EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0457

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

COM/2022/457 final

An Bhruiséil,16.9.2022

COM(2022) 457 final

2022/0277(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 322 final} - {SWD(2022) 286 final} - {SWD(2022) 287 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comónta le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (‘An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán’). Comhlíontar leis an togra seo an gealltanas polaitiúil ón Uachtarán von der Leyen, a d’fhógair an tionscnamh san aitheasc uaithi ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2021. San óráid sin, chuir sí i dtábhacht ról na faisnéise chun leasa an phobail, d’admhaigh sí nach féidir caitheamh le cuideachtaí meán mar a chaitear le gnólachtaí eile agus nach mór a neamhspleáchas a chosaint ar leibhéal an Aontais Eorpaigh 1 . Tá an tionscnamh seo san áireamh i gclár oibre 2022 an Choimisiúin 2 .

Tá earnáil na meán mar chuid d’éiceachóras na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach 3 , ceann de na 14 éiceachóras thionsclaíocha atá ríthábhachtach i ndáil le téarnamh ionchuimsitheach inbhuanaithe agus i ndáil le haistriú dúbailte (glas agus digiteach) gheilleagar an Aontais. An tráth céanna, ní hamháin gur earnáil eacnamaíoch thábhachtach dhinimiciúil iad na seirbhísí meán, ach tá siad fíor‑riachtanach le haghaidh timpeallacht shibhialta shláintiúil agus saoirsí eacnamaíocha agus cearta bunúsacha, lena n‑áirítear comhionannas 4 . Soláthraíonn na meáin neamhspleácha, na meáin nuachta go háirithe, rochtain ar an iliomad dearcthaí agus foinsí iontaofa faisnéise do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon. Cuireann siad le múnlú thuairimí an phobail agus cabhraíonn siad le daoine agus le gnólachtaí tuairimí a fhorbairt agus roghanna eolacha a dhéanamh. Tá ról ríthábhachtach acu i gcaomhnú ardchaighdeán spáis faisnéise na hEorpa agus tá siad fíor‑riachtanach le haghaidh fheidhmiú ár sochaithe daonlathacha agus ár ngeilleagar. Le teicneolaíochtaí digiteacha, is féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí meán thar theorainneacha agus trí mheáin éagsúla, fad atá cúrsaí iomaíochta i spás na meán digiteach ag éirí níos idirnáisiúnta. Tá an tAontas Eorpach ina cheannródaí cheana féin ar chaighdeáin domhanda sa réimse seo a leagan síos, agus leis an togra seo neartaítear agus eagraítear spás faisnéise na hEorpa a thuilleadh.

I bhfianaise an chomhthéacs sin, is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar shraith fadhbanna a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán agus oibríocht na soláthraithe seirbhíse meán. Go háirithe, tá constaicí roimh chuideachtaí meán a chuireann isteach ar a gcuid oibríochta agus a imríonn tionchar ar a dtosca infheistíochta sa mhargadh inmheánach amhail rialacha éagsúla náisiúnta agus nósanna imeachta a bhaineann le saoirse agus iolrachas na meán. Áirítear leis na rialacha sin grinnscrúdú ar chomhchruinnithe sa mhargaidh i ndáil le hiolrachas na meán agus bearta cosantacha a dhéanann difear d’oibríocht na gcuideachtaí meán go háirithe. Tá ilroinnt sa mhargadh inmheánach cruthaithe ag rialacha den sórt sin, rud a imríonn tionchar ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán agus as a dtagann costais bhreise nuair a oibrítear thar theorainneacha.

Is casta an scéal sin fós de dheasca comhar neamhdhóthanach i measc na rialaitheoirí meán náisiúnta 5 . Tá raon feidhme Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) teoranta ó thaobh gníomhaíochta de, óir baineann an raon feidhme sin le seirbhísí meán closamhairc amháin. Thairis sin, níl uirlisí agus acmhainní leordhóthanacha ag ERGA chun cabhrú le réiteach ábhar trasteorann nó fadhbanna praiticiúla i bpríomhréimsí de rialú na meán. Déanann an cóineasú rialála neamhdhóthanach a eascraíonn as an méid sin difear do ghníomhaithe i margadh na meán, go háirithe soláthraithe seirbhísí meán closamhairc agus ardáin comhroinnte físeán, agus déanann sé dochar do leas an phobail. Tá ról na rialaitheoirí meán ríthábhachtach chomh maith i ndáil le cosaint ar sholáthraithe seirbhíse meán cama, lena n‑áirítear iad siúd atá rialaithe ag stát, bíodh sin ó thaobh cúrsaí airgeadais nó eagarthóireachta de ó thríú tíortha, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tslándáil phoiblí agus don chosaint phoiblí, nó as a bhféadfadh na rioscaí dochair sin a eascairt.

Chomh maith leis sin, táthar ag cur isteach níos mó ar sholáthraithe seirbhísí meán na hEorpa maidir lena gcinntí eagarthóireachta agus a gcumas seirbhísí meán ardchaighdeáin a sholáthar (i.e. seirbhísí a tháirgtear go neamhspleách agus i gcomhréir le caighdeáin iriseoireachta) sa mhargadh inmheánach, mar atá léirithe i dtuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta 6 agus ag an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin 7 . Maidir le coimircí neamhiomlána chun cur isteach ar shaoirse eagarthóireachta na meán uile agus ráthaíochtaí éagothroma neamhspleáchais le haghaidh na meán seirbhíse poiblí 8 , cuireann siad leis an bhfadhb agus mar gheall air sin bíonn saobhadh ar choinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach.

Ar deireadh, eascraíonn bacainní ar an margadh inmheánach agus éagothroime iomaíochta as leithdháileadh doiléir éagórach acmhainní eacnamaíocha. Go háirithe, a dhoiléire atá córais dílseánaigh a thomhaiseann pobal meáin, agus na claontachtaí is cuid dhílis de na córais sin, cuireann siad an sreabhadh ioncaim fógraíochta ar sceabha, rud a dhéanann dochar do sholáthraithe áirithe seirbhísí meán agus a fhágann go bhfuil iomaitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí tomhais ar phobal meáin, seirbhísí a chloíonn le caighdeáin arna gcomhaontú ag an tionscal, faoi mhíbhuntáiste 9 . Déanann leithdháileadh doiléir éagórach fógraíochta stáit (i.e. cistí poiblí a úsáidtear chun críoch fógraíochta) an margadh inmheánach a shaobhadh freisin, fógraíocht a d’fhéadfaí a leithdháileadh de rogha ar sholáthraithe seirbhíse náisiúnta lárnacha nó a úsáid chun fabhar nó fóirdheonú faoi choim a thabhairt do sholáthraithe meán áirithe a sholáthraíonn dearcthaí atá fabhrach don rialtas. Tá an rialúchán sa réimse sin neamhiomlán agus teoranta 10 , agus níl na rialacha sonracha ag na Ballstáit nó tá raonta feidhme éagsúla ag na rialacha atá sna Ballstáit faoi láthair 11 , rud a théann chun aimhleas na deimhneachta dlíthiúla agus as a n‑eascraíonn riosca maidir le cinntí treallacha nó idirdhealaitheacha.

Cé go bhfuil tromchúis na bhfadhbanna éagsúil ar fud an Aontais, fágann siad ar an iomlán gur deacair do sholáthraithe seirbhíse meán lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach, inbhuanaitheacht eacnamaíoch a choinneáil ar bun agus a ról sa tsochaí chun eolas a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí a chomhlíonadh ina iomláine. Chomh maith leis sin, mothaíonn faighteoirí seirbhísí meán an tionchar diúltach a bhaineann le soláthar neamhdhóthanach nó soláthar nach bhfuil neamhspleách, gan cothroime iomaíochta a bheith ann, agus easpa cosanta ar a leasanna.

Tá iarrtha ag an bParlaimint agus 12 ag an gComhairle 13 araon ar an gCoimisiún, arís agus arís eile, beart a dhéanamh chun bacainní a bhaint i ndáil le feidhmiú mhargadh inmheánach na meán agus iolrachas agus neamhspleáchas sa mhargadh sin a chur chun cinn. I dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, arna foilsiú an 9 Bealtaine 2022, ina dtograí, d’iarr saoránaigh ar an Aontas Eorpach neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe trí reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán trí íoschaighdeáin ar fud an Aontais. Chomh maith leis sin, d’iarr siad ar an Aontas meáin shaora iolraíocha neamhspleácha a chosaint agus tacú leis na meáin sin, an iarracht sa troid in aghaidh na bréagaisnéise agus cur isteach eachtrach a mhéadú, agus cosaint iriseoirí a áirithiú 14 .

I bhfianaise an mhéid sin, is é is aidhm don Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán.

Tá an togra dírithe ar cheithre chuspóir shonracha:

·Gníomhaíocht agus infheistíocht trasteorann a chothú i seirbhísí meán trí ghnéithe áirithe de na creataí éagsúla maidir le hiolrachas na meán náisiúnta a thabhairt le chéile, chun soláthar seirbhísí trasteorann a éascú go háirithe. Le comhordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is é is aidhm don togra a áirithiú go dtéann údaráis náisiúnta neamhspleácha i ngleic le hiolrachas na meán agus saoirse na meán ar bhealach comhsheasmhach nuair a dhéantar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán.

·Comhar agus cóineasú rialála méadaithe le huirlisí comhordúcháin trasteorann agus tuairimí agus treoirlínte ar leibhéal an Aontais. Leis sin, cuirfear cur chuige comhsheasmhach i ndáil le hiolrachas agus saoirse na meán chun cinn, agus soláthrófar cosaint éifeachtach d’úsáideoirí seirbhísí meán ar ábhar neamhdhleathach díobhálach, lena n‑áirítear ar líne agus i ndáil le soláthraithe seirbhísí (lena n‑áirítear soláthraithe ó thríú tíortha) nach leanann caighdeáin meán an Aontais.

·Soláthar seirbhísí meán ardchaighdeáin a éascú trí riosca a bhaineann le cur isteach poiblí agus príobháideach míchuí ar an tsaoirse eagarthóireachta a mhaolú. Is é is aidhm don togra a ráthú go bhféadann iriseoirí agus eagarthóirí obair gan cur isteach, lena n‑áirítear cosaint a thabhairt dá bhfoinsí agus dá gcuid cumarsáide. Tríd an neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú, ráthaítear leis freisin cosaint níos fearr do leasanna faighteoirí seirbhísí meán.

·Leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha trédhearcach cóir a áirithiú i margadh inmheánach na meán le trédhearcacht agus cothromaíocht mhéadaithe i ndáil le tomhas an phobail meáin agus leithdháileadh fógraíochta stáit. Is é is aidhm don togra trédhearcacht, neamh‑idirdhealú, comhréireacht, oibiachtúlacht agus ionchuimsitheacht a áirithiú i ndáil le modhanna chun an pobal meáin a thomhas, go háirithe ar líne. Áiritheofar leis trédhearcacht, neamh‑idirdhealú, comhréireacht agus oibiachtúlacht i ndáil le leithdháileadh fógraíochta stáit ar sholáthraithe meán, chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid cistiúcháin phoiblí chun leasanna páirtíneacha, a dhéanfadh dochar do ghníomhaithe eile an mhargaidh, a íoslaghdú. Cuirfear chun cinn, dá bhrí sin, iomaíocht chóir i margadh inmheánach na meán.

Gabhann Moladh leis an togra reachtach, Moladh lena leagtar amach roinnt dea‑chleachtais dheonacha do chuideachtaí meán chun neamhspleáchas eagarthóireachta a chur chun cinn agus moltaí do chuideachtaí meán agus Ballstáit chun trédhearcacht úinéireachta meán a mhéadú. Cuirfidh an Moladh le maolú na rioscaí a bhaineann le cur isteach gan údar ar chinntí eagarthóireachta aonair agus le feabhsú na rochtana ar fhaisnéis maidir le húinéireacht meán 15 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le rialacha cothrománacha agus earnála atá san Aontas cheana maidir le seirbhísí meán agus seirbhísí ar líne. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a dhéanann difear d’fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán.

Déanann an togra é sin trína bheith ag forbairt na Treorach leasaithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) 16 , lena rialaítear comhar reachtaíochta náisiúnta ar fud an Aontais i ndáil le meáin chlosamhairc. Méadaítear leis comhar laistigh de Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) arna bhunú leis an Treoir tríd an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán (‘an Bord’) a dhéanamh as, rud a thugann raon feidhme gníomhaíochta níos leithne dó chomh maith le cúraimí breise 17 .

Leagtar síos leis an togra rialacha nua a bhaineann le seirbhísí meán, amhail na rialacha siúd maidir le cosaint foinsí agus cumarsáid iriseoireachta, fógraíocht stáit agus tomhas ar an bpobal meáin. Tríd an méid sin a dhéanamh, comhlánaíonn sé an leasú ar chóipcheart 18 , a thacaíonn le hinbhuanaitheacht airgeadais an phreasa.

Tá an togra go hiomlán comhsheasmhach leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 19 agus an Rialachán maidir le cúrsaí ardán go gnó (P2B), agus comhlánaíonn an togra iad 20 . Tá sé comhsheasmhach leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 21 agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) 22 chomh maith, dhá ionstraim lena soláthraítear creataí cothrománacha lena leagtar amach rialacha comhchuibhithe le haghaidh seirbhísí ar líne, agus comhlánaíonn an togra iad. Tugann an togra aghaidh ar shaincheisteanna eile a bhaineann go sonrach leis an earnáil, cinn nach dtugann an dá ionstraim chothrománacha eile aghaidh orthu ina n‑iomláine.

Comhlánaítear leis an togra rialacha iomaíochta an Aontais, rialacha nach dtugann aghaidh go díreach ar an tionchar atá ag comhchruinnithe margaidh ar iolrachas nó neamhspleáchas na meán, agus comhlánaítear leis an togra freisin rialacha Státchabhrach, a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás (ex post go minic) agus rialacha nach dtugann aghaidh go leordhóthanach ar na fadhbanna atá ann de dheasca leithdháileadh éagórach acmhainní stáit ar sholáthraithe seirbhísí meán. Áirithítear leis an togra go mbíonn fógraíocht stáit faoi réir rialacha ex ante maidir le trédhearcacht go córasach, i ndáil leis na tairbhithe agus na méideanna a chaitear go háirithe, agus leithdháileadh cóir fógraíochta den sórt sin. Tá an togra, agus na forálacha maidir le fógraíocht stáit go háirithe, comhsheasmhach leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le trédhearcacht fógraíochta polaitiúla agus an spriocdhíriú uirthi 23 .

Thairis sin, tá an togra comhlántach le rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le trédhearcacht úinéireachta, agus ní dhéanann an togra difear do na rialacha sin. Is é an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid (AML) 24 an phríomh‑ionstraim chun trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla a áirithiú, fad a rialaíonn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí na gCuideachtaí 25 an fhaisnéis nach mór do chuideachtaí teoranta, go háirithe, a nochtadh i gcláir ghnó. Le AVMSD, spreagtar do Bhallstáit bearta a dhéanamh chun faisnéis maidir le struchtúr úinéireachta na meán closamhairc a chur ar fáil. Comhlánóidh an togra an creat atá ann cheana toisc go gceanglófar ar gach soláthraí seirbhíse meán a sholáthraíonn ábhar maidir le nuacht agus cúrsaí reatha faisnéis a sholáthar maidir le húinéireacht na meán, úinéirí tairbhiúla díreacha agus indíreacha go háirithe, d’fhaighteoirí na seirbhísí meán.

Chomh maith leis sin, tagann an togra leis an bPrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit (Prótacal Amstardam) 26 , lena n‑aithnítear inniúlacht na mBallstát cúraimí seirbhíse poiblí na meán seirbhíse poiblí a shainiú agus inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir lena gcistiú a mhéid nach ndéanann cistiú den sórt sin difear do choinníollacha trádála ná iomaíocht san Aontas a mhéid a bheadh sé contrártha don leas coiteann. Deimhnítear go hintuigthe le Prótacal Amstardam go bhfuil meáin seirbhíse poiblí faoi raon feidhme an mhargaidh inmheánaigh.

Tá an togra i gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach 27 agus Conclúidí ábhartha ón gComhairle 28 . Tríd an ról agus an comhar idir rialtóirí meán a neartú, lena n‑áirítear ábhair a dhéanann difear do spás faisnéise an Aontais, comhlánaíonn an togra na bearta a dhéantar chun bosca uirlisí an Aontais maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a fhorbairt.

Tá an togra i gcomhréir le Moladh ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa do Bhallstáit maidir le rialú meán seirbhíse poiblí 29 . Deirtear sa mholadh nach mór do mheáin seirbhíse poiblí feidhmiú agus fás laistigh de chreat rialachais inbhuanaithe, a chinntíonn an neamhspleáchas eagarthóireachta agus an chuntasacht phoiblí araon is gá.

De bharr na mbagairtí le déanaí ar fhoinsí iriseoireachta, tugann an togra coimirce spriocdhírithe in aghaidh úsáid earraí spiaireachta i ngléasanna a úsáideann soláthraithe seirbhíse meán nó iriseoirí, rud a fhorbraíonn na cosaintí a sholáthraítear le Treoir 2002/58/CE (an Treoir maidir le r‑phríobháideachas), Treoir 2016/680/AE (an Treoir maidir le Forfheidhmiú Dlí) agus Treoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra, forbraítear an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach 30 inar mhol an Coimisiún tacar beart chun rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn, bréagaisnéis a chomhrac agus tacaíocht a thabhairt do mheáin shaora neamhspleácha. Tríd an gcosaint ar fhoinsí agus cumarsáid iriseoireachta a neartú, comhlánaíonn an tionscnamh an Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí 31 , chomh maith leis an togra le haghaidh Treoir 32 agus Moladh 33 maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’). Leis an togra, soláthraítear bearta coincréiteacha mar fhreagairt ar an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 34 , lena n‑iarrtar cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar líne, agus a thacaíonn le cur chun feidhme an Phlean gníomhaíochta um meáin agus ábhar closamhairc 35 , ina leagann an Coimisiún sraith gníomhaíochtaí amach chun inbhuanaitheacht airgeadais agus claochlú digiteach earnáil na meán a neartú.

Is é is aidhm don togra neamhspleáchas eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán a neartú. Go comhthreomhar leis sin, príomhghné is ea an inbhuanaitheacht airgeadais chun neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint ar bhrú seachtrach agus brú an mhargaidh. Mar a bhí ráite ag páirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí, is fadhb é staid leochaileach eacnamaíoch earnáil na meán go fóill, agus tá géarchéim COVID‑19 tar éis cur leis. Dá gcinnteofaí foinsí éagsúla leordhóthanacha, d’fhéadfadh sin athléimneacht agus neamhspleáchas na meán a neartú, agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhísí ardchaighdeáin do mhuintir na hEorpa.

Dá dheasca sin, bíonn earnáil na meán anois ag iarraidh tacaíocht airgeadais níos minice ar an Aontas Eorpach, toisc go bhfuil cómhaoiniú tugtha ag an gCoimisiún do chumhdach meán neamhspleách ar chúrsaí Eorpacha le fada chun réimse poiblí Eorpach a chothú. Cé go bhfuil an méid cistiúcháin teoranta do scála agus tábhacht na hearnála, tá cumas ag cistiú Eorpach cur le téarnamh na hearnála tar éis phaindéim COVID‑19, le claochlú digiteach na nuachta, agus le triail formáidí nó múnlaí nua thar theorainneacha chun airgead a shaothrú as ábhar ar líne.

Mar thoradh air sin, tar éis ghlacadh an Phlean gníomhaíochta um meáin agus ábhar closamhairc i mí na Nollag 2020, tá bearta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do mheáin na nuachta curtha le chéile, agus neamhspleáchas eagarthóireachta á urramú freisin. Mar shampla, tá MEDIA INVEST curtha ar bun aige, ionstraim infheistíochta cothromais thiomnaithe faoi chlár InvestEU, ionstraim atá ceaptha inniúlacht airgeadais chuideachtaí closamhairc na hEorpa a chothú. Tá tacaíocht chothromais ar fáil do mheáin na nuachta ó 2022, chomh maith le gníomhaíochtaí ullmhachta infheistíochta chun infheisteoirí príobháideacha a shlógadh agus méideanna infheistíochta cothromais a mhéadú. Go comhthreomhar leis sin, tá an Coimisiún ag tacú le seoladh saoráid comh‑infheistíochta thiomnaithe faoi chlár InvestEU le fondúireachtaí agus eagraíochtaí daonchairdis chun díriú ar thrí réimse misin shonracha, lena n‑áirítear ‘Iolrachas na meán, daonlathas agus cultúr’ 36 . Fócas eile is ea an nuálaíocht: faoi na cláir um thaighde agus nuálaíocht agus na cláir dhigiteacha, cuirtear maoiniú ar fáil chun réitigh nuálacha a fhorbairt, lena n‑áirítear gairm atá le seoladh go luath chun spás sonraí meán Eorpach a fhorbairt go háirithe. Anuas air sin, le taighde nuálach a chistítear faoi Fhís 2020 agus Fís Eorpach, cabhraítear le tuiscint a fháil ar thionchar na meán ar shaoránaigh agus ar an daonlathas, chomh maith le huirlisí agus straitéisí chun tírdhreach meán níos sláintiúla agus níos éagsúla a chothú, ag dul i ngleic le bréagaisnéis ar líne agus ag cur feabhas ar chaighdeáin iriseoireachta. Maidir le malartú tráthrialta leis an tionscal i gcomhthéacs an Fhóraim Eorpaigh um Meáin Nuachta, cuireann siad sin leis an bhfaireachán ar nuálaíocht san earnáil agus soláthraítear leis fóram chun clár oibre an Aontais maidir leis an ábhar a phlé.

I ndiaidh an phlean gníomhaíochta um meáin agus ábhar closamhairc, tháinig earnáil na meán nuachta chun bheith ina fhócas tiomnaithe den chlár Eoraip na Cruthaitheachta, a dearadh chun tacú le hearnáil an chultúir agus leis an earnáil chruthaitheach. Is féidir leis an gclár comhpháirtíochtaí a mhaoiniú idir eagraíochtaí meán chun nuálaíocht a dhéanamh, formáidí nua a thástáil nó dea‑chleachtais ghnó a roinnt thar theorainneacha. Chomh maith leis sin, cómhaoiníonn Eoraip na Cruthaitheachta tionscadail a chuireann timpeallacht meán níos iolraíche chun cinn: ceadaítear le deontais cosaint a sholáthar do thuairisceoirí (lena n‑áirítear tacaíocht dhlíthiúil) agus cumhdaítear leo réimsí amhail aimsiú fíoras, faireachán, obair abhcóideachta, an pobal a chur ar an eolas agus ardú feasachta. Thacaigh cistiú an Aontais le hoibríochtaí comhairlí meán freisin, chomh maith le gníomhaíochtaí an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin. Ó 2023 leithdháilfidh an Coimisiún cistiú tiomnaithe faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta freisin chun tacú le meáin a fhreastalaíonn ar an leas coiteann, amhail soláthraithe meán imscrúdúcháin, ag cur le díospóireacht iolraíoch thar theorainneacha agus daonlathas níos sláintiúla dá bharr sin.

