AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 18.1.2022
COM(2022) 16 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir le straitéis Eorpach d'ollscoileanna
{SWD(2022) 6 final}
1Ollscoileanna – sainghné dár ndóigh bheatha Eorpach
Sa lá atá inniu ann, is mó ná riamh an gá atá ag an tsochaí seo againne le rannchuidiú a hollscoileanna. I ndomhan a bhíonn ag athrú go mear, tá dúshláin mhóra roimh an Eoraip – an t‑athrú aeráide agus cailleadh na bithéagsúlachta, an t‑aistriú digiteach agus daonra atá ag dul in aois – tráth agus í á bualadh ag an ngéarchéim shláinte dhomhanda is mó a bhí ann le céad bliain agus ag iarmhairtí eacnamaíocha na géarchéime sin. Seasamh na hEorpa sa domhan agus folláine agus rathúnas na nglúine amach romhainn, beidh siad ag brath ar ár bhfreagairt. Tá ról fíor‑riachtanach ag an earnáil ardoideachais maidir le téarnamh iarphaindéime na hEorpa agus maidir le tionchar a imirt ar shochaithe agus gheilleagair inbhuanaithe athléimneacha. Tá ollscoileanna ionchuimsitheacha den scoth ina gcoinníoll agus ina mbunús le sochaithe oscailte, daonlathacha, córa agus inbhuanaithe, agus le fás marthanach, fiontraíocht agus fostaíocht freisin.
Is féidir leis an Eoraip cur le hearnáil ardoideachais éagsúil a bhfuil borradh mór fúithi, agus í fréamhaithe go domhain sa chultúr Eorpach. Tá beagnach 5 000 institiúid ardoideachais lonnaithe san Eoraip, mar aon le 17,5 milliún mac léinn san oideachas treasach, 1,35 milliún duine ina dteagascóirí san oideachas treasach agus 1,17 milliún taighdeoir. Is cuma an ollscoileanna taighde, institiúidí teicneolaíochta, scoileanna ealaíon nó institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna atá i gceist – is sainchomharthaí iad na cineálacha éagsúla institiúidí ardoideachais dár ndóigh bheatha Eorpach. Is láidreacht í an éagsúlacht sin, mar cumasaítear léi roghanna, chomh maith le cruthaitheacht agus sineirge, trí shoghluaisteacht agus chomhar. Tá 35 bliain d’eispéiris le haghaidh breis is 10 milliún foghlaimeoir óga á cheiliúradh ag an Eoraip anois – eispéiris a d’athraigh saol na bhfoghlaimeoirí sin – trína clár comharthach Erasmus+.
Tá tábhacht ar leith ag na hollscoileanna, atá suite ag crosbhóthar an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta, agus iad ag fónamh don tsochaí agus don gheilleagar: is ríthábhachtach an ról atá acu maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) agus an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bhaint amach, ar bhonn sineirge leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais. Trí chomhpháirtíochtaí láidre san Aontas agus ar fud an domhain agus trí chur le sócmhainn charnach na gcóras oideachais agus na líonraí taighde, is príomhghníomhaithe iad maidir leis an tsamhail Eorpach a chur chun cinn i gcomhréir le leasanna agus luachanna an Aontais: an smacht reachta, cearta an duine agus rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta.
Tá gá ag an Eoraip le hollscoileanna a bhfuil borradh fúthu chun rannchuidiú le clár polaitiúil an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, mar go bhfuil baint acu le han-chuid príomhthionscnamh éagsúil a rinneadh le déanaí ar mhaithe leis an téarnamh agus an athléimneacht. Is leas coiteann de chuid an Aontais agus na mBallstát é tacú leis an earnáil ardoideachais trína neart a chur le chéile chun díriú ar fhís chomhpháirteach don earnáil ardoideachais, fís a chuirfidh le saibhreas éagsúlacht na hearnála sin.
Agus an méid sin á dhéanamh acu, ní mór dóibh an comhthéacs atá roimh an Aontas a chur san áireamh, comhthéacs atá ag síorathrú agus a imríonn tionchar ar an earnáil ardoideachais go díreach. Mura ndéanfaí beart dá réir sin, d’fhéadfaí drochthionchar a imirt ar fheidhmíocht na n‑ollscoileanna. Tá na hollscoileanna ag tabhairt faoi phróiseas athsmaointeoireachta agus féin-athnuachana. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú leo maidir leis an iarracht sin.
Is fearr is féidir leis na hollscoileanna dúshláin mhóra na sochaí a réiteach trí bheith rannpháirteach ar bhealach níos éifeachtaí sa chomhar trasnáisiúnta. Luaigh 92 % de na hollscoileanna gur phríomhcheist é fáil réidh leis na bacainní dlíthiúla agus riaracháin le comhpháirtíochtaí straitéiseacha institiúideacha idirnáisiúnta. Dúirt 93 % díobh siúd a rinne suirbhé Eorabharaiméadair go mbeadh sé úsáideach céimeanna AE a chruthú a bheadh le cur ar fáil ag líonraí d’ollscoileanna Eorpacha, agus a thabharfadh an deis do mhic léinn staidéar i dtíortha difriúla den Aontas agus rogha sholúbtha cúrsaí nó modúl a bheith acu.
Is minic nach bhfuil cistiú na n‑ollscoileanna leordhóthanach chun a misean sa tsochaí, atá ag síormhéadú, a chomhlíonadh. Léiríodh i dtuarascáil faireachlainne maidir le cistiú poiblí, i gcás níos mó ná leath de na córais ardoideachais a ndearnadh suirbhé orthu, go dtagann laghdú ar an infheistíocht san ardoideachas d’ainneoin líon mac léinn atá ag dul in airde, é sin nó nach méadaítear ar an infheistíocht ag an ráta céanna le méadú na mac léinn. Mar thoradh ar phaindéim Covid-19 tá riachtanais infheistíochta bhreise ann (e.g. maidir le huirlisí agus bonneagar digiteach) chomh maith le cailleadh ioncaim.
Ós rud é go bhfuil na riachtanais maidir le scileanna ag athrú go mear, ní mór don earnáil ardoideachais oiriúnú a dhéanamh dá réir. Éilítear leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach oideachas, taighde agus nuálaíocht a bheith ann a sheasfaidh an aimsir, i ndlúthchomhar leis na tionscail agus na páirtithe leasmhara bainteacha, agus is gá na difríochtaí móra maidir le scileanna digiteacha san Aontas trí chéile a shárú. Is gá na scileanna glasa agus digiteacha atá riachtanach don todhchaí a chur ar fáil do mhic léinn agus foirne ar fud an Aontais, agus is gá acmhainneacht nuálaíochta agus teicneolaíochta na n‑ollscoileanna a chur chun tairbhe chun dul i ngleic le dúshláin bhainteacha na sochaí. Is iad na spriocanna Eorpacha an leibhéal treasach a bheith á bhaint amach faoi 2030 ag 45 % ar a laghad de dhaoine 25-34 bliana d’aois
agus páirt a bheith á glacadh san fhoghlaim (le 12 mhí anuas) ag 60 % d’aosaigh faoi 2030. Leagtar spriocanna uaillmhianacha síos leis an Deacáid Dhigiteach, spriocanna atá dírithe ar scileanna digiteacha bunúsacha ar a laghad a bheith ag 80 % de dhaoine agus 20 milliún speisialtóir TFC a bheith fostaithe faoi 2030.
Tá an éagsúlacht, an t‑ionchuimsiú agus an comhionannas inscne san earnáil ardoideachais níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá tearcionadaíocht san ardoideachas i gceist fós i gcás mic léinn, acadóirí, foirne riaracháin agus taighdeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Tá bearna idir na hinscní fós i roinnt réimsí staidéir agus taighde agus i róil ina ndéantar cinntí sna hollscoileanna. Is léir go dtagann laghdú ar an gcothromaíocht inscne i gcomhréir le sinsearacht na bpost i measc cheannairí na n‑institiúidí ardoideachais, agus tá níos lú ná 24 % de na róil cheannaireachta sin ag mná in institiúidí in AE-27.
