This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0724
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on harmonised indices of consumer prices and repealing Regulation (EC) No 2494/95
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95
/* COM/2014/0724 final - 2014/0346 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 /* COM/2014/0724 final - 2014/0346 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Éilíonn an
Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach na córais tomhais um boilsciú a
chomhchuibhiú chun dea-fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a áirithiú, agus go
háirithe chun beartas éifeachtach airgeadaíochta a chur chun feidhme. Tá innéacsanna
comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí riachtanach chun na nithe seo a
leanas a mheasúnú agus a thomhas: ·
cóineasú maidir le cobhsaíocht praghsanna laistigh
d'AE; agus ·
torthaí an bheartais airgeadaíochta sa limistéar
euro maidir le cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Bíonn córais
tomhais chomhchuibhithe um boilsciú in úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar
chumas iomaíochta náisiúnta mar chuid de nós imeachta an Choimisiúin maidir le
míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Chun na gcríoch
sin, ní mór innéacsanna praghsanna do thomhaltóirí a bheith inchomparáide i
ngach tír agus i gach réimsí táirgí. Caithfidh siad bheith sách mionsonraithe
agus caithfear a bheith in ann iad a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnach.
Ní mór na figiúirí boilscithe arna ríomh ó innéacsanna praghsanna do
thomhaltóirí bheith ina mbonn oibiachtúil, neamhchlaonta chun cinntí a
dhéanamh. Ina theannta sin,
is cúnamh luachmhar iad innéacsanna praghsanna do thomhaltóirí atá
inchomparáide agus iontaofa, mar aon le foinsí eile, chun luachanna
eacnamaíocha amhail tuarastail, cíosanna, rátaí úis agus sonraí na gCuntas
Náisiúnta a dhíbhoilsciú. Léiríonn na sraitheanna measta um méid ama forbairt
feiniméin eacnamaíoch áirithe gan tionchar an bhoilscithe agus tá eolas
riachtanach le fáil uathu chun cinntí polaitiúla agus eacnamaíocha a dhéanamh. I nDeireadh Fómhair 1995,
dréachtaíodh agus glacadh Rialachán ón gComhairle maidir le hinnéacsanna
comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) agus glacadh 20 rialachán
cur chun feidhme sna 17 mbliana ina dhiaidh sin. Tá rialacha
caighdeánaithe a áirithíonn inchomparáideacht uasta tábhachtach do
phríomhúsáideoirí innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí , go
háirithe don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach, ach d'athraigh
paraiméadair áirithe ó glacadh an creat bunaidh: ·
Ó forbraíodh an Córas Staidrimh Eorpach (CSE)
glactar leis i bhfad níos mó go bhfuil gá le cur chuige comhchuibhithe i gcás
go leor de na gnéithe modheolaíochta a bhaineann le hinnéacsanna praghsanna do
thomhaltóirí. ·
Tá athruithe móra tagtha ar na gnéithe teicniúla a
bhaineann le sonraí a bhailiú agus le hinnéacsanna a thiomsú mar gheall ar an
dul chun cinn teicneolaíochta tapa atá tarlaithe le blianta beaga anuas. Fágann
córais teicneolaíochta faisnéise chumhachtacha gur féidir modhanna a ghlacadh
nach smaoineofaí orthu scór bliain ó shin: tá athrú iomlán tagtha ar
chleachtais bailithe sonraí i ngeall ar shonraí ó scanóirí a bheith ar fáil
agus tá forbairt leanúnach ag teacht ar úsáid foinsí éagsúla idirlín chun
praghsanna a fháil. ·
Bhunaigh Conradh Liospóin socrú nua maidir leis an
nós imeachta coiste, lenar tugadh isteach gníomhartha tarmligthe agus
gníomhartha cur chun feidhme. Caithfidh an méid sin a bheith soiléir sa chreat
dlíthiúil. Fágann na
hathruithe éagsúla sin go léir gur gá athdhréachtú ar an reachtaíocht maidir le
hICPTanna chun an bunús dlí a nuachóiriú agus a réasúnú agus é a chur in
oiriúint do riachtanais an lae inniu, idir riachtanais iarbhír agus riachtanais
fhéideartha. Tugann an t‑athbhreithniú seo ar an Rialachán maidir le ICPT
deis do na páirtithe leasmhara machnamh ar na rialacha agus na moltaí atá ann
cheana féin, iad a chuíchóiriú agus díriú ar ghnéithe ar leith de réir a n‑ábharthachta
reatha agus ar mhaithe le leas na n‑úsáideoirí éagsúla a chur chun cinn. Cuid mhaith de na
réimsí beartais ina mbíonn ról gníomhach ag AE, éilíonn siad faisnéis ar
imeachtaí agus ar fhorbairtí a dhéanann difear d'innéacsanna praghsanna do
thomhaltóirí ionas gur féidir cuspóirí oibriúcháin a chinneadh agus an dul chun
cinn a mheas. Ceanglaíonn reachtaíocht AE ar Eurostat freisin díbhoilsceoirí
den chaighdeán is airde a chur ar fáil, agus is úsáideach dóibh ICPTanna. Ní
mór na hinnéacsanna a bheith tráthúil, cruinn, iomlán, comhtháite agus
inchomparáide ar leibhéal AE agus idir grúpaí éagsúla táirgí. Ní fhéadfaí na
ceanglais sin a chomhlíonadh ach amháin má dhéantar nuachóiriú ar an
reachtaíocht Eorpach maidir le ICPT. Cumhdaítear sa
Rialachán maidir le ICPT atá beartaithe prionsabail Chód Chleachtais an
Staidrimh Eorpaigh maidir le tiomantas do cháilíocht, modheolaíocht fhónta,
éifeachtacht costais, ábharthacht, cruinneas, iontaofacht, comhtháiteacht agus
inchomparáideacht. 2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA
AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Grúpaí saineolaithe
ina raibh táirgeoirí staitisticí, go háirithe institiúidí náisiúnta staidrimh,
agus úsáideoirí staitisticí, lena n‑áirítear an Coimisiún Eorpach, an
Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta, phléigh siad an dréacht‑Rialachán
maidir le hICPTanna. Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras
Staidrimh Eorpach. Measadh nár ghá
measúnú tionchair. 3. GNÉITHE DLÍ AN TOGRA Is é is cuspóir don
togra seo creat coiteann dlí a bhunú le haghaidh táirgeadh innéacsanna
comhchuibhithe ag na Ballstáit, agus beidh mar chuid den phróiseas sin
innéacsanna praghsanna comhchuibhithe do thomhaltóirí a bhailiú, a thiomsú, a
phróiseáil agus a thíolacadh. Tá siad sin riachtanach chun sonraí maidir le córais
tomhais um boilsciú san Aontas Eorpach a sholáthar go córasach. Leis an togra seo
simplítear na ceanglais maidir le tiomsú na n‑innéacsanna sin agus
soiléirítear iad. Go háirithe, leis an togra seo: ·
cuirtear creat nua ginearálta ar fáil a bhaineann
le catagóirí soiléire de na grúpaí táirgí; ·
bunaítear raon atá soiléir agus sainithe go maith
don chur i bhfeidhm ; ·
cuirtear bearta sonracha i bhfeidhm i réimsí
sonracha amhail sláinte, oideachas, cosaint shóisialta agus árachas; ·
tugtar aghaidh ar dhifríochtaí féideartha sa
léirmhíniú agus ar dheacrachtaí a bhíonn ag soláthróirí sonraí agus na rialacha
á gcur i bhfeidhm acu; ·
áirithítear go gcaitear le grúpaí táirgí
comhchosúla ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh; ·
díchuirtear forálacha nach bhfuil ábhartha a thuilleadh;
agus ·
soiléirítear forálacha ar baineadh míchiall astu
san am atá caite. I gcás inar gá
tuilleadh sonraí nó coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme,
foráiltear sa Rialachán maidir le féidearthacht gníomhartha tarmligthe nó
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 agus
le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Go háirithe, chun
inchomparáideacht iomlán na n‑innéacsanna praghsanna do thomhaltóirí a
áirithiú, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha don mhéid seo a leanas: ·
an anailís ar ICPTanna de réir na gcatagóir a
bhaineann le haicmiú Eorpach tomhaltais aonair de réir cuspóra (ECOICOP); ·
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun innéacsanna
comhchuibhithe a tháirgeadh; ·
brí agus úsáid na n‑aonad staidrimh; ·
na meáchain a úsáidtear chun innéacsanna
