AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 12.12.2023
COM(2023) 630 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir le Cosaint an Daonlathais
1.RÉAMHRÁ
Is luachanna bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha. Tá siad mar bhonn faoi gach rud a bhaineann an tAontas amach maidir le síocháin, rathúnas, iomaíochas eacnamaíoch, comhtháthú sóisialta agus cobhsaíocht a chothú ar fud na mór-roinne agus ar fud an domhain
. Is é bunbhrí an daonlathais gur féidir le saoránaigh a dtuairimí a nochtadh gan bhac agus páirt a ghlacadh sa saol daonlathach, a n-ionadaithe polaitiúla a roghnú, agus cead cainte a bheith acu ina dtodhchaí. Ba cheart go mbeadh saoránaigh ábalta a dtuairimí féin a cheapadh i spás poiblí inar féidir tuairimí éagsúla a chur in iúl, i gcás ina bhfuil sé de cheart acu easaontú agus rialtais a athrú trí thoghcháin, saor ó chur isteach, idir chur isteach eachtrach agus chur isteach intíre. Le flúirse na dtoghchán áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, tá an tAontas agus a Bhallstáit ar cheann de na heispéiris dhaonlathacha is doimhne ar domhan. Tá an daonlathas Eorpach agus na cearta agus na saoirsí a bhaineann leis i gcroílár ár sochaithe oscailte trédhearcacha.
Ach tá dúshláin ag baint leis an daonlathas, agus tá naimhde aige freisin. Féachann córais údarásacha air mar bhagairt, bíodh sé sin sa bhaile nó thar lear. Mar thoradh air sin, ghlac roinnt córas den sórt sin beartas comhfhiosach chun an bonn a bhaint den phróiseas daonlathach san Aontas. Is é is aidhm dóibh an bonn a bhaint d’institiúidí daonlathacha, brú a chur ar na meáin agus an spás don tsochaí shibhialta a laghdú. D’fhéadfadh sé sin a bheith idir iarrachtaí teacht i dtír ar an deighilt shochaíoch agus droch-mhuinín in institiúidí seanbhunaithe agus cailliúint dóchais iontu a spreagadh, chun guth daonlathach na saoránach agus na sochaí sibhialta a lagú, dul i mbun ionramháil faisnéise agus bréagaisnéise, agus feachtais toghcháin a shaobhadh go díreach. Léirítear le taithí le déanaí cé chomh tapa is féidir leo siúd ar mian leo fuath a chothú inár sochaí deiseanna nua a thapadh, agus an gá don Aontas bheith i dtús cadhnaíochta maidir le fórsaí millteacha den sórt sin a chomhrac.
Tá aird pholaitiúil atá ag méadú, ar an leibhéal náisiúnta agus in institiúidí an Aontais tugtha do chur isteach ó lasmuigh den Aontas inár bpróiseas daonlathach, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as seachvótálaithe. Roinneann an Coimisiún go leor de na hábhair imní a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl, lena n-áirítear an gá atá le straitéis chomhordaithe de chuid an Aontais i gcoinne cur isteach eachtrach agus ionramháil faisnéise. Is bunchloch den daonlathas iad saorthoghcháin chóra, agus tá próisis toghcháin neamhspleácha thrédhearcacha ríthábhachtach do thimpeallacht toghcháin iomaíoch chun iontaoibh na saoránach i sláine na dtoghchán agus a dtorthaí a áirithiú. Tá fianaise atá ag méadú ann ar chásanna amhail reachtóirí a haiceáladh roimh thoghcháin, brústocaireacht cheilte trí sheachvótálaithe, taighde bréige a eisíodh chuig taifid chearta an duine a cheilt, agus suíomhanna gréasáin a mhaíonn gur ardáin neamhspleácha sna meáin atá iontu agus iad ag éascú feachtais cur isteach polaitiúil faoi cheilt. Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh ar an daonlathas agus ar na luachanna uile a seasann an tAontas Eorpach ina leith freisin, géaraíodh tuilleadh an baol um chur isteach eathrach. Léirítear i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí go gcreideann 81 % de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu san Aontas go bhfuil cur isteach eachtrach inár gcórais dhaonlathacha ina fhadhb thromchúiseach nach mór aghaidh a thabhairt uirthi.
Tá an gá bheith réamhghníomhach chun an daonlathas a chosaint, agus chun an smacht reachta a neartú agus chun cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint á aithint níos mó agus níos mó ag an Aontas . Tá obair ar na bearta a chuir an Coimisiún chun cinn in 2020 sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach faoi bhealach, rud a chuidíonn le hathléimneacht dhaonlathach a neartú trí shláine na dtoghchán a chur chun cinn, trí shaoirse agus iolrachas na meán a chosaint, agus trí neartú a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise, na hionramhála agus an chur isteach eachtraigh ar fhaisnéis. Leagtar amach sa Teachtaireacht seo an dóigh ar oibrigh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an Ardionadaí, ar na réimsí sin go léir trí phríomhreachtaíocht agus trí thionscnaimh pholaitiúla eile, rud a threisíonn an athléimneacht shochaíoch ón taobh istigh agus rannpháirtíocht dhíreach na saoránach.
Ag an am céanna, tá freagairt tugtha ag an Aontas ar na rioscaí éagsúla a bhaineann le cur isteach eachtrach ar bhealaí éagsúla. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar rioscaí a théann i gcion ar an tslándáil eacnamaíoch, mar gheall ar rannpháirtíocht gníomhaithe atá comhlachaithe le tríú tíortha sa mhargadh inmheánach nach bhfuil spreagtha go príomha ag réasúnaíochtaí an mhargaidh. Áirítear le céimeanna togra le haghaidh uirlis nua chun úsáid as chomhéigean eacnamaíoch ag tríú tíortha a chomhrac, rialacha maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha a scagadh i gcás ina bhféadfadh an tslándáil nó an t-ord poiblí a bheith i mbaol, chomh maith le bearta i réimse na cibearshlándála, na slándála taighde agus an chomhraic i gcoinne bagairtí hibrideacha. In imthosca an-tromchúiseach, chun freagairt do bhagairtí nó do riosca bagairtí ar leasanna bunúsacha an Aontais agus do chuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, tá bearta sriantacha forchurtha ag an Aontas faoi chórais smachtbhannaí an Aontais.
Leis an Teachtaireacht seo tugtar isteach an pacáiste maidir le cosaint an daonlathais a fógraíodh san
aitheasc ar Staid an Aontais 2022
. Dírítear an pacáiste ar thogra reachtach arb é is aidhm dó feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht dhaonlathach trí sholas a chaitheamh ar thionchar eachtrach faoi cheilt, chomh maith le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chaighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha. Forbraíodh an togra trí chomhairliúchán fairsing leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara agus trí mheasúnú tionchair iomlán.
Beidh na toghcháin Eorpacha atá le teacht ina gcás le haghaidh tástáil ríthábhachtach maidir le hathléimneacht ár bpróiseas daonlathach. Áirítear sa phacáiste moladh spriocdhírithe chun saorthoghcháin chóra athléimneacha a chur chun cinn, agus chun iad a chosaint ar chibearionsaithe agus ar iarrachtaí eile ár dtimpeallacht dhaonlathach agus toghcháin a shaobhadh nó a ionramháil.
Oibríonn an Coimisiún freisin leis na Ballstáit chun spás sibhialta a chur chun cinn agus a chosaint ina soláthraítear na coinníollacha agus na huirlisí cumasúcháin don tsochaí shibhialta agus do shaoránaigh atá gníomhach agus neamhspleách chun go mbeidh siad níos rannpháirtí. D’fhéadfadh sé sin cur lenár stáit dhaonlathacha a dhéanamh níos athléimní. Tógann sé sin ar infheistíocht a rinneadh cheana féin agus ar bhealaí nua a úsáid le haghaidh rannpháirtíocht saoránach sa réimse poiblí arna dtreisiú leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus leis an obair leantach a rinneadh ina leith. Leagtar amach i moladh tiomnaithe bealaí chun rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht éifeachtach saoránach agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur chun cinn i bpróisis ceaptha beartas poiblí.
Tá an pacáiste maidir le cosaint an daonlathais ina chuid de shraith tionscnamh a léiríonn cur chuige réamhghníomhach maidir le seasamh le luachanna an Aontais. Ó bhí 2020 ann, tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcás sna Ballstáit ina Thuarascálacha bliantúla ar an Smacht Reachta. Leis na tionscnaimh frithéillithe agus eitice a cuireadh ar aghaidh i dtús 2023, féachtar freisin leis an daonlathas a chosaint ar thionchar creimneach an éillithe, lena n-áirítear ó ghníomhaithe eachtracha. Is é is aidhm don Teachtaireacht Chomhpháirteach le déanaí maidir le fuath a chomhrac dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an fhuatha agus Eoraip chuimsitheach, éagsúil agus dhaonlathach a chur chun cinn. Tá straitéisí á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún chun an t-idirdhealú a chomhrac, rud a chuireann comhdheiseanna chun cinn freisin maidir le rannpháirtíocht chuimsitheach. I dtuarascáil 2022 ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha, díríodh ar an spás sibhialta agus ar a ról maidir le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn. Is croíphrionsabail iad freisin i gcur chuige an Aontais maidir le digitiú agus dul chun cinn teicneolaíoch daoine agus a gcearta a chur i gcroílár an aistrithe dhigitigh. Tá an cur chuige sin i gcroílár bheartas um méadú an Aontais freisin, agus treoraítear leis obair an Aontais ar fud an domhain chun tacú leis an daonlathas agus le luachanna uilechoiteanna chearta an duine agus leis an smacht reachta agus iad a chur chun cinn i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020-2024). Ina ghníomhaíochtaí uile, geallann an Coimisiún go rachaidh sé i dteagmháil le heagraíochtaí a urramaíonn luachanna daonlathacha agus cearta bunúsacha, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE agus sa Chairt.
2.