Is mó an t‑éileamh ar chistiú meán ná na cistí atá ar fáil. D’éiligh Parlaimint na hEorpa go dtreiseofaí na deiseanna cistiúcháin le haghaidh earnáil na meán nuachta, go háirithe trí bhíthin Ciste buan um Meáin Nuachta agus neartú na mbuiséad le haghaidh sraitheanna Trasearnálacha agus Meán faoi Eoraip na Cruthaitheachta 37 . Chomh maith leis sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún cistiú a neartú le haghaidh iriseoireacht neamhspleách 38 . D’fhonn beartas reatha an Aontais a chomhlánú, agus athléimneacht airgeadais na hearnála a threisiú, déanfaidh an Coimisiún scéimeanna agus tionscnaimh airgeadais phoiblí arna bhforbairt ag Ballstáit a mhapáil agus sainaithneoidh sé treochtaí agus bearnaí airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí le haghaidh an togra sin Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear glacadh beart le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha arna leagan síos de réir dlí, rialacháin nó gníomhaíocht riaracháin i mBallstáit, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar chur chuige neamhiomlán rialála náisiúnta maidir le saoirse agus iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta. Cothóidh sé sin cur chuige comónta agus comhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh sé feidhmiú barrmhaith an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, agus cuirfidh sé cosc ar bhacainní a bheith ag teacht chun cinn amach anseo i ndáil le hoibríocht soláthraithe seirbhíse meán ar fud an Aontais.

Go háirithe, is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a leanas a chuireann isteach ar sholáthar seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach:

·srianta náisiúnta a bhaineann le foinsí agus cumarsáid iriseoirí mar sholáthraithe seirbhíse, rud a dhéanann difear do tháirgeadh agus do sholáthar seirbhísí meán;

·cur isteach ar oibríocht soláthraithe seirbhíse meán, lena n‑áirítear a gcinntí eagarthóireachta, agus cineálacha cur chuige éagsúla maidir le cosaint an neamhspleáchais eagarthóireachta;

·an riosca a bhaineann le cur isteach stáit ar mheáin seirbhíse poiblí, chun aimhleas cothroime iomaíochta sa mhargadh aonair agus caighdeán na meán seirbhíse poiblí;

·oibríochtaí margaidh oibreoirí cama (lena n‑áirítear soláthraithe seirbhíse meán atá faoi smacht stáit, ó thaobh airgid nó eagarthóireachta de, i dtríú tíortha áirithe) a chruthaíonn teannas maidir le cur i bhfeidhm rialacha na saorghluaiseachta laistigh den Aontas;

·mar gheall ar dhigitiú méadaithe leithdháileadh na seirbhíse meán, na rioscaí do sholáthar saor seirbhísí meán ar ardáin an‑mhór ar líne, chun aimhleas cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach;

·bearta margaidh meán náisiúnta a dhéanann difear d’oibríocht soláthraithe seirbhíse meán a chuireann srian ar shaorghluaiseacht san Aontas, rud a scoilteann an margadh inmheánach agus as a n‑eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil dá dheasca; baineann an méid céanna sin le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta;

·teimhneacht agus claontachtaí féideartha i gcórais agus modhanna maidir le tomhas pobail meáin, as a dtagann saobhadh ar an margadh, chun aimhleas cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach;

·leithdháileadh éagothrom neamh‑thrédhearcach caiteachais fógraíochta stáit ar sholáthraithe seirbhíse meán, chun aimhleas soláthraithe seirbhíse meán eile, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile.

Ina theannta sin, is bonn dlí iomchuí é Airteagal 114 CFAE le haghaidh cruthú struchtúr nua faoi dhlí an Aontais. Tá sé sin ábhartha go háirithe mar gheall ar ghné rialachais an tionscnaimh, arb é is aidhm dó comhar níos dlúithe a chothú idir rialtóirí meán náisiúnta faoi Bhord ar leibhéal an Aontais, a mbeadh sé de chúram acu cur i bhfeidhm éifeachtach comhsheasmhach rialacha meán an Aontais a chur chun cinn.

Ní hamháin nach mór don reachtóir den Aontas cloí le cearta bunúsacha nuair a rialaítear an margadh inmheánach 39 , ní mór cearta bunúsacha atá in iomaíocht a chothromú freisin 40 . Is éard atá sa togra reatha le haghaidh Rialacháin creat reachtach comhchuibhithe comhordaithe ilchineálach lena gcuirfidh an reachtóir le forbairt agus cosaint an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, ag cur roinnt leasanna dlisteanacha poiblí eile chun cinn dá bharr (lena n‑áirítear cosaint úsáideoirí) agus réiteach cearta bunúsacha gach duine lena mbaineann ar bhealach cóir.

Coimhdeacht

Ní féidir le Ballstáit, agus iad ag gníomhú astu féin, cuspóirí na hidirghabhála a bhaint amach toisc go mbaineann na fadhbanna le cúrsaí trasteorann agus níl siad teoranta do Bhallstáit aonair nó foghrúpa de Bhallstáit. Maidir le táirgeadh, dáileadh agus tomhaltas ábhar meán, lena n‑áirítear an nuacht, tá siad ag éirí níos digití agus tá an ghné trasteorann ag éirí níos láidre de réir mar a leanann an t‑idirlíon de bheith ag cur chlaochlú shamhlacha gnó na meán traidisiúnta chun cinn. Tá ardáin dhomhanda ag déanamh difear níos mó do sholáthar na seirbhísí meán ar fud an Aontais, ardáin a fheidhmíonn mar thairsí chuig ábhar meán agus atá ina soláthraithe feiceálacha fógraíochta ar líne an tráth céanna.

An bealach is fearr chun margadh inmheánach na meán a chur chun cinn is ea cur chuige comónta ar fud an Aontais a bheith ann lena gcuirtear cóineasú, trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta chun cinn le haghaidh na ngníomhaithe ábhartha uile i margadh na meán. Laghdófar leis an t‑ualach atá ar sholáthraithe seirbhíse meán, nach mór dóibh córais dhlíthiúla náisiúnta éagsúla a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad i mBallstáit éagsúla. Cuirfidh sé feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán agus, dá bharr sin, cuirfear iomaíocht chóir agus infheistíocht trasteorann chun cinn. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé ar chumas rialtóirí na meán freagairtí comhordaithe a glacadh i ndáil le hábhair a dhéanann difear do spás faisnéise an Aontais agus cosaint leasanna thomhaltóirí an Aontais go háirithe.

Tugann an tionscnamh aird chuí ar an bPrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit (Prótacal Amstardam) agus Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní chuirfidh sé isteach ar inniúlacht Ballstát cistiú a sholáthar do na meáin seirbhíse poiblí ionas gur féidir leo a gcúraimí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, arna mbronnadh, arna sainiú agus arna n‑eagrú ar an leibhéal náisiúnta ná ní chuirfidh sé isteach ar fhéiniúlachtaí náisiúnta nó traidisiúin rialála i réimse na meán. Tugann sé aird chuí ar dhearcthaí páirtithe leasmhara freisin, agus, dá bharr sin, tagann sé leis an tuairim nárbh inmhianaithe agus gur neamhréireach an rud é rialacha aonchineálacha thar a bheith mionsonraithe a bheith ann maidir le hiolrachas mheáin an Aontais, toisc nach mór rialacha den sórt sin a oiriúnú do chúlra stairiúil cultúrtha gach Ballstáit. Ina ionad sin, faigheann an tionscnamh cothromaíocht idir forálacha a leagtar síos go ginearálta agus rialacha atá níos sonraí chun cuspóirí an bheartais a bhaint amach.

Comhréireacht

Leis an tionscnamh, forbraítear creataí dlíthiúla atá ann cheana ach ní dhíreofar ann ach ar na réimsí ina ndealraíonn sé go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas le haghaidh fheidhmiú iomchuí mhargadh inmheánach na meán, lena n‑áirítear chun cothroime iomaíochta agus oibríocht neamhspleách a áirithiú le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán ar fud an Aontais. Tá sé teoranta do shaincheisteanna nach féidir le Ballstáit réitigh leordhóthanacha a bhaint amach ina leith astu féin, agus déanann sé foráil maidir le comhchuibhiú dea‑chalabraithe nach dtéann níos faide ná an méid is gá chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, fad a chinntítear cáilíocht seirbhísí den sórt sin. Toisc go bhfuil go leor de na rialacha a mholtar bunaithe ar phrionsabail, cuireann sé le háirithiú chomhréireacht na dtograí.

As an togra, eascróidh costais theoranta comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin, ar dóchúil go bhfritháireofar iad le tairbhí suntasacha le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán agus le haghaidh saoránach. Trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht agus scoilteadh rialála sa mhargadh a laghdú, cuirfidh an togra feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil agus an iomaíocht chóir fad a laghdófar an saobhadh ar an margadh. Cuirfidh sé sin le muinín na n‑infheisteoirí agus ní bheidh idirbhearta trasteorann i margadh na meán chomh dian céanna ó thaobh na hoibre de, lena gcruthófar timpeallacht dhearfach le haghaidh infheistíochtaí agus soláthar saor seirbhísí meán ar fud an Aontais. Tairbheoidh saoránaigh agus gnólachtaí de sholáthar meán níos éagsúla agus níos iolraíche freisin, chomh maith le trédhearcacht mhéadaithe agus rochtain níos fearr ar fhaisnéis.

An rogha ionstraime

Is rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é an togra. Mar gheall ar na saincheisteanna a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus mar gheall ar an gcomhthéacs eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil, tá rialachán níos oiriúnaí ná treoir chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú ar fud an Aontais agus laghdódh sé éagsúlacht rialála a bhainfeadh de sholáthar neamhspleách seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach. Ceadófar leis cur i bhfeidhm tapa rialacha nua an Aontais agus, dá bhrí sin, tabharfar aghaidh ar fhadhbanna ar bhonn níos tapa. Seachnófar leis sin próiseas trasuite fadálach agus coiscfear éagsúlachtaí nó saobhadh féideartha le linn an phróisis trasuite, trí fhorálacha a leagan síos is infheidhme go díreach maidir le cásanna ina n‑úsáideann Ballstáit an próiseas trasuite mar réamhbheart chun bearta reachtacha a théann in aghaidh soláthraithe seirbhíse meán neamhspleácha nó atá idirdhealaitheach ar bhealach eile a thabhairt isteach nó a choimeád. Is fearr freisin dul in iontaoibh rialacháin i bhfianaise chomhpháirt institiúideach an tionscnaimh (bunú an Bhoird). Tá údar cuí le rogha rialacháin de bharr an mhéadaithe ar dhigitiú agus ar sholáthar trasteorann na seirbhísí meán, lena n‑iarrtar cur chuige gasta comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Trí fhorálacha is infheidhme go díreach a bhunú, áiritheofar leis an rialachán a mholtar comhar éifeachtach éifeachtúil i measc údaráis agus chomhlachtaí rialála meán náisiúnta na mBallstát.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra bunaithe ar chomhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara, mar gheall ar na prionsabail agus caighdeáin ghinearálta i ndáil le comhairliúchán le páirtithe leasmhara leis an gCoimisiún.

Foilsíodh gairm ar fhianaise lenar fógraíodh an tionscnamh an 21 Nollaig 2021 a bhí oscailte le haghaidh aiseolais go dtí an 25 Márta 2022. Fuarthas 1 473 fhreagra san iomlán 41 . Bhí comhairliúchán poiblí ar oscailt ón 10 Eanáir 2022 go dtí an 25 Márta 2022 agus fuarthas 917 bhfreagra 42 . Cuireadh chun cinn iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, agus sna meáin shóisialta agus ar líonraí sonracha. Cé gurbh é ab fheidhm leis an ngairm ar fhianaise aiseolas ginearálta a bhailiú maidir le fógairt an Choimisiúin i ndáil leis an tionscnamh, bhailigh an comhairliúchán poiblí dearcthaí le ceistneoir struchtúrtha ina raibh ceisteanna sonracha maidir leis an tionscnamh.

Anuas air sin, d’eagraigh an Coimisiún cruinnithe le príomhpháirtithe leasmhara agus saineolaithe chun fianaise bhreise agus sonraí a bhailiú maidir le saincheisteanna sonracha ar cheart don tionscnamh aghaidh a thabhairt orthu, an cur chuige beartais agus a thionchar, chomh maith le faisnéis theicniúil maidir le cleachtais atá sa tionscal cheana. Chomh maith leis sin, reáchtáil sé ceardlanna spriocdhírithe agus rinne sé anailís ar go leor páipéar seasaimh agus anailíse a fuarthas i gcomhthéacs ullmhú an tionscnaimh. Thacaigh dhá staidéar sheachtracha ina ndearnadh sraith comhairliúchán aonair le príomhpháirtithe leasmhara le hullmhú an mheasúnúcháin tionchair a bhí mar bhonn taca faoin tionscnamh 43 .

Thairis sin, phléigh an Coimisiún an tionscnamh le comhaltaí Choiste Teagmhála AVMSD agus ERGA. Ba bhealach díreach iad na sainghrúpaí sin chun dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha ar leibhéal na mBallstát. Chun dearcthaí taighdeoirí agus saineolaithe le saineolas faoi leith i réimsí ábhartha a bhailiú (amhail an dlí poiblí agus an dlí bunreachtúil chomh maith le saoirse na meán agus an margadh inmheánach), eagraíodh ceardlann shonrach an 18 Feabhra 2022 le hionadaithe ón saol acadúil, ERGA agus ón gCoimisiún.

Maidir le coincheap an mholta reachtaigh, lena rialófar réimsí substainteacha áirithe ar a laghad, fuair sé tacaíocht ó shaoránaigh agus formhór na bpáirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear pobal shaoirse na meán, eagraíochtaí tomhaltóirí, rialtóirí na meán agus ERGA, craoltóirí poiblí agus príobháideacha, dáileoirí ábhair agus gníomhaithe i gcóras na fógraíochta. I measc na bpáirtithe leasmhara sin tá tacaíocht leathan ann do chur chuige atá bunaithe ar phrionsabal in ionad gníomhaíocht ar bith nó socrú mionsonraithe caighdeán.

Maidir le heagraíochtaí neamhrialtais agus craoltóirí seirbhíse poiblí go háirithe, thacaigh siad le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun coimircí a thabhairt isteach le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta, lena n‑áirítear na meáin seirbhíse poiblí, fad a meabhraíodh tábhacht Phrótacal Amstardam. Tacaíonn craoltóirí poiblí go sonrach le coimircí le haghaidh iontaofacht eagarthóireachta ar líne agus le treoir maidir le suntasacht iomchuí seirbhísí meán closamhairc leasa ghinearálta.

Bhí craoltóirí príobháideacha, go háirithe, i bhfabhar prionsabal comhchoiteann le haghaidh beart iolrachais meán agus trédhearcacht an tomhais ar an bpobal meáin, oibiachtúlacht agus infhíoraitheacht, agus d’aontaigh foilsitheoirí agus gníomhaithe i gcóras na fógraíochta leis an ngné dheireanach. Maidir le foilsitheoirí, nach rialaítear go traidisiúnta, léirigh siad gurbh fhearr leo féinrialú nó moladh. Mar sin féin, thacaigh siad le bearta ar fud an Aontais maidir le cosaint foinsí iriseoireachta agus fógraíocht stáit. D’aontaigh saoránaigh go láidir leis an ngá le haghaidh trédhearcacht agus cothromaíocht i leithdháileadh fógraíochta stáit. D’iarr craoltóirí agus foilsitheoirí rialú éifeachtach ardán ar líne.

Maidir le rialachas, bhí tacaíocht leathan ar an iomlán le haghaidh formhaoirseachta bunaithe ar ERGA ach bhí dearcthaí éagsúla ann maidir lena stádas amach anseo. Tá rialtóirí agus pobal shaoirse na meán i bhfabhar ERGA a neartú, agus b’fhearr le cuideachtaí agus comhlachais gnólachtaí é a fhágáil mar atá. Maidir le húdaráis phoiblí go háirithe, thacaigh siad le comhar rialála ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun comhchaighdeáin a éascú le haghaidh iolrachas na meán agus thacaigh siad le neartú ról agus acmhainní ERGA le haghaidh tuilleadh comhordaithe san Aontas.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Bhraith an Coimisiún ar réimse leathan saineolais chun an togra seo a ullmhú.

Anuas ar an gcomhairliúchán poiblí agus na comhairliúcháin eile le páirtithe leasmhara a thuairiscítear thuas, choimisiúnaigh an Coimisiún dhá staidéar sheachtracha chun leibhéal ard comhleanúnachais agus inchomparáideachta a áirithiú i ndáil leis an anailís le haghaidh gach cur chuige féideartha i ndáil le beartas.

Rinne Faireachlann Eorpach Chlosamhairc Chomhairle na hEorpa tuarascáil speisialta freisin maidir le rialachas agus neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí 44 . Gabhann forbhreathnú cuimsitheach maidir leis na príomhchoimircí rialachais le haghaidh na meán seirbhíse poiblí san Eoraip leis an bhfoilseachán.

Le tuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, arb iad na tuarascálacha bliantúla iad arna ndéanamh ag an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin chomh maith le roinnt suirbhéanna le hEorabharaiméadar, soláthraíodh fianaise agus anailís maidir le go leor saincheisteanna ábhartha. Úsáideadh na foinsí sin chun na fadhbanna a shainaithint, chomh maith le scála agus spreagthóirí na bhfadhbanna sin i margadh inmheánach na meán. Chomh maith leis sin, d’fhorbair an Coimisiún na Moltaí ábhartha ó Chomhairle na hEorpa, ar aontaigh gach Ballstát leo 45 .

Ar deireadh chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’anailís bunaithe ar fhianaise, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chás‑dlí ábhartha agus athbhreithniú litríochta leathan, lenar cumhdaíodh litríocht acadúil agus réimse leathan staidéar beartais agus tuarascálacha, lena n‑áirítear cinn arna ndéanamh ag eagraíochtaí neamhrialtasacha i réimse shaoirse agus iolrachas na meán.

Measúnú tionchair

I gcomhréir leis an mbeartas ‘Rialáil Níos Fearr’, rinne an Coimisiún measúnú tionchair le haghaidh an togra seo, arna scrúdú ag Bord an Choimisiúin um Ghrinnscrúdú Rialála. Cuireadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála den chéad uair an 13 Bealtaine agus pléadh é le linn éisteachta an 8 Meitheamh. Tar éis tuairim dhiúltach a tugadh ar an 10 Meitheamh, rinneadh leasú substaintiúil ar an tuarascáil agus cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála arís é an 11 Iúil. Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 27 Iúil lenar ghabh forchoimeádais. Leasaíodh an tuarascáil ar an measúnú tionchair a thuilleadh chun moltaí feabhais an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála a chur san áireamh. Cuirtear tuairimí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, agus na barúlacha agus na míniúcháin ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh iad, i láthair in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an measúnú tionchair.

Rinne an Coimisiún scrúdú ar roghanna beartais éagsúla chun cuspóir ginearálta an togra a bhaint amach, is é sin feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán.

Rinneadh measúnú ar thrí rogha beartais de leibhéil éagsúla déine rialála:

·Rogha 1: Moladh maidir le hiolrachas agus neamhspleáchas na meán, lean spreagtar na Ballstáit agus, i réimsí áirithe, cuideachtaí i margadh na meán chun sraith gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun iolrachas na meán, neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht agus cothroime i margadh na meán a chur chun cinn.

·Rogha 2: Togra reachtach agus moladh maidir le neamhspleáchas na meán, agus an togra reachtach ag soláthar comhrialacha don mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán agus an moladh ag spreagadh cuideachtaí meán agus na Ballstáit chun neamhspleáchas agus trédhearcacht na meán a chothú.

·Rogha 3: Togra reachtach feabhsaithe ag cur anuas ar na heilimintí reachtacha ar fad de Rogha 2 oibleagáidí breise ar chuideachtaí i margadh na meán agus ar rialtóirí chun infhaighteacht seirbhísí meán ardchaighdeáin agus leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha trédhearcach cóir i margadh na meán a chothú.

Breithníodh dhá fhorogha maidir le rialachas na hionstraime reachtaí faoi roghanna 2 agus 3:

·Forogha A: córas rialachais bunaithe ar bhord arna thacú ag rúnaíocht de chuid an Choimisiúin;

·Forogha B: córas rialachais bunaithe ar bhord a fhaigheann cúnamh ó oifig neamhspleách de chuid an Aontais.

De réir mhodheolaíocht bhunaithe an Choimisiúin, rinneadh meastóireacht ar gach rogha beartais maidir le tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus ceart bunúsach. Is í rogha thosaíochta í Rogha 2 Forogha A. Comhlíonfaidh an rogha sin cuspóir ginearálta na hidirghabhála ar bhealach éifeachtúil comhleanúnach, comhréireach agus ar bhealach atá éifeachtach den chuid is mó.

Go háirithe, bunófar leis an ionstraim reachtach atá beartaithe roinnt bunphrionsabal agus rialacha le haghaidh mhargadh na meán, agus sannfar cúraimí tábhachtacha don Bhord, i.e. mar chomhchomhlacht de rialtóirí meán neamhspleácha, lena n‑áirítear tascanna chun comhairle shaineolach a sholáthar maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla de rialáil na meán, chun tuairimí a eisiúint maidir le comhchruinnithe sa mhargadh ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chun gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le soláthraithe seirbhísí meán (lena n‑áirítear soláthraithe ó thríú tíortha) nach gcomhlíonann caighdeáin meán an Aontais. Beifear in ann brath ar na prionsabail agus na rialacha arna mbunú san ionstraim reachtach os comhair na gcúirteanna náisiúnta, agus beidh an Coimisiún in ann imeachtaí um shárú a sheoladh, inter alia i gcás saincheisteanna sistéamacha. Molfaidh an eilimint neamhcheangailteach den phacáiste beartais - an Moladh - gníomhaíochtaí deonacha maidir le dhá shaincheist shonracha: coimircí neamhspleáchais na meán agus trédhearcacht úinéireachta meán. Beidh na tairbhí inmhianaithe ann de bharr cur chuige ilshraitheach solúbtha den sórt sin agus, an tráth céanna, barrfheabhsófar na costais le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán agus le haghaidh údaráis phoiblí, agus an costas níos ísle a bhaineann le rúnaíocht an Choimisiúin i gcomparáid le hoifig an Aontais á chur san áireamh freisin.

Mínítear tionchair na roghanna beartais ar chatagóirí páirtithe leasmhara ina mionsonraí in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an measúnú tionchair.

Cearta bunúsacha

Leis an rialachán atá beartaithe, trí fheabhas a chur ar chóineasú rialála i margadh inmheánach na meán, trí neamhspleáchas eagarthóireachta a choimirciú i gcomhar le saoirse ghnó na soláthraithe seirbhíse meán, agus trí thrédhearcacht agus cothroime a mhéadú maidir le hacmhainní eacnamaíocha a leithdháileadh, éascófar soláthar seirbhísí meán neamhspleácha agus ardchaighdeáin thar theorainneacha, a chuireann saoirse na meán agus iolrachas chun cinn. Rannchuideoidh príomhról an Bhoird sa chreat nua, atá neamhspleách go hiomlán ar rialtais agus ar aon eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile, le seasamh éifeachtach agus neamhchlaonta na saoirse cainte ar fud an Aontais, arna chosaint ag Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), a fhreagraíonn d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Beidh tionchar dearfach ag an rialachán atá beartaithe freisin ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt), trí bhacainní ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ardú agus trí theorannú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gníomhaithe áirithe i margadh na meán a bheith faoi réir cóir idirdhealaitheach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cumhdófar tionchar buiséadach an togra le haghaidh an Rialacháin seo leis na leithdháiltí a leagtar síos i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 faoi na leithdháiltí airgeadais le haghaidh Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, mar a shonraítear sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bunóidh an Coimisiún creat cuimsitheach chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar na hionstraime reachtaí seo. Mar chuid de sin áirítear go háirithe sásra faireacháin neamhspleách nua chun rioscaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a shainaithint agus a mheasúnú. Beartaítear meastóireacht ar an ionstraim agus tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa laistigh de 4 bliana ó tháinig sí i bhfeidhm agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar ábhar agus raon feidhme an Rialacháin agus na sainmhínithe ar phríomhthéarmaí a úsáidtear sa Rialachán amach i gCaibidil I. Sonraítear inti, go háirithe, gur forálacha íosta um chomhchuibhiú iad Caibidil II agus Caibidil III, Roinn 5 den Rialachán.