comhchuibhithe agus meiteashonraí faoi na meáchain a ríomh; ·
an féilire bliantúil chun innéacsanna
comhchuibhithe agus fo-innéacsanna a tharchur; ·
caighdeáin maidir le sonraí agus meiteashonraí a mhalartú; ·
coinníollacha maidir le sonraí a athbhreithniú; ·
faisnéis bhunúsach agus modhanna a bheidh le
húsáid, bunaithe ar mheastóireacht na dtreoirstaidéar; agus ·
ceanglais theicniúla um dhearbhú cáilíochta a
bhaineann le hábhar na dtuarascálacha bliantúla ar cháilíocht, an spriocdháta
chun na tuarascálacha sin a chur chuig Eurostat agus struchtúr an fhardail. Dá bhrí sin, i
gcomhréir le hAirteagal 291 de CFAE, tugtar leis an Rialachán atá
beartaithe cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 290
de CFAE, déanann an Rialachán atá beartaithe an chumhacht chun gníomhartha
neamhreachtacha a ghlacadh a bhfuil feidhm ghinearálta leo le cur le codanna
neamhriachtanacha den Rialachán nó lena leasú, déanann sé an chumhacht sin a
tharmligean chuig an gCoimisiún. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choimisiúin: ·
inchomparáideacht ar leibhéal idirnáisiúnta a
áirithiú maidir le haicmiú tomhaltais aonair de réir cuspóra (COICOP), aicmiú a
úsáidtear chun ICPT a anailísiú; ·
tairseach a bhunú nach mbeidh aon oibleagáid
fo-innéacsanna innéacsanna comhchuibhithe a chur ar fáil faoina bun; agus ·
liosta a bhunú de na fo-innéacsanna nach bhfuil
oibleagáid ar na Ballstáit a thairgeadh. Ba cheart don
Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach
suntasach riaracháin breise ar na Ballstáit. Féachann an togra
le haghaidh Rialachán leasaithe maidir le hICPTanna le beart aonair dlí a
chumhdóidh gach coinníoll aonfhoirmeach a cheapadh. Faoi láthair tá 20
rialachán cur chun feidhme éagsúil ann. Faoin Rialachán nua chuimseofaí iad ar
fad in aon Rialachán amháin, rud a thabharfadh breis soiléireachta do
pháirtithe leasmhara agus do na Ballstáit agus a dhéanfadh cúrsaí riaracháin
níos fusa agus níos éifeachtaí. Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí na straitéise
atá molta do chreat dlí nua ICPT na ceanglais agus a gcur chun feidhme a
shimpliú sa tslí sin. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon impleacht do
bhuiséad AE. 2014/0346 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe
praghsanna do thomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ
PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1)
de, Ag féachaint don
togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an
dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don
tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[1], Ag gníomhú dóibh i
gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid
seo a leanas: (1) Ceaptar
innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPTanna) chun boilsciú
a thomhas ar bhealach comhchuibhithe i ngach Ballstát. Úsáideann an Coimisiún
agus an Banc Ceannais Eorpach innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do
thomhaltóirí ina measúnú ar chobhsaíocht praghsanna sna Ballstáit faoi Airteagal 140
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh). (2) Úsáideann
an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do
thomhaltóirí mar innéacs chun an tslí a bhaintear amach cuspóir CEBC maidir le
cobhsaíocht praghsanna faoi Airteagal 127(1) den Chonradh a thomhas, rud a
bhfuil ábharthacht ar leith aige chun beartas airgeadaíochta an Aontais a
shainmhíniú agus a chur chun feidhme faoi Airteagal 127(2) den Chonradh. (3) Le
Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle[2]
bunaíodh creat coiteann chun innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do
thomhaltóirí a chur ar bun. Ní mór an creat dlíthiúil a chur in oiriúint do
riachtanais reatha agus do dhul chun cinn teicniúil. (4) Cuirtear
san áireamh sa Rialachán seo clár rialála níos fearr an Choimisiúin agus, go
háirithe, an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rialáil chliste san Aontas[3]. I réimse an staidrimh, tosaíocht ag an gCoimisiún is ea simpliú agus
feabhsú na timpeallachta rialála i staidrimh[4]. (5) Ba
cheart innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí a mhiondealú de
réir catagóirí den aicmiú Eorpach tomhaltais aonair de réir cuspóra (ECOICOP). Ba
cheart go n‑áiritheofaí leis an aicmiú sin go mbeidh na staitisticí
Eorpacha ar fad a bhaineann le tomhaltas príobháideach comhsheasmhach agus
inchomparáide. Ba cheart do ECOICOP freisin bheith ag teacht le COICOP na
Náisiún Aontaithe, mar atá an caighdeán idirnáisiúnta lena n‑aicmítear
tomhaltas aonair de réir cuspóra, agus dá bhrí sin, ba cheart é a chur in
oiriúint do na hathruithe ar COICOP na Náisiún Aontaithe. (6) Bíonn
na gnáthinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí bunaithe ar
phraghsanna arna mbreathnú, lena n‑áirítear cánacha ar tháirgí freisin. Dá
réir sin, bíonn an boilsciú faoi thionchar athruithe ar rátaí cánach ar
tháirgí. Ní mór faisnéis a bhailiú freisin faoi thionchar na n‑athruithe
cánach ar bhoilsciú chun boilsciu a anailísiú agus coinbhéirseacht a mheasúnú
sna Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart innéacsanna comhchuibhithe
praghsanna do thomhaltóirí a ríomh ar bhonn praghsanna rátaí cánach tairiseacha
chomh maith. (7) Céim
mhór i dtreo feabhas a chur ar ábharthacht agus ar inchomparáideacht
innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí is ea innéacsanna
praghsanna a bhunú do theaghaisí agus go háirithe do thithe úinéir-áitithe
(innéacsanna OOH). Tá innéacsanna praghsanna tithe ina mbonn riachtanach chun
innéacsanna OOH a thiomsú. Ina theannta sin, tá innéacsanna praghsanna tithe
ina dtáscairí tábhachtacha iontu féin. (8) Ba
cheart tréimhse thagartha na n‑innéacsanna praghsanna a nuashonrú go
tráthrialta. Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí tagartha
innéacsanna comhchuibhithe coiteanna agus a bhfo-innéacsanna arna gcomhtháthú
ag pointí éagsúla ama chun inchomparáideacht agus ábharthacht na n‑innéacsanna
atá mar thoradh ar an gcomhtháthú sin a áirithiú. (9) Chun
feabhas a chur ar chomhchuibhiú ar innéacsanna praghsanna do thomhaltóirí de
réir a chéile, ba cheart treoirstaidéir a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar
an bhféidearthacht faisnéis bhunúsach bhreise a úsáid nó cineálacha cur chuige
nua modheolaíochta a chur i bhfeidhm. (10) Ba
cheart Treoir maidir leis na céimeanna éagsúla a bhaineann le hinnéacsanna
comhchuibhithe d'ard‑chaighdeán a tháirgeadh a thabhairt i lámhleabhar
modheolaíochta chun cabhrú leis na Ballstáit innéacsanna praghsanna do
thomhaltóirí atá inchomparáide a chur ar fáil. Ba cheart don Choimisiún
(Eurostat) an lámhleabhar modheolaíochta a chur ar bun i ndlúthchomhar leis na
Ballstáit laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach agus ba cheart é a nuashonrú go
rialta. San fhardal ICPT bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9(2)(b) den
Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) a chur ar an
eolas faoi dhíbhéirseachtaí, más ann dóibh, idir na modhanna staitistiúla a
úsáidtear agus iad siúd atá molta sa lámhleabhar modheolaíochta. (11) Ba
cheart don Choimisiún (Eurostat) na foinsí agus na modhanna a fhíorú a
úsáideann na Ballstáit chun innéacsanna comhchuibhithe a ríomh agus ba cheart
dó faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata dlí ag na Ballstáit. Chun
na críche sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) comhphlé tráthrialta a
choimeád ar bun le húdaráis staidrimh na mBallstát. (12) Tá
faisnéis chúlra riachtanach chun measúnú a dhéanamh an bhfuil na hinnéacsanna
comhchuibhithe mionsonraithe arna soláthar ag na Ballstáit inchomparáide a ndóthain.