Tá na bunluachanna acadúla agus daonlathacha faoi bhrú. Tá na hollscoileanna tar éis imní dhomhain a chur in iúl faoi na bagairtí ar an tsaoirse acadúil agus ar neamhspleáchas na n‑ollscoileanna. Tá méadú ag teacht ar líon na scoláirí agus na n‑acadóirí atá i mbaol sa chomharsanacht Eorpach. Is bagairt freisin é cur isteach eachtrach ar na hinstitiúidí ardoideachais.
Ní mór d’ollscoileanna a n‑iomaíochas ar an ardán domhanda a choinneáil. Tá tábhacht choibhneasta na hEorpa ar scála domhanda ag dul i laghad a mhéid a bhaineann le hollscoileanna ina ndéantar diantaighde. Is ann d’acmhainneacht neamh-úsáidte ach iarrachtaí na mBallstát a thabhairt le chéile ar an ardán domhanda. D’fhéadfadh an Eoraip cruthú níos fearr fós maidir le soghluaisteacht a spreagadh agus mic léinn, acadóirí agus taighdeoirí cumasacha a mhealladh agus a choinneáil chun tionchar domhanda na hEorpa a mhéadú a oiread is féidir i dtaca le luachanna, oideachas, taighde, tionsclaíocht agus tionchar sochaíoch.
An straitéis Eorpach seo d’ollscoileanna, is cuid í de phacáiste ardoideachais, in éineacht le togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le caidreamh a chothú i ndáil le comhar Eorpach éifeachtach san ardoideachas. Is é aidhm don dá thionscnamh in éineacht acmhainneacht iomlán na hearnála ardoideachais a scaoileadh le bheith ina tionscnóir scileanna agus eolais agus ina inneall lena mbrúfar an nuálaíocht ar aghaidh agus lena réiteofar dúshláin na sochaí. Cuireann an straitéis le breis is 20 bliain de Phróiseas Bologna, agus is é is aidhm di fís a mholadh maidir le comhar Eorpach ardoideachais, comhar claochlaitheach a bheidh chun tairbhe an Aontais agus áiteanna níos faide i gcéin. Togra an Choimisiúin maidir le Moladh ón gComhairle, is beart tosaigh é i ndáil le comhar trasnáisiúnta domhain a éascú a chuirfidh ar a gcumas d’ollscoileanna cruthú go maith agus muintearas láidir Eorpach a neartú.
2Cuspóirí na straitéise Eorpaí d’ollscoileanna
Is é is aidhm don straitéis Eorpach d’ollscoileanna tacú le hollscoileanna agus iad a chumasú le dul in oiriúint do chúinsí atá ag síorathrú, cruthú go maith agus rannchuidiú le hathléimneacht agus téarnamh na hEorpa. Is gairm í ar na Ballstáit agus institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a neart a chur le chéile. Féachann sí le leibhéal níos airde déine agus raon feidhme a bhaint amach don chomhar trasnáisiúnta agus le gné fhíor-Eorpach a fhorbairt san earnáil ardoideachais, agus í bunaithe ar luachanna coiteanna. Leis an straitéis aithnítear an barr feabhais agus an t‑ionchuimsiú mar shainghné den ardoideachas Eorpach, sainghné atá ina heiseamláir dár ndóigh bheatha Eorpach. Sin an rud a dhealaíonn an earnáil ardoideachais san Eoraip ó earnálacha ardoideachais in áiteanna eile sa domhan.
Cuireann an straitéis freisin leis na chéad cheachtanna a foghlaimíodh ó thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha. Is é atá sa tionscnamh sin sampla grinn den chomhar trasnáisiúnta domhain idirinstitiúideach, agus é bunaithe ar fhíseanna coiteanna agus comhpháirteacha fadtéarmacha d’ollscoileanna. Is iad na 41 chomhghuaillíocht de na hOllscoileanna Eorpacha a spreag seoladh ionstraimí agus creataí dlíthiúla nua agus is iad a fhéadfaidh a bheith ina n‑inspioráid don phobal ardoideachais i gcoitinne ar fud na hEorpa.
Faoi lár 2024, is é atá beartaithe ag an gCoimisiún díriú ar na ceithre phríomhchuspóir chomhpháirteacha a bhaint amach:
-an ghné Eorpach a neartú san ardoideachas agus sa taighde:
Tacar tionscnamh suaitheanta a chur chun feidhme a imreoidh an tionchar céanna ar an gcomhar trasnáisiúnta is a d’imir Erasmus+ ar shoghluaisteacht mac léinn agus an clár Fís Eorpach ar thaighde den chéad scoth: léiriú feiceálach ar chur chuige a bhaineann go sonrach leis an Eoraip. I bhfianaise fhreagracht na n‑ollscoileanna as Eoraip láidir, freagracht atá ag dul i méid, tá gá acu le tacaíocht airgeadais iomchuí.
-tacú le hollscoileanna mar thithe solais lena dtaispeánfar ár ndóigh bheatha Eorpach:
Tacaíonn an t‑ardoideachas agus an taighde san Eoraip lenár ndóigh bheatha Eorpach tríd an aird a dhírítear ar na trí ghné, 1) cáilíocht agus ábharthacht maidir le scileanna a sheasfaidh an aimsir, 2) éagsúlacht agus ionchuimsiú, 3) cleachtais dhaonlathacha, bunluachanna agus luachanna acadúla agus saoirse an taighde eolaíoch. Is gá gairmeacha acadúla solúbtha mealltacha a chur chun cinn, ina léirítear meas ar ghníomhaíochtaí maidir leis an teagasc, an taighde, an fhiontraíocht, an bhainistíocht agus an cheannaireacht.
- ollscoileanna a chumasú mar ghníomhaithe ar son an athraithe maidir leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach:
Tacú le rannpháirtíocht iomlán na n‑ollscoileanna san aistriú glas agus san aistriú digiteach atá ar na bacáin. Na huaillmhianta atá ag an Aontas maidir le scileanna digiteacha agus scileanna don aistriú digiteach a chur ar fáil do níos mó daoine óga agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil, nó maidir le réitigh ghlasa a fhorbairt tríd an nuálaíocht teicneolaíochta agus shóisialta, ní bhainfidh sé na huaillmhianta sin amach ach amháin má dhéanann an earnáil ardoideachais a cion féin ar mhaithe leis sin.
-ollscoileanna a dhaingniú mar fhórsa a spreagfadh ról agus ceannaireacht dhomhanda an Aontais:
Trí chomhar idirnáisiúnta níos doimhne laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, tacaíocht a thabhairt do na hollscoileanna breathnú amach níos mó agus a bheith níos iomaíche ar an ardán domhanda, agus rannchuidiú le neartú na gcóras ardoideachais i dtíortha comhpháirtíochta, i gcomhréir leis na luachanna Eorpacha. Cabhróidh sin dá réir maidir le borradh a chur faoi mhealltacht na hEorpa, ní mar cheann scríbe staidéir amháin ach mar chomhpháirtí domhanda tarraingteach le haghaidh comhar san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht freisin.
Chun go n‑éireodh leis, is riachtanas de chuid na straitéise Eorpaí d’ollscoileanna é ailíniú na dtosaíochtaí beartais agus na n‑infheistíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus institiúideach. Chun an straitéis seo a chur chun feidhme, beidh gá le comhar níos dlúithe leis na Ballstáit, na hollscoileanna agus páirtithe leasmhara eile, mar aon le comhar níos dlúithe eatarthu. I gcomhpháirt le chéile, féadaimid tairbhe a bhaint as sainbhunús láidir earnáil ardoideachais na hEorpa agus a misin – an t‑oideachas, an taighde, an nuálaíocht chun leasa na tsochaí – a tharraingt níos dlúithe le chéile.