TRÉDHEARCACHT NA hIONADAÍOCHTA LEASA EACHTRAIGH i réimse daonlathach AN AONTAIS a áirithiú trí cheanglais chomhchuibhithe
Tá an tAontas Eorpach ar oscailt don domhan agus oibríonn sé go gníomhach le comhpháirtithe ar fud na cruinne. Tá malartuithe trédhearcacha agus oscailte ar fud tíortha agus cultúr agus rochtain ar fhaisnéis mar chuid dár bhféiniúlacht agus tá siad comhthairbheach ar gach leibhéal. Tá an deis ag rialtais, ag údaráis phoiblí agus ag gníomhaithe polaitiúla ó lasmuigh den Aontas a dtuairimí a chur in iúl agus d’fhéadfadh siad iarracht a dhéanamh na tuairimí sin a léiriú sa díospóireacht dhaonlathach agus tionchar a imirt ar bheartais maidir le saincheisteanna éagsúla. Nuair a dhéanann siad é sin trí eintitis a dhéanann ionadaíocht dá leasanna, braitheann dlisteanacht na hionadaíochta leasa sin ar a thrédhearcacht agus ar a chuntasacht.
Mar sin féin, tá ábhar inmí ag dul i méid san Aontas gur féidir teacht i dtír ar oscailteacht ár sochaithe: cur isteach arna dhéanamh ag rialtais eachtracha ar mian leo tuairim an phobail a ionramháil agus an díospóireacht dhaonlathach a shaobhadh. Tá méadú tagtha ar an riosca sin mar gheall ar thírdhreach bagartha dinimiciúil, agus is féidir le rialtais tríú tír úsáid a bhaint as acmhainní poiblí chun feachtais tionchair fhairsinge agus mharthanacha a chur i gcrích, faoi cheilt uaireanta, agus chun a leasanna polaitiúla agus geopholaitiúla ach toghlaigh bhaile a bheith thíos leis. Tá sonraí inchomparáide faoin bhfeiniméan seo san Aontas gann. Tá cuntasacht agus maoirseacht theoranta mar thoradh air sin freisin. Is é an dóigh is fearr le sláine ár spáis dhaonlathaigh a chosaint agus chun cur isteach eachtrach a chosc trédhearcacht agus oscailteacht maidir leis an dóigh a léirítear ár leasanna eachtracha a spreagadh. Ar bhonn níos leithne, is é córas polaitiúil agus institiúideach atá bunaithe ar shláine, ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht sa saol poiblí an ráthaíocht is fearr i gcoinne an éillithe, agus ba cheart do chomhlachtaí poiblí na caighdeáin trédhearcachta is airde a lorg mar chuid thábhachtach d’iarrachtaí níos leithne chun dul i ngleic leis an éilliú.
Tá úsáid níos mó agus níos mó á baint ag rialtais tríú tíortha as gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa mar aon le bealaí agus próisis thaidhleoireachta fhoirmiúla
lena gcuspóirí beartais a chur chun cinn. Tá na ceanglais maidir le trédhearcacht agus tuairisciú le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa á rialáil faoi láthair ar bhealaí éagsúla, agus ar mhéideanna éagsúla, sna Ballstáit. Tá sé éigeantach le roinnt dlíthe náisiúnta go gclárófar agus braitheann cuid eile acu ar fhéinrialáil. Go bunúsach, féadfaidh na rialacha a bheith difriúil, mar shampla i dtéarmaí na gcineálacha gníomhaíochtaí agus na n-eintiteas a cheanglaítear le hoibleagáidí. Ós rud é gur gníomhaíocht lena bhfuil gné thrasteorann atá ag éirí níos mó í an ionadaíocht leasa, tá gá le freagairt ón Aontas chun cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní breise sa mhargadh inmheánach agus ar an mbaol a bhaineann le cumasc tírdhreach rialála. Mar gheall ar ilroinnt, forchuirtear costais bhreise agus cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil, agus éilítear ar sholáthraithe infheistíocht a dhéanamh i gcéimeanna comhlíonta ar leith agus oiriúnú do cheanglais éagsúla dhlínsí éagsúla an Aontais. Gan gníomhaíocht ón Aontas, tugann na Ballstáit aghaidh ar na rioscaí agus ar na bagairtí a sainaithníodh don daonlathas go haontaobhach, rud a bhaineann an bonn den mhargadh inmheánach, agus lena n-éascaítear iarrachtaí ó thríú tíortha rialacha éagsúla a úsáid chun a leasa agus iad ag féachaint le tionchar a imirt faoi cheilt ar ár bpróiseas daonlathach.
Dá bhrí sin, tá togra á chur chun cinn ag an gCoimisiún le haghaidh cur chuige comhchuibhithe chun fáil réidh le bacainní sa mhargadh inmheánach agus uirlisí trédhearcachta a thabhairt don Aontas lena gcuirfear ar a chumas an daonlathas a chosaint, chun bheith ina shochaí oscailte agus chun cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun rochtain a fháil ar fhaisnéis. Tá sé mar aidhm aige ardleibhéal comhchoiteann trédhearcachta agus cuntasachta daonlathaí a áirithiú ar fud an Aontais maidir le feachtais bhrústocaireachta a sholáthraítear mar sheirbhís, chomh maith le gníomhaíochtaí comhchosúla arna ndéanamh ag eintitis thar ceann rialtas tríú tír a bhfuil iarracht á déanamh acu tionchar a imirt ar fhorbairt, ar cheapadh nó ar chur chun feidhme beartais phoiblí nó reachtaíochta poiblí, nó próiseas cinnteoireachta poiblí. Mar sin, cuirfidh sé sa mheántéarma freisin le tuiscint níos fearr agus feasacht phoiblí maidir le méid, treochtaí agus gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin. Chuirfeadh sé sin ar chumas shaoránaigh an Aontais agus na n-údarás poiblí an spreagadh atá taobh thiar díobh a thuiscint agus féachaint cad iad na tríú tíortha a dhéanamh infheistíocht chun tionchar a imirt ar dhíospóireacht dhaonlathach agus ar na próisis chinnteoireachta san Aontas.
Chuirfeadh an togra ón gCoimisiún le sláine agus oscailteacht na díospóireachta poiblí trína áirithiú, nuair a fhéachann tríú tíortha le tionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha an Aontais trí idirghabhálaithe, go ndéanfar é sin ar bhealach trédhearcach. Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhlachais, chomh maith leis an tsaoirse acadúil agus saoirse an taighde eolaíoch, fíorthábhachtach don díospóireacht dhaonlathach agus níor cheart go ndéanfaí difear suntasach dóibh leis na ceanglais trédhearcachta theoranta agus chomhréireacha atá beartaithe . Is faoi na soláthraithe seirbhíse atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis na seirbhísí is mian leo a thairiscint. Ní chumhdófaí leis na ceanglais maoiniú a fhaigheann eagraíochtaí sochaí sibhialta nó daoine eile ó rialtas tríú tír nach mbaineann le gníomhaíocht ionadaíochta leasa. Áirítear leis an togra freisin coimircí cuimsitheacha lena áirithiú nach ndéanfar eintitis atá faoi réir na gceanglas trédhearcachta a stiogamú, ná nach dtabhófaí iarmhairtí díreach mar gheall go bhfuil siad cláraithe.
Dírítear sa Treoir atá beartaithe ar ghníomhaíochtaí ionadaíochta leasa, i.e. gníomhaíochtaí a dhéantar d’fhonn tionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha, ar de chineál eacnamaíoch iad agus a dhéantar thar ceann tríú tíortha. Chumhdófaí leis na heintitis uile atá ag gabháil do ghníomhaíocht lena bhféachtar le tionchar a imirt ar fhorbairt, ar cheapadh nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta poiblí, san Aontas Eorpach. D’fhéadfaí a áireamh leis sin cuideachtaí brústocaireachta agus caidreamh poiblí, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí sochaí sibhialta, institiúidí taighde príobháideacha, agus institiúidí taighde poiblí a chuireann seirbhísí taighde ar fáil, chomh maith le comhairleoirí agus brústocairí intí, a dhéantar thar ceann tríú tíortha d’fhonn tionchar a imirt ar an saol poiblí agus ar an bpróiseas daonlathach san Aontas. Nuair a tharlaíonn sé sin, má tá rialtas eachtrach taobh thiar den ghníomhaíocht, ba cheart go mbeadh sin trédhearcach. Eisiatar go sonrach leis an togra gníomhaíochtaí amhail ionadaíocht taidhleoireachta nó ionadaíocht dhlíthiúil i dtriail.
Bheadh feidhm ag an Treoir ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach, agus bheadh fíorbheagán foirmiúlachtaí riaracháin ag baint leis. Chuirfí na heintitis a thagann faoina raon feidhme faoi réir ceanglais chlárúcháin éigeantacha, ach teoranta agus comhréireach léi. Iarrfaí ar na Ballstáit cláir náisiúnta atá ann cheana a bhunú nó a oiriúnú chun trédhearcacht na ngníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a áirithiú. Ba cheart ceanglais rochtana shimplí shoiléire a bheith le cláir den sórt sin chun clárú agus forfheidhmiú a éascú. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, d'iarrfaí ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le heintitis a bhfuil orthu clárú sonraí a cuireadh isteach cheana féin i gcláir náisiúnta eile a athúsáid (prionsabal na ‘hAonuaire’), i gcás inar féidir. Ba cheart go mbeadh faisnéis faoi na hoibleagáidí agus na foirmiúlachtaí clárúcháin a bhunaítear leis an Treoir seo ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach lena mbunaítear ionad ilfhreastail chun faisnéis a thabhairt do ghnólachtaí agus do shaoránaigh faoi rialacha agus nósanna imeachta sa Mhargadh Aonair. Bheadh na gnéithe is tábhachtaí de na sonraí cláraithe ar fáil go poiblí, rud a éascóidh trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí feabhsaithe, agus rialacha cosanta sonraí an Aontais á gcomhlíonadh go hiomlán.
I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus le treoirlínte ó Choimisiún na Veinéise de chuid Chomhairle na hEorpa, chuimseofaí sa Treoir freisin coimircí chun nach mbainfí mí-úsáid as ceanglais chlárúcháin chun críocha cearta agus saoirsí bunúsacha a theorannú, amhail na saoirsí chun tuairimí a nochtadh nó an tsaoirse chun comhlachais, saoirse acadúil nó ealaíonta, nó chun an spás sibhialta a shrianadh go míchuí. Ar an gcéad dul síos, thabharfaí de chumhacht d’údaráis mhaoirseachta neamhspleácha taifid theoranta a iarraidh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna sin amháin, agus ar bhealach comhréireach. Ba cheart go mbeadh cumhachtaí arna sainiú go soiléir agus teorannaithe ag an údarás maoirseachta, agus ba cheart go mbeadh an inniúlacht aige maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmithe, lena n-áirítear a áirithiú nach ndtiocfaidh aon iarmhairtí díobhálacha as clárú. Ar an dara dul síos, ba cheart fíneálacha riaracháin comhréireacha a bheith ann as neamhchomhlíonadh, faoi réir athbhreithniú breithiúnach agus leigheasanna éifeachtacha, chun éifeachtaí féideartha éifeacht athchomhairleacha a sheachaint. Chruthófaí leis an togra freisin creat comhair le haghaidh faisnéis a mhalartú idir údaráis mhaoirseachta.
