EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0116

P9_TA(2022)0116 Táirgí íocshláinte a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, na Cipire, na hÉireann agus Málta ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta freisin (COM(2021)0997 – C9-0475/2021 – 2021/0431(COD)) P9_TC1-COD(2021)0431 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta

IO C 434, 15.11.2022, p. 120–121 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 434, 15.11.2022, p. 83–84 (GA)

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 434/83


P9_TA(2022)0116

Táirgí íocshláinte a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, na Cipire, na hÉireann agus Málta ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta freisin (COM(2021)0997 – C9-0475/2021 – 2021/0431(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 434/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0997),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0475/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Feabhra 2022 (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Márta 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2021)0431

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/642.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le cógais a sholáthar don Chipir, d’Éirinn agus do Mhálta

Tá dúshláin ar leith ag gabháil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontais do na Ballstáit (an Chipir, Éire agus Málta) a bhíodh ag fáil cógas ón Ríocht Aontaithe nó ó chodanna di ar feadh blianta fada.

Aithníonn an Coimisiún an dul chun cinn atá déanta ag an gCipir, Éire agus Málta agus ag na hoibreoirí tionsclaíocha chun na hathruithe riachtanacha a chur chun feidhme chun an soláthar cógas reatha a éascú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas.

Chun slándáil an tsoláthair chógas a áirithiú go fadtéarmach, leagann an Coimisiún béim ar an ngá atá ann le go ndéanfadh gach páirtí lena mbaineann tuilleadh díchill le hoiriúnú na slabhraí soláthair don staid atá ann ó tharraing an Ríocht Aontaithe siar.

Tá an Coimisiún lántiomanta don tacaíocht atá sé a thabhairt don Chipir, d’Éirinn agus do Mhálta sna hiarrachtaí atá siad a dhéanamh le deireadh a chur leis na maoluithe sealadacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/641 (1) agus Treoir (AE) 2022/642 (2) laistigh de 3 bliana.

Chuige sin, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le lánurraim do dháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i réimse na gcógas a úsáideann an duine, beidh an Coimisiún ag faire go leanúnach ar gach a tharlaíonn sna Ballstáit lena mbaineann, agus seasfaidh sé go dlúth leis na húdaráis inniúla sa Chipir, in Éirinn agus i Málta sna hiarrachtaí atá siad a dhéanamh chun spleáchas a gcuid margaí intíre ar sholáthar táirgí íocshláinte ón Ríocht Aontaithe nó trí chodanna den Ríocht Aontaithe taobh amuigh de Thuaisceart Éireann.

Iarrfaidh an Coimisiún ar na húdaráis inniúla sa Chipir, in Éirinn agus i Málta faisnéis a sholáthar dó go tráthrialta i ndáil leis na hiarrachtaí sin.

Agus an fhaisnéis sin curtha san áireamh ag an gCoimisiún, tuairisceoidh sé i scríbhinn chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle laistigh de 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/641 agus Treoir (AE) 2022/642 maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta sa Chipir, in Éirinn agus i Málta i dtreo deireadh iomlán a chur leis na maoluithe de réir a chéile agus maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun seasamh go dlúth le húdaráis inniúla na mBallstát sin ina leith sin.

Cuirfidh an Coimisiún i gcuimhne do na hoibreoirí tionsclaíocha lena mbaineann ar gá dóibh fós a gcuid slabhraí soláthair a athrú gur cheart dóibh na hoiriúnuithe riachtanacha a dhéanamh go práinneach chun an rochtain ar chógais sna margaí beaga a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn a dhéanann oibreoirí a bhfuil baint acu le soláthar na gcógas sna Ballstáit sin a mhéid a bhaineann lena gcumas na ceanglais i leith dhlí an Aontais a chomhlíonadh, ceanglais a bhforáiltear maoluithe sealadacha ina leith le Rialachán (AE) 2022/641 agus Treoir (AE) 2022/642.

Sa bhreis air sin agus thar na bearta riachtanacha a dhéanfar láithreach, faoi mar a chuirtear in iúl sa “Straitéis Chógaisíochta don Eoraip” (3), déanfaidh an Coimisiún tograí faoi dheireadh na bliana 2022 maidir le reachtaíocht chógaisíochta an Aontais a athbhreithniú. Féachfar leis na tograí sin réitigh struchtúrtha ní ba fhadtéarmaí a sholáthar, go háirithe ar shaincheist na rochtana ar chógais, agus aird faoi leith a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair agus ar dhul i ngleic le rioscaí ganntanais ar mhargaí beaga san Aontas.


(1)  Rialachán (AE) 2022/641 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 a mhéid a bhaineann le maolú ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta (IO L 118, 20.4.2022, lch. 1.)

(2)  Rialachán (AE) 2022/642 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta (IO L 118, 20.4.2022, lch. 4).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún “An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip”, COM(2020)0761 final, 25.11.2020.


Top