3Creat nua chun an comhar Eorpach a fheabhsú
3.1Ceithre thionscnamh shuaitheanta chun borradh a chur faoin ngné Eorpach san ardoideachas agus sa taighde
Sa
Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025
agus sa Teachtaireacht
maidir le Limistéar Eorpach Taighde nua um Thaighde agus Nuálaíocht
araon, cuirtear i dtábhacht gur gá dúinn an comhar trasnáisiúnta idir ollscoileanna a dhaingniú agus a éascú chun a gcumas a threisiú maidir leis na hinniúlachtaí agus na scileanna cearta a chur ar fáil do dhaoine óga, d’fhoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus do thaighdeoirí. Déanfaidh an comhar sin cultúr barr feabhais a phríomhshruthú san oideachas agus san eolaíocht freisin, agus cruthóidh sé luach i measc institiúidí ardoideachais, rud a fheabhsóidh an mhealltacht agus an t‑iomaíochas domhanda. Is féidir leis an Eoraip tacú leis na hiarrachtaí sin trí chur chuige céim ar chéim, bunaithe ar thacar de cheithre thionscnamh shuaitheanta a chuirfidh chun tairbhe – i dteannta a chéile – láidreacht ollscoileanna ar fud na hEorpa agus a threiseoidh a thuilleadh a n‑ionchuimsiú agus a mbarr feabhais i ngach gníomhaíocht dá gcuid.
Tacóidh tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha Erasmus+, in éineacht le Fís Eorpach, Eoraip Dhigiteach agus ionstraimí Aontais agus náisiúnta nach iad, le comhghuaillíochtaí trasnáisiúnta uaillmhianacha institiúidí ardoideachais chun comhar coiteann struchtúrach, inbhuanaithe agus córasach fadtéarmach maidir leis an oideachas, an taighde agus an nuálaíocht a fhorbairt agus a chomhroinnt, comhar lena gcruthófar campais idir‑ollscoileanna Eorpacha inar féidir le mic léinn, foirne agus taighdeoirí as gach cearn den Eoraip tairbhe a bhaint as soghluaisteacht shaoráideach agus eolas nua a chruthú le chéile, thar thíortha agus disciplíní.
Chuirfeadh reacht dlíthiúil maidir le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais – i gcás ollscoileanna Eorpacha agus cineálacha eile comhghuaillíochtaí – ar a gcumas dóibh a láidreachtaí a fhrithpháirtiú le chéile, cinntí straitéiseacha coiteanna a dhéanamh, gníomhú le chéile le pearsantacht dhlítheanach, agus comhthiomsú acmhainní, gníomhaíochtaí agus sonraí a éascú. Reacht mar sin, d’éascódh sé comhar trasnáisiúnta solúbtha fadtéarmach níos doimhne, rud a chumasódh comhroinnt inniúlachtaí, malartú foirne agus cur chun feidhme clár comhpháirteach, agus a mbeadh d’aidhm aige céimeanna comhpháirteacha a dhámhachtain ar leibhéal na comhghuaillíochta, lena n‑áirítear céim Eorpach chomhpháirteach.
Bheadh céim Eorpach chomhpháirteach, agus í le cur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ina cruthúnas ar thorthaí foghlama arna mbaint amach mar chuid de chomhar trasnáisiúnta i measc roinnt mhaith institiúidí, comhar a bheadh á thairiscint, mar shampla, laistigh de chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, agus is céim í a bheadh bunaithe ar thacar coiteann critéar. Ba cheart é a bheith éasca céim Eorpach a eisiúint, a stóráil, a chomhroinnt, a fhíorú agus a fhíordheimhniú, agus í a bheith inaitheanta ar fud an Aontais. Mar an beart tosaigh, beidh an Coimisiún ag dréim le critéir Eorpacha a fhorbairt chun lipéad Céime Eorpaí a dhámhachtain. D’eiseofaí an lipéad sin mar theastas a chomhlánódh cáilíocht mac léinn a bhaineann céim amach i gcláir chomhpháirteacha arna gcur ar fáil i gcomhthéacs comhar trasnáisiúnta idir roinnt mhaith institiúidí ardoideachais.
Mar thoradh ar úsáid ghinearálaithe thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh le haghaidh na mac léinn gluaisteach ar fad in institiúidí ardoideachais uile na hEorpa, éascófar a rochtain ar an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta ar gach leibhéal. Beidh bainistíocht na soghluaisteachta níos éasca, níos éifeachtúla agus níos glaise dá bharr. Má áirithítear gur féidir gach mac léinn Eorpach a shainaithint go huathúil thar theorainneacha agus thar uirlisí digiteacha, éascófar leis sin seoladh na gCártaí Mic Léinn Eorpaigh ar fud na nEorpa agus cumasófar leis digitiú iomlán na bainistíochta a bhaineann le soghluaisteacht mac léinn Erasmus+, ón iarratas go dtí eisiúint na gcreidiúintí staidéir.
Oibreoidh na ceithre thionscnamh shuaitheanta sin ar bhonn sineirge le chéile agus rannchuideoidh siad le creat um chomhar Eorpach san earnáil ardoideachais. Rannchuideoidh siad le tionchar a imirt ar fhíor-fhéiniúlacht Eorpach, rud a bhainfidh leibhéal níos airde amach don chomhar trasnáisiúnta agus a chothóidh muintearas láidir Eorpach.
Ina theannta sin, agus tairbhe á baint ag ollscoileanna as an neamhspleáchas agus an reachtaíocht náisiúnta i lámha na mBallstát, is dúshlán leanúnach é a áirithiú go bhfuil trédhearcacht iomlán ag baint leis na curaclaim agus na cáilíochtaí, agus nach mbeidh difríochtaí ina mbac le saorghluaiseacht mac léinn, acadóirí agus taighdeoirí. An dearbhú cáilíochta a áirithiú, sin an bunús le hiontaoibh fhrithpháirteach lena gcumasaítear comhar domhain agus soghluaisteacht shaoráideach. Sin an fáth a moltar Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus Aitheantas, lena ndearbhaítear cáilíocht na gcáilíochtaí, lena ndigitítear iad agus lena n‑aithnítear iad go huathoibríoch ar fud na hEorpa, rud a chuirfidh deireadh leis an maorlathas atá ina bhac ar an tsoghluaisteacht, ar an rochtain ar fhoghlaim agus oiliúint bhreise nó ar dhul isteach sa mhargadh saothair. Ar bhonn sineirge leis an gClár Oibre Beartais LET, cuirfidh Tionscnamh Eorpach Barr Feabhais leis an bhfeabhas san eolaíocht agus maidir le luach a shannadh don eolas in ollscoileanna na hEorpa, agus feabhsóidh sé iomaíochas domhanda na nOllscoileanna Eorpacha i bpríomhréimsí amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Leathnú chuig 60 Ollscoil Eorpacha lena n‑áireofar 500 ollscoil faoi lár 2024, le buiséad táscach Erasmus+ ar luach iomlán EUR 1,1 billiún le haghaidh 2021-2027.
- Obair i dtreo reacht dlíthiúil maidir le comhghuaillíochtaí ollscoileanna faoi lár 2024: tionscadal píolótach a thionscnamh amhail ó 2022 faoi Erasmus+ maidir le cur chun feidhme ionstraimí Eorpacha atá ann cheana.
- Iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna agus na bearta riachtanacha maidir le céim Eorpach chomhpháirteach a bhaint amach faoi lár 2024: na chéad bhearta a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach amhail ó 2022 faoi Erasmus+ maidir le céim Eorpach chomhpháirteach a bhaint amach, go háirithe critéir Eorpacha a fhorbairt chun lipéad Céime Eorpaí a dhámhachtain.
- Tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh a uas-scálú trí leas a bhaint as Aitheantóir Uathúil Eorpach do Mhic Léinn a bheidh ar fáil do gach mac léinn gluaisteach in 2022 agus do gach mac léinn in ollscoil san Eoraip faoi lár 2024.
- An Moladh maidir le breis comhair Eorpaigh i nDearbhú Cáilíochta san ardoideachas a athbhreithniú in 2023 chun Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus Aitheantas a fhorbairt a thuilleadh.
- Tuairisciú in 2022 ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le huathaitheantas frithpháirteach a chur chun cinn i ndáil le cáilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus torthaí tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch, agus tacú leis na Ballstáit.
- Moladh ón gComhairle maidir le ‘Caidreamh a chothú le haghaidh comhar Eorpach éifeachtach um an ardoideachas’ a mholadh chun comhar trasnáisiúnta níos doimhne a éascú.