Le comhchuibhiú iomlán maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na treorach atá beartaithe, chuirfí bac ar na Ballstáit ceanglais bhreise a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach faoi chuimsiú na rialacha comhchuibhithe. Chuirfeadh sé sin teorainn bhreise leis an riosca go mbeadh rialacha agus cleachtais náisiúnta éagsúla ann agus go bhféadfadh sé a bheith díréireach agus smachtúil. Ag an am céanna, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, bheadh sé de shaoirse ag na Ballstáit rialacha a bhunú maidir le réimsí nach gcumhdaítear leis an Treoir, mar shampla rialacha maidir le teagmhálacha idir a n-oifigigh phoiblí agus ionadaithe leasa.
Bheadh an togra sin ina phríomhchéim chun dul i ngleic le cur isteach eachtrach bunaithe ar chreat lena ndéanfar ceanglais trédhearcachta sa mhargadh inmheánach a chomhchuibhiú agus lena n-éascófar forléargas ar leasanna tríú tíortha dá ndéantar ionadaíocht san Aontas. Is freagairt spriocdhírithe chomhréireach é ar ábhair imní reatha. Bheadh gá lena chur chun feidhme, agus go háirithe éifeachtacht agus comhréireacht na rialacha, a choinneáil faoi athbhreithniú agus measúnú tráthúil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá le hathbhreithnithe nó céimeanna breise, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le raon feidhme na hidirghabhála agus chomh maith le macnamh maidir leis an bhféidearthacht go gcruthófaí tairseach ar leibhéal an Aontais lena nasctar cláir náisiúnta. I gcomhthráth leis sin, leanfaidh an Coimisiún le faireachán a dhéanamh ag athchóirithe sna Ballstáit agus tacú leo chun trédhearcacht na brústocaireachta a áirithiú. Aithnítear i dtuarascálacha ar an Smacht Reachta go bhfuil sé seo ina phríomhghné maidir le sláine, trédhearcacht agus cuntasacht a chothú sa saol poiblí. Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta de ghrúpaí páirtithe leasmhara freisin chun cúrsaí a phlé faoi chur i bhfeidhm na rialacha.
Ar leibhéal an Aontais, cumhdaítear le Clár Trédhearcachta an Aontais gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag ionadaithe leasa arb é is cuspóir dóibh tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta institiúidí an Aontais. Is féidir le saoránaigh agus grúpaí leasa é a úsáid chun breathnú ar thionchar féideartha ionadaithe leasa i leith cinnteoirí, agus ar an dóigh sin ionadaíocht leasa eiticiúil agus thrédhearcach a chur chun cinn. Forlíontar é le cód iompair, chomh maith le bearta trédhearcachta inmheánacha in institiúidí an Aontais maidir le cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí eile le brústocairí. Cé go bhfuil raon feidhme difriúil aige i gcomparáid leis an Treoir atá beartaithe, cumhdaítear le Clár Trédhearcachta an Aontais cheana féin gníomhaíochtaí lena mbaineann tionchar eachtrach nuair a dhéanann eintitis eachtracha gan stádas taidhleoireachta iad, nó aon eintitis a dhéanann brústocaireacht ar institiúidí an Aontais thar ceann tríú tíortha. A luaithe a bheidh toradh an phlé idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an Treoir atá beartaithe soiléir, breithneoidh an Coimisiún an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail clárú dúbailte agus an bhforbrófar naisc fhéideartha idir cláir náisiúnta faoin Treoir agus faoin gClár Trédhearcachta.
Leis an Treoir atá beartaithe, chomhlánófaí na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí digiteacha faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta agus foilsitheoirí faoin togra maidir le fógraíocht pholaitiúil, a bhfuil raon feidhme difriúil ag an dá cheann acu. Tá bearta coisctheacha nithiúla a mholtar sa Limistéar Eorpach Taighde chun feasacht a chruthú faoi chur isteach eachtrach agus athléimneacht a chothú ar fud na hearnála, ag tógáil ar an bhFoireann Uirlisí maidir le Dul i nGleic le Cur isteach Eachtrach ar Thaighde agus Nuálaíocht
, comhlántach freisin. Tá sé i gcomhréir le caighdeáin ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin. Ina theannta sin, tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí amhail malartú dea-chleachtais maidir le saoránaigh a chur ar an eolas, athléimneacht a fhorbairt agus dul i ngleic go gníomhach leis an ábhar cur isteach i réimse daonlathach na hEorpa, lena n-áirítear oiliúint, litearthacht sna meáin, múscailt feasachta agus smaointeoireacht chriticiúil. Tá sraith gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún freisin
chun tacú le riaracháin na mBallstát athchóirithe a ullmhú, treochtaí amach anseo a réamh-mheas agus comhar riaracháin a thacaíonn le struchtúir dhaonlathacha a neartú. Tugtar tacaíocht freisin i gcomhair iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta chun tuilleadh athchóirithe a dhéanamh a threisíonn struchtúir agus próisis dhaonlathacha
.
Leis an togra seo, féachann an Coimisiún le cur le caighdeáin a leagan síos, ní hamháin san Aontas, ach ar scála domhanda freisin, maidir le conas aghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach faoi cheilt ar bhealach comhleanúnach, cothrom agus comhréireach, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán. Trí dhíriú ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht dhaonlathach agus trí rialacha spriocdhírithe a thabhairt isteach lena ngabhann coimircí láidre, sa chur chuige sin aimsítear cothromaíocht idir feidhmiú na gceart bunúsach agus leas an phobail.
Tá dul chun cinn á dhéanamh ar fud an domhain maidir le tuiscint a fháil ar fheiniméan an chur isteach eachtraigh agus le beart a dhéanamh chun dul i ngleic leis. Tá creataí tugtha isteach nó á n-ullmhú ag roinnt dlínsí lasmuigh den Aontas – amhail an Astráil, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe – chun trédhearcacht thionchar an rialtais eachtraigh a rialáil trí bhíthin ceanglais shonracha maidir le nochtadh agus clárú is infheidhme maidir le brústocaireacht thar ceann rialtais eachtracha.
Tá dlíthe ‘gníomhairí eachtracha’ glactha ag dlínsí eile a théann níos faide ná na ceanglais trédhearcachta agus a mheastar a bheith ag sárú cearta agus saoirsí bunúsacha. Ba é b’aidhm do na dlíthe sin srian a chur leis an spás sibhialta trí eagraíochtaí sochaí sibhialta áirithe agus cosantóirí chearta an duine a stiogmatú agus imeagla a dhéanamh orthu – a bhíonn ag brath go minic ar mhaoiniú ó thar lear, lena n-áirítear ón Aontas – agus a ngníomhaíochtaí a chiorrú. Mar shampla, le dlí um ‘ghníomhaire eachtrach‘ na Rúise, tugtar de chumhacht go héifeachtach d’údaráis bac a chur ar obair eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta trí chigireachtaí ionsáiteacha, trí mhaoirseacht dhíreach ar chláir agus ar imeachtaí, agus trí bhagairt an díscaoilte agus trí imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne eagraíochtaí neamhchomhlíontacha agus a gcomhaltaí – fiú i gcás ina bhfuil an tacaíocht eachtrach go hiomlán trédhearcach. Baineann an lipéad ‘gníomhaire eachtrach’ faoi dhlíthe den sórt sin an bonn de chobhsaíocht airgeadais eagraíochta, mar gheall ar na fíneálacha troma a ghearrtar orthu siúd nach gcloíonn lena rialacha. Déanann sé dochar freisin dá inchreidteacht, toisc go mbaineann forchialla spiaireachta leis, rud a d’fhéadfadh dá réir sin foréigean a ghríosú i gcoinne baill d’eagraíochtaí sochaí sibhialta spriocdhírithe ar líne agus as líne. Tá dlíthe um ‘ghníomhaire eachtrach’ den sórt sin thar a bheith neamh-dhaonlathach agus fuarthas go bhfuil dlíthe agus caighdeáin idirnáisiúnta á sárú acu.
Ní bhaineann gach riosca a bhaineann le cur isteach eachtrach le gníomhaithe stáit. Féadfaidh roinnt eintiteas neamhstáit úsáid a bhaint as oirbhearta comhchosúla chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn lena sáraítear luachanna an Aontais go díreach, amhail gníomhaíochtaí a cheaptar chun polarú a mhéadú agus fuath a ghríosú. Is fíor é sin go háirithe ar líne, mar a léiríodh le déanaí i mborradh mór ar ábhar antoisceach foréigneach, gránna agus deighilteach.
Molann an Coimisiún go mór do na Ballstáit a bheith ar an airdeall agus faisnéis a roinnt le chéile agus ar leibhéal an Aontais maidir le heintitis neamhstáit den sórt sin, fiú mura bhfuil siad nasctha le rialtas eachtrach nó mura bhfuil siad ag brath ar rialtas eachtrach. I gcomhréir leis sin, san athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais atá beartaithe ag an gCoimisiún, áirítear foras nua eisiaimh ó mhaoiniú ón Aontas a chur isteach le haghaidh ‘gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin.’ Bheadh an foras nua infheidhme maidir le cistí arna n-eisíoc i mbainistíocht dhíreach agus indíreach, fiú in éagmais breithiúnas críochnaitheach ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag tabhairt isteach bearta múscailte feasachta inmheánacha agus tá sé ag forbairt modhanna oibre inmheánacha chun grinnscrúdú méadaithe a áirithiú i roghnú na dtionscadal.