Chomh maith leis sin, cabhraíonn modhanna agus cleachtais tiomsúcháin
trédhearcacha a úsáidtear sna Ballstáit leis na páirtithe leasmhara go léir
tuiscint a fháil ar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a gcaighdeán a fheabhsú
tuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, sraith rialacha a bhunú maidir le meiteashonraí
comhchuibhithe a thuairisciú. (13) Chun
caighdeán na n‑innéacsanna comhchuibhithe a áirithiú, ba cheart sonraí
rúnda agus meiteashonraí a mhalartú idir an Coimisiún (Eurostat), na bainc
cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5]. (14) Ós
rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon
caighdeáin choiteanna staitistiúla a cheapadh le haghaidh innéacsanna
comhchuibhithe, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr is féidir é a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta
a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo
thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. (15) Chun
inchomparáideacht a áirithiú ar leibhéal idirnáisiúnta maidir leis an aicmiú
tomhaltais aonair de réir cuspóra a úsáidtear chun ICPT a anailísiú agus chun
oiriúnú d'athruithe ar COICOP na Náisiún Aontaithe a dhearbhú, chun tairseach a
bhunú nach mbeidh aon oibleagáid fo-innéacsanna ar innéacsanna comhchuibhithe a
chur ar fáil faoina bun, agus chun liosta a bhunú de na fo-innéacsanna nach gá
do na Ballstáit a chur ar fáil, déanfar an chumhacht chun gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinnéacsanna
comhchuibhithe. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán
iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a
ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach,
tráthúil agus iomchuí. (16) Chun
inchomparáideacht iomlán innéacsanna praghsanna do thomhaltóirí a áirithiú, is
gá coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis an méid seo a leanas: chun ICPT a
anailísiú de réir chatagóirí ECOICOP, don mhodheolaíocht atá i bhfeidhm chun
innéacsanna comhchuibhithe a tháirgeadh, don fhaisnéis arna soláthar ag na
haonaid staidrimh, chun meáchain agus meiteashonraí ar na meáchain a sholáthar,
chun féilire bliantúil a bhunú chun na hinnéacsanna agus na fo-innéacsanna
comhchuibhithe a tharchur, do na caighdeáin maidir le malartú sonraí agus
meiteashonraí, do na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh athbhreithnithe,
d'fhaisnéis bhunúsach fheabhsaithe nó modhanna feabhsaithe arna mbunú ar
mheastóireacht ar threoirstaidéir agus do riachtanais maidir le dearbhú
cáilíochta teicniúla a bhaineann le hábhar na dtuarascálacha bliantúla ar
cháilíocht, leis an spriocdháta chun an tuarascáil a sholáthar don Choimisiún
(Eurostat), agus le struchtúr an fhardail. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha
den sórt sin a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6]. (17) Agus
bearta cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh i gcomhréir leis
an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún éifeachtúlacht costais a chur san
áireamh go hiomlán. (18) I
gcomhthéacs Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, iarradh ar
an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a threoir ghairmiúil a chur ar fáil. (19) Ba
cheart Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 a aisghairm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Ábhar Leagtar síos leis
an Rialachán seo creat coiteann maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh
innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPTanna) agus
innéacsanna praghsanna tithe (HPI) ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal
náisiúnta agus ar leibhéal fonáisiúnta. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an
Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a)
ciallaíonn 'staitisticí a fhorbairt' modhanna,
caighdeáin agus nósanna imeachta staitistiúla a úsáidtear i dtáirgeadh agus i
scaipeadh staitisticí a bhunú agus a fheabhsú, d'fhonn bearta agus táscairí nua
staitistiúla a cheapadh; (b)
ciallaíonn 'staitisticí a tháirgeadh ' na céimeanna
uile a bhaineann le staitisticí a thiomsú, lena n‑áirítear iad a bhailiú,
a stóráil, a phróiseáil agus a anailísiú; (c)
ciallaíonn 'staitisticí a scaipeadh' an
ghníomhaíocht lena ndéantar staitisticí, anailís ar staitisticí, agus eolas neamhrúnda
a chur ar fáil d'úsáideoirí; (d)
ciallaíonn 'táirgí' earraí agus seirbhísí mar a
shainmhínítear iad i bpointe 3.01 d'Iarscríbhinn A de Rialachán (AE) Uimh. 549/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7]
(dá ngairfear 'CCE 2010' anseo feasta); (e)
ciallaíonn 'praghsanna do thomhaltóirí' na
praghsanna ceannaigh a íocann teaghlaigh chun táirgí aonair a cheannach trí
bhíthin idirbhearta airgeadaíochta; (f)
ciallaíonn 'praghas ceannaigh' an praghas iarbhír a
íocann an ceannaitheoir as táirgí, lena n‑áirítear aon chánacha lúide
fóirdheontais ar na táirgí, tar éis na lascainí do cheannacháin ar an mórchóir
nó do cheannacháin seachbhuaice a bhaint ó phraghsanna caighdeánacha nó ó
mhuirir chaighdeánacha, gan ús nó seirbhísí táillí breise arna gcur leis faoi
shocruithe creidmheasa a áireamh ná aon mhuirir bhreise arna dtabhú mura
ndéantar an íocaíocht laistigh den tréimhse arna sonrú ag am an cheannaigh; (g)
ciallaíonn 'innéacsanna comhchuibhithe praghsanna
do thomhaltóirí (ICPTanna)' na hinnéacsanna inchomparáide praghsanna do
thomhaltóirí a tháirgeann gach Ballstát; (h)
ciallaíonn 'innéacsanna comhchuibhithe praghsanna
do thomhaltóirí ag rátaí cánach tairiseacha' innéacsanna a thomhaiseann
athruithe ar phraghsanna do thomhaltóirí thar thréimhse ama gan tionchar na n‑athruithe
ar rátaí cánach ar tháirgí i rith na tréimhse sin a áireamh; (i)
ciallaíonn 'riarpraghsanna' na praghsanna atá
leagtha síos go díreach ag an rialtas nó atá go mór faoi thionchar an rialtais; (j)
ciallaíonn 'innéacs praghsanna tithíochta
úinéir-áitithe (innéacs OOH)' innéacs a thomhaiseann athruithe ar phraghsanna
idirbheart na n‑áitreabh atá nua san earnáil teaghlaigh agus praghsanna
táirgí eile a fhaigheann na teaghlaigh ina ról mar úinéirí-áititheoirí; (k)
ciallaíonn 'innéacs praghsanna tithe (HPI)' innéacs
a thomhaiseann athruithe ar phraghsanna idirbheart na n‑áitreabh a
cheannaíonn teaghlaigh; (l)
ciallaíonn 'fo-innéacs ICPT 'innéacs praghsanna
d'aon cheann de na catagóirí den aicmiú Eorpach tomhaltais aonair de réir
cuspóra (dá ngairtear' ECOICOP' anseo feasta) mar atá bunaithe san
Iarscríbhinn; (m)
ciallaíonn 'innéacsanna comhchuibhithe' innéacsanna
ICPT, ICPT‑CT, OOH agus HPI; (n)
Ciallaíonn 'innéacs Laspeyres' innéacs praghsanna
den fhoirm i gcás inarb é P
innéacs coibhneasta na leibhéal praghsanna in dhá thréimhse, inarb é Q na
cainníochtaí a thomhlaítear, inarb é t0 an tréimhse
thagartha agus inarb é tn an tréimhse a bhfuil an t‑innéacs
á ríomh di; (o)
Ciallaíonn 'innéacs de chineál Laspeyres' innéacs a
thomhaiseann meánathruithe ar phraghsanna ar bhonn caiteachais gan athrú i