3.2Tacaíocht airgeadais leormhaith don ardoideachas agus don taighde
Chun an t‑ionchuimsiú agus barr feabhais a bhaint amach, tá gá le cistiú iomchuí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Faoi láthair, caitheann na Ballstáit 0,8 % dá n‑olltáirgeacht intíre, ar an meán, ar an oideachas treasach, sa raon ó 0,3 % go dtí 1,7 %. Is é 0,48 % den olltáirgeacht intíre meánchaiteachas an rialtais ar thaighde agus forbairt in institiúidí ardoideachais san Eoraip. Tá lorg mór tearc-chistithe le sonrú ar earnáil ardoideachais an Aontais, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe ar líon na mac léinn agus ar fhreagrachtaí na n‑ollscoileanna.
Tá an cistiú Eorpach tábhachtach d’ollscoileanna chun an cistiú náisiúnta mar fhoinse ioncaim a chomhlánú, ach freisin mar ardán don chomhar acadúil Eorpach agus idirnáisiúnta. Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, táthar le hinfheistíocht nach beag a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun tacú le hollscoileanna, méid ar luach measta EUR 80 billiún thar an tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027. Mar sin tairbheoidh an earnáil ardoideachais de leibhéal nach bhfacthas riamh de chistiú Aontais ó fhoinsí éagsúla, lena n‑áirítear ó Erasmus+, Fís Eorpach, Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, na cistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte nó InvestEU. Is uirlis airgeadais aisti féin gach ceann de na foinsí cistithe sin, agus tá a cuspóir agus misean sonrach féin aici.
Cé go bhfuil méideanna móra i gceist le cistí agus cláir Aontais, is ceart iad a chur ag oibriú in éineacht le cistiú poiblí náisiúnta leormhaith agus infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha eile seachas iad a chur in ionad an chistithe phoiblí agus na n‑infheistíochtaí sin. Tá sé ríthábhachtach do na Ballstáit agus do ghníomhaithe san earnáil ardoideachais úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí AE agus féachaint le sineirgí a chruthú le cistiú náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun iarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí na dtíortha a shlógadh i dtreo na físe coitinne mar a leagtar amach í sa straitéis Eorpach seo d’ollscoileanna.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- An rochtain ar chistiú Aontais agus náisiúnta a éascú i gcás tionscadail cháilíochta nárbh fhéidir iad a chistiú faoi Erasmus+: ar an gcéad dul síos, cuirfear deimhniú ón gCoimisiún ar fáil lena thástáil le haghaidh Ghlao ar Thograí na nOllscoileanna Eorpacha 2022; ar an dara dul síos, d’fhéadfaí an Séala Barr Feabhais a chur chun feidhme faoi Erasmus+, mar atá á dhéanamh faoi láthair faoin gclár Fís Eorpach.
- Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chláir an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, conair infheistíochta a fhorbairt lena gcuirtear cistiú réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach san áireamh.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- A oiread tairbhe is féidir a bhaint as idirghníomhú Aontais, trí fhéachaint le sineirgí a chruthú leis an maoiniú náisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs na nOllscoileanna Eorpacha.
- Sásraí cistithe leordhóthanacha a fhorbairt d’ollscoileanna.
- Tacú le hathchóirithe ardoideachais tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla.
- Solúbthacht maidir le cláir chistithe a áirithiú chun an idirdhisciplíneacht a chumasú.
4Tithe solais lena dtaispeánfar ár ndóigh bheatha Eorpach
4.1An cháilíocht agus an ábharthacht a neartú maidir le scileanna a sheasfaidh an aimsir
Tá gá le dul i ngleic ar bhealach córasach cuimsitheach le gairmeacha acadúla, agus freagairt do ghlao na Comhairle chun struchtúir ghairme sholúbtha mhealltacha a chur chun cinn agus chun dálaí oibre a fheabhsú. Le measúnú gairme ba cheart éagsúlacht ghníomhaíochtaí na n‑acadóirí a chur san áireamh, amhail teagasc, taighde, fiontraíocht, bainistíocht nó ceannaireacht. Is é aidhm do Mholadh ón gComhairle maidir le Comhshocrú i ndáil le Taighde agus Nuálaíocht san Eoraip mealltacht gairmeacha sa taighde a fheabhsú agus rochtain níos fearr ar eolaíocht den chéad scoth a áirithiú.
Tá ról ríthábhachtach ag ollscoileanna maidir le cosc a chur ar mhímheaitseálacha scileanna agus bacainní a d’fhéadfadh cur isteach ar théarnamh na hEorpa, agus maidir le cur ar a gcumas d’fhoghlaimeoirí forbairt mar smaointeoirí cruthaitheacha criticiúla, mar dhaoine atá in ann fadhbanna a réiteach agus mar shaoránaigh fhreagracha a bhfuil ar a gcumas tabhairt faoi fhoghlaim ar feadh an tsaoil. In 2021 chuir an Coimisiún togra i láthair i ndáil le Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheachta. Na bearta leantacha meara a rinne an Chomhairle, cabhróidh siad maidir le slógadh an ardoideachais chun tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil agus chun rannchuidiú le hathsciliú agus uas‑sciliú gairmiúil a fhreastalóidh ar na riachtanais nua agus na riachtanais atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair.
Trí thimpeallachtaí oideachais, taighde agus nuálaíochta den scoth, cumasaítear scileanna ardleibhéil a fhorbairt, eolas ceannródaíoch a chruthú agus an t‑eolas sin a aistriú go feidhmeanna praiticiúla. I dtaca leis sin, tá tairbhe fhrithpháirteach ag baint le comhar i measc ollscoileanna agus leis na héiceachórais thionsclaíocha, ós rud é go dtacaíonn an earnáil ardoideachais le forbairt scileanna le haghaidh na n‑earnálacha tionscail agus gnó, mar aon le críocha a bhaineann leis an bhforbairt phearsanta. Ba cheart tuilleadh deiseanna a bheith ag foghlaimeoirí chun tairbhiú de chúrsaí oiliúna, taithí a fháil ar ghnólachtaí nuathionscanta, agus a bheith rannpháirteach mar ghníomhaithe athraithe ina bpobal chun tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí thart timpeall orthu. Tá oideachas agus oiliúint fiontraíochta a fheabhsaíonn eolas agus scileanna gnó fíor-riachtanach, go háirithe le haghaidh FBManna. I dtaca leis sin, ba cheart tuilleadh sineirgí a chur chun cinn idir comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus na hIonaid Barr Feabhais Gairme.
Chun oideachas ábhartha den scoth a bhaint amach, tá gá le tacaíocht freisin chun nuálaíocht oideolaíochta a spreagadh, agus í dírithe ar na foghlaimeoirí, mar aon le réimse éagsúil spásanna foghlama agus conairí solúbtha idirdhisciplíneacha. Ba cheart cruthú ‘saotharlanna beo’ a chur chun cinn mar dhea-eiseamláir den chaoi ar féidir mic léinn a oiliúint chun tabhairt faoi dhúshláin ar bhealach iomlánaíoch, thar dhisciplíní, agus den chaoi ar féidir tacú le scileanna na mac léinn maidir le smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, agus scileanna cruthaitheacha agus fiontraíochta.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Faoi 2023, creat Eorpach maidir le gairmeacha mealltacha inbhuanaithe san ardoideachas a mholadh, ar bhonn sineirge leis an gcreat um ghairmeacha taighde a forbraíodh faoi LET.
- Tacú le forbairt scileanna a sheasfaidh an aimsir agus le hinniúlachtaí fiontraíochta céimithe, agus tacú le comhdhearadh curaclam idir an earnáil tionsclaíochta – lena n‑áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide – agus institiúidí ardoideachas in earnálacha tionsclaíocha a bhfuil tábhacht straitéiseach leo arna sainaithint sa straitéis tionsclaíoch nuashonraithe, a cuireadh chun feidhme trí Chomhghuaillíochtaí Erasmus+ um Chomhar Earnála maidir le Scileanna agus a rannchuidíonn le conairí aistrithe na n‑éiceachóras .
- An lipéad Institiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a leathnú chuig gníomhaíochtaí foghlaim ar feadh an tsaoil amhail modúil agus cláir mheantóireachta, athscilithe agus uas-scilithe, agus an lipéad EIT a oscailt lasmuigh den oideachas acadúil.
- Tacú le glacadh an chreata inniúlachta airgeadais chomhpháirtigh AE/ECFE-INFE chun tacú le folláine airgeadais na n‑aosach i gcaitheamh a saoil.