3 AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA UM AN DAONLATHAS EORPACH A THABHAIRT AR AGHAIDH
Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (EDAP) a glacadh i mí na Nollag 2020 athléimneacht dhaonlathas an Aontais a neartú, príomhghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí ina bhfuil ár gcórais agus ár saoránaigh is leochailí a shainaithint. Féachtar leis na gníomhaíochtaí sin le sláine na dtoghchán a chosaint ar bhealach níos fearr, saoirse na meán agus iolrachas na meán a chosaint, agus an bhréagaisnéis a chomhrac. Aithníodh leis an bPlean Gníomhaíochta freisin go mbraitheann daonlathas sláintiúil ar chleachtaí cuimsitheacha rannpháirtíochta saoránach agus ar shochaí shibhialta ghníomhach, ní hamháin ag am toghcháin, ach ar bhonn leanúnach, agus go bhfuil saoránaigh rannpháirteacha, eolasacha agus cumasaithe agus sochaí shibhialta bhríomhar ríthábhachtach chun athléimneacht ár stát daonlathach a ráthú, lena n-áirítear athléimneacht i leith cur isteach eachtrach.
Agus staid chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi EDAP á cur san áireamh, cuirtear i dtábhacht sa roinn seo na réimsí inar féidir leis an Aontas a bheith réamhghníomhach d’ainneoin na ndúshlán atá ann cheana agus na ndúshlán atá ag teacht chun cinn.
3.1
Sláine na dtoghchán a chosaint agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn roimh thoghcháin Eorpacha 2024 agus ina ndiaidh
Tá saorthoghcháin chóra i gcroílár ár ndaonlathais. Mura dtugtar aghaidh air sin, is féidir le rioscaí don phróiseas toghcháin an próiseas féin a shaobhadh agus an bonn a bhaint de mhuinín na saoránach i cothroime agus sláine na dtoghchán.
In éineacht leis an Teachtaireacht seo, tá Moladh á chur ar aghaidh ag an gCoimisiún maidir le próisis chuimsitheacha athléimneacha toghcháin san Aontas Eorpach agus tá feabhas á chur aige ar ghné Eorpach agus stiúradh éifeachtach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Tá sé dírithe chuig na Ballstáit, na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta, chuig fondúireachtaí agus chuig eagraíochtaí feachtas i gcomhthéacs ullmhúchán na dtoghchán i gcoitinne agus maidir leis na toghcháin Eorpacha atá le teacht go háirithe. Is é is aidhm dó ardchaighdeáin dhaonlathacha a chur chun cinn do thoghcháin san Aontas, tacú le líon ard vótálaithe, rannpháirtíocht chuimsitheach, feidhmiú éasca agus comhionann na gceart toghcháin agus na bpróiseas athléimneach toghcháin. Chuige sin, áirítear ann moltaí sonracha chun tacú le líon na vótálaithe agus le rannpháirtíocht chuimsitheach, agus cuirtear béim ar leith ar chomhionannas inscne agus ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais grúpaí ar leith.
Tá gá leanúnach le dlús a chur le cibearshlándáil na teicneolaíochta toghcháin. Leagtar amach sa Mholadh tograí sonracha chun slándáil, sláine agus athléimneacht na dtoghchán agus na n-eintiteas agus an bhonneagair a bhaineann le toghcháin a áirithiú, i bhfianaise na gceanglas arna mbunú leis an Treoir athbhreithnithe maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise (Treoir NIS2) agus leis an Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil. Ag tógáil ar an gcéad eispéireas ó 2019, tionóladh cleachtadh boird nua an Aontais an 21 Samhain 2023 le rannpháirtíocht an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus na mBallstát. Ba cheart do Ghrúpa Comhair NIS leanúint freisin leis an athbhreithniú ar an gCoimre maidir le Cibearshlándáil Teicneolaíochta Toghcháin, lena áirithiú go gcoinníonn sé suas le tírdhreach na mbagairtí atá ag teacht chun cinn.
Chomh maith leis an riosca díreach a bhaineann le bonneagar toghcháin, tá ionramháil chomhordaithe d’aon ghnó agus a dhéanann gníomhaithe stáit eachtraigh ar an timpeallacht faisnéise ina bagairt don daonlathas agus don tslándáil. Tá go leor tuarascálacha ar fáil maidir le hiarrachtaí comhordaithe ar mhórscála lena gcomhcheanglaítear teaicticí, teicnící agus nósanna imeachta éagsúla, amhail úsáid as cuntas bréige ar na meáin shóisialta chun ‘is maith liom’ a thabhairt nó trácht a dhéanamh ar fhaisnéis nó í a roinnt chun a hinfheictheacht a threisiú go saorga, scaipeadh na bréagaisnéise lena n-áirítear trí ábhar closamhairc ionramháilte amhail domhainbhrionnuithe, nó díriú ar bhealach doiléir ar vótálaithe chun tionchar a imirt orthu agus toradh na dtoghchán a ionramháil. Ina theannta sin, is féidir le hionramháil faisnéise tarlú i gcomhbheart le gníomhaíocht i réimsí eile, amhail cibearbhagairtí i gcás oibríochtaí ‘haiceáil agus sceith’. Chuige sin, agus ag tógáil ar shonraí Eorabharaiméadair, cuirtear sraith beart chun cinn sa Mholadh chun faisnéis a bhaineann le toghcháin a chosaint ar ionramháil agus ar bhréagaisnéis.
Braitheann díospóireacht dhaonlathach shaor agus chóir ar dhlíthiúlacht agus ar chothrom na Féinne. Féadfaidh údaráis phoiblí uirlisí faireachais a úsáid, faoi choinníollacha áirithe, ar chúiseanna slándála náisiúnta, ach tá an-difríocht idir úsáid earraí spiaireachta chun buntáiste polaitiúil a fháil. Cuirtear i dtábhacht sa mholadh nár cheart uirlisí faireachais a úsáid choíche chun cur isteach ar an díospóireacht dhaonlathach agus níl sé inghlactha uirlisí den sórt sin a imscaradh chun díriú ar ghníomhaithe polaitiúla agus ar iriseoirí ar mhaithe le buntáiste polaitiúil a fháil. Tá sé á chur in iúl go soiléir ag an gCoimisiún i gcónaí gur cheart coincheap na slándála náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos le cásdlí an Aontais. Cumhdaítear an tsaincheist sin i gcaibidlí tíre na tuarascála maidir leis an Smacht Reachta a mhéid a bhaineann le feidhmiú na srianta agus na gceartúchán institiúideach. Tá cosaintí láidre ann freisin i gcoinne earraí spiaireachta a úsáid i gcoinne na meán, iriseoirí, agus a dteaghlach sa togra le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Tá sraith thábhachtach oibre curtha ar bun ag Parlaimint na hEorpa maidir le hearraí spiaireachta le Coiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha (Coiste PEGA). Ina rún i mí an Mheithimh 2023 cháin an Pharlaimint go mór an úsáid mhídhleathach as earraí spiaireachta, agus d’iarr sí go ndéanfaí gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Tá tionscnamh neamhreachtach á ullmhú ag an gCoimisiún lena soiléirítear na teorainneacha agus an t-idirghníomhú idir dlí an Aontais, go háirithe an acquis um chosaint sonraí agus príobháideachas, agus an tslándáil náisiúnta.
I measc na moltaí eile tá úsáid gealltanas feachtais agus cód iompair ag páirtithe polaitiúla chun sláine na dtoghchán agus feachtais chóra a spreagadh; iarrachtaí trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a áirithiú; agus breathnóireacht toghchán a chur chun cinn mar bhealach éifeachtach chun saoránaigh a spreagadh páirt a ghlacadh go gníomhach sa phróiseas toghcháin agus feabhas a chur ar mhuinín an phobail i dtoghcháin. Tá baint aige freisin le maoiniú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla, d’fhonn aon riosca go mbeidh tionchar eachtrach faoi cheilt acu a theorannú, lena n-áirítear trí thabhartais cheilte, chun an chothroime iomaíochta sa phróiseas toghcháin a shaobhadh.
Tógann an moladh ar na céimeanna cinntitheacha atá glactha ag an gCoimisiún ó bhí 2020 ann chun aghaidh a thabhairt ar bhealaí éalaithe sainaitheanta agus lena áirithiú gur féidir le saoránaigh a mbreithiúnais féin a dhéanamh agus roghanna toghcháin a dhéanamh i spás poiblí inar féidir iolrachas tuairimí a chur in iúl, agus atá saor ó chur isteach, bíodh sé sin ina chur isteach intíre nó eachtrach.
Maidir leis an réimse digiteach, leagtar amach leis na rialacha faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha na freagrachtaí atá ar ardáin ar líne agus ar innill chuardaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le dioscúrsa sibhialta agus próisis toghcháin a eascraíonn as feidhmiú, dearadh nó úsáid a seirbhísí, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis, trí úsáid neamhbarántúil nó trí theaicticí a bhaineann le hábhar a chruthaítear go saorga. Déantar foráil sna rialacha freisin maidir le tuilleadh trédhearcachta agus maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine cinntí eolasacha a dhéanamh faoin bhfaisnéis a fheiceann siad ar líne. Ina theannta sin, leis an rialachán maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla, beifear ábalta grinnscrúdú agus cuntasacht phoiblí a dhéanamh ar bhealach níos fearr i ndáil le seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear trí stór poiblí Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne, agus coinníollacha níos déine níos doichte a thabhairt isteach maidir le húsáid sonraí pearsanta chun fógraí polaitiúla a spriocdhíriú agus a sholáthar. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol um chur isteach eachtrach, cuirfí cosc leis sin freisin ar urrú fógraíochta polaitiúla ag gníomhaithe neamh-AE trí mhí roimh thoghcháin nó roimh reifrinn. Aithnítear freisin ról na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na ngrúpaí polaitiúla Eorpacha sna toghcháin Eorpacha. In 2021, mhol an Coimisiún freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha maidir le reacht agus maoiniú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Is é is aidhm don togra níos mó féidearthachtaí a thabhairt do pháirtithe polaitiúla Eorpacha lena ról a chomhlíonadh maidir le réimse polaitiúil fíor-Eorpach a chruthú agus a chothú, agus a ngníomhaíocht a chosaint ar chur isteach eachtrach ag an am céanna. Tá forfheidhmiú na rialacha sin ina phríomhthosaíocht don Choimisiún. Maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tá maoirseacht agus forfheidhmiú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chur i bhfeidhm na rialacha ag ardáin an-mhór ar líne agus ag innill chuardaigh an-mhór ar líne.
