Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE3192

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt (COM(2023) 316 final — 2023/0179 (NLE))

EESC 2023/03192

IO C, C/2024/882, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/882/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/882/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/882

6.2.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt

(COM(2023) 316 final — 2023/0179 (NLE))

(C/2024/882)

Rapóirtéir:

Giuseppe GUERINI

Comhrapóirtéir:

Carole DESIANO

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 18.7.2023

Bunús dlí

Airteagail 292, 149 agus 153(h) agus (j) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

3.10.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25.10.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

582

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

214/2/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra ón gCoimisiún Eorpach ina dtugtar moltaí do na Ballstáit faoi conas tacú le héiceachórais náisiúnta an gheilleagair shóisialta agus tugann sé lántacaíocht don togra sin. Molann CESE don Chomhairle na moltaí sin a fhormheas gan mhoill ionas gur féidir iad a chur chun feidhme ina n-iomláine sna Ballstáit.

1.2.

Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit leas a bhaint as saineolas na n-oifigí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun bunachar sonraí údarásach a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur le chéile maidir leis an méid atá in eintitis an gheilleagair shóisialta agus maidir le dáileadh na n-eintiteas sin.

1.3.

Is mian le CESE a mheabhrú go gcaithfear an staidéar ar an ngeilleagar sóisialta a chur san áireamh sna cláir oideachais agus oiliúna atá ann ar gach leibhéal agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí bearta chun lárionaid náisiúnta inniúlachta a fhorbairt le haghaidh oiliúint sa gheilleagar sóisialta sna Ballstáit.

1.4.

Ós rud é go bhfuil ról ag eintitis an gheilleagair shóisialta i ngeilleagar na hEorpa trí chéile (tá baint acu le thart ar 8 % den olltáirgeacht intíre (OTI) agus 13 mhilliún post), tá CESE den tuairim gur cheart forálacha sin na straitéise tionsclaíche don Eoraip a bhaineann le héiceachóras an gheilleagair shóisialta agus na gaireachta a chur san áireamh sa mholadh a thugtar do na Ballstáit, trína iarraidh orthu an geilleagar sóisialta a áireamh sna beartais tionsclaíochta ar an leibhéal náisiúnta.

1.5.

Tá CESE den tuairim gur gné bhunúsach den bheartas Eorpach é an t-idirphlé sóisialta agus, toisc a thábhachtaí atá fiontair an gheilleagair shóisialta ó thaobh na fostaíochta de, molann sé do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt don ról atá ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta san idirphlé sóisialta.

1.6.

Ós rud é go bhfuil ag méadú ar thábhacht na fostaíochta d’eintitis an gheilleagair shóisialta, is éard atá CESE a mholadh go ndéanfaí an uile oibrí san earnáil a chosaint trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna a bheidh sínithe ag na ceardchumainn. Dá bhrí sin, ba mhaith leis gur mhó ná riamh an bhaint a bheadh ag na heagraíochtaí sin a labhraíonn thar ceann an gheilleagair shóisialta leis an idirphlé sóisialta.

1.7.

Agus forálacha an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta á meabhrú aige, is mian le CESE a thabhairt le fios go bhfuil sé i bhfabhar réitigh a ghlacadh a bheadh nuálach agus freagrach ar bhonn sóisialta i réimse an tsoláthair phoiblí, d’fhonn deireadh a chur leis na bacainní a fhágann gur deacair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí poiblí. Molann sé freisin critéir a thabhairt isteach lena dtabharfaí aitheantas don tionchar sóisialta a bhíonn ag fiontair an gheilleagair shóisialta, sin agus critéir a bhaineann le gné na gaireachta.

1.8.

Tá méadú ar a thábhachtaí atá sé an tionchar a bhíonn ag fiontair an gheilleagair shóisialta a thomhas. Dá bhrí sin, mholfadh CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta tacaíochta a thabhairt isteach le go mbeidh na huirlisí cuí ag fiontair an gheilleagair shóisialta, uirlisí a chuideoidh leo an tionchar sóisialta a bhíonn acu a thomhas. Córas éifeachtach chun an tionchar sin a thomhas, d’fhéadfadh sé gur uirlis luachmhar a bheadh ann le feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar measúnú ar an tionchar a bhíonn ag fiontair an gheilleagair shóisialta ar an iomaíocht.

