This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0548
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Amending Regulation (EC) No 273/2004 on drug precursors
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí
/* COM/2012/0548 final - 2012/0261 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí /* COM/2012/0548 final - 2012/0261 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta Tá go leor ceimiceán a úsáidtear i raon
leathan de phróisis thábhachtacha thionsclaíocha (e.g. sintéis
plaisteach, cógas, cosmaidí, cumhrán, glantach agus bolaithe) agus
trádáiltear iad chun na críocha dleathacha sin ar mhargaí réigiúnacha agus
domhanda. Féadtar mí-úsáid a bhaint
as roinnt de na ceimiceáin sin, áfach, chun drugaí támhshuanacha nó substaintí
síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Réamhtheachtaithe drugaí a thugtar ar cheimiceáin
a tháirgtear chun críocha dleathaigh agus is féidir a úsáid i monarú drugaí
neamhdhleathacha. Coirpigh a bhfuil sé beartaithe acu
réamhtheachtaithe drugaí a úsáid chun drugaí a mhonarú go neamhdhleathach, is
annamh a tháirgeann siad féin iad, toisc go mbíonn bonneagar tionsclaíoch mór
de dhíth chun iad a tháirgeadh go minic. Dá bhrí sin, déanann coirpigh iarracht na substaintí seo a atreorú
ón trádáil dhleathach. Níl toirmeasc ar thrádáil na réamhtheachtaithe
drugaí iad féin mar gheall ar an úsáid thábhachtach dhlisteanach a bhaintear
astu. Ar mhaithe le cosc a chur ar
atreorú na réamhtheachtaithe drugaí chuig monarú drugaí aindleathacha áfach,
bunaíodh creat rialála ar leith ar leibhéal idirnáisiúnta le hAirteagal 12
de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí
Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha (dá ngairtear Coinbhinsiún 1988 na
NA anseo feasta). Tá an tAontas
Eorpach ina Pháirtí sa Choinbhinsiún sin agus tá a chuid oibleagáidí curtha
chun feidhme aige le Rialachán (EC) Uimh. 273/2004 lena rialaítear
faireachán ar thrádáil laistigh den AE réamhtheachtaithe drugaí agus le
Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena rialaítear an trádáil sheachtrach. Déantar foráil i gcreat rialála an Aontais maidir
le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil dhlisteanach réamhtheachtaithe
drugaí. Ceanglaítear ar oibreoirí,
i.e. monaróirí, dáileoirí, bróicéirí, onnmhairithe, allmhairithe agus
mórdhíoltóirí ceimiceán atá i mbun trádála dlisteanaí réamhtheachtaithe drugaí
bearta frithghadaíochta a dhéanamh, a gcuid custaiméirí a sheiceáil,
idirbhearta amhrasacha a bhrath agus na húdaráis a chur ar an eolas ina leith. Ní fhéadfadh an creat rialála a fheidhmiú go
réidh d'uireasa na comhpháirtíochta idir an tionscal agus na húdaráis. Déanann na húdaráis phoiblí faireachán lena
chinntiú go bhfuil cuideachtaí a bhíonn ag plé le réamhtheachtaithe drugaí ag
comhlíonadh mar is ceart a gcuid oibleagáidí faoin reachtaíocht trí
chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus trí nósanna imeachta riaracháin
amhail ceadúnais agus cláruithe a dheonú. Forais agus cuspóirí an togra Ceannaíonn gáinneálaithe na réamhtheachtaithe
drugaí atá de dhíth orthu ó réigiúin dhifriúla sa domhan agus baineann siad
úsáid as laigí rialaithe chun a leasa féin. Tá sé d'aidhm ag an togra seo dul i ngleic le laige ar leith a
braitheadh san Aontas Eorpach, nuair a atreoraíodh méid mór ainhidríde
aicéití, príomh-réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an
AE: in 2008, is san AE a rinneadh
75 % d'urghabhálacha ainhidríde aicéití an domhain. Tá úsáid hearóine ag cur le fadhbanna sláinte poiblí san Eoraip
ó na 1970idí i leith. Is í is cúis
fós leis an sciar is mó den úsáid drugaí lena mbaineann galracht agus bás léi
san Aontas Eorpach. Cé go bhfuil laghdú an-suntasach tagtha ar
an méid ainhidríde aicéití a urghabháladh san AE ó 2008 i leith, tá an INCB[1] fós ag lua ina thuarascálacha
bliantúla nach bhfuil bearta rialaithe reachtacha na hEorpa sách dian le
hatreorú an phríomh-réamhtheachtaí hearóine ón trádáil laistigh den AE a chosc. An 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún
Eorpach Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na reachtaíochta
atá ag an AE cheana maidir le réamhtheachtaithe drugaí[2]; thángthas ar an gconclúid sa
tuarascáil sin go bhfuil an reachtaíocht ag feidhmiú go maith tríd is tríd, ach
aithníodh roinnt laigí freisin agus rinneadh moltaí maidir le conas dul i
ngleic leo sin[3]. Sa togra seo, trí Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 a leasú, déantar beart de réir an mholta a rinneadh sa
Tuarascáil ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde
aicéití, príomh‑réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach
an AE, trí na ceanglais chlárúcháin a shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm
acu faoi láthair ach maidir le hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar
an margadh, d'fhonn úsáideoirí na substainte a chumhdach, agus trí na forálacha
clárúcháin comhchuibhithe a fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a
bhaint amach lena gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar glacadh
beart náisiúnta atá éagsúil óna chéile. Comhsheasmhacht le beartais agus le
cuspóirí eile an Aontais Tá an togra seo ag teacht go huile agus go
hiomlán le cuspóirí Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012[4] agus le Plean Gníomhaíochta an
AE maidir le Drugaí (2009‑2012)[5],
ina leagtar amach an cuspóir laghdú a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil,
san Aontas agus tríd an Aontas, réamhtheachtaithe drugaí a úsáidtear chun
drugaí aindleathacha a tháirgeadh. Ós rud é gur feiniméan casta é fadhb na
ndrugaí, tá cur chuige décheannach ag teastáil le dul i ngleic leis, is é sin an
t-éileamh agus an soláthar a laghdú[6]. Is é an aidhm atá le cosc a chur ar atreorú
agus ar gháinneáil réamhtheachtaithe drugaí soláthar drugaí
aindleathacha a laghdú – is é an cuspóir foriomlán leibhéal ard cosanta,
sláine agus comhtháthaithe shóisialta a bhaint amach do shaoránaigh an AE trí
úsáid drugaí a chosc agus a laghdú i gcomhréir le Straitéis Drugaí an AE. Tá Seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ag tabhairt
faoi mheastóireacht ar Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012 faoi láthair, mar
chuid den ullmhúchán ar Straitéis Drugaí an AE a bheidh i bhfeidhm ó 2013 ar
aghaidh[7].
Faoin meastóireacht sin ní cheistítear colún an 'laghdaithe sa soláthar' (lena
n-áirítear cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí) áfach, agus siocair
go bhfuil an tAontas ina Pháirtí in Airteagal 12 de Choinbhinsiún 1988 na
NA, tá ceangal air ar aon nós féachaint le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí a
chosc. Is prionsabal bunúsach den Chonradh é leibhéal
ard cosanta do shláinte an duine, agus déanfar sin a áirithiú agus gach
beartas agus gníomhaíocht den AE á sainiú agus á chur chun feidhme. Cabhraíonn
rialú ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí le sláinte an duine a chosaint, go
háirithe i réimse an dochair a dhéantar don tsláinte a bhaineann le drugaí,
réimse ina n-iarrtar ar an Aontas sa Chonradh gníomhaíochtaí na mBallstát
maidir le cosc ar úsáid drugaí a chomhlánú[8]. Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh i
gcomhréir freisin leis an bprionsabal a leagtar síos sa Chonradh go ndéanfaidh
an tAontas iarracht leibhéal ard slándála a áirithiú trí bhearta chun
coireacht a chosc agus a chomhrac, agus trí bhearta comhordaithe agus comhair
idir póilíní agus údaráis inniúla eile[9]. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúcháin leis na páirtithe
leasmhara, saineolas a bhailiú agus a úsáid In 2009 agus go luath sa bhliain 2010, chuaigh
Seirbhísí an Choimisiúin i mbun comhairliúcháin le gach páirtí leasmhar maidir
le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus chuir siad torthaí
an chomhairliúcháin i láthair i dTuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle, a glacadh an 7 Eanáir 2010[10]. I mBealtaine 2010, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le
Tuarascáil an Choimisiúin, inar aithníodh an tábhacht a bhaineann le leanúint
le comhar gníomhach i measc na n‑údardás agus an tionscail agus le cur
chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí a fheabhsú. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún clár oibre a bhunú chun gníomhú i
leith na laigí a aithníodh sa reachtaíocht, i gcomhar leis na Ballstáit, agus
leasuithe reachtacha a mholadh roimh dheireadh 2011 tar éis measúnú grinn
a dhéanamh ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith acu ar údaráis na mBallstát
agus ar oibreoirí eacnamaíocha[11]. Ina dhiaidh sin, d'fhorbair an Coimisiún sé
cinn de roghanna beartais féideartha (tá tuilleadh eolais sa chéad rannóg eile
thíos) agus rinneadh iad a phlé leis na Ballstáit agus le hionadaithe tionscail
ag cruinniú speisialta den Mheitheal um Réamhtheachtaithe Drugaí i Meitheamh 2010. Chuathas i gcomhairle arís leis na Ballstáit
agus le páirtithe leasmhara an tionscail, trí chomhairliúchán scríofa, maidir
leis an sé rogha, idir an 23 Iúil agus an 18 Deireadh Fómhair 2010. Aithníodh trí phríomhghrúpa sprice: monaróirí agus trádálaithe (oibreoirí),
úsáideoirí deiridh agus údaráis inniúla na mBallstát. Chomh maith leis sin, tugadh faoi chomhairliúchán le FBManna tríd an
líonra Fiontar Eorpach ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 24 Samhain 2010
lena áirithiú go gcuirfí san áireamh na húdair imní a bhí ag grúpa sprice ar
leith, mar atá úsáideoirí deiridh réamhtheachtaithe drugaí, ar FBManna an chuid