gcomparáid leis an tréimhse thagartha, i.e. a choinníonn patrún tomhaltais na
dteaghlach tairiseach ón tréimhse thagartha amach. (p)
ciallaíonn 'tréimhse thagartha innéacs' an tréimhse
ina bhfuil an t‑innéacs socraithe ag 100 pointe innéacs; (q)
ciallaíonn 'faisnéis bhunúsach' i dtagairtí do ICPT
agus ICPT‑CT sonraí a chumhdaíonn na nithe seo a leanas: –
aon phraghas ceannaigh ar tháirgí a chaithfear a
chur san áireamh chun fo‑innéacsanna ICPT a ríomh de réir an Rialacháin
seo, –
gach saintréith a chinneann praghas an táirge agus
aon saintréith eile a bhaineann leis an gcuspóir do thomhaltóirí i dtrácht, –
faisnéis maidir le cánacha agus dleachtanna máil
arna dtobhach, –
faisnéis maidir le cibé an bhfuil praghas á riar go
hiomlán nó go páirteach, agus –
gach meáchan a léiríonn leibhéal agus struchtúr
tomhaltais na dtáirgí lena mbaineann. (r)
ciallaíonn 'faisnéis bhunúsach' i dtagairtí
d'innéacsanna OOH agus HPI sonraí a chumhdaíonn an méid seo a leanas –
gach praghas idirbheart i gcás áitribh a
cheannaíonn teaghlaigh a chaithfear a chur san áireamh chun innéacsanna HPI a
ríomh i gcomhréir leis an Rialachán seo, –
gach saintréith a chinneann praghas na teaghaise
nó saintréithe ábhartha eile. (s)
ciallaíonn 'teaghlach' teaghlach mar a
shainmhínítear i mír 2.119 (a) agus (b) d'Iarscríbhinn A, d'ESA 2010 é,
beag beann ar stádas náisiúntachta nó stádas cónaitheora; (t)
ciallaíonn 'críoch eacnamaíoch an Bhallstáit' an
chríoch mar a shainmhínítear i mír 2.05 d'Iarscríbhinn A, d'ESA 2010 é,
ach amháin go gcuimsítear na hiamhchríocha allchríche atá laistigh de
theorainneacha na tíre agus go n‑eisiatar na hiamhchríocha críochacha atá
sa chuid eile den domhan; (u)
ciallaíonn 'caiteachas airgeadaíochta tomhaltais
deiridh teaghlaigh' an chuid sin den chaiteachas tomhaltais deiridh arna thabhú
ag: –
teaghlaigh, –
in idirbhearta airgeadaíochta, –
ar chríoch eacnamaíoch an Bhallstáit, –
ar tháirgí a úsáidtear chun riachtanais nó mianta
daoine aonair a shásamh go díreach, mar a shainmhínítear i mír 3.101
d'Iarscríbhinn A d'ESA 2010 iad, –
i gceann den dá thréimhse atá á gcur i gcomparáid
nó sa dá cheann; (v)
ciallaíonn 'athrú suntasach ar an modh táirgthe'
athrú a mheastar a mbeidh tionchar aige ar an ráta bliantúil athraithe ar
Innéacs Comhchuibhithe ar leith nó ar chuid de in aon tréimhse, athrú a bheidh
níos mó ná: –
0.1 pointe céatadáin i gcás mhíreanna uile ICPT nó
OOH nó HPI, –
0.3, 0.4, 0.5 nó 0.6 pointe céatadáin d'aon rannán,
grúpa, aicme nó fo-aicme ECOICOP (5 dhigit) faoi seach. Airteagal 3
Na hinnéacsanna comhchuibhithe a thiomsú 1. Cuirfidh
na Ballstáit gach innéacs comhchuibhithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(m)
ar fáil don Choimisiún (Eurostat). 2. Tiomsófar
innéacsanna comhchuibhithe trí úsáid a bhaint as foirmle de chineál Laspeyres. 3. Beidh
an ICPT agus ICPT‑CT bunaithe ar athruithe ar phraghsanna agus ar
mheáchain na dtáirgí a áirítear i gcaiteachas airgeadaíochta tomhaltais deiridh
teaghlaigh. 4. Ní
chumhdóidh ICPT idirbhearta idir teaghlaigh, ach amháin i gcás cíosanna a
íocann tionóntaí le tiarnaí talún príobháideacha, áit a mbeidh siadsan ag gníomhú
mar tháirgeoirí margaidh seirbhísí a cheannaíonn teaghlaigh (tionóntaí). 5. Déanfar
fo-innéacsanna ICPTanna a thiomsú do chatagóirí ECOICOP. Déanfar coinníollacha
aonfhoirmeacha maidir le hanailís ar ICPTanna de réir chatagóirí ECOICOP a
ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 11(2). Airteagal 4
Inchomparáideacht na n‑innéacsanna comhchuibhithe 1. Chun
go mbeadh ICPTanna nó inneacsanna OOH inchomparáide, ní léireoidh aon difríocht
idir tíortha ar gach leibhéal mionsonraí ach difríochtaí in athruithe ar
phraghsanna nó i bpatrúin chaiteachais. 2. Aon
fho-innéacsanna de na hinnéacsanna comhchuibhithe a chlaonann ó choincheapa nó
ó mhodhanna an Rialacháin seo, measfar iad a bheith inchomparáide má bhíonn de
thoradh orthu innéacs a mheastar a mbaineann na difríochtaí córasacha seo leis: (a)
níos lú ná nó cothrom le 0.1 faoin gcéad ar an meán
ar feadh bliana amháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin ó innéacs a
tiomsaíodh de réir chur chuige modheolaíochta an Rialacháin seo, i gcás ICPT; (b)
níos lú ná nó cothrom le haon faoin gcéad ar an
meán ar feadh bliana amháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin ó innéacs a
tiomsaíodh de réir chur chuige modheolaíochta an Rialacháin seo, i gcás OOH
agus HPI. I gcás nach féidir an
ríomh sin a dhéanamh, ní mór na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid
modheolaíochta a chlaonann ó choincheapa nó ó mhodhanna an Rialacháin seo a
leagan amach go mionsonraithe. 3. Cumhachtófar
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10
chun an Iarscríbhinn a mhodhnú chun inchomparáideacht na n‑innéacsanna
comhchuibhithe a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta. 4. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú, saineofar an
mhodheolaíocht iomchuí chun innéacsanna comhchuibhithe inchomparáide a
tháirgeadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 11(2). Airteagal 5
Ceanglais maidir le sonraí 1. Baileoidh
na Ballstáit faisnéis bhunúsach ar a dtír d'innéacsanna comhchuibhithe agus dá
bhfo‑innéacsanna. 2. Gheofar
an fhaisnéis ó aonaid staidrimh faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93[8] ón gComhairle iad. 3. Na
haonaid staidrimh a sholáthraíonn faisnéis ar tháirgí a áirítear sa chaiteachas
airgeadaíochta tomhaltais deiridh teaghlaigh, comhoibreoidh siad chun an
fhaisnéis bhunúsach a bhailiú nó a sholáthar de réir mar is gá. Cuirfidh na
haonaid staidrimh faisnéis chruinn iomlán ar fáil, i bhfoirm leictreonach má
iarrtar sin. Arna iarraidh sin do na comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as
staitisticí oifigiúla a thiomsú, cuirfidh na haonaid staidrimh faisnéis ar fáil
i bhfoirm leictreonach, amhail sonraí ó scanóirí agus a mhionsonraithe agus is
gá chun innéacsanna comhchuibhithe a tháirgeadh agus chun measúnú a dhéanamh ar
chomhlíonadh na gceanglas inchomparáideachta agus ar cháilíocht na n‑innéacsanna
comhchuibhithe. Déanfar coinníollacha aonfhoirmeacha chun an fhaisnéis seo a
sholáthar a chur ar fáil trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). 4. Déanfar
na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna a scálú le tréimhse
thagartha an innéacs choitinn 2015. Beidh feidhm ag an scálú maidir le hinnéacs
Eanáir 2016. 5. Déanfar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna
a athscálú le tréimhse thagartha innéacs choitinn nua má bhíonn athrú mór ar an
modheolaíocht le haghaidh innéacsanna comhchuibhithe nó gach 10 mbliana ó 2015
ar aghaidh. Rachaidh an t‑athscálú leis an tréimhse thagartha innéacs nua
i bhfeidhm maidir leis an innéacs d'Eanáir na bliana féilire dár gcionn. Cumhachtófar
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10
chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le hathscálú innéacsanna
comhchuibhithe atá nasctha le hathruithe móra ar an modheolaíocht. 6. Chun
nach gcuirfear ualach gan ghá ar na Ballstáit agus a mhéid nach bhfuil tábhacht
le fo-innéacsanna innéacsanna comhchuibhithe ach thar thairseach áirithe,
cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10
d'fhonn tairseach a bhunú nach mbeidh aon oibleagáid fo-innéacsanna a chur ar
fáil faoina bun. 7. Cumhachtófar
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10
d'fhonn liosta fo-innéacsanna ECOICOP a bhunú nach gá do na Ballstáit a
tháirgeadh, toisc nach gcumhdaíonn siad tomhaltas príobháideach, sin nó nach
leor an méid comhchuibhithe modheolaíochta. Airteagal 6
Minicíocht 1. Cuirfidh
na Ballstáit ICPT, ICPT‑CT agus a bhfo-innéacsanna faoi seach ar fáil don
Choimisiún (Eurostat) ar bhonn míosúil, lena n‑áirítear na fo-innéacsanna
nach dtáirgtear chomh minic céanna. 2. Cuirfidh
na Ballstáit innéacsanna OOH agus HPI ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ar
bhonn ráithiúil. Is féidir iad a chur ar fáil ar bhonn míosúil ar bhonn
deonach. 3. Níl
oibleagáid ar na Ballstáit fo-innéacsanna a tháirgeadh ar bhonn míosúil nó
ráithiúil más rud é go gcomhlíonann bailiú sonraí níos annaimhe ceanglais
inchomparáideachta Airteagal 4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat)
ar an eolas faoi na catagóirí ECOICOP agus OOH nach bhfuil rún acu iad a
bhailiú chomh minic le gach mí nó gach ráithe, faoi seach. 4. Gach
bliain, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú agus nuashonrú ar mheáchain fo‑innéacsanna
do na hinnéacsanna comhchuibhithe. Bunófar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir
le meáchain agus meiteashonraí ar na meáchain a sholáthar trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 11(2). Airteagal 7
Spriocdhátaí, caighdeáin mhalairte agus athbhreithnithe 1. Cuirfidh
na Ballstáit innéacsanna comhchuibhithe agus na fo-innéacsanna uile ar fáil don
Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná 20 lá féilire i ndiaidh
dheireadh na míosa tagartha i gcás sraitheanna míosúla agus 85 lá féilire
tar éis dheireadh na ráithe tagartha i gcás sraitheanna ráithiúla. 2. Cuirfidh
na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) na sonraí agus na meiteashonraí
a cheanglaítear a thabhairt leis an Rialachán seo i gcomhréir le caighdeáin
maidir le sonraí agus meiteashonraí a mhalartú. 3. Fo‑innéacsanna
innéacsanna chomhchuibhithe atá foilsithe cheana, féadfar iad a athbhreithniú. 4. Bunú
féilire bliantúil chun na hinnéacsanna comhchuibhithe agus na fo-innéacsanna dá
dtagraítear i mír 1 a chur isteach, na caighdeáin chun sonraí agus
meiteashonraí a mhalartú dá dtagraítear i mír 2 agus na coinníollacha
aonfhoirmeacha le haghaidh athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3, déanfar
an méid sin a mhionshonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Airteagal 8
Treoirstaidéir 1. Aon
uair a mbíonn faisnéis bhunúsach fheabhsaithe riachtanach chun innéacsanna
comhchuibhithe a thiomsú, nó nuair is léir an gá atá le hinchomparáideacht
fheabhsaithe innéacsanna sna modhanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2),
féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) treoirstaidéir a sheoladh a bheidh le déanamh
ar bhonn deonach ag na Ballstáit. 2. Measfaidh
na treoirstaidéir a indéanta agus a bheadh sé faisnéis bhunúsach fheabhsaithe a
fháil nó cineálacha nua cur chuige modheolaíochta a ghlacadh. 3. Déanfaidh
an Coimisiún (Eurostat) torthaí na dtreoirstaidéar a mheas i ndlúthchomhar leis
na Ballstáit agus le príomhúsáideoirí na n‑innéacsanna comhchuibhithe,
agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann le faisnéis fheabhsaithe ar
phraghsanna i ndáil leis na costais bhreise a bhaineann lena bailiú agus lena
tiomsú. 4. Arna
mbunú ar mheastóireacht na dtreoirstaidéar, déanfar faisnéis bhunúsach
fheabhsaithe nó modhanna feabhsaithe a thabhairt isteach trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Airteagal 9
Dearbhú cáilíochta 1. Áiritheoidh
na Ballstáit cáilíocht na n‑innéacsanna comhchuibhithe a sholáthraítear. Chun
críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir um chaighdeáin
cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. 2. Cuirfidh
na Ballstáit na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún (Eurostat): (a)
tuarascáil bhliantúil um chaighdeáin cháilíochta a
chumhdaíonn na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009; (b)
fardal bliantúil ina mbeidh mionsonraí na bhfoinsí
sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna a úsáideadh, lena n‑áirítear
sonraí faoi aon dibhéirseachtaí idir na modhanna staitisitúla a úsáideadh agus
iad siúd arna moladh sa lámhleabhar modheolaíoch; agus (c)
tuilleadh faisnéis ghaolmhar atá mionsonraithe a
dóthain chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas
inchomparáideachta agus cáilíocht na n‑innéacsanna comhchuibhithe má
iarrann an Coimisiún (Eurostat) sin. 3. Má
bheartaíonn Ballstát athrú suntasach a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe na n‑innéacsanna
comhchuibhithe nó cuid díobh, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún (Eurostat) ar
an eolas trí mhí ar a dhéanaí sula dtiocfadh aon athrú den sórt sin i bhfeidhm.
Cuirfidh an Ballstát meastóireacht chainníochtúil ar thionchar an athraithe ar
fáil don Choimisiún (Eurostat). 4. Ceanglais
theicniúla um dhearbhú cáilíochta maidir le hábhar na tuarascála bliantúla um
chaighdeáin cháilíochta, an spriocdháta chun an tuarascáil a chur ar fáil don
Choimisiún (Eurostat), agus struchtúr an fhardail, déanfar iad a bhunú trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is
faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Go
ceann tréimhse neamhchinntithe a thabharfar tarmligean na gcumhachtaí
dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(5) go (7). 3. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear
in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(5) go (7) a chúlghairm aon
tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis
an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do
bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A
luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní
thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(5)
go (7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint
na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin
ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud
é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon
agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na
hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 11
Coiste 1. Déanfaidh
an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009,
cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I
gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 12
Aisghairm 1. Gan
