EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1060

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

PE/47/2021/INIT

OJ L 231, 30.6.2021, p. 159–706 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/03/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/159


RIALACHÁN (AE) 2021/1060 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177, pointe (a) d’Airteagal 322(1) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún nó na n-oileán is mídheisiúla a laghdú, agus go bhfuil aird ar leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha ag roinnt leo. Baineann na réigiúin sin go háirithe tairbhe as an mbeartas comhtháthaithe. Ceanglaítear le hAirteagal 175 CFAE go bhfuil an tAontas le tacú leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile. Is é Airteagal 322 CFAE is bunús le rialacha airgeadais a ghlacadh lena gcinntear an nós imeachta atá le glacadh le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus le haghaidh cuntais a chur i láthair agus a iniúchadh, mar aon le seiceálacha a dhéanamh ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais.

(2)

Chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhchuibhiú chur chun feidhme na gcistí Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, eadhon Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), agus bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhroinnte sa Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV), ba cheart rialacha airgeadais bunaithe ar Airteagal 322 CFAE a leagan síos do na Cistí sin uile (dá ngairtear le chéile “na Cistí”), ina sonrófar go soiléir raon feidhme chur i bhfeidhm na bhforálacha éagsúla. Ina theannta sin, ba cheart forálacha coiteanna bunaithe ar Airteagal 177 CFAE a leagan síos chun rialacha maidir le beartais shonracha a chumhdach i gcás CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe, CUAC agus CEMID.

(3)

I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste, ba cheart rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) faoi CFRE a leagan síos i Rialacháin ar leithligh (“Rialacháin Chiste-shonracha”) de chomhlánú ar an Rialachán seo.

(4)

Ba cheart do na réigiúin is forimeallaí tairbhe a bhaint as bearta sonracha agus as cistiú breise leordhóthanach chun a staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach a fhritháireamh mar aon leis na míbhuntáistí a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

(5)

Ba cheart do na réigiún tuaisceartach is lú daonra tairbhe a bhaint as na bearta sonracha agus maoiniú breise chun na míbhuntáistí móra nádúrtha nó déimeagrafacha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 a fhritháireamh.

(6)

Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena n-áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus na Cistí á gcur chun feidhme, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na hoibleagáidí a urramú a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus an inrochtaineacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de agus i gcomhréir leis an dlí de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta i gcás táirgí agus seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Cistí a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirfear an t-aistriú ón gcúram institiúideach chuig an gcúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe chun cinn. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamh-chomhionannais a dhíothú agus an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, agus an t-idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Níor cheart do na Cistí tacú le gníomhaíochtaí leanna rannchuidítear le hidirdheighilt nó eisiamh d’aon chineál, agus, nuair a mhaoinítear bonneagar leo, ba cheart dóibh inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a áirithiú. Ba cheart cuspóirí na gCistí a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid de chur chun cinn an Aontais maidir leis an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal “íoc mar a thruaillítear”, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) (“Comhaontú Pháras”) á gcur san áireamh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, caithfidh oibríochtaí a théann chun tairbhe do ghnóthais cloí le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair mar a leagtar amach in Airteagail 107 agus 108 CFAE iad. Dúshlán thar a bheith tábhachtach san Aontas is ea an bhochtaineacht. Dá bhrí sin, ba cheart cuspóirí na gCistí a shaothrú d’fhonn go rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú. Ba cheart cuspóirí na gCistí a shaothrú d’fhonn tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil, go háirithe d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i limistéir chósta agus uirbeacha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shocheacnamaíocha a bhaineann le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír agus chun go gcuirfear tacaíocht leordhóthanach ar fáil do cheantair faoi mhíbhuntáiste agus do phobail i limistéir uirbeacha.

(7)

Maidir leis an Rialachán seo, tá feidhm ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar na rialacha sin síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais”) agus is iad na rialacha sin lena gcinntear, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh bhuiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus bainistiú indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtrach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(8)

I gcás ina leagfar síos teorainn ama faoi nach mór don Choimisiún beart a dhéanamh i leith Ballstát, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá a chur san áireamh ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Má tá na haighneachtaí ó na Ballstáit in aon fhoirm faoin Rialachán seo neamhiomlán nó mura gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais na Rialachán Ciste-shonrach, ionas nach féidir leis an gCoimisiún beart lánfheasach a dhéanamh, ba cheart an teorainn ama sin a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais rialála. Thairis sin, ós rud é go gcoisctear ar an gCoimisiún íocaíochtaí a dhéanamh i leith an chaiteachais arna thabhú ag tairbhithe agus a íoctar i gcur chun feidhme oibríochtaí a bhaineann le cuspóirí sonracha nach gcomhlíontar coinníollacha cumasúcháin ina leith, atá ar áireamh in iarratais ar íocaíocht, níor cheart an teorainn ama atá ag an gCoimisiún chun íocaíochtaí a dhéanamh a ghníomhachtú do chaiteachas den sórt sin.

(9)

Chun rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais, ba cheart na Cistí a dtacaíocht a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais atá i gcomhréir lena misin Chiste-shonracha de bhun na gcuspóirí sin dá gcuid atá bunaithe ar na Conarthaí. Ba cheart na cuspóirí do CTIL, CSI agus IBTV a leagan amach sna Rialacháin Chistí-shonracha faoi seach. CUAC agus aon acmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear, ar bhonn deonach, mar thacaíocht chomhlántach do CUAC, ba cheart iad a bheith ag rannchuidiú le cuspóir sonrach aonair.

(10)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart, leis na Cistí, rannchuidiú le gníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a ghnóthú maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, leis na Cistí, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart sásraí leordhóthanacha a bheith mar chuid lárnach de chlársceidealú agus de chur chun feidhme na gCistí chun a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht thacaithe i mbonneagar a dhíonadh ar an athrú aeráide.

(11)

De léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta, ba cheart, leis na Cistí, rannchuidiú le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a ghnóthú maidir le 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a chur san áireamh.

(12)

Cuid den bhuiséad sin de chuid an Aontais a leithdháiltear ar na Cistí, ba cheart don Choimisiún é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. Dá bhrí sin, agus na Cistí á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cloí leis na prionsabail dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, amhail an bhainistíocht fhónta airgeadais, an trédhearcacht agus an neamh-idirdhealú.

(13)

Ba cheart na Ballstáit ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais féin agus na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chun na críche sin, a bheith freagrach as cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme. Níor cheart don Aontas ná do na Ballstáit rialacha neamhriachtanacha a fhorchur a d’fhágfadh ualach iomarcach riaracháin ar thairbhithe.

(14)

Bunghné de chur chun feidhme na gCistí is ea prionsabal na comhpháirtíochta, ag tógáil ar chur chuige an rialachais il-leibhéal agus ag áirithiú go bhfuil údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, rannpháirteach. Chun leanúnachas a sholáthar maidir le heagrú na comhpháirtíochta, ba cheart leanúint d’feidhm a bheith ag an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht do Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus do chláir Chomhpháirtíochta a fhaigheann tacaíocht ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa arna mbunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún (8) (“an cód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht”) maidir leis na Cistí.

(15)

Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, lena n-áirítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an creat chun tosaíochtaí náisiúnta um athchóiriú a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Forbraíonn na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin chun tacú leis na hathchóirithe sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh as cistiú náisiúnta nó as cistiú ón Aontas, nó as cistiú ón dá cheann, chun sin a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu, freisin, chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe, ó na Cistí, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ó Chlár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“Rialachán InvestEU”).

(16)

Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar mholtaí tír-shonracha ábhartha, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus moltaí comhlántacha ón gCoimisiún arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus le haghaidh CTIL, CSI, agus IBTV, aird a thabhairt ar mholtaí ábhartha eile de chuid an Aontais a dhírítear ar an mBallstát agus doiciméid chlársceidealaithe á n-ullmhú acu. Le linn chlárthréimhse 2021-2027 (clárthréimhse), ba cheart do na Ballstáit an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár lena dtacaítear le moltaí tír-shonracha a chur i láthair don choiste faireacháin agus don Choimisiún. Le linn athbhreithniú meántéarma, ba cheart do na Ballstáit, i measc nithe eile, féachaint ar an ngá atá le modhnuithe ar chláir chun freastal ar dhúshláin nua a shainaithnítear i moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh nó arna modhnú ó thús na clárthréimhse.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar a bhfuil ina bplean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid, plean atá le forbairt faoi Rialachán (AE) 2018/1999 agus ar thoradh an phróisis lena dtugatar moltaí ón Aontas maidir leis na pleananna sin, i gcomhair a gclár, lena n-áirítear le linn an athbhreithnithe meántéarma, agus i gcomhair na riachtanas airgeadais arna leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí íseal-charbóin.

(18)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta, arna ullmhú ag gach Ballstát, a bheith ina dhoiciméad straitéiseach achomhairc lena dtreorófaí an chaibidlíocht idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le ceapadh clár faoi CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe, CUAC agus CEMID. Chun an próiseas formheasa a chuíchóiriú, ba cheart don Choimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú ina mheasúnú, go háirithe maidir le fad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus maidir leis na hiarrataí ar fhaisnéis bhreise. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, níor cheart é a bheith riachtanach Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú le linn na clárthréimhse. Más mian leis an mBallstát é, ba cheart dó a bheith in ann leasú amháin ar a Chomhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh don Choimisiún chun toradh an mheasúnaithe meántéarma a chur san áireamh. Chun an clársceidealú a éascú agus ionas nach mbeidh forluí idir inneachar na ndoiciméad clársceidealaithe, is féidir Comhaontú Comhpháirtíochta a áireamh mar chuid de chlár.

(19)

Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus a gcuid leithdháiltí bainistíochta comhroinnte á gcur chun feidhme, ba cheart é a bheith indéanta leibhéil áirithe chistiúcháin a aistriú idir na Cistí agus idir ionstraimí bainistíochta comhroinnte agus ionstraimí bainistíochta dírí agus indírí. I gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr imthosca eacnamaíocha agus sóisialta sonracha Ballstáit, ba cheart an leibhéal aistrithe sin a bheith níos airde.

(20)

Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag gach Ballstát rannchuidiú le Clár InvestEU chun ráthaíocht AE agus Mol Comhairleach InvestEU a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí sa Bhallstát sin, faoi choinníollacha ar leith a leagtar amach sa Rialachán seo.

(21)

Chun na réamhriachtanais le haghaidh úsáid éifeachtach agus éifeachtúil na tacaíochta a thugann an tAontas tríd na Cistí a áirithiú, ba cheart liosta teoranta de choinníollacha cumasúcháin a leagan síos chomh maith le sraith ghonta uileghabhálach de chritéir oibiachtúla chun iad a mheas. Ba cheart na coinníollacha cumasúcháin sin a bheith nasctha le cuspóir sonrach agus ba cheart iad a bheith infheidhme go huathoibríoch i gcás ina roghnófar an cuspóir sonrach sin le haghaidh tacaíochta. Gan dochar do na rialacha maidir le saoradh, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin, níor cheart don Choimisiún an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí faoi na cuspóirí sonracha gaolmhara a aisíoc. Chun creat infheistíochta fabhrach a chaomhnú, ba cheart faireachán rialta a dhéanamh go bhfuiltear fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin. Ar iarraidh ó Bhallstát, ba cheart an deis a bheith ag BEI rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin ábhartha. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí a roghnófar le haghaidh tacaíochta a chur chun feidhme de réir na straitéisí agus na ndoiciméad pleanála atá ann agus arb iad is bunús leis an gcoinníoll cumasúcháin a bheith comhlíonta, sa dóigh go n-áiritheofar go bhfuil gach oibríocht chómhaoinithe i gcomhréir le creat beartais an Aontais.

(22)

Agus cuspóirí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh á saothrú, ba cheart é a bheith mar aidhm, leis an tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe a thugtar don nascacht líonra, naisc atá in easnamh leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chomhlánú.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit creat feidhmíochta a bhunú le haghaidh gach cláir lena gcumhdaítear na táscairí, na clocha míle agus na spriocanna uile a bhfuil faireachán le déanamh orthu, a bhfuil tuairisc le tabhairt mar gheall orthu agus a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir. Leis sin, ba cheart a bheith in ann faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht le linn an chur chun feidhme, agus rannchuidiú le feidhmíocht fhoriomlán na gCistí a thomhas.

(24)

Ba cheart don Bhallstát athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart coigeartú iomlán ar na cláir a chur ar fáil bunaithe ar fheidhmíocht an chláir féin, agus ag an am céanna deis a chur ar fáil chun dúshláin nua agus moltaí tír-shonracha ábhartha arna n-eisiúint in 2024 a chur san áireamh, chomh maith le dul chun cinn maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Chun críocha an athbhreithnithe meántéarma, ba cheart aird a thabhairt freisin ar staid shocheacnamaíoch an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann, lena n-áirítear aon mhórfhorbairt dhiúltach airgeadais, eacnamaíoch nó shóisialta nó dúshláin dhéimeagrafacha agus an dul chun cinn ionsar spriocanna rannchuidithe aeráide a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir le toradh an athbhreithnithe meántéarma, lena n-áirítear a mheasúnú ar chur i bhfeidhm na gcostas agus na dtáillí bainistíochta faoi ionstraimí airgeadais arna mbainistiú ag comhlachtaí a roghnaítear trí dhámhachtain dhíreach.

(25)

Ba cheart sásraí lena n-áirithítear nasc idir beartais chistiúcháin an Aontais agus rialachas eacnamaíoch an Aontais a chóiriú tuilleadh ionas gur féidir leis an gCoimisiún togra a chur chuig an gComhairle maidir leis na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh sin, do chlár amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, a chur ar fionraí i gcás nach ndéanann an Ballstát sin bearta éifeachtacha i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch. An oibleagáid atá ar an gCoimisiún fionraí a mholadh, ba cheart í a fhionraí nuair agus fad a bheidh an clásal ginearálta éalaithe faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis curtha i ngníomh. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú, agus i bhfianaise thábhacht na n-éifeachtaí airgeadais a bheidh ag na bearta atá á bhforchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle agus ba cheart dó gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun gur fusa cinntí a ghlacadh a bhfuil gá leo chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid. I bhfianaise na gcineálacha oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ agus faoi chláir Interreg, ba cheart CSE+ agus na cláir seo a eisiamh ó raon feidhme na sásraí sin.

(26)

Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d’fhonn bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid na gCistí a éascú mar fhreagairt ar imthosca den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha ina bhfuil Ballstát agus cuspóirí na gCistí á gcaomhnú ag an am céanna. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin agus measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht.

(27)

Ní mór riachtanais choiteanna a leagan amach a mhéid a bhaineann le hinneachar na gclár ag cur san áireamh chineál sonrach gach Ciste. Féadfar na riachtanais choiteanna sin a chomhlánú le rialacha Ciste-shonracha. I Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“Rialachán Interreg”), ba cheart forálacha sonracha a leagan amach maidir le hinneachar chláir Interreg.

(28)

Ionas go mbeidh solúbthacht i gcur chun feidhme na gclár agus ionas go laghdófar an t-ualach riaracháin, ba cheart aistrithe airgeadais teoranta a cheadú idir tosaíochtaí an aon chláir amháin gan aon ghá le cinneadh ón gCoimisiún ag leasú an chláir. Ba cheart na táblaí airgeadais athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil faisnéis aige, atá cothrom le dáta, maidir leis na leithdháiltí airgeadais do gach tosaíocht.

(29)

Chun éifeachtacht CUAC a fheabhsú, ba cheart é a bheith indéanta acmhainní comhlántacha ó CFRE agus ó CSE+ a chur ar fáil do CUAC ar bhonn deonach. Ba cheart na hacmhainní comhlántacha sin a chur ar fáil trí aistriú roghnach sonrach ó na cistí sin chuig CUAC agus aird á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriú a leagtar sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart na méideanna atá le haistriú a sholáthar ó acmhainní chatagóirí na réigiún ina bhfuil na críocha lonnaithe atá sainaitheanta i bpleananna críochacha um aistriú cóir. I bhfianaise na socruithe sonracha sin maidir le hacmhainní CUAC a úsáid, ní bheidh feidhm ach ag an sásra aistrithe sonrach maidir le comhdhéanamh acmhainní CUAC. Anuas air sin, ní mór a shoiléiriú nár cheart feidhm a bheith ach ag an Rialachán seo agus ag Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (“Rialachán CUAC”) maidir le CUAC agus maidir le hacmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig CUAC, a bheidh ina gcuid de thacaíocht CUAC freisin. Níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (“Rialachán CFRE agus CC”) ná Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (“Rialachán CSE+”) maidir leis an tacaíocht chomhlántach. Dá bharr sin, ba cheart acmhainní CFRE a aistrítear mar thacaíocht chomhlántach go CUAC a eisiamh ón mbonn ar a ríomhtar na ceanglais maidir le comhdhlúthú téamach a leagtar amach i Rialachán CFRE agus CC agus ón mbonn ar a ríomhtar na leithdháiltí íosta ar an bhforbairt uirbeach inbhuanaithe mar a leagtar amach i Rialachán CFRE agus CC. Baineann an méid sin freisin le hacmhainní CSE+ a aistrítear mar thacaíocht chomhlántach chuig CUAC i dtaca le ceanglais maidir le comhdhlúthú téamach a leagtar amach i Rialachán CSE+.

(30)

Chun an cur chuige comhtháite forbartha críochaí a neartú, ba cheart infheistíochtaí i bhfoirm uirlisí críochacha amhail infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, ar a dtugtar “LEADER” faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), nó aon uirlis chríochach eile ar uirlis í lena dtacaítear le tionscnaimh arna gceapadh ag na Ballstáit, a bheith bunaithe ar straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla. Ba cheart an méid céanna a bheith i bhfeidhm maidir le tionscnaimh ghaolmhara amhail na Sráidbhailte Cliste. Ar mhaithe le hinfheistíochtaí críochacha comhtháite agus uirlisí críochacha arna gceapadh ag na Ballstáit, ba cheart íoscheanglais a leagan amach maidir le hinneachar na straitéisí críochacha. Ba cheart na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha a bheith freagrach as na straitéisí críochacha sin a fhorbairt agus a fhormhuiniú. Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéisí críochacha, ba cheart na húdaráis nó na comhlachtaí sin a bheith freagrach as roghnú na n-oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh, nó a bheith rannpháirteach sa roghnú sin. Sna straitéisí críochacha, ba cheart cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir riachtanais na gcónaitheoirí agus na dturasóirí, amhail gréasáin idirnasctha rothaíochta agus iarnróid, agus tionscnaimh turasóireachta inbhuanaithe á gcur chun cinn.

(31)

Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin forbartha i limistéir thuaithe, ba cheart tacaíocht chomhordaithe ó na Cistí agus ó CETFT a éascú. Ba cheart do na Ballstáit agus do na réigiúin a áirithiú go mbeidh na hidirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus ó CETFT comhlántach agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach comhordaithe chun sineirgí a chruthú agus chun an costas agus an t-ualach riaracháin do chomhlachtaí bainistíochta agus do thairbhithe a laghdú.

(32)

Chun leas níos fearr a bhaint as an bpoitéinseal atá ann ar an leibhéal áitiúil, ní mór forbairt áitiúil faoi cheannas an phobail a neartú agus a éascú. Ba cheart na riachtanais áitiúla agus an poitéinseal áitiúil a chur san áireamh freisin, chomh maith leis na saintréithe soch-chultúrtha ábhartha, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hathruithe struchtúracha, acmhainneacht an phobail a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart neartú a dhéanamh ar an dlúthchomhar agus ar úsáid chomhtháite na gCistí agus CETFT chun straitéisí forbartha áitiúla a chur i bhfeidhm. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an phobail freagrach as straitéisí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme. Chun éascaíocht a dhéanamh do thacaíocht chomhordaithe ó Chistí éagsúla agus ó CETFT chuig straitéisí maidir le forbairt áitiúil faoi cheannas an phobail, ba cheart úsáid chur chuige an “Chiste Cheannasaigh” a éascú. Le CETFT, nuair a roghnaítear é mar Chiste Ceannasach, ba cheart cloí leis na rialacha a bunaíodh do chur chuige an “Chiste Cheannasaigh”.

(33)

Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh teicniúil a chur chun feidhme arna nascadh le cur chun feidhme an chláir ar thionscnamh an Bhallstáit trí ráta comhréidh bunaithe ar an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus d’fhéadfadh cúraimí cothrománacha a bheith cumhdaithe leis freisin. Mar sin féin, chun an cur chun feidhme a shimpliú do CTIL, do CSI agus do IBTV agus do chláir Interreg, níor cheart ach cur chuige an ráta chomhréidh a úsáid. Chun an bhainistíocht airgeadais a éascú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a shonrú lenar cheart aisíocaíochtaí gaolmhara a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil na haisíocaíochtaí sin bunaithe ar chur i bhfeidhm ráta chomhréidh, ba cheart fíoruithe agus iniúchtaí a theorannú d’fhíorú a dhéanamh go gcomhlíontar na coinníollacha lena dtionscnaítear aisíoc ranníocaíocht an Aontais ach níor cheart caiteachas bunúsach a bheith faoi réir fíoraithe ná iniúchta. Mar sin féin, i gcás inarb fhearr leanúnachas leis an tréimhse 2014-2020, ba cheart an deis a thabhairt don Bhallstát freisin leanúint d’aisíocaíocht a fháil ar chostais incháilithe a thabhaíonn an tairbhí go hiarbhír agus a íoctar in oibríochtaí cur chun feidhme le haghaidh cúnamh teicniúil a chuirtear chun feidhme trí chlár ar leithligh amháin nó níos mó nó trí thosaíocht amháin nó níos mó laistigh de chláir. Ba cheart don Bhallstát a rogha a léiriú, ina Chomhaontú Comhpháirtíochta, maidir le foirm na ranníocaíochta ón Aontas le haghaidh cúnamh teicniúil don chlárthréimhse iomlán. Gan beann ar pé rogha a dhéantar, ba cheart é a bheith indéanta an cúnamh teicniúil a chomhlánú le bearta spriocdhírithe chun an acmhainneacht riaracháin a fhothú ag úsáid modhanna aisíocaíochta nach bhfuil nasctha le costais. Ba cheart é a bheith indéanta chomh maith gníomhaíochtaí agus táirgí insoláthartha chomh maith leis na híocaíochtaí ón Aontas a bhaineann leo a aontú i dtreochlár agus íocaíochtaí as torthaí ar an talamh a dhéanamh mar gheall orthu.

(34)

I gcás ina molfaidh Ballstát don Choimisiún go dtabharfaí tacaíocht do thosaíocht de chuid cláir, nó do chuid de thosaíocht den sórt sin, trí scéim maoiniúcháin nach mbeadh nasctha le costais, gur cheart na gníomhaíochtaí, na táirgí insoláthartha agus na coinníollacha arna gcomhaontú a nascadh le hinfheistíochtaí iarbhír arna ndéanamh faoi na cláir bainistíochta comhroinnte sa Bhallstát nó réigiún sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a áirithiú go n-urramófar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Go háirithe, maidir lena iomchuí atá na méideanna a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha faoi seach nó le gnóthú na dtorthaí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú gur leor na hacmhainní a úsáidtear le haghaidh na n-infheistíochtaí a dhéantar. I gcás ina n-úsáidtear scéim maoiniúcháin i gclár, ar scéim nach nasctar le costais í, níor cheart costais bhunúsacha atá nasctha le cur chun feidhme na scéime sin a bheith faoi réir aon fhíoruithe ná iniúchtaí mar go gcuireann an Coimisiún comhaontú ex ante ar fáil sa chlár nó i ngníomh tarmligthe maidir leis na méideanna atá nasctha le comhlíonadh na gcoinníollacha nó le gnóthú na dtorthaí. Ina ionad sin, ba cheart fíoruithe agus iniúchtaí a bheith teoranta do sheiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar na coinníollacha nó na torthaí lena spreagtar aisíoc ranníocaíocht an Aontais.

(35)

Chun scrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár, ba cheart do na Ballstáit coistí faireacháin a chur ar bun, ar cheart ionadaithe comhpháirtithe ábhartha a áireamh iontu. Do CFRE, do CSE+, don Chiste Comhtháthaithe agus CEMID, ba cheart, in ionad na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, comhphlé struchtúrtha bliantúil faoi bheartas a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí agus ar shonraí faoi chur chun feidhme na gclár arna gcur ar fáil ag na Ballstáit. Ba cheart an cruinniú athbhreithnithe a eagrú freisin i dtaca le cláir lena gcumhdaítear CUAC.

(36)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair. Leis na ceanglais sin, ba cheart a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar don chomhionannas inscne.

(37)

Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chuimsitheach chothrom le dáta le fáil faoi chur chun feidhme na gclár, ba cheart é a bheith ina cheangal tuairisciú leictreonach éifeachtach agus tráthúil a dhéanamh maidir le sonraí cainníochtúla.

(38)

Chun tacú le hullmhú clár gaolmhar agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid na chlárthréimhse eile ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún measúnú lárthéarma a dhéanamh ar na Cistí. Ag deireadh na clárthréimhse, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí siarghabhálacha a dhéanamh ar na Cistí, a bheadh dírithe ar thionchar na gCistí. Ba cheart torthaí na meastóireachtaí sin a phoibliú.

(39)

Ba cheart d’údaráis na gclár, na tairbhithe agus a ngeallsealbhóirí sna Ballstáit feasacht a mhéadú faoin méid a bhaintear amach le cistiú ón Aontas agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas dá réir sin. Tá gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun gníomhaíocht an Aontais a léiriú ar an talamh agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá fíor, cruinn agus cothrom le dáta. Le go mbeidh na ceanglais sin in-fhorfheidhmithe, ba cheart údaráis an chláir agus, i gcás neamh-chomhlíonadh, an Coimisiún a bheith in ann bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm.

(40)

Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta faisnéis struchtúrtha a fhoilsiú maidir leis na hoibríochtaí roghnaithe agus a dtairbhithe ar shuíomh gréasáin an chláir atá ag tacú leis an oibríocht, ag cur san áireamh ceanglais maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(41)

D’fhonn úsáid na gCistí a shimpliú agus an riosca earráide a laghdú, is iomchuí idir fhoirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas leis na Ballstáit agus fhoirmeacha na tacaíochta ó na Ballstáit do na tairbhithe a shainiú. Ba cheart freisin go bhféadfadh na húdaráis bhainistíochta deontais a sholáthar trí bhíthin maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, ar choinníoll go gcumhdaítear deontais ssin trí ranníocaíocht ón Aontas a aisíoc de bhun an mhaoinithe chéanna, chun taithí a mhéadú maidir leis an bhféidearthacht simpliúcháin den sórt sin.

(42)

A mhéid a bhaineann le deontais a thugtar do thairbhithe, ba cheart do na Ballstáit níos mó úsáide a bhaint as roghanna costais simplithe. An tairseach a bhaineann le húsáid éigeantach roghanna costais simplithe, ba cheart í a bheith nasctha le costais iomlána na hoibríochta chun a áirithiú go gcaithfear mar an gcéanna leis na hoibríochtaí uile atá faoi bhun na tairsí, gan beann ar an tacaíocht a bheith poiblí nó príobháideach. I gcás ina bhfuil sé ar ag údarás bainistíochta leas a bhaint as rogha costais shimplithe i nglao ar thograía mholadh, ba cheart é a bheith indéanta dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin. Ní mór na méideanna agus na rátaí arna mbunú ag na Ballstáit a bheith ina n-ionadach iontaofa chuig fíorchostais. Is dea-chleachtas iad coigeartuithe tréimhsiúla i gcomhthéacs cláir ilbhliantúla a chur chun feidhme chun na fachtóirí lena ndéantar difear do rátaí agus do mhéideanna a chur san áireamh. Chun an glacadh le roghanna costais simplithe a éascú, ba cheart a chur ar fáil leis an Rialachán seo freisin modhanna agus rátaí is féidir a úsáid gan ceanglas a bheith ar na Ballstáit ríomh a dhéanamh nó modheolaíocht a chomhlíonadh.

(43)

Le go mbeifear in ann rátaí comhréidhe a chur chun feidhme láithreach, aon ráta comhréidh a leagfaidh na Ballstáit síos le linn na tréimhse 2014-2020 atá bunaithe ar mhodh ríomha atá cóir cothrom infhíoraithe, ba cheart leanúint dá chur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí inchurtha dá dtugtar tacaíocht faoi Rialachán seo gan modh ríomha nua a bheith ina cheangal.

(44)

Chun an glacadh le hinfheistíochtaí cómhaoinithe comhshaoil a optamú, ba cheart a áirithiú go bhfuil sineirgí ann le clár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), go háirithe trí thionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail chomhshaoil straitéiseacha LIFE, chomh maith le tionscadail arna gcistiú faoi chlár Fís Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) (“an Rialachán maidir le Fís Eorpach”) agus faoi chláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

(45)

Chun gurb ann don tsoiléireacht dhlíthiúil, is iomchuí an tréimhse incháilitheachta a shonrú le haghaidh caiteachas nó costas a bhaineann le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht ó na Cistí faoin Rialachán seo agus chun srian a chur leis an tacaíocht le haghaidh oibríochtaí lánchríochnaithe. An dáta óna mbeidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíocht ó na Cistí má ghlactar cláir nua nó má athraítear cláir, ba cheart an dáta sin a shoiléiriú, lena n-áirítear an deis eisceachtúil an tréimhse incháilitheachta a shíneadh go dtí tús tubaiste nádúrtha má bhíonn gá práinneach ann acmhainní a chur chun gnímh i ndáil le tubaiste den sórt sin. Ag an am céanna, le cur chun feidhme an chláir, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht i ndáil le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh oibríochtaí a chuireann le cuspóirí an chláir, gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear chun feidhme iad lasmuigh de Bhallstát nó den Aontas nó sa chatagóir céanna réigiúin laistigh de Bhallstát.

(46)

Chun an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil chun comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna) a chur chun feidhme, ba cheart a shonrú i gcomhaontú CPP cathain a mheastar caiteachas a bheith incháilithe, go háirithe cad iad na coinníollacha faoina dtabhaíonn tairbhí nó comhpháirtí príobháideach CPP é, gan beann ar cé a dhéanann na híocaíochtaí agus oibríocht CPP á cur chun feidhme.

(47)

Chun éifeachtacht, cothroime agus tionchar inbhuanaithe na gCistí a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn fadtréimhseach a dhéanfar na hinfheistíochtaí i mbonneagair nó na hinfheistíochtaí táirgiúla agus lena gcuirfear cosc le húsáid na gCistí ar mhaithe le buntáiste mhíchuí. Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta a bheith an-chúramach gan tacú le hathlonnú nuair a roghnóidh siad oibríochtaí agus caitheamh mar neamhrialtachtaí le suimeanna arna híoc go míchuí le hoibríochtaí nach gcomhlíontar ceanglas an bhuanfais.

(48)

D’fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC a chomhcheangal le tacaíocht ó CSE+ i gcláir chomhpháirteacha faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis.

(49)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir na Cistí agus ionstraimí ábhartha eile, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit. Ba cheart na sineirgí sin a ghnóthú le sásraí príomha, ar sásraí iad a bheidh éasca le húsáid, eadhon aitheantas do rátaí comhréidhe i gcomhair costais incháilithe ó Fhís Eorpach i gcomhair oibríocht inchurtha agus an deis cistiú ó ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais a chomhcheangal in aon oibríocht amháin a fhad agus nach ndéanfar maoiniú dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha maidir le maoiniú comhlántach ó na Cistí a leagan amach sa Rialachán seo.

(50)

Níor cheart ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí athmhaoiniúcháin, amhail ionadú a dhéanamh ar chomhaontuithe iasachta atá ann cheana nó foirmeacha eile maoiniúcháin le haghaidh infheistíochtaí atá lánchríochnaithe go fisiceach cheana féin nó atá curtha chun feidhme ina n-iomláine ar dháta an chinnidh infheistíochta, seachas sin ba cheart iad a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí nua d’aon chineál atá ag teacht leis na cuspóirí beartais foluiteacha.

(51)

Ba cheart cinneadh na n-údarás bainistíochta chun bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh ar bhonn measúnú ex ante. Leis an Rialachán seo, ba cheart na heilimintí íosta éigeantacha de mheasúnuithe ex ante a leagan síos, ar cheart faisnéis tháscach fúthu, atá ar fáil ar an dáta a thugtar chun críche iad, a chur ar fáil, agus ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit úsáid a bhaint as an measúnuithe ex ante a rinneadh do thréimhse 2014-2020, arna thabhairt cothrom le dáta más gá, sa dóigh go seachnófar ualach riaracháin agus moilleanna agus ionstraimí airgeadais á gcur ar bun.

(52)

Chun an cur chun feidhme a éascú maidir le hionstraimí airgeadais de chineálacha áirithe i gcás ina bhfuil tacaíocht ó chlár i bhfoirm deontais, lena n-áirítear i bhfoirm lacáiste caipiteal, beartaithe, is féidir na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le meascán den sórt sin in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin. Mar sin féin, ba cheart coinníollacha maidir le tacaíocht ó chlár den sórt sin agus coinníollacha sonracha lena gcuirfear cosc le maoiniú dúbailte a leagan amach.

