This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0308
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the safeguard measures provided for in the Agreement between the European Economic Community and the Republic of Iceland (codification)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (códú)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (códú)
/* COM/2014/0308 final - 2014/0160 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (códú) /* COM/2014/0308 final - 2014/0160 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine,
cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an
Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh
agus, dá réir sin, go gcruthófar
deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a
bhronntar orthu . Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá
líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a
bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn
gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh
agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí
sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór
ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a
shainaithint. Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar
rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach. 2. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar
an 1 Aibreán 1987[1],
treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i
ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur
bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is
giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go
bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe. 3. Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí
Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2] agus cuireadh i bhfios
an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí
is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith. Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le
glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn
an códú á dhéanamh. Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar
shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú
idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós
imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear. 4. Is é is cuspóir don togra seo códú a
dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an
19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa
Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na
hÍoslainne[3].
Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile
agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní
dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin
amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh. 5. Rinneadh
an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú,
in 22 teanga oifigiúil, ar
Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 agus ar na hionstraimí lena leasaítear
é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras
próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail,
taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá
leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an
Rialachán códaithe. ê 2843/72
(oiriúnaithe) 2014/0160 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear
sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na
hÍoslainne (códú) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh Õ , agus go háirithe
Airteagal Ö 207(2) Õ de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[5],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: ê (1) Rinneadh Rialachán (CEE)
Uimh. 2843/72 ón gComhairle[6]
a leasú go suntasach roinnt uaireanta[7].
Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú. ê 2843/72 aithris
1 (oiriúnaithe) (2) Siníodh comhaontú idir
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne Ö ('an
Comhaontú') Õ sa Bhruiséil an 22 Iúil 1972. ê 2843/72 aithris
3 (3) Is gá rialacha mionsonraithe
chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in
Airteagail 23 go 28 den Chomhaontú a chur chun feidhme. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 2 (4) Is gá coinníollacha
aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha
chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh
i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[8]. (5) Ba cheart don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás
ina n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a
bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25,
Airteagal 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha
d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, ê 2843/72 TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 2(1) Airteagal 1 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go
gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú
idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne, dá
ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in
Airteagal 23, Airteagal 25 agus 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú
a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear
in Airteagal 6(2) den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit
má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. ê 2843/72
(oiriúnaithe) è1 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 2(2) Airteagal 2 1. I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a
thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal Ö 24 Õ den Chomhaontú ag an
Ö Aontas Õ , déanfaidh an
Coimisiún cinneadh tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna
iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an gComhaontú. è1 I
gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo. ç 2. I gcás cleachtais lena bhféadfaí bearta
cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Ö Aontas Õ ar bhonn
Airteagal Ö 24 Õ den Chomhaontú,
déanfaidh an Coimisiún cinneadh tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an
cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás
inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí. Airteagal 3 I
gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart
dá bhforáiltear in Airteagal Ö 26 Õ den Chomhaontú ag an
Ö Aontas Õ , beidh na nósanna
imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle[9] agus Rialachán (CE)
Uimh. 1225/2009 ón gComhairle[10]
infheidhme. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 2(3) (oiriúnaithe) Airteagal 4 1. Más rud é, de dheasca imthosca
eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear
in Airteagal 25, Airteagal 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú
nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu
ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta Ö réamhchúramacha Õ dá bhforáiltear
in Airteagal 28(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den
Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den
Rialacháin seo. 2. I gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát ar an
gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin
laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil. ê 2843/72
(oiriúnaithe) Airteagal 5 Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht
fógra ón Ö Aontas Õ a chur chuig an
gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 28(2) den Chomhaontú. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 2(5) Airteagal 6 1. Déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh
le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[11] cúnamh a thabhairt don
Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa
Choiste sin. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta
Airteagal 5 den Rialachán sin. Airteagal 7 Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur
chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil maidir le
bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh
sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a
de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009. ê Airteagal 8 Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72
a aisghairm. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II. Airteagal 9 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. ê 2843/72 Beidh an Rialachán
seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach
i ngach Ballstát. Arna dhéanamh i/sa [...], Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COM(87) 868 miontuairiscí. [2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na
Conclúidí. [3] Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014. [4] Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo. [5] IO C […], […], lch. […]. [6] Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an 19
Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (IO L 301,
31.12.1972, lch. 162). [7] Féach Iarscríbhinn I. [8] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus
na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55,
28.2.2011, lch. 13). [9] Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11
Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha
nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009,
lch. 93). [10] Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30
Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51). [11] Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón
gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009,
lch. 1). é IARSCRÍBHINN
I An
Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle (IO L 301, 31.12.1972, lch. 162) || || || Rialachán (CEE) Uimh. 640/90 ón gComhairle (IO L 74, 20.3.1990, lch. 4) || || Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Iarscríbhinn, pointe 2 amháin _____________ IARSCRÍBHINN
II An
Tábla Comhghaoil Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 || An Rialachán seo Airteagail 1 go 4 || Airteagail 1 go 4 Airteagal 6 || Airteagal 5 Airteagal 7 || Airteagal 6 Airteagal 8 || Airteagal 7 - - || Airteagal 8 Airteagal 9 - || Iarscríbhinn I - || Iarscríbhinn II _____________