dochar do mhír 2, leanfaidh na Ballstáit le hinnéacsanna comhchuibhithe a
sholáthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 go dtí go
dtarchuirfear na sonraí a thagraíonn do 2015. 2. Aisghairtear
leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2494/95, le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don
Rialachán seo. Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Gabhfaidh éifeacht leis den chéad
uair maidir le sonraí a thagraíonn d'Eanáir 2016. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar
ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán [1] IO
C […] [2] Rialachán
(CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle
an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna
comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (IO L 257, 27.10.1995,
Lch. 1). [3] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal
'Rialáil chliste san Aontas Eorpach', COM(2010)543 [4] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le
'modh táirgthe staidrimh AE: fís do na deich mbliana atá romhainn',
COM(2009) 404 final . [5] Rialachán (CE)
Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le
Staidreamh Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, Lch. 164). [6] Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme
ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13. [7] Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le córas Eorpach na
gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013,
Lch. 1). [8] Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an
15 Márta 1993 maidir le haonaid staidrimh chun an córas táirgeachta
sa Chomhphobal a bhreathnú agus a anailísiú (IO L 76, 30.3.1993,
Lch. 1). IARSCRÍBHINN Aicmiú Eorpach an tomhaltais aonair de réir
cuspóra (ECOICOP); 01 BIA AGUS DEOCHANNA
NEAMH-MHEISCIÚLA 01.1 Bia 01.1.1 Arán agus gránaigh 01.1.1.1 Rís 01.1.1.2 Plúir agus gránaigh eile 01.1.1.3 Arán 01.1.1.4 Táirgí bácúis eile 01.1.1.5 Píotsa agus quiche 01.1.1.6 Táirgí pasta agus cúscúis 01.1.1.7 Gránaigh bhricfeasta 01.1.1.8 Táirgí gránach eile 01.1.2 Feoil 01.1.2.1 Mairteoil agus laofheoil 01.1.2.2 Muiceoil 01.1.2.3 Uaineoil agus feoil
ghabhair 01.1.2.4 Éineoil 01.1.2.5 Feolta eile 01.1.2.6 Scairteach inite 01.1.2.7 Feoil dheataithe, shaillte
nó thriomaithe 01.1.2.8 Ullmhóidí feola eile 01.1.3 Iasc agus bia mara 01.1.3.1 Iasc úr nó fuaraithe 01.1.3.2 Iasc reoite 01.1.3.3 Bia mara úr nó fuaraithe 01.1.3.4 Bia mara reoite 01.1.3.5 Iasc deataithe, saillte nó
triomaithe agus bia mara 01.1.3.6 Iasc leasaithe nó
próiseáilte agus ullmhóidí eile arna mbunú ar bhia mara 01.1.4 Bainne, cáis agus
uibheacha 01.1.4.1 Bainne úr gan bhearradh 01.1.4.2 Bainne úr beagmhéathrais 01.1.4.3 Bainne leasaithe 01.1.4.4 Iógart 01.1.4.5 Cáis agus gruth 01.1.4.6 Táirgí bainne eile 01.1.4.7 Uibheacha 01.1.5 Olaí agus saillte 01.1.5.1 Im 01.1.5.2 Margairín agus saillte
plandúla eile 01.1.5.3 Ola olóige 01.1.5.4 Olaí inite eile 01.1.5.5 Saillte ainmhíocha inite
eile 01.1.6 Torthaí 01.1.6.1 Torthaí úra nó fuaraithe 01.1.6.2 Torthaí reoite 01.1.6.3 Torthaí triomaithe agus
cnónna 01.1.6.4 Torthaí leasaithe agus
táirgí arna mbunú ar thorthaí 01.1.7 Glasraí 01.1.7.1 Glasraí úra nó fuaraithe
seachas prátaí agus tiúbair eile 01.1.7.2 Glasraí reoite seachas
prátaí agus tiúbair eile 01.1.7.3 Glasraí triomaithe, glasraí
leasaithe nó próiseáilte eile 01.1.7.4 Prátaí 01.1.7.5 Criospaí 01.1.7.6 Tiúbair agus táirgí glasraí
tiúbair eile 01.1.8 Siúcra, subh, mil,
seacláid agus milseogra 01.1.8.1 Siúcra 01.1.8.2 Subha, marmaláidí agus mil 01.1.8.3 Seacláid 01.1.8.4 Táirgí milseogra 01.1.8.5 Reoiteoga agus uachtar
reoite 01.1.8.6 Ionadaigh shaorga siúcra 01.1.9 Táirgí bia g.a.e. 01.1.9.1 Anlainn, tarsainn 01.1.9.2 Salann, spíosraí agus
luibheanna cócaireachta 01.1.9.3 Bia linbh 01.1.9.4 Béilí réamhdhéanta 01.1.9.9 Táirgí bia eile g.a.e. 01.2 Deochanna
neamh-mheisciúla 01.2.1 Caife, tae agus cócó 01.2.1.1 Caife 01.2.1.2 Tae 01.2.1.3 Cócó agus seacláid
phúdraithe 01.2.2 Uiscí mianraí, deochanna
boga, súnna torthaí agus súnna glasraí 01.2.2.1 Uiscí mianraí nó fíoruiscí 01.2.2.2 Deochanna boga 01.2.2.3 Súnna torthaí agus súnna
glasraí 02 DEOCHANNA MEISCIÚLA,
TOBAC AGUS TÁMHSHUANAIGH 02.1 Deochanna meisciúla 02.1.1 Biotáillí 02.1.1.1 Biotáillí agus licéir 02.1.1.2 Deochanna boga meisciúla 02.1.2 Fíon 02.1.2.1 Fíon ó fhíonchaora 02.1.2.2 Fíon ó thorthaí eile 02.1.2.3 Fíonta treisithe 02.1.2.4 Deochanna fíonbhunaithe 02.1.3 Beoir 02.1.3.1 Lágar 02.1.3.2 Beoracha meisciúla eile 02.1.3.3 Beoracha ar bheagán alcóil
agus beoracha neamh‑mheisciúla 02.1.3.4 Deochanna beoirbhunaithe 02.2 Tobac 02.2.0 Tobac 02.2.0.1 Toitíní 02.2.0.2 Todóga 02.2.0.3 Táirgí tobac eile 02.3 Támhshuanaigh 02.3.0 Támhshuanaigh 02.3.0.0 Támhshuanaigh 03 ÉADAÍ AGUS COISBHEART 03.1 Éadaí 03.1.1 Ábhair éadaigh 03.1.1.0 Ábhair éadaigh 03.1.2 Baill éadaigh 03.1.2.1 Baill éadaigh d'fhir 03.1.2.2 Baill éadaigh do mhná 03.1.2.3 Baill éadaigh do naíonáin
(0 go dtí 2 bhliain) agus do leanaí (3 go 13 bliana) 03.1.3 Baill éadaigh eile agus
oiriúintí éadaigh eile 03.1.3.1 Baill éadaigh eile 03.1.3.2 Oiriúintí éadaigh 03.1.4 Éadaí a ghlanadh, a
chóiriú agus fháil ar cíos 03.1.4.1 Éadaí a ghlanadh 03.1.4.2 Éadaí a dheisiú agus a
fháil ar cíos 03.2 Coisbheart 03.2.1 Bróga agus coisbheart eile
03.2.1.1 Coisbheart d'fhir 03.2.1.2 Coisbheart do mhná 03.2.1.3 Coisbheart do naíonáin agus
do leanaí 03.2.2 Coisbheart a dheisiú agus
a fháil ar cíos 03.2.2.0 Coisbheart a dheisiú agus a
fháil ar cíos 04 TITHÍOCHT, UISCE,
LEICTREACHAS, GÁS AGUS BREOSLAÍ EILE 04.1 Cíosanna iarbhír
tithíochta 04.1.1 Cíosanna iarbhír a íocann
tionóntaí 04.1.1.0 Cíosanna iarbhír a íocann
tionóntaí 04.1.2 Cíosanna iarbhír eile 04.1.2.1 Cíosanna iarbhír a íocann
tionóntaí as áiteanna cónaithe tánaisteacha 04.1.2.2 Cíosanna garáiste agus
cíosanna eile a íocann tionóntaí 04.2 Cíosanna barúlacha
tithíochta 04.2.1 Cíosanna barúlacha
úinéirí-áititheoirí 04.2.1.0 Cíosanna barúlacha
úinéirí-áititheoirí 04.2.2 Cíosanna barúlacha eile 04.2.2.0 Cíosanna barúlacha eile 04.3 An teaghais a chothabháil
agus a dheisiú 04.3.1 Ábhair chun an teaghais a
chothabháil agus a dheisiú 04.3.1.0 Ábhair chun an teaghais a
chothabháil agus a dheisiú 04.3.2 Ábhair chun an teaghais a
chothabháil agus a dheisiú 04.3.2.1 Seirbhísí pluiméirí 04.3.2.2 Seirbhísí leictreoirí 04.3.2.3 Seirbhísí cothabhála do
chórais téimh 04.3.2.4 Seirbhísí péintéirí 04.3.2.5 Seirbhísí siúinéirí 04.3.2.9 Seirbhísí eile do
chothabháil agus do dheisiú na teaghaise 04.4 Soláthar uisce agus
seirbhísí ilghnéitheacha a bhaineann leis an teaghais 04.4.1 Soláthar uisce 04.4.1.0 Soláthar uisce 04.4.2 Bailiú bruscair 04.4.2.0 Bailiú bruscair 04.4.3 Bailiú séarachais 04.4.3.0 Bailiú séarachais 04.4.4 Seirbhísí eile a bhaineann
leis an teaghais g.a.e. 04.4.4.1 Táillí cothabhála i
bhfoirgnimh il-áitithe 04.4.4.2 Seirbhísí slándála 04.4.4.9 Seirbhísí eile a bhaineann
le teaghais 04.5 Leictreachas, gás agus