Cé gur inniúlacht de chuid na mBallstát é eagrú na dtoghchán náisiúnta, tá sé bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, agus á rialú leis an gcreat níos leithne sin de dhlí an Aontais. Tá tacaíocht agus comhar frithpháirteach treisithe i measc na mBallstát seanbhunaithe anois, agus dírítear iad ar obair comhlachtaí amhail an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin, ag baint leas freisin as struchtúir an Aontais maidir le slándáil faisnéise a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le bréagaisnéis. Agus é ag ullmhú thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, d’eagraigh an Coimisiún imeacht ardleibhéil maidir leis na toghcháin i mí Dheireadh Fómhair 2023 lena dtugadh le chéile na Ballstáit, institiúidí an Aontais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an saol acadúil chun smaointe a chur chun cinn maidir le tacú le líon na vótálaithe, athléimneacht na gcóras toghcháin agus toghcháin chóra agus chuimsitheacha ar fud an Aontais.
Seoladh sásra comhpháirteach le haghaidh athléimneacht thoghchánach i mí Eanáir 2022, arb é is aidhm dó acmhainneacht a fhorbairt sna Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí do thoghcháin, trí mhalartuithe saineolaithe, go háirithe maidir le bréagaisnéis agus bagairtí cibearshlándála. Úsáideadh an sásra freisin chun tacú le hullmhú na coimre maidir le ríomhvótáil agus maidir le Cleachtais TFC eile, chomh maith le malartuithe spriocdhírithe ar conas cothroime cóireála agus clúdach cothrom na meán a áirithiú le linn toghchán. D’fhéadfadh malartuithe idir na parlaimintí náisiúnta a bheith ina mbealach luachmhar freisin chun taithí a roinnt agus tacóidh an Coimisiún le malartuithe den sórt sin.
Tá an tAontas tar éis a mhodheolaíocht breathnóireachta toghchán seachtraí a bheachtú le blianta beaga anuas, lena n-áirítear trí threoirlínte comhchoiteanna bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, lena gcomhdhlúthaítear a chumas dul i ngleic le húsáid teicneolaíochtaí nua sa phróiseas toghcháin. Pléitear dea-chleachtais go rialta laistigh den Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus i gcomhthéacs an Dearbhaithe Prionsabail maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán.
Ní ghníomhaíonn an tAontas ina aonar. Faoi EDAP, lean an Coimisiún lena chuid iarrachtaí athléimneacht a fhorbairt i dtríú tíortha, d’fhonn sochaithe agus údaráis phoiblí a ullmhú ar bhealach níos fearr chun freagairt do bhagairtí seachtracha coiteanna ar an bpróiseas daonlathach. Tugtar tús áite d’iarrachtaí dá leitheid i mbeartas um méadú an Aontais. Éascaíonn an tAontas comhar idirnáisiúnta freisin maidir le cúrsaí toghcháin idir líonraí an Aontais, tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa, Unesco agus an ESCE. Déanann an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí misin bhreathnóireachta toghcháin i ndlúthchomhar le heagraíochtaí breathnóireachta idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile. Comhlánaíonn sí na gníomhaíochtaí sin le tacaíocht thiomnaithe do rialtais, don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha chun athléimneacht a fhorbairt i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh, lena n-áirítear trí léargais ar an dóigh ar úsáideadh FIMI i gcomhthéacsanna toghcháin. Áiríodh le gníomhaíocht an Aontais freisin rannpháirtíocht sa dá Chruinniú Mullaigh ar son an Daonlathais agus tacaíocht airgeadais i gcomhair fothú acmhainneachta agus athchóiriú toghcháin, lena n-áirítear sna tíortha i ngarchomharsanacht an Aontais.
3.2Saoirse agus iolrachas na meán a neartú
Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá aird mhór tarraingthe freisin ar an ról riachtanach atá ag iriseoirí maidir le saoránaigh a chur ar an eolas faoin staid mar atá ar an láthair. Chuaigh údaráis na Rúise i mbun cniogbheartaíocht chórasach in aghaidh na meán neamhspleách agus rinne siad cinsireacht orthu. Tá na meáin neamhspleácha sin fós riachtanach chun bolscaireacht a chomhrac.
Faoi EDAP, is ionann iarrachtaí an Aontais saoirse na meán a chosaint agus an bhréagaisnéis a chomhrac. Mar chuid den fhís sin, mhol an Coimisiún príomhthionscnaimh nua chun feabhas a chur ar shábháilteacht iriseoirí agus chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine agus daoine eile a chosaint ar chásanna dlí mí-úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna). Leis an treoir in aghaidh SLAPPanna, soláthraítear córas coimircí nós imeachta cumhachtacha do chásanna trasteorann SLAPP, lena n-ullmhaítear na cúirteanna chun déileáil le dlíthíocht mhí-úsáideach agus chun gníomhú mar bhac ar chásanna nua féideartha SLAPP. Áirítear sa treoir rialacha lena gceadaítear deireadh a chur le cásanna den sórt sin go luath agus lena soláthraítear leigheasanna éifeachtacha d’íospartaigh SLAPP. Mar aon leis an moladh gaolmhar, cruthaítear leis na rialacha pacáiste láidir beart chun SLAPPanna a chomhrac agus an rannpháirtíocht phoiblí agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh san Aontas a chosaint. Mhol an Coimisiún freisin gnéithe áirithe de rialacha náisiúnta a bhaineann le seirbhísí na meán faoin nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán a chomhchuibhiú. Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar chur chuige rialála ilroinnte náisiúnta a bhaineann le saoirse na meán agus iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta agus saorsholáthar seirbhísí na meán laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú. Cuirtear i dtábhacht ann freisin neamhspleáchas agus maoiniú seasmhach na meán seirbhíse poiblí chomh maith le trédhearcacht úinéireacht na meán agus leithdháileadh na fógraíochta stáit, dhá phríomhchuspóir a thagann faoi EDAP. Faoi na forálacha nua, bheadh ar na Ballstáit breathnú freisin ar thionchar na mbeart náisiúnta agus na gcomhchruinnithe sna meáin ar shaoirse agus ar iolrachas na meán. Maidir le scaipeadh ábhar na meán sa timpeallacht ar líne, tógann an togra maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán ar an gcreat cothrománach a bunaíodh leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Déanann an Coimisiún measúnú freisin ar shaoirse agus ar iolrachas na meán ina thuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta. Cumhdaítear go mion sa tuarascáil forbairtí sna Ballstáit a mhéid a bhaineann le hábhair amhail neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta sna meáin, trédhearcacht úinéireacht na meán, cothroime agus trédhearcacht na fógraíochta stáit, rialachas na meán seirbhíse poiblí, agus na creataí atá i bhfeidhm chun sábháilteacht na n-iriseoirí a áirithiú. Tá an cleachtadh sin bunaithe ar idirphlé leanúnach le húdaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha na mBallstát agus mar thoradh air sin tionscnaíodh roinnt athchóirithe ar an leibhéal náisiúnta.
Tá inbhuanaitheacht airgeadais na meán ina príomhspreagadh do shláine eagarthóireachta agus do neamhspleáchas na meán. Tá dlús curtha ag an gCoimisiún lena thacaíocht d’athléimneacht na meán ó glacadh an Plean Gníomhaíochta sna Meáin agus Closamhairc (MAAP) i mí na Nollag 2020, go háirithe le bearta lena gcuirtear borradh faoi infheistíochtaí príobháideacha sna meáin nuachta. D’iarr MAAP go ndéanfaí gníomhaíochtaí agus tacaíocht a chuachadh d’earnáil na meán nuachta trí rochtain níos fearr ar iasachtaí a chur ar fáil, feabhas a chur ar chomhoibrithe na meán agus bunú agus cur chun feidhme spáis sonraí do na meáin a mholadh.
Neartaigh an Coimisiún maoiniú d’eagraíochtaí na meán nuachta freisin. Tá thart ar EUR 75 mhilliún maoinithe ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 i gcomhair tionscadal agus tionscnaimh a thacaíonn le hiolrachas na meán, le hiriseoireacht agus le litearthacht sna meáin. Áirítear ar na gníomhaíochtaí faireachán ar iolrachas na meán, tacaíocht do chomhairlí na meán, sásra mearfhreagartha maidir le saoirse na meán agus d’earnálacha ar leith amhail iriseoireacht imscrúdaitheach nó tuairisciú áitiúil. Ós rud é go bhfuil an t-éileamh ar mhaoiniú níos mó ná na hacmhainní atá ar fáil faoi Eoraip na Cruthaitheachta, leanfaidh an Coimisiún le bealaí chun tacú leis na hearnálacha sin a lorg.
De réir mar a neartaíonn an tAontas tacaíocht agus cosaint do shaoirse na meán laistigh den Aontas, déanann sé amhlaidh thar lear freisin, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcomharsanacht. I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá maoiniú dar luach EUR 30 milliún leithdháilte ag an Aontas chun tacú le hiriseoirí agus leis na meáin san Úcráin. Tá méadú tagtha freisin ar thacaíocht do mheáin neamhspleácha na Rúise agus ní mór í a choinneáil ar bun san fhadtéarma.
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an treoir in aghaidh SLAPPanna atá beartaithe. Táthar ag súil go luath freisin go dtiocfaidh comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Beidh cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialacha nua ina gcéad bpríomhchéimeanna eile. Ba cheart do na Ballstáit leanúint le bheith ag obair freisin chun an moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí agus an moladh in aghaidh SLAPPanna a chur chun feidhme ina iomláine. Le roinnt cásanna de chásanna dlí mí-úsáideacha arna seoladh ag tríú tíortha, nó thar a gceann, leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá rialacha láidre ar fud an Aontais chun srian a chur ar SLAPPanna agus an spás daonlathach a chosaint.
3.3Bréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac
Tá tús áite á thabhairt ag an Aontas Eorpach le blianta beaga anuas do stáit dhaonlathacha na hEorpa a chosaint ar bhagairtí agus ar éifeachtaí díobhálacha na bréagaisnéise, na hionramhála faisnéise agus an chur isteach, go háirithe ó ghníomhaithe eachtracha.
