Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC01135

    Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 28(3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair — Amontillado

    C/2024/259

    IO C, C/2024/1135, 26.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1135/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1135/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1135

    26.1.2024

    Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 28(3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair

    ‘Amontillado’

    (C/2024/1135)

    Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart agóid a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus Airteagal 27(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (1). Ní mór na ráitis agóide a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    IARRATAS AR MHODHNÚ A BHAINEANN LE TÉARMA TRAIDISIÚNTA

    ‘Amontillado’

    Dáta fála: An 5 Bealtaine 2023

    An líon leathanach (an leathanach seo san áireamh): 3

    Teanga an iarratais ar mhodhnú: Spáinnis

    Uimhir an chomhaid: Ares(2023)3171505

    Téarma traidisiúnta a n-iarrtar an modhnú ina leith: Amontillado

    Iarratasóir: Ard-Stiúrthóireacht na dTionscal Agraibhia, na Nuálaíochta agus Shlabhra an tSoláthair Bia in Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh, Uisce agus Forbartha Tuaithe na hAndalúise

    Seoladh iomlán (uimhir agus ainm sráide, baile/cathair agus cód poist, tír):

    C/ Tabladilla, s/n, 41071 Seville An Spáinn

    Náisiúntacht: Spáinneach

    Teileafón, facs, ríomhphost:

    Teileafón: +34 955032278;

    Facs: +34 955032460;

    Ríomhphost: dgiica.capadr@juntadeandalucia.es

    Tuairisc ar an modhnú:

    Catagóir 1 — Fíon mar chatagóir nua de tháirgí fíniúna a chumhdaítear leis an gcosaint.

    San achoimre ar an sainmhíniú/coinníollacha úsáide, rinneadh an méid seo a leanas:

    ‘Fíon licéir (vino generoso) de ‘Jerez-Xérès-Sherry’, ATFC ‘Montilla-Moriles’, tirim, le cumhra, cnónna, mín agus iomlán sa bhéal, dath an ómra nó an tsean-óir air, agus neart alcóil iarbhír idir 16 agus 22 chéim aige. É tugtha chun cineáil faoi ‘fhlór’ ar feadh 2 bhliain ar a laghad, trí úsáid a bhaint as an gcóras ‘criaderas y soleras’, i gcoimeádáin darach ag a bhfuil uastoilleadh 1 000 lítear.’

    a ionadú leis an sainmhíniú/na coinníollacha úsáide seo a leanas:

    ‘1.

    Féadfar an téarma ‘Amontillado’ a úsáid le haghaidh fíonta ar a bhfuil an téarma ‘vino generoso’ de ‘Jerez-Xérès-Sherry’, ‘Montilla-Moriles’ agus ‘Condado de Huelva’ a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

    a)

    Tugtha chun coinneáil faoi fhlór ar feadh bliana ar a laghad, agus tabhairt chun coinneáil ocsaídiúcháin ina dhiaidh sin.

    b)

    a bhfuil cion alcóil idir 16 % agus 22 % de réir toirte ann.

    c)

    Dath ó órga go hómra dian, agus dea-bholaithe cnónna agus adhmaid air.

    2.

    Féadfar é a úsáid freisin le haghaidh fíonta a bhfuil an téarma ‘vino generoso de licor’ orthu, ar fíonta iad a dtáirgtear 85 % díobh ar a laghad ón bhfíon ar a bhfuil an téarma ‘vino generoso’ ar a dtugtar tuairisc i bpointe 1. Ní mór tásc maidir le cion siúcra an chumaisc a bheidh ann dá bharr a chur díreach i ndiaidh an téarma ‘Amontillado’ nó a chur ar an lipéadú díreach roimh an téarma sin, mar a rialaítear sna sonraíochtaí nó sna rialacháin táirge is infheidhme.’

    Míniú ar na cúiseanna atá leis an modhnú:

    Ar mhaithe le soiléireacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, tá téarmaí traidisiúnta áirithe d’fhíonta d’ainmnúcháin tionscnaimh faoi chosaint de chuid na hAndalúise faoi réir rialacháin faoi Ordú ón Aireacht Réigiúnach Talmhaíochta, Iascaigh, Uisce agus Forbartha Tuaithe an 22 Feabhra 2023, a foilsíodh in Iris Oifigiúil na hAndalúise (Boja) Uimh. 42 an 3 Márta 2023. Is é an tOrdú an ionstraim dlí iomchuí chun na téarmaí traidisiúnta a fhormheas agus chun iad a leasú ina dhiaidh sin i gclár an Aontais Eorpaigh.

    Chun aistriú dlíthiúil ó chreat reachtach reatha an téarma thraidisiúnta ‘Amontillado’ faoi chosaint a áirithiú, bunaíodh agus foilsíodh an sainmhíniú. Sa sainmhíniú, déantar tuairisc ar ghnéithe shainiúla agus comhroinnte na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena mbaintear úsáid as an téarma traidisiúnta. Ar an gcaoi sin, is féidir iomaíocht chothrom a bheith ann idir táirgeoirí agus, san am céanna, tugtar faisnéis shoiléir do thomhaltóirí.

    Ainm an tsínitheora: Ard-Stiúrthóir na dTionscal Agraibhia, na Nuálaíochta agus Shlabhra an tSoláthair Bia


    (1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1135/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top