breoslaí eile 04.5.1 Leictreachas 04.5.1.0 Leictreachas 04.5.2 Gás 04.5.2.1 Gás nádúrtha agus gás baile
04.5.2.2 Hidreacarbóin leachtaithe
(bútán, própán, etc.) 04.5.3 Breoslaí leachtacha 04.5.3.0 Breoslaí leachtacha 04.5.4 Breoslaí soladacha 04.5.4.1 Gual 04.5.4.9 Breoslaí soladacha eile 04.5.5 Fuinneamh teasa 04.5.5.0 Fuinneamh teasa 05 FEARASTUITHE TÍ, TREALAMH TÍ AGUS
GNÁTHCHOTHABHÁIL TÍ 05.1 Troscán agus
fearastuithe, cairpéid agus clúdaigh urláir eile 05.1.1 Troscán agus fearastuithe 05.1.1.1 Troscán tí 05.1.1.2 Troscán gairdín 05.1.1.3 Trealamh soilsiúcháin 05.1.1.9 Troscán eile agus
fearastuithe 05.1.2 Cairpéid agus clúdaigh
urláir eile 05.1.2.1 Cairpéid agus rugaí 05.1.2.2 Clúdaigh urláir eile 05.1.2.3 Seirbhísí chun cairpéid
fheistithe agus clúdaigh urláir a leagan 05.1.3 Troscán, fearastuithe agus
clúdaigh urláir a dheisiú 05.1.3.0 Troscán, fearastuithe agus
clúdaigh urláir a dheisiú 05.2 Teicstílí tí 05.2.0 Teicstílí tí 05.2.0.1 Fabraicí agus cuirtíní a
fhearastú 05.2.0.2 Éadaí leapa 05.2.0.3 Línéadach boird agus tuáillí
seomra folctha 05.2.0.4 Teicstílí tí a dheisiú 05.2.0.9 Teicstílí tí eile 05.3 Fearais tí 05.3.1 Mórfhearais tí idir
leictreach agus eile 05.3.1.1 Cuisneoirí, reoiteoirí agus
cuisneoirí-reoiteoirí 05.3.1.2 Meaisíní níocháin éadaí, triomadóirí éadaí agus
miasniteoirí 05.3.1.3 Cócaireáin 05.3.1.4 Téitheoirí,
aerchóiritheoirí 05.3.1.5 Trealamh glanta 05.3.1.9 Mórfhearais tí eile 05.3.2 Mionfhearais leictreacha
tí 05.3.2.1 Fearais próiseála bia 05.3.2.2 Meaisíní caife, déantóirí
tae agus fearais den chineál céanna 05.3.2.3 Iarainn 05.3.2.4 Tóstaeir agus gríoscáin 05.3.2.9 Mionfhearais leictreacha tí
eile 05.3.3 Fearais tí a dheisiú 05.3.3.0 Fearais tí a dheisiú 05.4 Earraí gloine, earraí
boird agus acraí tí 05.4.0 Earraí gloine, earraí
boird agus acraí tí 05.4.0.1 Earraí gloine, earraí
criostail, earraí ceirmeacha agus earraí poircealláin 05.4.0.2 Sceanra, earraí boird agus
earraí airgid 05.4.0.3 Uirlisí agus earraí
neamhleictreacha cistine 05.4.0.4 Earraí gloine, earraí boird
agus acraí tí a dheisiú 05.5 Uirlisí agus trealamh tí
agus gairdín 05.5.1 Móruirlisí agus
mórthrealamh 05.5.1.1 Móruirlisí leictreacha agus
mórthrealamh mótair leictreach 05.5.1.2 Uirlisí móra agus trealamh
a dheisiú, a léasú agus chur amach ar cíos 05.5.2 Mionuirlisí agus
ilghabhálais 05.5.2.1 Uirlisí beaga
neamhleictreacha 05.5.2.2 Gabhálais ilghnéitheacha
d'uirlisí beaga 05.5.2.3 Uirlisí beaga
neamhleictreacha agus gabhálais ilghnéitheacha a dheisiú 05.6 Earraí agus seirbhísí
gnáthchothabhála tí 05.6.1 Earraí neamh-mharthanacha
tí 05.6.1.1 Táirgí glantacháin agus
cothabhála 05.6.1.2 Earraí tí beaga
neamh-mharthanacha eile 05.6.2 Seirbhísí tís agus
seirbhísí tí 05.6.2.1 Seirbhísí tís ag foireann
atá á híoc 05.6.2.2 Seirbhísí glantacháin 05.6.2.3 Troscán agus fearastuithe a
fháil ar cíos 05.6.2.9 Seirbhísí tís agus
seirbhísí tí eile 06 SLÁINTE 06.1 Táirgí, fearais agus
trealamh leighis 06.1.1 Táirgí cógaisíochta 06.1.1.0 Táirgí cógaisíochta 06.1.2 Táirgí eile leighis 06.1.2.1 Tástálacha le haghaidh
toirchis agus feistí frithghiniúna meicniúla 06.1.2.9 Táirgí eile leighis g.a.e. 06.1.3 Fearais agus trealamh
teiripe 06.1.3.1 Spéaclaí súl ceartaitheacha
agus lionsaí tadhaill 06.1.3.2 Áiseanna éisteachta 06.1.3.3 Fearas agus trealamh
teiripeach a dheisiú 06.1.3.9 Fearais agus trealamh
teiripe eile 06.2 Seirbhísí d'othair
sheachtracha 06.2.1 Seirbhísí leighis 06.2.1.1 Cleachtadh ginearálta 06.2.1.2 Cleachtadh speisialaithe 06.2.2 Seirbhísí déidliachta 06.2.2.0 Seirbhísí déidliachta 06.2.3 Seirbhísí paraimhíochaine 06.2.3.1 Seirbhísí saotharlann
anailíse leighis agus ionaid X‑ghathaithe 06.2.3.2 Folcthaí teirmeacha, teiripe gleacaíochta
cheartaitheach, seirbhísí otharchairr agus trealamh teiripeach a fháil ar cíos 06.2.3.9 Seirbhísí paraimhíochaine
eile 06.3 Seirbhísí ospidéil 06.3.0 Seirbhísí ospidéil 06.3.0.0 Seirbhísí ospidéil 07 IOMPAR 07.1 Feithiclí a cheannach 07.1.1 Gluaisteáin 07.1.1.1 Gluaisteáin nua 07.1.1.2 Gluaisteáin athláimhe 07.1.2 Gluaisrothair 07.1.2.0 Gluaisrothair 07.1.3 Rothair 07.1.3.0 Rothair 07.1.4 Feithiclí
ainmhí-tharraingthe 07.1.4.0 Feithiclí
ainmhí-tharraingthe 07.2 Oibriú trealaimh iompair
phearsanta 07.2.1 Páirteanna breise agus
ilghabhálais do threalamh iompair phearsanta 07.2.1.1 Boinn 07.2.1.2 Páirteanna breise do threalamh
iompair phearsanta 07.2.1.3 Gabháltais do threalamh
iompair phearsanta 07.2.2 Breoslaí agus bealaí do
threalamh iompair phearsanta 07.2.2.1 Díosal 07.2.2.2 Peitreal 07.2.2.3 Breoslaí eile do threalamh
iompair phearsanta 07.2.2.4 Bealaí 07.2.3 Trealaimh iompair
phearsanta a chothabháil agus a dheisiú 07.2.3.0 Trealaimh iompair
phearsanta a chothabháil agus a dheisiú 07.2.4 Seirbhísí eile a bhaineann
le trealamh iompair phearsanta 07.2.4.1 Garáistí, spásanna
páirceála agus trealamh iompair phearsanta a fháil ar cíos 07.2.4.2 Saoráidí dola agus méadair
pháirceála 07.2.4.3 Ceachtanna tiomána,
tástálacha, ceadúnais agus trialacha ródacmhainneachta 07.3 Seirbhísí iompair 07.3.1 Iompar paisinéirí
d'iarnród 07.3.1.1 Iompar paisinéirí d'iarnród 07.3.1.2 Iompar paisinéirí faoi
thalamh agus de thram 07.3.2 Iompar paisinéirí de
bhóthar 07.3.2.1 Iompar paisinéirí de bhus
agus de chóiste 07.3.2.2 Iompar paisinéirí de
thacsaí agus de charr ar cíos fara tiománaí 07.3.3 Iompar paisinéirí d'aer 07.3.3.1 Eitiltí intíre 07.3.3.2 Eitiltí idirnáisiúnta 07.3.4 Iompar paisinéirí ar muir
agus ar uiscebhealach intíre 07.3.4.1 Iompar paisinéirí ar muir 07.3.4.2 Iompar paisinéirí ar
uiscebhealach intíre 07.3.5 Iompar comhcheangailte
paisinéirí 07.3.5.0 Iompar comhcheangailte
paisinéirí 07.3.6 Seirbhísí iompair eile a
cheannaítear 07.3.6.1 Iompar d'iarnród cáblach,
de chábla‑charr agus de chathaoir‑ardaitheoir 07.3.6.2 Seirbhísí aistrithe agus
stórála 07.3.6.9 Seirbhísí iompair eile a
cheannaítear g.a.e. 08 CUMARSÁID 08.1 Seirbhísí poist 08.1.0 Seirbhísí poist 08.1.0.1 Seirbhísí láimhseála
litreacha 08.1.0.9 Seirbhísí eile poist 08.2 Trealamh teileafóin agus
facs 08.2.0 Trealamh teileafóin agus
facs 08.2.0.1 Trealamh teileafóin sheasta
08.2.0.2 Trealamh teileafóin
shoghluaiste 08.2.0.3 Trealamh teileafóin eile
agus trealamh facs 08.2.0.4 Trealamh teileafón nó facs
a dheisiú 08.3 Seirbhísí teileafóin agus
facs 08.3.0 Seirbhísí teileafóin agus
facs 08.3.0.1 Seirbhísí teileafóin
sreangaithe 08.3.0.2 Seirbhísí teileafóin gan
sreang 08.3.0.3 Seirbhísí um rochtain ar an
idirlíon a sholáthar 08.3.0.4 Seirbhísí teileachumarsáide
cuachta 08.3.0.5 Seirbhísí eile tarchuir
faisnéise 09 ÁINEAS AGUS CULTÚR 09.1 Trealamh closamhairc,
grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise 09.1.1 Trealamh chun fuaim agus
pictiúr a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh 09.1.1.1 Trealamh chun fuaim a
ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh 09.1.1.2 Trealamh chun fuaim agus
