EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0130(01)

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 34/08

PUB/2022/1497

IO C 34, 30.1.2023, p. 11–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 34/11


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 34/08)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Bonnezeaux”

PDO-FR-A0926-AM03

Dáta teachtaireachta: 11.11.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil.

Ní dhéanann sé sin difear d’imlíne an limistéir gheografaigh chríochaithe.

Leasaíodh pointí 6 agus 9 den doiciméad aonair.

2.   Spásáil idir plandaí

Laghdaíodh an spásáil íosta idir plandaí sa ró céanna ó 1 m go dtí 0,90 m.

Is é cuspóir an leasaithe sin méadú ar dhlús plandála a cheadú le haghaidh fíniúnacha gan an spásáil idir rónna a athrú.

Cuireadh foráil speisialta leis le haghaidh fíniúnacha suite ar fhánaí níos géire ná 10 %, agus is féidir spásáil íosta idir plandaí 0,80 m a bheith ag na fíniúnacha sin.

Is é is aidhm leis an bhforáil sin an cás ar leith ina gcuirtear fíniúnacha ar fhánaí géara a chur san áireamh, cás ina éilítear socruithe speisialta le linn chéim an phlandaithe (ag cur comhthreomhar leis an bhfána seachas ingearach leis).

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

3.   Prúnáil

Comhchuibhíodh na rialacha prúnála le haghaidh shonrúcháin limistéir Anjou Saumur i nGleann Loire.

Is é is aidhm leis an gcomhchuibhiú sin eolas na n-oibreoirí a fheabhsú agus seiceálacha a shimpliú. Tugann an leasú sin solúbthacht níos mó do shaothróirí fíniúna dul in oiriúint do shiocáin, atá ag tarlú níos déanaí sa bhliain.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

4.   Aibíocht

Ardaíodh méid siúcra íosta na bhfíonchaor ó 238 go dtí 255 gram in aghaidh an lítir. Rinneadh an méadú sin chun cáilíocht na bhfíonta a fheabhsú, ar fíonta iad a bhfuil siúcraí iarmhartacha acu.

Chun an deacracht maidir le coipeadh úrfhíonta a bhfuil an méid siúcra is airde acu a chur san áireamh: laghdaíodh an t-íosmhéid nirt alcóil iarbhír de réir toirte go dtí 11 % le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos lú ná 18 %; níl an neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi réir uasteorann le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte 18 % ar a laghad a thuilleadh;

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

5.   Neart alcóil iomlán de réir toirte tar éis saibhrithe

Laghdaíodh an t-uasmhéid nirt alcóil iomlán de réir toirte tar éis saibhrithe trí thiúchan páirteach an úrfhíona ó 19 % go dtí 18 %.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

6.   Nasc

Rinneadh eagarthóireacht ar an roinn Nasc, agus athraíodh an tagairt don bhliain 2018 go dtí 2021.

Leasaíodh pointe 8 den doiciméad aonair.

7.   Bearta idirthréimhseacha

Scriosadh bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

8.   Na príomhphointí atá le seiceáil

Cuireadh buaint de láimh in iarrachtaí iomadúla leis na príomhphointí atá le seiceáil.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

9.   Leasuithe eagarthóireachta

Rinneadh líon áirithe athruithe eagarthóireachta ar an tsonraíocht.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

10.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta chun é a ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

11.   Lipéadú

Sonraíodh agus comhchuibhíodh na rialacha lipéadaithe maidir le sonrúcháin limistéir Anjou Saumur i nGleann Loire. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Leasaíodh pointe 9 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Bonnezeaux

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is fíonta geala socra iad sin a dhéantar ó fhíonchaora a bhuaintear agus iad ró-aibí (tiúchan nádúrtha ar an bhfíniúin, le lobhadh uasal nó gan é). Is fíonta bríomhara iad a bhfuil milseacht mhór acu in éineacht le torthaíocht chasta (torthaí triomaithe agus coimhthíocha, bláthanna bána, etc.) agus dath órga éadrom le gealáin ghlasa. Baineann na saintréithe seo a leanas leis na fíonta: Neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte 15 %; Méid siúcra coiptheach (glúcós agus fruchtós) tar éis coipthe 51 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad. Tar éis coipthe, fíonta a bhíonn neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos lú ná 18 % acu, bíonn neart alcóil iarbhír de réir toirte 11 % acu. Bíonn an cion iomlán aigéid agus dé-ocsaíde sulfair le haghaidh fíonta dearga de réir mar a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

25

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.

Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Ceadaítear saibhriú faoi na rialacha a leagtar amach sa tsonraíocht.

Toirmisctear úsáid sliseanna adhmaid.

Ní mór na fíonta a thabhairt chun cineáil go dtí an 15 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Anuas ar na forálacha thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

2.   Dlús

An modh saothraithe

Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Ní mór don spásáil idir na rónna fíniúna a bheith níos mó ná 2.50 méadar, agus ní mór don spásáil idir plandaí sa ró céanna a bheith 0.90 méadar ar a laghad.

Féadfar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a úsáid le haghaidh bhuaint na ndáileachtaí fíonghoirt i gcás ina bhfuil an spásáil idir plandaí sa ró céanna faoi 0.90 méadar ach nach lú ná 0.80 méadar agus i gcás ina bhfuil géire na fána níos mó ná 10 %.

I gcás ina bhfuil dlús plandála 3 300 planda in aghaidh an heicteáir ar a laghad ach níos lú na 4 000 planda in aghaidh an heicteáir sna dáileachtaí fíonghoirt, tá an bhuaint incháilithe do shonrúchán tionscnaimh cláraithe ar choinníoll go gcomhlíontar na rialacha maidir le treilísiú agus airde duilliúir a leagtar síos sa tsonraíocht Ní mór don spásáil idir na rónna fíniúna gan a bheith níos mó ná 3 mhéadar, agus ní mór don spásáil idir plandaí sa ró céanna a bheith 1 mhéadar amháin ar a laghad.

3.   Prúnáil

An modh saothraithe

Prúnáiltear na fíniúnacha agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist, trí úsáid a bhaint as an modh prúnála cána, prúnála spoir nó prúnála measctha. Ag an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn le 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga ar leith), ní mór do na géaga ar a bhfuil torthaí don bhliain in aghaidh an phlanda gan a bheith níos mó ná 10.

4.   Buaint

An modh saothraithe

Buaintear na fíonchaora de láimh in iarrachtaí iomadúla.

5.   Uisciú

An modh saothraithe

Ní cheadaítear uisciú.

5.2.   Uastáirgeacht

30 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tarlaíonn gach céim den táirgeadh sa limistéar geografach ina n-áirítear an bardas seo a leanas den roinn Maine-et-Loire, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021: Bellevigne-en-Layon (críoch bhardas tarmligthe Thouarcé amháin).

Is féidir breathnú ar léarscáileanna a thaispeánann an limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Chenin B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.

1-   Faisnéis maidir leis an limistéar geografach

a)   - Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Luíonn an limistéar geografach i gcroílár réigiún fíonsaothraithe Anjou, agus in 2021 bhí sé teoranta leis an mbardas tarmligthe Thouarcé. Tá an bardas lonnaithe i roinn Maine-et-Loire agus roinneann Abhainn Layon a chríoch. Tá sráidbhaile Bonnezeaux crochta go hard ar fhána ghéar ar bhruach deas na habhann. Is cosúil go dtagraíonn an t-ainm “Bonnezeaux” d’fhoinsí uisce iarnaí.

Fásann na fíonghoirt ar thrí fhána atá ina suí taobh le chéile agus a bhfuil a n-aghaidheanna siar ó dheas. Tugtar “La Montagne”, “Beauregard” agus “Fesles” orthu agus déanann siad stráice 2 800 méadar ar fad agus 500 méadar ar leithead. Is ionann géire na bhfánaí sin agus thart ar 15 % go 20 %. Tá sé suntasach go háirithe ar thaobh thiar “Beauregard” agus ar an bhfána sa lár, ar a dtugtar “La Montagne” go cuí, a thosaíonn gar don sráidbhaile Petit Bonnezeaux. Taobh ó thuaidh de na trí fhána chríochaithe tá ardchlár beagán droimneach ag a bhfuil meán-airde 90 m. Ritheann Abhainn Layon ag airde 29 méadar.

