin le táscairí lenar féidir measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a gcuspóirí a bhaint amach. Mar sin féin, níor chuir sé sin deireadh go fóill leis an gcastacht iomarcach ar leibhéal na bhfeirmeoirí aonair. Maidir leis an gcomhtháthú, tá curtha i dtábhacht ag an gComhairle gur gá machnamh a dhéanamh ar conas beartas comhtháthaithe a dhéanamh níos feidhmíochtbhunaithe d’fhonn a éifeachtúlacht a fheabhsú, agus forbairt á déanamh ar a thaithí féin agus ar cheachtanna a foghlaimíodh ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, agus ar a láidreachtaí – is iad sin bainistíocht chomhroinnte, rialachas il‑leibhéil, cur chuige áitbhunaithe agus prionsabal na comhpháirtíochta. Sna tuairimí ón Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ maidir leis an meastóireacht ar na cistí comhtháthaithe a d’eascair as comhairliúchán le líonra mol réigiúnach Choiste na Réigiún, iarrtar freisin go ndíreofaí níos mó ar an bhfeidhmíocht.
Ní mór a bheith dírithe níos láidre ar fheidhmíocht agus simpliú agus cuntasacht ina teannta. Tá gnéithe dearfacha tábhachtacha ag baint le cineálacha cur chuige feidhmíochtbhunaithe a bhaineann le héifeachtúlacht agus luas an chur chun feidhme. An tráth céanna, chruthaigh siad costais iontrála do riaracháin na mBallstát, agus d’fhéadfaí tuilleadh simplithe riaracháin a dhéanamh. Thairis sin, ní mór tosca tábhachtacha maidir le cuntasacht agus inrianaitheacht cistí AE a chur san áireamh ar an gcaoi chéanna. I ndáil leis sin, shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu,.
Cé gur rannchuidigh buiséad an Aontais le tosaíochtaí cothrománacha a chur chun cinn amhail gníomhú ar son na haeráide, an bhithéagsúlacht agus comhionannas inscne, agus le creat feidhmíochta níos láidre a fhorbairt, d’fhéadfaí feabhas a chur air. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta chun tacú le tosaíochtaí cothrománacha, tá deis ann feabhas a chur ar a chomhsheasmhaí a dhéantar na tosaíochtaí sin a chomhtháthú i ndearadh clár. Thairis sin, ceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais athbhreithnithe go gcuirfear san áireamh i gcláir an Aontais, in aon chás inarb ábhartha agus inar féidir, an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, dálaí oibre agus fostaíochta agus prionsabal an chomhionannais inscne. Tá ár gcreat feidhmíochta láidir agus áirithítear leis go bhfuil táscairí fóinteacha ag na cláir lenar féidir faireachán a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais agus ar a thorthaí. Tá na rialacha faireacháin agus tuairiscithe fós casta, áfach, agus tá modheolaíochtaí agus tacair táscairí éagsúla ann a bhraitheann ar na cláir.
Buiséad AE níos solúbtha
Le buiséad an Aontais, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir intuarthacht ar mhaithe le hinfheistíochtaí fadtéarmacha agus solúbthacht chun freagairt do ghéarchéimeanna. Ní hionann buiséad an Aontais agus na buiséid náisiúnta a mhéid is buiséad infheistíochta go príomha é atá faoi réir pleanáil ilbhliantúil. An tráth céanna, is gá dó a bheith solúbtha chun freagairt do riachtanais gan choinne (e.g. géarchéimeanna móra eacnamaíocha nó tubaistí nádúrtha) nó chun tosaíochtaí nua a mhaoiniú i gcomhréir leis an tírdhreach domhanda atá ag athrú go tapa.
Ní mór na dolúbthachtaí is gné dhílis den chreat airgeadais ilbhliantúil a dhéanamh níos rianúla. Bhí sé imrothlach os cionn 1 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) an Aontais go stairiúil, agus is é 1,7 % de OIN an Aontais atá ann faoi láthair, in éineacht le NextGenerationEU (Fíor 2). Tá caiteachas faoi ghlas ar feadh tréimhse 7 mbliana sa chreat airgeadais atá i bhfeidhm faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil moill mhór idir tráth ceaptha an bheartais agus tráth a chur chun feidhme. Thairis sin, tá an caiteachas faoi cheangal laistigh de theorainneacha foriomlána bliantúla chomh maith le teorainneacha in aghaidh an phríomhréimse gníomhaíochta (ceannteidil agus fo‑cheannteidil) a shocraítear ag tús na tréimhse agus a chuireann srian ar aistriú acmhainní. Tá seacht gceannteideal agus dhá fho‑cheannteideal sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus sin é an líon is mó ceannteideal a bhí ann riamh.