(53)

Le hurraim iomláin do na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair agus soláthar poiblí a soiléiríodh le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha is iomchuí chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme d’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na sprioc-réigiún. Ina theannta sin, chun leanúnachas le clárthréimhse 2014-2020 a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme trí chonradh a dhámhachtain go díreach do BEI agus d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais ina bhfuil an Ballstát ina scairshealbhóir. Anuas air sin, ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta conarthaí a dhámhachtain go díreach do bhainc nó d’institiúidí atá faoi úinéireacht phoiblí a chomhlíonann na coinníollacha dochta céanna dá bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais do chlárthréimhse 2014-2020. Ba cheart coinníollacha soiléire a chur ar fáil faoin Rialachán seo chun a áirithiú go leanfaidh an fhéidearthacht de dhámhachtain dhíreach de bheith comhsheasmhach le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh. Sa chreat sin, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil d’iniúchóirí, d’údaráis bhainistíochta agus do thairbhithe d’fhonn comhlíonadh na rialacha maidir le Státchabhair a áirithiú.

(54)

Mar gheall ar an timpeallacht fhadtréimhseach ráta ísil úis, agus ionas nach ngearrfar pionós míchuí ar chomhlachtaí a bhíonn i mbun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, is gá, faoi réir bhainistíocht airgid ghníomhach na gcomhlachtaí sin, maoiniú úis dhiúltaigh arna ghiniúint de bharr infheistíochtaí na gCistí a chumasú ó acmhainní arna n-íoc ar ais san ionstraim airgeadais. Trí bhainistíocht ghníomhach cistí, ba cheart na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme féachaint le torthaí a bharrfheabhsú agus muirir a íoslaghdú, go leibhéal riosca inghlactha.

(55)

I gcomhréir le prionsabal agus le rialacha na comhbhainistíochta, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a bheith freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú agus gealltanas a thabhairt maidir le húsáid dhleathach rialta na gCistí. Ós ar na Ballstáit is ceart an phríomhfhreagracht a bheith as bainistiú den sórt sin agus as an rialú sin agus ós rud é gur cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí an dlí is infheidhme, ba cheart a n-oibleagáidí ina leith sin a shonrú. Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin sa chomhthéacs sin a leagan síos freisin.

(56)

Chun dlús a chur le tosú chur chun feidhme an chláir, ba cheart éascaíocht a dhéanamh ar aistriú socruithe cur chun feidhme ón gclárthréimhse roimhe seo. An córas ríomhairithe a cuireadh ar bun cheana féin don chlárthréimhse roimhe seo, ba cheart leanúint dá úsáid, arna oiriúnú de réir mar is gá mura mbeidh gá le teicneolaíocht nua.

(57)

Chun tacú le húsáid éifeachtach na gCistí, ba cheart tacaíocht BEI a bheith ar fáil do gach Ballstát arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart a chumhdach le tacaíocht den sórt sin fothú acmhainneachta, tacaíocht do shainaithint, ullmhú agus cur chun feidhme tionscadail, chomh maith le comhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus ardáin infheistíochta.

(58)

Ba cheart an deis a bheith ag Ballstát, ar a thionscnamh féin, comhlacht comhordaithe a shainaithint chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó agus chun gníomhaíochtaí údarás an chláir sa Bhallstát sin a chomhordú.

(59)

Chun feidhmiú bainistíochta na gclár a chuíchóiriú, ba cheart comhtháthú na bhfeidhmeanna cuntasaíochta le feidhmeanna an údaráis bainistíochta a choimeád i gcás na glár a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, CSI agus IBTV, agus ba cheart é a bheith ina rogha i gcás na gCistí eile.

(60)

Ós rud é go bhfuil an phríomhfhreagracht ar an údarás bainistíochta maidir leis na Cistí a chur chun feidhme go héifeachtach éifeachtúil agus go comhlíonann sé, dá bhrí sin, réimse leathan feidhmeanna, ba cheart a fheidhmeanna i ndáil le roghnú oibríochtaí, bainistiú clár agus tacaíocht don choiste faireacháin a leagan amach go mion. Féadfaidh nósanna imeachta maidir le roghnú oibríochtaí a bheith iomaíoch nó neamhiomaíoch ar an gcoinníoll go bhfuil na critéir a chuirfear i bhfeidhm agus na nósanna imeachta a úsáidtear neamh-idirdhealaitheach, cuimsitheach agus trédhearcach agus go ndéanann na hoibríochtaí a roghnaítear ranníocaíocht an chistithe ón Aontas a uasmhéadú agus go mbíonn siad i gcomhréir leis na prionsabail chothrománacha a shainítear sa Rialachán seo. D’fhonn an cuspóir a shaothrú maidir le hAontas atá neodrach ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050, ba cheart do na Ballstáit díonadh ar an aeráid i dtaca le hinfheistíochtaí i mbonneagar a áirithiú agus tosaíocht a thabhairt d’oibríochtaí lena n-urramaítear “bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh” agus infheistíochtaí den sórt sin á roghnú acu.

(61)

Ba cheart barrfheabhas a chur ar na sineirgí idir na Cistí agus na hionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach. Ba cheart soláthar tacaíochta a éascú d’oibríochtaí ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu nó d’oibríochtaí arna gcomhchistiú ag Fís Eorpach trí bhíthin ranníocaíocht ó na Cistí. Coinníollacha a ndearnadh measúnú orthu cheana féin ar leibhéal an Aontais, sular bronnadh lipéad cáilíochta an tSéala Barr Feabhais ar an oibríocht nó sular roghnaíodh iad faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, níor cheart iad a athmheasúnú, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na hoibríochtaí, sraith de cheanglais theoranta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart dó sin na rialacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh 651/2014 ón gCoimisiún (20) a éascú freisin.

(62)

Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir cur chun feidhme éifeachtach éifeachtúil na gCistí agus na costais riaracháin ghaolmhara agus na hualaí riaracháin gaolmhara, ba cheart minicíocht, scóip agus cumhdach na bhfíoruithe bainistíochta a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca lena gcuirfear san áireamh tosca amhail uimhir, cineál, méid agus ábhar na hoibríochta arna gcur chun feidhme, na tairbhithe agus an leibhéal riosca arna sainaithint le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí arna ndéanamh roimhe sin. Ba cheart fíoruithe bainistíochta a bheith comhréireach leis na rioscaí a eascraíonn as an measúnú riosca sin agus ba cheart iniúchtaí a bheith comhréireach leis an leibhéal riosca do bhuiséad an Aontais.

(63)

Ba cheart don údarás iniúchóireachta iniúchtaí a dhéanamh agus a áirithiú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta a thabharfar don Choimisiún iontaofa. Leis an tuairim iniúchóireachta sin, ba cheart trí phonc a dhearbhú don Choimisiún, eadhon dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a dearbhaíodh, feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas. I gcás inar sheol iniúchóir neamhspleách iniúchadh, bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta, ar na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach úsáid ranníocaíochta ón Aontas, ba cheart an t-iniúchadh sin a bheith mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán a thugann an t-údarás iniúchóireachta don Choimisiún, a mhéid atá dóthain fianaise ar fáil faoi neamhspleáchas agus inniúlacht an iniúchóra i gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

(64)

Ba cheart é a bheith indéanta na ceanglais fíorúcháin agus iniúchóireachta a laghdú i gcás inar dearbh gur fheidhmigh an clár go héifeachtach leis an dá bhliain is déanaí as a chéile, ós rud é gur léirítear leis an méid sin go bhfuil na Cistí á gcur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil thar thréimhse fhada ama.

(65)

Chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe agus costas riaracháin a laghdú agus ionas go seachnófar dúbailt iniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta ar an gcaiteachas céanna arna dhearbhú don Choimisiún, ba cheart a shonrú i gcás na gCistí go gcuirfear i bhfeidhm go nithiúil prionsabal an iniúchta aonair.

(66)

Chun feabhas a chur ar ról coisctheach na hiniúchóireachta, trédhearcacht dhlíthiúil a sholáthar agus dea-chleachtas a roinnt, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún tuarascálacha iniúchóireachta a roinnt ar iarraidh ó na Ballstáit, le toiliú ó na Ballstáit iniúchta.

(67)

Chun an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le scéim réamh-mhaoiniúcháin shimplithe. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gur acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme an chláir.

(68)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, agus ar an gCoimisiún chomh maith, a laghdú, ba cheart sceideal d’iarratas ar íocaíocht a bhunú. Ba cheart 5 % d’íocaíochtaí an Choimisiúin a choinneáil siar go dtí go n-íoctar comhardú bliantúil na gcuntas tráth atá an Coimisiún in ann a chinneadh go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor.

(69)

Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an nós imeachta do ghlacadh bliantúil na gcuntas a shimpliú trí rialacha socruithe atá inchurtha le chéile a chur ar fáil maidir le híocaíochtaí agus gnóthuithe i gcás nach mbíonn aon easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát.

(70)

Chun leasanna airgeadais agus buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart bearta comhréireacha a bhunú agus a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann briseadh a chur i sprioc-amanna íocaíochta, íocaíochtaí eatramhacha a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás ina mbíonn na coinníollacha ábhartha comhlíonta. Ba cheart don Choimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál, tromchúis agus minicíocht na neamhrialtachtaí, mar aon leis na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo do bhuiséad an Aontais, a chur san áireamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún méid an chaiteachais neamhrialta a chainníochtú go cruinn chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm a bhaineann le cásanna aonair, ba cheart dó ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais ó thaobh staitistice de a chur i bhfeidhm. Ba cheart a bheith in ann íocaíochtaí eatramhacha a chur ar fionraí bunaithe ar thuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 258 CFAE, ar choinníoll go bhfuil nasc sách díreach idir an t-ábhar a dtugtar aghaidh air leis an tuairim réasúnaithe agus an caiteachas atá i gceist a d’fhágfadh go gcuirfí i mbaol dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais sin.

(71)

Ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arna ndéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha, a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Ina theannta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (22) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (23), tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (24) cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhoibreoidh aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, go dtabharfaidh siad na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus go n-áiritheoidh sé go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt go pras don Choimisiún maidir le neamhrialtachtaí a bhraitear, lena n-áirítear calaois, agus maidir le haon ghníomhaíocht leantach a rinne siad i dtaca le neamhrialtachtaí den sórt sin agus maidir le haon imscrúduithe de chuid OLAF.

(72)

Chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais, ba cheart don Choimisiún córas faisnéise agus faireacháin atá comhtháite agus idir-inoibritheach a chur ar fáil, lena n-áirítear aon uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca aonair chun rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha agus chun anailís a dhéanamh orthu agus ba cheart don Choimisiún úsáid na huirlise sin a spreagadh mar chur chun feidhme, ar bhonn ghinearálta, ag na Ballstáit.

(73)

I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (26) chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus Next Generation EU i gcoinne neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, ba cheart bearta caighdeánaithe chun faisnéis agus figiúirí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas a bhailiú, a chomparáid agus a chomhiomlánú, chun críoch rialaithe agus iniúchóireachta. Chun rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú, is gá sonraí a bhailiú i dtaca leo siúd a dtéann cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht chomhroinnte chun sochair dóibh go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear sonraí faoi úinéirí tairbhiúla d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas.

(74)

Chun cosaint bhuiséad an Aontais a fheabhsú i gcoinne neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, is gá sonraí pearsanta úinéirí tairbhiúla a phróiseáil ar daoine nádúrtha iad na húinéirí tairbhiúla. Go háirithe, chun calaoisí den sórt sin a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach nó chun neamhrialtachtaí a réiteach, is gá a bheith in ann úinéirí tairbhiúla a bhrath ar daoine nádúrtha iad, sa deireadh, a mbaineann leas as neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois. Chun na críche sin, agus chun an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a n-oibleagáid maidir le faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla a chomhlíonadh tríd na sonraí arna stóráil sna cláir atá in úsáid cheana chun críocha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Ina leith sin, na críocha a ndéantar sonraí pearsanta úinéirí tairbhiúla a phróiseáil faoin Rialachán seo, eadhon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear an chalaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus a thuairisciú, tá siad comhoiriúnach leis na críocha próiseála sonraí pearsanta atá i dTreoir (AE) 2015/849.

(75)

Chun an smacht airgeadais a chothú, is iomchuí na socruithe le haghaidh saoradh gealltanas buiséadach ar leibhéal an chláir a leagan amach.

(76)

Ionas go mbeidh am iomchuí ag na Ballstáit caiteachas suas go dtí an leibhéal acmhainní atá ar fáil a dhearbhú don Choimisiún, i gcás ina nglacfar na rialacha nua nó na cláir nua faoi bhainistíocht chomhroinnte tar éis an 1 Eanáir 2021, ba cheart na méideanna lena gcomhfhreagraítear do na leithdháiltí nár úsáideadh sa bhliain 2021 a aistriú i gcionmhaireachtaí comhionanna chuig na blianta 2022 go 2025 mar a bheartaítear faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (28).

(77)

Chun na cuspóirí de chuid CFAE a bhaineann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, ba cheart, le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, tacú leis na réigiúin ar fad. Chun tacaíocht chothrom agus chéimnithe a sholáthar agus chun an leibhéal forbartha eacnamaíche agus sóisialta a léiriú, ba cheart acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ ar bhonn eochair leithdháilte atá bunaithe go príomha ar an olltáirgeacht intíre (OTI) per capita. Ba cheart na Ballstáit ar lú a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán an Aontais tairbhiú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis ón gCiste Comhtháthaithe.

(78)

Ba cheart na hacmhainní do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a leithdháileadh ar na Ballstáit ar bhonn na modheolaíochta leithdháilte lena gcuirtear dlús daonra go háirithe maidir le réigiúin teorann san áireamh. Ina theannta sin, chun leanúnachas na gclár atá ann cheana a áirithiú, ba cheart forálacha sonracha a leagan amach sa Rialachán ábhartha a bhaineann leis an gCiste sonrach, chun limistéir chláir agus incháilitheacht na réigiún faoi shraitheanna éagsúla Interreg a shainiú.

(79)

Ba cheart critéir oibiachtúla a leagan síos chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann d’aicmiú na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), mar a leasaíodh le Rialachán (AE) 2016/2066 ón gCoimisiún (30).

(80)

Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CUAC, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, maille le liosta na réigiún incháilithe, chomh maith leis na leithdháiltí do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

(81)

Tá tionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (Rialachán SCE), le leanúint dá maoiniú as an gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht chomhroinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Ag tógáil ar an gcur chuige rathúil a bhí ann don chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart EUR 10 000 000 000 a aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE chun na críche sin.

(82)

Ba cheart méid áirithe de na hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach agus ba cheart don Choimisiún é a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach.

(83)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar leithdháileadh iomchuí ar chatagóirí réigiún, agus mar phrionsabal, maidir leis na leithdháiltí iomlána do na Ballstáit i leith réigiúin atá tearcfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin atá níos forbartha, níor cheart iad a bheith inaistrithe idir na catagóirí. Mar sin féin, chun freastal ar riachtanais na mBallstát agus chun dul i ngleic le dúshláin shonracha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí aistriú óna leithdháiltí féin le haghaidh réigiúin níos forbartha nó le haghaidh réigiúin trasdula chuig réigiúin bheagfhorbartha agus ó réigiúin níos forbartha chuig réigiúin trasdula, i gcás den sórt sin, ba cheart dóibh údar na rogha sin a léiriú. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann le haghaidh na réigiún beagfhorbartha, ba cheart uasteorainn a chur le haistrithe chuig na réigiúin níos forbartha nó chuig na réigiúin trasdula. Níor cheart a bheith in ann acmhainní a aistriú idir spriocanna cé is moite de chásanna a leagtar amach go docht sa Rialachán seo.

(84)

I gcás ina ndearnadh réigiún a rangú mar réigiún a bhí níos forbartha do thréimhse 2014-2020 ach ina ndéanfar é a rangú mar réigiún trasdul do thréimhse 2021-2027 agus dá bhrí sin, is lú an tacaíocht a gheobhadh sé do thréimhse 2021-2027 ar bhonn na modheolaíochta leithdháilte, iarrtar ar an mBallstát lena mbaineann an ghné sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le dáileadh inmheánach cistithe.

(85)

I gcomhthéacs an gcúinsí uathúla sonracha arb ann dóibh ar oileán na hÉireann, agus d’fhonn tacú leis an gcomhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá clár trasteorann “PEACE PLUS” le leanúint den obair a rinne na cláir roimhe seo, Peace agus Interreg, agus forbairt a dhéanamh ar an obair sin, idir contaetha na teorann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. I bhfianaise a thábhacht phraiticiúil, ba cheart tacú leis an gclár sin le leithdháileadh sonrach chun leanúint den tacaíocht do ghníomhaíochtaí síochána agus athmhuintearais, agus ba cheart sciar iomchuí de leithdháileadh na hÉireann faoi sprioc Interreg a leithdháileadh ar an gclár sin freisin.

(86)

Is gá na huasrátaí cómhaoiniúcháin a leagan síos de réir catagóir réigiúin i réimse an bheartais comhtháthaithe, i gcás inarb infheidhme, chun a áirithiú go n-urramaítear prionsabal an chómhaoinithe le leibhéal iomchuí tacaíochta náisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach. Ba cheart na rátaí sin a bheith ina léiriú ar leibhéal forbartha eacnamaíche na réigiún ó thaobh olltáirgeacht intíre per capita de i gcomparáid leis an meán do AE-27, agus ag coimirciú ag an am céanna nach mbeidh níos lú fabhair i gceist mar gheall ar athruithe ina gcatagóiriú.

(87)

Faoi chreat rialacha ábhartha an Chomhshocruithe Cobhsaíochta agus Fáis, mar a soiléiríodh sa chód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht, féadfaidh na Ballstáit iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise don chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionannarna thacú leis an riarachán poiblí trí bhíthin cómhaoiniú ar infheistíochtaí.

(88)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le heilimintí atá in Iarscríbhinní áirithe de chuid an Rialacháin seo a leasú, eadhon maidir leis na diminsin agus na cóid le haghaidh an gcineálacha idirghabhála, na teimpléid le haghaidh comhaontuithe comhpháirtíochta agus le haghaidh clár, na teimpléid le haghaidh tarchur sonraí, teimpléad le haghaidh réamhaisnéisí d’iarratas ar íocaíocht don Choimisiún, úsáid shuaitheantas an Aontais, na heilimintí le haghaidh comhaontuithe cistiúcháin agus doiciméid straitéise, an córas malartaithe sonraí leictreonacha idir na Ballstáit agus an Coimisiún, na teimpléid le haghaidh na tuairisce ar an gcóras bainistithe agus rialaithe, le haghaidh an dearbhaithe bainistíochta, le haghaidh na tuairime iniúchóireachta bliantúla, le haghaidh na tuarascála bliantúla ar rialú, le haghaidh na samhla don tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil, le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais a gcuireann BEI nó institiúid idirnáisiúnta airgeadais eile chun feidhme iad, le haghaidh na straitéise iniúchóireachta, le haghaidh na n-iarratas ar íocaíocht, le haghaidh na gcuntas, le haghaidh na rialacha mionsonraithe agus teimpléad a leagan síos maidir le tuairisciú calaoise, agus le haghaidh leibhéal na gceartuithe airgeadais a chinneadh.

(89)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú ar an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht chun an cód iompair a oiriúnú don Rialachán seo, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna, na rátaí comhréidhe agus an mhaoinithe ag leibhéal an Aontais nach bhfuil nasctha leis na costais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chomh maith le modheolaíochtaí samplála caighdeánaithe réamhdhéanta a bhunú.

(90)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, trédhearcacha leis na páirtithe leasmhara uile le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(91)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Comhaontuithe Comhpháirtíochta a ghlacadh, maidir le cláir a ghlacadh nó a leasú agus maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le bunú mhiondealú na leithdháiltí airgeadais do CFRE, do CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe, a ghlacadh gan nósanna imeachta coiste ós rud é nach bhfuil iontu ach léiriú ar chur i bhfeidhm modheolaíochta ríofa réamhshainithe. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis na bearta sealadacha chun na Cistí a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla a ghlacadh gan nósanna imeachta coiste ós rud é gur leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chinntear raon feidhme an iarratais agus go bhfuil sé teoranta do na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

(92)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an teimpléad do na tuarascálacha feidhmíochta deiridh a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Cé gur de chineál ginearálta é an gníomh cur chun feidhme, ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid lena ghlacadh, ós rud é nach leagtar amach iontu ach gnéithe teicniúla, foirmeacha agus teimpléid.

(93)

Ós rud é gur cheart Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) nó aon ghníomh is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na cláir agus na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a chumhdaítear faoi chlárthréimhse 2014-2020 agus ós rud é go meastar go mbeidh tréimhse chur chun feidhme an Rialacháin sin fós ar siúl nuair a thosóidh an chlárthréimhse a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme oibríochtaí áirithe arna bhformheas leis an Rialachán sin, ba cheart forálacha céimnithe a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den oibríocht chéimnithe, a fhónann don chuspóir foriomlán céanna, a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú, agus féadfaidh an t-údarás bainistíochta, ag an am céanna, dul ar aghaidh le roghnú an dara céim ar bhonn an nós imeachta roghnúcháin arna dhéanamh faoi chlárthréimhse 2014-2020 don oibríocht ábhartha, ar choinníoll go ndéanann sé deimhin de go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh cur chun feidhme céimnithe.

(94)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú agus rialacha airgeadais choiteanna a leagan síos do chuid de bhuiséad an Aontais arna cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus na dúshláin shonracha atá roimh na réigiún is mídheisiúla, an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún agus, ar an taobh eile, de bharr an ghá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(95)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(96)

I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na clárthréimhse, agus ag cur san áireamh gur gá Cistí an Aontais a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CLÁR NA nÁBHAR

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE TACAÍOCHT

Caibidil I

Ábhar, sainmhínithe agus rialacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 3

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin

Airteagal 4

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

Caibidil II

Cuspóirí beartais agus prionsabail maidir leis an tacaíocht ó na Cistí

Airteagal 5

Cuspóirí beartais

Airteagal 6

Spriocanna aeráide agus sásra coigeartaithe aeráide

Airteagal 7

Bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 8

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

Airteaga 9

Prionsabail Chothrománacha

TEIDEAL II

CUR CHUIGE STRAITÉISEACH

Caibidil I

Comhaontú Comhpháirtíochta

Airteagal 10

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú agus a chur isteach

Airteagal 11

Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta

Airteagal 12

An Comhaontú Comhpháirtíochta a Fhormheas

Airteagal 13

Leasú ar an gComhaontaithe Comhpháirtíochta

Airteagal 14

Úsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe, agus CEMID arna seachadadh trí Chlár InvestEU

Caibidil II

Coinníollacha cumasúcháin agus creat feidhmíochta

Airteagal 15

Coinníollacha cumasúcháin

Airteagal 16

Creat feidhmíochta

Airteagal 17

Modheolaíochtaí leis an gcreat feidhmíochta a bhunú

Airteagal 18

Athbhreithniú meántéarma agus méid solúbthachta

Caibidil III

Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta agus le himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha

Airteagal 19

Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht na gCistí a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta

Airteagal 20

Bearta sealadacha chun Cistí a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha

TEIDEAL III

CLÁRSCEIDEALÚ

Caibidil I

Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 21

Cláir a ullmhú agus a thíolacadh

Airteagal 22

Inneachar na gclár

Airteagal 23

Formheas na gclár

Airteagal 24

Cláir a leasú

Airteagal 25

Tacaíocht comhpháirteach ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC

Airteagal 26

Aistriú acmhainní

Airteagal 27

Aistriú acmhainní ó CFRE agus CSE+ chuig CUAC

Caibidil II

Forbairt chríochach

Airteagal 28

Forbairt chríochach chomhtháite

Airteagal 29

Straitéisí críochacha

Airteagal 30

Infheistíocht chríochach chomhtháite

Airteagal 31

Forbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail

Airteagal 32

Straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail

Airteagal 33

Grúpaí gníomhaíochta áitiúla

Airteagal 34

Tacaíocht ó Chistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail

Caibidil III

Cúnamh teicniúil

Airteagal 35

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin

Airteagal 36

Cúnamh teicniúil na mBallstát

Airteagal 37

Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais an chúnaimh theicniúil do na Ballstáit

TEIDEAL IV

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, CUMARSÁID AGUS INFHEICTHEACHT

Caibidil I

Faireachán

Airteagal 38

Coiste faireacháin

Airteagal 39

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

Airteagal 40

Feidhmeanna an choiste faireacháin

Airteagal 41

Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht

Airteagal 42

Tarchur sonraí

Airteagal 43

Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht

Caibidil II

Meastóireacht

Airteagal 44

Meastóireachtaí ó na Ballstáit

Airteagal 45

Meastóireacht ón gCoimisiún

Caibidil III

Infheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid

Roinn I

Infheictheacht na tacaíochta ó na Cistí

Airteagal 46

Infheictheacht

Airteagal 47

Suaitheantas an Aontais

Airteagal 48

Oifigigh chumarsáide agus líonraí

Roinn II

Trédhearcacht chur chun feidhme na gCistí agus cumarsáid faoi na cláir

Airteagal 49

Freagrachtaí an údaráis bainistíochta

Airteagal 50

Freagrachtaí na dtairbhithe

TEIDEAL V

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

Caibidil I

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas

Airteagal 51

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas le cláir

Caibidil II

Foirmeacha na tacaíochta ó na Ballstáit

Airteagal 52

Foirmeacha tacaíochta

Roinn I

Foirmeacha na nDeontas

Airteagal 53

Foirmeacha na ndeontas

Airteagal 54

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha a bhaineann le deontais

Airteagal 55

Costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

Airteagal 56

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais incháilithe seachas costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

Airteagal 57

Deontais faoi choinníollacha

Roinn II

Ionstraimí Airgeadais

Airteagal 58

Ionstraimí airgeadais

Airteagal 59

Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

Airteagal 60

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais

Airteagal 61

Cóir dhifreáilte infheisteoirí

Airteagal 62

Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí

Caibidil III

Rialacha incháilitheachta

Airteagal 63

Incháilitheacht

Airteagal 64

Costais neamh-incháilithe

Airteagal 65

Marthanacht oibríochtaí

Airteagal 66

Athshocrú

Airteagal 67

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais

Airteagal 68

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le hionstraimí airgeadais

TEIDEAL VI

BAINISTIÚ AGUS RIALÚ

Caibidil I

Rialacha ginearálta maidir le bainistiú agus rialú

Airteagal 69

Freagrachtaí na mBallstát

Airteagal 70

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

Airteagal 71

Údaráis an chláir

Caibidil II

Córais bhainistíochta agus rialaithe chaighdeánacha

Airteagal 72

Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

Airteagal 73

Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta

Airteagal 74

Bainistiú cláir ag an údarás bainistíochta

Airteagal 75

Tacaíocht d’obair an choiste faireacháin ón údarás bainistíochta

Airteagal 76

An fheidhm chuntasaíochta

Airteagal 77

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

Airteagal 78

Straitéis iniúchóireachta

Airteagal 79

Iniúchtaí ar oibríochtaí

Airteagal 80

Socruithe an iniúchta aonair

Airteagal 81

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar ionstraimí airgeadais

Airteagal 82

Infhaighteacht doiciméad

Caibidil III

Spleáchas ar chórais bhainistíochta náisiúnta

Airteagal 83

Socruithe comhréireacha feabhsaithe

Airteagal 84

Coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha feabhsaithe

Airteagal 85

Coigeartú le linn na clárthréimhse

TEIDEAL VII

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A CHUR ISTEACH AGUS A SCRÚDÚ AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

Caibidil I

Bainistíocht airgeadais

Roinn I

Rialacha Cuntasaíochta Ginearálta

Airteagal 86

Gealltanais bhuiséadacha

Airteagal 87

Úsáid an euro

Airteagal 88

Aisíocaíocht

Roinn II

Rialacha maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit

Airteagal 89

Cineálacha íocaíochtaí

Airteagal 90

Réamh-mhaoiniú

Airteagal 91

Iarratais ar íocaíocht

Airteagal 92

Eilimintí sonracha le haghaidh ionstraimí airgeadais in iarratais ar íocaíocht

Airteagal 93

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

Airteagal 94

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Airteagal 95

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar mhaoiniú agus nach nasctar le costais

Roinn III

Bristí agus fionraithe

Airteagal 96

An spriocdháta íocaíochta a bhriseadh

Airteagal 97

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

Caibidil II

Cuntais a chur isteach agus a scrúdú

Airteagal 98

Ábhar na gcuntas agus iad a chur isteach

Airteagal 99

Scrúdú ar chuntais

Airteagal 100

An t-iarmhéid a ríomh

Airteagal 101

An nós imeachta maidir le cuntas a scrúdú

Airteagal 102

An nós imeachta bréagnaitheach maidir le cuntais a scrúdú

Caibidil III

Ceartuithe airgeadais

Airteagal 103

Ceartuithe airgeadais le déanamh ag na Ballstáit

Airteagal 104

Ceartuithe airgeadais le déanamh ag an gCoimisiún

Caibidil IV

Saoradh

Airteagal 105

Prionsabail agus rialacha maidir le saoradh

Airteagal 106

Eisceachtaí ar na rialacha saortha

Airteagal 107

Nós imeachta maidir le saoradh

TEIDEAL VIII

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 108

Cumhdach geografach na tacaíochta do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis

Airteagal 109

Acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Airteagal 110

Acmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus do sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh (Interreg)

Airteagal 111

Inaistritheacht acmhainní

Airteagal 112

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

TEIDEAL IX

Tarmligean cumhachta, forálacha cur chun feidhme, idirthréimhseacha agus deiridh

Caibidil I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 113

Cumhachtaí a tharmligean a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní áirithe

Airteagal 114

An tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 115

Nós Imeachta coiste

Caibidil II

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 116

Athbhreithniú

Airteagal 117

Forálacha idirthréimhseacha

Airteagal 118

Coinníollacha ar oibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe

Airteagal 119

Teacht i bhfeidhm

IARSCRÍBHINN I

TOISÍ AGUS CÓID LE hAGHAIDH NA gCINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA ARNA nDÉANAMH AG CFRE, CSE+, AG AN gCISTE COMHTHÁTHAITHE AGUS AG CUAC AIRTEAGAL 22(5)

IARSCRÍBHINN II

AN TEIMPLÉAD DON CHOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA – AIRTEAGAL 10(6)

IARSCRÍBHINN III

COINNÍOLLACHA COTHROMÁNACHA CUMASÚCHÁIN – – AIRTEAGAL 15(1)

IARSCRÍBHINN IV

COINNÍOLLACHA TÉAMACHA CUMASÚCHÁIN IS INFHEIDHME MAIDIR LE CFRE, CSE+ AGUS AN CISTE COMHTHÁTHAITHE – AIRTEAGAL 15(1)

IARSCRÍBHINN V

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH CLÁIR A FHAIGHEANN TACAÍOCHT Ó CFRE (SPRIOC NA hINFHEISTÍOCHTA LE hAGHAIDH FÁIS AGUS POST), Ó CSE+, Ó CUAC, ÓN gCISTE COMHTHÁTHAITHE AGUS Ó CEMID – AIRTEAGAL 21(3)

IARSCRÍBHINN VI

TEIMPLÉAD DO CHLÁR FAOI CTIL, FAOI CSI AGUS FAOI IBTV – AIRTEAGAL 21(3)

IARSCRÍBHINN VII

AN TEIMPLÉAD CHUN NA SONRAÍ A THARCHUR – AIRTEAGAL 42

IARSCRÍBHINN VIII

RÉAMH-MHEASTACHÁN AR AN MÉID A mBEIDH SÉ BEARTAITHE AG AN mBALLSTÁT IARRATAIS AR ÍOCAÍOCHT A CHUR ISTEACH INA LEITH, LE hAGHAIDH NA BLIANA FÉILIRE REATHA AGUS NA BLIANA FÉILIRE INA DHIAIDH SIN (AIRTEAGAL 69(10))

IARSCRÍBHINN IX

CUMARSÁID AGUS INFHEICTHEACHT – AIRTEAGAIL 47, 49 AGUS 50

IARSCRÍBHINN X

NA hEILIMINTÍ LE hAGHAIDH COMHAONTUITHE CISTIÚCHÁIN AGUS DOICIMÉID STRAITÉISE – AIRTEAGAL 59(1) AGUS (5)

IARSCRÍBHINN XI

PRÍOMHCHEANGLAIS NA gCÓRAS BAINISTITHE AGUS RIALAITHE AGUS A n-AICMIÚ – AIRTEAGAL 69(1)

IARSCRÍBHINN XII

RIALACHA MIONSONRAITHE AGUS TEIMPLÉAD MAIDIR LE NEAMHRIALTACHTAÍ A THUAIRISCIÚ – AIRTEAGAL 69(2)

IARSCRÍBHINN XIII

EILIMINTÍ DON RIAN INIÚCHÓIREACHTA – AIRTEAGAL 69(6)

IARSCRÍBHINN XIV

RÍOMH-CHOMHTHÁTHÚ: CÓRAIS MALARTAITHE SONRAÍ LEICTREONACHA IDIR ÚDARÁIS CHLÁIR AGUS TAIRBHITHE – AIRTEAGAL 69(8)

IARSCRÍBHINN XV

SFC2021: CÓRAS MALARTAITHE SONRAÍ LEICTREONACHA IDIR NA BALLSTÁIT AGUS AN COIMISIÚN – AIRTEAGAL 69(9)

IARSCRÍBHINN XVI

TEIMPLÉAD DON TUAIRISC AR AN gCÓRAS BAINISTITHE AGUS RIALAITHE – AIRTEAGAL 69(11)

IARSCRÍBHINN XVII

SONRAÍ ATÁ LE TAIFEADADH AGUS LE STÓRÁIL GO LEICTREONACH MAIDIR LE GACH OIBRÍOCHT – AIRTEAGAL 72(1), POINTE (E)

IARSCRÍBHINN XVIII

TEIMPLÉAD DON DEARBHÚ BAINISTÍOCHTA – AIRTEAGAL 74(1), POINTE (F)

IARSCRÍBHINN XIX

TEIMPLÉAD DON TUAIRIM INIÚCHÓIREACHTA BHLIANTÚIL – AIRTEAGAL 77(3), POINTE (A)

IARSCRÍBHINN XX

TEIMPLÉAD DON TUARASCÁIL BHLIANTÚIL AR RIALÚ – AIRTEAGAL 77(3), POINTE (B)

IARSCRÍBHINN XXI

TEIMPLÉAD DON TUARASCÁIL INIÚCHÓIREACHTA BHLIANTÚIL – AIRTEAGAL 81(5)

IARSCRÍBHINN XXII

TEIMPLÉAD DON STRAITÉIS INIÚCHÓIREACHTA – AIRTEAGAL 78

IARSCRÍBHINN XXIII

TEIMPLÉAD D’IARRATAIS AR ÍOCAÍOCHT – AIRTEAGAL 91(3)

IARSCRÍBHINN XXIV

TEIMPLÉAD DO NA CUNTAIS – AIRTEAGAL 98(1), POINTE (A)

IARSCRÍBHINN XXV

LEIBHÉAL NA gCEARTUITHE AIRGEADAIS A SHOCRÚ: CEARTUITHE AIRGEADAIS EACHTARSHUITE AGUS RÁTA COMHRÉIDH – AIRTEAGAL 104(1)

IARSCRÍBHINN XXVI

MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH ACMHAINNÍ UILÍOCHA DE RÉIR BALLSTÁIT – AIRTEAGAL 109(2)

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE TACAÍOCHT

CAIBIDIL I

Ábhar, sainmhínithe agus rialacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

rialacha airgeadais maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíochta Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV) (dá ngairtear le chéile na “Cistí”);

(b)

forálacha coiteanna is infheidhme maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe, CUAC agus CEMID.