I gCaibidil II tá cearta faighteoirí seirbhísí meán agus cearta soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach. Leagtar amach inti freisin coimircí maidir le feidhmiú neamhspleách na meán seirbhíse poiblí agus dualgais soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach.

I gCaibidil III leagtar amach creat le haghaidh comhar rialála agus margadh dea‑fheidhmiúil i gcomhar seirbhísí meán.

Foráiltear le Roinn 1 gurb iad na húdaráis rialála náisiúnta neamhspleácha nó na comhlachtaí neamhspleácha de chuid na mBallstát atá i gceannas ar chur chun feidhme AVMSD atá freagrach as an gCaibidil seo a chur i bhfeidhm agus go dtugann siad cumhachtaí imscrúdaithe iomchuí dóibh chun a gcúraimí a chur i gcrích.

Bunaítear le Roinn 2 an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán, an comhchomhlacht de rialtóirí meán neamhspleácha, a thagann in ionad Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) agus a thagann ina dhiaidh. Leagtar amach inti na ceanglais maidir le neamhspleáchas an Bhoird agus sonraítear inti a struchtúr. Gheobhaidh an Bord tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil, a éilítear chun a chúraimí a chomhlíonadh, ó rúnaíocht a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Liostaítear sa Chaibidil cúraimí an Bhoird faoin Rialachán.

Bunaítear le Roinn 3 rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhar agus cóineasú rialála i margadh inmheánach na meán, lena gcumasaítear sásra le haghaidh comhar struchtúrtha, iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin, treoraíocht maidir le hábhair rialacháin na meán agus comhordú beart a bhaineann le seirbhísí meán tríú tíortha. Tá na forálacha beartaithe chun comhar níos dlúithe a áirithiú idir údaráis rialála náisiúnta agus comhlachtaí i réimsí éagsúla rialacháin na meán.

Tugtar aghaidh i gCuid 4 ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann le soláthar seirbhísí meán i dtimpeallacht dhigiteach. Maidir le seirbhísí meán a sholáthar ar ardáin an‑mhóra ar líne, cuireann sé le reachtaíocht chothrománach atá ann cheana trí choimircí breise a sholáthar maidir le sláine eagarthóireachta an ábhair a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán a chloíonn le caighdeáin áirithe rialála nó féinrialála, agus idirphlé struchtúrtha a bhunú idir ardáin an‑mhóra ar líne agus contrapháirtithe ábhartha éiceachórais meán. Leis an Roinn, déantar foráil freisin maidir le ceart saincheapadh na tairisceana meán closamhairc i ngairis agus i gcomhéadain úsáideora a rialaíonn rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus an oibleagáid chomhfhreagrach atá ar mhonaróirí agus ar fhorbróirí an saincheapadh sin a chumasú go teicniúil.

Le Roinn 5 leagtar amach creat dlíthiúil le haghaidh bearta náisiúnta a dhéanann difear d’oibriú soláthraithe seirbhísí meán agus leagtar síos ceanglais maidir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Tabharfar de chúram don Bhord seasamh a ghlacadh ar chásanna ina bhféadfaí difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Le Roinn 6 bunaítear ceanglais maidir le córais tomhais ar phobal meáin agus modheolaíochtaí arna n‑úsáid ag gníomhaithe margaidh ábhartha. Tá spreagadh ag gabháil leis na rialacha chun cóid iompair a tharraingt suas agus chun malartuithe dea‑chleachtas a chothú. Le Roinn 6, déantar foráil freisin maidir le ceanglais choiteanna i dtaca le leithdháileadh caiteachais fógraíochta stáit ar sholáthraithe seirbhíse meán, gan difear a dhéanamh do na rialacha maidir le soláthair phoiblí nó do rialacha maidir leis an státchabhair.

Le Caibidil IV leagtar amach forálacha críochnaitheacha, go háirithe maidir le faireachán, meastóireacht agus tuairisciú. Áirítear sa Rialachán sásra chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ar bhonn rialta, i gcomhairle leis an mBord. Aisghairtear leis an gCaibidil freisin an tAirteagal ábhartha den AVMSD agus sonraítear teacht i bhfeidhm agus tús chur i bhfeidhm an Rialacháin.

2022/0277 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, 

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá ról uathúil ag seirbhísí meán neamhspleácha sa mhargadh inmheánach. Is earnáil iad atá ag athrú go tapa agus atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de agus a chuireann rochtain ar iolrachas tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise ar fáil an tráth céanna do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus a chomhlíonann dá bhrí sin feidhm leasa ghinearálta an ‘fhorais faire phoiblí’. Tá níos mó seirbhísí meán ar fáil ar líne agus thar theorainneacha cé nach bhfuil siad faoi réir na rialacha céanna agus an leibhéal céanna cosanta i mBallstáit éagsúla.

(2)I bhfianaise a róil uathúil, is gné riachtanach de mhargadh inmheánach dea‑fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán (nó ‘margadh inmheánach na meán’) é saoirse na meán agus an t‑iolrachas a chosaint. Tá an margadh sin athraithe go substaintiúil ó thús na haoise nua, ag éirí níos digití agus níos idirnáisiúnta. Cuireann sé go leor deiseanna eacnamaíocha ar fáil ach tá roinnt dúshlán roimhe freisin. Ba cheart don Aontas cuidiú le hearnáil na meán na deiseanna sin a thapú laistigh den mhargadh inmheánach, agus na luachanna atá i gcoiteann ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, amhail cosaint na gceart bunúsach, a chosaint an tráth céanna.

(3)I spás na meán digiteach, bíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar ábhar meán, agus baineann siad úsáid as ábhar meán, atá ar fáil láithreach ar a gcuid gléasanna pearsanta, agus is minice a bhíonn sé sin ag tarlú i gcomhthéacsanna trasteorann. Feidhmíonn ardáin dhomhanda ar líne mar gheataí chuig ábhar na meán, agus bíonn luí ag múnlaí gnó dí‑idirghabháil a dhéanamh maidir le rochtain ar sheirbhísí meán agus ábhar deighilteach agus bréagaisnéis a mhéadú. Is soláthraithe riachtanacha fógraíochta ar líne iad na hardáin sin freisin, a d’aistrigh acmhainní airgeadais ó earnáil na meán, a rinne difear dá inbhuanaitheacht airgeadais, agus dá dheasca sin d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil. Toisc go bhfuil seirbhísí meán dian ar eolas agus ar chaipiteal, éilítear scála leo chun go bhfanfaidh siad iomaíoch agus chun go mbeidh rath orthu sa mhargadh inmheánach. Chuige sin, tá tábhacht ar leith leis an bhféidearthacht go dtairgfí seirbhísí thar theorainneacha agus go bhfaighfí infheistíocht, lena n‑áirítear ó Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile.

(4)Níl an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán comhtháthaithe go leordhóthanach, áfach. Cuireann roinnt srianta náisiúnta bac ar an tsaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach. Go háirithe, de bharr rialacha agus cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta a bhaineann le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta, comhar neamhleor idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta agus leithdháileadh teimhneach éagórach acmhainní eacnamaíocha poiblí agus príobháideacha, bíonn sé deacair do ghníomhaithe i margadh na meán oibriú agus leathnú thar theorainneacha agus is í an éagothroime iomaíochta ar fud an Aontais a leanann astu. Féadfaidh soláthraithe a bhíonn rannpháirteach go córasach i mbréagaisnéis, lena n‑áirítear cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis, agus a dhéanann mí‑úsáid ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh, dúshlán a thabhairt do shláine an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n‑áirítear ag soláthraithe seirbhíse meán stát‑rialaithe arna maoiniú ag tríú tíortha áirithe.

(5)Thairis sin, mar fhreagra ar dhúshláin ar iolrachas na meán agus ar shaoirse na meán ar líne, tá bearta rialála glactha ag roinnt Ballstát agus is dócha go ndéanfaidh Ballstáit eile amhlaidh, agus tá an baol ann go gcuirfear chun cinn an éagsúlacht sa chur chuige náisiúnta agus srianta ar an tsaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach.

(6)Ba cheart faighteoirí seirbhísí meán san Aontas (daoine nádúrtha ar náisiúnaigh de Bhallstáit iad nó a bhaineann tairbhe as cearta a thugtar dóibh le dlí an Aontais agus daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas) a bheith in ann leas a bhaint go héifeachtach as an tsaoirse chun seirbhísí meán saor in aisce agus iolraíoch a fháil sa mhargadh inmheánach. Agus sreabhadh trasteorann seirbhísí meán á chothú, ba cheart íosleibhéal cosanta d’fhaighteoirí seirbhísí a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Bheadh ​​sé sin i gcomhréir leis an gceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt de bhun Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is gá, dá bhrí sin, gnéithe áirithe de rialacha náisiúnta a bhaineann le seirbhísí meán a chomhchuibhiú. I dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’iarr na saoránaigh ar an Aontas Eorpach neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe trí reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán trí íoschaighdeáin ar fud an Aontais 46 .

(7)Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an sainmhíniú ar sheirbhís meán a theorannú do sheirbhísí mar a shainmhínítear sa Chonradh agus ba cheart, dá bhrí sin, aon chineál gníomhaíochta eacnamaíche a chumhdach. Ba cheart a eisiamh leis an sainmhíniú sin ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a uaslódáiltear chuig ardán ar líne ach amháin más gníomhaíocht ghairmiúil í a sholáthraítear de ghnáth chun í a mheas (cibé acu de chineál airgeadais nó de chineál eile í). Ba cheart a eisiamh leis freisin comhfhreagras atá go hiomlán príobháideach, amhail ríomhphoist, chomh maith leis na seirbhísí uile nach éard is príomhchuspóir dóibh cláir chlosamhairc nó fuaime nó foilseacháin preasa a sholáthar, is é sin ábhar nach bhfuil ach teagmhasach leis an tseirbhís agus nach é is príomhchuspóir di, amhail fógraí nó faisnéis a bhaineann le táirge nó le seirbhís a sholáthraíonn láithreáin ghréasáin nach dtairgeann seirbhísí meán. Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís meán go háirithe craoltaí teilifíse nó raidió, seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, podchraoltaí fuaime nó foilseacháin preasa. Ba cheart cumarsáid chorparáideach agus dáileadh ábhar faisnéise nó fógraíochta le haghaidh eintitis phoiblí nó phríobháideacha a eisiamh ó raon feidhme an tsainmhínithe sin.

(8)I margadh na meán digiteach, féadfaidh soláthraithe ardán comhroinnte físeán nó ardán an‑mhór ar líne teacht faoin sainmhíniú ar sholáthraí seirbhíse meán. Go ginearálta, tá ról lárnach ag soláthraithe den sórt sin in eagrú an ábhair, lena n‑áirítear trí mhodhanna uathoibrithe nó trí algartaim, ach ní bhíonn freagracht eagarthóireachta orthu as an ábhar a dtugann siad rochtain air. I dtimpeallacht na meán a bhfuil níos mó cóineasú inti, áfach, tá tosaithe ag roinnt soláthraithe ardán comhroinnte físeán nó ardán an‑mhór ar líne rialú eagarthóireachta a dhéanamh ar mhír nó ar chodanna dá seirbhísí. Mar sin, d’fhéadfadh eintiteas den sórt sin a cháiliú mar sholáthraí ardáin roinnte físeán nó mar sholáthraí ardáin an‑mhór ar líne agus mar sholáthraí seirbhíse meán.

(9)Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar thomhas pobail meáin córais tomhais arna bhforbairt mar a chomhaontaítear le caighdeáin tionscail laistigh d’eagraíochtaí féinrialála, amhail na Comhchoistí Tionscail, agus córais tomhais a fhorbraítear lasmuigh de na cineálacha cur chuige féinrialála sin. Na córais tomhais sin, is iondúil gurb iad na páirtithe a bhaineann úsáid astu imreoirí áirithe ar líne a dhéanann féintomhas nó a sholáthraíonn don mhargadh a gcórais dílseánaigh tomhais ar phobal meáin, nach gcomhlíonann i gcónaí na caighdeáin tionscail a chomhaontaítear i gcoiteann. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a bhíonn ag córais tomhais pobail meáin den sórt sin ar mhargaí na fógraíochta agus na meán, ba cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo.

(10)Ba cheart fógraíocht stáit a thuiscint amhail agus go gcumhdaítear léi gníomhaíochtaí fógraíochta nó féinfhógraíochta arna ndéanamh thar ceann raon leathan údarás nó eintiteas poiblí, lena n‑áirítear rialtais, údaráis rialála nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht an stáit nó faoi cheannas stáit eile, eintitis in earnálacha éagsúla, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó rialtais áitiúla eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún áitritheoir acu. Níor cheart a áireamh leis an sainmhíniú ar fhógraíocht stáit, áfach, teachtaireachtaí éigeandála ó údaráis phoiblí atá riachtanach, mar shampla, i gcás tubaistí nádúrtha nó sláintíochta, timpistí nó teagmhais thobanna eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine aonair.

(11)Chun a áirithiú go mbainfidh an tsochaí leas as margadh inmheánach na meán, tá sé fíor‑riachtanach ní hamháin na saoirsí bunúsacha faoin gConradh a ráthú, ach an deimhneacht dhlíthiúil atá de dhíth ag faighteoirí seirbhísí meán chun tairbhe a bhaint as na tairbhí comhfhreagracha a ráthú chomh maith. Ba cheart rochtain a bheith ag faighteoirí den sórt sin ar sheirbhísí meán ardcháilíochta, arna dtáirgeadh ag iriseoirí agus eagarthóirí ar bhealach neamhspleách agus i gcomhréir le caighdeáin iriseoireachta agus lena soláthraíonn faisnéis iontaofa dá réir, lena n‑áirítear ábhar nuachta agus cúrsaí reatha. Níl i gceist leis an gceart sin aon oibleagáid chomhfhreagrach ar aon soláthraí seirbhíse meán caighdeáin nach leagtar amach go sainráite le dlí a chomhlíonadh. Is frithnimh iad seirbhísí meán den sórt sin freisin in aghaidh na bréagaisnéise, lena n‑áirítear ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis eachtrach.

(12)Ní dhéanann an Rialachán seo difear don tsaoirse cainte a ráthaítear do dhaoine aonair faoin gCairt. I dteannta an dualgais dhiúltaigh atá ag na cumhachtaí poiblí gan cur isteach, is léir don Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil oibleagáid dhearfach orthu, in earnáil atá chomh híogair sin leis na meáin chlosamhairc, creat reachtach agus riaracháin iomchuí a chur i bhfeidhm chun iolrachas éifeachtach a ráthú 47 .

(13)Tá saorshreabhadh faisnéise iontaofa fíor‑riachtanach i margadh inmheánach dea‑fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán. Dá bhrí sin, níor cheart soláthar seirbhísí meán a bheith faoi réir aon srian atá contrártha leis an Rialachán seo nó le rialacha eile de chuid dhlí an Aontais, amhail Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 lena ndéantar foráil maidir le bearta is gá chun úsáideoirí a chosaint ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach. D’fhéadfadh srianta teacht freisin ó bhearta arna gcur i bhfeidhm ag údaráis phoiblí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

(14)Is réamhchoinníoll é cosaint neamhspleáchais eagarthóireachta chun gníomhaíocht sholáthróirí seirbhísí meán agus a n‑ionracas gairmiúil a fheidhmiú. Tá neamhspleáchas eagarthóireachta thar a bheith tábhachtach do sholáthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha i bhfianaise a róil sa tsochaí mar leas poiblí. Ba cheart soláthraithe seirbhísí meán a bheith in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú gan srianta sa mhargadh inmheánach agus dul san iomaíocht ar chomhchéim i dtimpeallacht ar líne atá ag méadú i gcónaí ina bhfuil faisnéis ag sreabhadh thar theorainneacha.

(15)Tá cineálacha cur chuige éagsúla glactha ag na Ballstáit maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint, a bhfuil dúshlán níos mó ag baint leis ar fud an Aontais. Tá cur isteach níos mó ar chinntí eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán i roinnt Ballstát, go háirithe. Féadfaidh cur isteach den sórt sin a bheith díreach nó indíreach, ón Stát nó ó ghníomhaithe eile, lena n‑áirítear údaráis phoiblí, oifigigh thofa, oifigigh rialtais agus polaiteoirí, mar shampla chun buntáiste polaitiúil a fháil. Féadfaidh scairshealbhóirí agus páirtithe príobháideacha eile a bhfuil leas acu i soláthraithe seirbhísí meán gníomhú ar bhealaí a théann thar an gcothromaíocht is gá idir a saoirse gnó féin agus saoirse cainte, ar thaobh amháin, agus an tsaoirse eagarthóireachta cainte agus cearta faisnéise úsáideoirí, ar an taobh eile, ar thóir buntáiste eacnamaíoch nó eile. Ina theannta sin, spreag treochtaí le déanaí maidir le dáileadh agus tomhaltas na meán, lena n‑áirítear sa timpeallacht ar líne go háirithe, na Ballstáit chun breithniú a dhéanamh ar dhlíthe atá dírithe ar sholáthar ábhar meán a rialáil. Athraíonn na cineálacha cur chuige a ghlacann soláthraithe seirbhíse meán chun neamhspleáchas eagarthóireachta a áirithiú freisin. Mar thoradh ar an gcur isteach sin agus ar an ilroinnt sin ar rialacháin agus cineálacha cur chuige, déantar tionchar diúltach ar an margadh inmheánach ar na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ag soláthraithe seirbhísí meán agus, ar deireadh, ar cháilíocht na seirbhísí meán a fhaigheann saoránaigh agus gnólachtaí. Is gá, dá bhrí sin, coimircí éifeachtacha a chur i bhfeidhm lena bhféadfar saoirse eagarthóireachta a fheidhmiú ar fud an Aontais ionas gur féidir le soláthraithe seirbhíse meán a n‑inneachar a tháirgeadh agus a dháileadh go neamhspleách thar theorainneacha agus chun go bhféadfaidh faighteoirí seirbhísí ábhar den sórt sin a fháil. 

(16)Is iad iriseoirí agus eagarthóirí na príomhpháirtithe i dtáirgeadh agus i soláthar ábhar meán iontaofa, go háirithe trí thuairisciú ar nuacht nó ar chúrsaí reatha. Tá sé fíor‑riachtanach, dá bhrí sin, cumas iriseoirí faisnéis a bhailiú, a sheiceáil agus a anailísiú, lena n‑áirítear faisnéis a thugtar faoi rún, a chosaint. Go háirithe, ba cheart soláthraithe seirbhísí meán agus iriseoirí (lena n‑áirítear iad siúd a oibríonn i bhfoirmeacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, amhail saoroibrithe) a bheith in ann brath ar chosaint láidir foinsí iriseoireachta agus cumarsáide, lena n‑áirítear in aghaidh imscaradh teicneolaíochtaí faireachais, ós rud é go bhféadfaí foinsí cosanta a dhíspreagadh ó chuidiú leis na meáin chumarsáide chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair leasa phoiblí. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn de shaoirse iriseoirí a ngníomhaíocht eacnamaíoch a fheidhmiú agus a ról ríthábhachtach mar ‘fhoras faire poiblí’ a chomhlíonadh, rud a chuireann isteach go diúltach ar rochtain ar sheirbhísí meán ardcháilíochta. Rannchuidíonn cosaint foinsí iriseoireachta le cosaint an chirt bhunúsaigh a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt.

(17)Tá cosaint foinsí iriseoireachta á rialú go hilchineálach sna Ballstáit faoi láthair. Soláthraíonn roinnt Ballstát cosaint iomlán d’iriseoirí ar iallach a bheith curtha orthu faisnéis a nochtadh ina sainaithnítear a bhfoinse in imeachtaí coiriúla agus riaracháin. Soláthraíonn Ballstáit eile cosaint cháilithe atá teoranta d’imeachtaí breithiúnacha bunaithe ar chúisimh choiriúla áirithe, agus soláthraíonn Ballstáit eile cosaint i bhfoirm prionsabail ghinearálta. Is éard a leanann as sin ilroinnt i margadh inmheánach na meán. Mar thoradh air sin, is dóchúil go mbeidh ar iriseoirí, a bhíonn ag oibriú níos mó ar thionscadail trasteorann agus ag soláthar a gcuid seirbhísí do phobail meán trasteorann, agus dá réir sin ar sholáthraithe seirbhísí meán, aghaidh a thabhairt ar bhacainní, éiginnteacht dhlíthiúil agus dálaí iomaíochta míchothroma. Dá bhrí sin, tá gá le cosaint foinsí iriseoireachta agus cumarsáide a chomhchuibhiú agus a neartú a thuilleadh ar leibhéal an Aontais.

(18)Tá ról ar leith ag meáin seirbhíse poiblí arna mbunú ag na Ballstáit i margadh inmheánach na meán, trína áirithiú go mbíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardchaighdeáin agus ar chlúdach neamhchlaonta sna meáin, mar chuid dá misean. Mar sin féin, is féidir leis na meáin seirbhíse poiblí a bheith neamhchosanta go háirithe don bhaol go gcuirfí isteach orthu, i bhfianaise a gcóngarachta institiúidí don Stát agus i bhfianaise an mhaoinithe phoiblí a fhaigheann siad. D’fhéadfadh an riosca sin a bheith níos measa de dheasca cosaintí míchothroma a bhaineann le rialachas neamhspleách agus cumhdach cothrom ó na meáin seirbhíse poiblí ar fud an Aontais. D’fhéadfadh clúdach meán atá claonta nó páirteach sna meáin a bheith mar thoradh ar an gcás seo, go gcuirfí saobhadh ar an iomaíocht i margadh inmheánach na meán agus go mbeadh tionchar diúltach aige ar rochtain ar sheirbhísí meán neamhspleácha agus neamhchlaonta. Dá bhrí sin, is gá, ag tógáil ar na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Comhairle na hEorpa ina leith sin, coimircí dlíthiúla a chur i bhfeidhm chun go bhfeidhmeoidh na meáin seirbhíse poiblí go neamhspleách ar fud an Aontais. Is gá a ráthú freisin, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le státchabhair, go mbaineann soláthraithe meán seirbhíse poiblí tairbhe as cistiú leordhóthanach agus cobhsaí chun a misean a chomhlíonadh lena gcumasaítear intuarthacht ina gcuid pleanála. Más féidir, ba cheart cistiú den sórt sin a chinneadh agus a leithreasú ar bhonn ilbhliantúil, i gcomhréir le misean seirbhíse poiblí na soláthraithe meán seirbhíse poiblí, chun an fhéidearthacht go n‑imreodh caibidlíochtaí buiséadacha bliantúla tionchar míchuí a sheachaint. Ní dhéanann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le maoiniú na meán seirbhíse poiblí mar atá cumhdaithe i bPrótacal 29 maidir le córas craolacháin phoiblí na mBallstát, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(19)Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios le cinnteacht ag faighteoirí seirbhísí meán cé atá ina n‑úinéirí ar na meáin nuachta agus atá taobh thiar díobh ionas gur féidir leo coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus a thuiscint, rud atá ina réamhriachtanas chun tuairimí eolasacha a fhoirmiú agus dá thoradh sin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa daonlathas. Uirlis éifeachtach is ea an trédhearcacht sin freisin chun srian a chur ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais choiteanna faisnéise a thabhairt isteach le haghaidh gach soláthróra seirbhíse meán ábhartha ar fud an Aontais lenar cheart ceanglais chomhréireacha a áireamh maidir le faisnéis úinéireachta a nochtadh. Sa chomhthéacs sin, níor cheart difear a dhéanamh do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2015/849 49 . Ba cheart do na soláthraithe ábhartha an fhaisnéis is gá a nochtadh ar a suíomhanna gréasáin nó ar mheán eile a bhfuil rochtain éasca agus díreach air.