- Borradh a chur faoi chúrsaí oiliúna Erasmus+ ar an gcoigríoch, chun líon breis is 100 000 oiliúnaí a bhaint amach gach bliain, trí mheasúnuithe piaraí agus chúrsaí oiliúna do mhic léinn i ngnólachtaí nuathionscanta agus eagraíochtaí fiontraíochta.
- Cuir chuige nua nuálacha i leith na foghlama agus an teagaisc a phríomhshruthú, lena n‑áirítear ‘saotharlanna beo’, ar leibhéil an Bhaitsiléara, na Máistreachta agus na Dochtúireachta, trí na cláir Erasmus+ agus Fís Eorpach.
- Bosca uirlisí aistrithe a fhorbairt le haghaidh na n‑ollscoileanna agus na mBallstát: Suirbhéanna rianaithe Eurograduate, HEInnovate 2.0 agus Seirbhísí Luasghéaraithe le haghaidh ollscoileanna faoin gclár Fís Eorpach.
- Mar chuid de na Moil LET, ról na n‑ollscoileanna in éiceachórais nuálaíochta áitiúla a dhaingniú, amhail inniúlachtaí aistrithe teicneolaíochta a neartú agus a chomhroinnt, trí sheach-chuideachtaí agus trí infheistíocht chomhpháirteach a chur chun cinn ar bhonn sineirge le InvestEU.
- Ról na n‑ollscoileanna a neartú maidir le ERA4You a chur chun feidhme trí shoghluaisteacht idir earnálacha a chur chun cinn, go háirithe idir an lucht acadúil agus gnólachtaí.
- Tacaíocht Eorpach a sholáthar amhail ó 2023 le haghaidh Nuálaithe ag an scoil, le haghaidh comhpháirtíochtaí scoile ina n‑iarrfar ar dhaoine atá ar thús cadhnaíochta i ngnólachtaí nuathionscanta a bheith ina n‑ambasadóirí agus ina meantóirí chun daoine óga a spreagadh, agus chun iarraidh orthu smaointe agus réitigh nua a fhorbairt.
- Tacaíocht Eorpach a sholáthar amhail ó 2023 – lena n‑áirítear sraith uirlisí le haghaidh ollscoileanna – maidir le gorlanna a fhorbairt laistigh d’institiúidí ardoideachais, i ndlúthchomhar leis an earnáil fiontraíochta, chun cabhrú le fiontraithe mic léinn a smaointe a fhorbairt agus gnólachtaí a dhéanamh díobh.
- Aonach Tallainne Eorpach bliantúil a eagrú, ina dtabharfar le chéile mic léinn, taighdeoirí ag tús a ngairmréime, scoláirí, gnólachtaí nuathionscanta, an earnáil tionsclaíochta agus infheisteoirí, chun tallann, gnó agus deiseanna fostaíochta a chur chun cinn ar fud na hEorpa, tionscnamh a mbeidh an chéad eagrán de ar siúl faoi ‘Chathair Eorpach na hEolaíochta’ 2022 in Leiden.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cineálacha cur chuige idirdhisciplíneacha a éascú agus a chur chun cinn, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chreidiúnú institiúideach, measúnú acadúil, luaíochtaí agus forbairt ghairmiúil.
- Cothroime measa a chur chun cinn idir conairí gairme acadúla agus tuilleadh solúbthachta a sholáthar le haghaidh gairmeacha acadúla, lasmuigh de réimse na hacadúlachta freisin.
4.2Éagsúlacht, ionchuimsitheacht agus comhionannas inscne a chothú
Mar a leagtar amach sa chéad phrionsabal faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ‘tá an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán’. Tá ardleibhéal inrochtaineachta ar an ardoideachas san Eoraip i gcomparáid leis an gcuid eile den domhan. Mar sin féin, tá tearc-ionadaíocht i gceist fós i measc mic léinn, foirne acadúla agus taighdeoirí i gcás grúpaí atá faoi míbhuntáiste nó a ndéantar idirdhealú ina n‑aghaidh (mionlaigh eitneacha, daoine a bhfuil cúlra imirce acu, nó atá faoi mhíchumas, daoine ó theaghlaigh bhochta, leanaí a bhfuil tuismitheoirí ar bheagán cáilíochtaí acu). D’ainneoin an rochtain ar an oideachas treasach a bheith á méadú, tá na córais ardoideachais fós roinnte go mór ina leibhéil dhifriúla. Is lú na deiseanna atá ag mic léinn den chéad ghlúin agus ag mic léinn ag a bhfuil cúlra imirceach nó mionlaigh oideachas treasach a bhaint amach san Aontas.
Tá bearnaí inscne san ardoideachas atá nár dúnadh go fóill. Cé go bhfuil níos mó mná ina mic léinn agus ina gcéimithe ag leibhéil na Baitsiléara agus na Máistreachta, agus cé go bhfuil cothromaíocht inscne beagnach bainte amach ag leibhéal na Dochtúireachta, tá difríochtaí móra inscne ann thar réimsí staidéir – sna réimsí ETIM, is mná iad níos lú ná trian de na mic léinn ag leibhéil na Baitsiléara agus na Máistreachta, agus is mná iad 37 % de na hiarrthóirí dochtúireachta. D’ainneoin dul chun cinn éigin le roinnt blianta anuas, is é 26 % fós an sciar de mhná a bhfuil ollúnacht iomlán nó róil choibhéiseacha acu san Aontas, agus is céatadán íseal é sin.
Tá gá le tuilleadh athruithe institiúideacha chun an comhionannas deiseanna a bhaint amach dáiríre in ollscoileanna.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Creat Eorpach um éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a fhorbairt, lena n‑áirítear bearnaí inscne, trína sainaithneofar dúshláin agus réitigh d’ollscoileanna, mar aon le tacaíocht riachtanach na n‑údarás áitiúil.
- Aghaidh a thabhairt ar thearc-ionadaíocht na mban i réimsí ETIM trí threochlár lena n‑áirítear forógra ó ollscoileanna atá dírithe ar ETI(E)M faoi oideachas ETI(E)M inscne-ionchuimsitheach.
- Tacaíocht le haghaidh taighdeoirí atá i mbaol agus treoirphrionsabail d’ollscoileanna chun a n‑ionchuimsiú a éascú.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Na hollscoileanna a spreagadh chun athruithe institiúideacha a dhéanamh trí bhearta nithiúla maidir le héagsúlacht agus ionchuimsiú, lena n‑áirítear spriocanna deonacha cainníochtaithe don ionchuimsiú agus pleananna comhionannais inscne ionchuimsitheacha, a chuirfidh le Communiqué na Róimhe.
- Scéimeanna tacaíochta náisiúnta a fhorbairt agus tacú le rochtain ar an ardoideachas do dhídeanaithe agus dóibh siúd atá ag lorg tearmainn, lena n‑áirítear conairí comhlántacha a bhunú agus a scálú le haghaidh mic léinn ar dídeanaithe iad, mar aon leis an tacaíocht bhainteach, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le conairí dlíthiúla chun cosanta san Aontas.
4.3Luachanna daonlathacha Eorpacha a chur chun cinn agus a chosaint
Is gá an tsaoirse a bheith chun tosaigh in ollscoileanna: maidir le caint, smaoineamh, foghlaim, taighde agus saoirse acadúil i gcoitinne. Ní féidir an tsaoirse acadúil a scoitheadh amach ón neamhspleáchas institiúideach ná ó rannpháirtíocht na mac léinn agus na foirne sa rialachas ardoideachais.
An tsaoirse acadúil a áirithiú in institiúidí ardoideachais, tá sé sin i gcroílár na mbeartas ardoideachais uile arna bhforbairt ar leibhéal an Aontais, agus i bPróiseas Bologna. Is réamhchoinníoll bunúsach é le haghaidh chruthú an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus an Limistéir Eorpaigh Taighde. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de na bunluachanna acadúla. Le tamall de bhlianta anuas, feicimid go bhfuil siad á mbagairt i bhformáidí difriúla agus in áiteanna difriúla, fiú san Aontas féin. Tá míchothroime ag baint le neamhspleáchas na n‑institiúidí ardoideachais san Eoraip. Iarrtar ar an Aontas agus ar a Bhallstáit na bunluachanna sin a chaomhnú go gníomhach, a chothú agus a chosaint trína mbeartais agus trí dheiseanna cistithe, agus eagraíochtaí ina ndéantar taighde a chosaint ar chur isteach eachtrach.