2.   Ní feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an sraith Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta de CSE+ ná maidir leis na comhpháirteanna bainistíochta dírí ná indírí de CEMID, de CTIL, de CSI ná de IBTV, ach amháin i gcás cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

3.   Níl feidhm ag Airteagail 5, 14, 19, 28 go 34 agus 108 go 112 maidir le CTIL, CSI nó IBTV.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 108 go 112 maidir le CEMID.

5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 14, 15, 18, 19, 21 go 27, 37 go 42, Airteagal 43(1) go (4), Airteagail 44 agus 50, Airteagal 55(1) agus Airteagail 73, 77, 80 agus 83 go 85 maidir le cláir Interreg:

6.   Féadfar, sna Rialacháin Chiste-shonracha a liostaítear thíos, rialacha a leagan síos de chomhlánú ar an Rialachán seo ach nach dtiocfaidh salach ar an Rialachán seo.:

(a)

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) (“Rialachán CFRE agus CC”);

(b)

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) (“Rialachán CSE+”);

(c)

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) (“Rialachán Interreg”);

(d)

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) (“Rialachán CUAC”);

(e)

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobarshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1104 (“Rialachán CEMID”);

(f)

Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“Rialachán CTIL”);

(g)

Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (“Rialachán CSI”);

(h)

Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“Rialachán IBTV”);

I gcás ina mbíonn amhras ann idir cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cur i bhfeidhm an na Rialachán Ciste-sonrach, is ag an Rialachán seo a bheidh tosaíocht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “moltaí tír-shonracha ábhartha” moltaí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 121(2) agus 148(4) CFAE a bhaineann le dúshláin struchtúracha, chomh maith le moltaí comhlántacha an Choimisiúin arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999, arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí ilbhliantúla a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a thagann faoi raon feidhme na gCistí de réir mar a leagtar amach i Rialacháin Chiste-shonracha;

(2)

ciallaíonn “coinníoll cumasúcháin” coinníoll ar réamhriachtanas é le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gcuspóirí sonracha;

(3)

ciallaíonn “dlí is infheidhme” dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta i ndáil lena gcur i bhfeidhm;

(4)

ciallaíonn “oibríocht”:

(a)

tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú faoi na cláir lena mbaineann;

(b)

i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíocht ó chlár le hionstraim airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann an ionstraim airgeadais sin do na faighteoirí deiridh;

(5)

ciallaíonn “oibríocht a mbaineann tábhacht straitéiseach léi” oibríocht a dhéanann rannchuidiú suntasach le gnóthú cuspóirí cláir agus a ndéantar faireachán ar leith agus bearta cumarsáide ar leith ina taobh;

(6)

ciallaíonn “tosaíocht”, i gcomhthéacs CTIL, CSI agus IBTV, cuspóir sonrach;

(7)

ciallaíonn “tosaíocht”, i gcomhthéacs CEMID, chun críocha Theideal VII amháin, “cuspóir sonrach”;

(8)

ciallaíonn “comhlacht idirmheánach” comhlacht poiblí nó príobháideach a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bainistíochta, nó a dhéanann feidhmeanna nó cúraimí thar ceann údaráis den sórt sin;

(9)

ciallaíonn “tairbhí”:

(a)

comhlacht poiblí nó príobháideach, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, nó duine nádúrtha, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(b)

i gcomhthéacs comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna), an comhlacht poiblí a bhfuil oibríocht CPP á tionscnamh aige nó an comhpháirtí príobháideach a roghnaíodh chun an oibríocht sin a chur chun feidhme;

(c)

i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, an gnóthas a fhaigheann an chabhair;

(d)

i gcomhthéacs na cabhrach de minimis arna soláthar i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 (37) nó (AE) Uimh. 717/2014 (38) ón gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát a chinneadh gurb é an tairbhí chun críocha an Rialacháin seo an comhlacht a dheonaíonn an chabhair, i gcás ina bhfuil sé freagrach as an oibríocht a thionscnamh nó as an oibríocht a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(e)

i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an t-údarás bainistíochta a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an t-údarás bainistíochta;

(10)

ciallaíonn “ciste do thionscadail bheaga” oibríocht i gclár Interreg a bhfuil sé mar aidhm léi tionscadail de thoirt airgeadais theoranta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí idir daoine a roghnú agus a chur chun feidhme;

(11)

ciallaíonn “sprioc” luach réamhaontaithe atá le baint amach faoi dheireadh na tréimhse incháilitheachta i ndáil le táscaire a áirítear faoi chuspóir sonrach;

(12)

ciallaíonn “cloch mhíle” luach idirmheánach atá le baint amach tráth ar leith le linn na tréimhse incháilitheachta i ndáil le táscaire aschuir a áirítear faoi chuspóir sonrach;

(13)

ciallaíonn “táscaire aschuir” táscaire lena dtomhaisfear táirgí insoláthartha sonracha na hidirghabhála;

(14)

ciallaíonn “táscaire toraidh” táscaire lena dtomhaisfear éifeachtaí na n-idirghabhálacha sin a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh, go háirithe maidir leis na seolaithe díreacha, an spriocdhaonra nó úsáideoirí an bhonneagair;

(15)

ciallaíonn “oibríocht CPP” oibríocht a chuirtear chun feidhme faoi chomhpháirtíocht idir comhlachtaí poiblí agus an earnáil phríobháideach i gcomhréir le comhaontú CPP, agus a bhfuil sé mar aidhm léi seirbhísí poiblí a sholáthar trí chomhroinnt riosca, trí shaineolas na hearnála príobháidí nó foinsí breise caipitil, nó an saineolas sin agus na foinsí sin araon, a chomhthiomsú;

(16)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” foirm tacaíochta a sholáthraítear trí struchtúr trína gcuirtear táirgí airgeadais ar fáil d’fhaighteoirí deiridh;

(17)

ciallaíonn “táirge airgeadais” infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, iasachtaí agus ráthaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais iad;

(18)

ciallaíonn “faighteoir deiridh” duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó na Cistí trí thairbhí a bhfuil ciste aige do thionscadal beag nó as ionstraim airgeadais;

(19)

ciallaíonn “ranníocaíocht chláir” an tacaíocht ó na Cistí agus aon chómhaoiniú náisiúnta poiblí agus príobháideach, más ann dó sin, d’ionstraim airgeadais;

(20)

ciallaíonn “ciste sealbhaíochta” ciste arna bhunú faoi fhreagracht údaráis bainistíochta faoi chlár amháin nó níos mó chun ciste sonrach amháin nó níos mó a chur chun feidhme;

(21)

ciallaíonn “ciste sonrach” ciste trína gcuireann údarás bainistíochta nó ciste sealbhaíochta táirgí airgeadais ar fáil d’fhaighteoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “comhlacht atá ag cur ionstraim airgeadais chun feidhme” comhlacht, a rialaítear faoin dlí poiblí nó príobháideach, agus a dhéanann cúraimí ciste sealbhaíochta nó ciste shonraigh;

(23)

ciallaíonn “éifeacht ghiarála” méid an mhaoinithe in-aisíoctha a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí deiridh roinnte ar mhéid na ranníocaíochta ó na Cistí;

(24)

ciallaíonn “cóimheas iolraitheora” i gcomhthéacs ionstraimí ráthaíochta, cóimheas arna bhunú ar bhonn measúnú riosca ex ante stuama i leith gach táirge ráthaíochta a bheidh le tairiscint, idir luach na n-iasachtaí, na n-infheistíochtaí cothromais nó na n-infheistíochtaí cuasachothromais foluiteacha nua a íocadh amach, agus an méid den ranníocaíocht ón gclár a cuireadh i leataobh, do chonarthaí ráthaíochta chun caillteanais a bhfuil coinne leo agus nach bhfuil coinne leo as na hiasachtaí nua, na hinfheistíochtaí cothromais nua agus na hinfheistíochtaí cuasachothromais nua sin a chúiteamh;

(25)

ciallaíonn “costais bhainistíochta” costais dhíreacha nó indíreacha a aisíocadh ar bhonn fianaise ar chaiteachas a rinneadh chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;

(26)

ciallaíonn “táillí bainistíochta” praghas i leith seirbhísí a sholáthar, mar a cinneadh sa chomhaontú cistiúcháin idir an t-údarás bainistíochta agus an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta nó ciste sonrach á chur chun feidhme aige; agus, i gcás inarb infheidhme, idir an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta á chur chun feidhme aige agus an comhlacht a bhfuil ciste sonrach á chur chun feidhme aige;

(27)

ciallaíonn “athlonnú” aistriú na gníomhaíochta céanna nó comhchosúla, nó cuid di, de réir bhrí phointe (61a) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(28)

ciallaíonn “ranníocaíocht phoiblí” aon ranníocaíocht le haghaidh maoiniú oibríochtaí arb é is foinse di buiséad na n-údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó buiséad aon ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (GECC) arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), an buiséad de chuid an Aontais a chuirtear ar fáil do na Cistí, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas de chuid na n-údarás poiblí nó na gcomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun an ráta cómhaoinithe do chláir CSE+ nó do thosaíochtaí a chinneadh, is féidir aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe a áireamh ar na buiséid sin;

(29)

ciallaíonn “bliain chuntasaíochta” an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh den chéad bhliain eile, ach amháin an chéad bhliain den tréimhse clársceidealaithe arb í an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2022 í; i gcás na bliana cuntasaíochta deiridh, ciallaíonn sé an tréimhse ón 1 Iúil 2029 go dtí an 30 Meitheamh 2030;

(30)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas eile a ghlacann páirt i gcur chun feidhme an chúnaimh ó na Cistí, cé is moite de Bhallstát a fheidhmíonn a shainchumais mar údarás poiblí;

(31)

ciallaíonn “neamhrialtacht” aon sárú ar an dlí is infheidhme, de thoradh gníomh nó faillí a rinne oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí chaiteachas gan údar a ghearradh ar an mbuiséad sin;

(32)

ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” easnamh ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe atá ag clár, a fhágann gur gá feabhsuithe móra a dhéanamh ar na córais bainistithe agus rialaithe, agus i gcás ina ndéantar aon cheann de na príomhcheanglais 2, 4, 5, 9, 12, 13 agus 15 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, nó dhá cheann nó níos mó de na príomhcheanglais eile, a mheas mar chatagóirí 3 agus 4 den Iarscríbhinn sin;

(33)

ciallaíonn “neamhrialtacht shistéamach” aon neamhrialtacht, lena n-áirítear neamhrialtacht a fhéadfaidh a bheith de chineál athfhillteach, agus gur dóchúil go mbeidh sí ag tarlú in oibríochtaí den chineál céanna, rud a bheidh mar thoradh ar easnamh tromchúiseach, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh nósanna imeachta iomchuí bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha;

(34)

ciallaíonn “earráidí iomlán” suim na n-earráidí randamacha réamh-mheasta agus, más infheidhme, earráidí sistéamacha teormharcáilte agus earráidí aimhrialta neamhcheartaithe;

(35)

ciallaíonn “ráta earráidí iomlán” iomlán na n-earráidí arna roinnt ar an daonra iniúchóireachta;

(36)

ciallaíonn “ráta earráidí iarmharacha” iomlán na n-earráidí lúide na ceartuithe airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát chun na rioscaí a laghdú arna sainaithint ag an údarás iniúchóireachta, arna roinnt ar an gcaiteachas atá le dearbhú sna cuntais;

(37)

ciallaíonn “oibríocht lánchríochnaithe” oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus a bhfuil an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach ina leith íoctha leis na tairbhithe;

(38)

ciallaíonn “aonad samplála” ceann de na haonaid, lena n-áirítear oibríocht, tionscadal laistigh d’oibríocht nó éileamh ar íocaíocht ag tairbhí, ar a roinntear daonra iniúchóireachta chun críche samplála;

(39)

ciallaíonn “cuntas eascró”, i gcás oibríocht CPP, cuntas bainc a chumhdaítear le comhaontú i scríbhinn idir tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach arna fhormheas ag an údarás bainistíochta nó comhlacht idirmheánach agus a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí le linn na tréimhse incháilitheachta nó tar éis na tréimhse incháilitheachta;

(40)

ciallaíonn “rannpháirtí” duine nádúrtha a fhaigheann tairbhe dhíreach ó oibríocht gan a bheith freagrach as an oibríocht a thionscnamh, nó as an oibríocht a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon agus ar rannpháirtí é nó í nach bhfaighidh, i gcomhthéacs CEMID, tacaíocht airgeadais;

(41)

ciallaíonn “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” an-aird ar fad a thabhairt, agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha éifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla trí choigiltis úsáide deiridh fuinnimh cost-éifeachtacha, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach.;

(42)

ciallaíonn “díonadh ar an athrú aeráide” próiseas lena gcuirtear cosc ar bhonneagar a bheith i mbaol ó thionchair aeráide fhadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus á áirithiú go n-urramófar prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” agus go bhfuil leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn ón tionscadal i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta in 2050;

(43)

ciallaíonn “deontais faoi choinníollacha” catagóir deontais faoi réir coinníollacha a bhaineann le haisíoc na tacaíochta;

(44)

ciallaíonn “BEI” an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachta den Bhanc Eorpach Infheistíochta;

(45)

ciallaíonn “Séala Barr Feabhais”, an lipéad cáilíochta arna sannadh ag an gCoimisiún i dtaca le togra, lena léirítear maidir leis na tograí a ndearnadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi ionstraim de chuid an Aontais agus a meastar go gcomhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta na hionstraime sin de chuid an Aontais ach nach bhféadfaí iad a mhaoiniú de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí, agus go bhféadfadh sé go bhfaigheadh na tograí sin tacaíocht ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí eile cistiúcháin náisiúnta.

Airteagal 3

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin

I gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, cuirfear tús leis an tréimhse ama sin nuair a bheidh an fhaisnéis uile curtha isteach ag an mBallstát i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i Rialacháin Chiste-shonracha.

Cuirfear an teorainn ama sin ar fionraí ón lá tar éis an dáta ar a sheolfaidh an Coimisiún a bharúlacha nó a iarraidh ar dhoiciméid athbhreithnithe chuig an mBallstát go dtí go dtabharfaidh an Ballstát freagra ar an gCoimisiún.

Airteagal 4

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

Ní cheadófar do na Ballstáit ná don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach i gcás inar gá sin chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go háirithe chun faireachán, tuairisciú, cumarsáid, foilsiú, meastóireacht, bainistiú airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, chun incháilitheacht na rannpháirtithe a chinneadh. Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), cibé acu is infheidhme.

CAIBIDIL II

Cuspóirí beartais agus prionsabail maidir leis an tacaíocht ó na Cistí

Airteagal 5

Cuspóirí beartais

1.   Le CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CEMID, tacófar leis na cuspóirí beartais seo a leanas:

(a)

Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a chur chun cinn trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálaíoch agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn;

(b)

Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn;

(c)

Eoraip níos nasctha trí shoghluaisteacht a fheabhsú;

(d)

Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

(e)

Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite an uile chineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú.

Le CUAC, tacófar leis an gcuspóir sonrach maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do gheilleagar an Aontais atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hacmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig CUAC i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.   Le CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CUAC, rannchuideofar le gníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, trí na spriocanna seo a leanas a shaothrú:

(a)

Sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis i mBallstáit agus i réigiúin, lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC; agus

(b)

Sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh (Interreg), lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir na Cistí agus ionstraimí agus cistí eile de chuid an Aontais a chur chun cinn. Déanfaidh siad sásraí comhordúcháin idir an lucht freagrachta a optamú chun dúbailt a sheachaint le linn na pleanála agus an chur chun feidhme. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na moltaí tír-shonracha ábhartha a chur san áireamh i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme na gCistí.

Airteagal 6

Spriocanna aeráide agus sásra coigeartaithe aeráide

1.   Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoi thacaíocht a thugtar do chuspóirí i ndáil leis an gcomhshaol agus leis an aeráid trí úsáid a bhaint as modheolaíocht atá bunaithe ar chineálacha idirghabhála do gach ceann de na Cistí. Is é a bheidh sa mhodheolaíocht sin ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar ar leibhéal a léireoidh an méid rannchuidithe atá sa tacaíocht den sórt sin le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus cuspóirí aeráide. I gcás CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe, cuirfear na hualuithe i gceangal le diminsin agus cóid le haghaidh na gcineálacha idirghabhála a bhunaítear in Iarscríbhinn I. Le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, rannchuideofar le 30 % agus 37 % faoi seach de ranníocaíocht an Aontais le caiteachas a fhaigheann tacaíocht chun na cuspóirí aeráide, arna leagan síos do bhuiséad an Aontais, a bhaint amach.

2.   Déanfar an sprioc rannchuidithe aeráide do gach Ballstát a shocrú mar chéatadán dá leithdháileadh iomlán CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe agus a áireamh i gcláir mar thoradh ar na cineálacha idirghabhála agus ar an miondealú táscach airgeadais de bhun phointe (d)(viii) d’Airteagal 22(3). Dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), bunófar an réamhsprioc rannchuidithe aeráide sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

3.   Déanfaidh an Ballstát agus an Coimisiún faireachán rialta ar urramú na spriocanna rannchuidithe aeráide, bunaithe ar an gcaiteachas incháilithe iomlán arna dhearbhú ag na tairbhithe don údarás bainistíochta mar atá miondealaithe de réir na gcineálacha idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 42 agus de réir sonraí arna dtíolacadh ag an mBallstát. I gcás ina léiríonn an faireachán nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta i dtreo sprioc rannchuidithe aeráide a bhaint amach, tiocfaidh an Ballstát agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le bearta feabhais ag an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil.

4.   I gcás nach mbeidh dul chun cinn leordhóthanach i dtreo an sprioc rannchuidithe aeráide a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Ballstát an méid sin san áireamh ina athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18(1).

Airteagal 7

Bainistíocht chomhroinnte

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an chuid sin de bhuiséad an Aontais a leithdháileadh ar na Cistí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais. Déanfaidh na Ballstáit cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.

2.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an méid tacaíochta arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, Infheistíochtaí Nuálacha Idir-réigiúnacha, an méid tacaíochta arna aistriú ó CSE+ chuig an gcomhar trasnáisiúnta, na méideanna arna ranníoc le Clár InvestEU agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le pointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú an Bhallstáit agus na réigiún lena mbaineann, comhar na réigiún is forimeallaí mar chuid de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

Airteagal 8

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1.   I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus i gcás gach cláir, déanfaidh gach Ballstát, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil, comhpháirtíocht chuimsitheach a eagrú agus a chur chun feidhme agus sainiúlachtaí na gCistí á gcur san áireamh. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht sin:

(a)

údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile;

(b)

comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta;

(c)

comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn;

(d)

eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, i gcás inarb iomchuí.

2.   Feidhmeoidh an chomhpháirtíocht a bhunaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus le cur chuige ó bhun aníos. Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirt do na comhpháirtithe dá dtagraítear i mhír 1 in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus i rith ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na gclár, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna coistí faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 39.

Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, céatadán iomchuí de na hacmhainní ó na Cistí a leithdháileadh d’fhothú acmhainneacht riaracháin na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta.

3.   I gcás chláir Interreg, áireofar sa chomhpháirtíocht comhpháirtithe as na Ballstáit rannpháirteacha uile.

4.   Déanfar an chomhpháirtíocht a eagrú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014.

5.   Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár, agus tuairisceoidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an toradh.

Airteagal 9

Prionsabail Chothrománacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún urraim do chearta bunúsacha agus do chomhlíonadh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú i gcur chun feidhme na gCistí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na gclár.

3.   Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na gclár. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár.

4.   Saothrófar cuspóirí na gCistí i gcomhréir leis an gcuspóir an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 11 CFAE, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” á gcur san áireamh.

Saothrófar cuspóir na gCistí le lánurraim do acquis comhshaoil an Aontais.

TEIDEAL II

CUR CHUIGE STRAITÉISEACH

CAIBIDIL I

Comhaontú Comhpháirtíochta

Airteagal 10

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú agus a chur isteach

1.   Ullmhóidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta ina leagfar amach an treoshuíomh straitéiseach le haghaidh clársceidealú agus na socruithe chun CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe, CUAC agus CEMID a úsáid ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Déanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú i gcomhréir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht. I gcás ina bhforálann Ballstát cheana féin le linn ullmhú a chlár do chomhpháirtíocht chuimsitheach, measfar gur comhlíonadh an ceanglas sin.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoi bhráid an Choimisiúin tráth a chuirfidh sé an chéad chlár faoina bhráid, nó roimhe sin.

4.   Féadfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a chur isteach in éineacht leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú bliantúil ábhartha agus an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide.

5.   Doiciméad straitéiseach gonta a bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta. Ní bheidh níos mó ná 35 leathanach ann, ach amháin má chinneann an Ballstát, ar a thionscnamh féin, fad an doiciméid a fhadú.

6.   Déanfaidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Féadfaidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta a áireamh i gceann dá chláir.

7.   Féadfar cláir Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirtear an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid.

8.   Féadfaidh BEI, ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí, ionstraimí airgeadais agus CPPanna a ullmhú.

Airteagal 11

Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta

1.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a)

na cuspóirí beartais a roghnaíodh agus cuspóir sonrach CUAC, lena léirítear cé na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir lena saothrófar na cuspóirí sin agus an t-údar atá leis sin, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha, an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, na dúshláin réigiúnacha á gcur san áireamh;

(b)

i dtaca leis na cuspóirí beartais atá roghnaithe agus cuspóir sonrach CUAC:

(i)

achoimre ar na roghanna beartais agus na príomhthorthaí a bhfuil súil leo i gcás gach Ciste a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta;

(ii)

comhordú, críochú agus comhlántachtaí idir na Cistí agus, i gcás inarb iomchuí, comhordú idir cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha;

(iii)

comhlántachtaí agus sineirgí idir na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, CTIL, CSI, IBTV, agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail nádúir straitéiseacha faoi LIFE, agus, i gcás inarb iomchuí, tionscadail a chistítear faoi Fhís Eorpach;

(c)

an réamh-leithdháileadh airgeadais ó gach ceann de na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta le cuspóir beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach i gcás inarb iomchuí, agus rialacha Ciste-shonracha maidir le díriú téamach á n-urramú mar aon leis an réamh-leithdháileadh airgeadais do chuspóir sonrach CUAC, lena n-áirítear aon acmhainní CFRE agus CSE+ atá le haistriú chuig CUAC i gcomhréir le hAirteagal 27;

(d)

an réamhsprioc rannchuidithe aeráide i gcomhréir le hAirteagal 6(2);

(e)

i gcás inarb infheidhme, miondealú na n-acmhainní airgeadais de réir catagóir réigiúin arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 108(2) agus méideanna na leithdháiltí a bheartaítear a aistriú de bhun Airteagail 26 agus 111, lena n-áirítear údar le aistrithe den sórt sin;

(f)

le haghaidh cúnamh teicniúil, foirm na ranníocaíochta ón Aontas a roghnaigh an Ballstát de bhun Airteagal 36(3) agus, i gcás inarb infheidhme, an réamh-leithdháileadh airgeadais ó gach ceann de na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta agus miondealú ar acmhainní airgeadais de réir cláir agus de réir catagóir réigiúin;

(g)

na méideanna atá le ranníoc le Clár InvestEU de réir Ciste agus de réir catagóir réigiúin, i gcás inarb infheidhme;

(h)

liosta na gclár atá pleanáilte faoi na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maille leis na réamh-leithdháiltí airgeadais a bhaineann leo de réir Ciste agus an ranníocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach de réir catagóir réigiúin, i gcás inarb infheidhme;

(i)

achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun a chumas riaracháin a threisiú maidir le cur chun feidhme na gCistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta;

(j)

i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha nó riachtanais shonracha na réigiún agus na limistéar.

A mhéid a bhaineann le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), ní bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ach liosta na gclár atá pleanáilte.

2.   Féadfaidh, freisin, achoimre a bheith sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 12

An Comhaontú Comhpháirtíochta a Fhormheas

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha agus prionsabal na comhréireachta á urramú, agus cineál straitéiseach an doiciméid, an líon clár a chumhdaítear agus méid iomlán na n-acmhainní a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, aird a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé i gceist ag an mBallstát aghaidh a thabhairt ar pé moltaí tír-shonracha is ábhartha, ar a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid.

3.   Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus cuirfidh sé barúlacha an Choimisiúin san áireamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid den chéad uair.

5.   Nuair a áirítear an Comhaontú Comhpháirtíochta i gclár i gcomhréir le hAirteagal 10(6), glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár sin araon tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann faoina bhráid é den chéad uair.

Airteagal 13

Leasú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta

1.   Féadfaidh Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta leasaithe a thíolacadh don Choimisiún faoin 31 Márta 2025, lena gcuirfear toradh an mheasúnaithe mheántéarma san áireamh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an leasú agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt faoi cheann 3 mhí ón uair a thíolacfar an Comhaontú Comhpháirtíochta leasaithe.

3.   Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta leasaithe, agus barúlacha an Choimisiúin á gcur san áireamh aige.

4.   Formheasfaidh an Coimisiún an leasú ar Chomhaontú Comhpháirtíochta tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach den chéad uair.

Airteagal 14

Úsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe, agus CEMID arna seachadadh trí Chlár InvestEU

1.   Féadfaidh na Ballstáit suas le 2 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh do CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CEMID, faoi seach, a leithdháileadh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, a bheidh le ranníoc le Clár InvestEU agus a sholáthrófar trí ráthaíocht an Aontais agus trí Mhol Comhairleach InvestEU i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán InvestEU. Féadfaidh na Ballstáit, le comhaontú an údaráis bainistíochta lena mbaineann, méid suas le 3 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh do gach ceann de na Cistí sin a leithdháileadh tuilleadh tar éis an 1 Eanáir 2023 trí iarraidh amháin nó níos mó ar leasú ar chlár.

Le méideanna den sórt sin, rannchuideofar leis na cuspóirí beartais arna roghnú sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó sa chlár a bhaint amach, agus tacófar leo go príomha le hinfheistíochtaí i gcatagóir na réigiún rannpháirteach.

Déanfar ranníocaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le Rialachán InvestEU agus ní aistrithe acmhainní faoi Airteagal 26 a bheidh iontu.

2.   Cinnfidh na Ballstáit an méid iomlán arna ranníoc gach bliain de réir Ciste agus de réir chatagóir réigiúin,i gcás inarb infheidhme. I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, féadfar acmhainní na bliana féilire reatha agus na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh. I gcás ina ndéanann Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh.

3.   Úsáidfear na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun soláthar don chuid den ráthaíocht ón Aontas atá in urrann an Bhallstáit agus do Mhol Comhairleach InvestEU, nuair a bheidh an comhaontú ranníocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán InvestEU, tugtha i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha ón Aontas maidir le gach comhaontú ranníocaíochta a dhéanamh i dtráthchodanna bliantúla le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027.

4.   D’ainneoin Airteagal 12 den Rialachán Airgeadais, i gcás nach mbeidh comhaontú ranníocaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le InvestEU é, tugtha i gcrích laistigh de 4 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, déanfar an méid comhfhreagrach a leithdháileadh ar chlár nó ar chláir laistigh den Chiste ranníocaíochta agus de chatagóir réigiúin, i gcás inarb ábhartha tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát.

An comhaontú ranníocaíochta le haghaidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 a leithdháiltear in iarraidh ar leasú ar chlár, déanfar é a thabhairt i gcrích an tráth céanna a ghlacfar an cinneadh lena leasaítear an clár.

5.   I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(4) den Rialachán maidir le InvestEU, i gcás nach bhfuil comhaontú ráthaíochta tugtha i gcrích laistigh de 9 mí ón tráth a thabharfar an comhaontú ranníocaíochta i gcrích, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach.

I gcás ina scoirfear de rannpháirtíocht Ballstáit i gCiste InvestEU, déanfar na méideanna lena mbaineann a íocadh isteach sa chiste don soláthar coiteann mar sholáthar a aisghabháil mar ioncam sannta inmheánach de bhun Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh isteach ar cheann amháin nó níos mó de na leasuithe ar an gclár chun na méideanna a aisghabhfar a úsáid agus na méideanna a leithdháileadh ar na blianta féilire amach anseo i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Tabharfar foirceannadh nó leasú an chomhaontaithe ranníocaíochta i gcrích go comhuaineach le glacadh na gcinntí lena leasaítear an clár nó na cláir lena mbaineann.

6.   I gcomhréir leis an triú fomhír d’Airteagal 10(4) de Rialachán InvestEU, i gcás nach bhfuil comhaontú ráthaíochta curtha chun feidhme mar is cuí laistigh de 4 bliana ón tráth a thabharfar an comhaontú ráthaíochta i gcrích, déanfar an comhaontú ráthaíochta a leasú. Féadfaidh an Ballstát a iarraidh go gcaithfear leis na méideanna a ranníocadh le ráthaíocht an Aontais faoi mhír 1 den Airteagal seo agus a gealladh sa chomhaontú ráthaíochta ach nach gcumhdaítear leo iasachtaí foluiteacha, infheistíochtaí cothromais ná ionstraimí rioscúla eile i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

7.   Acmhainní a gineadh leis na méideanna arna ranníoc leis an ráthaíocht ón Aontas, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, cuirfear ar fáil do na Ballstáit iad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 10(5) de Rialachán InvestEU agus úsáidfear le haghaidh tacaíochta iad faoin gcuspóir céanna nó faoi na cuspóirí céanna i bhfoirm ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha.

8.   I gcás na méideanna atá le hathúsáid i gclár i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, cuirfear tús leis an teorainn ama do shaoradh, a leagtar amach in Airteagal 105(1), sa bhliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha.