1.9.

D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus fiontair an gheilleagair shóisialta, molann CESE bearta sonracha a thabhairt isteach chun na húdaráis phoiblí a threorú agus chun tacú leo i gcaoi is go mbeidh na huirlisí acu chun cur le forbairt an gheilleagair shóisialta, go háirithe trí pháirt a ghlacadh i mbainistiú na seirbhísí leasa ghinearálta.

1.10.

Molann CESE do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit córais fhioscacha a thacaíonn leis an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn trí na ceanglais riaracháin a shimpliú agus smaoineamh ar bhearta cánach iomchuí a thabhairt isteach, bearta lena n-aithneofaí an fheidhm leasa ghinearálta atá leis an ngeilleagar sóisialta agus an acmhainn atá ann cuspóirí atá dírithe ar an leas coiteann a chur chun cinn, cuspóirí arbh fhiú aitheantas a thabhairt dóibh sa chreat fioscach.

2.   Tuairimí ginearálta

2.1.

Is díol sásaimh do CESE an Moladh ón gCoimisiún Eorpach maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt, moladh a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta a foilsíodh i mí na Nollag 2021. I gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é is aidhm don togra seo an rochtain ar an margadh saothair agus an cuimsiú sóisialta a fheabhsú trí chabhrú leis na Ballstáit le go bhféadfaidh siad creataí beartais agus rialála a chur chun cinn ar mhaithe leis an ngeilleagar sóisialta nó bearta a éascaíonn forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn. Dá bhrí sin, b’inmholta an mhaise é cuspóirí an Mholta seo a chur san áireamh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

2.2.

Is é is aidhm don togra le haghaidh Moladh forbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch chothrom agus inbhuanaithe a spreagadh agus rannchuidiú leis an gcomhtháthú críochach sna Ballstáit uile, maille le fás an daonlathais eacnamaíoch a chothú trí chultúr na dlúthpháirtíochta a chur chun cinn. Is geilleagar dlúthpháirtíochta é an geilleagar sóisialta, geilleagar ina bhfuil modh oibre agus forbartha eacnamaíche atá in oiriúint do gach réimse de ghníomhaíocht an duine. Is féidir leis an ngeilleagar sóisialta freisin freagra a thabhairt ar an gceist a bhíonn ag an aos óg, is é sin an bhrí ba cheart a bheith leis an obair.

2.3.

An coincheap den gheilleagar sóisialta atá tugtha sa Mholadh, tá sé de bhuntáiste aige go dtugann sé creat tagartha úsáideach do na Ballstáit, creat is féidir a chomhroinnt. Is coincheap é atá i gcomhréir leis an Rún maidir le hobair chuibhiúil agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a glacadh tráth an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), leis an Moladh ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta agus an nuálaíocht shóisialta agus leis an Rún ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a chur chun cinn ar mhaithe leis an bhfhorbairt inbhuanaithe. Is féidir leis an ngeilleagar sóisialta cuidiú le formhór na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe na spriocanna seo a leanas: deireadh a chur leis an mbochtaineacht (SDG 1) agus obair chuibhiúil agus an fás eacnamaíoch a áirithiú (SDG 8).

2.4.

Is díol sásaimh do CESE an obair a rinne an tAontas Eorpach chun ardleibhéal cóineasaithe a áirithiú idir na príomhinstitiúidí idirnáisiúnta. Tá CESE sáite san obair sin freisin, agus rinne sé a chion féin tríd an iliomad tuairimí a ghlacadh le ‘taidhleoireacht’ áirithe den gheilleagar sóisialta a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba thábhachtach go mbeadh na Ballstáit sásta an rud céanna a dhéanamh. Ba cheart don Aontas an geilleagar sóisialta a chuimsiú i straitéisí an chomhair idirnáisiúnta um fhorbairt óir is fiontraíocht é den chineál a oireann do shaothrú na spriocanna forbartha inbhuanaithe.