pictiúr a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh 09.1.1.3 Feistí fuaime agus físe
iniompartha 09.1.1.9 Trealamh eile chun fuaim agus pictiúr a ghlacadh, a
thaifeadadh agus a atáirgeadh 09.1.2 Trealamh
grianghrafadóireachta agus cineamatagrafach agus uirlisí optúla 09.1.2.1 Ceamaraí 09.1.2.2 Gabhálais do threalamh
grianghrafadóireachta agus cineamatagrafach
09.1.2.3 Ionstraimí optúla 09.1.3 Trealamh próiseála
faisnéise 09.1.3.1 Ríomhairí pearsanta 09.1.3.2 Gabhálais do threalamh
próiseála faisnéise 09.1.3.3 Bogearraí 09.1.3.4 Áireamháin agus trealamh
próiseála faisnéise eile 09.1.4 Meáin taifeadta 09.1.4.1 Meáin taifeadta
réamhthaifeadta 09.1.4.2 Meáin taifeadta
neamhthaifeadta 09.1.4.9 Meáin taifeadta eile 09.1.5 Trealamh closamhairc,
grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise a dheisiú 09.1.5.0 Trealamh closamhairc,
grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise a dheisiú 09.2 Mórearraí marthanacha
eile áineasa agus cultúir 09.2.1 Mórearraí marthanacha
áineasa faoin aer 09.2.1.1 Veaineanna campála,
carbháin agus leantóirí 09.2.1.2 Eitleáin, mionaerárthaí,
faoileoirí, faoileoirí crochta agus balúin the 09.2.1.3 Báid, mótair transaim agus
feistiú bád 09.2.1.4 Capaill, capaillíní agus
gabhálais 09.2.1.5 Earraí móra le haghaidh
cluichí agus spóirt 09.2.2 Uirlisí ceoil agus mórearraí
marthanacha áineasa faoi dhíon 09.2.2.1 Uirlisí ceoil 09.2.2.2 Mórearraí marthanacha
áineasa faoi dhíon 09.2.3 Mórearraí marthanacha eile
áineasa agus cultúir a chothabháil agus a dheisiú 09.2.3.0 Mórearraí marthanacha eile
áineasa agus cultúir a chothabháil agus a dheisiú 09.3 Earraí agus trealamh eile
áineasa, gairdíní agus peataí 09.3.1 Cluichí, bréagáin agus
sainchaitheamh aimsire 09.3.1.1 Cluichí agus sainchaitheamh
aimsire 09.3.1.2 Bréagáin agus earraí
ceiliúrtha 09.3.2 Trealamh spóirt, campála
agus áineasa faoin aer 09.3.2.1 Trealamh spóirt 09.3.2.2 Trealamh campála agus
áineasa faoin aer 09.3.2.3 Trealamh spóirt, campála
agus áineasa faoin aer a dheisiú 09.3.3 Gairdíní, plandaí agus
bláthanna 09.3.3.1 Táirgí gairdíní 09.3.3.2 Plandaí agus bláthanna 09.3.4 Peataí agus táirgí a
bhaineann leo 09.3.4.1 Peataí a cheannach 09.3.4.2 Táirgí do pheataí 09.3.5 Seirbhísí tréidliachta
agus seirbhísí eile do pheataí 09.3.5.0 Seirbhísí tréidliachta agus
seirbhísí eile do pheataí 09.4 Seirbhísí áineasa agus
cultúrtha 09.4.1 Seirbhísí áineasa agus
spóirt 09.4.1.1 Seirbhísí áineasa agus
spóirt - Tinreamh 09.4.1.2 Seirbhísí áineasa agus
spóirt - Rannpháirteachas 09.4.2 Seirbhísí cultúrtha 09.4.2.1 Pictiúrlanna, amharclanna,
ceolchoirmeacha 09.4.2.2 Iarsmalanna, leabharlanna,
gairdíní zó‑eolaíochta 09.4.2.3 Táillí teilifíse agus
ceadúnais raidió, síntiúis 09.4.2.4 Trealamh agus oiriúintí don
chultúr a fháil ar cíos 09.4.2.5 Seirbhísí
grianghrafadóireachta 09.4.2.9 Seirbhísí cultúrtha eile 09.4.3 Cluichí seansúlachta 09.4.3.0 Cluichí seansúlachta 09.5 Nuachtáin, leabhair agus
stáiseanóireacht 09.5.1 Leabhair 09.5.1.1 Leabhair ficsin 09.5.1.2 Téacsleabhair oideachais 09.5.1.3 Leabhair neamhfhicsin eile 09.5.1.4 Seirbhísí ceangail agus íoslódáil
ríomhleabhar 09.5.2 Nuachtáin agus
tréimhseacháin 09.5.2.1 Nuachtáin 09.5.2.2 Irisí agus tréimhseacháin 09.5.3 Ábhar clóite ilghnéitheach
09.5.3.0 Ábhar clóite ilghnéitheach 09.5.4 Stáiseanóireacht agus
ábhair líníochta 09.5.4.1 Táirgí páipéir 09.5.4.9 Ábhar eile
stáiseanóireachta agus líníochta 09.6 Saoire láneagraithe 09.6.0 Saoire láneagraithe 09.6.0.1 Saoire láneagraithe sa
bhaile 09.6.0.2 Saoire láneagraithe
idirnáisiúnta 10 OIDEACHAS 10.1 Oideachas réamhscoile
agus bunscoile 10.1.0 Oideachas réamhscoile agus
bunscoile 10.1.0.1 Oideachas réamh-bhunscoile
(ISCED‑97 leibhéal 0) 10.1.0.2 Bunoideachas (ISCED‑97
leibhéal 1) 10.2 Oideachas meánscoile 10.2.0 Oideachas meánscoile 10.2.0.0 Oideachas meánscoile 10.3 Oideachas iar‑mheánscoile
neamhthreasach 10.3.0 Oideachas iar‑mheánscoile
neamhthreasach 10.3.0.0 Oideachas iar‑bhunscoile
neamhthreasach (ISCED‑97 leibhéal 4) 10.4 Oideachas treasach 10.4.0 Oideachas treasach 10.4.0.0 Oideachas treasach 10.5 Oideachas nach féidir a
shainmhíniú de réir leibhéil 10.5.0 Oideachas nach féidir a
shainmhíniú de réir leibhéil 10.5.0.0 Oideachas nach féidir a
shainmhíniú de réir leibhéil 11 BIALANNA AGUS ÓSTÁIN 11.1 Seirbhísí lónadóireachta 11.1.1 Bialanna, caiféanna agus a
leithéid 11.1.1.1 Bialanna, caiféanna agus
ionaid damhsa 11.1.1.2 Mearbhia agus seirbhísí bia
beir leat 11.1.2 Ceaintíní 11.1.2.0 Ceaintíní 11.2 Seirbhísí cóiríochta 11.2.0 Seirbhísí cóiríochta 11.2.0.1 Óstáin, carr‑óstáin,
óstaí agus seirbhísí cóiríochta cosúla 11.2.0.2 Ionaid saoire, láithreáin champála, brúnna óige agus
seirbhísí cóiríochta cosúla 11.2.0.3 Seirbhísí cóiríochta ar
bhunaíochtaí eile 12 EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ
ILGHNÉITHEACHA 12.1 Cúram pearsanta 12.1.1 Gruagairí agus bunaíochtaí
grúmaeireachta pearsanta 12.1.1.1 Gruagaireacht d'fhir agus
do leanaí 12.1.1.2 Gruagaireacht do mhná 12.1.1.3 Cóireálacha grúmaeireachta
pearsanta 12.1.2 Fearais leictreacha le
haghaidh cúram pearsanta 12.1.2.1 Fearais leictreacha le
haghaidh cúram pearsanta 12.1.2.2 Fearais leictreacha le
haghaidh cúram pearsanta a dheisiú 12.1.3 Fearais, earraí agus
táirgí eile le haghaidh cúram pearsanta 12.1.3.1 Fearais neamhleictreacha 12.1.3.2 Earraí le haghaidh sláinteachas pearsanta agus
folláine, táirgí speisialaithe agus táirgí áilleachta 12.2 Striapachas 12.2.0 Striapachas 12.2.0.0 Striapachas 12.3 Earraí pearsanta g.a.e. 12.3.1 Seodra, cloig agus
uaireadóirí 12.3.1.1 Seodra 12.3.1.2 Cloig agus uaireadóirí 12.3.1.3 Seodra, cloig agus
uaireadóirí a dheisiú 12.3.2 Earraí pearsanta eile 12.3.2.1 Earraí taistil 12.3.2.2 Earraí le haghaidh naíonán 12.3.2.3 Earraí pearsanta eile a
dheisiú 12.3.2.9 Earraí pearsanta eile
g.a.e. 12.4 Cosaint shóisialta 12.4.0 Cosaint shóisialta 12.4.0.1 Seirbhísí cúraim leanaí 12.4.0.2 Tithe scoir do dhaoine
scothaosta agus tithe cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas 12.4.0.3 Seirbhísí chun daoine a
choinneáil ina dtithe príobháideacha 12.4.0.4 Comhairleoireacht 12.5 Árachas 12.5.1 Árachas saoil 12.5.1.0 Árachas saoil 12.5.2 Árachas a bhaineann leis
an teaghais 12.5.2.0 Árachas a bhaineann leis an
teaghais 12.5.3 Árachas a bhaineann le
sláinte 12.5.3.1 Árachas poiblí a bhaineann
le sláinte 12.5.3.2 Árachas príobháideach a
bhaineann le sláinte 12.5.4 Árachais a bhaineann le
hiompar 12.5.4.1 Árachas mótarfheithiclí 12.5.4.2 Árachas taistil 12.5.5 Árachas eile 12.5.5.0 Árachas eile 12.6 Seirbhísí airgeadais
g.a.e. 12.6.1 FISIM 12.6.1.0 FISIM 12.6.2 Seirbhísí airgeadais eile
g.a.e. 12.6.2.1 Muirir bainc agus oifigí
poist 12.6.2.2 Táillí agus muirir
seirbhíse bróicéirí, comhairleoirí infheistíochta 12.7 Seirbhísí eile g.a.e. 12.7.0 Seirbhísí eile g.a.e. 12.7.0.1 Táillí riaracháin 12.7.0.2 Seirbhísí dlí agus
cuntasaíocht 12.7.0.3 Seirbhísí sochraide 12.7.0.4 Táillí agus seirbhísí eile