EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0595

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

COM/2022/595 final

An Bhruiséil,9.11.2022

COM(2022) 595 final

2022/0369(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cuirtear an togra seo le haghaidh leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 1 i láthair in éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin 2 agus leis an togra chun Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 3 a leasú a mhéid a bhaineann le straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta.

Tar éis ionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, tá tacaíocht shuntasach tugtha ag an Aontas don Úcráin chun a hathléimneacht a neartú, chun cúnamh daonnúil, cabhair mhíleata agus tacaíocht eile a chur ar fáil. Beidh cúnamh leanúnach de dhíth ar an Úcráin chun feidhmiú an Stáit a chothú.

Go dtí seo, bhí an tacaíocht mhacra-airgeadais (MFA) a thug an tAontas don Úcráin flaithiúil agus éifeachtach, ach cuireadh ar fáil é ar bhonn ad hoc, agus cúpla mí á gcumhdach ag an am, agus bhí gá le soláthar suntasach ó bhuiséad an Aontais agus ó ráthaíochtaí náisiúnta i ngach babhta cistiúcháin. Léirigh an taithí a fuarthas ar iasachtaí Cúnaimh Macra-Airgeadais (MFA) don Úcráin go bhfuil srianta ann maidir leis an soláthar do chláir nua iasachtaí a mhaoiniú faoi uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027. Bhí an iliomad míbhuntáistí oibríochtúla agus airgeadais ag baint le dul i muinín ráthaíochtaí na mBallstát chun na hacmhainní buiséadacha a chomhlánú. An cur chuige ilroinnte ba ghá a chur i bhfeidhm maidir leis na hiasachtaí MFA a tugadh don Úcráin le déanaí, níl sé inbhuanaithe a thuilleadh i bhfianaise na staide reatha. Ní mór réiteach struchtúrach a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht airgeadais a thabhairt don Úcráin.

Leis an leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, ina dtagraítear do chúnamh airgeadais ar ina leith a ghlactar cinneadh lena n‑údaraítear an scaoileadh sna blianta 2023 agus 2024, déanfar an cumhdach buiséadach atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis na hiasachtaí chuig na Ballstáit a leathnú chuig iasachtaí don Úcráin atá ar fáil do na blianta sin freisin. Dá réir sin, má tá ar an Aontas cloí leis na hoibleagáidí aisíocaíochta ó acmhainní bhuiséad an Aontais — i gcás nach ndéanfadh stát is tairbhí (Ballstát nó an Úcráin le haghaidh cúnamh airgeadais atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024) an íocaíocht chuí in am — dhéanfaí na méideanna is gá a shlógadh os cionn uasteorainneacha CAI suas le teorainneacha uasteorainn na n‑acmhainní dílse (ón ‘lamháil’ mar a thugtar air).

Foráiltear leis an leasú gaolmhar ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 go n‑eagraítear iasachtaíocht bunaithe de réir na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe. A bhuí leis an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe, d’fhéadfaí freastal ar aon ghanntanas sealadach airgid a thagann chun cinn trí dhul i muinín an chomhthiomsaithe leachtachta a thacaíonn leis an réiteach sin. Dá bhrí sin, le comhcheangal na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe agus ailíniú chumhdach buiséadach na n‑iasachtaí don Úcráin le haghaidh cúnamh airgeadais atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 do na Ballstáit i Rialachán CAI, áirithítear creat láidir solúbtha éifeachtúil le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin. Leis an dá leasú sin, beifear in ann réiteach maoinithe struchtúrtha a chur i bhfeidhm chun leanúint den tacaíocht a thugann an tAontas don Úcráin, ar tacaíocht í a mholtar sa Rialachán lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin.

Níor cheart feidhm a bheith ag an gcumhdach buiséadach ón lamháil ach amháin maidir le cúnamh airgeadais nua don Úcráin, atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais.

Chun gur féidir tacaíocht mhear éifeachtúil a chur ar fáil don Úcráin, tá sé beartaithe caitheamh leis an togra sonrach seo le haghaidh leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 mar thogra neamhspleách, ar leithligh ó thogra an 22 Nollaig 2021 (COM(2021)569).