CAIBIDIL II

Coinníollacha cumasúcháin agus creat feidhmíochta

Airteagal 15

Coinníollacha cumasúcháin

1.   I gcás na gcuspóirí sonracha, leagtar síos coinníollacha cumasúcháin sa Rialachán seo.

In Iarscríbhinn III, tá coinníollacha cumasúcháin cothrománacha is infheidhme inti maidir leis na cuspóirí sonracha uile agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

In Iarscríbhinn IV, tá coinníollacha cumasúcháin inti do CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

Ní hinfheidhme an coinníoll cumasúcháin a bhaineann le huirlisí agus acmhainneacht chun rialacha maidir leis an státchabhair a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir leis na cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI nó ó IBTV.

2.   Nuair a bheidh an Ballstát ag ullmhú cláir nó ag tabhairt isteach cuspóir sonrach nua mar chuid de leasú ar chlár, déanfaidh sé a mheas an bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leis an gcuspóir sonrach roghnaithe comhlíonta. Tá coinníoll cumasúcháin comhlíonta i gcás ina bhfuil na critéir ghaolmhara uile sásaithe. Déanfaidh an Ballstát, i ngach clár nó sa leasú ar an gclár, na coinníollacha cumasúcháin atá comhlíonta agus nach bhfuil comhlíonta a shainaithint agus, tabharfaidh sé an t-údar leis sin i gcás ina measann sé go bhfuil coinníoll cumasúcháin comhlíonta.

3.   Mura bhfuil coinníoll cumasúcháin comhlíonta tráth formheasta an chláir nó an leasaithe ar chlár, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas a luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil an coinníoll cumasúcháin comhlíonta, maille leis an údar leis an gcomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas i gcás ina n-aontaíonn sé leis an mBallstát maidir leis an gcoinníoll cumasúcháin a chomhlíonadh.

I gcás nach n-aontóidh an Coimisiún leis an mBallstát maidir leis an gcoinníoll cumasúcháin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoin méid sin agus leagfaidh sé amach a mheasúnú.

I gcás nach n-aontóidh an Ballstát leis an measúnú ón gCoimisiúin sin, cuirfidh sé a bharúlacha in iúl faoi cheann míosa agus gnóthóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

I gcás ina nglacfaidh an Ballstát leis an measúnú ón gCoimisiúin, gnóthóidh sé i gcomhréir le mír 3.

5.   Gan dochar d’Airteagal 105, féadfar an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí atá nasctha leis an gcuspóir sonrach á áireamh sna hiarratais ar íocaíocht ach ní dhéanfaidh an Coimisiún é a aisíoc go dtí go gcuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chomhlíonadh an choinníll chumasúcháin de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4 den Airteagal seo.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hoibríochtaí lena rannchuidítear le comhlíonadh an choinníll chumasúcháin chomhfhreagraigh.

6.   Áiritheoidh an Ballstát go bhfuil na coinníollacha cumasúcháin comhlíonta agus urramaithe i gcónaí agus go gcuirfear i bhfeidhm iad i rith na clárthréimhse. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi aon mhodhnú a imreoidh tionchar ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil an coinníoll cumasúcháin comhlíonta a thuilleadh, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi sin agus leagfaidh sé a mheasúnú amach. Ina dhiaidh sin, leanfar an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 4.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil neamhchomhlíonadh an choinníll chumasúcháin fós ann agus gan dochar d’Airteagal 105, bunaithe ar bharúlacha an Bhallstáit, féadfar caiteachas a bhaineann leis an gcuspóir sonrach lena mbaineann a chur san áireamh in iarratais ar íocaíocht ach ní aisíocfaidh an Coimisiún é go dtí go gcuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi chomhlíonadh an choinníll chumasúcháin de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4 den Airteagal seo.

7.   Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn IV maidir le tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC nó maidir le haon acmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig CUAC i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 16

Creat feidhmíochta

1.   Bunóidh gach Ballstát creat feidhmíochta lena bhféadfar faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht cláir le linn chur chun feidhme an chláir, agus lena gcuirfear leis an tomhas ar fheidhmíocht fhoriomlán na gCistí.

Is éard a bheidh sa chreat feidhmíochta:

(a)

na táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le cuspóirí sonracha a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha a roghnaíodh le haghaidh an chláir;

(b)

na clocha míle atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2024 maidir le táscairí aschuir; agus

(c)

na spriocanna atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2029 maidir le táscairí aschuir agus toraidh.

2.   Leagfar síos clocha míle agus spriocanna i ndáil le gach cuspóir sonrach laistigh de chlár, seachas an cúnamh teicniúil agus an cuspóir sonrach lena dtugtar aghaidh ar an díth ábhartha a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+.

3.   Cuirfidh na clocha míle agus na spriocanna ar a gcumas don Choimisiún agus don Bhallstát an dul chun cinn i dtreo ghnóthú an chuspóra shonraigh a thomhas. Sásóidh siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 33(3) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 17

Modheolaíochtaí chun an creat feidhmíochta a bhunú

1.   Leis an modheolaíocht le haghaidh an creat feidhmíochta a bhunú, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

na critéir a chuireann an Ballstát i bhfeidhm chun táscairí a roghnú;

(b)

na sonraí nó an fhaisnéis a úsáidtear, ráthú cáilíochta na sonraí agus an modh ríomha;

(c)

tosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad.

2.   Cuirfidh an Ballstát an mhodheolaíocht chun an creat feidhmíochta a bhunú ar fáil don Choimisiún ar iarraidh sin.

Airteagal 18

Athbhreithniú meántéarma agus méid solúbthachta

1.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC, déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar gach clár, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na dúshláin nua arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha a glacadh in 2024;

(b)

an dul chun cinn maidir leis an bplean incháilithe náisiúnta fuinnimh agus aeráide, más ábhartha;

(c)

an dul chun cinn maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme;

(d)

staid shoch-eacnamaíoch an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann, agus béim ar leith ar riachtanais chríochacha, lena gcuirtear san áireamh aon tarlú diúltach airgeadais, eacnamaíoch nó sóisialta.

(e)

príomhthorthaí na meastóireachtaí ábhartha;

(f)

an dul chun cinn maidir leis na clocha míle a ghnóthú, ag cur san áireamh aon mhórdheacrachtaí a tháinig chun cinn i gcur chun feidhme an chláir;

(g)

i dtaca le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC, an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún, de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.

2.   Cuirfidh an Ballstát measúnú ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma le haghaidh gach aon chlár ar leith, lena n-áirítear togra le haghaidh leithdháileadh críochnaitheach an mhéid solúbthachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 86(1), faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025.

3.   Má mheastar go bhfuil gá leis, tar éis an athbhreithnithe mheántéarma ar an gclár nó i gcás inar sainaithnítear dúshláin nua de bhun phointe (a) de mhír 1, cuirfidh an Ballstát an measúnú dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid an Choimisiúin i dteannta an chláir leasaithe.

Áireofar sna hathbhreithnithe:

(a)

leithdháiltí na n-acmhainní airgeadais de réir tosaíochta;

(b)

spriocanna athbhreithnithe nó nua;

(c)

na méideanna atá le ranníoc le Clár InvestEU de réir Ciste agus de réir catagóir réigiúin, i gcás inarb infheidhme;

Déanfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 24, lena n-áirítear leithdháileadh críochnaitheach an mhéid solúbthachta.

4.   Más rud é, mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma, go measann an Ballstát nach gá an clár a leasú, déanfaidh an Coimisiún ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

cinneadh a ghlacadh, laistigh de 3 mhí ó thíolacadh an mheasúnaithe seo dá dtagraítear i mír 2, lena ndaingneofar leithdháileadh críochnaitheach an mhéid solúbthachta; nó

(b)

a iarraidh ar an mBallstát, laistigh de 2 mhí ó thíolacadh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, clár leasaithe a chur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 24;

5.   Go dtí go nglacfar an cinneadh ón gCoimisiún lena ndaingneofar leithdháileadh críochnaitheach an mhéid solúbthachta, ní bheidh an méid sin ar fáil chun oibríochtaí a roghnú.

6.   Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le toradh an athbhreithnithe mheántéarma agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle í faoi dheireadh 2026.

CAIBIDIL III

Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta agus le himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha

Airteagal 19

Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht na gCistí a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta

1.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, i gcás inar gá sin chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle.

Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun tacú le cur chun feidhme moladh tír-shonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus moladh ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann;

(b)

chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), ar choinníoll go meastar gur gá na leasuithe seo chun cuidiú le héagothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú.

2.   Maidir le hiarraidh ón gCoimisiún ar Bhallstát i gcomhréir le mír 1, beidh sí réasúnaithe, déanfar tagairt inti don ghá tacú le cur chun feidhme na moltaí ábhartha, agus léireofar inti na cláir nó na tosaíochtaí a mheasann an Coimisiún atá i gceist agus cineál na leasuithe a bhfuiltear ag súil leo. Ní dhéanfar iarraidh den sórt sin roimh 2023 nó i ndiaidh 2026, ná ní dhéanfar iarraidh i ndáil leis na cláir chéanna in aon 2 bhliain i ndiaidh a chéile.

3.   Déanfaidh an Ballstát a fhreagra ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó í a fháil agus leagfaidh sé amach na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach ar na cláir ábhartha, na cúiseanna atá le leasuithe den sórt sin, ag sainaithint na gclár atá i gceist agus ag tabhairt cuntais ar chineál na leasuithe atá beartaithe agus ar na héifeachtaí a mheastar a bheidh acu ar chur chun feidhme na moltaí agus ar chur chun feidhme na gCistí. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh d’aon mhí amháin ón bhfreagra sin a fháil.

4.   Déanfaidh an Ballstát togra chun leasú a dhéanamh ar na cláir ábhartha a chur isteach laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirfear isteach an freagra dá dtagraítear i mír 3.

5.   I gcás nach bhfuil barúlacha tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás ina bhfuil sé sásta go ndearnadh aon bharúlacha a tugadh a chur san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar na cláir ábhartha tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach.

6.   I gcás ina mainníonn an Ballstát, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4, gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí i ndiaidh dó na barúlacha a thabhairt faoi mhír 3 nó tar éis thíolacadh thogra an Bhallstáit faoi mhír 4, togra a chur chuig an gComhairle chun cuid de na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí ar fad le haghaidh na gclár agus na dtosaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí. Ina mholadh, leagfaidh an Coimisiún síos na forais atá aige lena thátal gur mhainnigh an Ballstát gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh. I ndéanamh a mholta dó, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir san áireamh agus breithneoidh sé go cuí aon eilimintí a eascraíonn as an gcomhphlé struchtúrtha faoi mhír 14 nó aon tuairimí a léirítear san idirphlé struchtúraithe sin.

Déanfaidh an Comhairle cinneadh maidir leis an moladh sin trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin ach amháin i ndáil le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh tar éis an dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh, a fhionraí i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) nó (11) CFAE, nach ndearna Ballstát gníomhaíocht éifeachtach chun a easnamh iomarcach a cheartú, mura rud é gur chinn sé gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéir euro nó san Aontas ina iomláine de réir bhrí Airteagail 3(5) agus 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (42).

8.   Féadfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais do chlár amháin nó níos mó de chuid Ballstáit a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt sna cásanna seo a leanas:

(a)

má ghlacann an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a chur isteach;

(b)

má ghlacann an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suitear neamh-chomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

(c)

má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 (43) ón gComhairle agus go gcinneann sé, dá thoradh sin, gan aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a údarú;

(d)

má chinneann an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), ná na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á gcomhlíonadh ag Ballstát.

9.   Tabharfar tosaíocht d’fhionraíocht na ngealltanas. Ní dhéanfar íocaíochtaí a chur ar fionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamh-chomhlíonadh suntasach. Beidh feidhm ag fionraíocht na n-íocaíochtaí maidir le hiarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i ndáil leis na cláir lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh fionraíochta.

10.   Maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a dhéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

Beidh feidhm ag fionraíocht na ngealltanas maidir leis na gealltanais ó na Cistí don Bhallstát lena mbaineann ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh dháta an chinnidh a ghlacadh maidir le fionraí.

Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8 i ndáil le fionraíocht na n-íocaíochtaí.

11.   Maidir le raon feidhme agus leibhéal na fionraíochta a fhorchuirfear ar na gealltanais nó ar na híocaíochtaí, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta, an leibhéal bochtaineachta nó an leibhéal eisiaimh shóisialta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar na fionraíochta ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Is gné shonrach atá le cur san áireamh é tionchar na bhfionraíochtaí ar chláir a bhfuil ríthábhacht leo chun dul i ngleic le dálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta.

12.   Beidh fionraíocht gealltanas faoi réir uasmhéid 25 % de na gealltanais a bhaineann leis an gcéad bhliain féilire eile do na Cistí nó 0,25 % de OTI ainmniúil, pé acu is ísle, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh le nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i mír 7;

(b)

sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 8;

(c)

i gcás neamh-chomhlíonadh an phlean gníomhaíochta ceartaithí arna mholadh de bhun nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 8;

(d)

sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 8.

I gcás neamh-chomhlíonadh leanúnach, féadfaidh an fhionraíocht gealltanais a bheith níos mó ná na céatadáin uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír.

13.   Cuirfidh an Chomhairle deireadh leis an bhfionraíocht gealltanas ar thogra ón gCoimisiún, sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó má tá cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(b)

má tá tacú tugtha ag an gComhairle don phlean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó má tá an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(c)

má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002;

(d)

má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

Tar éis don Chomhairle deireadh a chur leis an bhfionraíocht gealltanas, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais a bhí ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2093.

Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí, ní fhéadfar iad a athbhuiséadú níos faide amach ná 2027.

An teorainn ama do shaoradh an mhéid athbhuiséadaithe i gcomhréir le hAirteagal 105, cuirfear tús leis ón mbliain ina ndéantar an gealltanas a bhí ar fionraí a athbhuiséadú.

Cinneadh deireadh a chur le fionraíocht na n-íocaíochtaí, déanfaidh an Chomhairle é ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina bhfuil na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach sa chéad mhír comhlíonta. Maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

14.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún, nuair a chomhlíontar ceann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 6, 7 nó 8 le haghaidh Ballstáit, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus mionsonraí a sholáthar faoi na Cistí agus na cláir a d’fhéadfaí a chur ar fionraí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig comhphlé struchtúrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird á tabhairt ar tharchur na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le fionraíocht nó an togra chun deireadh a chur le fionraí den sórt sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill tar éis a ghlactha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí aige dá thogra.

15.   Faoi 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Chuige sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil a ndéanfaidh sé í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, i gcás inar gá sin, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

16.   Nuair a tharlóidh athruithe móra sna dálaí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagail 225 nó 241 CFAE faoi seach, iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a thíolacadh.

17.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le CSE+, CTIL, CSI, IBTV ná maidir le cláir Interreg.

Airteagal 20

Bearta sealadacha chun Cistí a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha

1.   I gcás, tar éis 1 Iúil 2021, inar aithin an Chomhairle gur tharla imeacht neamhghnách lasmuigh de smacht an Bhallstáit lena mbaineann, imeacht a bhfuil tionchar mór aige ar sheasamh airgeadais an rialtais ghinearálta nó a n-eascraíonn mórshleabhcadh eacnamaíoch as i gcás an limistéir euro nó i gcás an Aontais ina iomláine dá dtagraítear sa deichiú fomhír d’Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír d’Airteagal 6(3), an deichiú fomhír d’Airteagal 9(1) agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 (45) nó i gcás ina dtarlaíonn imeachtaí eacnamaíocha díobhálacha gan choinne a bhfuil mór-iarmhairtí mífhabhracha acu ar airgeadas rialtais dá dtagraítear in Airteagail 3(5) agus 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme agus ar feadh uastréimhse dar fad 18 mí, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh ar an gcoinníoll go bhfuil dianghá leo chun freagairt d’imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha den sórt sin:

(a)

arna iarraidh sin ó Bhallstát amháin lena mbaineann nó níos mó ná sin, íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme, nach mó ná 100 %, de mhaolú ar Airteagal 112(3) agus (4) den Rialachán seo, agus ar Airteagal 40 de Rialachán CEMID, Airteagal 15 de Rialachán CTIL, Airteagal 12 de Rialachán CSI agus ar Airteagal 12 de Rialachán IBTV;

(b)

cur ar chumas údaráis an Bhallstáit oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá críochnaithe go fisiceach nó atá curtha chun feidhme ina n-iomláine sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistithe go cuí, de mhaolú ar Airteagal 63(6), ar choinníoll gur freagairt ar na himthosca eisceachtúla í an oibríocht;

(c)

foráil a dhéanamh maidir le caiteachas le haghaidh oibríochtaí mar fhreagairt ar imthosca den sórt sin ionas go mbeidh an caiteachas sin incháilithe ar an dáta a d’fhormhuinigh an Chomhairle gur tharla na himthosca sin, de mhaolú ar Airteagal 63(7);

(d)

síneadh a chur leis na spriocdhátaí maidir le doiciméid agus sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin suas le 3 mhí, de mhaolú ar Airteagail 41(6), 42(1), 44(2) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 49(3).

2.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Nuair a chomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach maidir lena mheasúnú ar an staid agus maidir leis an obair leantach a bheartaítear a dhéanamh ina leith.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé struchtúrtha a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Agus measúnú á dhéanamh ar an staid agus obair leantach beartaithe aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na seasaimh a glacadh agus ar na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé struchtúrtha.

4.   Más ann fós, tar éis na tréimhse nach faide ná 18 mí, dá dtagraítear i mír 1, do na himthosca sonracha ba chúis le glacadh na mbeart sealadach sin, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an staid agus cuirfidh sé togra reachtach ar aghaidh, de réir mar is iomchuí, lena leasaítear an Rialachán seo, ina ndéanfar foráil maidir leis an tsolúbthacht is gá chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin gcinneadh cur chun feidhme a ghlacfar faoi mhír 1 gan mhoill, ar a dhéanaí laistigh de 2 lá oibre tar éis é a ghlacadh.

TEIDEAL III

CLÁRSCEIDEALÚ

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 21

Cláir a ullmhú agus a thíolacadh

1.   Ullmhóidh an Ballstát, i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1), cláir chun na Cistí a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin 3 mhí ar a dhéanaí tar éis don Chomhaontú Comhpháirtíochta a bheith curtha faoina bhráid. I gcás CTIL, CSI agus IBTV, cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin 3 mhí ar a dhéanaí tar éis don Rialachán seo nó don Rialachán ciste-shonrach ábhartha teacht i bhfeidhm, cibé acu is déanaí.

3.   Ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

I gcás CTIL, CSI agus IBTV, ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

4.   I gcás ina n-ullmhófar tuarascáil ar an gcomhshaol i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), foilseofar í ar shuíomh gréasáin an chláir dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán seo.

Airteagal 22

Inneachar na gclár

1.   Leagfar amach i ngach clár straitéis maidir le rannchuidiú an chláir leis na cuspóirí beartais nó maidir le cuspóir sonrach CUAC agus maidir le cumarsáid faoina torthaí.

2.   Tosaíocht amháin nó níos mó a bheidh i gclár. Beidh gach tosaíocht ag freagairt do chuspóir beartais amháin nó do chuspóir sonrach CUAC nó do chúnamh teicniúil má chuirtear chun feidhme í de bhun Airteagal 36(4) nó Airteagal 37. Féadfaidh tosaíocht tacaíocht ó Chiste amháin nó níos mó a úsáid mura bhfaigheann sé tacaíocht ó CUAC nó baineann sé le cúnamh teicniúil atá curtha chun feidhme de bhun Airteagail 36(4) nó Airteagail 37. Beidh cuspóir sonrach amháin nó níos mó i dtosaíocht atá ag freagairt do chuspóir beartais. D’fhéadfadh níos mó ná tosaíocht amháin freagairt don chuspóir beartais céanna nó do chuspóir sonrach CUAC.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, úsáidfidh clár tacaíocht ó Chiste amháin agus is cuspóirí sonracha agus cuspóirí sonracha a bhaineann le cúnamh teicniúil a bheidh ann.

3.   Leagfar amach i ngach clár:

(a)

achoimre ar na príomhdhúshláin, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(i)

éagothromaíochtaí eacnamaíocha sóisialta agus críochacha, chomh maith le neamhionannais, seachas cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID;

(ii)

teipeanna margaidh;

(iii)

riachtanais infheistíochta agus comhlántacht agus sineirgí le foirmeacha eile tacaíochta;

(iv)

dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha, straitéisí ábhartha náisiúnta nó réigiúnacha an Bhallstáit sin, lena n-áirítear a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i ndáil le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus, i gcás CTIL, CSI agus IBTV, moltaí ábhartha eile de chuid an Aontais a dhírítear ar an mBallstát;

(v)

dúshláin maidir leis an acmhainneacht riaracháin agus rialachas agus bearta simplithe;

(vi)

cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, i gcás inarb ábhartha;

(vii)

na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas;

(viii)

straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige i gcás ina bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin rannpháirteach i straitéisí den sórt sin;

(ix)

i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais maille le húdar do roghnú na gcuspóirí sonracha;

(x)

i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC, dúshláin a bhaineann le haistriú sna pleananna críochacha um aistriú cóir;

Ní bheidh feidhm ag pointí (i), (ii) agus (viii) maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI ná ó IBTV.

(b)

an t-údar atá leis na cuspóirí beartais atá roghnaithe, na tosaíochtaí comhfhreagracha, cuspóirí sonracha agus na foirmeacha tacaíochta;

(c)

i gcás gach tosaíochta, seachas cúnamh teicniúil, cuspóirí sonracha;

(d)

i gcás gach cuspóra shonraigh:

(i)

na cineálacha gníomhaíochtaí gaolmhara agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na cuspóirí sonracha sin, le straitéisí macrairéigiúnacha, le straitéisí imchuach farraige agus le pleananna críochacha um aistriú cóir, agus tacaíocht á fáil acu ó CUAC, i gcás inarb iomchuí;

(ii)

táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na clocha míle agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(iii)

na spriocghrúpaí príomha;

(iv)

gníomhaíochtaí lena ndéantar coimirciú ar chomhionannas, cuimsiú agus neamh-idirdhealú;

(v)

sonrú na gcríoch sonrach a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-áirítear an úsáid atá beartaithe d’infheistíocht chríochach chomhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile;

(vi)

na gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha, trasteorann agus trasnáisiúnta a bhfuil a dtairbhithe lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad nó lasmuigh den Aontas, i gcás inarb ábhartha;

(vii)

an úsáid atá beartaithe d’ionstraimí airgeadais;

(viii)

na cineálacha idirghabhála agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála;

(ix)

i dtaca le cuspóir sonrach CUAC, bonn cirt aon mhéideanna a aistrítear ó acmhainní CFRE agus CSE+ i gcomhréir le hAirteagal 27, mar aon lena miondealú de réir catagóire réigiúin, lena léirítear na cineálacha idirghabhála atá beartaithe i gcomhréir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir;

(e)

le haghaidh gach tosaíocht maidir le cúnamh teicniúil a chuirtear chun feidhme de bhun Airteagal 36(4):

(i)

an cineál gníomhaíochtaí gaolmhara;

(ii)

táscairí aschuir maille leis na clocha míle agus na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(iii)

na spriocghrúpaí príomha;

(iv)

na cineálacha idirghabhála agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála;

(f)

an úsáid atá beartaithe don chúnamh teicniúil de bhun Airteagal 37, más infheidhme, agus cineálacha idirghabhála ábhartha;

(g)

plean maoinithe a chuimseoidh an méid seo a leanas:

(i)

tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach ceann de na Cistí agus, i gcás inarb infheidhme, do gach catagóir réigiúin don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana, lena n-áirítear aon mhéideanna arna n-aistriú de bhun Airteagal 26 nó 27;

(ii)

i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus CUAC, tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach tosaíocht de réir an Chiste agus de réir na catagóire réigiúin, i gcás inarb infheidhme, agus an ranníocaíocht náisiúnta agus an bhfuil an ranníocaíocht sin comhdhéanta de ranníocaíochtaí poiblí nó príobháideacha, nó den dá rud;

(iii)

i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, tábla ina sonrófar do gach cuspóir sonrach, méid na leithdháiltí airgeadais iomlána a bhaineann leis an tacaíocht ón gCiste agus an ranníocaíocht náisiúnta;

(iv)

i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, tábla ina sonrófar, de réir cuspóir sonrach na leithdháiltí airgeadais iomlána de réir an chineáil gníomhaíochta, an ranníocaíocht náisiúnta agus an ranníocaíocht phoiblí nó phríobháideach í, nó an dá rud;

(h)

na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun rannpháirt in ullmhú an chláir a thabhairt do chomhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus ról na gcomhpháirtithe sin maidir le cur chun feidhme an chláir, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

(i)

i gcás gach coinníll cumasúcháin a bhaineann leis an gcuspóir sonrach, arna leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 15 agus Iarscríbhinní III agus IV, measúnú an bhfuil an coinníoll cumasúcháin comhlíonta ar an dáta a chuirtear an clár isteach;

(j)

an cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár trí na cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, lena n-áirítear an fhor-rochtain meán sóisialta, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d’fhaireachán agus do mheastóireacht a shainiú;

(k)

údaráis an chláir agus an comhlacht nó, i gcás cúnamh teicniúil de bhun Airteagal 36(5), i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí a fhaigheann íocaíochtaí ón gCoimisiún.

Ní bheidh feidhm ag pointí (a)(i), (ii) agus (viii) den mhír seo maidir leis na cláir atá teoranta do thacú leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+. Ní bheidh feidhm ag pointe (d) den mhír seo maidir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+.

I gcás CFRE, an Ciste Comhtháthaithe, CSE+, CUAC agus CEMID, beidh liosta d’oibríochtaí atá beartaithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo ag gabháil leis an gclár, maille le clár ama, chun críoch faisnéise.

Más rud é, i gcomhréir le pointe (k), go sainaithneofar níos mó ná comhlacht amháin chun íocaíochtaí a fháil ón gCoimisiún, leagfaidh an Ballstát amach sciar na méideanna aisíoctha idir na comhlachtaí sin.

4.   De mhaolú ar phointe (b) go (e) de mhír 3, i gcás gach cuspóra shonraigh de chuid clár a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuirfear na nithe seo a leanas ar fáil:

(a)

tuairisc ar an staid tosaigh, na dúshláin agus na freagairtí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste;

(b)

sonrú na mbeart cur chun feidhme;

(c)

liosta táscach de ghníomhaíochtaí agus den rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu le cuspóirí sonracha;

(d)

i gcás inarb infheidhme, an t-údar atá leis an tacaíocht oibríochta, gníomhaíochtaí sonracha, cúnaimh éigeandála, agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 20 de Rialachán CTIL;

(e)

táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na clocha míle agus na spriocanna lena gcomhfhreagraítear dóibh;

(f)

miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir cineál idirghabhála.

5.   Cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh na cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar sna Rialacháin Chiste-shonracha.

6.   I gcás cláir de chuid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CUAC, cuimseofar an tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) de mhír 3 na méideanna do na blianta 2021 go 2027, lena n-áirítear an méid solúbthachta.

7.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (k) den chéad fhomhír de mhír (3) nach bhfuil leasú ar chlár de dhíth orthu.

8.   Maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na pleananna críochacha um aistriú cóir mar chuid den chlár nó cláir nó mar iarratas ar leasú.

Airteagal 23

Formheas na gclár

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár agus ar an méid a chomhlíontar an Rialachán seo agus na Rialacháin Chiste-shonracha leis, chomh maith le CFRE, CSE+, leis an gCiste Comhtháthaithe, le CUAC agus le CEMID, agus ar a chomhsheasmhacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ábhartha. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na moltaí tír-shonracha ábhartha a chur san áireamh, chomh maith le dúshláin ábhartha i gcur chun feidhme na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus an bealach a dtéitear i ngleic leo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de 3 mhí ón dáta a dhéanfaidh an Ballstát an clár a chur faoina bhráid.

3.   Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár, agus barúlacha an Choimisiúin á gcur san áireamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an clár tráth nach déanaí ná 5 mhí tar éis an dáta a rinne an Ballstát an clár sin a thíolacadh ar dtús.

Airteagal 24

Cláir a leasú

1.   Féadfaidh an Ballstát iarraidh réasúnaithe a thíolacadh ar leasú ar chlár mar aon leis an gclár leasaithe, ina leagfar amach an tionchar a bhfuiltear ag siúl leis ón leasú sin ar ghnóthú na gcuspóirí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an leasú agus ar a chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo agus na Rialacháin Chiste-shonracha, lena n-áirítear ceanglais ar an leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt laistigh de 2 mhí ón dáta a cuireadh isteach an clár leasaithe.

3.   Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár leasaithe, agus barúlacha an Choimisiúin á gcur san áireamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhformheasfar an leasú ar chlár tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Bhallstát é a thíolacadh.

5.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC, féadfaidh an Ballstát suas le 8 % den leithdháileadh tosaigh do thosaíocht, gan dul thar 4 % den bhuiséad don chlár, a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna atá ag tacú leis an gclár céanna. I gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ó CUAC, ní bhainfidh an t-aistriú ach le leithdháiltí don chatagóir chéanna réigiúin.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, féadfaidh an Ballstát suas le 8 % den leithdháileadh tosaigh de chuspóir sonrach a aistriú le linn na clárthréimhse chuig cuspóir sonrach eile, lena n-áirítear cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme de bhun Airteagal 36(4).

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, féadfaidh an Ballstát leithdháiltí a aistriú le linn na clárthréimhse idir cineálacha gníomhaíochtaí laistigh den tosaíocht chéanna agus, ina theannta sin, féadfaidh sé méid suas le 15 % den leithdháileadh tosaigh de thosaíocht a aistriú chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna.

Le haistrithe den sórt sin, ní dhéanfar difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad na haistrithe agus na hathruithe gaolmhara agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar an gclár. Mar sin féin, comhlíonfaidh siad na ceanglais rialála uile agus formheasfaidh an coiste faireacháin iad roimh ré de bhun phointe (d) d’Airteagal 40(2). Cuirfidh an Ballstát an tábla leasaithe dá dtagraítear i bpointí (g)(ii), (iii) nó (iv) d’Airteagal 22(3), de réir mar is infheidhme, i dteannta le haon athruithe gaolmhar sa chlár.

6.   Ní bheidh aon ghá le formheas ón gCoimisiún i gcomhair ceartúcháin de chineál eagarthóireachta nó cléireachais amháin, nach ndéantar difear leo do chur chun feidhme an chláir.. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le ceartúcháin den sórt sin.

7.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, ní bheidh formheas ón gCoimisiún de dhíth le haghaidh leasuithe ar na cláir a bhaineann le táscairí a thabhairt isteach.

Airteagal 25

Tacaíocht comhpháirteach ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC

1.   Féadfaidh CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CUAC tacaíocht a sholáthar go comhpháirteach faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis.

2.   Le CFRE agus CSE+, féadfar oibríocht nó cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe do thacaíocht ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 15 % den tacaíocht ó na Cistí sin le haghaidh gach tosaíochta de chlár, ar choinníoll go bhfuil costais den sórt sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an rogha sin maidir le haon acmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig CUAC i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 26

Aistriú acmhainní

1.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó in iarraidh ar leasú ar chlár má chomhaontaíonn coiste faireacháin an chláir sin de bhun phointe (d) d’Airteagal 40(2), go n-aistreofar suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh gach Ciste chuig aon ionstraim eile faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin i mbunghníomh ionstraime den sórt sin.

Ní bheidh suim na n-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus na ranníocaíochtaí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(1) níos mó ná 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh de gach Ciste.

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar chlár a leasú go n-aistreofar suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh gach Ciste chuig Ciste eile nó chuig Cistí eile, cé is moite d’aistrithe a leagtar amach sa cheathrú fomhír.

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar chlár a leasú go n-aistreofaí sa bhreis suas le 20 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh ón gCiste idir CFRE, CSE+ nó an Ciste Comhtháthaithe laistigh d’acmhainní domhanda an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Na Ballstáit ar lú ná 3 % a meánráta iomlán dífhostaíochta do thréimhse 2017-2019, féadfaidh siad aistriú breise den sórt sin suas le 25 % den chéad leithdháileadh náisiúnta a iarraidh.

2.   Cuirfear na hacmhainní arna n-aistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste nó na hionstraime ar aistríodh na hacmhainní chuige nó chuici agus, i gcás aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, cuirfear chun feidhme chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann iad.

3.   Maidir le hiarrataí le haghaidh leasú ar chlár, leagfar amach iontu an méid iomlán a aistreofar do gach bliain de réir an Chiste agus, i gcás inarb infheidhme, de réir na catagóire réigiúin, beidh údar cuí leo maidir leis na comhlántachtaí agus an tionchar atá le gnóthú, agus beidh an clár nó na cláir leasaithe ag gabháil leo i gcomhréir le hAirteagal 24.

4.   Ar dhul i gcomhairle dó leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne iarraidh ar aistriú sa leasú gaolmhar ar chlár i gcás ina mbainfeadh aistriú den sórt sin a an bonn ó ghnóthú chuspóirí an chláir arb uaidh atá na hacmhainní le haistriú.