2.5.

Na héifeachtaí a bhíonn ag an ngeilleagar sóisialta, is éifeachtaí iad a bhfuil níos mó i gceist leo ná díreach an fhostaíocht nó an cuimsiú sóisialta, óir is príomhpháirtithe in earnálacha éagsúla leasa ghinearálta a lán d’eintitis an gheilleagair shóisialta; tógaimis mar shampla ról na gcomhlachtaí árachais frithpháirteacha sa chosaint shóisialta, na bhfondúireachtaí a bhíonn ag tacú le cultúr an charthanais agus le bainistiú seirbhísí riachtanacha, agus na gcumann a chuireann an obair dheonach chun cinn, a chosnaíonn cearta, a bhainistíonn imeachtaí cultúrtha, agus a chosnaíonn an comhshaol agus sócmhainní doláimhsithe. Mar gheall ar an ngné thrasearnála atá sa gheilleagar sóisialta, ní mór breathnú air mar chomhghuaillí de chuid na n-institiúidí ar féidir a lán beartas a chur chun cinn ina theannta, amhail cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, Straitéis an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne, dlús a chur leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, agus tacú leis an straitéis thionsclaíoch don Eoraip.

2.6.

Is maith is eol do CESE a dheacra atá sé aghaidh a thabhairt ar an iliomad gnéithe atá i gceist sa gheilleagar sóisialta, gnéithe a bhfuil tionchar acu ar gach réimse gníomhaíochta agus beagnach gach earnáil den gheilleagar, agus measann sé, dá bhrí sin, gur ríthábhachtach an ní é go nglacfadh an Chomhairle an Moladh agus go gcuirfí chun feidhme é sna Ballstáit.

2.7.

Aithnítear sa Mholadh go bhfuil feidhm thacaíochta agus ról an-tábhachtach ag an ngeilleagar sóisialta maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch a bheith cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus go gcabhraíonn sé leis an gcomhtháthú críochach agus le cur chun cinn na nuálaíochta sóisialta. Is ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhar atá an geilleagar sóisialta bunaithe, geilleagar inar cheart dálaí iomaíochta atá i gcomhréir le dálaí iomaíochta na ngnáthghnólachtaí a chruthú d’fhonn freagairt do na dúshláin shonracha shóisialta agus chomhshaoil atá le sárú ag an Aontas. Maidir leis an sainmhíniú ar eintitis an gheilleagair shóisialta a cuireadh chun tosaigh i mír 4 den togra le haghaidh Moladh, measann CESE gur cheart fiontair an gheilleagair shóisialta a chur san áireamh ann freisin ar fiontair iad a bhfuil na saintréithe a leagtar amach ann acu, lena n-áirítear sa chás go bhfuil ceangal conartha acu le bainistiú agus comhordú ceannchuideachta (ar choinníoll go bhfuil gnáth-shaintréithe an fhiontair geilleagair shóisialta ag baint leis an gcuideachta sin), sa chás go n-áirítear ar cheann d’oibleagáidí na cuideachta sin an dualgas rannchuidiú le tacaíocht agus cosaint a cuid saintréithe agus freagrachtaí sóisialta.

2.8.

Tá traidisiúin dá gcuid féin ag na Ballstáit éagsúla a fhad a bhaineann sé leis na heagraíochtaí atá sa gheilleagar sóisialta agus tá a théarmaíocht féin sa réimse ag gach Ballstát. Fágann an éagsúlacht sin maidir le gnéithe bunúsacha nach ionann an cur chuige a ghlactar sna Ballstáit éagsúla chun tacú leis an ngeilleagar sóisialta. Tá súil ag CESE go gcuideoidh coincheap an gheilleagair shóisialta atá leagtha amach sa Mholadh cur le leibhéal cóineasaithe na gcreataí dlíthiúla náisiúnta atá ag na Ballstáit.

2.9.