Figiúir 2. Buiséad an Aontais mar chéatadán de OIN
Tá roinnt solúbthachtaí airgeadais ionsuite sa bhuiséad reatha freisin, ach tá siad sin teoranta ina méid agus is minic a bhíonn siad docht ina n‑úsáid. Le hionstraimí speisialta de bhreis ar na huasteorainneacha caiteachais, is féidir freastal ar riachtanais gan choinne. Tá solúbthachtaí nó cúlchistí ionsuite i roinnt clár. Ar an iomlán, ba é a bhí sna solúbthachtaí a bhí ar fáil 3,65 % de na huasteorainneacha foriomlána tráth a glacadh an creat airgeadais ilbhliantúil. Faoi thráth an athbhreithnithe meántéarma ar an gcreat airgeadais, bhí solúbthachtaí i mbuiséad an Aontais ídithe cheana féin mar gheall ar mhéid na suaití arbh éigean dóibh aghaidh a thabhairt orthu, is é sin iarmhairtí chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar an gcéad dul síos, chomh maith le tubaistí nádúrtha san Aontas agus níos faide i gcéin: rinneadh leithdháileadh bliantúil na hionstraime solúbthachta agus an chúlchiste um dhlúthpháirtíocht agus cabhair éigeandála a shlógadh go hiomlán in 2021‑2022; Rinneadh 79 % den chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus 75 % de na corrlaigh neamh‑leithdháilte le haghaidh na tréimhse iomláine a leithdháileadh. Dá thoradh sin, b’éigean an ionstraim sholúbthachta agus an cúlchiste um dhlúthpháirtíocht agus cabhair éigeandála a threisiú, agus cruthaíodh dhá ionstraim nua, Ionstraim EURI agus an Cúlchiste don Úcráin, chun freagairt do riachtanais gan choinne.
An tráth céanna, tháinig méadú ar an méid a bhíothas ag iarraidh ar an Aontais freagairt do riachtanais gan choinne, de réir mar a d'éirigh géarchéimeanna san Eoraip níos mó agus níos casta agus de réir mar a méadaíodh a minicíocht. Trína sholúbthachtaí ionsuite agus a athchlárú, bhí an tAontas in ann leachtacht a sholáthar do na Ballstáit le linn géarchéimeanna móra a bhí ann le déanaí, ach bhí réitigh ad hoc ag teastáil uaidh. I bhfianaise chumas an bheartais chomhtháthaithe acmhainní substaintiúla a chur in úsáid ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ba uirlis thábhachtach é chun go bhfreagródh an tAontas do phaindéim COVID‑19. Iarradh air arís ansin freagairt d’iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine (le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip – CARE agus Cúnamh Solúbtha do Chríocha (FAST‑CARE), chomh maith le Gníomhaíochtaí Sábháilteachta don Eoraip (clár SAFE) chun tacú le FBManna agus teaghlaigh leochaileacha a bhfuil costais arda fuinnimh orthu). Nuair a bhuail tuilte an Eoraip, agus iad ag dul i ndéine agus i méid, bhí na hionstraimí atá ann faoi láthair agus an leagan amach comhtháthaithe atá ann faoi láthair neamhleor chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha sin. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún rialacha an bheartais chomhtháthaithe atá ann cheana a leasú a thuilleadh le RESTORE, chun tacaíocht níos leithne a thabhairt d’iarrachtaí atógála tar éis tubaistí nádúrtha. Cé gur rannchuidigh na réitigh ad hoc sin le freagairt láidir Eorpach, bhí ardéileamh ama ag baint leo agus ba fhreagairt píosa ar phíosa a thug siad do shuaití móra siméadracha a tharla arís agus arís eile, agus chuir siad isteach ar chuspóirí eile faoin mbeartas comhtháthaithe.