Tá ról ríthábhachtach ag ollscoileanna maidir le saoránacht ghníomhach, caoinfhulaingt, comhionannas agus éagsúlacht, oscailteacht agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn ar mhaithe le comhtháthú sóisialta agus iontaoibh shóisialta bhreise, agus ar an gcaoi sin daonlathais Eorpacha a chosaint. Tá ról gníomhach ag na hollscoileanna maidir le céimithe a ullmhú le bheith ina saoránaigh Eorpacha eolacha. Trí theagasc agus trí ghníomhaíochtaí chun feasacht a ardú, tacaíonn siad le luachanna Eorpacha a dhaingniú sa tsochaí agus trí sheasamh leis an déine eolaíochta, cabhraíonn siad maidir leis an iontaoibh san eolaíocht a neartú.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Cairt Ardoideachais Erasmus nua agus Cairt Mic Léinn Erasmus nua a sheoladh agus faireachán a dhéanamh orthu, ina ndéantar an tsaoirse agus an tsláine acadúil a chomhtháthú.
- Deiseanna nua a chruthú chun díospóireachtaí acadúla a chothú agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le luachanna agus daonlathas mar chuid de ghníomhaíochtaí ardoideachais Jean Monnet Erasmus+, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh i dtríú tíortha.
- Prionsabail threoracha a mholadh in 2024 maidir leis na bunluachanna acadúla a chosaint bunaithe ar Communiqué na Róimhe, ar bhonn sineirge leis an ngníomhaíocht a forbraíodh faoi LET, arb aidhm di plean gníomhaíochta a fhorbairt chun an tsaoirse acadúil agus saoirse an taighde eolaíoch san Eoraip a chosaint, bunaithe ar Dhearbhú Bonn
- Tacaíocht a sholáthar le haghaidh chur i bhfeidhm na dtreoirlínte maidir le cur isteach eachtrach sa taighde agus sa nuálaíocht.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tacú leis an éagsúlacht laistigh den earnáil ardoideachais Eorpach
- Neamhspleáchas na n‑ollscoileanna a neartú agus meas a léiriú air i ngach ngné a bhaineann leis.
- An tsaoirse agus an tsláine acadúil a chur chun cinn agus a chosaint.
5Gníomhaithe ar son an athraithe maidir leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach
5.1Scileanna, inniúlachtaí agus nuálaíocht teicneolaíochta a fhorbairt don aistriú glas
Is príomhghníomhaithe iad ollscoileanna ar son an aistrithe ghlais agus ar son domhan níos inbhuanaithe. Tá ról tábhachtach acu maidir le taighde a dhéanamh chun réitigh a aimsiú ar dhúshláin chomhshaoil agus aeráide, i gcomhar leis an earnáil tionsclaíochta agus leis an tsochaí, d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach, an cailleadh bithéagsúlachta a chur ina cheart agus an truailliú a stopadh, agus maidir le litearthacht aeráide agus comhshaoil a fhorbairt le haghaidh na mac léinn ar fad sna leibhéil agus sna disciplíní uile trí chéile, agus le haghaidh an phobail i gcoitinne trí rannpháirtíocht pobail. Ina theannta sin is féidir le hollscoileanna feidhmiú mar eiseamláirí den inbhuanaitheacht comhshaoil trína mbonneagar agus a n‑oibríochtaí. Ar deireadh, féadann torthaí na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bheith ina mbunús láidir le haghaidh beartais, nuálaíocht agus bearta a bhaineann leis an gcomhshaol.
Chuir an Coimisiún tograí i láthair le déanaí i ndáil le Moltaí ón gComhairle maidir le foghlaim ar son na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus maidir le micridhintiúir le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheachta. Cabhróidh bearta leantacha meara na Comhairle maidir leis na Ballstáit a shlógadh chun tacú lena n‑ollscoileanna agus a mic léinn chun bheith ina ngníomhaithe athraithe don aistriú glas, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh ó thaobh foghlaim ar feadh an tsaoil de. Tairgtear le comhpháirtíochtaí agus misin an chláir Fís Eorpach deiseanna den scoth chun sineirgí a dhéanamh, mar shampla, in earnálacha amhail an t‑iompar atá saor ó astaíochtaí agus ceallraí a fhoinsítear go hinbhuanaithe, earnálacha ina n‑éilítear scileanna nua.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Tacú le hiarrachtaí na mBallstát trí phiarfhoghlaim agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt maidir le cuir chuige uile-institiúideacha i leith na hinbhuanaitheachta, na haeráide agus na litearthachta comhshaoil. Cineálacha cur chuige nuálacha teagaisc agus foghlama a chothú. Tacú le hollscoileanna tríd an gClár Erasmus+ chun an inbhuanaitheacht comhshaoil a phríomhshruthú ina mbonneagar agus a n‑oibríochtaí trí chéile.
- Tacú le forbairt gearrchúrsaí foghlama ag ollscoileanna, i gcomhar le gníomhaithe socheacnamaíocha, maidir le scileanna don aistriú glas, scileanna a mbainfear micridhintiúir amach mar thoradh orthu
- Tacú le Ceannródaithe Aeráide san Ardoideachas, atá ina ardán le haghaidh comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir mic léinn, acadóirí, ollscoileanna, fostaithe agus pobail maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an aeráid, ardán a chuireann le hOideachas le haghaidh Comhghuaillíocht Aeráide agus le hAmbasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh.
- ‘Sráidbhailte glasa’ a chur chun cinn mar bhealach chun campais ollscoile a oscailt do phobail, chun an eolaíocht a dhéanamh níos inrochtana do shaoránaigh, le tacaíocht ón gclár Fís Eorpach, a misin san áireamh.
- An tionscnamh Erasmus+ nua Glas agus Gorm a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh air, chun gníomhaíocht a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide a spreagadh. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Chairt Ardoideachais Erasmus agus na Cairte Glaise maidir le clár Gníomhaíochta Marie Skłodowska-Curie.
- Tacú le hAcadamh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí arna reáchtáil ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, chun an lucht saothair i slabhra luacha an tionscail ceallraí a uas-sciliú agus a athsciliú.
- Tacú le cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta straitéiseacha um thaighde agus nuálaíocht lena gcuirfear an claochlú fuinneamh ghlais agus glasú na bpríomh-éiceachóras tionsclaíoch i gcrích.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tacú le hollscoileanna maidir lena gcuir chuige uile-institiúideacha i leith na hinbhuanaitheachta, lena n‑áirítear a gcineálacha cur chuige maidir le scileanna glasa, agus tacú le príomhról na n‑ollscoileanna i dtaca leis an nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí glasa nua; agus na hollscoileanna le bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú glas.
5.2Scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt agus an nuálaíocht a chur chun cinn ar son an aistrithe dhigitigh
Mar gheall ar an aistriú digiteach tá ról bunúsach ag ollscoileanna maidir leis na scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a thabhairt do mhic léinn agus do thaighdeoirí a mbeidh gá leo sa saol nua agus maidir le nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn.
Le linn phaindéim COVID-19, léirigh an earnáil ardoideachais a ábalta a bhí sí oiriúnú a dhéanamh do na cúinsí nua. Tuigeadh nach féidir réitigh dhigiteacha a chur in ionad gníomhaíochtaí fisiciúla go hiomlán agus nach ceart déanamh amhlaidh. Ba cheart an todhchaí a bheith bunaithe ar réitigh hibrideacha lena léirítear cothromaíocht mhaith idir láithreacht fhisiciúil agus uirlisí digiteacha. Féadann ollscoileanna forbairt nuálach na teicneolaíochta oideachais a chothú freisin trí sheach-chuideachtaí nó cuideachtaí i mbun fáis, agus tairbhe a bhaint as acmhainneacht thionscal na Teicneolaíochta Oideachais Eorpaí, atá ag síorfhás.