I bhfianaise a ilchineálaí atá na creataí náisiúnta, ba cheart don Choimisiún Eorpach tacú go sonrach leis na Ballstáit sin nach bhfuil creat reachtach náisiúnta dá gcuid féin curtha i bhfeidhm acu go fóill.

2.10.

Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann an Moladh a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr, ní mór cur leis an bhfeasacht atá ann ar an ngeilleagar sóisialta agus ar a thábhachtaí atá sé, lena n-áirítear tríd an taighde agus trí bhailiú sonraí comhsheasmhacha atá cothrom le dáta. Chuige sin, molann CESE go n-oibreodh an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Eurostat agus le líonraí an gheilleagair shóisialta. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí comhdhlúthú ar dhaonáirimh rialta an gheilleagair shóisialta chun sonraí agus staitisticí ó fhaireachlanna na mBallstát éagsúil a bhailiú le chéile agus an cruinneas atá iontu agus a inchomparáide agus atá siad a áirithiú d’fhonn cuidiú le faireachlann Eorpach an gheilleagair shóisialta a chruthú.

2.11.

Tá CESE ar aon fhocal leis an gComhairle go gcaithfear an staidéar ar an ngeilleagar sóisialta a chur san áireamh sna cláir oideachais agus oiliúna atá ann ar gach leibhéal, tacú le lárionaid náisiúnta inniúlachta a fhorbairt ar mhaithe leis an oiliúint sa gheilleagar sóisialta agus scaipeadh na foghlama agus na fiontraíochta a chur chun cinn freisin i bhfiontair an gheilleagair shóisialta. Ba cheart i gcónaí cur chuige tréscaoilteach a éascú sna cláir oideachais sin chomh maith le haistrithe idir fiontair an gheilleagair thraidisiúnta agus fiontair an gheilleagair shóisialta. I ndáil leis sin, is dhá thogra spéisiúla iad an tAcadamh um Beartais Fiontraíochta don Aos Óg, a thionscain an tAontas Eorpach agus ECFE, agus Tairseach an Gheilleagair Shóisialta.

2.12.

I gcás Thairseach an Gheilleagair Shóisialta, molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit iontráil na sonraí ar an tairseach sin a thabhairt chun críche agus iad a nuashonrú d’fhonn an staid iarbhír sna tíortha éagsúla a léiriú. Sa bhreis ar na tionscnaimh sin, molann CESE freisin go smaoineofaí ar scéim Erasmus Eorpach a bhunú le haghaidh an gheilleagair shóisialta chun an fhiontraíocht chomhchoiteann a spreagadh i measc na ndaoine óga.

2.13.

Creideann CESE go bhfuil sé riachtanach béim a leagan ar a thábhachtaí atá an geilleagar sóisialta chun an rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí atá ar easpa ionadaíochta. Mar sin féin, ní le hoibrithe faoi mhíbhuntáiste, agus leo sin amháin, a bhaineann ról an gheilleagair shóisialta: tacaíonn sé freisin leis na hoibrithe sin nach ‘gnáth’-phost atá acu tríd an gcomhfhiontraíocht a chur chun cinn trí bhíthin idirghabhálaí ar nós na gcomharchumann agus cineálacha eile fiontar de chuid an gheilleagair shóisialta.

2.14.

Sa Straitéis Thionsclaíoch don Eoraip a d’fhoilsigh an Coimisiún, tugtar aitheantas den chéad uair riamh do shainiúlacht an gheilleagair shóisialta trína chur san áireamh i gceann de na 14 éiceachóras atá i mbeartas tionsclaíoch na hEorpa. Mar sin féin, ní leor mar a chuirtear gné tháirgiúil agus thionsclaíoch an gheilleagair shóisialta san áireamh sa Mholadh. Tá an chuma air go bhfuil struchtúr i bhfad níos fearr molta maidir leis an ngné shóisialta. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE gur mhó an aird ba cheart a thabhairt ar ról na gcomharchumann agus fhiontair an gheilleagair shóisialta san earnáil thionsclaíoch, ní hamháin tríd an acmhainn atá iontu an fhostaíocht a chosaint a bhuí le sásra ceannaigh thar barr amach ag na hoibrithe, ach freisin toisc go gcabhraíonn siad le fiontair thionsclaíocha tháirgiúla, éifeachtúla agus iomaíocha a bhfuil córas rialachais rannpháirteach acu a chur chun cinn, rud atá ina shamhail chuimsitheach lenar féidir an t-athdháileadh is fearr a dhéanamh ar an luach a chruthaítear.