is mó díobh. Ar deireadh, chuir an Coimisiún de chúram ar
shainchomhairleoir seachtrach staidéar a dhéanamh chun meastóireacht
mhionsonraithe a dhéanamh ar na costais riaracháin a bheadh ar chuideachtaí
agus ar údaráis mar thoradh ar gach ceann de na roghanna beartais. Measúnú tionchair Ós rud é gurb í an easpa rialaithe atá ag na
húdaráis inniúla ar na gníomhaithe eacnamaíoch go léir a bhfuil baint acu i
dtrádáil dhlisteanach réamhtheachtaithe drugaí an phríomhchúis fadhbanna,
féachadh i gcás gach ceann de na roghanna beartais le rialú a fheabhsú
trí thuairisciú feabhsaithe, tabhairt fógraí, nó oibleagáidí clárúcháin a chur
ar ghníomhaithe eacnamaíocha. Tá
anailís déanta ar na tionchair a bheadh ag na sé rogha beartais seo a leanas: –
Rogha 1 (an rogha bhonnlíne): gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh: ní bheidh aon athrú ar reachtaíocht reatha an AE; –
Rogha 2: oibleagáidí níos láidre maidir le tuairisciú; –
Rogha 3: rialacha agus oibleagáidí níos láidre ar oibreoirí a bhaineann le
dearbhuithe custaiméirí ó úsáideoirí deiridh; –
Rogha 4: ceangal a chur ar oibreoirí fógra a thabhairt go tráthrialta do na
húdaráis maidir le húsáideoirí deiridh nua ar mhaithe le fíorú a dhéanamh; –
Rogha 5: ceangal a leagan síos go mbeidh clárú de dhíth ar úsáideoirí deiridh
agus na ceanglais maidir le clárú a atreisiú; –
Rogha 6: Ainhidríd aicéiteach a aistriú ó shubstaintí sceidealaithe chatagóir 2
go substaintí sceidealaithe chatagóir 1. I gcás rogha 2 go rogha 5, rinneadh
anailís ar dhá fho-rogha, i.e. iad a theorannú go sonrach d'ainhidríd
aicéiteach nó iad a chur i bhfeidhm maidir le gach substaint sceidealaithe i gcatagóir 2. Ba í conclúid ghinearálta an mheasúnaithe
tionchair[12]
go mbeadh an dá rogha, rogha 4 (i gcás ainhidríde aicéití amháin) agus rogha 5
(i gcás ainhidríde aicéití amháin), araon ina roghanna maithe le féachaint leis
na cuspóirí a aithníodh a bhaint amach. Bheadh tionchair ag an dá rogha ar
FBManna toisc gur FBManna iad bunús na húsáideoirí deiridh a bhíonn ag plé le
hainhidríd aicéiteach, ach ní bheadh ualach chomh mór i gceist i gcás rogha 5
le hais rogha 4 a fhad a bhaineann leis na costais bhliantúla ar fhiontair
(ar choinníoll nach ndéanfaidh na húdaráis gach costais a chur ar aghaidh chuig
na cláraithe trí tháillí a ghearradh), argóint a bhaineann go mór le hábhar i
gcás FBManna. Tríd is tríd, mar gheall ar an tacaíocht láidir pholaitiúil atá
ann do rogha 5 i gcás formhór na mBallstát, chomh maith leis na tuairimí a
nochtaíodh go hidirnáisiúnta go bhfuil rialú níos córasaí ar úsáideoirí deiridh
ainhidríde aicéití (orthu ar fad) de dhíth ar reachtaíocht an AE, agus i ngeall
ar an ualach beagán níos éadroime a chuirfeadh sí ar FBManna, is í rogha 5
an rogha a taobhaíodh léi, de bheagán, sa deireadh thiar thall. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Bunús dlí Is é Airteagal 114 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Is é is cuspóir d'Airteagal 114 margadh inmheánach a bhunú agus
ardleibhéal cosanta á áirithiú do shláinte an duine agus don chomhshaol. Prionsabal na coimhdeachta Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar
a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas
Eorpach é, a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin (CE)
Uimh. 273/2004 cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí ón trádáil
dhlisteanach i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoi Airteagal 12 de
Choinbhinsiún 1988 na NA. Rannchuidíonn
sé leis an gcomhrac domhanda i gcoinne táirgeadh agus gáinneáil aindleathach
drugaí tamhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, agus ag an am céanna
áirítear leis feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh
réamhtheachtaithe drugaí trí oibreoirí a bhíonn ag feidhmiú laistigh den AE a
chur faoi réir na rialacha comhchuibhithe céanna agus, san am céanna, bacainní
gan chall roimh thrádáil dhlisteanach agus ualach riaracháin gan chall ar
fiontair agus ar údaráis inniúla a sheachaint. Ní féidir leis na Ballstáit leo féin cuspóir
an togra seo, eadhon neartú ar na bearta rialaithe a dhéantar ar ainhidríd
aicéiteach chun cosc a chur ar a hatreorú ó mhargadh inmheánach an AE agus, san
am céanna, saobhadh an mhargaidh a sheachaint, a bhaint amach ar bhealach
leordhóthanach agus is éifeachtúla a bhainfidh gníomhaíocht ón Aontas amach é,
ar na cúiseanna seo a leanas: –
Mothaíonn roinnt Ballstát go bhfuil cosc dlí orthu
bearta rialaithe náisiúnta a ghlacadh a rachadh thar reachtaíocht an AE ar
bhonn Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, lena dtugtar
cumhacht do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhfuil gá leo ionas gur
féidir lena n-údaráis a ndualgais rialaithe agus faireacháin a dhéanamh. Áitíonn siad gurb iad na hoibreoirí amháin