Is leis an tsraith Saint-Georges-sur-Loire é an fostratam geolaíoch, arb é coimpléasc siosta agus gaineamhchloiche é a théann siar go dtí an tréimhse Ordaivíseach uachtarach – Dheavónach íochtarach. In amanna bíonn sé faoi fhoirmíochtaí gairbhéalacha-créúla nó gainmheacha-créúla na tréimhse Ceineamánaí, ar fhána “Fesles” go háirithe. Nocht creimeadh an bonnlach slinntiúil, agus d’fhan an gaineamh agus an chré san áit gar don chladach agus ar an ardchlár. Dá thoradh sin, tá na dáileachtaí atá críochaithe go beacht le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor réasúnta tanaí agus an-saibhir i mbloghanna garbha. Tá dath idir glas agus liath orthu agus uaireanta bíonn sé cosúil le dath moirte fíona. Bíonn cúltaiscí uisce faoi 100 mm acu agus inniúlacht draenála den scoth.

Tá aeráid aigéanach mhaolaithe ag an limistéar geografach agus uisciú teoranta. Tugann fánaí níos airde Choletais agus Mauges foscadh dó ó cheobhráin muirí. Tá na fánaí nochta go háitiúil do na gnáthghaotha ón iardheisceart agus ón iarthar. Bíonn an bháisteach bhliantúil idir 550 mm agus 600 mm a bheag nó a mhór, i gcomparáid le breis agus 800 mm ar fhánaí Choletais agus Mauges. Bíonn an bháisteach le linn thimthriall fáis na fíniúna thart ar 100 mm níos ísle ná an meán sa roinn. Fásann flóra an deiscirt de ghnáth ar na fánaí sin go sonrach mar gheall ar a dtuire choibhneasta agus ar theochtaí a bhíonn níos airde ná a bhíonn sna limistéir máguaird.

b)   - Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha maidir leis an nasc geografach

Fuair an cineál Chenin B, atá ó réigiún Anjou ó thosach é is dócha, suíomh den scoth in Bonnezeaux. Cineál crua is ea é a léiríonn a chumas i ndálaí ithreach dúshlánacha.

D’aithin táirgeoirí go sciobtha tairbhí bhuaint dhéanach an chineáil sin agus teicnící sonracha á n-úsáid acu. Scríobh Cunta Odart an méid seo a leanas ina “Traité des cépages” a thráchtas ar fhíniúnacha 1845: “Ba cheart dúinn coinníoll a chur leis gan na fíonchaora a bhuaint go thart ar Lá Fhéile na Naomh Uile, nuair atá na fíonchaora ró-aibí agus tá a gcraicinn morgthach tar éis a bheith bogtha ag an mbáisteach.” I bhfocail eile, is buaint thipiciúil í an bhuaint dhéanach. Ina shaothar ó 1816 “Topographie de tous les vignobles connus”, luaigh Jullien “Le haghaidh na blianta fíona maithe, téann na bainteoirí fíonchaoire trí na fíniúnacha arís agus arís eile; ní úsáidtear na fíonchaora a bhaintear sa chéad dá iarracht ach le haghaidh na bhfíonta is aibí amháin, ag soláthar na bhfíonta i gcomhair onnmhairithe, agus úsáidtear na fíonchaora ón tríú iarracht le haghaidh tomhaltas intíre.”

De thoradh na dtorthaí agus na n-anailísí a rinne roinnt glúnta táirgeoirí, tá fíonta “Bonnezeaux” i measc na bhfíonta is fearr in Anjou. Chun sliocht a thabhairt as an aistriúchán Fraincise, dar teideal “Nouvelle Géographie Universelle”, [de Ghraiméar Geografach, Stairiúil agus Tráchtála Nua] le tíreolaí Briotanach William Guthrie (1708-1770), arna foilsiú in 1802: “Is féidir fíonta Anjou a roinnt ina dtrí aicme. Tagann siad siúd sa chéad aicme ó na sráidbhailte Faye, Saint-Lambert, Rablé, Maligny, Chavagne agus Thouarcé, limistéar ina mbíonn fíonghoirt Bonnezeaux.”

Rinneadh go leor tagairtí do na fíonghoirt mór le rá sin ó shin. Chuir an ghéarchéim phylloxera dianshrian lena bhfás, agus níor leanadh ach le margadh áitiúil amháin soláthairtí a fháil. Mar gheall ar thromiarrachtaí cheardchumann tháirgeoirí “Bonnezeaux”, ar theastaigh uathu táirgeachtaí a choimeád íseal agus an cleachtas fíonchaora a bhuaint in iarrachtaí iomadúla a choinneáil i mbun, tháinig an fíon ar ais ar mhargadh na Fraince sular onnmhairíodh ar an gcoigríoch é arís. Aithníodh sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Bonnezeaux” ar an 6 Samhain 1951.