(20)Éilítear le hionracas na meán freisin cur chuige réamhghníomhach chun neamhspleáchas eagarthóireachta ag cuideachtaí meán nuachta a chur chun cinn, go háirithe trí chosaintí inmheánacha. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí meán bearta comhréireacha a ghlacadh chun a ráthú, a luaithe a bheidh an líne eagarthóireachta fhoriomlán comhaontaithe idir a n‑úinéirí agus a n‑eagarthóirí, go mbeidh saoirse ag na heagarthóirí cinntí aonair a dhéanamh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla. An cuspóir go gcosnófar eagarthóirí ar chur isteach míchuí ar na cinntí a dhéanann siad maidir le píosaí sonracha ábhair mar chuid dá gcuid oibre laethúla, cuidíonn sé le cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán agus le cáilíocht na seirbhísí sin a áirithiú. Tá an cuspóir sin i gcomhréir leis an gceart bunúsach freisin faisnéis a fháil agus a thabhairt faoi Airteagal 11 den Chairt. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán trédhearcacht coinbhleachtaí leasa iarbhír nó ionchasacha a áirithiú dá bhfaighteoirí seirbhíse.

(21)Chun ualaí rialála a mhaolú, ba cheart micreafhiontair de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann le faisnéis agus le cosaintí inmheánacha d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú. Thairis sin, ba cheart saoirse a bheith ag na soláthraithe seirbhísí meán na coimircí inmheánacha a oiriúnú dá riachtanais, go háirithe más fiontair bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí an Airteagail sin. Soláthraítear leis an Moladh a ghabhann leis an Rialachán seo 51 catalóg de choimircí inmheánacha deonacha is féidir a ghlacadh laistigh de chuideachtaí meán i dtaca leis sin. Níor cheart an Rialachán seo a fhorléiriú chun go mbainfeadh sé d’úinéirí soláthraithe seirbhísí meán príobháideacha a sainchumas spriocanna straitéiseacha nó ginearálta a shocrú agus chun fás agus inmharthanacht airgeadais a ngnóthas a chothú. I ndáil leis sin, aithnítear sa Rialachán seo gur gá an sprioc maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú a réiteach le cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí meán príobháideacha.

(22)Tá údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha lárnach chun dlí na meán a chur i bhfeidhm i gceart ar fud an Aontais..Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE is fearr chun cur i bhfeidhm ceart na gceanglas a bhaineann le comhar rialála agus margadh dea‑fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán, a bheartaítear le Caibidil III den Rialachán seo, a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus dlí eile an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, is gá comhlacht comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais lena mbailítear na húdaráis nó na comhlachtaí sin agus lena gcomhordaítear a ngníomhaíochtaí. Bhí Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA), a bunaíodh le Treoir 2010/13/AE, ríthábhachtach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach sin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Meán (‘an Bord’) cur le ERGA agus é a ionadú. Chuige sin, is gá leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar Threoir 2010/13/AE chun Airteagal 30b de, lena mbunaítear ERGA, a scriosadh, agus chun tagairtí do ERGA agus dá cúraimí a ionadú dá thoradh sin. Leis an Rialachán seo tugtar údar leis an leasú ar Threoir 2010/13/AE sa chás seo toisc go bhfuil sé teoranta d’fhoráil nach gá do na Ballstáit a thrasuí agus atá dírithe ar institiúidí an Aontais.

(23)Ba cheart don Bhord ionadaithe sinsearacha ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE, arna gceapadh ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, a thabhairt le chéile. I gcásanna ina bhfuil roinnt údarás nó comhlachtaí rialála ábhartha ag na Ballstáit, lena n‑áirítear ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart ionadaí comhpháirteach a roghnú trí nósanna imeachta iomchuí agus ba cheart leanúint den cheart vótála a theorannú d’aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear don fhéidearthacht atá ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta eile a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí, i gcruinnithe an Bhoird. Ba cheart an deis a bheith ag an mBord freisin cuireadh a thabhairt freastal ar a chruinnithe, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, le saineolaithe agus breathnóirí, lena n‑áirítear go háirithe údaráis nó comhlachtaí rialála ó thíortha is iarrthóirí, ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, ó thíortha LEE, nó ó thoscairí ad hoc ó údaráis náisiúnta inniúla eile. I ngeall ar íogaireacht earnáil na meán agus de réir chleachtas chinntí ERGA i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, ba cheart don Bhord a chinntí a ghlacadh ar bhonn tromlach dhá thrian de na vótaí.

(24)Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, tá sé fíor‑riachtanach go n‑oibreoidh an Coimisiún agus an Bord agus go n‑oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile. Go háirithe, ba cheart don Bhord tacú go gníomhach leis an gCoimisiún ina chúraimí chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart don Bhord, go háirithe, comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea‑chleachtas a chur chun cinn agus tuairimí a tharraingt suas i gcomhaontú leis an gCoimisiún nó arna iarraidh sin dó sna cásanna a bheartaítear leis an Rialachán seo. Chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart an Bord a bheith in ann brath ar shaineolas agus ar acmhainní daonna rúnaíochta arna soláthar ag an gCoimisiún. Ba cheart do rúnaíocht an Choimisiúin tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil a chur ar fáil don Bhord, agus cuidiú leis an mBord a chúraimí a chur i gcrích.

(25)Tá comhar rialála idir údaráis nó comhlachtaí neamhspleácha rialála na meán riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán mar is ceart. Mar sin féin, ní dhéantar foráil i dTreoir 2010/13/AE maidir le creat comhair struchtúrtha d’údaráis ná do chomhlachtaí rialála náisiúnta. Ó rinneadh athbhreithniú ar chreat an Aontais maidir le seirbhísí meán closamhairc le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 52 lenar leathnaíodh a raon feidhme chuig ardáin comhroinnte físeán, tá gá le dlúthchomhar i measc na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, go háirithe chun cásanna trasteorann a réiteach. Tá údar leis an ngá sin freisin i bhfianaise na ndúshlán nua i dtimpeallacht meán an Aontais a bhféachtar leis an Rialachán seo aghaidh a thabhairt orthu, lena n‑áirítear trí chúraimí nua a chur ar údaráis rialála náisiúnta nó ar chomhlachtaí rialála náisiúnta.

(26)Chun forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, chun cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí meán bradacha teacht timpeall ar na rialacha meán is infheidhme, agus chun nach dtiocfaidh méadú ar bhacainní breise sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le creat soiléir, ceangailteach ó thaobh dlí d’údaráis rialála náisiúnta nó do chomhlachtaí rialála náisiúnta chun comhoibriú go héifeachtach agus go héifeachtúil.

(27)Mar gheall ar chineál uile‑Eorpach na n‑ardán comhroinnte físeán, ní mór d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta uirlis thiomnaithe a bheith acu chun lucht féachana seirbhísí ardáin comhroinnte físeán a chosaint ó inneachar neamhdhleathach agus díobhálach áirithe, lena n‑áirítear cumarsáid tráchtála. Go háirithe, tá gá le sásra chun ligean d’aon údarás nó comhlacht rialála náisiúnta ábhartha a iarraidh ar a phiaraí gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun forfheidhmiú na n‑oibleagáidí faoin Airteagal seo ag soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a áirithiú. I gcás nach mbeidh réiteach cairdiúil mar thoradh ar úsáid an tsásra sin, ní féidir srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach ann.

(28)Tá sé bunriachtanach cleachtas rialála comhsheasmhach a áirithiú maidir leis an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE. Chun na críche sin, agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme cóineasaithe dhlí an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2010/13/AE araon nuair is gá. Agus cinneadh á dhéanamh treoirlínte a eisiúint, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar shaincheisteanna rialála a dhéanann difear do líon suntasach Ballstát nó dóibh siúd a bhfuil gné thrasteorann acu. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás beart náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE maidir le suntasacht iomchuí seirbhísí meán closamhairc leasa ghinearálta. I bhfianaise fhlúirse na faisnéise agus úsáid mhéadaitheach na modhanna digiteacha chun rochtain a fháil ar na meáin, tá sé tábhachtach tosaíocht a áirithiú d’ábhar leasa ghinearálta, chun cothroime iomaíochta a bhaint amach sa mhargadh inmheánach agus chun an ceart bunúsach chun faisnéis a fháil faoi Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 7a ar fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán, bheadh treoirlínte ón gCoimisiún tábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach sa réimse sin. Bheadh sé úsáideach freisin treoir a chur ar fáil maidir le bearta náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE d’fhonn a áirithiú go mbeadh faisnéis inrochtana chruinn chothrom le dáta a bhaineann le húinéireacht na meán ar fáil go poiblí. Agus a threoirlínte á n‑ullmhú acu, ba cheart don Bhord cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Bhord, go háirithe, a shaineolas rialála, teicniúil agus praiticiúil maidir leis na réimsí agus na topaicí a chumhdaítear leis na treoirlínte faoi seach a chomhroinnt leis an gCoimisiún.

(29)Chun cothroime iomaíochta a áirithiú i soláthar seirbhísí éagsúla meán closamhairc i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha sa mhargadh inmheánach, is gá saintreoracha teicniúla coiteanna a aimsiú le haghaidh gléasanna lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin nó le haghaidh gléasanna a bhfuil comharthaí digiteacha acu lena n‑iompraítear an t‑ábhar closamhairc ón bhfoinse go dtí an ceann scríbe. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach nach gcruthófar bacainní agus costais bhreise don tionscal agus do thomhaltóirí trí chaighdeáin theicniúla éagsúla a chruthú agus, an tráth céanna, réitigh a spreagadh chun na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le seirbhísí meán closamhairc a chur chun feidhme.

(30)Tá saineolas praiticiúil sonrach ag na húdaráis rialála nó ag na comhlachtaí rialála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a chuireann ar a gcumas cothromaíocht éifeachtach a bhaint amach idir leasanna soláthraithe agus faighteoirí seirbhísí meán, agus urraim don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á háirithiú an tráth céanna. Tá sé sin ríthábhachtach go háirithe maidir leis an margadh inmheánach a chosaint ar ghníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meán san Aontas i gcás ina bhféadfaidís, inter alia, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, dochar a dhéanamh don tslándáil phoiblí agus don chosaint nó a bheith ina mbaol dochair dóibh. I ndáil leis sin, ní mór an comhordú idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun aghaidh a thabhairt le chéile ar bhagairtí féideartha slándála poiblí agus cosanta a eascraíonn as seirbhísí meán den sórt sin a neartú agus creat dlíthiúil a thabhairt chun éifeachtacht agus comhordú féideartha na mbeart náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú. Chun a áirithiú nach leanfar de sheirbhísí meán a chuirtear ar fionraí i mBallstáit áirithe faoi Airteagal 3(3) agus Airteagal 3(5) de Threoir 2010/13/AE a sholáthar trí shatailít nó ar mhodh eile sna Ballstáit sin, ba cheart sásra um chomhar agus cúnamh frithpháirteach brostaithe a bheith ar fáil freisin chun ‘effet utile’ na mbeart náisiúnta ábhartha a ráthú, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ina theannta sin, is gá comhordú a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun bagairtí slándála poiblí agus cosanta a chomhrac ag seirbhísí meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá dírithe ar phobail meán san Aontas, lena n‑áirítear an deis a bheith ag an mBord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir leis na bearta sin, de réir mar is iomchuí. I ndáil leis an méid sin, ní mór na rioscaí don tslándáil phoiblí agus don chosaint a mheasúnú i bhfianaise na ngnéithe fíorasacha agus dlíthiúla ábhartha uile, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Tá an méid sin gan dochar d’inniúlacht an Aontais faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(31)Feidhmíonn ardáin an‑mhór ar líne do go leor úsáideoirí mar thairseach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán. Tá ról tábhachtach ag soláthraithe seirbhíse meán a fheidhmíonn freagracht eagarthóireachta as a n‑ábhar i ndáileadh faisnéise agus i bhfeidhmiú na saorála faisnéise ar líne. Agus freagracht eagarthóireachta den sórt sin á feidhmiú acu, táthar ag súil go ngníomhóidh siad go dícheallach agus go gcuirfidh siad faisnéis ar fáil atá iontaofa agus urramach do chearta bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais rialála nó féinrialála a bhfuil siad faoina réir sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i bhfianaise shaoirse faisnéise úsáideoirí freisin, i gcás ina measann soláthraithe ardán an‑mhór ar líne go bhfuil inneachar arna sholáthar ag na soláthraithe seirbhíse meán sin ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha, cé nach bhfuil sé ag rannchuidiú le riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], ba cheart dóibh breithniú cuí a dhéanamh ar shaoirse agus iolrachas na meán, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] agus na mínithe is gá a sholáthar, a luaithe is féidir, do sholáthraithe seirbhíse meán mar úsáideoirí gnó sa ráiteas ar chúiseanna faoi Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 . Chun tionchar aon srian ar an inneachar sin ar shaoirse faisnéise úsáideoirí a íoslaghdú, ba cheart d’ardáin an‑mhór ar líne féachaint leis an ráiteas ar chúiseanna a chur isteach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srian gan dochar dá n‑oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha]. Go háirithe, níor cheart cosc a chur leis an Rialachán seo ar sholáthraí ardáin an‑mhór ar líne bearta gasta a dhéanamh in aghaidh ábhar neamhdhleathach a scaiptear trína sheirbhís, ná chun rioscaí sistéamacha a mhaolú a bhaineann le scaipeadh ábhair áirithe trína sheirbhís, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe de bhun Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha].

(32)Ina theannta sin, i bhfianaise an tionchair dhearfaigh a mheastar a bheidh ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tá údar maith leis, i gcás ina gcloíonn soláthraithe seirbhíse meán le caighdeáin rialála nó féinrialála áirithe, go gcaithfear le gearáin in aghaidh cinntí ó sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.

(33)Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne feidhmiúlacht a sholáthar ar a gcomhéadan ar líne chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go gcomhlíonann siad ceanglais áirithe agus, an tráth céanna, an fhéidearthacht a choinneáil gan glacadh leis an bhféindearbhú sin i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin. Féadfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne brath ar fhaisnéis maidir le cloí leis na ceanglais sin, amhail caighdeán meaisín‑inléite an Tionscnaimh Iontaobhais Iriseoireachta nó cóid iompair ábhartha eile. D’fhéadfadh treoirlínte ón gCoimisiún a bheith úsáideach chun cur chun feidhme éifeachtach na feidhmiúlachta sin a éascú, lena n‑áirítear maidir le módúlachtaí rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta san athbhreithniú ar na dearbhuithe, maidir le dul i gcomhairle le rialtóir na tíre bunaíochta, i gcás inarb ábhartha, agus maidir le haon mhí‑úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfeidhmiúlacht.

(34)Aithnítear sa Rialachán seo an tábhacht a bhaineann le sásraí féinrialála i gcomhthéacs seirbhísí meán a sholáthar ar ardáin an‑mhór ar líne. Is éard atá iontu cineál de thionscnaimh dheonacha, mar shampla i bhfoirm cóid iompair, lena gcuirtear ar chumas soláthraithe seirbhíse meán nó a n‑ionadaithe treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh, lena n‑áirítear maidir le caighdeáin eiticiúla, earráidí a cheartú nó gearáin a láimhseáil, eatarthu féin agus dóibh féin. Féinrialáil láidir chuimsitheach a aithnítear go forleathan, is ráthaíocht éifeachtach atá inti ar cháilíocht agus gairmiúlacht sheirbhísí na meán agus rud atá ríthábhachtach chun sláine eagarthóireachta a chosaint.

(35)Ba cheart do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse meán a urramaíonn caighdeáin inchreidteachta agus trédhearcachta agus a mheasann gur minic a fhorchuireann soláthraithe ardán an‑mhór ar líne srianta ar a n‑ábhar gan forais leordhóthanacha, chun teacht ar réiteach cairdiúil chun aon srian gan údar a fhoirceannadh agus chun iad a sheachaint amach anseo. Ba cheart do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne páirt a ghlacadh i malartuithe den sórt sin de mheon macánta, agus aird ar leith á tabhairt ar shaoirse na meán agus saoráil faisnéise a choimirciú.

(36)Ag tógáil ar an ról úsáideach atá ag ERGA maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ag sínitheoirí Chód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis, ba cheart don Bhord, ar bhonn bliantúil ar a laghad, idirphlé struchtúrtha a eagrú idir soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, ionadaithe ó sholáthraithe seirbhíse meán agus ionadaithe na sochaí sibhialta chun rochtain ar thairiscintí éagsúla na meán neamhspleách ar ardáin an‑mhór ar líne a chothú, taithí agus dea‑chleachtais a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a phlé agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnamh féinrialála arb é is aidhm dóibh an tsochaí a chosaint ar inneachar díobhálach, lena n‑áirítear iad siúd atá dírithe ar chur in aghaidh na bréagaisnéise. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, scrúdú a dhéanamh ar na tuarascálacha ar thorthaí an idirphlé struchtúrtha sin agus measúnú á dhéanamh aige ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais faoi Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] agus féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord tacú leis chuige sin.

(37)Ba cheart d’fhaighteoirí seirbhísí meán closamhairc a bheith in ann an t‑ábhar closamhairc ar mian leo féachaint air a roghnú go héifeachtach de réir a sainroghanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh cleachtais tráchtála in earnáil na meán srian a chur ar a saoirse sa réimse sin, eadhon comhaontuithe maidir le tosaíocht a thabhairt d’inneachar idir monaróirí gléasanna nó soláthraithe comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin, amhail teilifíseáin nasctha, agus soláthraithe seirbhíse meán. Is féidir tosaíocht a chur chun feidhme, mar shampla, ar scáileán baile gléas, trí aicearraí crua‑earraí nó bogearraí, feidhmchláir agus limistéir chuardaigh, a bhfuil impleachtaí acu ar iompraíocht féachana na bhfaighteoirí, a d’fhéadfaí a dhreasú go míchuí chun tairiscintí áirithe meán closamhairc a roghnú thar chinn eile. Ba cheart an deis a bheith ag faighteoirí seirbhíse socruithe réamhshocraithe gléis nó comhéadain úsáideora lena rialaítear agus lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach simplí soláimhsithe, gan dochar do bhearta chun a áirithiú go mbeidh tosaíocht iomchuí ag seirbhísí meán closamhairc ar mhaithe leis an leas ginearálta agus lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7a de Threoir 2010/13/CE, arna nglacadh chun breithnithe dlisteanacha beartais phoiblí a shaothrú.

(38)Is féidir le bearta éagsúla reachtacha, rialála nó riaracháin tionchar diúltach a imirt ar fheidhmiú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach. Áirítear orthu sin, mar shampla, rialacha chun teorainn a chur le húinéireacht cuideachtaí meán ag cuideachtaí eile atá gníomhach in earnáil na meán nó in earnálacha nach mbaineann leis na meáin; áirítear leo freisin cinntí a bhaineann le ceadúnú, údarú nó réamhfhógra do sholáthraithe seirbhíse meán. Chun an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a mhaolú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh na bearta sin prionsabail an réasúnaithe oibiachtúil, na trédhearcachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na comhréireachta.

(39)Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil sé de chumhacht ag an mBord tuairim a eisiúint, arna iarraidh sin don Choimisiún, i gcás inar dócha go ndéanfaidh bearta náisiúnta difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Is amhlaidh atá, mar shampla, nuair atá beart riaracháin náisiúnta dírithe ar sholáthraí seirbhíse meán a sholáthraíonn a sheirbhísí i dtreo níos mó ná Ballstát amháin, nó nuair a bhíonn tionchar suntasach ag an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann ar thuairim an phobail a chruthú sa Bhallstát sin.

(40)Tá ról cinntitheach ag na meáin maidir le tuairimí an phobail a mhúnlú agus cuidiú le saoránaigh páirt a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha. Sin é an fáth ar cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha agus nósanna imeachta ina gcórais dlí féin chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán nó ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Is féidir tionchar a bheith ag rialacha agus nósanna imeachta den sórt sin ar an tsaoirse seirbhísí meán a sholáthar sa mhargadh inmheánach agus ní mór iad a cheapadh i gceart agus a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le comhchruinnithe i margadh na meán atá faoi réir rialacha den sórt sin na comhchruinnithe sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar eintiteas aonair seirbhísí meán a rialú nó leasanna suntasacha a bheith aige i seirbhísí meán a bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thuairim an phobail a chruthú i margadh áirithe meán, laistigh d’fho‑earnáil na meán nó ar fud earnálacha éagsúla meán i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Critéar tábhachtach atá le cur san áireamh is ea laghdú ar thuairimí iomaíocha laistigh den mhargadh sin mar thoradh ar an gcomhchruinniú.

(41)Ba cheart d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, a bhfuil saineolas sonrach acu i réimse iolrachas na meán, a bheith rannpháirteach sa mheasúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás nach iad na húdaráis nó na comhlachtaí ainmnithe iad féin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a chothú agus chun a áirithiú go mbeidh na rialacha agus na nósanna imeachta dírithe i ndáiríre ar iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint, tá sé fíor‑riachtanach go leagfar amach critéir oibiachtúla, neamh‑idirdhealaitheacha agus chomhréireacha chun fógra agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta.

(42)I gcás inarb é atá i gcomhchruinniú margaidh meán comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 55 ón gComhairle, níor cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná aon riail nó nós imeachta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn an Rialacháin seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Aon bheart arna ghlacadh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ainmnithe nó bainteacha, bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, ba cheart dó a bheith dírithe dá bhrí sin ar leasanna dlisteanacha a chosaint de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le prionsabail ghinearálta agus forálacha eile de dhlí an Aontais.

(43)Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí nó dréacht‑tuairimí ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta atá ainmnithe nó bainteacha, i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe infhógartha difear a dhéanamh d’fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás ina mbaineann comhchruinnithe den sórt sin le gnóthas amháin ar a laghad atá bunaithe i mBallstát eile nó atá ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin nó ina mbeadh tionchar suntasach ag soláthraithe seirbhíse meán ar thuairimí an phobail a chruthú i margadh meán ar leith. Thairis sin, i gcás nach ndearna na húdaráis nó na comhlachtaí náisiúnta ábhartha measúnú ar an gcomhchruinniú maidir lena thionchar ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, nó i gcás nach mbeidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta tar éis dul i gcomhairle leis an mBord maidir le comhchruinniú ar leith i margadh na meán, ach go meastar gur dócha go ndéanfaidh an comhchruinniú sin i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, ba cheart don Bhord a bheith in ann tuairim a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún. In aon chás, tá an deis ag an gCoimisiún a thuairimí féin a eisiúint i ndiaidh na dtuairimí a tharraingeoidh an Bord suas.

