Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022SC0035

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí)

SWD/2022/35 final

An Bhruiséil,23.2.2022

SWD(2022) 35 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí
(An Ionstraim um Shonraí)

{COM(2022) 68 final} - {SEC(2022) 81 final} - {SWD(2022) 34 final}


A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Is í an fhadhb fhoriomlán nach bhfuil dóthain infhaighteachta sonraí lena n‑úsáid laistigh den gheilleagar Eorpach. Is é is cúis leis sin, go príomha, easpa soiléireachta maidir le cearta sonraí, míchothromaíochtaí sa chumhacht chaibidlíochta, rochtain theoranta ar néalseirbhísí cothroma iontaofa, agus easpa idir-inoibritheachta sonraí trasearnálacha san Aontas Eorpach. Bíonn tionchar ag an bhfadhb ar réimse earnálacha eacnamaíocha agus bíonn tearcúsáid sonraí ar leibhéal an Aontais ina dtoradh uirthi, agus bíonn iarmhairtí diúltacha aige sin ar rogha tomhaltóirí, ar nuálaíocht agus ar sholáthar seirbhíse poiblí.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é an cuspóir luach na sonraí sa gheilleagar agus sa tsochaí a uasmhéadú trína áirithiú go mbeidh smacht ag réimse níos leithne páirtithe leasmhara ar a gcuid sonraí agus go mbeidh níos mó sonraí ar fáil lena n‑úsáid, agus san am céanna dreasachtaí a choinneáil ar bun chun infheistíocht a dhéanamh i nginiúint sonraí.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (coimhdeacht)? 

Tá slabhraí luacha sonraí san Aontas Eorpach struchtúrtha ar bhealach trasteorann den chuid is mó, agus tá sealbhóirí agus úsáideoirí sonraí araon scaipthe ar fud na mBallstát éagsúil. Dá bhrí sin, ní bhaineann na fadhbanna a sainaithníodh go sonrach le haon Bhallstát ar leith. Ina ionad sin, bíonn tionchar acu ar an margadh aonair ina iomláine. Sin é an fáth a bhféadfadh gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais luach níos mó a thabhairt do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa i gcomparáid le gníomhaíocht a ndéanfadh na Ballstáit aonair.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Áirítear sa tionscnamh seo bearta chun deimhneacht dhlíthiúil maidir le rochtain ar shonraí a mhéadú, mí‑úsáid míchothromaíochtaí conarthacha a chosc, úsáid sonraí atá i seilbh thráchtála údarás poiblí, malartú idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí iontaofa a éascú, agus creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht éifeachtúil sonraí.

Rinneadh trí rogha bheartais a mheas sa mheasúnú tionchair: Baineann Rogha 1 le hidirghabháil íosta, le bearta neamhcheangailteacha chun rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí atá níos éifeachtúla agus níos cothroime a éascú. Le Rogha 2 moltar tacar teoranta de bhearta reachtacha chun úsáid sonraí a éascú, agus san am céanna an deimhneacht dhlíthiúil a neartú maidir le conas a fhéadfar sonraí a úsáid agus cé a fhéadfaidh iad a úsáid. Le Rogha 3 moltar oibleagáidí atá níos forleithne i dtéarmaí úsáid sonraí ag gnólachtaí tríú páirtí, tomhaltóirí agus comhlachtaí san earnáil phoiblí, chomh maith le forálacha níos láidre i dtéarmaí oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhísí sonraí agus ceanglais idir-inoibritheachta.

Thángthas ar an gconclúid san anailís gurb í Rogha 2 an rogha thosaíochta. Cén fáth? Mar léi, chuirfí feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil maidir le sonraí (lena n‑áirítear cearta sui generis ar bhunachar sonraí le haghaidh sonraí meaisínghinte), mhéadófaí an méid sonraí atá ar fáil lena n‑athúsáid agus thabharfaí rialú níos mó do thomhaltóirí agus do chuideachtaí ar shonraí, agus san am céanna chuirfí teorainn le costais sealbhóirí sonraí d’fhonn sonraí a dhéanamh níos inrochtana agus dreasachtaí chun sonraí a ghiniúint a choinneáil ar bun. Thabharfaí isteach leis freisin cur chuige reachtach i ndáil leis an tsaincheist maidir le cothroime agus iontaofacht na mbonneagar próiseála sonraí, in éineacht le caighdeánú faoi stiúir an tionscail ar idir-inoibritheacht theicniúil le haghaidh athrú néalríomhaireachta.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?