2.15.

Creideann CESE gur bealach éifeachtach í fiontraíocht an gheilleagair shóisialta chun an fhéinfhostaíocht agus an fhéinfhiontraíocht a chur chun cinn agus chun cur i gcoinne na hoibre neamhfhoirmiúla, mar atá tríd an ilroinnt agus an scaipeadh a bhaineann uaireanta le cineálacha áirithe féinfhostaíochta a sheachaint. I ndáil leis sin, ní mór do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn i bhfiontair an gheilleagair shóisialta, díreach mar a dhéantar i ngach cineál gnólachta, le go bhféadfar coinneáil de dhálaí oibre cothroma a fheabhsú agus a áirithiú do na hoibrithe, lena n-áirítear pá cothrom, agus, ag an am céanna, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.

2.16.

Dar le CESE, is ríthábhachtach go dtabharfaí ról do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta san aistriú digiteach d’fhonn cur leis an rochtain ar uirlisí digiteacha agus ar theicneolaíochtaí nua do phobail uile na hEorpa agus go mór mór do dhaoine faoi mhíbhuntáiste, go háirithe trí bhíthin uirlisí digiteacha arna bhforbairt ag saor-oibreoirí foinse oscailte. Is é an phríomhchúis leis sin go bhfuil an tAontas ag iarraidh cur le saol digiteach Eorpach a bheadh fothaithe ar an rannpháirtíocht dhaonlathach agus ar úinéireacht sonraí a bheadh trédhearcach dáiríre.

3.   Tograí le haghaidh beartais phoiblí don gheilleagar sóisialta

3.1.

Molann CESE do na Ballstáit tomhas an tionchair shóisialta a chur chun cinn mar uirlis riachtanach chun dea-chleachtais eacnamaíocha atá bunaithe ar fhianaise a fheabhsú. Ba cheart a mheabhrú, áfach, go bhfuil sé tábhachtach na bearta agus na meastóireachtaí a cheapadh i gcomhar le gníomhaithe an gheilleagair shóisialta lena áirithiú nach dtéitear timpeall ar na critéir a bhaineann go sonrach leis an ngeilleagar sóisialta trí leas a bhaint as modhanna eacnaiméadracha traidisiúnta a ceapadh le haghaidh na ngnáthghnólachtaí.

3.2.

Tá méadú ar a thábhachtaí atá sé an tionchar sóisialta a mheasúnú agus a thomhas, agus ba cheart do na Ballstáit, dá réir sin, aird chuí a thabhairt ar na costais mhóra a bhíonn i gceist le measúnú agus tomhas údarásach iomchuí a dhéanamh ar an tionchar sin. Is den riachtanas, dá bhrí sin, go n-aithneofaí na costais a bhíonn ar eintitis an gheilleagair shóisialta a iompar chun an tionchar sin a thomhas. Bíonn sé amhlaidh go háirithe nuair a thairbhíonn na heintitis sin den mhaoiniú poiblí nó nuair a bhíonn sé de chúram orthu oibríochtaí faoi chuimsiú an tsoláthair phoiblí a chur chun feidhme, toisc nach mór meastóireacht a phleanáil go sonrach agus a mhaoiniú mar chuid de na hoibríochtaí sin.

3.3.

Is díol sásaimh do CESE na moltaí maidir leis an státchabhair agus na naisc idir eintitis an gheilleagair shóisialta, na seirbhísí leasa ghinearálta agus na rialacha maidir leis an státchabhair, mar a tugadh le fios freisin i dtuairim INT/1016 (1). Go deimhin, ós rud é nach é an príomhchuspóir a bhí leo an brabús atá le dáileadh ar infheisteoirí a uasmhéadú agus gur sa ghnó féin, den chuid is mó, a dhéantar an barrachas a athinfheistiú, bíonn tionchar sóisialta dearfach ag fiontair an gheilleagair shóisialta a fhad a bhaineann sé leis an bhfostaíocht, an fhorbairt chríochach agus leis an gcomhtháthú sóisialta.