8.2.

2   - Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge

Bíonn tóir ar an fíonta mar gheall ar an bhfuinneamh a bhaineann leo. Tugtar le chéile a gcuid milseachta móire, a bhaineann le méid ard siúcra coipthigh, agus a gcuid torthaíochta a bhíonn casta go minic (torthaí triomaithe, torthaí coimhthíocha, bláthanna bána, etc.) agus gan choinne seans nuair a chuirtear gnáthdhath órga éadrom na bhfíonta agus a ngealáin ghlasa san áireamh. Cuireann an chothromaíocht idir aigéadacht, alcól agus míne ar chumas na bhfíonta castacht níos mó fós a fháil i gcaitheamh na mblianta.

3   - Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Na fíonghoirt sin, lena bhfánaí ag a bhfuil aghaidheanna siar ó dheas agus ithreacha éadoimhne agus clochacha ag a bhfuil airíonna teirmeacha eisceachtúla, tá siad fabhrach d’fhás luath agus d’aibiú chineál Chenin B. De thoradh na ngnáthghaoth a scuabann na fánaí agus sholáthar uisce an-íseal na bhfíonghort atá ag fás ar chnámhithir, dlúthaítear na fíonchaora ar an bhfíniúin trí sleabhcadh nó triomú, ar rud é atá ina saintréith de na fíonghoirt sin. Rinne na táirgeoirí a ndícheall leis an tsainiúlacht sin. Léiríonn na táirgeachtaí an-íseal cé chomh tiomanta a bhíonn na táirgeoirí do cháilíocht na bhfíonchaor.

Tá cáil bhreá fíonta “Bonnezeaux” de bharr bhuaint dhéanach fhíonchaor Chenin B ar na fánaí sin, a dhéantar in iarrachtaí iomadúla ionas go roghnaítear fíonchaora an-aibí. Tá dlúthcheangal idir stair agus cáil fhíonta “Bonnezeaux” agus fíonta de chuid Anjou agus “Coteaux du Layon”.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

API

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Tá an limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir le fíonsaothrú, táirgeadh agus teacht chun cineáil na bhfíonta, déanta de chríoch na mbardas seo a leanas de roinn Maine-et-Loire, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Aubigné-sur-Layon, Beaulieu-sur-Layon, Bellevigne-en-Layon (críoch bhardais tarmligthe Champ-sur-Layon, Faveraye-Mâchelles, Faye-d’Anjou agus Rablay-sur-Layon amháin), Blaison-Saint-Sulpice, Brissac Loire Aubance (críoch bhardais tarmligthe Alleuds, Brissac-Quincé, Charcé-Saint-Ellier-sur-Aubance, Luigné, Saint-Rémy-la-Varenne, Saint-Saturnin-sur-Loire, Saulgé-l’Hôpital agus Vauchrétien amháin), Brossay, Chalonnes-sur-Loire, Chaudefonds-sur-Layon, Chemillé-en-Anjou (críoch bhardais tarmligthe Chanzeaux agus Valanjou amháin), Denée, Doué-en-Anjou (críoch bhardas tarmligthe Brigné amháin), Les Garennes-sur-Loire, Lys-Haut-Layon (críoch bhardas tarmligthe Tigné amháin), Mozé-sur-Louet, Mûrs-Erigné, Rochefort-sur-Loire, Saint-Melaine-sur-Aubance, Savennières, Soulaines-sur-Aubance, Terranjou, Val-du-Layon.

Lipéadú: téarmaí roghnacha

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

- Na téarmaí roghnacha, ar féidir go bhfuil a n-úsáid rialaithe ag na mBallstáit faoi fhorálacha an Aontais, déantar iad a phriontáil ar na lipéid i litreacha nach féidir a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Lipéadú: sonrúchán geografach “Val de Loire”

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Méid na litreacha d’ainm geografach “Val de Loire”, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Lipéadú: aonad geografach níos lú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcás fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh cláraithe, féadfar aonad geografach níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas: - is suíomh cláraithe é; - bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte. Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite cláraithe a phriontáil, ní féidir iad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-2bee3ad4-2dc7-4d79-9977-b2e2f0980fbb


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2..


Top