(44)D’fhonn margaí iolraíocha meán a áirithiú, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord sraith critéar a chur san áireamh. Ba cheart, go háirithe, an tionchar ar iolrachas na meán a mheas, lena n‑áirítear go háirithe an éifeacht ar thuairim an phobail a fhoirmiú, agus an timpeallacht ar líne á cur san áireamh. An tráth céanna, ba cheart breithniú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh asraonta meán eile, a sholáthraíonn inneachar éagsúil agus malartach, fós sa mhargadh nó sna margaí áirithe tar éis chomhchruinniú mhargadh na meán atá i gceist. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú ar choimircí le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta scrúdú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar chur isteach míchuí ón úinéir ionchasach, ó struchtúr bainistíochta nó rialachais i gcinntí eagarthóireachta aonair an eintitis a fuarthas nó an eintitis chumaiscthe. Ba cheart na coimircí inmheánacha atá ann cheana nó atá beartaithe a chur san áireamh freisin arb é is aidhm dóibh neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta aonair laistigh de na gnóthais meán lena mbaineann a chaomhnú. Agus measúnú á dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar éifeachtaí an chomhchruinnithe atá i gceist ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch an eintitis nó na n‑eintiteas atá faoi réir an chomhchruinnithe agus, in éagmais an chomhchruinnithe, an mbeidís inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, sa chiall go mbeidís in ann leanúint de sheirbhísí meán ardcháilíochta atá inmharthana ó thaobh airgeadais de, a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus atá oiriúnaithe ó thaobh na teicneolaíochta de sa mhargadh a sholáthar agus a fhorbairt a thuilleadh.

(45)Bíonn tionchar díreach ag tomhas an phobail meán ar an leithdháileadh agus ar phraghsanna na fógraíochta, rud a léiríonn príomhfhoinse ioncaim d’earnáil na meán. Is uirlis ríthábhachtach é chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht ábhar na meán agus chun roghanna pobal meáin a thuiscint chun táirgeadh inneachair amach anseo a phleanáil. Dá réir sin, ba cheart gníomhaithe i margadh na meán, go háirithe soláthraithe seirbhíse meán agus fógróirí, a bheith in ann brath ar shonraí oibiachtúla maidir le pobal meáin a eascraíonn as réitigh thrédhearcacha neamhchlaonta infhíoraithe chun pobal meáin a thomhas. Mar sin féin, cuireann gníomhaithe nua áirithe a tháinig chun cinn in éiceachóras na meán a gcuid seirbhísí tomhais féin ar fáil gan faisnéis a chur ar fáil maidir lena modheolaíochtaí. D’fhéadfadh neamhshiméadrachtaí faisnéise i measc gníomhaithe i margadh na meán agus saobhadh féideartha ar an margadh a bheith mar thoradh air sin, rud a dhéanfadh dochar don chomhionannas deiseanna le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh.

(46)Chun feabhas a chur ar infhíoraitheacht agus iontaofacht na modheolaíochtaí tomhaiste ar phobal meáin, go háirithe ar líne, ba cheart oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos do sholáthraithe córas tomhaiste pobail meán nach gcloíonn leis na tagarmharcanna tionscail a comhaontaíodh laistigh de na comhlachtaí féinrialála ábhartha. Faoi na hoibleagáidí sin, ba cheart do na gníomhaithe sin, nuair a iarrtar sin orthu agus a mhéid is féidir, faisnéis a chur ar fáil d’fhógróirí agus do sholáthraithe seirbhíse meán nó do pháirtithe atá ag gníomhú thar a gceann, ar faisnéis í ina ndéantar cur síos ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun an pobal meáin a thomhas. D’fhéadfadh a bheith i gceist le faisnéis den sórt sin eilimintí a sholáthar, amhail méid an tsampla a thomhaistear, sainmhíniú na dtáscairí a thomhaistear, na méadrachtaí, na modhanna tomhais agus an lamháil earráide chomh maith leis an tréimhse tomhais. Tá na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo gan dochar d’aon oibleagáid a bhfuil feidhm aici maidir le soláthraithe seirbhísí chun an pobal meáin a thomhas faoi Rialachán 2019/1150 nó Rialachán (AE) 2022/XX [an Gníomh um Margaí Digiteacha], lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le rangú nó féintosaíocht.

(47)Is féidir le cóid iompair, arna dtarraingt suas ag soláthraithe córas chun an pobal meáin a thomhas nó ag eagraíochtaí nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, rannchuidiú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a spreagadh. Baineadh úsáid as féinrialáil cheana féin chun caighdeáin ardcháilíochta a chothú sa réimse a bhaineann le pobal meáin a thomhas. D’fhéadfaí breathnú ar an bhforbairt bhreise sin mar uirlis éifeachtach don tionscal chun teacht ar chomhaontú maidir leis na réitigh phraiticiúla is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta, na cuimsitheachta, na comhréireachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na hinfhíoraitheachta i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a ghabhann leo. Agus cóid iompair den sórt sin á dtarraingt suas, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile agus go háirithe le soláthraithe seirbhíse meán, d’fhéadfaí aird a thabhairt go háirithe ar dhigitiú méadaitheach earnáil na meán agus ar an gcuspóir go mbainfí cothroime iomaíochta amach i measc gníomhaithe i margadh na meán.

(48)Is foinse thábhachtach ioncaim í an fhógraíocht stáit do go leor soláthraithe seirbhísí meán, rud a chuireann lena n‑inbhuanaitheacht eacnamaíoch. Ní mór rochtain air a dheonú ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach d’aon soláthraí seirbhíse meán ó aon Bhallstát atá in ann roinnt de na daoine ábhartha den phobal, nó iad ar fad, a shroicheadh go leordhóthanach, chun comhdheiseanna a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go bhfágfadh fógraíocht Stáit go mbeadh soláthraithe seirbhíse meán leochaileach do thionchar míchuí stáit chun aimhleasa na saoirse seirbhísí agus cearta bunúsacha a sholáthar. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é leithdháileadh fógraíochta stáit ar bhealach teimhneach claonta chun tionchar a imirt ar sholáthraithe seirbhíse meán nó iad a ‘ghabháil’. Déantar dáileadh agus trédhearcacht na fógraíochta stáit a rialáil trí chreat ilroinnte de bhearta a bhaineann go sonrach leis na meáin agus trí dhlíthe ginearálta soláthair phoiblí, ar creat é a bhféadfadh sé nach gcumhdófaí leis, áfach, gach caiteachas fógraíochta stáit ná nach soláthródh sé cosaint leordhóthanach ar dháileadh fabhrach nó claonta. Go háirithe, níl feidhm ag Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 maidir le conarthaí seirbhíse poiblí chun ábhar clár atá ceaptha do sheirbhísí meán closamhairc nó do sheirbhísí meán raidió a fháil, a fhorbairt, a léiriú nó a chomhléiriú. Tá difríochtaí suntasacha idir na rialacha a bhaineann go sonrach leis na meáin maidir le fógraíocht stáit, i gcás inarb ann dóibh, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

(49)Chun iomaíocht neamhshaofa idir soláthraithe seirbhíse meán a áirithiú agus chun an baol go mbeadh fóirdheontais faoi cheilt agus tionchar míchuí polaitiúil ar na meáin a sheachaint, is gá ceanglais choiteanna maidir le trédhearcacht, oibiachtúlacht, comhréireacht agus neamh‑idirdhealú a bhunú i ndáil le fógraíocht stáit agus acmhainní stáit a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán chun earraí nó seirbhísí a cheannach uathu seachas fógraíocht stáit, lena n‑áirítear an ceanglas maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi thairbhithe caiteachais fógraíochta stáit agus faoi na méideanna a chaitear. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a bhaineann le fógraíocht stáit ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach atá éasca a fheiceáil, a rochtain agus a íoslódáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair, a chuirtear i bhfeidhm de réir an cháis.

(50)Rioscaí a ghabhann le feidhmiú agus athléimneacht mhargadh inmheánach na meán, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu go tráthrialta mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfaireachán sin sonraí mionsonraithe agus measúnuithe cáilíochtúla a sholáthar maidir le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena mhéad atá an margadh comhchruinnithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus na rioscaí a bhaineann le cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis ag páirtithe eachtracha. Ba cheart é a dhéanamh go neamhspleách, ar bhonn liosta láidir de phríomhtháscairí feidhmíochta, arna fhorbairt agus arna thabhairt cothrom le dáta go rialta ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis an mBord. I bhfianaise chineál na rioscaí agus na bhforbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn go tapa i margadh inmheánach na meán, ba cheart a áireamh san fhaireachán cleachtaí réamhbhreathnaitheacha amhail tástálacha struis chun athléimneacht ionchasach mhargadh inmheánach na meán a mheas, chun aird a thabhairt ar leochaileachtaí maidir le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta, agus chun cuidiú le hiarrachtaí chun rialachas, cáilíocht sonraí agus bainistiú riosca a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart a chumhdach leis an bhfaireachán leibhéal na gníomhaíochta agus na hinfheistíochta trasteorann, an chomhair rialála agus an chóineasaithe i rialáil na meán, bacainní ar sholáthar seirbhísí meán, lena n‑áirítear i dtimpeallacht dhigiteach, chomh maith le trédhearcacht agus cothroime maidir le hacmhainní eacnamaíocha a leithdháileadh i margadh inmheánach na meán. Ba cheart breathnú freisin ar threochtaí níos leithne i margadh inmheánach na meán agus i margaí náisiúnta na meán chomh maith le reachtaíocht náisiúnta a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhísí meán. Ina theannta sin, ba cheart forléargas a thabhairt san fhaireachán ar na bearta a rinne soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú, lena n‑áirítear na cinntí sin a mholtar sa Mholadh a ghabhann leis seo. Chun na caighdeáin is airde maidir le faireachán den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Bhord a bheith rannpháirteach go cuí, ós rud é go dtugann sé le chéile eintitis a bhfuil saineolas speisialaithe ar mhargaí na meán acu.

(51)Chun an foras a ullmhú i gcomhair chur chun feidhme ceart an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha atá ann maidir le húdaráis neamhspleácha na meán, leis an mBord agus leis na leasuithe riachtanacha ar Threoir 2010/13/AE (Airteagail 7 go 12 agus 27 den Rialachán seo) 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Ghnímh, agus beidh feidhm ag gach foráil eile den Rialachán seo 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, tá gá leis sin chun a áirithiú go mbunófar an Bord in am chun cur chun feidhme rathúil an Rialacháin a áirithiú.

(52)Cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach toisc nach bhféadann nó nach bhféadfadh dreasachtaí a bheith acu chun an comhchuibhiú agus an comhar is gá a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, ach go bhféadann, de bharr an táirgeadh, an dáileadh agus an tomhaltas inneachair meán a bheith ag éirí níos digití agus gné trasteorann níos mó a bheith ag baint leo, agus de bharr an róil uathúil atá ag seirbhísí meán, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(53)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, go háirithe Airteagail 7, 8, 11, 16, 47, 50 agus 52 di. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm agus urraim chuí á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail sin. Go háirithe, níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann isteach ar shaoráil faisnéise nó ar shaoirse an phreasa, ná a spreagann na Ballstáit ceanglais a thabhairt isteach maidir le hinneachar eagarthóireachta i bpreasfhoilseacháin.

(54)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 agus thug sé tuairim an XX XX 2022.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha Ginearálta

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n‑áirítear an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán a bhunú, agus cáilíocht sheirbhísí na meán á caomhnú an tráth céanna.

2.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do rialacha a leagtar síos leis an méid seo a leanas:

(a)Treoir 2000/31/CE;

(b)Treoir 2019/790/AE;

(c)Rialachán 2019/1150;

(d)Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha];

(e)Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Margaí Digiteacha];

(f)Rialachán (AE) 2022/XXX [Rialachán maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú ar fhógraíocht pholaitiúil].

3.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don deis atá ag na Ballstáit rialacha níos mionsonraithe a ghlacadh sna réimsí a chumhdaítear le Caibidil II agus Roinn 5 de Chaibidil III, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn ‘seirbhís meán’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 den Chonradh, i gcás inarb é príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di cláir nó preasfhoilseacháin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, trí mheán ar bith, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán;

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse meán’ duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghníomhaíocht ghairmiúil é seirbhís meán a sholáthar agus a bhfuil freagracht eagarthóireachta air as ábhar na seirbhíse meán a roghnú agus a chinneann an bealach ina n‑eagraítear é;

ciallaíonn ‘soláthraí meán seirbhíse poiblí’ soláthraí seirbhíse meán a gcuirtear misean seirbhíse poiblí de chúram air faoin dlí náisiúnta nó a fhaigheann maoiniú poiblí náisiúnta chun misean den sórt sin a chomhlíonadh;

ciallaíonn ‘clár’ sraith íomhánna gluaisteacha nó fuaimeanna gluaisteacha ar mír aonair í, beag beann ar a fad, laistigh de sceideal nó de chatalóg arna bhunú ag soláthraí seirbhíse meán;

ciallaíonn ‘preaseisiúint’ foilseachán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2019/790;

ciallaíonn ‘seirbhís meán closamhairc’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Threoir 2010/13/AE;

ciallaíonn ‘eagarthóir’ duine nádúrtha nó roinnt daoine nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith grúpáilte i gcomhlacht, beag beann ar a fhoirm dhlíthiúil, ar a stádas agus ar a chomhdhéanamh, a dhéanann cinntí eagarthóireachta nó a dhéanann maoirseacht orthu laistigh de sholáthraí seirbhíse meán;

ciallaíonn ‘cinneadh eagarthóireachta’ cinneadh a dhéantar ar bhonn rialta chun freagracht eagarthóireachta a fheidhmiú agus atá nasctha le hoibriú laethúil soláthraí seirbhíse meán;

ciallaíonn ‘freagracht eagarthóireachta’ rialú éifeachtach a fheidhmiú maidir le roghnú na gclár nó na bpreasfhoilseachán agus maidir lena n‑eagrú, chun seirbhís meán a sholáthar, beag beann ar dhliteanas a bheith ann faoin dlí náisiúnta i leith na seirbhíse a sholáthraítear;

ciallaíonn ‘soláthraí ardáin an‑mhór ar líne’ soláthraí ardáin ar líne arna ainmniú mar ardán an‑mhór ar líne de bhun Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha];

ciallaíonn ‘seirbhís ardáin comhroinnte físeán’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

ciallaíonn ‘údarás nó comhlacht rialála náisiúnta’ an t‑údarás nó an comhlacht arna ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE;

ciallaíonn ‘comhchruinniú margaidh meán’ comhchruinniú mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a bhfuil soláthraí seirbhíse meán amháin ar a laghad páirteach ann;

ciallaíonn ‘tomhais pobail meáin’ an ghníomhaíocht arb é atá ann sonraí faoi líon agus saintréithe úsáideoirí seirbhísí meán a bhailiú, a léirmhíniú nó a phróiseáil ar bhealach eile chun cinntí a dhéanamh maidir le leithdháileadh nó praghsanna fógraíochta nó pleanáil, táirgeadh nó dáileadh gaolmhar inneachair;

Ciallaíonn ‘fógraíocht stáit’ teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán, ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile de ghnáth, ag aon údarás poiblí náisiúnta nó réigiúnach, nó thar a gceann, amhail rialtais náisiúnta, chónaidhme nó réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile faoi rialú stáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó aon rialtas áitiúil de chuid eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún áitritheoir ann;

ciallaíonn ‘earraí spiaireachta’ aon táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá ceaptha teacht i dtír ar leochaileachtaí i dtáirgí eile ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena gcumasaítear faireachas ceilte ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha trí fhaireachán, asbhaint, bailiú nó anailísiú a dhéanamh ar shonraí ó na táirgí sin nó ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann táirgí den sórt sin, go háirithe trí ghlaonna a thaifeadadh go rúnda nó trí mhicreafón feiste úsáideora deiridh a úsáid ar bhealach eile, trí dhaoine nádúrtha, meaisíní nó a dtimpeallacht a scannánú, trí theachtaireachtaí a chóipeáil, grianghraif a ghlacadh, gníomhaíocht brabhsálaí a rianú, geoshuíomh a rianú, sonraí braiteora eile a bhailiú nó trí ghníomhaíochtaí thar níos mó ná aon fheiste úsáideora deiridh amháin a rianú, gan an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann a bheith curtha ar an eolas ar bhealach sonrach agus toiliú sainráite sonrach a bheith tugtha aige i ndáil leis sin;

ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ aon cheann de na cionta coiriúla seo a leanas a liostaítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 58 :

(a) an sceimhlitheoireacht,

(b) gáinneáil ar dhaoine,

(c) teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,

(d) gáinneáil aindleathach ar airm, muinisin agus pléascáin,

(e) dúnmharú, mórdhíobháil choirp,

(f) trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíocháin dhaonna,

(g) fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall,

(h) robáil eagraithe nó armtha,

(i) éigniú,

(j) coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.

Caibidil II

Cearta agus dualgais soláthraithe seirbhíse meán agus faighteoirí

Airteagal 3

Cearta faighteoirí seirbhísí meán

Beidh sé de cheart ag faighteoirí seirbhísí meán san Aontas iolrachas ábhair nuachta agus ábhair reatha a fháil, arna dtáirgeadh agus urraim á tabhairt do shaoirse eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán, chun leasa an dioscúrsa phoiblí.

Airteagal 4

Cearta soláthraithe seirbhíse meán

1.Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhíse meán a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach gan srianta seachas na srianta a cheadaítear faoi dhlí an Aontais.

2.Urramóidh na Ballstáit saoirse eagarthóireachta éifeachtach na soláthraithe seirbhíse meán. Ní dhéanfaidh na Ballstáit, lena n‑áirítear a n‑údaráis agus a gcomhlachtaí rialála náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)cur isteach ar bheartais eagarthóireachta agus ar chinntí ó sholáthraithe seirbhíse meán nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt orthu ar bhealach ar bith, go díreach nó go hindíreach;

(b)soláthraithe seirbhíse meán nó, más infheidhme, daoine dá dteaghlaigh, a bhfostaithe nó a mbaill teaghlaigh, nó a n‑áitreabh corparáideach agus príobháideach, a choinneáil, smachtbhanna a chur orthu, iad a idircheapadh, iad a chur faoi réir faireachais nó cuardaigh agus urghabhála, nó cigireacht a dhéanamh orthu, ar an bhforas go ndiúltaíonn siad faisnéis a nochtadh maidir lena bhfoinsí, mura bhfuil údar leis sin mar gheall ar cheanglas sáraitheach ar mhaithe le leas an phobail, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais;

(c)bogearraí spiaireachta a imscaradh in aon ghaireas nó meaisín a úsáideann soláthraithe seirbhíse meán nó, más infheidhme, a mbaill teaghlaigh, nó a bhfostaithe nó a mbaill teaghlaigh, mura rud é go bhfuil údar leis an imscaradh, ar bhonn cás ar chás, ar fhorais slándála náisiúnta agus go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus dlí eile de chuid an Aontais nó go ndéantar an t‑imscaradh in imscrúduithe coiriúla tromchúiseacha a rinne duine de na daoine thuasluaite, go bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta agus go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus le dlí eile de chuid an Aontais, agus nach mbeadh na bearta arna nglacadh de bhun fhomhír (b) oiriúnach agus leordhóthanach chun an fhaisnéis atá á lorg a fháil.

3.Gan dochar don cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a ráthaítear do gach duine nádúrtha agus dlítheanach, agus sa bhreis ar an gceart sin, ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht neamhspleách chun gearáin a láimhseáil arna dtaisceadh ag soláthraithe seirbhíse meán nó, más infheidhme, ag baill dá dteaghlaigh, ag a bhfostaithe nó ag baill dá dteaghlaigh, maidir le sáruithe ar mhír 2, pointí (b) agus (c). Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhíse meán a iarraidh ar an údarás nó ar an gcomhlacht sin tuairim a eisiúint, laistigh de 3 mhí ón iarraidh, maidir le comhlíonadh mhír 2, pointí (b) agus (c).

Airteagal 5

Coimircí d’fheidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí

1.Soláthróidh soláthraithe meán seirbhíse poiblí iolrachas faisnéise agus tuairimí dá bpobail meáin ar bhealach neamhchlaonta, i gcomhréir lena misean seirbhíse poiblí.

2.Ceapfar ceann bainistíochta agus comhaltaí bhord rialaithe na soláthraithe meán seirbhíse poiblí trí nós imeachta trédhearcach oscailte neamh‑idirdhealaitheach agus ar bhonn critéir thrédhearcacha oibiachtúla neamh‑idirdhealaitheacha agus chomhréireacha a leagtar síos roimh ré leis an dlí náisiúnta.

Bunófar fad a dtéarma oifige leis an dlí náisiúnta, agus beidh sé oiriúnach agus leordhóthanach chun neamhspleáchas éifeachtach an tsoláthraí seirbhíse meán poiblí a áirithiú. Ní fhéadfar iad a dhífhostú roimh dheireadh a dtéarma oifige ach amháin ar bhonn eisceachtúil i gcás nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha atá réamhshainithe go dlíthiúil is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh a leagtar síos roimh ré leis an dlí náisiúnta nó ar chúiseanna sonracha a bhaineann le hiompar neamhdhleathach nó mí‑iompar tromchúiseach mar a shainítear iad roimh ré sa dlí náisiúnta.

Beidh údar cuí le cinntí maidir le dífhostú, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don duine lena mbaineann, agus áireofar iontu go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Cuirfear buneolas maidir leis na forais le dífhostú ar fáil don phobal.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus cobhsaí ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí chun a misean seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Beidh na hacmhainní sin amhlaidh chun go gcosnófar neamhspleáchas eagarthóireachta.

4.Ainmneoidh Ballstáit údarás nó comhlacht neamhspleách amháin nó níos mó chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le mír 1 go 3.

Airteagal 6

Dualgais na soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha

1.Tabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha rochtain éasca agus dhíreach d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)a n‑ainm dlíthiúil agus a gcuid sonraí teagmhála;

(b)ainm (ainmneacha) a n‑úinéara dhírigh nó indírigh (a n‑úinéirí díreacha nó indíreacha) a shealbhaíonn scaireanna a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar a imirt ar an oibríocht agus ar an gcinnteoireacht straitéiseach;

(c)ainm (ainmneacha) a n‑úinéirí tairbhiúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 6 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.Gan dochar do dhlíthe bunreachtúla náisiúnta atá comhsheasmhach leis an gCairt, glacfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha na bearta a mheasann siad a bheith iomchuí d’fhonn neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta aonair a áirithiú. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag na bearta sin:

(a)a ráthú go mbeidh an tsaoirse ag eagarthóirí chun cinntí eagarthóireachta aonair a ghlacadh le linn dóibh a ngníomhaíocht ghairmiúil a fheidhmiú; agus

(b)a áirithiú go nochtfar aon choinbhleacht leasa a bheadh nó a d’fhéadfadh a bheith ag páirtí ar bith a bhfuil leas aige i soláthraithe seirbhíse meán a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha.

3.Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhíse meán ar micrifhiontair iad de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE.

Caibidil III

Creat le haghaidh comhar rialála agus margadh inmheánach dea‑fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán

Roinn 1

Údaráis neamhspleácha meán

Airteagal 7

Údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta

1.Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a bheith freagrach as Caibidil III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.Beidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE i ndáil le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh leis an Rialachán seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta chun a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

4.I gcás ina mbeidh gá leo chun a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, beidh cumhachtaí imscrúduithe iomchuí ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta, maidir le hiompar daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann Caibidil III.

Áireofar leis na cumhachtaí sin go háirithe an chumhacht chun iarraidh ar na daoine sin faisnéis a sholáthar, laistigh de thréimhse ama réasúnta, atá comhréireach agus riachtanach chun na cúraimí faoi Chaibidil III a dhéanamh. féadfar an t‑iarratas a chur ar aon duine eile freisin, a d’fhéadfadh an fhaisnéis a theastaíonn a bheith acu go réasúnta, chun críoch a dtrádála, a ngnó nó a ngairme.