Tá an Coimisiún tar éis idirphlé struchtúrtha a chur ar bun leis na Ballstáit maidir le hoideachas agus scileanna digiteacha chun teacht ar chomhaontú comhpháirteach faoi na príomhfhachtóirí cumasúcháin lena gcumasaítear oideachas agus oiliúint dhigiteach atá éifeachtach ionchuimsitheach. Tá príomhról ag ollscoileanna maidir le lucht saothair a chothú a mbeidh ar a chumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe dhigitigh amach anseo. I dtaca leis sin, is den ríthábhacht tairiscint oideachais speisialaithe i réimsí digiteacha amhail intleacht shaorga, cibearshlándáil nó néalríomhaireacht, chomh maith le micrileictreonaic. Ceann de na príomhbhaic is ea ganntanas scileanna san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM). Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag teicneolaíochtaí digiteacha le gach earnáil den gheilleagar, is gá do gach mac léinn freisin, mar shampla, iad siúd a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar an leigheas, an riarachán gnó agus an talmhaíocht, foghlaim conas na teicneolaíochtaí sin a úsáid ag ardleibhéal ina ngairmeacha beatha.
I rith na ndeich mbliana atá romhainn amach, is gá dúinn ‘ollscoileanna nasctha’ a bhaint amach dáiríre. Chuige sin, is é an príomhrud inniúlacht agus bonneagar digiteach leormhaith a bheith ar fáil in ollscoileanna. Chun úsáid níos leithne modhanna digiteacha a chinntiú, beidh sé riachtanach brath ar theicneolaíochtaí agus ar ardáin iontaofa nua, a éileoidh idir-inoibritheacht, a mbeidh bonn láidir Eorpach leo, agus ar cheart dóibh a bheith ag freastal ar na riachtanais oideachais agus taighde ar bhealach comhtháite. An tráth céanna, tá gá le caighdeáin choiteanna oscailte, a chuirfidh ar a gcumas d’ollscoileanna smacht níos fearr a choinneáil ar a sonraí chun comhar éifeachtach a bhaint amach.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Tacaíocht a sholáthar le haghaidh comhar trasnáisiúnta chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha mac léinn, foirne agus taighdeoirí ar gach aois a fhorbairt, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach.
- Tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach, tacaíocht a sholáthar le haghaidh cláir oideachais agus oiliúna speisialaithe i dteicneolaíochtaí digiteacha ar thús cadhnaíochta agus le haghaidh cúrsaí ildisciplíneacha maidir le hintleacht shaorga, cibearshlándáil, micrileictreonaic agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta.
- Mar bheart leantach ar staidéar féidearthachta a rinneadh i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, tacú le seoladh agus leathadh amach ardáin Eorpaigh spriocdhírithe chun comhar a chur chun cinn idir institiúidí ardoideachais, agus an comhar sin comhoiriúnach leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) agus idir-inoibritheach le caighdeáin Eorpacha eile.
- Mar chuid de ghníomhaíochtaí Erasmus+ Jean Monnet, tacú le bearta tiomnaithe chun aitheantas a thabhairt ar leibhéal an Aontais d’iarrachtaí ollscoileanna a bhfuil an t‑aistriú digiteach á bhrú ar aghaidh acu ar fud an Aontais
- Na hollscoileanna a stiúradh maidir le treoirlínte agus prionsabail a fhorbairt i gcomhar le chéile lena gceadófar rochtain fhrithpháirteach ar sheirbhísí agus lena gcumasófar malartú saoráideach eolais agus sonraí, rud a léiríonn an gá le hidir-inoibritheacht agus le hoscailteacht.
Anuas ar an méid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tacú le forbairt scileanna digiteacha mac léinn ar gach aois, foirne agus taighdeoirí, inniúlacht dhigiteach na n‑ollscoileanna, mar aon le príomhról na n‑ollscoileanna maidir le nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha nua, agus na n‑ollscoileanna a bheidh chun tosaigh maidir leis an aistriú digiteach.
6Fórsa a spreagfadh ról agus ceannaireacht dhomhanda an Aontais
Is gá don Eoraip níos mó ná riamh teagmháil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan. Tá ról lárnach ag na hollscoileanna maidir le naisc na hEorpa leis an domhan a fhorbairt agus maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain. Is ríthábhachtach an ról atá acu maidir leis an bhfianaise a ghiniúint atá ina bonn le beartais eachtracha agus slándála, comhaontuithe idirnáisiúnta agus gníomhaíocht iltaobhach na hEorpa. Ós rud é gur príomhghníomhaithe iad i dtaidhleoireacht na heolaíochta, cabhraíonn siad maidir le caidreamh a chothú.
Is ceannródaí an Eoraip anois maidir le comhar san ardoideachas. I gcás an-chuid réigiún, tíortha agus ollscoileanna ar fud an domhain, tá an t‑eispéireas Eorpach tar éis straitéisí nua a spreagadh iontu i dtreo idirnáisiúnú nó comhar réigiúnach. Dá bhrí sin tá comhar níos doimhne i measc institiúidí Eorpacha fite fuaite lena ngné dhomhanda a chomhtháthú. An tráth céanna, tá sé fíor‑riachtanach tacú le neartú an ardoideachais i dtíortha comhpháirtíochta.
I gcomhréir le straitéis na Tairsí Domhanda, tá ollscoileanna na hEorpa fíor-riachtanach do thíortha comhpháirtíochta maidir le cabhrú leo a gcórais oideachais a chlaochlú agus soghluaisteacht mac léinn, foirne, teagascóirí agus oiliúnóirí a éascú, de mheon tairbhe fhrithpháirteach agus cómhalartachta. Is iad na hollscoileanna freisin a spreagann neartú an chomhair maidir le taighde agus nuálaíocht.
An éagsúlacht agus an seasamh idirnáisiúnta a bhaineann le córais oideachais an Aontais, chomh maith le stádas na hEorpa mar an soláthraí comhair is mó maidir leis an ardoideachas, is sócmhainn mhór ar bhonn carnach é sin a bhféadfaí tairbhe a bhaint aisti. An taithí atá ag an Aontas maidir le saincheisteanna i dtaca le haitheantas trasteorann, dearbhú cáilíochta agus creidiúnú, tá sí ina bonn leis an gcomhar agus an comhtháthú réigiúnach i limistéir gheografacha níos leithne.
Trí thallanna ó gach cearn den domhan a mhalartú agus caidreamh láidir a chothú le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, agus trí luachanna acadúla agus Eorpacha a chur chun cinn, tá na hollscoileanna ina gcuid de chumhacht bhog na hEorpa. Is gá don Eoraip an cháil sin a neartú agus cur léi, agus cothroime a bhaint amach sna Ballstáit trí chéile maidir leis na láidreachtaí sin. Cabhróidh sin dá réir maidir le mealltacht na hEorpa a mhéadú, ní mar cheann scríbe staidéir amháin ach mar chomhpháirtí comhair aonchineálach maidir leis an oideachas, an taighde agus an nuálaíocht freisin.
Tá an Coimisiún sásta an méid seo a leanas a dhéanamh:
- oibriú i gcomhpháirt leis na Ballstáit chun tairiscint ardoideachais agus comhar idirnáisiúnta na hEorpa a chur chun cinn de réir chur chuige Fhoireann na hEorpa. Ciallaíonn sin: an tairseach ‘Staidéar san Eoraip’ a fhorbairt chun malartuithe idirnáisiúnta a chothú; an phiarfhoghlaim a neartú i measc ollscoileanna agus gníomhaireachtaí maidir leis an idirnáisiúnú; comhpháirtíochtaí a neartú le réigiúin tosaíochta amhail na Balcáin Thiar, an Chomharsanacht agus an Afraic, bunaithe ar an gcómhalartacht, agus teagmháil níos fearr a chothú le líonraí alumni agus leas méadaithe a bhaint astu.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Soghluaisteacht a chothú idir an Eoraip agus réigiúin eile sa domhan: iarraidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta ábhartha a eagrú go háirithe, d’fhonn ceadanna/víosaí a eisiúint go tráthúil do mhic léinn tríú tíortha ionas gur féidir leo an bhliain acadúil san Aontas a thosú in am, agus meas á léiriú ar Threoir na Mac Léinn agus na dTaighdeoirí.