Déanfaidh an Coimisiún agóid freisin i gcoinne na hiarrata i gcás ina measfaidh sé nár thug an Ballstát údar cuí leis an aistriú i ndáil leis na torthaí a bheidh le baint amach nó an rannchuidiú atá le déanamh i dtaca le cuspóirí an Chiste fála nó na hionstraime fála i mbainistíocht dhíreach nó indíreach.

5.   I gcás iarraidh ar aistriú a bhaineann le leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a aistriú.

6.   Maidir le hacmhainní CUAC, lena n-áirítear aon acmhainní a aistreofar ó CFRE agus CSE+ i gcomhréir le hAirteagal 27, ní bheidh siad inaistrithe chuig Cistí nó ionstraimí eile de bhun mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo.

Ní bhfaighidh CUAC aistrithe de bhun mhíreanna 1 go 5.

7.   I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil déanta ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní a aistrítear i gcomhréir le mír 1, féadfar na hacmhainní neamhcheangailteacha comhfhreagracha a aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad i dtús báire agus iad a leithdháileadh chuig clár amháin nó níos mó.

Chuige sin, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár i gcomhréir le hAirteagal 24(1), 4 mhí ar a dhéanaí roimh an teorainn ama le haghaidh gealltanas a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais.

8.   Acmhainní arna n-aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad agus inar leithdháileadh iad chuig clár amháin nó níos mó, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna Rialacháin Chiste-shonracha ón dáta a thíolacfar an iarraidh ar leasú ar chlár.

9.   Maidir leis na hacmhainní arna n-aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad agus inar leithdháileadh iad ar chlár i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, tosóidh an teorainn ama do shaoradh mar a shainmhínítear í in Airteagal 105(1) sa bhliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha.

Airteagal 27

Aistriú acmhainní ó CFRE agus CSE+ chuig CUAC

1.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar bhonn deonach go ndéanfar méid na n-acmhainní atá ar fáil do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán CUAC a chomhlánú le hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ nó ó mheascán díobh sin nó de chuid na catagóire réigiún ina bhfuil an chríoch lena mbaineann lonnaithe. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig CUAC thar thrí oiread leithdháileadh CUAC dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 110(1). Ní rachaidh na hacmhainní a aistreofar ó CFRE nó ó CSE+ thar 15 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ faoi seach chuig an mBallstát lena mbaineann. Leagfaidh na Ballstáit amach sna hiarrataí sin an méid iomlán a aistreofar do gach bliain de réir catagóire réigiúin.

2.   Na haistrithe ó acmhainní CFRE agus CSE+ faoi seach chuig an tosaíocht nó na tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC, léireofar leosan na cineálacha idirghabhála i gcomhréir leis an bhfaisnéis a leagtar amach sa chlár de bhun phointe (d)(ix) d’Airteagal 22(3). Measfar gur aistrithe cinntitheacha iad aistrithe den sórt sin.

3.   Déanfar acmhainní CUAC, lena n-áirítear na hacmhainní a aistrítear ó CFRE, agus CSE+, a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán CUAC. Na rialacha a leagtar amach i Rialachán CFRE agus CC agus i Rialachán CSE+, ní bheidh feidhm acu maidir le hacmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL II

Forbairt chríochach

Airteagal 28

Forbairt chríochach chomhtháite

I gcás ina dtacaíonn Ballstát le forbairt chríochach chomhtháite, déanfaidh sé sin trí straitéisí forbartha críochacha nó áitiúla in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí críochacha comhtháite;

(b)

forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail; nó

(c)

uirlis chríochach eile lena dtacaítear le tionscnaimh arna gceapadh ag an mBallstát.

I gcás ina mbeidh na straitéisí forbartha críochacha nó áitiúla á gcur chun feidhme aige faoi níos mó ná Ciste amháin, áiritheoidh an Ballstát comhleanúnachas agus comhordú i measc na gCistí lena mbaineann.

Airteagal 29

Straitéisí críochacha

1.   Beidh na heilimintí seo a leanas sna straitéisí críochacha a chuirfear chun feidhme de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 28:

(a)

an limistéar geografach a chumhdaítear leis an straitéis;

(b)

anailís ar na riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir, lena n-áirítear idirnaisc eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil;

(c)

tuairisc ar chur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbraíochta arna sainaithint agus ar phoitéinseal an limistéir;

(d)

tuairisc ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 8 le linn ullmhú agus chur chun feidhme na straitéise.

Féadfaidh liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a bheith iontu freisin.

2.   Beidh na húdaráis nó na comhlachtaí críochacha ábhartha, freagrach as straitéisí críochacha. Le haghaidh straitéisí críochacha féadfar úsáid a bhaint as doiciméid straitéiseacha atá ann cheana agus a bhaineann leis na réimsí arna gcumhdach.

3.   Mura bhfuil an liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh ar áireamh sa straitéis chríochach, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí críochacha ábhartha, na hoibríochtaí a roghnú nó beidh lámh acu i roghnú na n-oibríochtaí.

4.   Agus straitéisí críochacha á n-ullmhú acu, comhoibreoidh na húdaráis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 leis na húdaráis bainistíochta ábhartha, chun raon na n-oibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh faoin gclár ábhartha a chinneadh.

Beidh na hoibríochtaí a roghnófar i gcomhréir leis an straitéis chríochach.

5.   Má dhéanann údarás nó comhlacht críochach eile cúraimí a bhfuil an t-údarás bainistíochta freagrach astu seachas roghnú na n-oibríochtaí, sonróidh an t-údarás bainistíochta an t-údarás sin mar chomhlacht idirmheánach.

6.   Féadfar tacaíocht a sholáthar le haghaidh ullmhú agus ceapadh straitéisí críochacha.

Airteagal 30

Infheistíocht chríochach chomhtháite

I gcás straitéis chríochach dá dtagraítear in Airteagal 29 a mbíonn infheistíochtaí i gceist léi agus a fhaigheann tacaíocht ó Chiste amháin nó níos mó ó chlár amháin nó níos mó nó ó thosaíocht amháin nó níos mó den chlár céanna, féadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar infheistíocht chríochach chomhtháite.

Airteagal 31

Forbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail

1.   I gcás ina measann Ballstát gurb iomchuí é de bhun Airteagal 28, tacóidh CFRE, CSE+, CUAC agus CEMID le forbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail.

2.   Áiritheoidh an Ballstát maidir leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail:

(a)

go bhfuil sí dírithe ar limistéir fhoréigiúnacha;

(b)

go bhfuil sí faoi stiúir grúpaí gníomhaíochta áitiúla atá comhdhéanta d’ionadaithe ar leasanna soch-eacnamaíocha áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach, agus nach bhfuil smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin ar an gcinnteoireacht;

(c)

go ndéantar í trí straitéisí i gcomhréir le hAirteagal 32;

(d)

go dtacaíonn sí le líonrú, le hinrochtaineacht, le gnéithe nuálacha den chomhthéacs áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, le comhar le gníomhaithe críochacha eile.

3.   Má bhíonn tacaíocht do straitéisí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 le fáil ó Chiste amháin nó níos mó, eagróidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha glao comhpháirteach chun na straitéisí sin a roghnú agus bunóidh siad coiste comhpháirteach do na Cistí ar fad lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí sin. Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú chun tacú leis na costais ullmhúcháin, bhainistíochta agus bheochana uile dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 34(1) i ndáil leis na straitéisí sin.

4.   Má bhaineann tacaíocht ó cheann amháin nó níos mó de na Cistí le cur chun feidhme straitéise den sórt sin, féadfaidh an t-údarás bainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú mar Chiste Ceannasach.

5.   Agus raon feidhme agus rialacha incháilitheachta gach ciste a bhfuil baint aige le tacú leis an straitéis á n-urramú, beidh feidhm ag rialacha an Chiste Cheannasaigh maidir leis an straitéis sin. Braithfidh údaráis na gcistí eile ar na cinntí agus ar na fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh údarás inniúil an Chiste Cheannasaigh.

6.   Cuirfidh údarás an Chiste Cheannasaigh an fhaisnéis is gá ar fáil d’údaráis na gCistí eile chun faireachán agus íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 32

Straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an chomhphobail

1.   Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha go leagtar amach na heilimintí seo a leanas i ngach straitéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 31(2):

(a)

an limistéar geografach agus an daonra a chumhdófar faoin straitéis;

(b)

próiseas rannpháirtíocht an chomhphobail i bhforbairt na straitéise;

(c)

anailís ar riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir;

(d)

cuspóirí na straitéise, lena n-áirítear spriocanna intomhaiste maidir le torthaí, agus gníomhaíochtaí gaolmhara atá beartaithe;

(e)

na socruithe bainistíochta, faireacháin agus meastóireachta, ag léiriú chumas an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil an straitéis a chur chun feidhme;

(f)

plean airgeadais, lena n-áirítear an leithdháileadh atá beartaithe ó gach Ciste, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, an leithdháileadh atá beartaithe ó CETFT agus gach clár lena mbaineann.

Féadfar an cineál beart agus an cineál oibríochtaí atá le maoiniú le gach Ciste dá ndéanfar difear a shonrú freisin.

2.   Saineoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha critéir le haghaidh roghnú na straitéisí sin, cuirfidh siad coiste ar bun chun an roghnú sin a dhéanamh agus formheasfaidh siad na straitéisí a roghnóidh an coiste sin.

3.   Críochnóidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha an chéad bhabhta de roghnú na straitéisí agus áiritheoidh siad gur féidir leis na grúpaí gníomhaíochta áitiúla arna roghnú a gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 33(3) a dhéanamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chinnidh lena bhformheasfar an clár ábhartha nó, i gcás straitéisí a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laistigh de 12 mhí ó dháta an chinnidh lena bhformheasfar an clár deireanach lena mbaineann.

4.   Sa chinneadh lena bhformheasfar straitéis, leagfar amach leithdháiltí gach Ciste agus gach cláir lena mbaineann agus leagfar amach na freagrachtaí as cúraimí bainistíochta agus rialaithe faoin gclár nó faoi na cláir.

Airteagal 33

Grúpaí gníomhaíochta áitiúla

1.   Déanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla na straitéisí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 31(2) a cheapadh agus a chur chun feidhme.

2.   Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta go mbeidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla cuimsitheach agus go roghnóidh siad comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar chomhpháirtí cinn i ndáil le cúrsaí riaracháin agus airgeadais nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil.

3.   Déanfaidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla, agus iadsan amháin, na cúraimí seo a leanas ar fad:

(a)

acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(b)

próiseas roghnúcháin agus critéir roghnúcháin atá neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach a tharraingt suas, lena seachnófar coinbhleachtaí leasa agus lena n-áiritheofar nach mbeidh smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin ar chinntí roghnúcháin;

(c)

glaonna ar thograí a ullmhú agus a fhoilsiú;

(d)

oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú agus na tograí a chur faoi bhráid an chomhlachta atá freagrach as fíorú críochnaitheach a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;

(e)

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le gnóthú chuspóirí na straitéise;

(f)

measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise.

4.   I gcás ina ndéanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla cúraimí nach gcumhdaítear faoi mhír 3 agus a bhfuil an t-údarás bainistíochta nó an ghníomhaireacht íocaíochta freagrach astu i gcás ina roghnaítear CETFT mar Chiste Ceannais, sonróidh an t-údarás bainistíochta na grúpaí gníomhaíochta áitiúla seo mar chomhlachtaí idirmheánacha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

5.   Féadfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúil a bheith ina thairbhí agus féadfaidh sé oibríochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis, ar choinníoll go n-áiritheoidh an grúpa gníomhaíochta áitiúil go n-urramófar prionsabal na deighilte feidhmeanna.

Airteagal 34

Tacaíocht ó Chistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Áiritheoidh an Ballstát go gcumhdófar an méid seo a leanas le tacaíochta ó na Cistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a)

fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a thacóidh le ceapadh na straitéise agus lena gcur chun feidhme amach anseo;

(b)

cur chun feidhme oibríochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhair agus a n-ullmhú, arna roghnú faoin straitéis;

(c)

bainistiú, faireachán agus meastóireacht ar an straitéis agus í a bheochan, lena n-áirítear malartuithe idir geallsealbhóirí a éascú;

2.   An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 1, beidh sí incháilithe gan beann ar an straitéis a bheith roghnaithe lena cistiú ina dhiaidh sin.

An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír 1, ní rachaidh sí thar 25 % den ranníocaíocht phoiblí iomlán leis an straitéis.

CAIBIDIL III

Cúnamh teicniúil

Airteagal 35

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus infheictheachta agus le gach gníomhaíocht riaracháin agus cúnaimh theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíochtaí le tríú tíortha.

2.   Féadfar an méid seo a leanas go háirithe a bheith san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a bhreithmheas;

(b)

tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach na gCistí;

(c)

staidéir atá nasctha le tuairisciú an Choimisiúin ar na Cistí agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú;

(d)

bearta a bhaineann le hanailísiú, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme na gCistí, mar aon le bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(e)

meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staitisticí agus staidéir, lena n-áirítear iad siúd de chineál ginearálta, a bhaineann le feidhmiú reatha na gCistí agus lena bhfeidhmiú amach anseo;

(f)

gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh go háirithe maidir leis na torthaí agus maidir le breisluach na tacaíochta ó na Cistí, feasacht a mhúscailt agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha;

(g)

córais ríomhairithe don bhainistiú, faireachán, iniúchadh, rialú agus don mheastóireacht, a shuiteáil, a oibriú agus a idirnascadh;

(h)

gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta;

(i)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht;

(j)

acmhainneacht náisiúnta agus réigiúnach a neartú maidir le pleanáil infheistíochta, riachtanais chistiúcháin, ullmhú, dearadh agus cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais, pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha agus mórthionscadail;

(k)

dea-chleachtais a scaipeadh chun cabhrú le Ballstáit cumas na gcomhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus a mbrateagraíochtaí a neartú.

3.   Tiomnóidh an Coimisiún ar a laghad 15 % de na hacmhainní le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun tuilleadh éifeachtúlachta a bhaint amach sa chumarsáid a dhéantar leis an bpobal agus chun sineirgí níos láidre a sheachadadh idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, tríd an mbonn feasachta maidir le torthaí a leathnú, go háirithe trí shonraí a bhailiú agus a scaipeadh ar bhealach níos éifeachtaí, trí mheastóireachtaí agus trí thuairisciú, agus go háirithe trí bhéim a leagan ar rannchuidiú Cistí SIE maidir le feabhas a chur ar shaol na saoránach, agus infheictheacht na tacaíochta ó Chistí SIE a mhéadú chomh maith leis an bhfeasacht ar thorthaí agus ar bhreisluach na tacaíochta sin a mhúscailt. I gcás inarb iomchuí, leanfar tar éis dhúnadh na gclár de bhearta faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta maidir le torthaí agus breisluach na tacaíochta ó na Cistí, lena ndíreofar go speisialta ar oibríochtaí. Le bearta den sórt sin, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

4.   Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 clárthréimhsí a bhí ann roimhe seo agus cinn a bheidh ann ina dhiaidh seo a chumhdach.

5.   Leagfaidh an Coimisiún amach a phleananna tráth a bheidh ranníocaíocht ó na Cistí beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

6.   Ag brath ar an gcuspóir, féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo a mhaoiniú mar chaiteachas oibríochtúil nó mar chaiteachas riaracháin.

7.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin a dtacaítear leo faoin Rialachán seo i mbainistíocht dhíreach agus na costais bhunúsacha incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí seo chun feidhme agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 36

Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí, a fhéadfaidh a bheith bainteach le clárthréimhsí a bhí ann roimhe seo agus a bheidh ann ina ndiaidh, a bhfuil gá leo le haghaidh riarachán agus úsáid éifeachtach na gCistí sin, lena n-áirítear fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1), chomh maith le maoiniú a chur ar fáil chun feidhmeanna a chomhlíonadh, inter alia, feidhmeanna amhail ullmhú, oiliúint, bainistiú, faireachán, meastóireacht, infheictheacht agus cumarsáid.

Ní chuirfear na méideanna le haghaidh cúnamh teicniúil faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 37 san áireamh chun críoch comhchruinnithe théamaigh i gcomhréir leis na rialacha ciste-shonracha.

2.   Féadfaidh gach ceann de na Cistí gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil, atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile, a mhaoiniú.

3.   Déanfar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil i mBallstát de bhun phointe (b) nó (e) d’Airteagal 51.

Léireoidh an Ballstát a rogha maidir le foirm na ranníocaíochta ón Aontas le haghaidh cúnamh teicniúil sa Chomhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Beidh feidhm ag an rogha sin maidir leis na cláir uile sa Bhallstát lena mbaineann don chlárthréimhse iomlán agus ní fhéadfar iad a mhodhnú ina dhiaidh sin.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, agus i gcás cláir Interreg déanfar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil de bhun phointe (e) d’Airteagal 51 amháin.

4.   I gcás ina ndéantar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil i mBallstát a aisíoc de bhun phointe (b) d’Airteagal 51, beidh feidhm ag na heilimintí seo a leanas:

(a)

tá an cúnamh teicniúil i bhfoirm tosaíocht a bhaineann le haon Chiste amháin i gclár amháin nó níos mó, nó i gclár sonrach, nó teaglaim díobh sin;

(b)

is mar seo a leanas a theorannaítear méid na gCistí a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil:

(i)

do thacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis: 3,5 %;

(ii)

do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe: 2,5 %;

(iii)

do thacaíocht ó CSE+: 4 % agus do chláir faoi phointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+: 5 %;

(iv)

do tacaíocht CUAC: 4 %;

(v)

i gcás CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe, nuair nach mó ná EUR 1 bhilliún an méid iomlán a leithdháiltear ar Bhallstát faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis: 6 %;

(vi)

do thacaíocht ó CEMID: 6 %;

(vii)

i gcás clár a chuimsítear faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí amháin, cuirfear aon phointe céatadáin amháin leis an gcéatadán sin.

5.   I gcás ina ndéantar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil a aisíoc de bhun phointe (e) d’Airteagal 51, beidh feidhm ag na heilimintí seo a leanas:

(a)

sainaithnítear méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh teicniúil mar chuid de leithdháiltí airgeadais gach tosaíochta den chlár i gcomhréir le pointe (g)(ii) d’Airteagal 22(3), agus i gcás CEMID, beidh gach cuspóir sonrach i gcomhréir le pointe (g)(iii) den mhír sin; ní bheidh sé i bhfoirm tosaíochta ar leithligh nó cláir shonraigh ach amháin i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI nó ó IBTV, a mbeidh sé i bhfoirm cuspóir sonrach ina leith;

(b)

déantar an t-aisíoc, tríd na céatadáin a leagtar amach i bpointí (i) go (vii) a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a chuirtear san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht de bhun phointí (a) nó (c) d’Airteagal 91(3), mar is iomchuí, agus ón gciste céanna lena n-aisíoctar an caiteachas incháilithe, le comhlacht amháin nó níos mó a fhaigheann íocaíochtaí ón gCoimisiún i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 22(3);

(i)

do thacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis: 3,5 %;

(ii)

do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe: 2,5 %;

(iii)

do thacaíocht ó CSE+: 4 % agus do chláir faoi phointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+: 5 %;

(iv)

do thacaíocht CUAC: 4 %;

(v)

i gcás CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe, nuair nach mó ná EUR 1 bhilliún an méid iomlán a leithdháiltear ar Bhallstát faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, an céatadán a aisíocfar le haghaidh cúnamh teicniúil: 6 %;

(vi)

do thacaíocht ó CEMID, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV: 6 %;

(vii)

i gcás clár a chuimsítear faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí amháin, cuirfear aon phointe céatadáin amháin leis an gcéatadán sin;

(c)

beidh na méideanna a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil arna sainaithint sa chlár ag comhfhreagairt do na céatadáin a leagtar amach i bpointí (i) go (vi) de phointe (b) do gach tosaíocht agus ciste.

6.   Leagfar amach rialacha sonracha maidir le cúnamh teicniúil do chláir Interreg i Rialachán Interreg.

Airteagal 37

Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais an chúnaimh theicniúil do na Ballstáit

Sa bhreis ar Airteagal 36, féadfaidh an Ballstát beartú gníomhaíochtaí breise cúnaimh theicniúil a dhéanamh chun acmhainneacht agus éifeachtúlacht na n-údarás poiblí agus na gcomhlachtaí poiblí, na dtairbhithe agus na gcomhpháirtithe ábhartha a threisiú a bheidh riachtanach chun na Cistí a riar agus a úsáid go héifeachtach.

Déanfar an tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme trí mhaoiniú nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 95. D’fhéadfadh tacaíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm clár sonrach freisin.

TEIDEAL IV

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, CUMARSÁID AGUS INFHEICTHEACHT

CAIBIDIL I

Faireachán

Airteagal 38

Coiste faireacháin

1.   Cuirfidh gach Ballstát coiste ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir (“coiste faireacháin”), tar éis dul i gcomhairle leis an údarás bainistíochta, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an fhógra don Bhallstát lena mbaineann faoin gcinneadh chun an clár a fhormheas.

Féadfaidh an Ballstát coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chumhdach.

2.   Glacfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta, lena n-áirítear forálacha maidir le haon choinbhleacht leasa a chosc agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na trédhearcachta.

3.   Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile lena ndéantar difear do dhul chun cinn an chláir i dtaca lena chuspóirí a ghnóthú.

4.   Foilseofar rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus na sonraí agus an fhaisnéis a chomhroinntear leis an gcoiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1), gan dochar d’Airteagal 69(5)

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo maidir le cláir atá teoranta don chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+ agus an cúnamh teicniúil gaolmhar.

Airteagal 39

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.   Cinnfidh gach Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin agus áiritheoidh sé go mbeidh ionadaíocht chothrom ann ar údaráis ábhartha agus ar chomhlachtaí idirmheánacha an Bhallstáit agus ar ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) trí phróiseas trédhearcach.

Beidh vóta ag gach comhalta den choiste faireacháin. Leis na rialacha nós imeachta, rialófar feidhmiú an chirt vótála agus na mionsonraí maidir leis an nós imeachta sa choiste faireacháin i gcomhréir le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

Leis na rialacha nós imeachta, féadfar a cheadú do dhaoine nach comhaltaí iad, lena n-áirítear BEI, páirt a ghlacadh in obair an choiste faireacháin.

Beidh ionadaí thar ceann an Bhallstáit nó an údaráis bainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste faireacháin.

Foilseofar liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1).

2.   Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach i gcáil faireacháin agus mar chomhairleoirí in obair an choiste faireacháin.

3.   I gcás CTIL, CSI agus IBTV, féadfaidh na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha bheith rannpháirteach in obair an choiste faireacháin.

Airteagal 40

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.   Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú:

(a)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus i dtaca le gnóthú na gcloch míle agus na spriocanna;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;

(c)

rannchuidiú an chláir le dul i ngleic leis na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha, a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an chláir;

(d)

eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 58(3) agus an doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 59(1);

(e)

an dul chun cinn i dtaca le meastóireachtaí a dhéanamh, sintéis meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;

(f)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(g)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, i gcás inarb ábhartha;

(h)

comhlíonadh coinníollacha cumasúcháin agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse;

(i)

an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin i gcás institiúidí poiblí, comhpháirtithe agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha.

(j)

faisnéis faoi chur chun feidhme ranníocaíocht an chláir le Clár InvestEU i gcomhréir le hAirteagal 14 nó faoi chur chun feidhme na n-acmhainní a aistríodh i gcomhréir le hAirteagal 26, i gcás inarb infheidhme.

A mhéid a bhaineann le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus déanfaidh an coiste, má mheasann sé gurb iomchuí é sin a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh maidir le haon leasú ar an gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta.

2.   Formheasfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas:

(a)

an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena n-áirítear aon athruithe orthu, gan dochar do phointe (b), (c) agus (d) d’Airteagal 33(3); arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfear an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena n-áirítear aon athruithe orthu, faoi bhráid an Choimisiúin 15 lá oibre ar a laghad sula gcuirfear faoi bhráid an choiste faireacháin iad.

(b)

na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI, ó IBTV, agus na tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ ón gCiste Comhtháthaithe, ó CUAC agus ó CEMID.

(c)

an plean meastóireachta agus aon leasú air;

(d)

aon togra ón údarás bainistíochta le haghaidh leasú ar chlár lena n-áirítear aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 24(5) agus Airteagal 26, cé is moite de na cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID.

3.   Féadfaidh an coiste faireacháin moltaí a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta, lena n-áirítear moltaí maidir le bearta chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

Airteagal 41

Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht

1.   Eagrófar cruinnithe athbhreithnithe uair amháin in aghaidh na bliana idir an Coimisiún agus gach Ballstát chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú. Beidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha rannpháirteach sna cruinnithe athbhreithnithe.

Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe.

Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe nó, má iarrann an Ballstát amhlaidh, beidh an Ballstát agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirligh.

2.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, eagrófar an cruinniú athbhreithnithe dhá uair ar a laghad le linn na clárthréimhse.

3.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe, ó CUAC agus ó CEMID, déanfaidh an Ballstát, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an gcruinniú athbhreithnithe faisnéis achomair faoi na heilimintí a liostaítear in Airteagal 40(1) a sholáthar don Choimisiún. Beidh an fhaisnéis sin bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil don Bhallstát.

I gcás na gclár atá teoranta don chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+, beidh an fhaisnéis a bheidh le soláthar bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil agus teoranta do phointí (a), (b), (e), (f) agus (h) d’Airteagal 40(1) den Rialachán seo.

4.   Féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chinneadh gan cruinniú athbhreithnithe a eagrú. I gcás den sórt sin, féadfar an t-athbhreithniú a dhéanamh i scríbhinn.

5.   Déanfar torthaí an chruinnithe athbhreithnithe a thaifeadadh i miontuairiscí comhaontaithe.

6.   Déanfaidh an Ballstát bearta leantacha maidir le pé saincheisteanna a tharraingeofar anuas le linn an chruinnithe athbhreithnithe, ar saincheisteanna iad a mbíonn tionchar atá ar chur chun feidhme an chláir, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de 3 mhí de na bearta sin a bheith déanta.

7.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht isteach i gcomhréir leis na Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 42

Tarchur sonraí

1.   Déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta sonraí carnacha maidir le gach clár a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Eanáir, 30 Aibreán, 31 Iúil, 30 Meán Fómhair agus 30 Samhain, cé is moite de na sonraí a cheanglaítear le pointe (b) de mhír 2 agus le mír 3, a tharchuirfear go leictreonach faoin 31 Eanáir agus 31 Iúil gach bliain, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Beidh an chéad tarchur le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 agus an ceann deireanach faoin 31 Eanáir 2030.

Maidir le tosaíochtaí a thacaíonn leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+, tarchuirfear na sonraí gach bliain faoin 31 Eanáir.

Le Rialachán CSE +, féadfar rialacha sonracha a chinneadh maidir le minicíocht bhailiú agus tarchur na dtáscairí toraidh níos fadtéarmaí.

2.   Déanfar na sonraí a mhiondealú i gcás gach tosaíochta de réir cuspóir sonrach agus de réir catagóir réigiúin, agus, i gcás inarb infheidhme, déanfar tagairt iontu don mhéid seo a leanas:

(a)

an líon oibríochtaí a roghnaíodh, a gcostas incháilithe iomlán, an ranníocaíocht ó na Cistí agus an caiteachas incháilithe iomlán arna dhearbhú ag na tairbhithe chuig an údarás bainistíochta, agus é sin ar fad miondealaithe de réir an chineáil idirghabhála;

(b)

luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh i gcás na n-oibríochtaí a roghnaíodh agus na luachanna arna ngnóthú ag na hoibríochtaí.

3.   I gcás ionstraimí airgeadais, soláthrófar sonraí faoin méid seo a leanas freisin:

(a)

an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;

(b)

méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;

(c)

de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna n-úsáid le cois na gCistí;

(d)

ús agus gnóthachain eile arna nginiúint trí thacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 60 agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na Cistí arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 62;

(e)

luach iomlán na n-iasachtaí, na n-infheistíochtaí cothromais nó na n-infheistíochtaí cuasachothromais a rinneadh i bhfaighteoirí deiridh, a ráthaíodh ag acmhainní de chuid an chláir, agus a íocadh go hiarbhír leis na faighteoirí deiridh.

4.   Na sonraí a thíolacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad iontaofa agus ina léiriú ar na sonraí atá á stóráil mar a thagraítear dó i bpointe (e) d’Airteagal 72(1) ag deireadh na míosa roimh mhí an tíolactha.

5.   Foilseoidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta na sonraí uile arna dtarchur chuig an gCoimisiún, nó cuirfidh sé nasc chuig na sonraí sin ar fáil, ar an tairseach gréasáin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 46 nó ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1).

Airteagal 43

Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht

1.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe, ó CUAC agus ó CEMID, cuirfidh gach údarás bainistíochta tuarascáil deiridh feidhmíochta ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2031.

2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar ghnóthú chuspóirí an chláir bunaithe ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 40(1) diomaite den fhaisnéis a sholáthraítear faoi phointe (d) den mhír sin.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus cuirfidh sé an t-údarás bainistíochta ar an eolas faoi aon bharúlacha atá aige laistigh de 5 mhí ón dáta a fuarthas an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht. I gcás ina dtabharfar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de 3 mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a rinneadh. Tráth nach déanaí ná 2 mhí ó gheobhaidh sé gach faisnéis riachtanach, cuirfidh an Coimisiún in iúl don údarás bainistíochta gur glacadh an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún sin in iúl don údarás bainistíochta laistigh de na spriocdhátaí sin, measfar gur glacadh an tuarascáil.

4.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1).

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad do na tuarascálacha feidhmíochta deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 115(2).

CAIBIDIL II

Meastóireacht

Airteagal 44

Meastóireachtaí ó na Ballstáit

1.   Déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta meastóireachtaí ar na cláir i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach Aontais, d’fhonn cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú. Féadfaidh meastóireachtaí critéir ábhartha eile a chumhdach freisin, amhail cuimsitheacht, neamh-idirdhealú agus infheictheacht, agus féadfaidh siad níos mó ná clár amháin a chumhdach.

2.   Ina theannta sin, déanfar meastóireacht ar gach clár faoin 30 Meitheamh 2029 lena thionchar a mheas.

3.   Cuirfear na meastóireachtaí sin faoi chúram saineolaithe inmheánacha nó seachtracha atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.

4.   Áiritheoidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta go gcuirtear na nósanna imeachta is gá ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú.

5.   Tarraingeoidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta plean meastóireachta suas lena bhféadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach. I gcás CTI, CSI agus IBTV, beidh meastóireacht mheántéarma a chríochnófar faoin 31 Márta 2024 ar áireamh sa phlean sin.

6.   Cuirfidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta an chinnidh lena bhformheasfar an clár.

7.   Foilseofar na meastóireachtaí uile ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1).

Airteagal 45

Meastóireacht ón gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach Aontais maidir le gach Ciste faoi dheireadh 2024. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach Aontais maidir le gach Ciste, faoin 31 Nollaig 2031. I gcás CFRE, CSE+, an Chiste Chomhtháthaithe agus CEMID, díreofar sa mheastóireacht sin go háirithe ar thionchar sóisialta, eacnamaíoch agus críochach na gcistí sin maidir leis na cuspóirí beartais dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

3.   Foilseoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta siarghabhálaí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé na torthaí sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

CAIBIDIL III

Infheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid

Roinn I

Infheictheacht na tacaíochta ó na Cistí

Airteagal 46

Infheictheacht

Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)

infheictheacht na tacaíochta do na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus aird ar leith á tabhairt ar oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo;

(b)

cumarsáid le saoránaigh an Aontais faoi ról na gCistí agus faoinar baineadh amach a bhuí leis na gcistí sin, trí thairseach aonair suímh ghréasáin lena dtabharfar rochtain ar na cláir uile a bhfuil baint ag an mBallstát sin leo.

Airteagal 47

Suaitheantas an Aontais

Déanfaidh na Ballstáit, na húdaráis bhainistíochta agus na tairbhithe suaitheantas an Aontais a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn IX agus gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide á ndéanamh acu.

Airteagal 48

Oifigigh chumarsáide agus líonraí

1.   Sonróidh gach Ballstát comhordaitheoir cumarsáide le haghaidh gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide i ndáil leis an tacaíocht ó na Cistí, lena n-áirítear cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) i gcás inarb é an Ballstát sin óstach an údaráis bainistíochta. Féadfar an comhordaitheoir cumarsáide a cheapadh ar leibhéal an chomhlachta a shainítear faoi Airteagal 71(6) agus comhordóidh siad bearta cumarsáide agus infheictheachta ar fud na gclár.

Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáide páirt a thabhairt do na comhlachtaí seo a leanas sna gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide:

(a)

Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit, chomh maith le hIonaid Faisnéise Europe Direct agus líonraí ábhartha eile, eagraíochtaí oideachais agus taighde;

(b)

comhpháirtithe ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

2.   Sonróidh gach údarás bainistíochta oifigeach cumarsáide le haghaidh gach cláir. Féadfaidh oifigeach cumarsáide a bheith freagrach as níos mó ná clár amháin.

