EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XG0804(01)

Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré 2023/C 275/06

ST/11927/2023/INIT

IO C 275, 4.8.2023, p. 17–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/17


Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

(2023/C 275/06)

Dírítear aird PAK Jae-gyong (uimh. 4), KIM Yong Chol (uimh. 7), HONG Sung-Mu (uimh. 10), JO Kyongchol (uimh. 11), PAK Jong-chon (uimh. 17), Kim Su Gil (uimh. 28), JON Il Ho (uimh. 29), YU Jin (uimh. 31), Yongbyon Nuclear Scientific Research Centre (uimh. 4), ar daoine agus eintiteas iad a luaitear i roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 (1) agus in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 (2), chomh maith le KIM Chang Hyok, dá ngairtear freisin: James Kim (uimh. 8), RYANG Su Nyo (uimh. 10), PYON Won Gun (uimh. 11), PAE Won Chol (uimh. 12), RI Sin Song (uimh. 13), KIM Sung Su (uimh. 14), KIM Pyong Chol (uimh. 15), O Yong Ho (uimh. 31), Pan Systems Pyongyang, dá ngairtear freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System (uimh. 4), Eritech Computer Assembly & Communication Technology PLC (uimh. 5), Korea General Corporation for External Construction (dá ngairtear freisin: KOGEN, GENCO) (uimh. 6), ar daoine agus eintitis iad a luaitear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBSE) 2016/849 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus na n-eintiteas thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 11 Lúnasa 2023, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)  OJ L 141, 28.5.2016, lch. 79.

(2)  OJ L 224, 31.8.2017, lch. 1.


Top