Féachtar leis na hoibríochtaí tionchair agus feachtais bhréagaisnéise sin an bonn a bhaint den díospóireacht dhaonlathach agus an deighilt shochaíoch a dhéanamh níos measa. Is minic a bhíonn go leor maoiniú ar fáil i gcomhair oibríochtaí den sórt, go mbíonn siad á n-urrú ag an stát agus á ndéanamh ag gníomhaithe naimhdeacha agus, dá réir sin, tá siad ina mbagairt slándála ar stáit dhaonlathacha an Aontais. Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cuireadh i dtábhacht agus méadaíodh an riosca don spás faisnéise Eorpach, agus an Chreimil páirteach níos mó agus níos mó i bhfeachtais bhréagaisnéise agus in oibríochtaí cur isteach eachtraigh agus í a n-úsáid mar ionstraim straitéiseach agus chomhordaithe chun bagairt a chur ar an tslándáil, ar an daonlathas agus chun tacú lena chogadh foghach. Leis an gcoimhlint sa Mheánoirthear i ndiaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas in Iosrael, tá bréagaisnéis agus feachtais fuatha á spreagadh go forleathan freisin. Tá sé sin curtha in olcas mar gheall ar an digitiú, lena n-áirítear gnéithe deartha na n-ardán ar líne trínar féidir bréagaisnéis a scaipeadh le luas agus éifeachtúlacht gan fásach, chomh maith le huirlisí nua arna gcumhachtú leis an intleacht shaorga is féidir le gníomhaithe mailíseacha a úsáid.
Nuair a cuireadh ceist orthu faoi cé chomh minic agus a chreid siad go raibh siad nochta do bhréagaisnéis, d’fhreagair 35 % de na freagróirí i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí ‘go minic‘ nó ’go mion mhinic‘, agus d’fhreagair 33 % díobh ‘uaireanta‘. Mheas na freagróirí gurb iad na líonraí sóisialta ar líne an príomhmheán ba mhinice ar díríodh orthu (64 %), agus ina dhiaidh sin an teilifís (36 %), nuachtáin ar líne agus irisí nuachta (22 %) agus suíomhanna gréasáin comhroinnte físeán (21 %).
Faoin EDAP, chuir an tAontas Eorpach dlús lena iarrachtaí feabhas a chur ar a chumas freagairt don tírdhreach bagartha nua seo atá ag teacht chun cinn – sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Neartaíodh an comhar atá ann cheana laistigh den Choimisiún, idir institiúidí agus seirbhísí an Aontais agus níos faide i gcéin, comhar lena mbaineann páirtithe ábhartha sa tsochaí shibhialta, sa saol acadúil agus sa tionscal príobháideach, chomh maith le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Chuir an tAontas Eorpach dlús lena fhreagairt straitéiseach cumarsáide ar bhréagaisnéis trí Líonra an Choimisiúin i gcoinne na Bréagaisnéise (NAD). Lean an Córas Mear-Rabhaidh (RAS) atá á bhainistiú ag SEGS d’fheasacht staide choiteann a chur ar fáil agus de chuir chuige éifeachtacha chun freagairt do bhagairt FIMI a roinnt leis na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus comhpháirtithe idirnáisiúntsa. I measc na dtionscnamh tá brath, réamhsheiceáil ghníomhach agus bréagnú gníomhach agus feachtais spriocdhírithe lena dtugtar aghaidh ar phaindéim COVID-19, chomh maith le freagairt chuimsitheach agus leanúnach ar bhréagaisnéis státurraithe na Rúise maidir lena chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Léiríodh na torthaí sa chumas a bheith éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar bhealach níos gasta agus níos comhordaithe. Chuir sé sin le hathléimneacht dhaonlathach ar bhonn níos leithne.
Neartaíodh an comhar idirnáisiúnta le tacaíocht do Shásra Mearfhreagartha G7 agus leanadh den dlúthchomhar le ECAT, agus cuireadh FIMI i dtábhacht mar cheann de na príomhbhagairtí slándála do chomhar idir an Aontas agus ECAT. I ráiteas na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2023, tugadh spreagadh breise chun comhar trasatlantach maidir leis an mbagairt a dhúnadh, go háirithe chun comhar straitéiseach a chur chun cinn agus idir-inoibritheacht cur chuige a fheabhsú chun dul i ngleic le FIMI
. Tá úsáid éifeachtach bainte ag an Aontas as a uirlisí taidhleoireachta freisin chun FIMI agus cur isteach eachtrach a chomhrac, go háirithe trí bhearta sriantacha a ghlacadh a fhorchuirtear ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí na meán a bhfuil baint acu le ionramháil agus cur isteach faisnéise i ndiaidh an chogaidh fhoghaigh in aghaidh na hÚcráine. Comhlánaíodh é sin le forbairt Bosca Uirlisí athneartaithe an Aontais chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac,lena gcuirtear ar fáil creat anailíseach agus modheolaíocht choiteann chun fianaise chórasach ar theagmhais FIMI a bhailiú chun cuidiú leis an tuiscint ar theaicticí, ar theicnící agus ar nósanna imeachta a úsáidtear chun ionramháil agus cur isteach a fheabhsú. Comhlánaítear leis sin obair Thascfhórsaí StratCom SEGS chun feasacht a mhúscailt agus acmhainneacht a fhothú, tacú le Toscaireachtaí an Aontais agus for-rochtain a sheoladh chuig an tsochaí shibhialta. Is é is cuspóir dó sin go ndéanfar níos deacra é do ghníomhaithe FIMI amhail an Rúis agus an tSín timpeallachtaí faisnéise an Aontais agus timpeallachtaí faisnéise comharsanachta a ionramháil.
Is cuid lárnach de chur chuige an Choimisiúin maidir le bréagaisnéis a chomhrac a chuid oibre chun níos mó cuntasachta a áirithiú d’ardáin ar líne. Ceapann 52 % de mhuintir na hEorpa gur cheart d’ardáin ar líne níos mó a dhéanamh chun scaipeadh faisnéise bréagaí agus míthreorach a chosc. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cuirtear d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú rialta a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a gcuid seirbhísí a chur roimh an tsochaí, lena-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, nó an baol go n-úsáidfí a gcuid seirbhísí mar uirlis le haghaidh feachtais bhréagaisnéise, go háirithe d’fhonn próisis toghcháin a chosaint. Mar phríomhbhealach chun na rioscaí sin a mhaolú, iarrtar orthu páirt a ghlacadh i gcóid iompair dheonacha agus i bprótacail ghéarchéime a bhunú. Sampla de sin is ea an Cód Cleachtais nua uaillmhianach maidir le Bréagaisnéis a shínigh réimse leathan sínitheoirí i mí an Mheithimh 2022. Go tábhachtach, tagann creat láidir faireacháin agus Lárionad Trédhearcachta leis an gCód freisin chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú. I mí Eanáir agus i mí Mheán Fómhair 2023, thug sínitheoirí an Chóid, lena n-áirítear ardáin ar líne, tuairisc ar an dul chun cinn, ag soláthar leibhéal faisnéise gan fásach maidir leis an mbealach a gcuireann siad a ngealltanais chun feidhme chun bréagaisnéis a chomhrac.
Sa tréimhse roimh thoghcháin Eorpacha 2024, tá idirphlé agus comhoibriú réamhthoghcháin á dhéanamh ag an gCoimisiún le hardáin ar líne agus le sínitheoirí eile an Chóid. Ina theannta sin, dírítear an obair laistigh den Chód freisin ar aghaidh a thabhairt ar acmhainneacht dhíobhálach na n-uirlisí nua bunaithe ar an intleacht shaorga a d’fhéadfaí a úsáid i bhfeachtais bhréagaisnéise agus i bhfeachtais cur isteach eachtraigh. Tugtar tús áite sa chomhthéacs sin don idirbheartaíocht maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe a thabhairt i gcrích, toisc go gcuirfí gardaí cosanta agus an trédhearcacht is gá maidir le húsáid na hintleachta saorga i bhfeidhm leis.
Chun saoránaigh a chumhachtú chun cinntí eolasacha a dhéanamh, tacaíonn an Coimisiún le réimse leathan tionscadail nuálacha chun bréagaisnéis a chomhrac faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais, go háirithe ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ag institiúidí oideachais agus oiliúna, nó le rannpháirtíocht iriseoirí, chun na meáin agus an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus chun cuidiú le saoránaigh bréagaisnéis a shainaithint, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027), d’fhoilsigh an Coimisiún Treoirlínte do Mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir le dul i ngleic le bréagaisnéis agus le litearthacht dhigiteach a chur chun cinn trí oideachas agus oiliúint. Mar an gcéanna, tá maoiniú tiomnaithe ag Erasmus+ agus ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach araon i gcomhair tionscadail phobail a chuireann litearthacht sna meáin chun cinn.
Ag an am céanna, thacaigh an Coimisiún le tionscnaimh faoi stiúir an phobail chun an bhréagaisnéis a chomhrac trí sheiceáil threisithe fíricí, amhail an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) agus an Cód Eorpach um Chaighdeáin d’eagraíochtaí Neamhspleácha um Sheiceáil Fíricí a fhorbairt. Tá sé cruthaithe go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun an bhréagaisnéis a bhaineann leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a chomhrac. Mar chuid dá misean níos leithne chun an bhréagaisnéis a chomhrac, tá tascfhórsa speisialta um thoghcháin Eorpacha bunaithe ag EDMO atá tiomanta do chomharthaí luatha d’fheachtais bhréagaisnéise a d’fhéadfadh a bheith contúirteach agus a d’fhéadfadh scaipeadh ar fud an Aontais a bhrath agus gníomhaíochtaí tiomnaithe litearthachta sna meáin a chomhordú. Soláthróidh an tascfhórsa a shaineolas freisin d’institiúidí Eorpacha faoi chuimsiú an ullmhúcháin do na toghcháin Eorpacha.
Ag an am céanna, tá obair á cur chun cinn ag an Ardionadaí chun an cur chuige ‘uile-shochaí’ a neartú a thuilleadh maidir le comhroinnt faisnéise i bhfoirm Lárionad Comhroinnte agus Anailíse Faisnéise ar FIMI. Tá sé sin ina chuid dhílis de Bhosca Uirlisí FIMI chun feasacht choiteann staide níos láidre a éascú agus chun an mhodheolaíocht choiteann a fhorbairt tuilleadh chun fianaise chórasach a bhailiú ar FIMI agus creat iontaofa a chur i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú idir na páirtithe leasmhara ábhartha, agus pobal an chosantóra a thabhairt le chéile freisin chun faisnéis faoi theagmhais FIMI a bhailiú agus a roinnt go córasach. Leanann sé freisin glao an Chompáis Straitéisigh maidir le Slándáil agus Chosaint le haghaidh Spás Sonraí FIMI. Leanfaidh an Coimisiún lena chumas féin a neartú maidir le gníomhaíochtaí bréagaisnéise a bhrath agus a anailísiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo, ar rud é a dhéanfar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Faoin gclár Fís Eorpach, slógadh breis agus aon trian den tacaíocht le haghaidh taighde ar an daonlathas, arbh fhiú níos mó ná EUR 300 milliún í, chun taighde agus nuálaíocht a chistiú ar mhaithe le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a bhrath agus a thuiscint ar bhealach níos fearr, agus tionchair mhíchuí eile ar an gcinnteoireacht pholaitiúil. Amach anseo, bheadh sé tábhachtach an leibhéal uaillmhéine sin a choinneáil ar bun agus leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh.