3.   Coinneoidh an Coimisiún líonra ina mbeidh comhordaitheoirí cumarsáide, oifigigh chumarsáide agus ionadaithe ón gCoimisiún chun faisnéis faoi ghníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide a mhalartú.

Roinn II

Trédhearcacht chur chun feidhme na gCistí agus cumarsáid faoi na cláir

Airteagal 49

Freagrachtaí an údaráis bainistíochta

1.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta gurb ann do shuíomh gréasáin, laistigh de 6 mhí ón gcinneadh lena bhformheastar an clár, ina gcuirfear ar fáil faisnéis faoi na cláir atá faoina chúram, ina gcumhdófar cuspóirí agus gníomhaíochtaí an chláir, na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoin gclár agus a bhfuil bainte amach.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go dtabharfar an foilseachán, ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1, nó ar thairseach aonair suímh ghréasáin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 46, amchlár do na glaonna ar thograí atá beartaithe, cothrom le dáta trí huaire in aghaidh na bliana, ar a laghad, agus na sonraí táscacha seo a leanas ag dul leis:

(a)

an limistéar geografach a chumhdaítear leis an nglao ar thograí;

(b)

an cuspóir beartais nó an cuspóir sonrach lena mbaineann;

(c)

cineál na n-iarratasóirí incháilithe;

(d)

méid iomlán na tacaíochta don ghlao;

(e)

dáta tosaithe agus dáta deiridh an ghlao.

3.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta liosta na n-oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíocht ó na Cistí a chur ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais, ar a laghad, agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach 4 mhí ar a laghad. Beidh cód uathúil ag gach oibríocht. Beidh na sonraí seo a leanas ar áireamh sa liosta:

(a)

i gcás eintitis dhlíthiúla, ainm an tairbhí agus i gcás soláthair phoiblí, ainm an chonraitheora;

(b)

más duine nádúrtha é an tairbhí, an céadainm agus an sloinne;

(c)

i gcás oibríochtaí faoi CEMID a bhaineann le soitheach iascaireachta, an uimhir aitheantais i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (47);

(d)

ainm na hoibríochta;

(e)

cuspóir na hoibríochta agus an méid a bhaintear amach nó a mheastar a bhainfear amach léi;

(f)

dáta tosaithe na hoibríochta;

(g)

an dáta deiridh a mheastar a chríochnófar an oibríocht, nó an dáta iarbhír;

(h)

costas iomlán na hoibríochta;

(i)

an ciste lena mbaineann;

(j)

an cuspóir sonrach lena mbaineann;

(k)

an ráta cómhaoinithe ón Aontas;

(l)

táscaire suímh nó geoshuíomh don oibríocht agus don tír lena mbaineann;

(m)

i gcás oibríochtaí soghluaiste nó oibríochtaí lena gcumhdaítear roinnt suíomhanna, an suíomh ina bhfuil an tairbhí ina eintiteas dlíthiúil; nó an réigiún ar leibhéal NUTS 2 i gcás inar duine nádúrtha an tairbhí;

(n)

an cineál idirghabhála don oibríocht i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 73(2);

I gcás sonraí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír, bainfear na sonraí 2 bhliain ón dáta a bhfoilsithe tosaigh ar an suíomh gréasáin.

4.   Foilseofar na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1, nó ar thairseach aonair suímh ghréasáin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 46 den Rialachán seo, i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid.

5.   Sula bpoibleofar na sonraí, i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás bainistíochta na tairbhithe ar an eolas go bpoibleofar na sonraí.

6.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar ábhar cumarsáide agus infheictheachta, lena n-áirítear ábhar ar leibhéal na dtairbhithe, a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, arna iarraidh sin, agus go ndeonófar don Aontas, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, ceadúnas saor ó ríchíos, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an t-ábhar sin a úsáid maille le haon chearta a bhaineann leis cheana féin. Ní bheidh costais bhreise shuntasacha ná ualach suntasach riaracháin i gceist leis sin do na tairbhithe ná don údarás bainistíochta.

Airteagal 50

Freagrachtaí na dtairbhithe

1.   Déanfaidh na tairbhithe agus na comhlachtaí atá ag cur ionstraimí airgeadais chun feidhme aitheantas a thabhairt don tacaíocht, lena n-áirítear na hacmhainní arna n-athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 62, ó na Cistí don oibríocht, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid, agus ar shuíomhanna meán sóisialta, lena n-áirítear a cuid aidhmeanna agus torthaí, agus an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas á haibhsiú;

(b)

ráiteas a thabhairt ag aibhsiú na tacaíochta ón Aontas ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta, atá ceaptha le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe;

(c)

plaiceanna marthanacha nó cláir fógraí a thaispeáint atá infheicthe go soiléir don phobal, ina léirítear suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, a luaithe a thosaítear cur chun feidhme fisiciúil na n-oibríochtaí lena mbaineann infheistíocht fhisiciúil nó a dhéantar trealamh ceannaithe a shuiteáil, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe ar mó a gcostas iomlán ná EUR 500 000;

(ii)

oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ó CUAC, ó CEMID, ó CTIL, ó CSI nó ó IBTV ar mó a gcostas iomlán ná EUR 100 000;

(d)

i gcás oibríochtaí nach dtagann faoi phointe (c), póstaer amháin ar a laghad a thaispeáint i suíomh atá le feiceáil go soiléir ag an bpobal agus é ar mhéid A3 ar a laghad, nó taispeáint dhigiteach coibhéiseach agus faisnéis uirthi faoin oibríocht agus an tacaíocht ó na Cistí á haibhsiú; i gcás inar duine nádúrtha é an tairbhí, áiritheoidh an tairbhí, a mhéid is féidir, go mbeidh faisnéis iomchuí ar fáil, agus an tacaíocht ó na cistí á haibhsiú léi, i suíomh atá le feiceáil ag an bpobal nó trí thaispeáint leictreonach;

(e)

i gcás oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus oibríochtaí ar mó a gcostas iomlán ná EUR 10 000 000, gníomhaíocht chumarsáide a eagrú go prapúil a mbeidh baint ag an gCoimisiún agus ag an údarás bainistíochta freagrach léi.

I gcás inar duine nádúrtha é tairbhí CSE+, nó i gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+, ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír.

De mhaolú ar phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, i gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, féadfar ceanglais shonracha a bhunú sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht i ndáil le taispeáint phoiblí faisnéise maidir leis an tacaíocht ó na Cistí i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin ar chúiseanna slándála agus oird phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 69(5).

2.   I gcás cistí do thionscadail bheaga, comhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí faoi Airteagal 36(5) de Rialachán Interreg.

I gcás ionstraimí airgeadais, áiritheoidh an tairbhí trí bhíthin na dtéarmaí conarthacha go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1.

3.   I gcás nach gcomhlíonann an tairbhí a oibleagáidí faoi Airteagal 47 nó faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus i gcás nach gcuirtear gníomhaíochtaí ceartaitheach ar bun, cuirfidh an t-údarás bainistíochta bearta i bhfeidhm, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, trí suas le 3 % den tacaíocht ó na Cistí don oibríocht lena mbaineann a chur ar ceal.

TEIDEAL V

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

CAIBIDIL I

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas

Airteagal 51

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas le cláir

Féadfar ranníocaíocht an Aontais a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

maoiniú nach bhfuil baint aige le costais na n-oibríochtaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 95 agus ar bhonn ceachtar acu seo a leanas:

(i)

comhlíonadh na gcoinníollacha;

(ii)

gnóthú torthaí;

(b)

aisíoc na tacaíochta a chuirtear ar fáil do thairbhithe i gcomhréir le Caibidlí II agus III den Teideal seo;

(c)

costais aonaid i gcomhréir le hAirteagal 94, lena gcumhdaítear catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin, arna sainaithint go soiléir roimh ré, le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;

(d)

cnapshuimeanna, i gcomhréir le hAirteagal 94, lena gcumhdaítear catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin, arna sainaithint go soiléir roimh ré, le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;

(e)

maoiniú de réir ráta comhréidh, i gcomhréir le hAirteagal 94 nó Airteagal 36(5), lena gcumhdaítear catagóirí sonracha de na costais incháilithe, arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm;

(f)

meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

CAIBIDIL II

Foirmeacha na tacaíochta ó na Ballstáit

Airteagal 52

Foirmeacha tacaíochta

Úsáidfidh na Ballstáit an ranníocaíocht ó na Cistí chun tacaíocht a thabhairt do thairbhithe i bhfoirm deontas, ionstraimí airgeadais, duaiseanna nó meascán díobh sin.

Roinn I

Foirmeacha na ndeontas

Airteagal 53

Foirmeacha na ndeontas

1.   Féadfaidh na deontais a thabharfaidh na Ballstáit do na tairbhithe a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

aisíoc na gcostas incháilithe a thabhaigh an tairbhí nó an comhpháirtí príobháideach i ndáiríre in oibríochtaí CPP a íocadh agus oibríochtaí á gcur chun feidhme, ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheasa;

(b)

costais aonaid;

(c)

cnapshuimeanna;

(d)

maoiniú ar ráta comhréidh;

(e)

meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d), ar choinníoll go gcumhdaítear le gach foirm catagóirí éagsúla costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha d’oibríocht;

(f)

maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, ar choinníoll go gcumhdaítear deontais den chineál sin trí ranníocaíocht ón Aontas a aisíoc de bhun Airteagal 95.

2.   Más rud é nach mó costas iomlán na hoibríochta ná EUR 200 000, beidh an ranníocaíocht a thabharfar ó CFRE, ó CSE+, ó CUAC, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, i bhfoirm costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe, cé is moite de thionscadail ar státchabhair í an tacaíocht a thugtar dóibh. Má úsáidtear maoiniú ar ráta comhréidh, ní fhéadfar ach na catagóirí costais a bhfuil feidhm ag an ráta comhréidh maidir leo a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chomhaontú roinnt oibríochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar amach san fhomhír sin, ar choinníoll go mbeidh formheas tugtha roimh ré ag an gcoiste faireacháin maidir le díolúine den sórt sin. Ina theannta sin, na liúntais agus na tuarastail a íoctar le rannpháirtithe, féadfar iad a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1.

3.   Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a shocrófar na méideanna i gcomhair na fhoirmeacha na ndeontas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1:

(a)

modh ríomha cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe orthu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair;

(iii)

gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)

dréachtbhuiséad a shocraítear ar bhonn gach cáis ar leith agus a dhéanann an comhlacht atá ag roghnú na hoibríochta a chomhaontú ex ante, i gcás nach dtéann costas iomlán na hoibríochta thar EUR 200 000;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(d)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(e)

rátaí comhréidhe agus modhanna sonracha arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na Rialacháin Chiste-shonracha nó ar bhonn na rialachán sin.

Airteagal 54

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha a bhaineann le deontais

Má úsáidtear ráta comhréidh chun costais indíreacha oibríochta a chumhdach, is féidir é a bhunú ar cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(b)

suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c)

suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go ríomhfar an ráta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 53(3).

Ina theannta sin, i gcás ina mbíonn ráta comhréidh arna ríomh ag an mBallstát i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 67(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfar an ráta sin a úsáid le haghaidh oibríocht den chineál céanna chun críocha phointe (c) den Airteagal seo.

Airteagal 55

Costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

1.   Féadfar costais foirne dhíreacha de chuid oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin, gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh, ar choinníoll nach n-áirítear ar chostais dhíreacha na hoibríochta conarthaí oibreacha poiblí ná conarthaí soláthair nó seirbhíse a bhfuil luach ag baint leo a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49) nó in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50).

I gcás ina gcuirtear i bhfeidhm, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ráta comhréidh maidir le CTIL, CSI agus IBTV, ní chuirfear an ráta comhréidh sin i bhfeidhm ach amháin maidir le costais dhíreacha na hoibríochta nach bhfuil faoi réir soláthair phoiblí.

2.   Chun críocha na costais foirne dhíreacha a chinneadh, féadfar ráta in aghaidh na huaire a ríomh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig i gcás daoine atá ag obair go lánaimseartha, nó ar líon pro rata de 1 720 uair an chloig ina gcás siúd atá ag obair go páirtaimseartha;

(b)

trí na hollchostais mhíosúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar mheán-am oibre míosúil an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear sa chonradh fostaíochta nó oibre nó i gcinneadh faoi cheapachán (tagraítear don dá cheann mar an doiciméad fostaíochta).

3.   Nuair a chuirfear an ráta in aghaidh na huaire a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm, ní rachaidh líon iomlán na n-uaireanta a dhearbhaítear in aghaidh an duine in aon bhliain amháin nó in aon mhí amháin thar líon na n-uaireanta a úsáidtear chun an ráta sin in aghaidh na huaire a ríomh.

4.   I gcás nach bhfuil ollchostais bhliantúla fostaíochta ar fáil, féadfar iad a dhíorthú ó na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe atá ar fáil nó ón doiciméad fostaíochta arna choigeartú mar is cuí do thréimhse 12 mhí.

5.   Maidir leis na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht, féadfar na costais foirne a ríomh mar chéatadán seasta de na hollchostais fostaíochta, i gcomhréir le céatadán seasta d’am caite ag obair ar an oibríocht in aghaidh na míosa, gan aon oibleagáid córas ar leith a chur ar bun chun an t-am caite ag obair a chlárú. Eiseoidh an fostóir doiciméad i leith fostaithe ina leagfar amach an céatadán seasta sin.

Airteagal 56

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais incháilithe seachas costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

1.   Féadfar ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe a úsáid chun na costais incháilithe eile a bhaineann le hoibríocht a chumhdach. Ní chuirfear ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh.

2.   I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ó CUAC, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, measfar gur costais bhreise incháilithe nach n-áirítear sa ráta comhréidh iad na tuarastail agus na liúntais a íoctar le rannpháirtithe.

3.   Ní chuirfear i bhfeidhm an ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le costais foirne a ríomhadh ar bhonn ráta comhréidh dá dtagraítear in Airteagal 55(1).

Airteagal 57

Deontais faoi choinníollacha

1.   Is féidir le Ballstáit deontais faoi choinníollacha do thairbhithe, a chur ar fáil ar deontais iad a bheidh in-aisíoctha go hiomlán nó i bpáirt mar a shonraítear sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.   Déanfaidh an tairbhí aisíocaíochtaí faoi na coinníollacha arna gcomhaontú ag an údarás bainistíochta agus an tairbhí.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna n-aisíoc ag an tairbhí a athúsáid chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann faoin 31 Nollaig 2030 i bhfoirm deontais faoi choinníollacha nó ionstraim airgeadais nó i bhfoirm eile tacaíochta. Beidh na méideanna a aisíocadh agus faisnéis faoin mbealach a ndearnadh iad a athúsáid sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht.

4.   Glacfaidh na Ballstáit pé beartais is gá lena áirithiú go gcoimeádfar na hacmhainní i gcuntais ar leith nó faoi na cóid chuntasaíochta is iomchuí.

5.   Acmhainní de chuid an Aontais arna n-aisíoc ag tairbhithe ag aon tráth, ach nach ndearnadh a athúsáid faoin 31 Nollaig 2030, déanfar iad a aisíoc le buiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 88.

Roinn II

Ionstraimí airgeadais

Airteagal 58

Ionstraimí airgeadais

1.   Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíocht chláir, ó chlár amháin nó níos mó, a thabhairt d’ionstraimí airgeadais atá ann cheana nó d’ionstraimí airgeadais nuachruthaithe arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna gcur chun feidhme go díreach ag an údarás bainistíochta nó faoina chúram, agus a rannchuidíonn le gnóthú cuspóirí sonracha.

2.   Ní thabharfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh ach amháin le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe araon, chomh maith le caipiteal oibre, a mheastar a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de agus nach bhfaigheann a ndóthain cistiúcháin ó fhoinsí margaidh. Beidh tacaíocht den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir le Státchabhair.

Is d’eilimintí na n-infheistíochtaí nach bhfuil críochnaithe go fisiceach nó nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán ar dháta an chinnidh infheistíochta agus do na heilimintí sin amháin a chuirfear tacaíocht den sórt sin ar fáil.

3.   Beidh an tacaíocht iomchuí ó na Cistí trí ionstraimí airgeadais bunaithe ar mheasúnú ex ante a ullmhófar faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta. Críochnófar an measúnú ex ante sula gcinnfidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíochtaí cláir a dhéanamh le hionstraimí airgeadais.

Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú ex ante:

(a)

an méid atá beartaithe mar ranníocaíocht ó chlár le hionstraim airgeadais agus an éifeacht ghiarála a mheastar a bheidh aici, mar aon le míniú achomair;

(b)

na táirgí airgeadais atá sé beartaithe a thairiscint, lena n-áirítear aon ghá le cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí;

(c)

spriocghrúpa na bhfaighteoirí deiridh atá beartaithe;

(d)

an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh an ionstraim airgeadais le gnóthú cuspóirí sonracha.

Féadfar an measúnú ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta, féadfaidh sé cuid de chríoch nó críoch iomlán an Bhallstáit a chumhdach agus a bheith bunaithe ar mheasúnuithe ex ante atá ann cheana nó a tugadh cothrom le dáta.

4.   Féadfar an tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh a chomhcheangal le tacaíocht ó aon Chiste nó ó ionstraim eile ón Aontas, agus féadfar an ítim chaiteachais chéanna a chumhdach léi. I gcás den sórt sin, ní dhéanfar an tacaíocht ón gCiste faoin ionstraim airgeadais, ar cuid d’oibríocht ionstraime airgeadais í, a dhearbhú don Choimisiún le haghaidh tacaíocht i bhfoirm eile, ó Chiste eile ná ó ionstraim eile de chuid an Aontais.

5.   Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le tacaíocht ó chlár i bhfoirm deontas in oibríocht ionstraime airgeadais aonair, laistigh de chomhaontú cistiúcháin aonair, i gcás ina soláthróidh an comhlacht atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme an dá fhoirm tacaíochta ar leith. I gcás den sórt sin, na rialacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, beidh feidhm acu maidir leis an oibríocht ionstraime airgeadais aonair sin. Beidh baint dhíreach ag an tacaíocht ó chlár i bhfoirm deontas leis an ionstraim airgeadais agus beidh sí riachtanach di agus ní bheidh an tacaíocht sin níos airde ná luach na n-infheistíochtaí arna dtacú leis an táirge airgeadais.

6.   I gcás tacaíocht chomhcheangailte faoi mhíreanna 4 agus 5, coinneofar taifid ar leith le haghaidh gach foinse tacaíochta.

7.   Ní bheidh suim na bhfoirmeacha tacaíochta comhcheangailte uile níos mó ná méid iomlán na hítime caiteachais lena mbaineann. Ní úsáidfear deontais chun tacaíocht a fuarthas ó ionstraimí airgeadais a aisíoc. Ní úsáidfear ionstraimí airgeadais chun deontais a réamh-mhaoiniú.

Airteagal 59

Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

1.   Ní fhéadfaidh ionstraimí airgeadais a chuireann an t-údarás bainistíochta chun feidhme go díreach ach iasachtaí nó ráthaíochtaí a thabhairt. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta téarmaí agus coinníollacha na ranníocaíochta cláir leis an ionstraim airgeadais a leagan amach i ndoiciméad straitéise, doiciméad ina mbeidh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn X san áireamh.

2.   Ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi chúram an údaráis bainistíochta, d’fhéadfadh sé gur ceachtar díobh seo a leanas iad:

(a)

infheistíocht acmhainní cláir i gcaipiteal eintitis dhlíthiúil;

(b)

bloic leithleacha de chuntais airgeadais nó muiníneacha laistigh d’institiúid.

Roghnóidh an t-údarás bainistíochta an comhlacht a chuirfidh ionstraim airgeadais chun feidhme.

3.   Féadfar an údarás bainistíochta conradh a bhronnadh go díreach orthu siúd a leanas chun ionstraim airgeadais a chur chun feidhme:

(a)

BEI;

(b)

institiúidí idirnáisiúnta airgeadais ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir;

(c)

banc nó institiúid ar úinéireacht phoiblí a bhunaítear mar eintiteas dlíthiúil, a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

níl aon rannpháirteachas caipitiúil príobháideach díreach ann, cé is moite d’fhoirmeacha neamhrialaithe agus neamhbhlocála de rannpháirteachas caipitiúil príobháideach a cheanglaítear le forálacha reachtacha náisiúnta, i gcomhréir leis na Conarthaí, nach n-imríonn tionchar cinntitheach ar an mbanc nó ar an institiúid ábhartha, agus cé is moite d’fhoirmeacha de rannpháirteachas caipitiúil príobháideach nach n-imríonn tionchar ar chinntí maidir le bainistiú na hionstraime airgeadais ó lá go lá a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí;

(ii)

feidhmíonn siad faoi shainordú beartais phoiblí atá tugtha ag údarás ábhartha de chuid Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forbartha eacnamaíche a dhéanamh, mar chuid dá ngníomhaíochtaí nó mar iomlán a ngníomhaíochtaí, nó a chuireann le cuspóirí na gCistí;

(iii)

déanann an banc nó an institiúid, mar chuid dá ngníomhaíochtaí nó mar iomlán a ngníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí forbartha eacnamaíche a chuireann le cuspóirí na gCistí, a chur i gcrích i réigiúin, i réimsí beartais nó in earnálacha nach mbíonn teacht go hiondúil ar chistiú ó fhoinsí margaidh nó nach mbíonn an maoiniú sin leordhóthanach;

(iv)

oibríonn siad gan díriú go príomha ar bhrabúis a uasmhéadú ach áirithíonn siad inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais dá ngníomhaíochtaí;

(v)

áirithíonn siad nach dtugtar leis an dámhachtain dhíreach chonartha dá dtagraítear i bpointe (b) aon tairbhe dhíreach nó indíreach do ghníomhaíochtaí tráchtála trí bhearta iomchuí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(vi)

tá siad faoi réir maoirseacht ag údarás neamhspleách i gcomhréir leis an dlí is infheidhme,

(d)

comhlachtaí eile, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 12 de Threoir 2014/24/AE freisin.

4.   Nuair a dhéanfaidh an comhlacht a roghnaigh an t-údarás bainistíochta ciste sealbhaíochta a chur chun feidhme, féadfaidh an comhlacht sin tuilleadh comhlachtaí a roghnú chun ciste sonrach a chur chun feidhme.

5.   Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le ranníocaíochtaí cláir le hionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le mír 2, leagfar iad amach i gcomhaontuithe cistiúcháin idir:

(a)

na hionadaithe cuí-shainordaithe de chuid an údaráis bainistíochta agus an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, i gcás inarb infheidhme;

(b)

na hionadaithe cuí-shainordaithe de chuid an údaráis bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, agus an chomhlachta atá ag cur ciste sonrach chun feidhme.

Áireofar sna comhaontuithe cistiúcháin sin na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

6.   Ní bheidh dliteanas airgeadais an údaráis bainistíochta níos mó ná an méid a gheall an t-údarás bainistíochta don ionstraim airgeadais faoi na comhaontuithe ábhartha cistiúcháin.

7.   Na comhlachtaí a chuirfidh na hionstraimí airgeadais lena mbaineann chun feidhme, nó i ndáil le ráthaíochtaí, an comhlacht a sholáthróidh na hiasachtaí forluiteacha, tacóidh siad leis na faighteoirí deiridh, ag cur san áireamh go cuí cuspóirí an chláir agus an poitéinseal d’inmharthanacht airgeadais na hinfheistíochta mar a bheidh léirithe sa phlean gnó nó i ndoiciméad coibhéiseach. Déanfar na faighteoirí deiridh a roghnú ar bhealach trédhearcach agus ní thiocfaidh coinbhleacht leasa as.

8.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta cómhaoiniú náisiúnta do chlár a sholáthar, nó is féidir sin a dhéanamh ar leibhéal na gcistí sealbhaíochta, nó ar leibhéal na gcistí sonracha, nó ar leibhéal na n-infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. I gcás ina soláthraítear an cómhaoiniú náisiúnta ar leibhéal na n-infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, coinneoidh an comhlacht atá ag cur na n-ionstraimí airgeadais chun feidhme fianaise dhoiciméadach a léireoidh incháilitheacht an chaiteachais fhorluitigh.

9.   An t-údarás bainistíochta a bhfuil an ionstraim airgeadais á cur chun feidhme go díreach aige de bhun mhír 1 den Airteagal seo, nó an comhlacht a bhfuil an ionstraim airgeadais á cur chun feidhme aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh siad cuntais ar leith a choinneáil nó cód cuntasaíochta a choinneáil do gach tosaíocht nó, i gcás CEMID, don chuspóir sonrach agus, i gcás inarb infheidhme, do gach catagóir réigiúin do gach ranníocaíocht ó chlár agus, ar leithligh d’acmhainní dá dtagraítear in Airteagail 60 agus 62, faoi seach.

Airteagal 60

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais

1.   Déanfar an tacaíocht ó na Cistí a íocfar le hionstraimí airgeadais a chur i gcuntais in institiúidí airgeadais a bhfuil a sainchónaí sna Ballstáit agus bainisteofar an tacaíocht sin i gcomhréir le bainistíocht ghníomhach cistí agus le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Ús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíocht ó na Cistí a íoctar le hionstraimí airgeadais, úsáidfear iad don chuspóir céanna nó do na cuspóirí céanna leis an tacaíocht tosaigh ó na Cistí, lena n-áirítear le haghaidh íocaíocht na dtáillí bainistíochta agus aisíocaíocht na gcostas bainistíochta arna dtabhú ag comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 68(1), bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna; nó, tar éis fhoirceannadh na hionstraime airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí breise i bhfaighteoirí deiridh, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta.

3.   Ús agus gnóthachain eile dá dtagraítear i mír 2 nach n-úsáidfear i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar iad a bhaint as na cuntais a cuireadh isteach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

Airteagal 61

Cóir dhifreáilte infheisteoirí

1.   An tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais a infheisteofar i bhfaighteoirí deiridh agus aon chineál ioncaim arna ghiniúint leis na hinfheistíochtaí sin, lena n-áirítear acmhainní arna n-aisíoc, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, féadfar iad a úsáid le haghaidh cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí atá ag oibriú faoi phrionsabal gheilleagar an mhargaidh, trí chomhroinnt iomchuí rioscaí, agus brabús agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á chur san áireamh.

2.   Ní bheidh leibhéal na córa difreáilte sin níos mó ná an leibhéal a bhfuil gá leis chun acmhainní príobháideacha a mhealladh, arna bhunú le próiseas iomaíoch nó le measúnú neamhspleách.

Airteagal 62

Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí

1.   Acmhainní a aisíocfar, roimh dheireadh na tréimhse incháilitheachta, le hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh nó ó scaoileadh acmhainní a cuireadh i leataobh do chonarthaí ráthaíochta, lena n-áirítear aisíocaíochtaí caipitil agus aon chineál ioncaim arna ghiniúint atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, déanfar iad a athúsáid sna hionstraimí airgeadais céanna nó in ionstraimí airgeadais eile le haghaidh tuilleadh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, nó chun na caillteanais i méid ainmniúil ranníocaíocht na gCistí leis na ionstraim airgeadais de thoradh úis dhiúltaigh, más rud é go dtarlaíonn na caillteanais sin d’ainneoin bainistíocht ghníomhach cistí, nó le haghaidh aon chostais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a bhaineann le hinfheistíochtaí den sórt sin, agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á chur san áireamh.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc le hionstraimí airgeadais le linn tréimhse 8 mbliana ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta, go ndéanfar iad a athúsáid i gcomhréir le cuspóirí beartais an chláir nó na gclár faoinar cuireadh ar bun iad, laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, tar éis do na hacmhainní sin imeacht as an ionstraim airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta.

CAIBIDIL III

Rialacha incháilitheachta

Airteagal 63

Incháilitheacht

1.   Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin i gcás ina leagtar síos rialacha sonracha sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chiste-shonracha, nó ar a mbonn.

2.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí má dhéanann tairbhí nó comhpháirtí príobháideach oibríochta CPP é a thabhú agus go n-íoctar é chun oibríochtaí a chur chun feidhme, idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029.

I gcás costais arna n-aisíoc de bhun phointí (b), (c) agus (f) d’Airteagal 53(1), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029.

3.   I gcás CFRE, an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí lena gcumhdaítear níos mó ná aon chatagóir réigiúin amháin a leagtar amach in Airteagal 108(2) laistigh de Bhallstát, déanfar é a leithdháileadh ar na catagóirí réigiún lena mbaineann ar bhonn pro rata, bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

I gcás CSE+, féadfar an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí a leithdháileadh ar aon chatagóir réigiúin sa chlár ar choinníoll go rannchuidítear, leis an oibríocht, le gnóthú chuspóirí sonracha an chláir sin.

I dtaca le CUAC, leis an gcaiteachas a bhaineann le hoibríochtaí rannchuideofar le cur chun feidhme an phlean chríochaigh ábhartha um aistriú cóir.

4.   Féadfar oibríocht iomlán nó cuid di a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go rannchuidítear, leis an oibríocht, le cuspóirí an chláir.

5.   I gcás deontais atá sna foirmeacha a luaitear faoi phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 53(1), an caiteachas a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí, beidh sé cothrom leis na méideanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 53(3).

6.   Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíocht ó na Cistí i gcás ina ndearnadh iad a chríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár isteach, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cúiteamh CEMID as costais bhreise sna réigiúin is forimeallaí de bhun Airteagal 24 de Rialachán CEMID ná maidir le tacaíocht ón gcistiú breise do na réigiúin is forimeallaí de bhun phointe (e) d’Airteagal 110(1) den Rialachán seo.

7.   An caiteachas a fhágtar incháilithe de thoradh leasú ar chlár, beidh sé incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.

I gcás CFRE, an Chiste Comhtháthaithe agus CUAC, tagann caiteachas chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar chlár i gcás ina gcuirtear cineál nua idirghabhála leis an gclár, dá dtagraítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I nó, i gcás CEMID, CTIL, CSI agus IBTV, sna Rialacháin Chiste-shonracha.

I gcás ina leasaítear clár chun gníomhú de thoradh tubaiste nádúrtha, féadfar a fhoráil sa chlár go mbeidh an caiteachas a bhaineann leis an leasú sin incháilithe ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha.

8.   I gcás ina bhformheastar clár nua, beidh an caiteachas incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste amháin nó níos mó nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht do cheann de na Cistí, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás ceachtar acu seo a leanas:

(a)

tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais;

(b)

tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile.

Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíocht de chuid Ciste a ríomh le haghaidh gach Ciste agus le haghaidh an chláir nó na gclár lena mbaineann ar bhonn pro rata i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

Airteagal 64

Costais neamh-incháilithe

1.   Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí:

(a)

ús ar fhiachas, ach amháin i dtaca le deontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta;

(b)

ceannach talún ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán don oibríocht lena mbaineann; le haghaidh láithreáin thréigthe agus láithreáin a bhíodh tráth in úsáid thionsclaíoch a bhfuil foirgnimh orthu, méadófar an teorainn sin go dtí 15 %; le haghaidh ionstraimí airgeadais, beidh feidhm ag na céatadáin sin maidir leis an ranníocaíocht ó chlár a íocadh leis an bhfaighteoir deiridh nó, i gcás ráthaíochtaí, maidir le méid na hiasachta foluití;

(c)

cáin bhreisluacha (CBL), seachas:

(i)

le haghaidh oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán ná EUR 5 000 000 (CBL san áireamh);

(ii)

i gcás oibríochtaí arb é EUR 5 000 000 ar a laghad a gcostas iomlán (CBL san áireamh) i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL;

(iii)

Infheistíochtaí arna ndéanamh ag faighteoirí deiridh i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais; i gcás ina dtacaítear leis na hinfheistíochtaí sin le hionstraimí airgeadais arna gcomhcheangal le tacaíocht ó chlár i bhfoirm deontais dá dtagraítear in Airteagal 58(5), ní bheidh an CBL incháilithe don chuid den chostas infheistíochta lena gcomhfhreagraítear do thacaíocht ó chlár i bhfoirm deontais, mura bhfuil CBL don chostas infheistíochta neamh-inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL nó i gcás inar lú ná EUR 5 000 000 (CBL san áireamh) an chuid den chostas infheistíochta lena gcomhfhreagraítear don tacaíocht ó chlár i bhfoirm an deontais;

(iv)

le haghaidh cistí do thionscadail bheaga agus infheistíochtaí arna ndéanamh ag faighteoirí deiridh i gcomhthéacs cistí do thionscadail bheaga faoi Interreg.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chead fhomhír maidir le hoibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

2.   Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha costais bhreise a shonrú nach bhfuil incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó gach Ciste.