Roinn 2

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán

Airteagal 8

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán

1.Bunaítear An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán (‘an Bord’).

2.Gabhfaidh an Bord ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) arna bhunú le Treoir 2010/13/AE.

Airteagal 9

Neamhspleáchas an Bhoird

Gníomhóidh an Bord go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á ndéanamh nó a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige. Go háirithe, agus a chúraimí á ndéanamh nó a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, ní iarrfaidh nó ní ghlacfaidh an Bord le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine ná comhlacht. Ní dhéanfaidh an méid sin difear d’inniúlachtaí an Choimisiúin ná inniúlachtaí na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Struchtúr an Bhoird

1.Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE.

2.Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord. 

3.Áit a bhfuil níos mó ná údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin ag Ballstát, comhordóidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála sin le chéile mar is gá agus ceapfaidh siad ionadaí comhpháirteach a fheidhmeoidh an ceart vótála.

4.Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird ionadaíocht thar a cheann. Toghfaidh an Bord Cathaoirleach as a chomhaltaí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh.

5.Ainmneoidh an Coimisiún ionadaí chuig an mBord. Glacfaidh ionadaí an Choimisiúin páirt i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe go léir an Bhoird, gan cearta vótála. Coimeádfaidh Cathaoirleach an Bhoird an Coimisiún ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí leanúnacha agus beartaithe an Bhoird. Rachaidh an Bord i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le hullmhú a chláir oibre agus a phríomhtháirgí insoláthartha.

6.Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe, i gcomhaontú leis an gCoimisiún.

7.Déanfaidh an Bord cinntí trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála.

8.Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála, i gcomhaontú leis an gCoimisiún.

Airteagal 11

Rúnaíocht an Bhoird

1.Beidh rúnaíocht ag an mBord, a sholáthróidh an Coimisiún.

2.Is é an príomhchúram a bheidh ag an rúnaíocht rannchuidiú le comhlíonadh chúraimí an Bhoird a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2010/13/AE.

3.Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil do ghníomhaíochtaí an Bhoird. Cabhróidh an rúnaíocht leis an mBord freisin a chúraimí a dhéanamh.

Airteagal 12

Cúraimí an Bhoird

Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, cuirfidh an Bord chun cinn feidhmiú éifeachtach comhsheasmhach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme ar fud an Aontais. Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:

(a)tacaíocht a thabhairt don Choimisiún, trí shaineolas teicniúil, chun cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo agus cur chun feidhme comhsheasmhach Threoir 2010/13/AE ar fud gach Ballstáit a áirithiú, gan dochar do chúraimí na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta;

(b)comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea‑chleachtas a chur chun cinn idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí meán, lena n‑áirítear an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE, go háirithe maidir le hAirteagail 3, 4 agus 7 den Treoir sin;

(c)comhairle a chur ar an gCoimisiún, i gcás ina n‑iarrfaidh sé sin, maidir leis na gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE chomh maith le hábhair eile a bhaineann le seirbhísí meán laistigh dá inniúlacht. I gcás ina n‑iarrfaidh an Coimisiún comhairle nó tuairimí a Bhoird, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh;

(d)nuair a iarrann an Coimisiún sin air, tuairimí a sholáthar faoi na saincheisteanna teicniúla agus fíorasacha a thagann chun cinn i ndáil le hAirteagal 2(5c), Airteagal 3(2) agus (3), Airteagal 4(4), pointe (c) agus Airteagal 28a(7) de Threoir 2010/13/AE;

(e)i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)iarrataí ar chomhar agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 13(7) den Rialachán seo;

(ii)iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin i gcás easaontaithe idir an t‑údarás nó an comhlacht iarrthach maidir leis na gníomhartha a mholtar de bhun Airteagal 14(4) den Rialachán seo;

(iii)bearta náisiúnta a bhaineann le soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán seo;

(f)arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)bearta náisiúnta ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 20(4) den Rialachán seo;

(ii)comhchruinnithe i margadh na meán ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo;

(g)tuairimí nó dréacht‑tuairimí náisiúnta nó cinntí a tharraingt suas lena ndéantar measúnú ar an tionchar a bhíonn ag comhchruinnithe is infhógartha i margadh na meán ar iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfadh comhchruinniú den sórt sin difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán seo;

(h)cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13 chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán seo.

(ii)fachtóirí atá le cur san áireamh nuair a chuirtear na critéir i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag comhchruinnithe i margadh na meán, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Rialachán seo;

(iii)cur i bhfeidhm Airteagal 23(1), (2) agus (3) de bhun Airteagal 23(4) den Rialachán seo.

(i)arna iarraidh sin do cheann amháin ar a laghad de na húdaráis lena mbaineann, idirghabháil a dhéanamh i gcás easaontuithe idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Rialachán seo;

(j)comhar a chothú maidir le caighdeáin theicniúla a bhaineann le comharthaí digiteacha agus dearadh gléasanna nó comhéadan úsáideora, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) den Rialachán seo;

(k)bearta náisiúnta a chomhordú a bhaineann le scaipeadh nó rochtain ar ábhar soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meáin san Aontas, i gcás ina ndéanann a ngníomhaíochtaí dochar nó ina ngabhann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Rialachán seo;

(l)idirphlé struchtúrtha a eagrú idir soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, ionadaithe ar son soláthraithe seirbhíse meán agus na sochaí shibhialta, agus na torthaí air sin a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo; 

(m)malartú dea‑chleachtas a chothú a mhéid a bhaineann sé le cur in úsáid córas tomhais ar phobal meáin, i gcomhréir le hAirteagal 23(5) den Rialachán seo.

Roinn 3

Comhar agus cóineasú rialála

Airteagal 13

Comhar struchtúrtha

1.Féadfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta (‘údarás iarrthach’) comhar nó cúnamh frithpháirteach a iarraidh tráth ar bith ó údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin nó níos mó (‘údaráis iarrthacha’) chun faisnéis a mhalartú nó bearta a dhéanamh atá ábhartha do chur i bhfeidhm comhsheasmhach éifeachtach an Rialacháin seo nó na mbeart náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme.

2.I gcás ina measfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta go bhfuil baol tromchúiseach mór ann go ndéanfaí dochar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán nó go bhfuil baol tromchúiseach mór ann go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí, féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta eile comhar nó cúnamh frithpháirteach brostaithe a sholáthar, agus comhlíontacht le cearta bunúsacha a áirithiú an tráth céanna, go háirithe leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

3.Beidh an fhaisnéis go léir is gá, lena n‑áirítear an cuspóir agus na fáthanna leis, in iarrataí ar chomhar nó cúnamh frithpháirteach, lena n‑áirítear comhar nó cúnamh frithpháirteach brostaithe.

4.Ní fhéadfaidh an t‑údarás iarrthach diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)níl sé inniúil in ábhar na hiarrata nó sna bearta a iarrtar air a ghlacadh;

(b)sháródh feidhmiú na hiarrata an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE nó reachtaíocht eile an Aontais nó dlí Ballstáit a chomhlíonann dlí an Aontais a bhfuil an t‑údarás iarrthach faoina réir.

Tabharfaidh an t‑údarás iarrthach cúiseanna le haon diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh.

5.Cuirfidh an t‑údarás faighte iarrata an t‑údarás iarrthach ar an eolas faoi na torthaí a baineadh amach nó faoi dhul chun cinn na mbeart a rinneadh mar fhreagra ar an iarraidh.

6.Déanfaidh an t‑údarás faighte iarrata a dhícheall aghaidh agus freagra a thabhairt ar an iarraidh gan moill mhíchuí. Soláthróidh an t‑údarás faighte iarrata torthaí idirthréimhseacha laistigh de 14 lá féilire ón iarraidh a fháil, agus tabharfaidh sé nuashonruithe tráthrialta ina dhiaidh sin faoin dul chun cinn maidir le feidhmiú na hiarrata. I gcás iarrataí ar chomhar nó cúnamh frithpháirteach brostaithe, tabharfaidh an t‑údarás faighte iarrata aghaidh agus freagra ar an iarraidh laistigh de 14 lá féilire.

7.I gcás nach measfaidh an t‑údarás iarrthach gur leordhóthanach na bearta a rinneadh an t‑údarás faighte iarrata chun aghaidh agus freagra a thabhairt ar a iarraidh, cuirfidh sé an t‑údarás faighte iarrata ar an eolas faoin méid sin gan moill mhíchuí, agus míneoidh sé na cúiseanna lena sheasamh. Mura n‑aontaíonn an t‑údarás faighte iarrata leis an seasamh sin, nó mura bhfaightear freagra ón údarás faighte iarrata, féadfaidh ceachtar údarás an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird. Laistigh de 14 lá féilire ón tarchur sin a fháil, eiseoidh an Bord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairim maidir leis an ábhar, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí molta. Déanfaidh an t‑údarás faighte iarrata a dhícheall tuairim an Bhoird a chur san áireamh.

Airteagal 14

Iarrataí ar fhorfheidhmiú oibleagáidí ag ardáin comhroinnte físeán

1.Gan dochar d’Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, féadfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta iarraidh ar údarás nó comhlacht rialála náisiúnta eile gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur ar ardáin comhroinnte físeán faoi Airteagal 28b de Threoir 2010/13/AE a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

2.Gan moill mhíchuí agus laistigh de 30 lá féilire, cuirfidh an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe de bhun mhír 1.

3.I gcás ina mbeidh easaontú idir an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach agus an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun mhír 1, féadfaidh ceachtar údarás nó comhlacht an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird le haghaidh idirghabhála d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil.

4.Mura dtagann an Bord ar aon réiteach cairdiúil tar éis idirghabhála, féadfaidh an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach nó an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata a iarraidh ar an mBord tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar. Ina thuairim, déanfaidh an Bord measúnú ar ar chomhlíon an t‑údarás nó an comhlacht iarrthach iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Má bhreithníonn an Bord nár chomhlíon an t‑údarás faighte iarrata an iarraidh sin, molfaidh an Bord gníomhaíochtaí chun go gcomhlíonfar an iarraidh. Eiseoidh an Bord a thuairim, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí.

5.Gan moill mhíchuí agus laistigh de 30 lá féilire ar a mhéad ón tuairim dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t‑údarás nó comhlacht náisiúnta iarrthach an Bord, an Coimisiún agus an t‑údarás nó an comhlacht faighte iarrata ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh i ndáil leis an tuairim.

Airteagal 15

Treoraíocht maidir le hábhair rialacháin na meán

1.Cothóidh an Bord malartú dea‑chleachtas i measc na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, na bpáirtithe leasmhara comhairliúcháin, i gcás inarb iomchuí, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, maidir le gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme.

2.I gcás ina n‑eisíonn an Coimisiún treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme, tabharfaidh an Bord cúnamh dó trí shaineolas maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla a sholáthar, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)tosaíocht mar is iomchuí a thabhairt do sheirbhísí meán closamhairc a bhaineann leis an leas ginearálta faoi Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE;

(b)rochtain a thabhairt ar fhaisnéis faoi struchtúr úinéireachta soláthraithe seirbhísí meán closamhairc, dá bhforáiltear faoi Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE.

3.Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme. Tabharfaidh an Bord cúnamh i ndáil leis sin don Choimisiún, i gcás ina n‑iarrtar sin air.

4.Cothóidh an Bord comhar idir soláthraithe seirbhíse meán, comhlachtaí um chaighdeánú nó aon pháirtí leasmhar ábhartha eile chun go n‑éascófar forbairt caighdeán teicniúil a bhaineann le comharthaí digiteacha nó le dearadh gléasanna nó comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear an rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin.

Airteagal 16

Comhordú a dhéanamh maidir le bearta a bhaineann le soláthraithe seirbhísí meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas

1.Bearta arna ndéanamh ag údaráis nó comhlachtaí náisiúnta rialála a bhaineann le scaipeadh seirbhísí meán arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meáin san Aontas, déanfaidh an Bord iad a chomhordú i gcás ina ndéanann seirbhísí meán den sórt sin dochar nó ina ngabhann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, inter alia.

2.Féadfaidh an Bord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir le bearta náisiúnta iomchuí faoi mhír 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta uile, lena n‑áirítear na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ndícheall chun tuairimí an Bhoird a chur san áireamh.

Roinn 4

Seirbhísí meán a sholáthar i dtimpeallacht dhigiteach

Airteagal 17

Ábhar soláthraithe seirbhíse meán ar ardáin an‑mhór ar líne

1.Soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, soláthróidh siad feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a gcumas d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí an méid seo a leanas a dhearbhú:

(a)is soláthraí seirbhíse meán é de réir bhrí Airteagal 2(2);

(b)tá sé neamhspleách ar na Ballstáit agus ar thríú tíortha ó thaobh eagarthóireachta de; agus

(c)tá sé faoi réir na gceanglas rialála le haghaidh feidhmiú freagrachta eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó, nó cloíonn sé le sásra rialála comhpháirtigh nó féinrialaithigh lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta a aithnítear go forleathan agus a nglactar leo in earnáil ábhartha na meán i mBallstát amháin nó níos mó.

2.I gcás ina gcinnfidh soláthraí ardáin an‑mhór ar líne soláthar a chuid seirbhísí idirghabhála a chur ar fionraí i ndáil le hábhar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar an bhforas go bhfuil an t‑ábhar sin neamh‑chomhoiriúnach lena chuid téarmaí agus coinníollacha agus nach gcuireann an t‑ábhar sin le riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh sé na bearta uile is féidir, a mhéid atá siad comhsheasmhach lena n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], chun ráiteas maidir le cúiseanna a ghabhann leis an gcinneadh sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1150, a chur in iúl don soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann sula rachaidh an fhionraíocht i bhfeidhm.

3.Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1150 ag soláthraithe seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan moill mhíchuí.

4.I gcás ina mbreithníonn soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 go gcuireann soláthraí ardán an‑mhór ar líne srian ar sholáthar a chuid seirbhísí nó go gcuireann sé ar fionraí go minic iad, gan foras leordhóthanach, ar seirbhísí iad i ndáil le hábhar a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse meán, rachaidh an soláthraí ardán an‑mhór i mbun idirphlé bríoch agus éifeachtach leis an soláthraí seirbhíse meán, arna iarraidh sin dó, de mheon macánta agus d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil chun deireadh a chur le srianta nó fionraíocht gan údar agus iad a sheachaint amach anseo. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán fógra faoi thoradh na malartuithe sin a thabhairt don Bhord.

5.Cuirfidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne faisnéis ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)méid na gcásanna inar fhorchuir siad aon srian nó fionraí ar an bhforas go raibh an t‑ábhar a sholáthar soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo neamh‑chomhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha; agus

(b)na forais le haghaidh srianta den sórt sin a fhorchur.

6.D’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach an Airteagail seo a éascú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint chun foirm agus sonraí an dearbhaithe a leagtar amach i mír 1 a bhunú.

Airteagal 18

Idirphlé struchtúraithe

1.Eagróidh an Bord idirphlé struchtúraithe go tráthrialta idir soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, ionadaithe soláthraithe seirbhíse meán agus ionadaithe na sochaí sibhialta chun taithí agus dea‑chleachtais i gcur i bhfeidhm Airteagal 17 den Rialachán seo a phlé, chun rochtain ar thairiscintí éagsúla ó mheáin neamhspleácha maidir le hardáin an‑mhór ar líne a chothú agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcloí le tionscnaimh féinrialála lena ndírítear ar an tsochaí a chosaint ar ábhar díobhálach, lena n‑áirítear bréagaisnéis agus láimhseáil eachtrach agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis.

2.Tabharfaidh an Bord tuarascáil don Coimisiún maidir le torthaí an idirphlé.

Airteagal 19

An ceart chun tairiscint meán closamhairc a shaincheapadh

1.Beidh an ceart ag úsáideoirí socruithe réamhshocraithe aon ghléas nó aon chomhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach éasca chun an tairiscint i leith meáin chlosamhairc a oiriúnú de réir a leasanna nó a dtosaíochtaí féin i gcomhréir leis an dlí. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin difear do bhearta náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE chun feidhme.

2.Nuair a chuirfidh monaróirí agus forbróirí na gléasanna agus na comhéadain úsáideora dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, áiritheoidh siad go bhfuil feidhmiúlacht san áireamh iontu lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí athrú a dhéanamh ar na socruithe réamhshocraithe lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar na seirbhísí meán closamhairc a thairgtear.

Roinn 5

Ceanglais maidir le bearta agus nósanna imeachta le haghaidh margadh meán dea‑fheidhmiúil

Airteagal 20

Bearta náisiúnta a dhéanfaidh difear d’fheidhmiú soláthraithe seirbhíse meán

1.Aon bheart reachtaíochta, rialála nó riaracháin a dhéanfaidh Ballstát lenarbh fhéidir difear a dhéanamh d’fheidhmiú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach, beidh údar cuí leo agus beidh siad comhréireach. Beidh bearta den sórt sin réasúnaithe, trédhearcach, oibiachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach.

2.Aon nós imeachta náisiúnta a úsáidfear chun críocha beart rialála nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú nó a ghlacadh, beidh sé faoi réir creataí ama soiléire a leagfar amach roimh ré.

3.Gan dochar don cheart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil, agus ina theannta sin, beidh an ceart ag aon soláthraí seirbhíse meán a bheidh faoi réir beart riaracháin nó rialála dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis go haonarach agus go díreach achomharc in aghaidh an bhirt sin a chur faoi bhráid comhlacht achomhairc. Beidh an comhlacht sin neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a d’fhéadfadh measúnú neamhspleách an chomhlachta ar na hábhair a chuirfear os a chomhair a chur i mbaol. Beidh an saineolas iomchuí aige chun go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach.

4.Déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh beart náisiúnta reachtaíochta, riaracháin nó rialála difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Tar éis don Bhord a thuairim a thabhairt, agus gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin maidir leis an ábhar a eisiúint. Cuirfear tuairimí ón mBord agus, i gcas inarb infheidhme, tuairimí ón gCoimisiún ar fáil go poiblí.

5.I gcás ina nglacfaidh údarás nó comhlacht náisiúnta beart lena ndéantar difear do sholáthraí seirbhíse meán go haonarach agus go díreach agus inar dóchúil go ndéanfaidh an beart difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, cuirfidh sé in iúl dó, arna iarraidh sin don Bhord, agus i gcas inarb infheidhme, arna iarraidh sin don Choimisiún, gan moill mhíchuí agus trí bhíthin bealaí leictreonacha, aon fhaisnéis ábhartha, lena n‑áirítear achoimre ar na fíorais, a bheart, na fíorais ar ar bhunaigh an t‑údarás náisiúnta nó an comhlacht náisiúnta a bheart, agus, i gcás inarb infheidhme, barúlacha údarás eile lena mbaineann.

Airteagal 21

Measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán

1.Soláthróidh na Ballstáit, ina gcórais náisiúnta dlí, rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta lena n‑áiritheofar go ndéanfar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta. Maidir leis na rialacha sin:

(a)beidh siad trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach;

(b)ceanglóidh siad ar na páirtithe do chomhchruinniú i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta an comhchruinniú sin a chur in iúl roimh ré do na húdaráis nó na comhlachtaí náisiúnta ábhartha;

(c)ainmneoidh siad an t‑údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar thionchar comhchruinnithe infhógartha ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta nó áiritheoidh siad go mbeidh an t‑údarás nó an comhlacht náisiúnta rialála bainteach leis an measúnú sin;

(d)leagfaidh siad critéir oibiachtúla neamh‑idirdhealaitheacha chomhréireacha amach roimh ré maidir le fógra a thabhairt faoi chomhchruinnithe i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta agus maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta.

Beidh an measúnú dá dtagraítear sa mhír seo ar leithligh ó mheasúnuithe dhlí na hiomaíochta a n‑áirítear leo na measúnuithe dá bhforáiltear faoi rialacha rialála cumaisc. Beidh an measúnú gan dochar d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás inarb infheidhme.

2.Cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1:

(a)an tionchar a imríonn an comhchruinniú ar iolrachas na meán, lena n‑áirítear a éifeacht ar fhoirmíocht tuairimí an phobail agus ar éagsúlacht na ngníomhaithe i margadh na meán, agus an timpeallacht ar líne agus leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí i ngnólachtaí i meáin eile nó i ngnólachtaí neamh‑mheáin ag na páirtithe á gcur san áireamh;

(b)na cosaintí le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta, lena n‑áirítear tionchar an chomhchruinnithe ar fheidhmiú na bhfoirne eagarthóireachta agus ar bhearta a bheith ann arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí aonaracha eagarthóireachta a ráthú;

(c)in éagmais an chomhchruinnithe, an bhfanfadh an t‑eintiteas is faighteoir agus is faighteán inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch i gcónaí, agus arbh ann d’aon rogha mhalartach fhéideartha chun inbhuanaitheacht an eintitis a áirithiú.

3.Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, treoirlínte a eisiúint maidir leis na tosca a bheidh le cur san áireamh nuair a chuirfidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta na critéir i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta.

4.Rachaidh an t‑údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta i mbun comhairle leis an mBord roimh ré maidir le haon tuairim nó cinneadh a bheartaíonn sé a ghlacadh le linn dó measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe infhógartha i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe sin difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

5.Laistigh de 14 lá féilire tar éis dó an comhairliúchán dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh an Bord tuairim a tharraingt suas maidir leis an dréacht‑tuairim náisiúnta nó an cinneadh a tarchuireadh chuige, ag cur na ngnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh, agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig an údarás comhairliúcháin agus chuig an gCoimisiún.

6.Tabharfaidh an t‑údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 lánaird ar an tuairim dá dtagraítear i mír 5. I gcás nach gcloíonn an t‑údarás sin leis an tuairim, go hiomlán nó go páirteach, soláthróidh sé, laistigh de 30 lá féilire ón lá a fuarthas an tuairim, údar cuí réasúnaithe don Bhord agus don Choimisiún, lena míneoidh sé a sheasamh. Gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar.

Airteagal 22

Tuairimí maidir le comhchruinnithe i margadh na meán

1.In éagmais measúnú nó comhairliúchán de bhun Airteagal 21, déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas maidir leis an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh comhchruinniú i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Bunóidh an Bord a thuairim ar na gnéithe a leagtar amach in Airteagal 21(2). Féadfaidh an Bord comhchruinnithe i margadh na meán, ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, a thabhairt ar aird don Choimisiún.

2.Tar éis don Bhord a thuairim a thabhairt, agus gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar.

3.Cuirfear tuairimí ón mBord agus, i gcas inarb infheidhme, tuairimí ón gCoimisiún ar fáil go poiblí.

Roinn 6

Leithdháileadh trédhearcach cóir acmhainní eacnamaíocha

Airteagal 23

Pobal meáin a thomhas

1.Beidh córais agus modheolaíochtaí um pobal meáin a thomhas comhlíontach le prionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta, na hionchuimsitheachta, na comhréireachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na hinfhíoraitheachta.

2.Gan dochar don chosaint do rúin ghnó gnóthas, déanfaidh soláthraithe córas dílseánaigh tomhais ar phobal meáin faisnéis chruinn, mhionsonraithe chuimsitheach, intuigthe, chothrom le dáta maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear ina gcórais tomhais ar phobal meáin a sholáthar, gan moill mhíchuí agus saor ó chostais, do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’fhógróirí, agus do thríú páirtithe freisin arna n‑údarú ag soláthraithe seirbhíse meán agus fógróirí. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin difear do rialacha cosanta sonraí agus rúndachta an Aontais.