Buiséad lena gcuirtear tosaíochtaí an Aontais i gcrích
Tá gá le sásraí láidre chun a ráthú go mbainfear tosaíochtaí beartais an Aontais amach leis na cistí. Na hinfheistíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, cibé acu a chuireann an Coimisiún chun feidhme iad nó a chuirtear chun feidhme in éineacht leis na Ballstáit agus a réigiúin iad, ba cheart dóibh rannchuidiú leis na tosaíochtaí comhaontaithe sin.
Ní mór tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach i gcomhar le chéile – in éineacht leis na Ballstáit agus lena réigiúin a mhúnlaíonn roinnt mhaith d’infheistíochtaí an Aontais ar an láthair, agus le buiséad an Aontais lena dtugtar tacaíocht agus dreasacht dá ngníomhaíocht. Aird níos mó a bheith á díriú ar fheidhmíocht, tacaíonn sé le torthaí nithiúla a sholáthar trí chistí a eisíoc nuair is léir go bhfuil na cuspóirí comhaontaithe bainte amach. Tá sé sin, mar aon le creat coiteann (e.g. an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, coinníollacht) ina chuidiú linn cur i gcrích comhpháirteach thosaíochtaí an Aontais a neartú.
Thairis sin, níor cheart oiread agus euro amháin a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí nach gcoimircíonn prionsabail an smachta reachta nó nach ráthaíonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Is réamhriachtanais iad an smacht reachta agus an dea‑rialachas chun a áirithiú nach n‑úsáidfear cistí ach amháin chun na críche atá beartaithe dóibh. Leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, tá ionstraim éifeachtach ag an Aontas chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Léiríodh freisin leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, in éineacht leis an gcoinníoll cumasúcháin cothrománach faoin mBeartas Comhtháthaithe, conas is féidir le buiséad an Aontais athchóirithe a chur chun cinn lena neartaítear an smacht reachta sna Ballstáit. Leis an tuairisciú a rinne an Coimisiún ar an smacht reachta, léirítear an chaoi a bhfuil dul chun cinn déanta ag na Ballstáit le blianta beaga anuas, ach tá cineál agus méid na ndúshlán fós éagsúil ó Bhallstát go chéile. Ar na dúshláin atá fós ann tá an dearcadh maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, éifeachtúlacht na gcóras ceartais, an rochtain ar cheartas, agus an comhrac in aghaidh coinbhleachtaí leasa agus éilliú.
Ní féidir talamh slán a dhéanamh den urraim don smacht reachta agus ba cheart í a bheith ina ceanglas i gcónaí chun cistí AE a fháil. Ba cheart coimircí láidre ina leith sin a bheith sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Cé go bhfuil feidhm ag an gcóras ginearálta coinníollachta maidir le cistiú uile an Aontais, tá deis ann fós an nasc idir na moltaí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus tacaíocht airgeadais faoi bhuiséad an Aontais a neartú, lena n‑áirítear do thíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha.
4.MAOINIÚ BHUISÉAD AN AONTAIS
Is gá taobh an ioncaim de bhuiséad an Aontais a nuachóiriú chun aghaidh a thabhairt ar an aincheist seo a leanas: NextGenerationEU a aisíoc – a urramóidh an tAontas i gcónaí – agus buiséad AE a cheapadh a bheidh oiriúnach dár n‑uaillmhianta, ní féidir iad a dhéanamh má choimeádtar ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta cobhsaí agus mura mbíonn acmhainní dílse nua ann.
Le NextGenerationEU, is é an tAontas Eorpach anois an cúigiú heisitheoir is mó i margadh caipitil na hEorpa, agus rátáil chreidmheasa ard aige. Le linn na tréimhse 2021‑2027, tá na costais úis ghaolmhara á n‑íoc ag buiséad an Aontais. Ón gcéad chreat airgeadais eile, tosóidh an buiséad ag aisíoc na príomhshuime (a úsáideadh le haghaidh tacaíocht neamh‑inaisíoctha, suas le EUR 357 mbilliún). Aisíocfar an príomhshuim go hiomlán faoi 2058 i gcomhréir leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse. Má ghlactar leis go n‑eisíocfar go hiomlán tacaíocht neamh‑inaisíoctha NextGenerationEU agus go mbeidh aisíocaíochtaí líneacha ann agus bunaithe ar réamhaisnéisí rátaí úis reatha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le thart ar EUR 25‑30 billiún in aghaidh na bliana sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun príomhshuim agus ús fhiachas NextGenerationEU a aisíoc. Is é atá ann sin beagnach 20 % den bhuiséad bliantúil reatha. Dhá oiread an bhuiséid bhliantúil don chlár Fís Eorpach atá ann sin, agus dhá oiread mhéid iomlán an bhuiséid don tslándáil agus don chosaint faoin mbuiséad ilbhliantúil reatha do na 7 mbliana ina n‑iomláine. Cé go mbíonn cistí fós á dtiomsú agus an timpeallacht rátaí úis ag athrú, beidh cistiú mór ag teastáil amach anseo le haghaidh aisíocaíochtaí NextGenerationEU i ngach cás.