Tá gníomhaithe na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus cur isteach eachtrach a nochtadh, lena n-áirítear trí thionscnaimh phobail agus an pobal saineolaithe atá ag obair chun anailís agus FIMI agus bréagaisnéis a chomhrac. Tá rannpháirtíocht láidir na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun measúnú tapa agus éifeachtúil a dhéanamh ar thírdhreach na mbagairtí atá ag athrú de thír, na gníomhaithe agus na huirlisí a úsáideann siad. Leanfaidh an Coimisiún ag tacú le hobair phobal neamhspleách mhoil EDMO. Díríodh taighde agus múscailt feasachta ar bhréagaisnéis agus ar chur isteach eachtrach laistigh den Aontas, go háirithe trí úsáid a bhaint as na sonraí a chruthaítear leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus a thrédhearcacht agus a rochtain ar fhorálacha sonraí. Chun tacú leis an obair um sheiceáil fíricí i gcur chun feidhme an Chóid Cleachtais agus chun ardchaighdeáin ghairmiúla agus neamhspleáchas seiceálaithe fíricí a áirithiú, leanfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí oiliúna a mhaoiniú chun tacú le Cód Sláine Gairmiúla an Líonra Eorpaigh um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí (EFCSN).
3.4Rannpháirtíocht shibhialta chuimsitheach agus rannpháirtíocht le haghaidh athléimneacht dhaonlathach Eorpach
Tá neartú na nasc idir daoine agus na hinstitiúidí daonlathacha a fhreastalaíonn orthu agus a dhéanann ionadaíocht dóibh ina bhunchloch athléimneacht dhaonlathach. Tá spás sibhialta láidir, sábháilte agus cumasaithe agus saoránaigh rannpháirteacha, eolasacha agus cumasaithe ina ráthaíocht riachtanach maidir le hathléimneacht ár stát daonlathach, cé acu ag am na dtoghchán nó ina dhiaidh sin. Le hEorabharaiméadar le déanaí, cheap beagnach naoi bhfreagróir as deich freagróirí (87 %) go bhfuil an tsochaí shibhialta (cumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha) tábhachtach chun an daonlathas agus luachanna coiteanna a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear i dtéarmaí díospóireacht dhaonlathach eolasach agus iolraíoch a chothú. Léirítear leis na sonraí freisin go gceapann níos mó ná leath na bhfreagróirí go bhfuil gá le rannpháirtíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta a mhéadú sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal náisiúnta (56 %) agus ar an leibhéal Eorpach (54 %). Tá thart ar dhá thrian de na freagróirí i bhfabhar rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach sa phróiseas ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta (68 %) agus ar an leibhéal Eorpach (66 %).
Tá saoránaigh agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a chumhachtú, agus uirlisí iomchuí a chur ar fáil dóibh le haghaidh rannpháirtíocht shibhialta ina dtosaíochtaí leathana, ar fud cholúin éagsúla EDAP, chomh maith le sa Chairt agus i dTuarascálacha an Smacht Reachta. Cuireadh réimse leathan deiseanna maoiniúcháin ar fáil freisin chun borradh a chur faoin rannpháirtíocht saoránach, rannpháirtíocht shibhialta agus muinín sa daonlathas, go háirithe faoi chláir an Aontais amhail an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; Eoraip na Cruthaitheachta; Erasmus+; agus Fís Eorpach. Rinneadh cúnamh teicniúil le haghaidh athchóiriú riaracháin sna Ballstáit faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a imscaradh freisin chun acmhainneacht a fhothú i riaracháin phoiblí agus in údaráis phoiblí le haghaidh cleachtais rannpháirtíochta. Tugadh tús áite freisin do rannpháirtíocht saoránach a ionchorprú i ndearadh agus i gcur chun feidhme beartais faoi phrionsabal comhpháirtíochta bheartas comhtháthaithe an Aontais. Sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, soláthraíodh taithí luachmhar maidir le conas rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas a neartú trí phróisis bhreithniúcháin a chur chun feidhme. Chuidigh sé freisin le hathléimneacht dhaonlathach a threisiú, rud a raibh cur bhfeidhm céime nua de rannpháirtíocht na saoránach le Painéil Eorpacha na Saoránach i bhfeidhm atá leabaithe anois i bpróiseas ceaptha beartais an Choimisiúin Eorpaigh.
Ag an am céanna, rinneadh méadú ar an tacaíocht agus ar an maoiniú faoi chláir an Aontais a thiomnú freisin do na meáin agus don litearthacht dhigiteach a chur chun cinn, na huirlisí a chur ar fáil do dhaoine de gach aois chun a mbealach a dhéanamh tríd an bhfaisnéis agus timpeallacht na meán sa lá atá inniu ann, cineálacha éagsúla meán agus conas a oibríonn siad a shainaithint, agus tuiscint chriticiúil a bheith acu ar chineálacha éagsúla meán, lena n-áirítear líonraí sóisialta, ionas go mbeidh siad ábalta cinntí eolasacha a dhéanamh. Toisc go bhfuil na féidearthachtaí chun idirghníomhú ar líne ag leathnú agus ag éirí níos coitianta, is féidir le fuathchaint ar líne daoine a dhíspreagadh óna gcuid tuairimí a chur in iúl agus páirt a ghlacadh i bplé ar líne. Tugtar tús áite do thimpeallacht mheasúil a chothú, rud a éascaíonn timpeallacht níos sábháilte inar féidir a dtuairimí a chur in iúl. Chuige sin mhol an Coimisiún tionscnamh chun an liosta de choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a leathnú. Comhlánófar leis sin an creat rialála faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Cinneadh Réime maidir le foirmeacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil agus na hiarrachtaí faoin gCód iompair maidir le dul i ngleic le fuathchaint neamhdhleathach.
Le modhanna nua fiúntacha maidir le rannpháirtíocht, plé agus rannpháirtíocht saoránach, thar gach glúin, féadfar stáit dhaonlathacha ionadaíocha a threisiú. Leis na cineálacha rannpháirtíochta sin, cuirtear bealaí comhlántacha ar fáil do shaoránaigh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht dhaonlathach agus cur le ceapadh beartas, agus traidisiúin agus sainiúlachtaí bunreachtúla an Bhallstáit á gcur san áireamh. Léirítear le heispéiris maidir leis an daonlathas rannpháirteach agus dioscúrsach, bhíodh sé ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus uile-Eorpach, gur féidir leis na cleachtais sin cuidiú chun na bearnaí atá ann cheana idir saoránaigh agus cinnteoirí a dhúnadh agus grúpaí éagsúla daoine a thabhairt le chéile chun moltaí comhchoiteanna a fhorbairt. Ag tógáil ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cuireadh bealaí nua ar bun lena áirithiú go dtabharfar an ról níos dlúithe sin do na saoránaigh i gceapadh beartas an Aontais. Comhlánaítear leis na cineálacha rannpháirtíochta sin cleachtais sheanbhunaithe maidir le páirt a thabhairt do shaoránaigh i bpróisis ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais, amhail comhairliúcháin leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, idirphlé rialta le páirtithe leasmhara, nó trédhearcacht agus rochtain ar rialacha faisnéise agus doiciméad. Chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcéimeanna éagsúla de na próisis ceaptha beartas a neartú, ghlac an Coimisiún Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr lena leagtar amach na prionsabail a leanann sé agus tionscnaimh agus tograí nua á n-ullmhú aige agus measúnú agus faireachán á ndéanamh aige ar chur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana.
Tá ról tábhachtach ag an oideachas maidir le mian a chothú le haghaidh rannpháirteachas agus rannpháirtíocht saoránach agus maidir leis an gceangal le luachanna daonlathacha. Gné lárnach den Straitéis Eorpach d’ollscoileanna a glacadh in 2022 is ea luachanna daonlathacha Eorpacha a chur chun cinn agus a chosaint, toisc go gcuireann institiúidí ardoideachais le saoránacht ghníomhach, caoinfhulaingt, comhionannas agus éagsúlacht, oscailteacht agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn. Le Erasmus+ (2021-2027), cuirtear rannpháirteachas agus rannpháirtíocht shibhialta i saol daonlathach na hEorpa chun cinn trí sruthanna iomadúla um maoiniú, i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Tá cur chun cinn an daonlathais rannpháirtigh chuimsithigh ar cheann de threoirphrionsabail Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2027). Aithnítear i bPacáiste Saoránachta 2023 an tábhacht a bhaineann le hoideachas saoránachta, lena n-áirítear feasacht ar chearta shaoránaigh an Aontais, agus oideachas vótálaithe chun rannpháirtíocht pholaitiúil a chur chun cinn, chomh maith le hathléimneacht i leith bréagaisnéise i measc saoránach a chothú.
Tá eagraíochtaí sochaí sibhialta ar cheann de phríomhcholúin an daonlathais fheidhmiúil. Feidhmíonn siad mar fhorais faire d’fhondúireachtaí agus institiúidí daonlathacha. Coinníonn siad rialtais cuntasach agus cuidíonn siad le cearta bunúsacha agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn trí chúnamh a thabhairt do dhaoine aonair agus do phobail aonair agus trí chuidiú ena leasanna a chur chun cinn. Ina theannta sin, tugann siad cumhacht do dhaoine aonair páirt a ghlacadh i gcúrsaí a bhaineann le leas an phobail agus cuidiú foriomlán maidir le rannpháirtíocht fhiúntach an phobail a mhéadú.
Oibríonn an Coimisiún le heagraíochtaí sochaí sibhialta i gceapadh beartas ar go leor réimsí. Trí chomhairliúchán agus idirphlé cuirtear ar a gcumas na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine a gcuid tuairimí a chur i láthair maidir le reachtaíocht agus beartas an Aontais. Is í an tairseach ‘Cloisimis Uait’ an pointe iontrála le haghaidh comhairliúcháin agus cuirtear ar chumas na bpáirtithe leasmhara uile rannchuidiú le tionscnaimh sula nglactar iad agus tar éis a nglactha. Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chuid den chomhpháirtíocht le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, rud a fhágann gur féidir leo a bheith rannpháirteach le linn ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht chláir an bheartais chomhtháthaithe atá maoinithe ag an Aontas.