2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús dlí

Is é Airteagal 312 CFAE an bunús dlí leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a ghlacadh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an tionscnamh faoi réimse beartais ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas (faoi Airteagal 312 CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá na hathruithe comhréireach leis an ngá práinneach atá ann ionstraim a bhunú chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin, nach féidir a chur chun feidhme go dtí go ndéanfar an cumhdach buiséadach a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair maidir leis na hiasachtaí do na Ballstáit de bhreis ar uasteorainneacha CAI suas le teorainneacha uasteorainn na n‑acmhainní dílse a shíneadh chuig an Úcráin le haghaidh cúnamh airgeadais atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Faoi fhorálacha Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 atá ann cheana, dhéanfaí na méideanna is gá a shlógadh chun oibleagáidí aisíocaíochta an Aontais faoi oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a chomhlíonadh i gcás nach bhfaigheann an tAontas ón mBallstát is tairbhí an íocaíocht chuí in am (i.e. ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais a shlógadh do na Ballstáit) de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Tugadh an fhoráil sin isteach den chéad uair in Airteagal 3(2) de Rialachán 1311/2013 4 ón gComhairle lena leagtar síos CAI do na blianta 2014-2020.

Ní fhéadfaidh sárú uasteorainn na n‑acmhainní dílse a bheith mar thoradh ar an méid a shlógtar. Dá bhrí sin, tá an fhoráil lena gcuirtear síneadh leis an gcumhdach buiséadach ón lamháil go dtí an ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin comhoiriúnach le mír 1 agus mír 3 d’Airteagal 312 CFAE, faoina áiritheoidh CAI ‘go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar bhealach ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse’, agus ‘leagfar síos aon fhorálacha eile is gá chun go n‑oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go rianúil’.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Trí shíneadh a chur le slógadh ráthaíochta le haghaidh cúnamh airgeadais de bhreis ar uasteorainneacha CAI chuig an Úcráin le haghaidh cúnamh airgeadais atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 chomh maith le cúnamh airgeadais do Bhallstáit an Aontais, ceadóidh an togra úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní buiséadacha faoi uasteorainneacha CAI. Leis an bhféidearthacht an ráthaíocht a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI, thabharfaí cumhdach iomlán an chúnaimh airgeadais don Úcráin a bheidh ar fáil do na blianta 2023 agus 2024, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Níl aon tionchar ag an togra ar chaiteachas CAI 2021-2027.

2022/0369 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 5 ,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas ag tacú leis an Úcráin tar éis an ionsaithe gan údar ón Rúis trí shraith beart airgeadais a dhéanamh. Cuireadh an tacaíocht ar fáil ar bhonn ad hoc ar feadh tréimhse theoranta ama agus ní mór soláthar suntasach a dhéanamh ó bhuiséad an Aontais agus ó ráthaíochtaí náisiúnta.

(2)Beidh cúnamh leanúnach de dhíth ar an Úcráin chun feidhmiú an Stáit a chothú. Meastar go rannchuideoidh an tAontas i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile chun na riachtanais phráinneacha sin a chumhdach. Chuige sin, ghlac an tAontas ionstraim nua faoi Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . I gcomhréir leis an ionstraim sin, tá cuid shuntasach den chúnamh airgeadais atá beartaithe le soláthar i bhfoirm iasachtaí.

(3)I bhfianaise na héagobhsaíochta seachtraí méadaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le réiteach maoinithe struchtúrtha do na blianta 2023 agus 2024 chun tacaíocht airgeadais leanúnach don Úcráin a áirithiú.

(4)Is iomchuí, dá bhrí sin, ligean don Aontas na hacmhainní buiséadacha is gá a chur ar fáil ar bhealach fónta inbhuanaithe. Ba cheart é sin a dhéanamh trí shíneadh a chur leis an sásra atá ann cheana i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach de chuid an Aontais chun cúnamh airgeadais atá ar fáil don Úcráin sna blianta 2023 agus 2024 a chumhdach. Leis an sásra sin, ba cheart go bhféadfaí suas le 100 % de mhéideanna an dliteanais airgeadais is gá a shlógadh chun oibleagáidí aisíocaíochta an Aontais faoi oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a chomhlíonadh i gcás nach bhfaighidh an tAontas an íocaíocht chuí in am ón tír is tairbhí.

(5)Ba cheart a bheith in ann na leithreasuithe is gá i mbuiséad an Aontais a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil do na Ballstáit, agus le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar don oibleagáid uasteorainn na nacmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a urramú 7 .

(6)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cláir um chúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024.

(7)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise, maidir leis an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, meastar gurb iomchuí í a agairt.

(8)I bhfianaise na staide reatha san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
(2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin (cúnamh macra-airgeadais +), COM(2022)597.
(3)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(4)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 IO L 347, 20.12.2013, lch. 884-891.
(5)    IO C […], […], lch. […].
(6)    IO […], […], lch. […].
(7)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1)
Top