Sin é an fáth ar tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020. Tá a ghealltanais comhlíonta ag an gCoimisiún: cuireadh pacáiste cuimsitheach maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse i láthair in 2021 agus coigeartaíodh é in 2023, roimh am. Áirítear leis sin tograí athbhreithnithe maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí agus an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha mar aon le hacmhainn dhílis atá nasctha le brabúis chuideachta san earnáil chorparáideach. Tá acmhainn dhílis molta ag an gCoimisiún freisin bunaithe ar Cholún 1 de chomhaontú ECFE/G20 maidir leis an athchóiriú ar an gcreat cánach idirnáisiúnta.
Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle dul ag obair arís mar ábhar práinne ar shaincheist na n‑acmhainní dílse nua, i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach 2020 agus le Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa.
5.NÍ ROGHA DÚINN AN STATUS QUO
Tá an Eoraip i ré ina bhfuil athrú ó bhonn ag tarlú – dár sochaí agus dár slándáil, dár ngeilleagar agus dár bpláinéad. I ngeall ar an luas ag a bhfuil na hathruithe sin ag tarlú, cruthaítear dúshláin nach féidir a réiteach ach trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha in Eoraip atá aontaithe. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh ról lárnach ag an gcéad bhuiséad AE eile maidir le rathúnas inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, go neartóidh sé an chosaint agus an tslándáil agus go dtreiseoidh sé iomaíochas an Aontais chomh maith leis an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, rud a thacóidh leis an Aontas teacht chun bheith ar an gcéad mhór‑roinn aeráidneodrach ar domhan. Ba cheart do bhuiséad an Aontais leanúint d’fheabhas a chur ar cháilíocht saoil agus ar shlite beatha saoránach, feirmeoirí, taighdeoirí, gnólachtaí agus réigiún ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Rathúnas, iomaíochas, ceannasacht, slándáil, athléimneacht, ullmhacht agus tionchar domhanda an Aontais a áirithiú, agus na caighdeáin is airde maidir leis an smacht reachta agus luachanna daonlathacha á gcomhlíonadh an tráth céanna. Tacaíonn buiséad an Aontais leis na tosaíochtaí sin uile agus, chuige sin, beidh gá le hiarracht foirne ó na hinstitiúidí agus na páirtithe leasmhara uile.
I bhfianaise na ndúshlán beartais agus buiséadach a phléitear sa Teachtaireacht seo, ní rogha dúinn an status quo má tá buiséad an Aontais leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile aghaidh a thabhairt ar na castachtaí, na laigí agus na dolúbthachtaí atá ann faoi láthair agus tionchar gach euro a chaitheann sé a uasmhéadú, agus aird á díriú ar thosaíochtaí agus ar chuspóirí an Aontais mar ar mó a theastaíonn gníomhaíocht an Aontais. Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i gcroílár chur chuige nua do bhuiséad AE nua‑aimseartha:
·Plean do gach tír agus athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha ann, agus aird á díriú ar ár dtosaíochtaí comhpháirteacha, lena n‑áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn. Ní mór beartas neartaithe comhtháthaithe agus fáis, a mbeidh na réigiúin ina chroílár, a cheapadh agus a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
·Ciste Eorpach um Iomaíochas lena mbunófar acmhainneacht infheistíochta a thacóidh le hearnálacha agus teicneolaíochtaí straitéiseacha atá ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais, lena n‑áirítear taighde agus nuálaíocht, agus tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne. Le hailtireacht chuimsitheach an Chiste, beidh sé in ann a bheith ag gabháil le tionscadail Eorpacha ar feadh an turais infheistíochta ar fad, idir thaighde, céim an mhéadaithe, cur in úsáid tionsclaíoch, agus mhonaraíocht. Cuideoidh sé freisin le hinfheistíocht phríobháideach a ghiaráil agus a dhí‑rioscú.