Dearbhaíonn an chuid is mó de na páirtithe leasmhara go bhfuil na bacainní a aithníodh sa mheasúnú tionchair ann. Mar sin féin, tá tuairimí éagsúla ann maidir leis an méid is ceart a dhéanamh ina dtaobh: Ba mhaith le sealbhóirí sonraí (e.g. monaróirí gluaisteán), a bhfuil géarghá acu le hidirghabháil rialála, réitigh a fheiceáil nach bhfuil dírithe ach ar chlistí margaidh soiléire. Os a choinne sin, éilíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a úsáideann sonraí (go háirithe iad siúd atá gníomhach i seirbhísí iarmhargaidh) ceart rochtana ar shonraí agus tá siad i bhfabhar athbhreithniú a dhéanamh ar an gceart sui generis. Leagann eagraíochtaí tomhaltóirí béim freisin ar an ngá atá le cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí a soláthraithe seirbhíse a roghnú. Aontaíonn na páirtithe leasmhara, áfach, maidir leis an ngá atá le rialacha AE chun iniomparthacht sa néal a áirithiú agus chun úsáideoirí néalríomhaireachta a chosaint ar rochtain neamhdhleathach ar a gcuid sonraí ó lasmuigh den Aontas. Tá siad i bhfabhar an t‑ualach riaracháin a mhaolú freisin trí na rialacha maidir le comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus rialtais a chuíchóiriú.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Leis an rogha thosaíochta, mhéadófaí OTI AE-27 faoi 1.98 pointe céatadáin faoi 2028, agus mhéadófaí ioncam an rialtais agus gníomhaíochtaí infheistíochta de EUR 96.8 billiún agus EUR 30.4 billiún faoi seach sa tréimhse 2024-2028. Chruthófaí 2.2 milliún post breise leis an tionscnamh seo freisin. Is iad seo a leanas na tairbhí a mheastar a ghnóthófar i gcás gach réimse idirghabhála:

·trí thomhaltóirí agus cuideachtaí úsáideann táirgí nasctha agus seirbhísí gaolmhara a chumhachtú agus trí infhaighteacht na sonraí le haghaidh úsáid tráchtála agus nuálaíocht a mhéadú idir gnólachtaí, ghinfí suas le EUR 196.7 billiún in aghaidh na bliana faoi 2028;

·trí fheabhas a chur ar chothroime chonarthach, ghinfí EUR 7.4 billiún sa bhreis in aghaidh na bliana;

·úsáid sonraí atá i seilbh thráchtála a éascú chun críocha leas an phobail: laghdú suas le EUR 155 milliún in aghaidh na bliana ar an ualach riaracháin;

·rochtain ar néalseirbhísí imeallseirbhísí atá cothrom agus iontaofa a éascú: EUR 7.1 billiún sa bhreis in aghaidh na bliana.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Áirítear an méid seo a leanas i gcostais na rogha tosaíochta:

·an oibleagáid atá ar mhonaróirí rochtain a cheadú sa chomhthéacs gnólacht le gnólacht/gnó le tomhaltóir, i mbonneagair theicniúla: EUR 410 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 88 milliún i gcostais athfhillteacha;

·cothroime chonarthach a áirithiú: EUR 69 milliún sa bhreis in aghaidh na bliana.

·comroinnt sonraí gnólacht le rialtas. EUR 552.5 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 78.1 milliún i gcostais athfhillteacha;

·ceanglais idir-inoibritheachta: EUR 1 milliún (le haghaidh gach caighdeáin).

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Tá FBManna i measc phríomhthairbhithe na hIonstraime um Shonraí. Leis na rialacha nua, bheadh níos mó acmhainní sonraí ar fáil dóibh trí athchothromú a dhéanamh ar dháileadh an luacha sonraí ar fud gníomhaithe margaidh, rud lena dtreiseofaí a gcumas dul san iomaíocht agus leanúint dá ngnó. Gan ach aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht i gcaidreamh conarthach déthaobhach amháin, thiocfadh méadú EUR 5.2 billiún in aghaidh na bliana ar bhrabúis FBManna.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní bheadh tionchar ag an tionscnamh ar bhuiséid náisiúnta, cé is moite de na bearta i gcomhthéacs na húsáide sonraí gnólacht le rialtas. Measadh sa staidéar tacaíochta a rinneadh don mheasúnú tionchair go mbeadh costas EUR 21.6 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh riaracháin phoiblí sna Ballstáit i gceist le córais riaracháin phoiblí a chur ar bun chun úsáid sonraí gnó le rialtas a chuíchóiriú.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Leis an tionscnamh, chuirfí feabhas ar sheirbhísí agus ar bheartais phoiblí, rud a d’fhágfadh go mbeifí in ann freagairt níos éifeachtaí agus níos tapa a thabhairt ar éigeandálaí poiblí. Ina theannta sin, bheadh rialú níos mó ag tomhaltóirí agus ag cuideachtaí ar úsáid na sonraí a ghineann siad agus chuirfí lena rannpháirtíocht ghníomhach sa gheilleagar digiteach. Ar deireadh, ba cheart go mbeadh níos lú dramhaíola, tomhaltas fuinnimh níos ísle agus níos lú astaíochtaí CO2 ina dtoradh ar níos mó éifeachtúlacht ghnó agus mhonaraíochta.

Comhréireacht?

Tá an tionscnamh seo ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna trasteorann agus trasearnálacha a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí. Ina leith sin, tá sé comhréireach leis an toradh inmhianaithe agus tugtar solúbthacht leordhóthanach leis do bhearta náisiúnta agus earnáilsonracha breise.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar an beartas seo a athbhreithniú 4 bliana tar éis an Ionstraim um Shonraí a ghlacadh.

Top