3.4.

Tá tábhacht mhór leis an tsaincheist maidir leis an rochtain ar an margadh poiblí. Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé critéir nuálacha a chruthú a mbeidh fíorluach neamh-mhargaidh leo, cuir i gcás earraí coiteanna, breisluach ar an leibhéal sóisialta (fostaíocht, cuimsiú agus lánpháirtiú daoine leochaileacha) agus ar an leibhéal éiceolaíoch (tionchar comhshaoil), agus an ghaireacht. Maidir leis an soláthar poiblí, d’fhág critéir ar nós an ‘praghas is ísle’ nó an easpa suntais a thugtar don tionchar sóisialta a bhíonn ag soláthróirí gur deacra d’fhiontair an gheilleagair shóisialta tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí an tsoláthair phoiblí. Is mór ag CESE an obair atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach le blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar na treoracha i réimse an tsoláthair phoiblí, ach fós ní leor an chaoi a gcuireann Ballstáit áirithe forálacha áirithe chun feidhme, mar shampla na forálacha maidir leis na conarthaí forchoimeádta nó na clásail shóisialta.

3.5.

Molann CESE go nglacfaí réitigh nuálacha atá freagrach ar bhonn sóisialta chun conarthaí poiblí a dhámhachtain. Faoi láthair, is é an critéar an ‘praghas is ísle’ an príomhchritéar atá ann i roinnt mhaith tíortha, rud a chuireann brú ar bhealach diúltach ar ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta agus a chuireann pá, dálaí oibre agus cáilíocht na seirbhíse i mbaol.

3.6.

Ós rud é gur ar an leibhéal áitiúil a tharlaíonn a lán de ghníomhaíochtaí eintitis an gheilleagair shóisialta, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú leanúnach an chomhair idir na húdaráis réigiúnacha agus bhardasacha agus institiúidí an gheilleagair shóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart mír shonrach maidir leis na húdaráis riaracháin áitiúla agus dhíláraithe a chur sa Mholadh.

4.   Rochtain ar mhaoiniú agus ar bheartais chánach le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta

4.1.

I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE an doiciméad oibre ón gCoimisiún maidir leis na creataí fioscacha a glacadh sna tíortha éagsúla le haghaidh ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta, rud a fhágann gur féidir comparáid a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla cur chuige. Molann CESE don Choimisiún leanúint den obair ar an dúshraith sin, agus taighde á chur chun cinn aige chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart tacaíochta, agus comparáid á déanamh idir na buntáistí cánach a thugtar d’eintitis an gheilleagair shóisialta agus na sochair a ghineann gníomhaíochtaí díolmhaithe don airgeadas poiblí.

4.2.

Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go dtacóidh na córais fhioscacha leis an ngeilleagar sóisialta trí na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus smaoineamh ar bhearta cánach iomchuí a thabhairt isteach, bearta lena n-aithneofaí an fheidhm leasa phoiblí atá leis an ngeilleagar sóisialta agus an acmhainn atá ann cuspóirí atá dírithe ar an leas coiteann a chur chun cinn, cuspóirí arbh fhiú a aithint sa chreat fioscach.

4.3.

Is eol do CESE gur ar na Ballstáit atá an príomhchúram i leith an chánachais, sa mhéid nach foláir fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi gach beart a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun comhsheasmhacht leis na rialacha maidir leis an státchabhair agus an iomaíocht a áirithiú. Tá sé go mór den tuairim, áfach, gur gá rialacha éagsúla a chur i bhfeidhm maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta mar gheall ar chuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú acu. Maidir leis na bearta cánach atá in ann feidhm leasa ghinearálta fhiontair an gheilleagair shóisialta a aithint, go háirithe na fiontair a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta amhail an cúnamh sóisialta, an t-oideachas agus an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, ba cheart díriú ar thrí phríomhghné sa sainmhíniú ar na bearta sin: i) an cháin ar an ioncam a ghintear ó ghníomhaíochtaí; ii) laghdú na ranníocaíochtaí ó ioncam na n-oibrithe faoi mhíbhuntáiste atá ag obair san eintiteas, iii) CBL ar na seirbhísí sóisialta agus oideachais.