Tá idirphlé rialta bunaithe ag an gCoimisiún freisin le gníomhaithe na sochaí sibhialta i réimsí éagsúla beartais lena ndéantar foráil maidir le cumarsáid agus rannpháirtíocht níos éifeachtaí i gceapadh beartas. Déantar idirphlé struchtúrach na sochaí sibhialta trí fhóraim agus ardáin, lena gcumhdaítear raon leathan réimsí beartais. Is gníomhaithe áitiúla tábhachtacha iad ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit le haghaidh rannpháirtíocht saoránach. Tá na mílte imeacht eagraithe acu, idir idirphlé leis na saoránaigh agus imeachtaí rannpháirteacha ad hoc, go háirithe le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, inar eagraíodh níos mó ná 6000 imeacht sna Ballstáit inar bailíodh níos mó ná 700,000 rannpháirtí san iomlán. Is féidir é sin a leathnú agus a chomhlánú le tionscnaimh eile chun ceangal leis an leibhéal áitiúil.
Tá sé i gcroílár obair an Aontais maidir le spás sibhialta rathúil a áirithiú, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine a chosaint, a chumhachtú agus tacú leo, mar a cuireadh i dtábhacht i dTuarascáil 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha. Cuirtear i dtábhcht sa tuarascáil a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-oibreoidh eagraíochtaí sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine i dtimpeallacht chumasúcháin, shábháilte agus thacúil. Leagadh amach sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2022 an dóigh a bhfuil oibriú eagraíochtaí sochaí sibhialta gan cur isteach gan údar maith bunaithe ar chásdlí an Aontais agus ar chaighdeáin Eorpacha, agus tugtar forléargas sna tuarascálacha ar na beart a rinneadh sna Ballstáit chun an cás a fheabhsú d’eagraíochtaí sochaí sibhialta. I measc na samplaí tá nósanna imeachta clárúcháin a shimpliú, struchtúir a chur ar bun chun cuidiú le heagraíochtaí sochaí sibhialta, agus athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha maidir le hoibriú agus rochtain ar mhaoiniú eagraíochtaí sochaí sibhialta. Rinneadh moltaí sonracha do roinnt Ballstát i dTuarascáil 2022 agus 2023 maidir leis an Smacht Reachta. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2023 chuir an Coimisiún togra ar aghaidh le haghaidh tionscnamh reachtach maidir le gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas, arb é is aidhm leis deireadh a chur le bacainní sa mhargadh aonair chun cuidiú le cumainn bheith rathúil sa mhargadh aonair, agus comhlánófar leis gníomhaíocht a rinneadh sa phacáiste reatha.
Chun rannpháirtíocht saoránach a chothú tuilleadh agus chun eagraíochtaí sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chumhachtú chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar ar leibhéal Aontais a chomhlánú, tá Moladh á chur chun cinn ag an gCoimisiún maidir le rannpháirteachas agus rannpháirtíocht éifeachtach saoránach agus eagraíochtaí sochaí sibhialta i bpróisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn. Is é is aidhm don Mholadh rannpháirtíocht saoránach agus eagraíochtaí sochaí sibhialta i gceapadh beartas poiblí a chur chun cinn agus cuidiú le hathléimneacht dhaonlathach a fhorbairt san Aontas. Is é is aidhm don Mholadh freisin cur chun cinn na rannpháirtíochta sibhialta agus cosaint na stát daonlathach agus urraim do chearta bunúsacha sna Ballstáit a éascú. Spreagtar na Ballstáit leis chun rannpháirtíocht éifeachtach agus chuimsitheach saoránach agus eagraíochtaí sochaí sibhialta i bpróisis ceaptha beartas a áirithiú, le hionadaíocht leathan ar na grúpaí agus na cásanna éagsúla sa tsochaí, rud a laghdaíonn eisiamh, imeallú agus idirdhealú, agus chun tacú le fothú acmhainneachta saoránach, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus riaracháin phoiblí, i spásanna poiblí traidisiúnta agus i spásanna poiblí atá ag teacht chun cinn araon. Baintear leas sa Mholadh freisin as ceachtanna na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ar obair leanúnach Lárionad Inniúlachta an Choimisiúin maidir le Daonlathas Rannpháirteach agus Dioscúrsach, i gcomhréir le caighdeáin bhunaithe agus dea-chleachtais an chomhchruthaithe agus an daonlathais dhioscúrsaigh. Ag aithint dóibh gur gá leibhéal coiteann cosanta agus rannpháirtíochta a áirithiú d’eagraíochtaí sochaí sibhialta ar fud an Aontais (agus níos faide i gcéin), spreagtar na Ballstáit leis chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú agus a choinneáil ar bun d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine, ionas gur féidir leo páirt éifeachtach a ghlacadh i bpróisis ceaptha beartas den sórt sin. Moltar sa Mholadh freisin liosta de na bearta ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun eagraíochtaí sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chosaint agus tacú leo chun spás sibhialta rathúil a chosaint.
Tá tacaíocht airgeadais do shochaí shibhialta rathúil fíor-riachtanach. Tá neart deiseanna maoinithe á gcur ar fáil cheana féin ag an Aontas d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a n-acmhainneacht a fhorbairt agus chun tionscadail a chur chun feidhme a chuidíonn le luachanna an Aontais a chothú. Ceanglas bunúsach amháin maidir le maoiniú ón Aontas is ea urraim do luachanna an Aontais. Tá urraim do luachanna an Aontais cheana féin mar chuid den chomhaontú deontais nach mór do gach tairbhí de mhaoiniú ón Aontas a shíniú agus d’oibrigh an Coimisiún ar threoirlínte chun na hiarmhairtí a bhíonn ag sáruithe ar luachanna an Aontais do thairbhithe a leagan amach ar bhealach níos soiléire. Tá treoirthionscadail á gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún freisin maidir le nósanna imeachta seiceálacha agus fíoraithe a threisiú le haghaidh cláir bhuiséadacha i réimsí caiteachais ábhartha lena mbaineann riosca níos airde mí-úsáide agus dímheasa ar luachanna an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm agus cistí an Aontais á mbainistiú acu. Tá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) dírithe go mór ar thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun luachanna agus cearta an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn. Leanfaidh an Coimisiún le leithdháileadh spriocdhírithe um maoiniú a áirithiú do thosaíochtaí faoi EDAP agus le maoiniú tiomnaithe a shlógadh ó raon de Cháir an Aontais atá ar fáil chun tacú le spriocanna phacáiste an lae inniu i gcomhthéacs an bhréagaisnéis a chomhrac, chomh maith le sláine toghcháin agus iolrachas na meán a chur chun cinn. Chun go mbeidh sé níos éasca an bealach a dhéanamh trí na cláir éagsúla, déanfaidh an Coimisiún an uirlis a chuir sé i bhfeidhm ar an maoiniú atá ar fáil le feidhmiúlachtaí cuardaigh simplí a fheabhsú agus a chur chun cinn tuilleadh ionas gur féidir teacht ar fhaisnéis ábhartha faoi chistí ar an daonlathas go héasca agus go tapa. Leanfaidh an Coimisiún agus SEGS le plé a dhéanamh go réamhghníomhach le saoránaigh agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta ar an láthair trí Ionadaíochtaí an Choimisiúin i bpríomhchathracha na mBallstát agus trí Thoscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain chun feasacht a mhéadú agus feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise maidir leis na deiseanna atá ar fáil faoi chláir éagsúla an Aontais. I bhFíor 5, soláthraítear forléargas gairid ar na féidearthachtaí atá crutha ar fáil faoi Chláir an Aontais, agus tá féidearthachtaí eile ar fáil faoi chistí struchtúracha an Aontais agus faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (mar shampla chun an tsochaí shibhialta a mhaoiniú agus chun acmhainn agus bonneagar institiúideach/riaracháin a fhothú le haghaidh rannpháirtíocht shibhialta bhreithniúcháin agus rannpháirtíocht pholaitiúil).
4
CONCLÚID
I mí Iúil 2019, bhrúigh an tUachtarán von der Leyen spreagadh nua ar aghaidh don Daonlathas Eorpach, lena mbeadh cead cainte níos mó do mhuintir na hEorpa agus iarracht níos mó ón Aontas ár stáit daonlathacha a chothú, a chosaint agus a neartú. Aistríodh é sin go Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach um Nollaig 2020, a chuir go mór leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na ionramhála faisnéise agus chun saorthoghcháin chóra agus saoirse agus iolrachas na meán a chosaint.
Ó thús shainordú sin an Choimisiúin, bhí ar an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar mhórghéarchéimeanna geopholaitiúla, eacnamaíocha, aeráide agus sláinte i ndiaidh a chéile. Léiríodh leis an mbealach ar éirigh leis an Aontas freagairt do na géarchéimeanna sin gur féidir leis brath ar dhaonlathas láidir liobrálach, ar an muinín atá aige as a chuid institiúidí, agus ar an meas ar ár gcomhphrionsabail agus ar ár gcomhluachanna. Léiríodh leis na géarchéimeanna sin, áfach, an bhagairt maidir le cur isteach eachtrach agus na rioscaí ó chomhthéacs idirnáisiúnta an-luaineach: thiomnaigh roinnt gníomhaithe acmhainní ollmhóra don sprioc an bonn a bhaint den daonlathas agus den mhuinín inár n-institiúidí.
Is é is aidhm don phacáiste sin maidir leis an Daonlathas a Chosaint an gníomh sin a threisiú roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Tugtar freagra leis an bpacáiste seo na dúshláin sin, agus lánurraim á tabhairt dár gcearta agus dár luachanna bunúsacha, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá an Coimisiún ag tnúth le rannpháirtíocht iomlán Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh maidir leis na tograí reachtacha go léir i réimse an daonlathais roimh thoghcháin pharlaiminteacha na hEorpa; agus don chiorcal leathan gníomhaithe náisiúnta lena mbaineann, idir phoiblí agus phríobháideach, chun cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus an phacáiste nua sin maidir leis an Daonlathas a chosaint a áirithiú.