a chuirtear faoi réir beart rialaithe le reachtaíocht an AE (ní chuirtear aon
oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh), agus gur cheart an méid sin a thuiscint mar
chinneadh toiliúil agus ceangailteach de chuid an AE nár cheart
úsáideoirí deiridh a bheith faoi réir rialú na reachtaíochta maidir le
réamhtheachtaithe drugaí. –
Os a choinne sin, tá Ballstáit eile ag cuimhniú ar
rialuithe substainteacha náisiúnta a bhunú ar Airteagal 10, nó tá siad
bunaithe acu cheana. Tháinig as sin, ar an gcéad dul síos, éagsúlacht i gcur
chuige na mBallstát maidir le rialú, rud a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh
d'fheidhmiú mhargadh an Aontais agus, ar an dara dul síos, beart aonair i
mBallstáit ar leith, rud lena mbaineann an baol ann go n-aistreofar an fhadhb ó
Bhallstát go chéile, agus na gáinneálaithe ach baint leasa as an "lúb is
laige" i margadh an Aontais. Ní bheadh teaglaim de bhearta náisiúnta
éagsúla chomh héifeachtach céanna le cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an
AE. Dearbhú eile de sin is ea gur iarr Ballstáit agus earnálacha bainteacha den
tionscal ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun cothrom iomaíochta an mhargaidh
inmheánaigh a chaomhnú, agus gan a bheith ag brath an iomarca ar bhearta
náisiúnta forlíontacha. Prionsabal na comhréireachta Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach
chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh
ar an Aontas Eorpach é. Trí chosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí ón
trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh aindleathach drugaí, táthar ag súil leis
go rannchuideoidh an togra seo leis an gcomhrac i gcoinne gáinneáil drugaí
támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, agus go gcosnófar saoránaigh dá
bharr sin ón dochar don tsláinte a bhaineann le handúil drugaí. Lena chois sin,
toisc go n‑áirithítear go mbeidh oibreoirí agus úsáideoirí a bhíonn i
mbun thrádáil dhlisteanach na réamhtheachtaithe drugaí sin faoi réir rialacha
comhchuibhithe, ba cheart go n-áiritheofar leis feidhmiú ceart mhargadh an
Aontais trí bhacainní nach bhfuil gá leo roimh thrádáil dhlisteanach a
sheachaint agus ualaí riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis inniúla a laghdú. Ní théann an togra i ngleic ach leis na láigí
a aithníodh sa mheastóireacht ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme na
Rialachán maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí; déantar sin trína leagan síos go
bhfuil ceangal clárúcháin, ní amháin ar oibreoirí a chuireann ainhidríd
aicéiteach ar an margadh ach ar úsáideoirí a mbíonn sí acu dá n-úsáid nó dá
gcuid próisis féin (i.e. úsáideoirí deiridh) freisin. Ní dhéantar sa togra na
forálacha atá beartaithe i leith ainhidríd aicéiteach a shíneadh d'fhonn
substaintí sceidealaithe eile i gcatagóir 2 a chumhdach. Rogha na
hionstraime Rialachán an
ionstraim dlí a roghnaíodh mar go bhfuil sé d'aidhm ag an togra na rialacha is
infheidhme i leith oibreoirí eacnamaíocha (úsáideoirí deiridh) a bhíonn ag plé
le hainhidríd aicéiteach dá gcuid úsáide nó próisis féin a chomhchuibhiú. Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
atá ann cheana. Príomhfhóralacha an togra Tugtar isteach
leis an togra an ceanglas ar úsáideoirí deiridh ainhidríde aicéití clárú a
fháil mar atá cheana féin i gcás oibreoirí a chuireann an tsubstaint ar an
margadh, agus neartaítear leis na rialacha maidir le clárú. Thairis sin,
beartaítear leis an togra bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe
drugaí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhailiú
na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit faoi urghabhálacha réamhtheachtaithe
drugaí agus faoi lastais díobh ar cuireadh stop leo, i gcomhréir le hAirteagal 13
de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, agus liosta a choimeád d'oibreoirí agus
d'úsáideoirí san AE a bhfuil ceadúnas acu agus a thrádálann nó a úsáideann
réamhtheachtaithe drugaí go dleathach, agus é a chur ar chumas oibreoirí
faisnéis achoimreach a chur ar fáil d'údaráis inniúla maidir lena gcuid
idirbhearta a bhaineann le substaintí sceidealaithe i gcomhréir le hAirteagal 8
(2) reatha i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004. Ar deireadh,
déanann an dréacht-rialachán forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
maidir le hiarchoisteolaíocht a chur in oiriúint do na rialacha nua i gConradh
Liospóin. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon tionchar ag an togra ón gCoimisiún ar
bhuiséad an Aontais Eorpaigh de bhrí nach bhfuil aon acmhainní breise de dhíth
chun an ghníomhaíocht atá beartaithe a chur chun feidhme. Tá na hacmhainní riachtanacha chun an bunachar sonraí Eorpach a chur