4.4.

Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé d’fhiontair an gheilleagair shóisialta teacht a bheith acu ar dhíolúintí cánach ar an mbarrachas oibriúcháin, i gcás ina n-athinfheistítear an barrachas sin chun a gcuid cuspóirí reachtúla a bhaint amach, agus meabhraíonn sé gur beart riachtanach iad na buntáistí cánach sin le gur féidir an iomaíocht chóir a athbhunú.

4.5.

Ba cheart don Choimisiún tograí an Mholta, agus go háirithe an dá dhoiciméad oibre maidir leis an gcánachas, a chur san áireamh agus an tionscnamh Business in Europe: Framework for Income Taxation (BEFIT) á chur chun feidhme, tionscnamh lena bhfuil sé beartaithe creat reachtach coiteann a mholadh le haghaidh chánachas ghnólachtaí an Aontais, d’fhonn aird ar leith a thabhairt ar fhiontair an gheilleagair shóisialta agus ar an gcaoi a ríomhtar an bonn cánach atá leo, agus dálaí cothroma agus iomchuí á n-áirithiú, agus cuspóirí an leasa phoiblí á gcur san áireamh.

4.6.

Tá CESE den tuairim go gcaithfear dálaí cothroma a chruthú maidir leis an rochtain ar mhaoiniú, bíodh sé ina mhaoiniú poiblí nó ina mhaoiniú príobháideach, agus é sin ar gach leibhéal; na tionscnaimh a eascraíonn as an ngeilleagar sóisialta, is ceart go mbeadh foinsí éagsúla maoinithe ar fáil dóibh, díreach mar a tharlaíonn i gcás na ngnáthghnólachtaí. Dá bhrí sin, ní mór infheistíocht fhadtéarmach agus caipiteal na foighne a chur chun cinn, mar a mhol CESE roimhe seo i dtuairim INT/965 (2). B’úsáideach freisin tacaíocht shonrach a thabhairt isteach a bheadh ar aon dul le ‘fachtóir tacaíochta FBM’ dá dtagraítear sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil na mBanc (CRR), chun an céatadán caipitil a chuirtear i leataobh le haghaidh iasachtaí d’eintitis an gheilleagair shóisialta a laghdú.

4.7.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh an Moladh ina dheis aitheantas a thabhairt do nádúr uathúil na ‘bithéagsúlachta’ atá in éiceachóras airgeadais agus baincéireachta na hEorpa, trí aitheantas agus cosaint a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag na bainc a cháilíonn mar eintitis den gheilleagar sóisialta ar an leibhéal áitiúil, don tábhacht iomlán a bhaineann leo ar an leibhéal náisiúnta agus don bhreisluach a chruthaíonn siad do na pobail áitiúla, agus don tionchar dearfach a bhíonn ag an inniúlacht bhreise bhaincéireachta sin ar an tsochaí ina hiomláine. I ndáil leis sin agus i gcomhréir le prionsabal an gheilleagair shóisialta margaidh a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais, tá ról cinntitheach maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta ag na bainc creidmheasa comharchumainn, na comharbhainc agus na bainc eiticiúla.

An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

Uachtarán ChoisteEacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Evaluation of the State subsidy rules for health and social services of general economic interest (‘SGEIs’) and of the SGEI de minimis Regulation [Meastóireacht ar na rialacha maidir le fóirdheontais Stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta (‘SGEInna’) agus Rialachán SGEI de minimis] [SWD(2022) 388 final](IO C 228, 29.6.2023, lch. 155).

(2)   IO C 194, 12.5.2022, lch. 39.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/882/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top