·Maoiniú athchóirithe do ghníomhaíochtaí seachtracha chun go mbeidh sé níos láidre ó thaobh tionchair de agus níos dírithe le haghaidh ár gcomhpháirtithe, agus chun go mbeidh sé ailínithe níos fearr lenár leasanna straitéiseacha. Ba cheart dó sin rannchuidiú le beartas eachtrach nua.
·Coimircí láidre maidir le cosaint an smachta reachta.
·Ioncam neartaithe agus nuachóirithe, go háirithe trí acmhainní dílse nua, chun maoiniú leordhóthanach inbhuanaithe a áirithiú dár dtosaíochtaí coiteanna.
6.NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE
Chun an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais a mhúnlú, tá anailís chomhroinnte ar na dúshláin bhunúsacha agus dlúthchomhar ag teastáil, i bhfianaise an togra ón gCoimisiún a bheith á ullmhú. Is leas coiteann é Buiséad AE atá láidir éifeachtach. Dá bhrí sin, beidh an togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais eile ina fhorbairt ar an gcomhairliúchán leathan agus beidh ionchur ann ón leibhéal polaitiúil agus institiúideach agus ó na páirtithe leasmhara, mar aon le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach.
Beidh idirphlé leanúnach agus struchtúrtha le hionadaithe na mBallstát, ar leibhéil éagsúla ar fud na hEorpa, ríthábhachtach chun cinneadh a dhéanamh maidir le ‘cad’ a mhaoineofar le haghaidh ár dtodhchaí comhpháirtí agus ‘conas’ a mhaoineofar í. I bhfianaise an mhéid sin, beidh an Coimisiún rannpháirteach ar leibhéil éagsúla i bpróiseas cuimsitheach mar chuid dá ullmhúchán le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile.
Beidh idirphlé cuimsitheach le páirtithe leasmhara ina thacaíocht agus buiséad AE don todhchaí á ullmhú. Áirítear leis sin sraith comhairliúchán poiblí téamach a seoladh inniu mar ullmhúchán don chéad ghlúin eile d’ionstraimí caiteachais an Aontais. Beidh seoladh ardáin um rannpháirtíocht saoránach ina chéad chéim as a dtiocfaidh Painéal Saoránach maidir leis an mbuiséad fadtéarmach amach anseo, a reáchtálfar ó mhí an Mhárta go mí na Bealtaine. Tabharfaidh an t‑ardán cuireadh do shaoránaigh páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Deis a bheidh sa Chomhdháil Bhliantúil um an mBuiséad i mí na Bealtaine 2025 na tuairimí éagsúla a thabhairt le chéile, i ndíospóireacht chuimsitheach oscailte, chun ullmhú le haghaidh creat airgeadais uaillmhianach.
Beidh ról tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile a mhúnlú. I ndáil leis sin, tá an Coimisiún ag tnúth leis an tuarascáil féintionscnaimh atá le teacht ó Pharlaimint na hEorpa. Rannpháirtíocht agus ionchur institiúidí agus comhlachtaí eile, amhail Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, mar aon le rannpháirtíocht agus ionchur comhpháirtithe cur chun feidhme, cuirfidh siad leis an díospóireacht maidir lena bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais.
I bhfianaise an mhéid sin agus chun go mbeidh am leordhóthanach ann chun comhairliúcháin fhóinteacha a dhéanamh le páirtithe leasmhara éagsúla, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an chéad chreat airgeadais eile a chur i láthair i mí Iúil 2025. Áiritheofar leis an togra ón gCoimisiún go gcuirfidh an pacáiste le teacht bonn láidir faoi chomhaontú tapa tráthúil maidir leis an gcéad chreat airgeadais eile i bhfad sula rachaidh sé i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2028 ar aghaidh.
Leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, ní mór an bealach a réiteach i dtreo Aontas a bheidh níos láidre agus dírithe ar an todhchaí.