chun feidhme san áireamh cheana féin sna leithdháiltí a deonaíodh i rith an nós
imeachta buiséadaigh agus laistigh de líne an Mhargaidh Inmheánaigh. Dá bhrí sin níl tionchar aige ar an mbuiséad thar
na leithreasaí a bhfuil foráil déanta maidir leo cheana i gcomhair na mblianta
atá le teacht i gcláreagrú oifigiúil an Choimisiúin. 5. FAISNÉIS BHREISE –
Tá an togra faoi réir fógra a thabhairt don
Eagraíocht Dhomhanda Trádála i gcreat an Chomhaontaithe maidir le Bacainní
Teicniúla ar an Trádáil. –
Beidh an gníomh atá beartaithe ábhartha maidir leis
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). –
Tá sa ghníomh atá beartaithe tréimhse eatramhach do
theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí cláraithe nua ar úsáideoirí deiridh
ainhidríde aicéití. –
Tá sa ghníomh atá beartaithe clásal
athbhreithnithe le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin leasaithe i
leith atreorú ainhidríde aicéití a chosc. 2012/0261 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
maidir le réamhtheachtaithe drugaí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag
féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114
de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[13], Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach
ar Chosaint Sonraí[14], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) De bhun Airteagal 16 de
Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí[15], ghlac an Coimisiún an 7 Eanáir 2010
tuarascáil chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur i
bhfeidhm agus feidhmiú na reachtaíochta atá ag an AE cheana maidir le
réamhtheachtaí drugaí[16]. (2) Sa Tuarascáil sin, mhol an
Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar bhealaí chun rialú na trádála in
ainhidríd aicéiteach a neartú (substaint sceidealaithe i gCatagóir 2) chun
cosc níos fearr a chur ar atreorú ainhidríde aicéití chun hearóin a tháirgeadh
go haindleathach. (3) Ina Conclúidí maidir le
feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht an AE i ndáil le réamhtheachtaithe
drugaí an 25 Bealtaine 2010, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún
leasuithe reachtacha a mholadh tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an tionchar a
d'fhéadfaidís a imirt ar údaráis inniúla agus ar oibreoirí eacnamaíocha. (4) Ba cheart an sainmhíniú ar
shubstaintí sceidealaithe a shoiléiriú: ba cheart an téarma ábhartha ó
reachtaíocht an Aontais, 'táirgí íocshláinte' a chur in áit an téarma 'ullmhóid
chógaisíochta' a tháinig as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne
Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a
glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988 (dá ngairtear "Coinbhinsiún na
Náisiún Aontaithe" anseo feasta), agus ba cheart an téarma 'ullmhóidí
eile' a scriosadh mar is ionann é agus an téarma 'meascáin' atá in úsáid sa sainmhíniú
cheana féin. (5) Ba cheart sainmhíniú ar an
téarma 'úsáideoir' a thabhairt isteach i gcomhair cuideachtaí a bhfuil
substaintí ina seilbh acu chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh. (6) Ba cheart a shoiléiriú nach
mór do chuideachtaí atá ag úsáid substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1
chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh ceadúnas a fháil. (7) Ba cheart rialacha níos
mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le clárúchán chun coinníollacha
aonfhoirmeacha clárúcháin a áirithiú i ngach Ballstát i gcás substaintí
sceidealaithe i gcatagóir 2 d'Iarscríbhinn I. I gcás substaintí atá
sceidealaithe san fhochatagóir nua 2A, d'Iarscríbhinn I, ba cheart ní
hamháin oibreoirí ach úsáideoirí freisin a bheith faoi réir ceanglais chlárúcháin. (8) Chun iomaíochas
micreaghnóthas a chosaint, níor cheart aon táillí a ghearradh orthu chun
clárúchán nó ceadúnas a fháil. (9) Ba cheart foráil a dhéanamh
maidir le forálacha sainráite chun a shoiléiriú gur féidir leis na Ballstáit
gníomhú i ndáil le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí
neamhsceidealaithe ionas go mbeidh siad in ann gníomhú níos sciobtha i ndáil le
treochtaí nua i dtáirgeadh aindleathach drugaí. (10) Ba cheart bunachar sonraí
Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chruthú chun an tuairisciú ag na
Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop
leo, chun clár Eorpach d'oibreoirí agus d'úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó
clárúchán acu a chruthú lena n-éascófar fíorú dlisteanachta idirbheart tráchtála
lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus chun é a chur ar chumas oibreoirí
faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta dleathacha
lena mbaineann substaintí sceidealaithe. (11) Le Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 beartaítear sonraí a phróiseáil. D'fhéadfaí sonraí
