AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.2.2025
COM(2025) 32 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais
1.Réamhrá
Le Rialachán (AE) 2020/1056 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (‘Rialachán eFTI’) bunaítear creat dlíthiúil lena gceadaítear d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis i bhformáid dhigiteach a roinnt leis na húdaráis forfheidhmithe maidir le hiompar earraí de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus d’aer san Aontas Eorpach.
Is é is aidhm do Rialachán eFTI digitiú iompair agus lóistíochta lastais a spreagadh chun costais riaracháin a laghdú, feabhas a chur ar chumas forfheidhmiúcháin na n‑údarás inniúil agus an t‑iompar a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe ná mar atá. Tháinig Rialachán eFTI i bhfeidhm an 20 Lúnasa 2020. Cé go raibh feidhm ag an gcuid is mó de na forálacha ón dáta ar tháinig siad i bhfeidhm nó ón 21 Lúnasa 2024, ní thiocfaidh an ceanglas ar údaráis na mBallstát glacadh le faisnéis a chuirtear i láthair go leictreonach le haghaidh rialaithe, ní thiocfaidh an ceanglas sin i bhfeidhm go dtí an 9 Iúil 2027.
Is iad bunchlocha Rialachán eFTI comhchuibhiú sainmhínithe agus formáidí sonraí, agus bearta chun feabhas a chur ar shreabha sonraí le haghaidh éifeachtúlacht mhéadaithe. Chuige sin, le hAirteagail 2(3), 7, 12(5) agus 13(3) den Rialachán cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Go háirithe:
a)Le hAirteagal 2(3) cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn I ina bhfuil faisnéis rialála a thagann faoi raon feidhme Rialachán eFTI;
b)Le hAirteagal 7 cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán eFTI a fhorlíonadh trí thacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI a bhunú agus a leasú;
c)Le hAirteagal 12(5) cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán eFTI a fhorlíonadh trí rialacha a leagadh síos maidir le deimhniú na n‑ardán eFTI agus maidir le húsáid an mhairc dheimhniúcháin, lena n‑áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú;
d)Le hAirteagal 13(3) cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán eFTI a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na soláthraithe seirbhíse eFTI, lena n‑áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sna hairteagail thuasluaite a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 20 Lúnasa 2020. Déantar tarmligean na cumhachta sin a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
I gcomhréir le hAirteagal 14(2), ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Cumhdaítear an oibleagáid sin leis an tuarascáil seo.
2.Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú
Ó dháta glactha na tuarascála sin, d’fheidhmigh an Coimisiún dhá uair an chumhacht atá aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Rialachán eFTI:
·I gcomhréir le hAirteagal 2(3), an 15 Iúil 2024 ghlac sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2025 ón gCoimisiún chun Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán eFTI a leasú, lena n‑ionchorpraítear tagairtí do cheanglais faisnéise rialála i ndlí náisiúnta ar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu i gcomhréir le Rialachán eFTI.
·I gcomhréir le hAirteagal 7, an 26 Iúil 2024 ghlac sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024 ón gCoimisiún chun Rialachán eFTI a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI a bhunú.
Níor úsáid an Coimisiún fós na cumhachtaí tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagail 12(5) agus 13(3). Mar sin féin, tá na gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus meastar go nglacfaidh an Coimisiún iad sa dara ráithe de 2025.
Glacadh an Rialachán Tarmligthe lena bhforlíontar Rialachán eFTI a mhéid a bhaineann le tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunú, glacadh an Rialachán sin tar éis spriocdháta an 21 Feabhra 2023 a leagtar síos in Airteagal 7(3) de Rialachán eFTI. Tharla sé sin go príomha mar gheall ar chastacht na ngníomhaíochtaí mapála agus samhaltaithe sonraí a bhaineann leis an líon ard gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus gníomhartha dlí náisiúnta a thagann faoi raon feidhme Rialachán eFTI. Bhí tionchar ag géarchéim COVID-19 freisin ar bhailiú agus ar cheadú sonraí, ós rud é go raibh údaráis na mBallstát in earnáil an iompair i mbun bainistithe géarchéime ag an am.
I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ní mór don Choimisiún, sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, dul i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát. Agus an dá rialachán tarmligthe á n‑ullmhú aige, rinne an Coimisiún comhairliúchán iomchuí trédhearcach le saineolaithe na mBallstát agus le hoibreoirí san earnáil ghnó atá rannpháirteach san Fhóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta (
E03280
), go sonrach i bhFoghrúpa 3: Gníomhartha Tarmligthe maidir le Faisnéis Leictreonach faoi Iompar Lastais (eFTI). Thacaigh na saineolaithe leis na forálacha atá sna rialacháin tharmligthe.
Le linn an phróisis nós imeachta agus cinnteoireachta, sheol an Coimisiún na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle araon. Ní dhearna an Pharlaimint ná an Chomhairle agóid in aghaidh ghlacadh an dá rialachán tarmligthe.
Measann an Coimisiún gur cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 7, 12(5) agus 13(3) de Rialachán eFTI a choinneáil i bhfeidhm fad a leanfaidh Rialachán eFTI de bheith infheidhme. Déantar é sin chun a áirithiú go dtabharfar tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI cothrom le dáta, i gcomhréir le hathruithe ar fhorálacha dlíthiúla an Aontais agus ar fhorálacha dlíthiúla náisiúnta i raon feidhme an Rialacháin agus le forbairtí ar chaighdeáin ábhartha an Aontais nó ar chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, agus chun na rialacha a leagan síos agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le deimhniú na n‑ardán eFTI agus na soláthraithe seirbhíse eFTI araon.
3.Conclúid
Leis an tuarascáil seo, chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an úsáid a bhaineann sé as cumhachtaí tarmligthe faoi Airteagal 14 de Rialachán eFTI.
D'fheidhmigh an Coimisiún go gníomhach agus go hiomchuí na cumhachtaí tarmligthe a tugadh dó le Rialachán eFTI. Measann an Coimisiún go raibh sé iomchuí agus go bhfuil sé fós iomchuí an tarmligean cumhachta sin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a fhadú, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán eFTI (fadú intuigthe). Cuirfidh fadú den sórt sin ar chumas an Choimisiúin leanúint de Rialachán eFTI a fhorlíonadh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú, a áirithiú go dtabharfar tacar sonraí comhchoiteanna eFTI agus fothacair sonraí eFTI cothrom le dáta agus a áirithiú go nglacfar forálacha le haghaidh sreabhadh sonraí slán gan uaim i dtimpeallacht malartaithe sonraí eFTI (rialacha maidir le deimhniú ardán eFTI agus soláthraithe seirbhíse eFTI).
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.