Airteagal 65

Marthanacht oibríochtaí

1.   I gcás ranníocaíocht ó na Cistí le hoibríocht a chuimsigh infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, déanfaidh an Ballstát í a aisíoc más rud é, laistigh de 5 bliana ón íocaíocht dheiridh leis an tairbhí nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh an oibríocht faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

scor nó aistriú gníomhaíochta táirgiúla lasmuigh den réigiún ar leibhéal NUTS 2 ina bhfuair sé tacaíocht;

(b)

athrú ar úinéireacht earra bonneagair a thabharfaidh buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;

(c)

athrú substaintiúil a dhéanfaidh difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn óna cuspóirí bunaidh dá dheasca.

Féadfaidh an Ballstát an teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí 3 bliana i gcásanna a bhaineann le cothabháil infheistíochtaí nó post atá cruthaithe ag FBManna.

Aisíocaíocht a dhéanfaidh an Ballstát toisc nár comhlíonadh an tAirteagal seo, déanfar í i gcoibhneas le tréimhse na neamh-chomhlíontachta.

2.   Le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE + nó ó CUAC i gcomhréir le pointí (k), (l) agus (m) d’Airteagal 8(2) de Rialachán CUAC, déanfar an tacaíocht a aisíoc nuair a bheidh siad faoi oibleagáid infheistíocht a chothabháil faoi rialacha státchabhrach.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir le ranníocaíochtaí ó chlár le hionstraimí airgeadais nó uathu nó maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr féimheachta neamhchalaoisí.

Airteagal 66

Athshocrú

1.   Caiteachas lena dtacaítear le hathshocrú, ní bheidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí.

2.   Nuair is státchabhair atá i ranníocaíocht ó na Cistí, deimhneoidh an t-údarás bainistíochta dó féin nach bhfuil an ranníocaíocht ag tacú le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 14(16) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014.

Airteagal 67

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais

1.   Maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talamh agus réadmhaoin nach ndearnadh aon íocaíocht ina leith arna tacú le sonraisc, nó le doiciméid de luach coibhéiseach cruthúnais, féadfaidh siad a bheith incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh, ag deireadh na hoibríochta;

(b)

nach bhfuil an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil níos airde ná na costais a bhfuil glacadh go ginearálta leo ar an margadh atá i dtrácht;

(c)

gur féidir luach agus seachadadh na ranníocaíochta comhchineáil a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;

(d)

i gcás talamh nó eastát réadach a sholáthar, féadfar íocaíocht a dhéanamh chun críocha an chomhaontaithe léasa de mhéid ainmniúil in aghaidh na bliana nach mó ná aonad aonair airgeadra an Bhallstáit;

(e)

i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm obair gan íocaíocht, go ndéantar luach na hoibre sin a chinneadh tríd an am fíoraithe a caitheadh ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh obair choibhéiseach a chur san áireamh.

Déanfaidh saineolaí cáilithe neamhspleách nó comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe luach na talún nó an eastáit réadaigh dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo a dheimhniú agus ní bheidh an luach sin níos airde ná an teorainn a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 64(1).

2.   Costais dímheasa nach ndearnadh aon íocaíocht ina leith arna tacú le sonraisc, is féidir a mheas go bhfuil siad incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir;

(b)

go bhfuil méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta de luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc i gcás costais incháilithe, i gcás inar aisíocadh na costais sin san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1);

(c)

go mbaineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta don oibríocht;

(d)

le deontais phoiblí, ní rannchuidítear le héadáil na sócmhainní dímheasta.

Airteagal 68

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le hionstraimí airgeadais

1.   Is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe d’ionstraim airgeadais méid iomlán na ranníocaíochta cláir arna íoc, nó i gcás ráthaíochtaí, arna chur i leataobh do chonarthaí ráthaíochta, ag an ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta, i gcás ina gcomhfhreagraíonn an méid sin do na nithe seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, i gcás iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais;

(b)

acmhainní a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn cóimheas iolraitheora, arna bhunú faoi seach do na hiasachtaí nua foluiteacha a íocadh amach nó infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais i bhfaighteoirí deiridh;

(c)

íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, i gcás ina mbíonn ionstraimí airgeadais i dteannta rannchuidiú eile ón Aontas in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin i gcomhréir le hAirteagal 58(5);

(d)

íocaíochtaí táillí bainistíochta agus aisíocaíochtaí costas bainistíochta arna dtabhú ag comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.

2.   I gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme le linn clárthréimhsí i ndiaidh a chéile, is féidir tacaíocht a thabhairt do fhaighteoirí deiridh nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, lena n-áirítear costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, bunaithe ar chomhaontuithe a rinneadh faoin gclárthréimhse roimhe sin, ar choinníoll go gcomhlíontar rialacha incháilitheachta na clárthréimhse ina dhiaidh sin le tacaíocht den chineál sin. I gcásanna mar sin, cinnfear incháilitheacht an chaiteachais a cuireadh isteach in iarratais ar íocaíocht i gcomhréir leis an gclárthréimhse faoi seach.

3.   I gcás pointe (b) de mhír 1, más rud é nár íoc an t-eintiteas a bhaineann tairbhe as na ráthaíochtaí méid beartaithe na n-iasachtaí nua, na hinfheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais amach leis na faighteoirí deiridh i gcomhréir leis an gcóimheas iolraitheora, déanfar an caiteachas incháilithe a laghdú go comhréireach. Féadfar an cóimheas iolraitheora a athbhreithniú, i gcás ina mbíonn údar leis sin i ngeall ar athruithe ina dhiaidh sin ar dhálaí an mhargaidh. Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag athbhreithniú den sórt sin.

4.   I gcás phointe (d) de mhír 1, is ar fheidhmíocht a bheidh na táillí bainistíochta bunaithe.

I gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sealbhaíochta á chur chun feidhme acu trí chonradh a dhámhachtain go díreach de bhun Airteagal 59(3), an méid costas bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 5 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí nó a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta agus suas le 7 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais.

I gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sonrach á chur chun feidhme acu trí chonradh a dhámhachtain go díreach de bhun Airteagal 59(3), an méid costas bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 7 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí nó a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta agus suas le 15 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais.

I gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sealbhaíochta nó cistí sonracha, nó an dá rud, á gcur chun feidhme acu trí thairiscint iomaíoch i gcomhréir leis an dlí infheidhme, bunófar méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí bainistíochta sa chomhaontú cistiúcháin agus léireofar toradh na tairisceana iomaíche leis.

5.   I gcás ina ngearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

6.   Ní bheidh an caiteachas incháilithe arna dhearbhú i gcomhréir le mír 1 níos mó ná suim an méid iomláin tacaíochta ó na Cistí a íocadh chun críocha na míre sin agus an chómhaoinithe náisiúnta chomhfhreagraigh.

TEIDEAL VI

BAINISTIÚ AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I

Rialacha ginearálta maidir le bainistiú agus rialú

Airteagal 69

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Beidh córais bhainistíochta agus rialaithe ag na Ballstáit le haghaidh a gcuid clár i gcomhréir leis an Teideal seo agus áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh na córais sin i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na ceanglais phríomha a liostaítear in Iarscríbhinn XI.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur dlíthiúil agus gur rialta an caiteachas a áireofar sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus déanfaidh siad na gníomhaíochtaí uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus chun tuairisc a thabhairt orthu. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin bailiú faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla faighteoirí cistithe ón Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn VII. Leis na rialacha a bhaineann le sonraí den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, déanfar na rialacha cosanta sonraí is infheidhme a chomhlíonadh. Beidh an rochtain is gá ag an gCoimisiún, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an bhfaisnéis sin.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a bhaineann le bailiú faisnéise faoi úinéirí tairbhiúla faighteoirí cistiúcháin ón Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII mar a leagtar amach sa chéad fhomhír agus beidh feidhm aici amhail ón 1 Eanáir 2023.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, ar iarraidh ón gCoimisiún, na bearta is gá chun feidhmiú éifeachtach a gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú mar aon le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Más iniúchadh atá sa ghníomhaíocht sin, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó a n-ionadaithe údaraithe páirt a ghlacadh ann.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, cruinneas agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar an fhaisnéis i gcomhréir leis na ceanglais arna mbunú sa Rialachán seo agus sna Rialacháin Ciste-shonracha, seachas i gcás ina n-eisiafar foilsiú den chineál sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ar chúiseanna slándála, oird phoiblí, imscrúduithe coiriúla nó cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

6.   Beidh córais agus nósanna imeachta ag na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid uile is gá le haghaidh an riain iniúchóireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII é a choinneáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 82.

7.   Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun a áirithiú go scrúdófar go héifeachtach gearáin a bhaineann leis na Cistí. Beidh an raon feidhme, na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na socruithe sin mar fhreagracht ar na Ballstáit i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht ghinearálta a bheidh ag saoránaigh agus geallsealbhóirí gearáin a dhíriú chuig an gCoimisiún. Scrúdóidh na Ballstáit, ar iarraidh ón gCoimisiún, gearáin arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a thagann faoi raon feidhme a gclár agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na scrúduithe seo.

Chun críocha an Airteagail seo, le gearáin, cumhdaítear aon díospóid idir tairbhithe féideartha agus tairbhithe roghnaithe maidir leis an oibríocht atá beartaithe nó roghnaithe agus aon díospóid le tríú páirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir nó na n-oibríochtaí faoin gclár, gan beann ar cháiliú na modhanna sásaimh dhlíthiúil a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú faisnéise idir na tairbhithe agus údaráis an chláir trí chórais malartaithe sonraí leictreonacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XIV.

Cuirfidh na Ballstáit na tairbhí a bhaineann le malartú leictreonach sonraí chun cinn agus soláthróidh siad an tacaíocht uile is gá do na tairbhithe i dtaca leis sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh go heisceachtúil, ar iarraidh shainráite ó thairbhí, le malartuithe faisnéise i bhformáid páipéir, gan dochar dá oibleagáid sonraí a thaifeadadh agus a stóráil i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 72(1).

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír amhail ón 1 Eanáir 2023.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cláir nó tosaíochtaí faoi phointe (m) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CSE+.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú oifigiúil faisnéise leis an gCoimisiún trí chóras malartaithe sonraí leictreonacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XV.

10.   Soláthróidh na Ballstáit, nó áiritheoidh sé go soláthróidh na húdaráis bhainistíochta, réamhaisnéisí maidir leis an méid le haghaidh iarratais ar íocaíocht atá le cur isteach don bhliain féilire reatha agus do bhlianta féilire ina diaidh sin faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII.

11.   Déanfaidh gach Ballstát, ar a dhéanaí faoin tráth a chuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht don chéad bhliain chuntasaíochta agus tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2023, tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI. Coinneoidh sé an tuairisc sin cothrom le dáta chun aon athruithe ina dhiaidh sin a léiriú.

12.   Tuairisceoidh na Ballstáit maidir le neamhrialtachtaí, i gcomhréir leis na critéir lena gcinntear na cásanna neamhrialtachta atá le tuairisciú, na sonraí atá le soláthar agus an fhormáid don tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

Airteagal 70

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.   Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe ag na Ballstáit atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na córais seo go héifeachtach agus go héifeachtúil i rith cur chun feidhme na gclár. Déanfaidh an Coimisiún, chun críocha a chuid oibre iniúchóireachta féin, straitéis iniúchóireachta agus plean iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar mheasúnú riosca a tharraingt suas.

Comhordóidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta a bpleananna iniúchóireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún iniúchtaí suas le trí bliana féilire tar éis an dáta a ghlactar leis na cuntais ina n-áirítear an caiteachas lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse sin maidir le hoibríochtaí a mbaineann amhras faoi chalaois leo.

3.   Beidh ag oifigigh an Choimisiúin nó ag a n-ionadaithe údaraithe, chun críocha a n-iniúchtaí, rochtain ar na taifid uile, ar na doiciméid uile agus ar na meiteashonraí uile is gá, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí nó le córais bhainistithe agus rialaithe agus gheobhaidh siad cóipeanna díobh san fhormáid shonrach a iarrfar.

4.   Beidh feidhm ag an méid seo a leanas freisin i gcás iniúchtaí ar an láthair:

(a)

tabharfaidh an Coimisiún fógra 15 lá oibre ar a laghad faoin iniúchadh d’údarás inniúil an chláir, diomaite de chásanna práinneacha; féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin;

(b)

i gcás ina ndéantar, de thoradh cur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta, gníomhartha áirithe a fhorchoimeád do ghníomhairí arna n-ainmniú go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta, beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe údaraithe an Choimisiúin ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d’inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus le lán-urramú chearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann;

(c)

déanfaidh an Coimisiún na réamhthorthaí iniúchóireachta a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis lá deireanach an iniúchta;

(d)

déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil iniúchóireachta a tharchur tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a fuair sé freagra iomlán ó údarás inniúil an Bhallstáit ar na réamhthorthaí iniúchóireachta; measfar freagra an Bhallstáit a bheith iomlán mura n-iarrfar ar an gCoimisiún faisnéis bhreise nó doiciméad athbhreithnithe a sholáthar laistigh de 2 mhí ón dáta a gheofar freagra an Bhallstáit.

Chun na teorainneacha ama a leagtar amach i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhthorthaí iniúchóireachta agus an tuarascáil iniúchóireachta ar fáil i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais, ar a laghad.

Is féidir síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír den mhír seo nuair a mheasfar gur gá agus má chomhaontaíonn an Coimisiún agus údarás inniúil an Bhallstáit é sin a dhéanamh.

I gcás ina leagfar síos teorainn ama faoina bhfaighfear freagra ón mBallstát maidir leis na réamhthorthaí iniúchóireachta nó an tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear tús leis an teorainn ama a luaithe a gheobhaidh údarás inniúil an Bhallstáit na réamhthorthaí i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, ar a laghad.

Airteagal 71

Údaráis an chláir

1.   Chun críocha Airteagal 63(3) den Rialachán Airgeadais, sonróidh an Ballstát údarás bainistíochta agus údarás iniúchóireachta i gcás gach cláir. I gcás ina gcuirfidh Ballstát an fheidhm chuntasaíochta faoi chúram comhlachta seachas an t-údarás bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 72(2) den Rialachán seo, aithneofar an comhlacht lena mbaineann freisin mar údarás de chuid an chláir. Féadfaidh na húdaráis chéanna sin a bheith freagrach as níos mó ná clár amháin.

2.   Is údarás poiblí a bheidh san údarás iniúchóireachta. Féadfaidh comhlacht poiblí nó príobháideach nach é an t-údarás iniúchóireachta atá faoina fhreagracht é obair iniúchóireachta a dhéanamh. Beidh an t-údarás iniúchóireachta agus aon chomhlacht den sórt sin a mbeidh obair iniúchóireachta á déanamh aige faoi fhreagracht an údaráis iniúchóireachta neamhspleách, ó thaobh feidhme de, ar na hiniúchaithe.

3.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a shonrú chun cúraimí áirithe atá faoina chúram a dhéanamh. Déanfar na socruithe idir an t-údarás bainistíochta agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh i scríbhinn.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar prionsabal na deighilte feidhmeanna idir údaráis an chláir agus laistigh díobh.

5.   I gcás ina soláthrófar le clár, i gcomhréir lena chuspóirí, tacaíocht ó CFRE nó ó CSE+ do chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán maidir le Fís Eorpach, sainaithneoidh údarás bainistíochta an chláir ábhartha an comhlacht a bhfuil an clár, atá á chomhchistiú ag Fís Eorpach, á chur chun feidhme aige mar chomhlacht idirmheánach, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, comhlacht comhordúcháin a bhunú chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó agus gníomhaíochtaí údarás an chláir sa Bhallstát sin a chomhordú.

CAIBIDIL II

Córais bhainistíochta agus rialaithe chaighdeánacha

Airteagal 72

Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

1.   Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár a bhainistiú d’fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach. Go háirithe, beidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a)

oibríochtaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 73, cé is moite d’oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(3);

(b)

cúraimí bainistithe cláir a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 74;

(c)

tacaíocht a thabhairt d’obair an choiste faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 75;

(d)

comhlachtaí idirmheánacha a mhaoirsiú;

(e)

na sonraí faoi gach oibríocht is gá le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí, a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII, agus slándáil, sláine agus rúndacht sonraí agus fíordheimhniú na n-úsáideoirí a áirithiú.

2.   Féadfaidh an Ballstát an fheidhm chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76 a chur faoi chúram an údaráis bainistíochta nó comhlachta eile.

3.   I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, is é an t-údarás bainistíochta a dhéanfaidh an fheidhm chuntasaíochta, nó is faoina chúram a dhéanfar í.

Airteagal 73

Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta

1.   Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta critéir agus nósanna imeachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm, a bheidh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, lena n-áiritheofar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus lena gcuirfear san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 191(1) CFAE.

Áiritheofar leis na critéir agus leis na nósanna imeachta go dtabharfar tosaíocht d’oibríochtaí a roghnófar d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar rannchuidiú an chistithe ón Aontas i dtreo chuspóirí an chláir a ghnóthú.

2.   Nuair a roghnóidh an t-údarás bainistíochta oibríochtaí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe i gcomhréir leis an gclár, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht leis na straitéisí ábhartha is bonn leis an gclár, agus tabharfaidh sé rannchuidiú éifeachtach do ghnóthú chuspóirí sonracha an chláir;

(b)

áiritheoidh sé go bhfuil na hoibríochtaí a roghnaíodh a thagann faoi raon feidhme an choinníll cumasúcháin ag teacht leis na straitéisí comhfhreagracha agus na doiciméid phleanála arna mbunú chun an coinníoll cumasúcháin sin a chomhlíonadh;

(c)

áiritheoidh sé gurb é a chuirfear ar fáil leis na hoibríochtaí roghnaithe an gaol is fearr idir méid na tacaíochta, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus gnóthú cuspóirí;

(d)

deimhneoidh sé go mbeidh na hacmhainní agus na sásraí airgeadais is gá ag an tairbhí chun costais oibríochta agus chothabhála a chumhdach i gcás oibríochtaí lena gcuimsítear infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, ionas go n-áiritheofar a n-inbhuanaitheacht airgeadais;

(e)

áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51) faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó nós imeachta um scagadh, agus go gcuirfear san áireamh measúnú ar réitigh mhalartacha, ar bhonn cheanglais na Treorach sin;

(f)

fíoróidh sé, i gcás inar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme;

(g)

áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an Chiste lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith cineál idirghabhála;

(h)

áiritheoidh sé nach n-áireofar in oibríochtaí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d’oibríocht a bhí faoi réir athlonnú i gcomhréir le hAirteagal 66 nó a bheadh ina n-aistriú gníomhaíochta táirgiúla i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 65(1);

(i)

áiritheoidh sé nach ndéantar difear díreach d’oibríochtaí de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta oibríochtaí i mbaol;

(j)

áiritheoidh sé díonadh ar an aeráid i dtaca le hinfheistíochtaí i mbonneagar a mheastar a mbeidh tréimhse 5 bliana saoil ar a laghad acu.

A mhéid a bhaineann le pointe (b) den mhír seo, i gcás cuspóir beartais a haon, mar a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán CFRE agus CC, is iad na hoibríochtaí lena gcomhfhreagraítear do na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i bhfophointí (i) agus (iv) den phointe sin, agus iad sin amháin, a bheidh ag teacht leis na straitéisí um speisialtóireacht chliste.

3.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go dtabharfar don tairbhí doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha uile maidir le tacaíocht do gach oibríocht lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó seirbhísí atá le soláthar, an plean maoinithe, an teorainn ama lena cur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha maidir le híocaíocht na tacaíochta a chinneadh.

4.   I gcás oibríochtaí ar tugadh Séala Barr Feabhais dóibh, nó oibríochtaí a roghnaíodh faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na hoibríochtaí sin, na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (g) de mhír 2.

Ina theannta sin, féadfaidh údaráis bhainistíochta catagóirí, méideanna uasta agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe arna mbunú faoi ionstraim ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Leagfar na heilimintí sin amach sa doiciméad dá dtagraítear i mír 3.

5.   Nuair a roghnóidh an t-údarás bainistíochta oibríocht a mbaineann tábhacht straitéiseach léi, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh d’aon mhí amháin agus tabharfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile faoin oibríocht sin don Choimisiún.

Airteagal 74

Bainistiú cláir ag an údarás bainistíochta

1.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

fíoruithe bainistíochta a dhéanamh chun a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe, go gcomhlíonann an oibríocht an dlí is infheidhme, an clár agus na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta agus:

(i)

i gcás ina bhfuil costais le haisíoc de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(1), gur íocadh an méid caiteachais arna éileamh ag na tairbhithe i ndáil leis na costais seo agus go gcoinníonn na tairbhithe taifid chuntasaíochta ar leith nó go n-úsáideann siad na cóid chuntasaíochta is iomchuí le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann leis an oibríocht;

(ii)

i gcás ina bhfuil costais le haisíoc de bhun phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 53(1), gur comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an gcaiteachas a aisíoc leis an tairbhí;

(b)

a áirithiú, ach cistiú a bheith ar fáil, go bhfaighidh an tairbhí a bhfuil dlite dó ina iomláine tráth nach déanaí ná 80 lá ón dáta a chuir an tairbhí isteach an t-éileamh ar íocaíocht; féadfar an spriocdháta a bhriseadh más rud é nach mbeidh an t-údarás bainistíochta in ann a dhéanamh amach, leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach, cibé acu atá nó nach bhfuil an méid dlite;

(c)

bearta agus nósanna imeachta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a bheith i bhfeidhm, agus na rioscaí a sainaithníodh á gcur san áireamh;

(d)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(e)

a dhaingniú go bhfuil an caiteachas arna chur isteach sna cuntais dleathach agus rialta;

(f)

an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII.

I gcás phointe (b) den chéad fhomhír, ní dhéanfar aon mhéid a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear eile comhéifeachta a laghdódh na méideanna atá dlite do thairbhithe.

I gcás oibríochtaí CPP, déanfaidh an t-údarás bainistíochta íocaíochtaí isteach i gcuntas eascró arna chur ar bun chun na críche sin in ainm an tairbhí lena úsáid i gcomhréir le comhaontú CPP.

2.   Beidh fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 bunaithe ar rioscaí agus comhréireach leis na rioscaí arna sainaithint ex ante agus i scríbhinn.

Áireofar ar fhíoruithe bainistíochta fíoruithe riaracháin i ndáil le éilimh ó thairbhithe ar íocaíocht agus fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí. Déanfar na fíoruithe sin sula gcuirfear isteach na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 98.

3.   I gcás ina bhfuil an t-údarás bainistíochta ina thairbhí freisin faoin gclár, áiritheoidh na socruithe le haghaidh na bhfíoruithe bainistíochta go mbeidh deighilt feidhmeanna ann.

Gan dochar do mhír 2, féadfar rialacha sonracha a leagan síos i Rialachán Interreg maidir leis na fíoruithe bainistíochta is infheidhme maidir le cláir Interreg. Féadfar, le Rialacháin CTIL, CSI agus IBTV, rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na fíoruithe bainistíochta is infheidhme i gcás inarb eagraíocht idirnáisiúnta é an tairbhí.

Airteagal 75

Tacaíocht d’obair an choiste faireacháin ón údarás bainistíochta

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile is gá le cúraimí an choiste faireacháin a dhéanamh a sholáthar dó go tráthúil;

(b)

a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha ar chinntí agus ar mholtaí an choiste faireacháin.

Airteagal 76

An fheidhm chuntasaíochta

1.   Na cúraimí seo a leanas a bheidh san fheidhm chuntasaíochta:

(a)

iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagail 91 agus 92;

(b)

na cuntais a tharraingt suas agus a chur isteach, lena ndaingneofar iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 98, agus taifid leictreonacha d’eilimintí uile na gcuntas a choinneáil, lena n-áirítear iarratais ar íocaíocht;

(c)

na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro ag úsáid ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin le linn na míosa sin ar cláraíodh an caiteachas i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a dhéanamh.

2.   Ní chuimseoidh an fheidhm chuntasaíochta fíoruithe ar leibhéal na dtairbhithe.

3.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfar modh éagsúil a leagan síos i Rialachán Interreg chun na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro.

Airteagal 77

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Beidh an t-údarás iniúchóireachta freagrach as iniúchtaí córais, iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar chuntais a dhéanamh chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go héifeachtach agus go bhfuil an caiteachas a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dleathach agus rialta.

2.   Déanfar obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

3.   Déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta an méid seo a leanas a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuairim iniúchóireachta bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 63(7) den Rialachán Airgeadais agus leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus, bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar fad a rinneadh, lena gcumhdaítear na comhchodanna seo a leanas:

(i)

iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas;

(ii)

dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin;

(iii)

feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe;

(b)

tuarascáil bhliantúil ar rialú lena gcomhlíontar na ceanglais atá i bpointe (b) d’Airteagal 63(5) den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo, lena dtugtar tacaíocht don tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus lena leagtar amach achoimre ar na torthaí, lena n-áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid na n-earráidí agus na n-easnamh sna córais chomh maith leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, agus an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha a thagann dá bharr le haghaidh an chaiteachais arna iontráil sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   I gcás ina bhfuil cláir grúpáilte chun críocha iniúchtaí ar oibríochtaí de bhun an dara fomhír d’Airteagal 79(2), féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo a chur in aon tuarascáil amháin.

5.   Tarchuirfidh an t-údarás iniúchóireachta tuarascálacha faoi iniúchadh córas don Choimisiún a luaithe a thabharfar an nós imeachta bréagnaitheach leis na hiniúchaithe ábhartha i gcrích.

6.   Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus, mura gcomhaontaítear a mhalairt, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, d’fhonn an straitéis iniúchóireachta, an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta a scrúdú, agus a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.

Airteagal 78

Straitéis iniúchóireachta

1.   Déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás bainistíochta, straitéis iniúchóireachta a ullmhú bunaithe ar mheasúnú riosca, lena gcuirfear san áireamh an tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 69(11), lena gcumhdófar iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí. Áireofar sa straitéis iniúchóireachta iniúchtaí córais ar údaráis bhainistíochta nua-aitheanta agus ar údaráis nua-aitheanta a bhfuil an fheidhm chuntasaíochta faoina gcúram. Déanfar na hiniúchtaí sin laistigh de 21 mhí ón gcinneadh lena bhformheastar an clár nó an leasú ar an gclár ina sainaithnítear an t-údarás sin. Ullmhófar an straitéis iniúchóireachta i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XXII agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta gach bliain tar éis na chéad tuarascála bliantúla ar rialú agus na chéad tuairime iniúchóireachta arna tabhairt don Choimisiún. Féadfaidh sí clár amháin nó níos mó a chumhdach.

2.   Cuirfear an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin ar a iarraidh sin aige.

Airteagal 79

Iniúchtaí ar oibríochtaí

1.   Cumhdóidh iniúchtaí ar oibríochtaí caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún le linn na bliana cuntasaíochta ar bhonn sampla. Beidh an sampla sin ionadaíoch agus beidh sé bunaithe ar mhodhanna samplála staidrimh.

2.   Nuair is lú an líon ná 300 aonad samplála, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta. Sna cásanna sin, beidh méid an tsampla leordhóthanach chun gur féidir leis an údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10 % ar a laghad de na haonaid samplála i líon na bliana cuntasaíochta, arna roghnú go randamach.

Féadfaidh an sampla staidrimh clár amháin nó níos mó a chumhdach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC agus, faoi réir srathú i gcás inarb iomchuí, clárthréimhse amháin nó níos mó a chumhdach de réir bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta.

Leis an sampla d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cumhdófar astu féin na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó gach Ciste ar leith.

3.   Ní áireofar ar iniúchtaí ar oibríochtaí fíoruithe ar an láthair ar chur chun feidhme fisiceach na n-oibríochtaí ach amháin i gcás inar gá sin mar gheall ar an gcineál oibríochta lena mbaineann.

Féadfar forálacha sonracha a leagan amach i Rialachán CSE+ maidir le cláir nó tosaíochtaí faoi phointe (m) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin. Le Rialacháin CTIL, CSI agus IBTV, féadfar forálacha sonracha a leagan síos le haghaidh iniúchadh ar oibríochtaí i gcás inarb eagraíocht idirnáisiúnta é an tairbhí. Féadfar, le Rialachán Interreg, rialacha sonracha ar iniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a bhunú.

Déanfar iniúchtaí ar bhonn na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a rinneadh na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an oibríocht.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 114 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíochtaí samplála caighdeánaithe réamhdhéanta agus módúlachtaí samplála caighdeánaithe réamhdhéanta lena gcumhdófar clárthréimhse amháin nó níos mó a leagan amach.

Airteagal 80

Socruithe an iniúchta aonair

1.   Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta iniúchtaí, tabharfaidh siad aird chuí ar phrionsabail an iniúchta aonair agus na comhréireachta i ndáil le leibhéal an riosca do bhuiséad an Aontais. Déanfar sin go háirithe ionas go seachnófar dúbailt iniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta ar an aon chaiteachas amháin arna dhearbhú don Choimisiún chun costas na bhfíoruithe bainistíochta agus na n-iniúchtaí agus an t-ualach riaracháin ar na tairbhithe a íoslaghdú.

Úsáidfidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta, i dtosach, an fhaisnéis uile agus na taifid uile dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 72(1), lena n-áirítear torthaí na bhfíoruithe bainistíochta faisnéise, agus ní iarrfaidh siad doiciméid bhreise ná faisnéis iniúchóireachta ar na tairbhithe lena mbaineann, ná ní bhfaighidh siad sin uathu, ach amháin más rud é, bunaithe ar a mbreithiúnas gairmiúil, gur gá sin le gur féidir teacht ar chonclúidí iniúchóireachta láidre.

2.   I gcás cláir oibríochtúla arb é conclúid an Choimisiúin ina leith go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa agus má tá an Ballstát lena mbaineann páirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú, beidh iniúchtaí an Choimisiúin féin teoranta d’iniúchóireacht ar obair an údarás iniúchóireachta.

3.   Sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe, ní dhéanfaidh an Coimisiún ná an t-údarás iniúchóireachta níos mó ná iniúchadh amháin i leith oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán dóibh os cionn EUR 400 000 i leith CFRE nó an Chiste Chomhtháthaithe, EUR 350 000 i leith CUAC, EUR 300 000 i leith CSE+, nó EUR 200 000 i leith CEMID, CTIL, CSI nó IBTV.

Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchadh ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta aon bhliain a rinne an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh cheana féin an bhliain sin, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, úsáid a bhaint as torthaí an iniúchta sin a rinne an Chúirt Iniúchóirí le haghaidh na n-oibríochtaí sin.

4.   D’ainneoin mhír 3, féadfar níos mó ná aon iniúchadh amháin a dhéanamh ar aon oibríocht más é conclúid an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar a bhreithiúnas gairmiúil, nach féidir tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 ná 3 sna cásanna seo a leanas:

(a)

is ann do riosca sonrach neamhrialtachta nó d’amhras faoi chalaois;

(b)

is gá obair an údaráis iniúchóireachta a athdhéanamh chun dearbhú a fháil go bhfuil sé ag feidhmiú go héifeachtach;

(c)

is ann d’fhianaise go bhfuil easnamh tromchúiseach ar obair an údaráis iniúchóireachta.

Airteagal 81

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar ionstraimí airgeadais

1.   Ní dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 74(1) ach ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na n-iasachtaí nua foluiteacha. Féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul i muinín fíoruithe a rinne comhlachtaí seachtracha agus gan fíoruithe bainistíochta ar an láthair a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar inniúlacht na gcomhlachtaí seachtracha seo.

2.   Ní dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta fíoruithe ar an láthair ar leibhéal BEI ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát.

Mar sin féin, cuirfidh BEI nó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascálacha ar rialú ar fáil don údarás bainistíochta a thacaíonn leis na héilimh ar íocaíocht.

3.   Déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 77, 79 nó 83, mar is iomchuí, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na n-iasachtaí nua foluiteacha. Féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta torthaí iniúchóirí seachtracha ar chomhlachtaí a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme a chur san áireamh, chun críocha na cinnteachta foriomláine, agus ar an mbonn sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chinneadh a chuid oibre iniúchóireachta féin a theorannú.

4.   I gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ní fhéadfaidh na comhlachtaí atá freagrach as cláir a iniúchadh iniúchtaí a dhéanamh ar na comhlachtaí a chuireann iasachtaí foluiteacha ar fáil ach amháin i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

mura bhfuil doiciméid tacaíochta ar fáil, a sholáthraíonn fianaise den tacaíocht ón ionstraim airgeadais do na faighteoirí deiridh, ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme;

(b)

má tá fianaise ann nach ionann na doiciméid atá ar fáil ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus taifead fíor agus cruinn ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil.

5.   Ní dhéanfaidh an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí ar leibhéal BEI ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát, maidir le hionstraimí airgeadais a chuireann siad chun feidhme.

Mar sin féin, déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil arna tarraingt suas ag a n-iniúchóirí seachtracha a chur ar fáil don Choimisiún agus don údarás iniúchóireachta faoi dheireadh gach bliana féilire. Cumhdóidh an tuarascáil sin na heilimintí a áirítear in Iarscríbhinn XXI, agus beidh sé mar bhonn d’obair an údaráis iniúchóireachta.