3.Spreagfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta tarraingt suas cód iompair ag soláthraithe córas tomhais ar phobal meáin, in éineacht lena gcuid eagraíochtaí ionadaíocha agus aon pháirtí leasmhar eile, ar cóid iad a bheartaítear a chuirfidh le comhlíontacht na bprionsabal dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear trí iniúchtaí neamhspleácha agus trédhearcacha a chur chun cinn.

4.Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, treoirlínte a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo.

5.Cothóidh an Bord malartú dea‑chleachtas a bhaineann le córais tomhais ar phobal meáin a chur in úsáid trí idirphlé tráthrialta idir ionadaithe na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, ionadaithe soláthraithe córas tomhais ar phobal meáin agus páirtithe leasmhara eile.

Airteagal 24

Leithdháileadh fógraíochta stáit

1.Is de réir critéir thrédhearcacha, oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha agus trí nósanna imeachta oscailte, comhréireacha agus neamh‑idirdhealaitheacha a dhámhfar cistí poiblí nó aon chomaoin nó buntáiste eile arna dheonú ag údaráis phoiblí do sholáthraithe seirbhíse meán chun críoch fógraíochta. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do rialacha soláthair phoiblí.

2.Údaráis phoiblí, lena n‑áirítear rialtais chónaidhme nó réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála, chomh maith le fiontair atá faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile atá faoi rialú stáit ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta, nó rialtais áitiúla d’eintitis chríochacha ina bhfuil níos mó ná 1 mhilliún cónaitheoir, cuirfidh siad ar fáil go poiblí faisnéis chruinn, chuimsitheach, intuigthe, mhionsonraithe agus faisnéis bhliantúil maidir lena gcaiteachas fógraíochta arna leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán, a mbeidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san áireamh inti:

(a)ainmneacha dlíthiúla soláthraithe seirbhíse meán ónar ceannaíodh seirbhísí fógraíochta;

(b)an méid iomlán a caitheadh chomh maith leis na méideanna a caitheadh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse meán.

3.Déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta faireachán ar leithdháileadh fógraíochta stáit i margaí na meán. Chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise faoin bhfógraíocht stáit a chuirtear ar fáil de bhun mhír 2, féadfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta faisnéis bhreise a iarraidh ar na heintitis dá dtagraítear i mír 2, lena n‑áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1.

4.Leithdháileadh acmhainní stáit ar sholáthraithe seirbhíse meán chun seirbhísí nó earraí seachas fógraíocht stáit a cheannach uathu, beidh sé faoi réir na gceanglas a leagtar amach i mír 1. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair.

Caibidil V – Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 25

Feidhmiú faireacháin

1.Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán neamhspleách ar an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, lena n‑áirítear rioscaí dá fheidhmiú agus dá athléimneacht agus dul chun cinn iontu. Beidh torthaí an fheidhmithe faireacháin faoi réir comhairliúcháin leis an mBord.

2.Saineoidh an Coimisiún na príomhtháscairí feidhmíochta a bheidh le húsáid le haghaidh an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1, i gcomhairle leis an mBord.

3.Áireofar an méid seo a leanas san fheidhmiú faireacháin:

(a)anailís mhionsonraithe ar athléimneacht margaí meán na mBallstát uile, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis an leibhéal comhchruinnithe meán agus leis na rioscaí go mbeidh láimhseáil eachtrach agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ann;

(b)forléargas agus measúnú réamhbhreathnaitheach ar athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ina iomláine;

(c)forléargas ar na bearta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú.

4.Déanfar an faireachán ar bhonn bliantúil, agus cuirfear torthaí an fhaireachán ar fáil go poiblí.

Airteagal 26

Meastóireacht agus tuairisciú

1.Laistigh de [4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.Chun críocha mhír 1, agus arna iarraidh sin dó, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ábhartha chuig an gCoimisiún.

3.Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí agus foinsí ábhartha eile;

(b)torthaí an idirphlé ábhartha a rinneadh sna fóraim ábhartha;

(c)na doiciméad ábhartha a d’eisigh an Bord;

(d)torthaí an fheidhmithe faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 27

Leasuithe ar Threoir 2010/13/AE

1.    Scriostar Airteagal 30b de Threoir 2010/13/AE.

2.    Déanfar tagairtí d’Airteagail 30b de Threoir 2010/13/AE a léamh mar thagairtí d’Airteagal 12 den Rialachán seo.

3.    Léifear tagairtí i ndlí an Aontais do Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) mar thagairtí don Bhord Eorpach le haghaidh Seirbhísí Meán (an Bord).

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó [6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm].

   Beidh feidhm ag Airteagail 7 go 12 áfach agus ag Airteagal 27 ó [3 mhí tar éis a dteacht i bhfeidhm] agus ag Airteagal 19(2) ó [48 mí tar éis a dteacht i bhfeidhm].

3.    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

   1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

   1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann

   1.3.    Baineann an togra/tionscnamh le

   1.4.    Cuspóirí

   1.5.    Forais an togra/tionscnaimh

   1.6.    Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

   1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

   2    BEARTA BAINISTÍOCHTA

   2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

   2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

   2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH    

   3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

   3.2.    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

   3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

·Margadh inmheánach

·Infheistíocht i ndaoine, comhtháthú sóisialta agus luachanna

·Ugach nua do dhaonlathas an Aontais

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 59  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is cuspóir ginearálta don idirghabháil feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán. Trí fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán a fheabhsú cothófar soláthar seirbhísí meán ardcháilíochta agus dá réir sin cuirfear neart le sláine an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine. Bainfear an cuspóir sin amach trí rialachán lena soláthraítear rialacha comhchoiteanna, a bhfuil creat comhair struchtúraigh le haghaidh rialtóirí na meán mar bhonn taca faoi laistigh de Bhord ina bhfuil ionadaithe na n‑údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta ábhartha ar mheáin neamhspleácha.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Gníomhaíocht trasteorann agus infheistíocht i margadh na meán inmheánach a chothú

Is é is cuspóir dó go mbeidh sé níos fusa do ghníomhaithe i margadh na meán a gcuid oibríochtaí a leathnú feadh an mhargaidh inmheánaigh, ag méadú infheistíochtaí trasteorann de réir a chéile i dtéarmaí a méide agus a luacha. Chuige sin, is é ab aidhm don tionscnamh gnéithe áirithe de na creataí éagsúla iolrachais sna meáin a chomhordú chun soláthar seirbhísí trasteorann a éascú. Beidh sé d’aidhm aige, go háirithe, a áirithiú go dtabharfaidh údaráis neamhspleácha náisiúnta aghaidh ar iolrachas na meán go comhsheasmhach ar fud mhargadh meán an Aontais Eorpaigh, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar idirbhearta i margadh na meán, trí chritéir chomhchoiteanna agus comhordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Comhar agus cóineasú rialála a mhéadú i margadh inmheánach na meán

Is é is cuspóir dó comhar rialála a neartú chun go ndéanfar creat meán an Aontais Eorpaigh sa chomhthéacs trasteorann a fhorfheidhmiú níos fearr agus chun go gcothófar cóineasú rialála trí thuairimí agus treoraíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus dá réir sin cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn i leith neamhspleáchas na meán agus iolrachas na meán, lena n‑áirítear ar líne. Is é is aidhm dó uirlisí a sholáthar freisin le haghaidh gníomhaíocht chomhchoiteann - feadh an Aontais Eorpaigh - ag rialaitheoirí neamhspleácha chun margadh inmheánach an Aontais a chosaint ar sholáthraithe seirbhíse (lena n‑áirítear soláthraithe ó thríú tíortha) nach leanann caighdeáin meán an Aontais

Soláthar saor in aisce seirbhísí meán ardchaighdeáin sa mhargadh inmheánach a éascú

Is é is cuspóir dó a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí agus gnólachtaí leas as ábhar iontaofa a sholáthraíonn meáin neamhspleácha i margadh le haghaidh seirbhísí meán, ar margadh é atá ag teacht chun bheith níos digití agus a bhfuil a ghné thrasteorann ag teacht chun bheith ina cuid dhílis de. Chun soláthar seirbhísí ardcháilíochta meán sa mhargadh inmheánach a chothú, beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh maolú a dhéanamh ar an treocht atá ann go gcuirtear isteach go míchuí, ar bhealach poiblí agus príobháideach araon, ar shaoirse eagarthóireachta. Feabhsófar leis trédhearcacht úinéireachta a bhaineann go sonrach leis na meáin, d’fhonn neart a chur le cuntasacht agus neamhspleáchas sna meáin. Beidh sé d’aidhm aige freisin féinrialáil a chur chun cinn ar mhaithe le feidhmiú neamhspleách na gcuideachtaí meán. Thairis sin, beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh a áirithiú go mbeidh iriseoirí in ann obair a dhéanamh gan aon chur isteach, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gcuid foinsí a chosaint.

Leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha trédhearcach cóir i margadh inmheánach na meán a áirithiú

Is é is cuspóir dó cothroime iomaíochta a áirithiú le haghaidh gníomhaithe i margadh na meán trí leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha trédhearcach cóir a chur chun cinn. Bhainfí sin amach trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht, neamh‑idirdhealú, comhréireacht, oibiachtúlacht agus ionchuimsitheacht i ndáil le modhanna chun an pobal meáin a thomhas, go háirithe ar líne. Bheadh sé d’aidhm aige freisin trédhearcacht, neamh‑idirdhealú, comhréireacht agus oibiachtúlacht na fógraíochta stáit chuig na meáin a áirithiú, chun na rioscaí a íoslaghdú i ndáil le tosaíocht a thabhairt do mheáin chumarsáide atá ar son an rialtais, nó an riosca go n‑úsáidfí tacaíocht phoiblí ar mhaithe le leasanna páirtíneacha, rud a dhéanfadh dochar do ghníomhaithe eile sa mhargadh, agus ar an gcaoi sin iomaíochas sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Le rialachán agus moladh do chuideachtaí na meán agus do na Ballstáit neamhspleáchas na meán a chothú, a mbeidh bonn agus taca struchtúir rialachais faoi arb é a bheidh ann Bord móide cúnamh ó rúnaíocht de chuid an Choimisiúin, tá coinne leis go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí na rialacha náisiúnta a chóineasú agus trí chur chuige a ghlacadh i réimsí a bhaineann le hiolrachas na meán - ar bhealach atá éifeachtúil, comhleanúnach, comhréireach agus éifeachtach den chuid is mó.

Meastar na tairbhí eacnamaíocha glana sa samhaltú airgeadais le haghaidh an Mheasúnaithe Tionchair a ghabhfaidh leis an togra, i dtéarmaí ioncam méadaithe, a bheith ag EUR 2 885 mhilliún don chéad bhliain agus EUR 2 898.1 milliún le haghaidh na mblianta dár gcionn. Beidh tairbhí rialála díreacha ag gníomhaithe i margadh na meán.

Bainfidh an earnáil chlosamhairc tairbhe ar leith as tabhairt isteach ceanglas comhchoiteann le haghaidh dlíthe náisiúnta i ndáil le hiolrachas na meán agus nósanna imeachta um ghrinnscrúdú ar an margadh agus bainfidh siad leas as barainneachtaí scála i margadh na meán a bheidh ag feidhmiú níos fearr, a bheidh níos intuartha agus níos comhleanúnaí agus a mbainfidh níos lú cosantacht leis.

Craoltóirí agus soláthraithe ábhair nuachta (closamhairc) agus eintitis nach eintitis baile iad ar dóchúil go mbeidh siad thíos de dheasca scoilteadh rialála, beidh siad in ann a gcuid oibríochtaí a leathnú i mBallstáit eile.

Na craoltóirí agus na cuideachtaí preasa sin a ghlacann leis na moltaí maidir le coimircí le haghaidh a neamhspleáchais eagarthóireachta, neartóidh siad a neamhspleáchas eagarthóireachta agus méadóidh siad an tsaoirse atá acu chun cinntí a dhéanamh gan cur isteach poiblí agus príobháideach, agus iad ag leathnú iolrachas na nguthanna nó na dtuairimí a chuirtear in iúl agus na saincheisteanna a ndéantar anailís orthu ina gcuid ábhair meán. Beidh iriseoirí níos neamhspleáiche freisin i leith úinéirí na meán mar gheall ar úsáid mhéadaithe na gcoimircí sin laistigh de chuideachtaí meán.

Le trédhearcacht níos fearr maidir le húinéireacht na meán agus, go háirithe, maidir le leasanna eile gnó na n‑úinéirí, tiocfaidh feabhas ar iomaíocht chóir go háirithe in earnáil na clódóireachta (lena chuimsítear meáin phriontáilte agus meáin ar líne) nach mbíonn uirlisí sonracha trédhearcachta, amhail cláir mheán, ag na Ballstáit ina dtaobh de ghnáth.

De bharr córais tomhais ar phobal meáin ar líne a bheith níos trédhearcaí, laghdófar ar an saobhadh sa mhargadh, neartófar a thuilleadh an chothroime iomaíochta idir soláthraithe seirbhíse meán agus gníomhaithe ar líne agus rachaidh sé sin chun tairbhe seirbhísí meán closamhairc agus preaseisiúintí ar líne go háirithe, agus fógróirí ar líne chomh maith. Ba cheart tairbhe a bheith le baint ag iriseoirí as an méid sin freisin, óir beidh tuiscint níos fearr acu ar an mbealach a ndéanann gníomhaithe ar líne pobail seirbhísí meán a thomhas. Leis na bearta maidir le trédhearcacht agus cothroime fógraíochta stáit, laghdófar ar an saobhadh sa mhargadh agus áiritheofar go mbeidh rochtain ag raon níos leithne meán cumarsáide ar an bhfoinse ioncaim sin.

Bainfidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide tairbhe as breis cinnteachta agus costais dlí níos ísle. Fágann an rochtain mhéadaithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar fhógraíocht stáit freisin gur mó an deis, go comhréireach, a bheidh ag cuideachtaí beaga. Ar an gcuma chéanna, tá Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide i riocht thar a bheith lag i leith gníomhaithe ar líne maidir leis an tomhas ar phobal meáin ar líne, agus dá bhrí sin cuideoidh an tionscnamh leis an iomaíocht a dhéanamh níos cothroime le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus iad ag dul san iomaíocht i dtaca le hioncaim fógraíochta.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Na táscairí a mholtar agus na torthaí a bhfuil coinne leo

Bonnlíne

Táscaire - méid agus luach infheistíochtaí trasteorann i margaidh mheán 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh (bliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - méadú de réir a chéile ar mhéid agus luach infheistíochtaí trasteorann

Infheistíochtaí in 2013‑2021 de réir infheisteoirí:

-An tAontas: 478 n‑idirbheart

-nach de chuid an Aontais Eorpaigh iad: 389 n‑idirbheart

Luach 60 % de na hidirbhearta: EUR 84 bhilliún

Táscaire - méid na dtuairimí a thug an Bord uaidh maidir le cinntí i dtaca le grinnscrúdú ar mhargadh na meán arna gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta ábhartha (bliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - sciar na dtuairimí a thug an Bord uaidh arna chur san áireamh ag na Ballstáit

n/bh

Táscaire - sciar na gcásanna a réitigh an Bord faoin sásra comhair agus faoin sásra um chúnamh frithpháirteach (bliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - sciar na gcásanna a réitigh an Bord

n/bh

Táscaire - méid na ndoiciméad treoraíochta /na dtuarascálacha a d’eisigh an Coimisiún agus/nó an Bord, de réir an cháis, sna príomhréimsí rialála le haghaidh iolrachas na meán (gach 3 bliana)

An toradh a bhfuil coinne leis - méid méadaithe na réimsí is ábhartha d’iolrachas sna meáin a chumhdaítear le treoraíocht/tuarascálacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

n/bh

Táscaire - scóir riosca (bliantúil) maidir leis an méid seo a leanas:

- neamhspleáchas polaitiúil na meán - neamhspleáchas eagarthóireachta

- neamhspleáchas rialachais ar mheáin seirbhíse poiblí

- tionchar tráchtála & úinéireachta ar ábhar eagarthóireachta

- cosaint foinsí iriseoireachta

- trédhearcacht úinéireacht na meán

An toradh a bhfuil coinne leis - laghdú ar scóir riosca de réir a chéile

Scóir riosca Mhonatóir 2021 ar Iolrachas sna Meáin (MPM) faoi seach:

- 54 %

- 55 %

- 50 %

- 60 %

- 16 %

- 58 %

Táscaire - líon na mBallstát a bhfuil comhlachtaí féinrialála meán acu (bliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - méadú de réir a chéile ar líon na mBallstát a bhfuil comhlachtaí féinrialála acu

16

Táscaire - an mhuinín a mheastar a bheith ag saoránaigh as na meáin (leathbhliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - méadú de réir a chéile ar mhuinín as na meáin

Céatadán na bhfreagróirí a bhfuil muinín acu as na meáin seo a leanas:

58 %: raidió

51 %: teilifís

51 %: an preas

35 %: idirlíon

Táscaire - méid na gcásanna a bhain le neamhchomhlíontacht na bprionsabal maidir le córais tomhais ar phobal meáin (bliantúil)

An toradh a bhfuil coinne leis - laghdú de réir a chéile ar chórais tomhais ar phobal meáin nach bhfuil comhlíontach leis an gcreat nua AE

Nielsen: aontaíonn 61 % de mhargóirí le rochtain a bheith acu ar na sonraí ardcháilíochta is gá chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a mbuiséad meán

Táscaire - an scór riosca (bliantúil) maidir le dáileadh fógraíochta stáit

An toradh a bhfuil coinne leis - laghdú de réir a chéile ar an scór riosca

Scór riosca Mhonatóir 2021 ar Iolrachas sna Meáin (MPM) maidir le fógraíocht stáit: 70 %

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Beidh formhór fhorálacha an Rialacháin infheidhme go díreach ó 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm. Chun go mbeifear ullmhaithe do chur chun feidhme ceart an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán, 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Ghnímh beidh feidhm ag na forálacha atá ann maidir le húdaráis neamhspleácha meán agus ag an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán agus ag an leasú gaolmhar ar an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD). Áiritheofar leis sin go mbeidh an Bord bunaithe in am trátha chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm go rathúil.

Tiocfaidh an Bord i gcomharbacht ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) arna bhunú le AVMSD agus gabhfaidh sé ina ionad. Athainmníodh an Ghrúpa chun sainchúraimí níos leithne a chur san áireamh, tá cion oibre breise de chúram ar an mBord agus tá acmhainní breise aige chun tacú leis (go háirithe foireann bhreise laistigh den Choimisiún, Ard‑Stiúrthóireacht CNECT). Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán áiritheofar go léifear gach tagairt do Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) i ndlí an Aontais agus in AVMSD go háirithe mar thagairtí don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Meán (an Bord).

Mar atá i gceist faoi láthair maidir le ERGA, gheobhaidh an Bord cúnamh lena chuid gníomhaíochtaí ó rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún. Leanfaidh an rúnaíocht de bheith lonnaithe in Ard‑Stiúrthóireacht CNECT. Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil don Bhord. Leis na hacmhainní a bheartaítear le haghaidh na rúnaíochta faoin Rialachán, cumasófar í chun cúnamh a thabhairt don Bhord a chúraimí a dhéanamh. Déanfar an rúnaíocht le haghaidh an Bhoird a chur i dtoll a chéile feadh an 2 bhliain tosaigh den chur chun feidhme, ag tosú in 2024, agus beidh an fhoireann iomlán ann in 2025.

Tá coinne leis go dtabharfaidh Ard‑Stiúrthóireacht CNECT staidéir sheachtracha chun críche chun tacú le cur chun feidhme an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán. Féadfar staidéir den sórt sin a úsáid freisin chun tacú le gníomhaíochtaí an Bhoird agus chun cuidiú lena chuid oibre. Beidh an buiséad bliantúil ábhartha le haghaidh na staidéar sin ar fáil ó thús an dáta cur chun feidhme lena bhfuil coinne in 2024 trína athdháileadh ó chlár Eoraip na Cruthaitheachta.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é ‘breisluach AE’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Dírítear sa tionscnamh ar fheidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a áirithiú trí fheabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil agus trí bhacainní sa mhargadh inmheánach a dhíothú. Leagfar amach sásraí leis na rialacha chun go méadófar trédhearcacht, neamhspleáchas agus cuntasacht na mbeart agus na ngníomhaíochtaí lena ndéantar difear do mhargaí meán, don tsaoirse agus don iolrachas laistigh den Aontas Eorpach.

An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post): Léirítear sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo go laghdódh an idirghabháil ar an ualach atá ar ghníomhaithe sa mhargadh córais éagsúla dlíthiúla náisiúnta a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad i roinnt Ballstát. Mhéadódh sí freisin ar an intuarthacht agus chuirfeadh sí feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gníomhaithe sa mhargadh, agus dá réir sin chuirfí iomaíocht chothrom agus infheistíocht trasteorann chun cinn. Mar gheall ar an méid sin freisin bheadh rialaitheoirí na meán in ann freagairt chomhordaithe a thabhairt maidir le hábhair a dhéanann difear do spás faisnéise an Aontais Eorpaigh. Meastar gurb é EUR 2 885 mhilliún na glantairbhí eacnamaíocha bliantúla a bheidh ann le haghaidh na chéad bhliana, i dtéarmaí ioncam méadaithe, agus EUR 2 898 milliún le haghaidh na mblianta dár gcionn. Trí chreat comhchoiteann AE a bhunú lena gcothófaí gníomhaíocht trasteorann, lena neartófaí an comhar idir na rialaitheoirí, lena gcuirfí soláthar ábhair ardcháilíochta meán chun cinn, agus lena dtabharfaí aghaidh ar chleachtais saofa iomaíochta, chruthófaí coinníollacha sa tionscnamh a bheadh níos fabhraí d’fhorbairt seirbhísí meán thar theorainneacha agus mhéadófaí an rogha ábhar ardcháilíochta meán do thomhaltóirí. Leis an méid sin, neartófar margadh inmheánach na meán agus cuirfear saoirse na meán agus an t‑iolrachas sna meáin, a chosnaítear faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chun cinn i gcomhthráth.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

An t‑eolas agus an taithí atá ag an gCoimisiún ar an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD), a athbhreithníodh an uair dheireanach in 2018 agus a bhfuil gá fós lena thrasuí i roinnt Ballstát, is é is bonn eolais don togra seo. Cé nach ann fós do mheastóireacht iomlán ar AVMSD athbhreithnithe, tá roinnt beart rialála meán sa Treoir a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus cur chun cinn leasanna poiblí, amhail éagsúlacht chultúrtha. Tá sí teoranta do sheirbhísí meán closamhairc, áfach, agus ní chumhdaítear saincheisteanna léi a bhaineann le hiolrachas agus neamhspleáchas na meán (seachas neamhspleáchas údarás agus comhlachtaí rialála náisiúnta), saincheisteanna a dtabharfaidh an idirghabháil aghaidh orthu. Is iad na príomhcheachtanna ábhartha a foghlaimíodh gur dóchúil go mbainfear torthaí inmhianaithe na hidirghabhála amach níos tapúla le rialachán ná mar a bhainfí le treoir agus go bhfuil gá le struchtúr institiúideach níos láidre a mbeidh acmhainní níos fearr ar fáil ina leith chun go mbeidh rialachán éifeachtach agus comhsheasmhach meán ann.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Léirítear an togra seo faoin gceannteideal ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’ i gclár oibre 2022 an Choimisiúin.

Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán comhlánófar an creat ábhartha lena n‑áirítear na rialacha cóipchirt, AVMSD athbhreithnithe, agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA) a glacadh le déanaí. Beidh sineirgí leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid (AML) agus le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí na gCuideachtaí i réimse thrédhearcacht na húinéireachta mar thoradh ar an ngníomh. Maidir le foinsí iriseoireachta, tabharfaidh an Gníomh coimirce spriocdhírithe láidir in aghaidh úsáid earraí spiaireachta i ngléasanna a úsáideann na soláthraithe seirbhíse meán nó a gcuid fostaithe, rud a fhorbraíonn na cosaintí a sholáthraítear le Treoir 2002/58/CE, Treoir 2016/680/AE agus Treoir 2013/40/AE.

Tá an Gníomh go hiomlán comhoiriúnach leis na gníomhaíochtaí maoinithe a dhéantar faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar shaoirse agus iolrachas na meán agus le comhpháirtíochtaí iriseoireachta.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Bunaithe ar an taithí atá ann faoi láthair leis an obair a rinne ERGA agus a rúnaíocht, meastar go mbeidh idir 8 agus 10 gcinn de choibhéisigh lánaimseartha de dhíth ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt don Bhord nua Eorpach um Sheirbhísí Meán, go háirithe tacaíocht trí rúnaíocht an Bhoird a sholáthar. Rinneadh roghanna ionchasacha eile a bhreithniú sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an ngníomh.

Meastar go gcosnóidh na staidéir bhreise a bheidh le soláthar ag an gCoimisiún suas le EUR 1 mhilliún in aghaidh na bliana.

Meastar go mbeidh thart ar EUR 150 000 - 200 000 de dhíth in aghaidh na bliana le haghaidh fheidhmiú an Bhoird, go háirithe le haghaidh aisíoc na gcostas taistil.

Chumhdódh na húdaráis rialála náisiúnta na costais athfhillteacha riaracháin le haghaidh údaráis rialála náisiúnta (NRAnna) i ndáil le bheith rannpháirteach sa Bhord (amhail tuarastail na foirne a fhostaítear chuige sin), mar a tharlaíonn inniu i gcás ERGA agus eintitis inchomparáide.

Is as sraith Meán Chlár Eoraip na Cruthaitheachta (CRE) a mhaoinítear na costais le haghaidh gníomhaíochtaí ERGA agus le haghaidh staidéar a bhaineann le AVMSD faoi láthair.

Le sraith Thrasearnálach Chlár Eoraip na Cruthaitheachta (CRE) dírítear ar ‘g[h]níomhaíochtaí trasearnálacha a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh ná oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha agus teicneolaíocha nach mór do na meáin dul i ngleic leo, lena n‑áirítear feabhas a chur ar thimpeallacht mheán atá saor, éagsúil agus iolraíoch, ar iriseoireacht ardchaighdeáin agus ar litearthacht sna meáin, lena n‑áirítear sa timpeallacht dhigiteach’ (Airteagal 7(1)(c) den Rialachán Clár Eoraip na Cruthaitheachta (AE) 2021/818) (Rialachán CRE).

Dá bhrí sin is í an tsraith Thrasearnálach a bheidh ina foinse le haghaidh na gcostas cistiúcháin a bhainfidh le feidhmiú an Bhoird a mbeidh sé de chúram air na cineálacha éagsúla gníomhaithe i margadh na meán a chumhdach san earnáil chlosamhairc agus in earnálacha eile meán.

Braithfidh foinse maoinithe na staidéar ar ábhar na staidéar sin: is iad na staidéir sin amháin lena gcumhdaítear ábhair chlosamhairc a leanfaidh de mhaoiniú a fháil ó shraith Meán Eoraip na Cruthaitheachta, agus beidh na staidéir eile a cheanglaítear á maoiniú faoin tsraith Thrasearnálach.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2024 go 2025,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a dainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Tar éis ghlacadh na hionstraime reachtaí, tabharfar idir 3 mhí agus 6 mhí do na Ballstáit a gcreataí náisiúnta a chur oiriúnú, i gcás inar gá sin. Déanfar an chéad mheastóireacht uirthi 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua, agus déanfar meastóireachtaí ina dhiaidh sin gach 4 bliana uirthi. Tacóidh an Bord leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún.

Beidh scéim shonrach faireacháin á beartú freisin le haghaidh an mholta a ghabhann leis an togra. Comhcheanglófar ann tuairisciú spriocdhírithe ag na Ballstáit agus an sásra nua le haghaidh faireachán neamhspleách a dhéanamh ar na rioscaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán faoin Rialachán seo.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Faoin nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, is é an Bord Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc a thiocfaidh as Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA). Cuirfidh an Bord cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán agus AVMSD araon chun cinn ar fud na mBallstát. I gcomhréir lena chúraimí faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Bord, as measc eile, comhairle shaineolach ar ghnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla de rialacháin agus tuairimí i dtaca leis na meáin, a sholáthar, comhordóidh sé gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthraithe seirbhíse (lena n‑áirítear iad siúd as tíortha eile) nach leanann caighdeáin meán an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sé comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea‑chleachtais chun cinnidir rialaitheoirí.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Bord an sainordú a bheidh aige, foráiltear go mbeidh an Coimisiún i ndlúth‑theagmháil leis na húdaráis agus na comhlachtaí rialála náisiúnta ábhartha. Thairis sin, foráiltear sa Rialachán nach mór do Chathaoirleach an Bhoird an Coimisiún a choimeád ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí beartaithe agus leantacha an Bhoird. Ina theannta sin, ceanglaítear ar an mBord dul i mbun comhairle leis an gCoimisiún le linn ullmhúchán a chláir oibre agus a bpríomhnithe insoláthartha, i gcomhréir lena chuid rialacha agus nósanna imeachta.

I gcomhréir leis na cleachtais atá ann faoi láthair agus an bhaint atá acu leis an mbeartas a roghnófar, cuirfidh an Coimisiún an cistiúchán a bheidh beartaithe chun feidhme faoi bhainistiú díreach ag CRE. Cumhdaítear é sin leis an straitéis rialaithe faoi seach. Is í Ard‑Stiúrthóireacht CNECT a dhéanfaidh an rialú.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Bord a shainordú mar a leagtar síos sa Rialachán seo, beartaítear go mbeidh rúnaíocht ann, arna soláthar ag an gCoimisiún. Tabharfaidh sí cúnamh don Bhord lena chuid gníomhaíochtaí, agus soláthróidh sí tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil.

De bharr an rialaithe agus an chórais tacaíochta a bheartaítear beifear in ann na rioscaí féideartha a laghdú. Toisc go bhforbraítear struchtúr atá ann cheana leis an nGníomh, agus bainistíocht dhíreach na n‑acmhainní airgeadais ábhartha ag an gCoimisiún á cur san áireamh, níor sainaithníodh aon mhór‑riosca.

Is cuid de chóras rialaithe inmheánaigh Ard‑Stiúrthóireacht CNECT iad na rialuithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Úsáidfear córais rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta Ard‑Stiúrthóireacht CNECT. Tá siad feidhmiúil agus costéifeachtach. Is é an aidhm atá ann ráta earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta 2% a áirithiú.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Leis na bearta coiscthe calaoise is infheidhme maidir leis an gCoimisiún atá ann cheana, cumhdófar aon leithreasú breise is gá maidir leis an Rialachán seo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 60

ó thíortha de chuid CSTE 61

ó thíortha is iarrthóirí 62

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2b

07.010401 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Eoraip na Cruthaitheachta

Neamhdhif.

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

NÍ LÉIRÍTEAR

2b

07.050300 – sraith Thrasearnálach Eoraip na Cruthaitheachta

Difreáilte

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

NÍ LÉIRÍTEAR

2b

07.050200 – sraith Meán Eoraip na Cruthaitheachta

Difreáilte

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

ROGHNAIGH

NÍ LÉIRÍTEAR

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

N/A

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Déanfar leithreasuithe a athúsáid laistigh den imchlúdach airgeadais a leithdháiltear ar shraitheanna Meán agus Trasearnálacha Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus ar an líne bhuiséadach tacaíochta riaracháin freisin i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021‑2027 (MFF).

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 

2b

COMHTHÁTHÚ, ATHLÉIMNEACHT AGUS LUACHANNA

AS CNECT

2024

2025

2026

2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe oibriúcháin (arna n‑ath‑leithdháileadh laistigh de chlár Eoraip na Cruthaitheachta)

07.050200 – sraith Meán Eoraip na Cruthaitheachta

Gealltanais

(1a)

0.500

0.500

0.500

0.500

2 000

Íocaíochtaí

(2a)

0.250

0.500

0.500

0.500

0.250

2 000

07.050300 – sraith Thrasearnálach Eoraip na Cruthaitheachta

Gealltanais

(1b)

0.500

0.500

0.500

0.500

2 000

Íocaíochtaí

(2b)

0.250

0.500

0.500

0.500

0.250

2 000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 63  

07.010401 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Eoraip na Cruthaitheachta

(3)

0.200

0.200

0.200

0.200

0.800

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh Ard‑Stiúrthóireacht CNECT

Gealltanais

=1a+1b +3

1.200

1.200

1.200

1.200

4.800

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.700

1.200

1.200

1.200

0.500

4.800

 



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1.000

1.000

1.000

1.000

4.000

Íocaíochtaí

(5)

0.500

1.000

1.000

1.000

0.500

4.000

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0.200

0.200

0.200

0.200

0.800

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2b 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

1.200

1.200

1.200

1.200

4.800

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0.700

1.200

1.200

1.200

0.500

4.800





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 

7

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2024

2025

2026

2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN

AS CNECT

⊗ Acmhainní daonna

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN ARD‑STIÚRTHÓIREACHT CNECT

Leithreasuithe

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2024

2025

2026

2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

1.844

2.488

2.488

2.488

9.308

Íocaíochtaí

1.344

2.488

2.488

2.488

0.500

9.308

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

N/A

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2024

2025

2026

2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 64  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.644

1.288

1.288

1.288

4.508

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

6

6

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 65

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

2

4

4

4

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 66

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

5

10

10

10

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Maoirseacht ar chur chun feidhme ceart na n‑oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán le haghaidh cuideachtaí príobháideacha, Ballstáit agus na n‑údarás agus na gcomhlachtaí rialála náisiúnta cruinnithe sa Bhord

Ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún sa Bhord agus a bheith rannpháirteach leis an mBord ina chuid gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear maidir leis an gclár oibre bliantúil agus na rialacha nós imeachta freisin.

Bainistíocht a dhéanamh ar nósanna imeachta faoin Rialachán, go háirithe a mhéid a bhaineann le cúraimí an Bhoird

Tacaíocht a thabhairt don Bhord maidir lena chúraimí faoin Rialachán

Tacaíocht riaracháin agus lóistíochta a thabhairt don Bhord go háirithe maidir le heagrú an eagraithe ó lá go lá agus maidir le cruinnithe a eagrú

Tacaíocht a thabhairt do chomhar agus comhordú i dtaca le húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

Staidéir sheachtracha a sholáthar a bhaineann leis an Rialachán agus le gníomhaíochtaí an Bhoird agus bainistíocht a dhéanamh orthu

Pearsanra seachtrach

Tacaíocht a thabhairt don Bhord maidir lena chúraimí faoin Rialachán

Tacaíocht riaracháin agus lóistíochta a thabhairt don Bhord go háirithe maidir le heagrú an eagraithe ó lá go lá agus maidir le cruinnithe a eagrú

Tacaíocht a thabhairt do chomhar agus comhordú i dtaca le húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Déanfar leithreasuithe a athshannadh laistigh den imchlúdach airgeadais a leithdháiltear ar shraitheanna Meán agus Trasearnálacha Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus ar an líne bhuiséadach tacaíochta riaracháin i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (MFF) freisin. Ní bheidh tionchar suntasach aige sin ar aon ghníomhaíocht eile de chuid an Chláir toisc go maolófar cothrom é trasna na ngníomhaíochtaí.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 67

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile

(1)    Aitheasc 2021 ar Staid an Aontais Eorpaigh ón Uachtarán von der Leyen, Strasbourg, 15 Meán Fómhair 2021.
(2)    COM(2021) 645 final.
(3)    COM/2021/350 final agus SWD/2021/351 final.
(4)    Anuas ar sin, ba cheart seirbhísí meán a sholáthar i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 (an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta), IO L 151, 7.6.2019, lgh. 70‑115.
(5)    Chun freagairt don ghá le comhar méadaithe i réimse na seirbhísí meán closamhairc, d’aontaigh comhaltaí ERGA Meabhrán Tuisceana deonach, lena leagtar amach sásraí neamhcheangailteacha le haghaidh comhar trasteorann. In Communication on Europe’s Media in the Digital Decade - an Action Plan to Support Recovery and Transformation [An Teachtaireacht maidir le Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach - Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Aistriú], d’fhógair an Coimisiún go leanfadh sé go cúramach cur i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh gá leis an gcomhar laistigh de ERGA a neartú a thuilleadh. I bhfianaise measúnú den sórt sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá le creat dlíthiúil le haghaidh comhar struchtúrtha idir údaráis nó comhlachtaí rialála meán.
(6)    Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta – Cumarsáid agus Caibidlí na dTíortha (COM(2020) 580 final agus SWD(2020) 300-326 final); Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta – Cumarsáid agus Caibidlí na dTíortha (COM(2021) 700 final agus SWD(2021) 701-727 final); Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – Cumarsáid agus Caibidlí na dTíortha (COM(2022) 500 final agus SWD(2022) 501-527 final).
(7)     An Lárionad um Iolrachas sna Meáin agus um Shaoirse na Meán, Monatóir ar Iolrachas sna Meáin .
(8)    Tá ról ríthábhachtach ag na meáin seirbhíse poiblí i margadh na meán, mar gheall ar a gcúraimí seirbhíse poiblí. Tá siad ina bhfoinse thábhachtach meán le haghaidh líon mór saoránach agus cuideachtaí, agus d’fhéadfadh sé gurb iad an fhoinse is fíor‑riachtanaí iad.
(9)    Bíonn tionchar díreach ag tomhas an phobail meáin ar leithdháileadh agus praghsanna fógraíochta, ar príomhfhoinse ioncaim d’earnáil na meán é. Is uirlis ríthábhachtach é chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht ábhar na meán agus chun roghanna an phobail meáin a thuiscint chun táirgeadh inneachair amach anseo a phleanáil. Go traidisiúnta, rinne gníomhaithe ábhartha an mhargaidh tacar caighdeán modheolaíochta a chomhaontú chun tagarmharcanna neamhchlaonta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an toradh ar a n‑infheistíochtaí. Bunaíodh sásraí féinrialúcháin a thugann le chéile príomhpháirtithe leasmhara i dtionscal na meán agus na fógraíochta, amhail Comhchoistí Tionscail féinrialála, i roinnt Ballstát chun tomhas ar an bpobal meáin a eagrú agus a dhéanamh ar bhealach trédhearcach ionchuimsitheach iontaofa.
(10)    Déantar dáileadh agus trédhearcacht na fógraíochta stáit a rialú le creat ilroinnte de bhearta a bhaineann go sonrach leis na meáin agus le dlíthe ginearálta soláthair phoiblí, creat nach gcumhdaítear leis, áfach, gach caiteachas fógraíochta stáit ná nach dtugtar cosaint leordhóthanach leis ar dháileadh fabhrach nó claonta. Go háirithe, níl feidhm ag Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le conarthaí seirbhíse poiblí chun ábhar clár atá ceaptha do sheirbhísí meán closamhairc nó do sheirbhísí meán raidió a fháil, a fhorbairt, a léiriú nó a chomhléiriú.
(11)    Féach freisin anailísí ar rialacha fógraíochta stáit náisiúnta sa Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta.
(12)    Rún an 21 Bealtaine 2013 maidir le Cairt an Aontais Eorpaigh, 2011/2246(INI); Rún an 3 Bealtaine 2018 maidir le hIolrachas sna meáin agus saoirse na meán san Aontas Eorpach, 2017/2209(INI); Rún an 25 Samhain 2020 maidir le saoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n‑ardán (2020/2009(INI)); Rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (2021/2017(INI)); Rún an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE, 2021/2036(INI); Rún an 9 Márta 2022 maidir le cur isteach eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear bréagaisnéis (2020/2268(INI)).
(13)    Conclúidí ón gComhairle maidir le saoirse agus iolrachas na meán sa timpeallacht dhigiteach, IO C 32, 4.2.2014; Conclúidí ón gComhairle maidir le córas meán saor agus iolraíoch a chosaint, IO C 422, 7.12.2020; Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú’ 8727/21, 18.5.2021; Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach a fhorbairt d’Éiceachóras Thionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta, IO C 160, 13.4.2022; Dearbhú na nAirí Eorpacha atá freagrach as Cultúr, Ábhar Closamhairc agus Meáin a tháinig le chéile in Angers na Fraince an 7 agus an 8 Márta 2022.
(14)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil maidir le an Toradh Deiridh, Mí na Bealtaine 2022, go háirithe Togra 27 (1) agus 37 (4).
(15)    Féach freisin anailísí ar thrédhearcacht úinéireachta meán sa Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta.
(16)    Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar, IO L 95, 15.4.2010, lgh. 1-24, arna leasú ag Treoir (AE) 2018/1808, IO L 303, 28.11.2018, lgh. 69-92.
(17)    Ar an gcúis sin tá leasú spriocdhírithe ar Threoir 2010/13/AE sa togra, atá teoranta d’aisghairm Airteagal 30b, lena mbunaítear ERGA, agus ionadú tagairtí do ERGA agus dá cúraimí dá thoradh sin. I gcomhréir leis an gcoincheap ‘parallélisme des formes’ [comhthreomhaireacht foirmeacha], ba cheart ionstraim dlí a leasú i bprionsabal le hionstraim dlí den chineál céanna. Tá an leasú ar Threoir 2010/13/AE trí bhíthin an Rialacháin seo spriocdhírithe agus tá sé teoranta d’fhoráil nach gá do na Ballstáit a thrasuí. Dá bhrí sin, tá údar cuí leis.
(18)    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125.
(19)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’), IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1‑16.
(20)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne, IO L 186, 11.7.2019, lgh. 57‑79.
(21)    COM(2020) 825 final.
(22)    COM(2020) 842 final.
(23)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht fógraíochta polaitiúla agus an spriocdhíriú uirthi, COM/2021/731 final.
(24)    Treoir (AE) 2015/849 an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117.
(25)    Treoir (AE) 2017/1132 an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí, IO L 169, 30.6.2017, lgh. 46–127.
(26)    Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe - Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an gComhphobal Eorpach - Prótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit, IO C 340, 10.11.1997, lch. 109.
(27)    An Compás Straitéiseach.
(28)    Conclúidí ón gComhairle. Iarrachtaí comhlántacha chun feabhas a chur ar athléimneacht agus gníomhú in aghaidh bagairtí hibrideacha, 14972/19, 10.12.2019; Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar athléimneacht agus gníomhú in aghaidh bagairtí hibrideacha, lena n‑áirítear bréagaisnéis i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, 14064/20, 15.12.2020, agus Conclúidí ón gComhairle maidir le hIonramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (FIMI), 11429/22, 18.7.2022.
(29)    Moladh CM/Rec(2012)1 ón gCoiste Airí do Bhallstáit maidir le rialú meán seirbhíse poiblí (Arna ghlacadh ag an gCoiste Airí an 15 Feabhra 2012 ag an 1134ú cruinniú d’Ionadaithe na nAirí).
(30)    COM(2020) 790 final.
(31)    C(2021) 6650 final.
(32)    COM(2022) 177 final.
(33)    Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach (Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) IO L 138, 17.5.2022, lgh. 30–44.
(34)    COM(2022) 28 final.
(35)    COM(2020) 784 final.
(36)    Is iad ‘athruithe ó bhonn ar an tsochaí maidir leis an aistriú glas’ agus ‘comhionannas agus cuimsiú’ an dá réimse misin eile.
(37)    Parlaimint na hEorpa, an Coiste um Chultúr agus um Oideachas, Tuarascáil maidir le Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (2021/2017(INI)).
(38)    Conclúidí ón gComhairle maidir le cosaint agus sábháilteacht iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin, IO C 245, 28.6.2022.
(39)    Breithiúnais an 13 Nollaig 1979, Hauer, 44/79, AE:C:1979:920, míreanna 14-16; 20 Bealtaine 2003, Österreichischer Rundfunk, cásanna uamtha C‑465/00, C‑138/01 agus C‑139/01, AE:C:2003:294, míreanna 68 et seq.; an 9 Samhain 2010, Schecke, cásanna uamtha C‑92/09 agus C‑93/09, AE:C:2010:662, mír 46.
(40)    Breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2016, Mc Fadden, C‑484/14, AE:C:2016:170, míreanna 68 et seq.; an 26 Aibreán 2022, An Pholainn v An Pharlaimint agus An Chomhairle (‘Treoir maidir le Cóipcheart’), C‑401/19, AE:C:2022:29, mír 66.
(41)    An Coimisiún Eorpach (2022). Toradh na Gairme ar Fhianaise . Fuarthas 1 470 aighneacht san iomlán trí thairseach ‘Cloisimis uait!’, agus fuarthas trí cinn eile lasmuigh den suíomh ach fuarthas iad laistigh d’amlíne an chomhairliúcháin agus cuireadh san áireamh sna freagraí dá bhrí sin iad.
(42)    An Coimisiún Eorpach (2022). Toradh an chomhairliúcháin phoiblí .
(43)    PwC, Intellera agus Open Evidence, ‘Support for the preparation of an impact assessment to accompany an EU initiative on the European Media Freedom Act’, VIGIE 2021-644; An Institiúid Ollscoile Eorpach, Katholieke Universiteit Leuven, Universiteit van Amsterdam agus Vrije Universiteit Brussel, ‘Study on media plurality and diversity online’, VIGIE 2020-825.
(44)    F.J. Cabrera Blázquez, M. Cappello, J. Talavera Milla, S. Valais, Governance and independence of public service media [Rialachas agus neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí], IRIS Plus, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, Strasbourg, 2022; agus ERGA, Internal Media Plurality in Audiovisual Media Services in the EU: Rules & Practices [Iolrachas Inmheánach na Meán i Seirbhís Meán Closamhairc san Aontas Eorpach: Rialacha & Cleachtais], 2018.
(45)    Féach Moladh CM/Rec(2012)1 ón gCoiste Airí do Bhallstáit maidir le rialú meán seirbhíse poiblí (Arna ghlacadh ag an gCoiste Airí an 15 Feabhra 2012 ag an 1134ú cruinniú d’Ionadaithe na nAirí) agus Moladh CM/Rec(2018)1[1] ón gCoiste Airí do Bhallstáit maidir le hiolrachas na meán agus trédhearcacht úinéireachta meán.
(46)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ‑ Tuarascáil ar an Toradh Deiridh, Mí na Bealtaine 2022, go háirithe togra 27 (1) agus 37 (4).
(47)    Centro Europa 7 S.R.L. agus Di Stefano v. an Iodáil [GC], uimh. 38433/09, § 134, ECHR 2012.
(48)    Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lgh. 1‑24).
(49)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73-117).
(50)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lgh. 19‑76).
(51)    OJ C , , lgh. .
(52)    Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 69‑92).
(53)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1‑16).
(54)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 57‑79).
(55)    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1‑22).
(56)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65‑242).
(57)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39‑98).
(58)    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lgh. 1‑20).
(59)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(60)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(61)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(62)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(63)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(64)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(65)    AC = Foireann ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht;INT= Foireann gníomhaireachta;JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(66)    Fo‑uasteorainn d'fhoireann sheachtrach a chumhdaítear faoi leithreasuithe oibriúcháin (na seanlínte ‘BA’).
(67)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis asbhaint 20 % le haghaidh costais bhailiúcháin.
Top