- Tacú le cuibhreannais ollscoileanna atá chun tosaigh ar fud an domhain chun cláir Mháistreachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, trí ghlaonna chun Máistreacht Chomhpháirteach Erasmus Mundus a chruthú lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin dhomhanda.
- Tacú le haitheantas trédhearcach cóir cáilíochtaí tríú tíortha, lena n‑áirítear cáilíochtaí dídeanaithe, tríd an líonra ionad um aitheantas acadúil agus uirlisí trédhearcachta an Aontais (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, na Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim).
7An chaoi a dtabharfar i gcrích é: faireachán agus rialachas
Tuairisceofar ar an dul chun cinn maidir leis an straitéis seo a chur chun feidhme trí chreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus trí rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde. Déanfaidh an Coimisiún staid na himeartha a mheas ina Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn faoin Limistéar Eorpach Oideachais agus trí chóras faireacháin an Limistéir Eorpaigh Taighde. Cuirfidh sin ar a gcumas don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach in idirphlé straitéiseach maidir leis an dul chun cinn atá déanta agus na réimsí ar cheart ár mbeartais agus ár dtacaíocht a dhíriú orthu.
In 2023, cuirfidh an Coimisiún Faireachlann Eorpach um an Earnáil Ardoideachais ar bun mar chuid den phróiseas seo chun fianaise a sholáthar faoin dul chun cinn atá déanta. San Fhaireachlann sin déanfar na huirlisí sonraí agus na hinniúlachtaí AE is fearr dá bhfuil ann faoi láthair a thabhairt le chéile in aon láthair amháin, agus an tráth céanna feabhsófar a n‑úsáid agus a n‑ábharthacht a thuilleadh le haghaidh an lucht déanta beartas, ollscoileanna, mic léinn agus taighdeoirí. Na foinsí sonraí Eorpacha atá ann cheana a phríomhshruthú agus a uasghrádú, cuirfidh sin ar a gcumas d’institiúidí agus do rialtais a mbonn fianaise a láidriú i bpríomhréimsí amhail an t‑ionchuimsiú, torthaí foghlama, dul chun cinn maidir le scileanna digiteacha, glasa agus fiontraíochta, aistriú na teicneolaíochta, infhostaitheacht, riachtanais na mac léinn agus an mhargaidh saothair, gairmeacha taighde a neartú, an eolaíocht oscailte, ról na n‑institiúidí maidir le héiceachórais nuálaíochta, agus comhar trasnáisiúnta san earnáil ardoideachais. Leis an bhFaireachlann beifear in ann feidhmíocht na hearnála ardoideachais i réimsí éagsúla a chur i gcomparáid, a anailísiú agus a chur ar taispeáint. Trí chur leis na sineirgí i measc na n‑uirlisí sonraí atá ann cheana, áiritheofar léi faireachán spriocdhírithe cuspóirbhunaithe, a chuirfidh deireadh le forluí féideartha agus a laghdóidh an t‑ualach ar na hinstitiúidí ardoideachais maidir le bailiú sonraí.
Ceann de na rudaí a chuirfear ar fáil leis an bhFaireachlann is ea Scórchlár Eorpach um an Earnáil Ardoideachais chun measúnú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh san Aontas trí chéile maidir le príomhthosaíochtaí na straitéise seo: ionchuimsiú, luachanna, cáilíocht agus ábharthacht, soghluaisteacht, scileanna glasa agus digiteacha, infhostaitheacht, comhar trasnáisiúnta, aistriú na teicneolaíochta agus luach a shannadh don eolas.
Cumhdófar leis an bhfaireachán sin freisin leordhóthanacht na hinfheistíochta san ardoideachas agus sa taighde ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta agus institiúideacha. Chun na críche sin, úsáidfidh an Coimisiún torthaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le hInfheistíocht Ardcháilíochta san Oideachas agus Oiliúint.
Is iarraidh an Teachtaireacht seo le haghaidh comhar níos dlúithe idir tíortha agus gníomhaithe san earnáil ardoideachais laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais, den Limistéar Eorpach Taighde agus den Limistéar Eorpach Ardoideachais (EHEA, Próiseas Bologna). Tá gá le sineirgí i réimsí amhail an comhar trasnáisiúnta agus claochlú institiúideach ollscoileanna, tacaíocht le haghaidh bunluachanna acadúla agus saoirse eolaíoch, gairmeacha acadúla a fhorbairt, foghlaim nuálach idirdhisciplíneach, teagasc agus taighde, mar aon le hidirnascthacht idir na gnéithe sin, scaipeadh eolais, comhar idirnáisiúnta le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas agus an rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit:
- Faireachlann Eorpach um an Earnáil Ardoideachais , agus í dírithe ar shonraí, a chur ar bun in 2023, agus Scórchlár Eorpach um an Earnáil Ardoideachais mar ghné amháin a chuirfear ar fáil tríd an bhFaireachlann.
- Sineirgí a chur chun cinn idir an Limistéar Eorpach Oideachais, an Limistéar Eorpach Taighde agus an Limistéar Eorpach Ardoideachais ar bhealach solúbtha a bheidh oiriúnach don fheidhm.
8Conclúid: an bealach chun cinn
Leis an straitéis seo leagtar amach fís Eorpach le haghaidh thodhchaí na n‑ollscoileanna agus an chaoi ar féidir leis an Aontas tacú leo ar fud na hEorpa. Cuirfear an Teachtaireacht seo i láthair ag tús Bhliain Eorpach na hÓige 2022. Is gá don Eoraip infheistiú ina glúin óg chun bonn a chur faoi théarnamh agus athléimneacht na hEorpa agus chun an bhunchloch a leagan le haghaidh a fáis inbhuanaithe. Is iad an t‑oideachas agus an oiliúint comharthaí sóirt na céime sin sa saol. Tá sé de dhualgas orainn an deis a thabhairt do dhaoine óga scileanna agus inniúlachtaí ábhartha den scoth a bhaint amach. Ach an deis a thabhairt do gach Eorpach óg uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh, cabhróidh sin maidir leis an mbealach a réiteach le haghaidh Eoraip níos láidre, níos rathúla agus níos athléimní.
Leis an Teachtaireacht seo maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar a n‑ollscoileanna a neart a chur le chéile ar mhaithe leis an ardoideachas agus leis an Aontas Eorpach ina iomláine. Is cuireadh é chun machnaimh fhrithpháirtigh, chun díospóireachta agus chun comhoibre maidir leis an gcaoi ar féidir linn an ghné Eorpach san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht a fhorbairt i gcomhar le chéile ar bhealach trína gcuirfear acmhainneacht iomlán na n‑ollscoileanna chun tairbhe.
Ní féidir an straitéis seo a chur chun feidhme ach amháin i gcomhar le chéile. Iarrann an Coimisiún ar Ollscoileanna an obair laistigh dá n‑institiúidí agus dá mBallstáit a bhrú ar aghaidh chun tacú lena n‑ollscoileanna trí thacaíocht iomchuí maidir le beartais agus cistiú; agus tugann sé cuireadh do na Ballstáit, ollscoileanna, mic léinn, foirne acadúla, taighdeoirí agus dá gcomhpháirtithe laistigh d’éiceachórais nuálaíochta níos leithne seilbh a ghlacadh ar an straitéis agus gealltanais a chomhroinnt chun páirtithe eile a spreagadh.
Geallann an Coimisiún na hionstraimí uile atá ar fáil aige a shlógadh – bíodh baint acu leis an rialachas, an cistiú, an comhar nó an reachtaíocht – chun an straitéis seo a chur chun feidhme.
Príomhthosaíocht maidir leis an straitéis seo a thabhairt i gcrích is ea na hiarrachtaí a chomhordú idir an tAontas, na Ballstáit, na réigiúin, an tsochaí shibhialta agus an earnáil ardoideachais. Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle [Eorpach], na Ballstáit agus na hollscoileanna a bheith páirteach i bplé comhpháirteach faoin gclár oibre beartais seo agus obair a dhéanamh i gcomhpháirt le chéile i dtreo ollscoileanna a sheasfaidh an aimsir, ar mhaithe le glúin óg na hEorpa agus chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chothú ar mhaithe le daoine ar gach aois.