6.   Déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile na doiciméid uile is gá a chur ar fáil d’údaráis an chláir le gur féidir leo a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 82

Infhaighteacht doiciméad

1.   Gan dochar do na rialacha lena rialaítear státchabhair, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar na doiciméid tacaíochta uile a bhaineann le hoibríocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a choinneáil ar an leibhéal iomchuí ar feadh tréimhse 5 bliana ón 31 Nollaig den bhliain ina ndearna an t-údarás bainistíochta an íocaíocht dheireanach leis an tairbhí.

2.   Déanfar briseadh a chur sa tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1 sin i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh ón gCoimisiún.

CAIBIDIL III

Spleáchas ar chórais bhainistíochta náisiúnta

Airteagal 83

Socruithe comhréireacha feabhsaithe

Féadfaidh an Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le córas bainistíochta agus rialaithe cláir má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 84:

(a)

de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 74(1) agus ar Airteagal 74(2), ní fhéadfaidh an t-údarás bainistíochta ach nósanna imeachta náisiúnta a chur i bhfeidhm chun fíoruithe bainistíochta a dhéanamh;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 77(1) maidir le hiniúchtaí córais agus ar Airteagal 79(1) agus (3) maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a ghníomhaíocht iniúchóireachta a theorannú d’iniúchtaí ar oibríochtaí lena gcuimsítear sampla atá bunaithe ar rogha staidrimh de 30 aonad samplála don chlár nó don ghrúpa clár lena mbaineann;

Chun críocha na bhfíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul i muinín fíoruithe a rinne comhlachtaí seachtracha, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar inniúlacht na gcomhlachtaí sin.

I gcás phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás ina mbíonn níos lú ná 300 aonad samplála sa líon, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta modh samplála neamhstaidrimh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 79(2).

Déanfaidh an Coimisiún a iniúchtaí féin a theorannú d’athbhreithniú ar obair an údaráis iniúchóireachta trí athdhéanamh ar an leibhéal sin amháin, mura dtugtar le fios leis an bhfaisnéis atá ar fáil go bhfuil easnamh tromchúiseach in obair an údaráis iniúchóireachta.

Airteagal 84

Coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha feabhsaithe

1.   Féadfaidh an Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 83 a chur i bhfeidhm aon tráth le linn na clárthréimhse, i gcás ina bhfuil sé daingnithe ag an gCoimisiún, sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a foilsíodh don 2 bhliain dheireanacha roimh chinneadh den sórt sin ón mBallstát, go bhfuil córas bainistíochta agus rialaithe an chláir ag feidhmiú go héifeachtach agus go bhfuil an ráta earráide iomlán do gach bliain 2 % nó níos lú. Nuair a bheidh an Coimisiún ag measúnú fheidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir, cuirfidh sé san áireamh rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 83 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm socruithe den sórt sin. I gcás mar sin, beidh feidhm ag na socruithe ó thús na bliana cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

2.   Ag tús na clárthréimhse, féadfaidh an Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 83 a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i ndáil le clár comhchosúil arna chur chun feidhme le linn 2014-2020 agus i gcás inar forbairt, den chuid is mó, ar na socruithe ón gclár roimhe sin atá sna socruithe maidir le bainistiú agus rialú do chlár 2021-2027. I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag na socruithe ó thús an chláir.

3.   Déanfaidh an Ballstát an tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe agus ar an straitéis iniúchóireachta a leagtar amach in Airteagal 69(11) agus in Airteagal 78 a bhunú nó a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 85

Coigeartú le linn na clárthréimhse

1.   Más é conclúid an Choimisiúin nó an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar na hiniúchtaí arna ndéanamh agus ar an tuarascáil bhliantúil ar rialú, nach bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 84 a thuilleadh, iarrfaidh an Coimisiún ar an údaráis iniúchóireachta obair iniúchóireachta bhreise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69(3) agus deimhneoidh sé go ndéanfar gníomhaíochtaí ceartaitheacha.

2.   I gcás ina ndaingneofar sa tuarascáil bhliantúil ar rialú ina dhiaidh sin nach bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha fós, sa dóigh go bhfuil teorainn curtha leis an dearbhú a tugadh don Choimisiún maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás iniúchóireachta iniúchtaí córais a dhéanamh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thabhairt, an Ballstát a chur ar an eolas nach mbeidh feidhm, ó thús na bliana ina dhiaidh sin amach, leis na socruithe comhréireacha feabhsaithe a leagtar amach in Airteagal 83.

TEIDEAL VII

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A CHUR ISTEACH AGUS A SCRÚDÚ AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Roinn I

Rialacha cuntasaíochta ginearálta

Airteagal 86

Gealltanais bhuiséadacha

1.   Beidh an cinneadh lena bhformheastar an clár i gcomhréir le hAirteagal 23 ina chinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus gealltanas dlíthiúil a bheidh ann nuair a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Bhallstát lena mbaineann.

Sonrófar leis an gcinneadh sin an ranníocaíocht iomlán ón Aontas in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana. I gcás clár a chuimsítear faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, áfach, déanfar méid a chomhfhreagraíonn do 50 % den ranníocaíocht do na blianta 2026 agus 2027 (“méid solúbthachta”) a choinneáil in aghaidh an chláir i ngach Ballstát agus ní dhéanfar é a leithdháileadh go cinntitheach, ach amháin tar éis an cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh tar éis an athbhreithnithe mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha ón Aontas maidir le gach clár i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027.

3.   De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, leanfaidh na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid glacadh an chláir ag an gCoimisiún.

Airteagal 87

Úsáid an euro

Is in euro a ainmneofar aon mhéideanna a dhéanfaidh Ballstát a leagan amach i gcláir, nó a thuairisciú nó a dhearbhú don Choimisiún.

Airteagal 88

Aisíocaíocht

1.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite a shonraítear san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 98 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t-ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.   Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

Roinn II

Rialacha maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit

Airteagal 89

Cineálacha íocaíochtaí

Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéid na gcuntas don bhliain chuntasaíochta.

Airteagal 90

Réamh-mhaoiniú

1.   Íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó na Cistí a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár.

2.   Déanfar an réamh-mhaoiniú le haghaidh gach Ciste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil, mar a leanas:

(a)

2021: 0,5 %;

(b)

2022: 0,5 %;

(c)

2023: 0,5 %;

(d)

2024: 0,5 %;

(e)

2025: 0,5 %;

(f)

2026: 0,5 %.

I gcás ina nglactar clár oibríochtúil tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

3.   De mhaolú ar mhír 2, leagfar amach rialacha sonracha maidir leis an réamh-mhaoiniú do chláir Interreg i Rialachán Interreg.

4.   De mhaolú ar mhír 2, leagfar amach rialacha sonracha maidir leis an réamh-mhaoiniú do chláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV i Rialacháin Chiste-shonracha.

5.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú do na blianta 2021 agus 2022 a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin gach bliain agus do na blianta 2023 go 2026 tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh i gcomhréir le hAirteagal 100.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

6.   Úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna leis na Cistí agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

Airteagal 91

Iarratais ar íocaíocht

1.   Déanfaidh an Ballstát sé hiarratas ar íocaíocht ar a mhéad a chur isteach in aghaidh an chláir, in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana cuntasaíochta. Féadfar iarratas amháin ar íocaíocht gach bliain a chur isteach uair ar bith i ngach tréimhse idir na dátaí seo a leanas: an 28 Feabhra, an 31 Bealtaine, an 31 Iúil, an 31 Deireadh Fómhair, an 30 Samhain agus an 31 Nollaig.

An t-iarratas deiridh ar íocaíocht a chuirfear isteach faoin 31 Iúil, measfar gurb é an i-iarratas deiridh ar íocaíocht é don bhliain chuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cláir Interreg.

2.   Ní bheidh iarratais ar íocaíocht inghlactha ach amháin má cuireadh isteach an pacáiste dearbhaithe is déanaí, dá dtagraítear in Airteagal 98, atá dlite.

3.   Déanfar iarratais ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XXIII agus áireofar iontu, do gach tosaíocht agus, i gcás inarb infheidhme, de réir catagóir réigiúin, an méid seo a leanas:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc chun oibríochtaí atá nasctha le cuspóirí sonracha a bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta agus oibríochtaí atá nasctha le cuspóirí sonracha nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta ach lena rannchuidítear le comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin, a chur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;

(b)

an méid don chúnamh teicniúil arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36(5), i gcás inarb infheidhme;

(c)

méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a rinneadh nó atá le déanamh, atá nasctha le cuspóirí sonracha a bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta agus oibríochtaí atá nasctha le cuspóirí sonracha nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta ach lena rannchuidítear le comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin, mar a iontráladh é i gcóras an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;

(d)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc chun oibríochtaí atá nasctha le cuspóirí sonracha nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta, cé is moite d’oibríochtaí lena rannchuidítear le comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin, a chur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta.

4.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointe (a) d’Airteagal 51, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna a bhfuil údar leo i bhfianaise an dul chun cinn i dtaca le comhlíonadh na gcoinníollacha, nó le gnóthú na dtorthaí, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 95(2) nó leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 95(4);

(b)

má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointí (c), (d), (e) d’Airteagal 51, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 94(3) nó leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 94(4);

(c)

i gcás fhoirmeacha na ndeontas a liostaítear i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 53(1), is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.

5.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás Státchabhrach, féadfar réamhíocaíochtaí a d’íoc an comhlacht a dheonaíonn an cúnamh leis an tairbhí faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas a áireamh san iarraidh ar íocaíocht:

(a)

tá na réamhíocaíochtaí sin faoi réir ráthaíochta arna tabhairt ag banc nó ag institiúid airgeadais eile atá bunaithe sa Bhallstát nó beidh siad á gcumhdach ag saoráid a thabharfaidh eintiteas poiblí nó Ballstát mar ráthaíocht;

(b)

ní théann na réamhíocaíochtaí sin thar 40 % de mhéid iomlán na cabhrach a bheidh le deonú ar an tairbhí i leith oibríochta ar leith;

(c)

cumhdaítear na réamhíocaíochtaí sin le caiteachas arna íoc ag tairbhithe agus na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus arna dtacú le sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach cruthúnais, ar a dhéanaí laistigh de 3 bliana i ndiaidh na bliana ar tugadh an réamhíocaíocht nó an 31 Nollaig 2029, cibé acu is luaithe, agus déanfar an chéad iarratas eile ar íocaíocht a cheartú dá réir ina éagmais sin.

I ngach iarratas ar íocaíocht ina n-áireofar réamhíocaíochtaí den chineál sin, nochtfar go leithleach an méid iomlán a íocadh ó na cláir mar réamhíocaíochtaí, an méid a clúdaíodh le caiteachas a d’íoc tairbhithe laistigh de 3 bliana ó rinneadh réamhíocaíocht i gcomhréir le pointe (c), agus an méid nár clúdaíodh le caiteachas a d’íoc tairbhithe agus nach bhfuil an tréimhse 3 bliana maidir leis caite fós.

6.   Dé mhaolú ar phointe (c) de mhír 3 den Airteagal seo, i gcás scéimeanna cúnaimh faoi Airteagal 107 CFAE, an ranníocaíocht phoiblí lena gcomhfhreagraítear don chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht, beidh sí íoctha cheana leis na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an cúnamh.

Airteagal 92

Eilimintí sonracha le haghaidh ionstraimí airgeadais in iarratais ar íocaíocht

1.   I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 59(1), áireofar in iarratais ar íocaíocht a chuirfidh an t-údarás bainistíochta isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XXIII na méideanna iomlána arna n-íoc amach le faighteoirí deiridh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 68(1), nó i gcás ráthaíochtaí, na méideanna a chuirfidh an t-údarás sin i leataobh do chonarthaí ráthaíochta.

2.   I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 59(2), is i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas a chuirfear isteach iarratais ar íocaíocht lena gcuimsítear caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais:

(a)

an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht a bheith íoctha cheana leis an ionstraim airgeadais agus is féidir suas le 30 % de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir leis na hionstraimí airgeadais faoin gconradh cistiúcháin ábhartha a bheith ann, i gcomhréir leis an tosaíocht ábhartha agus leis an gcatagóir réigiúin ábhartha, i gcás inarb infheidhme;

(b)

an méid a áirítear in iarratais ar íocaíocht ina dhiaidh sin a chuirfear isteach le linn na tréimhse incháilitheachta, áireofar iontu an caiteachas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 68(1).

3.   Imréiteofar an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

Nochtfar ar leithligh é in iarratais ar íocaíocht.

Airteagal 93

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

1.   Gan dochar d’Airteagal 15(5) agus (6) agus faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha laistigh de 60 lá ón dáta a gheobhaidh an Coimisiún iarratas ar íocaíocht.

2.   Cuirfear gach íocaíocht i leith an ghealltanais bhuiséadaigh is túisce a bheidh oscailte den Chiste agus den chatagóir réigiúin lena mbaineann. Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 95 % de na méideanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht, ar toradh é ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach tosaíochta ar an gcaiteachas incháilithe iomlán nó ar an ranníocaíocht phoiblí de réir mar is iomchuí. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile atá le haisíoc nó le gnóthú nuair a ríomhfar iarmhéid na gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 100.

3.   An tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, ní bheidh sí níos airde ná méid na tacaíochta ó na Cistí don tosaíocht a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an clár.

4.   I gcás ranníocaíocht ón Aontas a bheidh in aon cheann de na foirmeacha a liostaítear in Airteagal 51, ní íocfaidh an Coimisiún níos mó ná an méid arna iarraidh ag an mBallstát.

5.   An tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht mar íocaíocht an iarmhéid don bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sí níos mó ná aon cheann de na méideanna seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú in iarratais ar íocaíocht;

(b)

an tacaíocht ó na Cistí a íocadh nó atá le híoc le tairbhithe;

(c)

an méid arna iarraidh ag an mBallstát.

Ní chuirfear na méideanna arna n-aisíoc de bhun Airteagal 36(5) san áireamh chun an uasteorainn a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo a ríomh.

6.   Ar iarratas ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú 10 % os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht do na Cistí, má chomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 1 Iúil 2021:

(a)

fuair an Ballstát iasacht ón Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (52);

(b)

fuair an Ballstát cúnamh airgeadais meántéarma faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach, a bhunaítear sa Chonradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach an 2 Feabhra 2012 nó amhail dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch;

(c)

cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

Ní féidir leis an ráta méadaithe a bheith níos mó ná 100 %, agus beidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí go dtí deireadh na bliana féilire ina dtiocfaidh an cúnamh airgeadais gaolmhar chun deiridh.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le cláir Interreg.

Airteagal 94

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

1.   Féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais le clár a aisíoc ar bhonn na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe i gcomhréir le hAirteagal 51, bunaithe ar na méideanna agus ar na rátaí a fhormheastar le cinneadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo nó bunaithe ar na méideanna agus ar na rátaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

2.   Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas leis an gclár ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, cuirfidh na Ballstáit togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinní V agus VI, mar chuid de chur isteach an chláir nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár.

Na méideanna agus na rátaí a mholfaidh an Ballstát, bunófar iad ar bhonn an mhéid seo a leanas agus déanfar iad a mheasúnú ag an údarás iniúchóireachta:

(a)

modh ríomha cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar aon cheann acu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe;

(iii)

gnáthchleachtais na cuntasaíochta costais a chur i bhfeidhm;

(b)

dréachtbhuiséid;

(c)

na rialacha maidir le costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe comhfhreagracha is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(d)

na rialacha maidir le costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe comhfhreagracha arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna.

3.   Sa chinneadh lena bhformheasfar an clár nó leasú ar an gclár, leagfar amach na cineálacha oibríochta a chumhdaítear leis an aisíocaíocht bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe sin, agus na méideanna a chumhdaítear leo agus na modhanna chun na méideanna a choigeartú.

Aisíocfaidh na Ballstáit na tairbhithe chun críocha an Airteagail seo. Féadfaidh aon chineál tacaíochta a bheith i gceist leis an aisíocaíocht sin.

Díreofar go heisiach ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún sna hiniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 114 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí chostais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe, a méideanna agus na modhanna coigeartaithe ar leibhéal an Aontais a shainiú ar na bealaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le ranníocaíocht ón Aontas le haghaidh cúnamh teicniúil arna haisíoc de bhun phointe (e) d’Airteagal 51.

Airteagal 95

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar mhaoiniú agus nach nasctar le costais

1.   Féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ón Aontas le tosaíocht clár iomlán nó le codanna de thosaíocht a aisíoc bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 51, bunaithe ar na méideanna a fhormheastar le cinneadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó bunaithe ar na méideanna a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas leis an gclár nó le codanna den chlár ar bhonn maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, cuirfidh an Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinní V agus VI, mar chuid den chlár nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa togra:

(a)

sonrú na tosaíochta lena mbaineann agus an méid foriomlán arna chumhdach ag maoiniú nach bhfuil nasctha le costais;

(b)

tuairisc ar an gcuid den chlár agus ar an gcineál oibríochtaí arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais;

(c)

tuairisc ar na coinníollacha atá le comhlíonadh nó ar na torthaí atá le baint amach agus amlíne;

(d)

táirgí insoláthartha idirmheánacha a spreagfaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún;

(e)

aonaid tomhais;

(f)

an sceideal don aisíocaíocht ón gCoimisiún agus na méideanna gaolmhara atá nasctha leis an dul chun cinn i dtaca le coinníollacha a chomhlíonadh nó torthaí a bhaint amach;

(g)

na socruithe le haghaidh fíorú na dtáirgí insoláthartha idirmheánacha agus lena fhíorú gur comhlíonadh coinníollacha agus gur baineadh amach torthaí;

(h)

na modhanna chun na méideanna a choigeartú, i gcás inarb infheidhme;

(i)

na socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha agus gur baineadh amach torthaí;

(j)

an cineál modha aisíoctha a bheartaítear a úsáid chun an tairbhí nó na tairbhithe a aisíoc i dtosaíocht nó i gcodanna de thosaíocht atá sna cláir a bhaineann leis an Airteagal seo.

2.   Sa chinneadh lena bhformheasfar an clár nó an iarraidh ar leasú ar an gclár, leagfar amach na heilimintí a liostaítear i mír 1.

3.   Aisíocfaidh na Ballstáit na tairbhithe chun críocha an Airteagail seo. Féadfaidh aon chineál tacaíochta a bheith i gceist leis an aisíocaíocht sin.

Díreofar go heisiach ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún nó gur baineadh na torthaí amach, sna hiniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 114 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhéideanna a leagan síos le haghaidh maoiniú ar leibhéal an Aontais nach bhfuil nasctha le costais de réir an chineáil oibríochta, trí na modhanna a leagan síos le haghaidh na méideanna sin a choigeartú agus trí na coinníollacha atá le comhlíonadh nó na torthaí atá le baint amach a leagan síos.

Roinn III

Bristí agus fionraithe

Airteagal 96

An spriocdháta íocaíochta a bhriseadh

1.   Féadfaidh an Coimisiún briseadh a chur sa spriocdháta íocaíochta, seachas i gcás réamh-mhaoiniú, ar feadh uastréimhse 6 mhí i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith;

(b)

tá ar an gCoimisiún fíoruithe breise a dhéanamh tar éis dó faisnéis a fháil go bhféadfadh caiteachas a chuimsítear in iarratas ar íocaíocht a bheith nasctha le neamhrialtacht.

2.   Féadfaidh an Ballstát a aontú tréimhse an bhriste a shíneadh 3 mhí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an briseadh a theorannú don chuid sin den chaiteachas dá ndéanann na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 difear, ach amháin murar féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an Coimisiún an chúis a bhí leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don údarás bainistíochta agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta lena leigheasfar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1.

4.   Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMID, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le briseadh sna híocaíochtaí i ndáil le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.

Airteagal 97

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí, cé is moite de réamh-mhaoiniú, a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair, i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní dhearna an Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud ba chúis le briseadh de réir Airteagal 96;

(b)

gurb ann d’easnamh tromchúiseach;

(c)

go bhfuil an caiteachas in iarratas ar íocaíocht bainteach le neamhrialtacht nach bhfuil ceartaithe;

(d)

gurb ann do thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún i leith nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais i mbaol.

2.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraíocht íocaíochtaí ina n-iomláine nó i bpáirt nuair a bheidh na bearta lena leigheastar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 déanta ag an mBallstát.

3.   Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMID, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí i ndáil le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.

CAIBIDIL II

Cuntais a chur isteach agus a scrúdú

Airteagal 98

Ábhar na gcuntas agus iad a chur isteach

1.   I gcás gach bliana cuntasaíochta ar cuireadh iarratais ar íocaíocht isteach ina leith, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Feabhra, na doiciméid seo a leanas (“an pacáiste dearbhaithe”) lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta roimhe sin:

(a)

na cuntais i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XXIV;

(b)

an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 74(1) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII;

(c)

an tuairim iniúchóireachta bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 77(3) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX;

(d)

an tuarascáil bhliantúil ar rialú dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 77(3) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX.

2.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

3.   Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sna cuntais, ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, de réir an chiste agus de réir na catagóire réigiúin:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta a cuireadh san áireamh san iarratas deiridh ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta agus méid iomlán na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí a rinneadh nó atá le déanamh atá nasctha le cuspóirí sonracha a bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta agus oibríochtaí atá nasctha le cuspóirí sonracha nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta ach lena rannchuidítear le comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin;

(b)

na méideanna arna n-aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta;

(c)

méideanna na ranníocaíochta poiblí arna híoc le hionstraimí airgeadais;

(d)

i gcás gach tosaíochta, míniú ar aon difríochtaí idir na méideanna arna ndearbhú de bhun phointe (a) agus na méideanna arna ndearbhú in iarratais ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta chéanna.

4.   Ní bhaineann an pacáiste ráthaíochta le méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc chun oibríochtaí nó na ranníocaíochtaí poiblí comhfhreagracha a rinneadh nó atá le déanamh agus atá nasctha le cuspóirí sonracha nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin a bhaineann leo comhlíonta cé is moite d’oibríochtaí lena rannchuidítear le comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin, a chur chun feidhme.

5.   Ní bheidh na cuntais inghlactha mura ndearna na Ballstáit na ceartuithe is gá chun an ráta earráide iarmharach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a áirítear sna cuntais a laghdú go dtí 2 % nó níos lú.

6.   Go háirithe, bainfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas as na cuntais:

(a)

an caiteachas neamhrialta a ndearnadh ceartú airgeadais air i gcomhréir le hAirteagal 103;

(b)

an caiteachas atá faoi réir measúnú leanúnach ar a dhlíthiúlacht agus rialtacht;

(c)

méideanna eile de réir mar is gá chun an ráta earráidí iarmharacha a laghdú den chaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais go 2 % nó níos lú.

Féadfaidh na Ballstáit caiteachas faoi phointe (b) den chéad fhomhír a áireamh in iarratas ar íocaíocht i mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin fad agus a dhaingneofar a dhlíthiúlacht agus a rialtacht.

7.   Na méideanna neamhrialta a bhraithfidh an Ballstát tar éis dó na cuntais ina raibh na méideanna sin curtha isteach, féadfaidh sé iad a cheartú trí na coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d’Airteagal 104.

8.   Mar chuid den phacáiste dearbhaithe, déanfaidh an Ballstát an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 43 nó an tuarascáil bhliantúil deiridh ar fheidhmíocht i gcás CEMI, CSI nó IBTV a chur isteach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

Airteagal 99

Scrúdú ar chuntais

Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na cuntais lánchríochnaithe, cruinn agus fíor faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta mura bhfuil feidhm ag Airteagal 102.

Airteagal 100

An t-iarmhéid a ríomh

1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe dá réir sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 98(3) a bhfuil an ráta cómhaoinithe le gach tosaíochta le cur i bhfeidhm maidir leo;

(b)

méid iomlán na n-íocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta;

(c)

i gcás CFRE, CSE+, an Chiste Chomhtháthaithe, CUAC agus CEMID, do na blianta 2021 agus 2022, méid an réamh-mhaoinithe.

2.   I gcás ina bhfuil méid atá inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, i gcás inar féidir, i gcoinne méideanna atá dlite don Bhallstát in íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é gnóthú den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 101

An nós imeachta maidir le cuntas a scrúdú

1.   Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 102 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá tuairim iniúchóireachta cháilithe nó chodarsnach tugtha ag an údarás iniúchóireachta ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas;

(b)

tá fianaise ag an gCoimisiún lena gcaitear amhras ar iontaofacht tuairime iniúchóireachta neamhcháilithe.

2.   I ngach cás eile, ríomhfaidh an Coimisiún na méideanna is inmhuirir i leith na gCistí i gcomhréir le hAirteagal 100 agus déanfaidh sé na híocaíochtaí nó na gnóthuithe faoi seach faoin 1 Iúil. Glacfar leis na cuntais de thairbhe na híocaíochta nó an ghnóthaithe sin.

Airteagal 102

An nós imeachta bréagnaitheach maidir le cuntais a scrúdú

1.   Má thugann an t-údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta atá cáilithe nó neamhfhabhrach ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát na cuntais seo a athbhreithniú agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 98(1) a chur faoina bhráid arís laistigh d’aon mhí amháin.

Más rud é, faoin teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír:

(a)

go bhfuil an tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe, beidh feidhm ag Airteagal 100 agus íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise nó rachaidh sé i mbun gnóthú laistigh de 2 mhí;

(b)

go bhfuil an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe nó nár chuir an Ballstát doiciméid isteach arís, beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Má tá an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas nó má tá an tuairim iniúchóireachta fós neamh-iontaofa, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoin méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta.

3.   I gcás ina n-aontóidh an Ballstát leis an méid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo laistigh d’aon mhí amháin, íocfaidh an Coimisiún laistigh de 2 mhí méid ar bith eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 100.

4.   I gcás nach n-aontóidh an Ballstát leis an méid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, leagfaidh an Coimisiún síos an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é beart den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Íocfaidh an Coimisiún laistigh de 2 mhí méid eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 100.

5.   Maidir leis an mbliain chuntasaíochta deiridh, déanfaidh an Coimisiún iarmhéid bhliantúil na gcuntas a íoc nó a ghnóthú i gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe, ó CUAC agus ó CEMID tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta a ghlacfar an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 43.

CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais

Airteagal 103

Ceartuithe airgeadais le déanamh ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit buiséad an Aontais a chosaint agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm tríd an tacaíocht ó na Cistí d’oibríocht nó do chlár a chur ar ceal ina hiomláine nó i bpáirt i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún neamhrialta.

2.   Déanfar ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta a gcinnfear an cealú.

3.   Féadfaidh an Ballstát an tacaíocht ó na Cistí arna cealú a athúsáid laistigh den chlár lena mbaineann ach amháin le haghaidh aon oibríocht a ndearnadh an ceartú sin uirthi nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

4.   Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMID, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit i ndáil le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, in oibríochtaí lena gcuimsítear ionstraimí airgeadais, an ranníocaíocht a chuirfear ar ceal i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar thoradh ar neamhrialtacht aonair, féadfar í a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

más ar leibhéal an fhaighteora deiridh a thugtar faoi deara an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta, ní fhéadfar í a athúsáid ach d’fhaighteoirí deiridh eile laistigh den ionstraim airgeadais chéanna;

(b)

más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta, i gcás inar trí struchtúr a bhfuil ciste sealbhaíochta aige a chuirtear an ionstraim airgeadais chun feidhme, ní fhéadfar í a athúsáid ach le haghaidh comhlachtaí eile a chuireann cistí sonracha chun feidhme.

Más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht sin is cúis le cealú na ranníocaíochta, nó ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme i gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme trí struchtúr nach bhfuil ciste sealbhaíochta aige, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna.

Má dhéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

6.   Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, déanfaidh siad ranníocaíochtaí cláir a ndearna neamhrialtachtaí difear dóibh a aisíoc leis na Ballstáit, maille le hús agus aon ghnóthachain eile arna nginiúint ag na ranníocaíochtaí seo.

Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, ní dhéanfaidh siad na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aisíoc leis na Ballstáit ar choinníoll go léiríonn na comhlachtaí sin i gcás neamhrialtacht áirithe go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

gur ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh a tharla an neamhrialtacht nó, i gcás ciste sealbhaíochta, gur ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann cistí sonracha chun feidhme nó na bhfaighteoirí deiridh a tharla sí;

(b)

gur chomhlíon na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme a n-oibleagáidí, i ndáil leis na ranníocaíochtaí cláir a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus gur ghníomhaigh siad leis an gcúram gairmiúil, an trédhearcacht agus an dúthracht a éilítear ar an gcomhlacht gairmiúil a bhfuil taithí aige ar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;

(c)

nárbh fhéidir na méideanna a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh a ghnóthú d’ainneoin go ndearna na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme na bearta conarthacha agus dlíthiúla uile b’infheidhme, le dícheall cuí.

Airteagal 104

Ceartuithe airgeadais le déanamh ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais tríd an tacaíocht ó na Cistí do chlár a laghdú, i gcás ina gcinnfidh sé:

(a)

gurb ann d’easnamh tromchúiseach a chuir i mbaol an tacaíocht ó na Cistí atá íoctha cheana féin leis an gclár;

(b)

go bhfuil caiteachas atá i gcuntais ar glacadh leo neamhrialta agus nár bhraith ná nár thuairiscigh an Ballstát é;

(c)

nach bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 97 comhlíonta ag an mBallstát roimh don Choimisiún an nós imeachta maidir le ceartú airgeadais a oscailt.

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais ráta chomhréidh nó eachtarshuite i bhfeidhm, déanfar sin i gcomhréir le hIarscríbhinn XXV.

2.   Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoina chonclúidí agus tabharfaidh sé an deis don Bhallstát, laistigh de 2 mhí, a bharúlacha a chur i láthair agus a léiriú gur lú méid iarbhír na neamhrialtachta ná an méid atá sa tuarascáil ón gCoimisiún. Féadfar an spriocdháta a shíneadh i gcás ina gcomhaontófar sin go frithpháirteach.

3.   I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil le bheith mar bhunús le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

4.   Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé méid agus minicíocht na neamhrialtachtaí nó na heasnaimh thromchúiseacha agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo san áireamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, laistigh de 10 mí tar éis na héisteachta nó tar éis an dáta a chuirfear faisnéis bhreise isteach de réir éileamh ón gCoimisiún.

Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis uile agus na barúlacha uile arna gcur faoina bhráid.

I gcás ina n-aontóidh Ballstát leis an gceartú airgeadais i gcásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát na méideanna lena mbaineann a athúsáid. Ní bheidh feidhm ag an deis sin maidir le cás ceartú airgeadais faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1.

5.   Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMID, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún i ndáil le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta.

6.   Sna rialacha Ciste-shonracha maidir le CUAC, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún i ndáil le neamh-chomhlíonadh spriocanna a bhunaítear i dtaca le CUAC.

CAIBIDIL IV

Saoradh

Airteagal 105

Prionsabail agus rialacha maidir le saoradh

1.   Saorfaidh an Coimisiún aon mhéid i gclár nár úsáideadh le haghaidh réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 90, nó nár cuireadh iarratas ar íocaíocht faoina bhráid ina leith i gcomhréir le hAirteagail 91 agus 92, faoin 31 Nollaig den tríú bliain féilire tar éis bhliain na ngealltanas buiséadach do na blianta 2021 go 2026.

2.   An chuid de na gealltanais a bheidh fós ar oscailt an 31 Nollaig 2029, déanfar í a shaoradh mura gcuirfear an pacáiste dearbhaithe agus an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht le haghaidh na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe, ó CUAC agus ó CEMID faoi bhráid an Choimisiúin faoin teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 43(1).

Airteagal 106

Eisceachtaí ar na rialacha saortha

1.   Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú leis na méideanna atá coibhéiseach leis an gcuid sin den ghealltanas buiséadach ar ina leith:

(a)

a cuireadh na hoibríochtaí ar fionraí trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b)

nach rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

2.   Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoin 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.

Airteagal 107

Nós imeachta maidir le saoradh

1.   Ar bhonn na faisnéise atá faighte aige ón 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát méid an tsaortha ar toradh na faisnéise sin é.

2.   Beidh 2 mhí ag an mBallstát chun aontú leis an méid a bheidh le saoradh nó chun a bharúlacha a chur isteach.

3.   Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe leasaithe ina léireofar, don bhliain féilire lena mbaineann, méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laghdófar an méid tacaíochta de réir an Chiste i gcomhréir leis na méideanna a mbaineann an saoradh leo nár úsáideadh le linn na bliana féilire lena mbaineann.

Mura gcuirfear é sin faoina bhráid, déanfaidh an Coimisiún an plean maoinithe a leasú tríd an ranníocaíocht ó na Cistí a laghdú don bhliain féilire lena mbaineann. Déanfar an laghdú a leithdháileadh idir gach tosaíocht i g