pearsanta a chuimsiú leis an bpróiseáil sonraí sin agus ba cheart é sin a
dhéanamh i gcomhréir le Dlí an Aontais. (12) Ba cheart ainhidríd
aicéiteach, atá sceidealaithe i gcatagóir 2 d'Iarscríbhinn I faoi
láthair, a chur san fhochatagóir nua 2A, d'Iarscríbhinn I ionas go
bhféadfar breis rialaithe a dhéanamh ar a trádáil. Ba cheart na substaintí atá
fágtha de chatagóir 2 a liostú i bhfochatagóir 2B. (13) Faoi Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur
chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna
imeachta a leagadh síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an
28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le
feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[17] arna leasú le
Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle[18]. (14) Mar thoradh ar theacht i
bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290
agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. (15) Chun cuspóirí Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na ceanglais agus na
coinníollacha a shonrú maidir le deonú an cheadúnais agus an chlárúcháin,
maidir le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid, maidir le meascáin a
dhoiciméadú nó a lipéadú, maidir le soláthar faisnéise ag na hoibreoirí i
dtaobh idirbheart lena mbaineann substaintí sceidealaithe, maidir le hoibreoirí
agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán faighte acu sa chlár Eorpach a
liostú agus chun na hIarscríbhinní a leasú. Tá sé rítábhachtach go rachaidh an
Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena
n-áirítear le saineolaithe. (16) Ba cheart don Choimisiún, le
linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go
ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (17) Chun dálaí aonfhoirmeacha a
áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a chur chun feidhme,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba
cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí i gcomhair rialú na mBallstát ar
fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[19]. (18) Ba cheart an nós imeachta
scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na
mionsonraí a chinneadh maidir leis an gcaoi ar cheart dearbhuithe custaiméirí a
sholáthar i bhfoirm leictreonach; chun na mionsonraí a chinneadh maidir leis an
gcaoi a soláthrófar do bhunachar sonraí Eorpach an fhaisnéis faoi idirbhearta
oibreoirí lena mbaineann substaintí sceidealaithe. (19) Ó tharla nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neartú na rialacha maidir le
clárúchán oibreoirí atá ag cur substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 ar
an margadh nó a bhfuil substaintí den sórt sin ina seilbh acu, go háirithe
ainhidríd aicéiteach, chun cosc a chur ar a atreorú i dtreo táirgthe aindleathaigh
dhrugaí, a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur leas na ngáinneálaithe
éagsúlachtaí náisiúnta maidir le clárúchán agus toisc go n-aistríonn siad a
ngnó aindleathach go dtí na háiteanna is éasca réamhtheachtaithe drugaí a
atreorú chucu, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar
leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar
a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
mar a leanas: (1)
Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (a): "(a) ciallaíonn 'substaint
sceidealaithe' aon substaint a úsáidtear le haghaidh monarú neamhcheadaithe
drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I,
lena n‑áirítear meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil na substaintí
sin. Ní áirítear leis sin táirgí agus meascáin nádúrtha ina bhfuil substaintí
sceidealaithe agus atá comhshuite ar bhealach nach féidir na substaintí
sceidealaithe a úsáid go héasca ná a eastóscadh trí mhodhanna is infheidhme go
héasca ná trí mhodhanna atá inmharthana ó thaobh eacnamaíochta de agus táirgí
íocshláinte de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20];" (b)
cuirtear isteach pointe (h) mar seo a leanas: "(h) ciallaíonn 'úsáideoir' aon duine
nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil substaint sceidealaithe ina sheilbh aige agus
atá i mbun substaintí sceidealaithe a phróiseáil, a fhoirmliú, a thomhailt, a
stóráil, a choinneáil, a chóireáil, a chur isteach i gcoimeádáin, a aistriú ó
choimeádán amháin go ceann eile, a meascadh, a chlaochlú nó a úsáid ar aon
bhealach eile. (2)
Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2
agus mhír 3: "2. Beidh sé de cheangal ar oibreoirí
agus úsáideoirí ceadúnas a fháil ó na húdaráis inniúla sula bhféadfaidh
substaint sceidealaithe de chatagóir 1 d'Iarscríbhinn I a bheith ina
seilbh acu nó sula bhféadfaidh siad substaint den sórt sin a chur ar an
margadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais speisialta a dheonú do
chógaslanna, d'íoclannaí tréidliachta, d'údaráis phoiblí de chineálacha áirithe
nó do na fórsaí armtha. Ní bheidh ceadúnais speisialta den sórt sin bailí ach i
gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe de chatagóir 1 d'Iarscríbhinn I
laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n‑oibreoirí lena
mbaineann. 3. Ní sholáthróidh aon oibreoir a bhfuil
ceadúnas dá dtagraítear i mír 2 aige substaintí sceidealaithe de chatagóir 1
d'Iarscríbhinn I ach d'oibreoirí nó d'úsáideoirí a bhfuil ceadúnas den
sórt sin acu agus a shínigh dearbhú custaiméara dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)." (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: "5. Gan dochar do mhír 9,
féadfaidh na údaráis inniúla bailíocht an cheadúnais a theorannú do thréimhse
nach faide ná trí bliana nó féadfaidh siad iallach a chur ar na hoibreoirí a
léiriú i gceann tréimhsí nach faide ná trí bliana go bhfuil na coinníollacha
faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh go fóill. Luafar sa cheadúnas an t‑oibreoir
agus na hoibríochtaí a bhfuil sé bailí dóibh, chomh maith leis na substaintí
lena mbaineann sé. Deonófar ceadúnais speisialta de réir bhrí mhír 2 i
bprionsabal ar feadh tréimhse neamhtheoranta ach féadfaidh an t‑údarás
inniúil iad a chur ar fionraí nó a chúlghairm faoi choinníollacha mhír 4,
an tríú abairt." (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: "6. Ón [18 mí tar éis dháta an
fhoilsithe] beidh sé de cheangal ar oibreoirí clárúchán a fháil ó na húdaráis
inniúla sula gcuirfidh siad substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I
ar an margadh. Ina theannta sin, beidh sé de cheangal ar úsáideoirí clárúchán a
fháil ó na húdaráis inniúla sula mbeidh substaintí sceidealaithe d'fhochatagóir 2A
d'Iarscríbhinn I ina seilbh acu. Féadfaidh na húdaráis inniúla clárúcháin
speisialta a dheonú do chógaslanna, d'íoclannaí tréidliachta, d'údaráis phoiblí
de chineálacha áirithe nó do na fórsaí armtha. Ní mheasfar clárúcháin speisialta
den sórt sin a bheith bailí ach i gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe de chatagóir 2
d'Iarscríbhinn I laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n‑oibreoirí
nó na n‑úsáideoirí lena mbaineann." (d)
cuirtear isteach mír 6a agus mír 6b mar seo a
leanas: "6a. Ní sholáthróidh aon oibreoir a
bhfuil clárúchán dá dtagraítear i mír 6 aige substaintí sceidealaithe
d'fhochatagóir 2A d'Iarscríbhinn I ach d'oibreoirí nó d'úsáideoirí
eile a bhfuil clárúchán den sórt sin acu agus a shínigh dearbhú custaiméara dá
bhforáiltear in Airteagal 4(1). 6b. Agus na húdaráis inniúla ag breithniú
clárúchán a dheonú, cuirfidh siad san áireamh go háirithe inniúlacht agus
ionracas an iarratasóra, agus ní mór an clárúchán a dhiúltú má tá forais
réasúnta amhrais ann maidir le hoiriúnacht agus iontaofacht an iarratasóra nó
an oifigigh atá freagrach as an trádáil i substaintí sceidealaithe. Féadfaidh
na húdaráis inniúla an clárúchán a chur ar fionraí nó a chúlghairm aon uair a
bhfuil forais réasúnta ann lena chreidiúint nach duine cuí cóir a thuilleadh an
sealbhóir le clárúchán a bheith aige, nó nach bhfuil na coinníollacha faoinar
deonaíodh an clárúchán á gcomhlíonadh a thuilleadh." (e)
i mír 7, cuirtear isteach an abairt seo a
leanas: "Aon oibreoir nó úsáideoir, ar micrifhiontar
é de réir bhrí Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an
Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú
micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide[21], ní bheidh sé de cheangal air
táillí den sórt sin a íoc." (f)
cuirtear isteach Airteagal 8 agus Airteagal 9
mar seo a leanas: "8. Déanfaidh na húdaráis inniúla
oibreoirí agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas dá dtagraítear i mír 2 nó
clárúchán dá dtagraítear i mír 6 faighte acu a chur isteach i mbunachar
sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a fhorbróidh an Coimisiún
agus dá bhforáiltear in Airteagal 13a. 9. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir
leis an méid seo a leanas: (a)
na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann leis
an gceadúnas dá dtagraítear i mír 2 a dheonú; (b)
na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann leis
an gclárúchán dá dtagraítear i mír 6 a dheonú; (c)
na ceanglais agus na coinníollacha chun na
hoibreoirí agus na húsáideoirí a liostú a bhfuil ceadúnas nó clárúchán i
mbunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí dá dtagraítear i
mír 8 faighte acu." (3)
Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "1. Gan dochar do mhír 4, Airteagal 6
agus Airteagal 14, gheobhaidh aon oibreoir atá bunaithe laistigh den
Chomhphobal agus a sholáthróidh substaint sceidealaithe de chatagóir 1 nó
de chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I do chustaiméir dearbhú ón gcustaiméir
sin ina léireofar úsáid shonrach nó úsáideanna sonracha na substaintí
sceidealaithe. Ceanglófar dearbhú ar leith a fháil i gcás gach substainte
sceidealaithe ar leith. Beidh an dearbhú sin i gcomhréir leis an tsamhail atá
leagtha amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn III. I gcás daoine
dlítheanacha, déanfar an dearbhú ar pháipéar litreacha ceannchlóite." (b)
cuirtear isteach mír 4 mar seo a leanas: "4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a
maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le dearbhuithe
custaiméirí a fháil agus a úsáid." (4)
In Airteagal 5, cuirtear isteach mír 7
mar seo a leanas: "7. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a
maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le doiciméadú
meascán a bhfuil substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I iontu." (5)
In Airteagal 7, cuirtear an dara mír seo a
leanas isteach: "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir
leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le lipéadú meascán a bhfuil
substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I iontu." (6)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: "1 Tabharfaidh oibreoirí fógra do na
húdaráis inniúla gan mhoill maidir le haon imthosca, amhail orduithe nó
idirbhearta neamhghnácha a bhaineann le substaintí sceidealaithe atá le cur ar
an margadh, a thugann le fios go bhféadfaí na substaintí sin a atreorú chun
drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí aon
fhaisnéis atá le fáil lena bhféadfaidh na húdaráis inniúla dlisteanacht an
ordaithe nó an idirbhirt ábhartha a fhíorú. 2. Soláthróidh na hoibreoirí faisnéis
achomair do na húdaráis inniúla faoina n‑idirbhearta lena mbaineann
substaintí sceidealaithe. 3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir
leis na ceanglais agus na coinníollacha ar oibreoirí an fhaisnéis dá
dtagraítear i mír 2 a sholáthar." (7)
In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 1: "Chun comhar idir na húdaráis inniúla, na
hoibreoirí agus tionscal na gceimiceán a éascú, go háirithe maidir le
substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt
suas agus a thabhairt cothrom le dáta chun cuidiú le tionscal na
gceimiceán." (8)
In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2: "2. Féadfaidh gach Ballstát na bearta is
gá a ghlacadh chun é a chur ar chumas a údarás inniúil idirbhearta maidir le
substaintí neamhsceidealaithe a bhfuil amhras fúthu a rialú agus faireachán a
dhéanamh orthu, go háirithe: (a)
chun faisnéis a fháil maidir le haon orduithe le
haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó maidir le haon oibríochtaí a bhaineann
le substaintí neamhsceidealaithe; (b)
chun dul isteach in áitribh ghnó oibreoirí chun
fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí
neamhsceidealaithe. 3. Urramóidh na húdaráis inniúla faisnéis
rúnda gnó." (9)
Cuirtear isteach Airteagal 13a mar seo a
leanas: "Airteagal 13a Bunachar sonraí Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach
maidir le réamhtheachtaithe drugaí a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige: (a)
páirtiú faisnéise de bhun Airteagal 13(1),
sintéis agus anailís uirthi ar leibhéal an Aontais, agus tuairisciú don Bhord
Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach de bhun Airteagal 13(2) a éascú; (b)
clár Eorpach d'oibreoirí agus d'úsáideoirí, ar
bronnadh ceadúnas orthu de bhun Airteagail 3(2) nó ar bronnadh clárúchán
orthu de bhun Airteagail 3(6), a chruthú; (c)
é a chur ar chumas oibreoirí faisnéis faoina
n-idirbhearta i gcomhréir le hAirteagal 8(2) a thabhairt do na húdaráis
inniúla i bhfoirm leictreonach, mar atá sonraithe i mbearta cur chun feidhme
arna nglacadh de bhun Airteagal 14." (10)
Cuirtear isteach Airteagal 13b mar seo a
leanas: "Airteagal 13b Cosaint sonraí 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna
Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE[22] agus faoi mhaoirseacht údarás
neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den
Treoir seo. 2. Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a
phróiseáil, lena n‑áirítear chun críche an bhunachair sonraí Eorpaigh dá
bhforáiltear in Airteagal 13a, i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[23]
agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí." (11)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14
agus Airteagal 15: "Airteagal 14 Gníomhartha cur chun feidhme 1. Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur
chun feidhme seo a leanas a ghlacadh: (a)
rialacha maidir le conas na dearbhuithe custaiméirí
dá dtagraítear in Airteagal 4 a sholáthar i bhfoirm leictreonach, más
iomchuí; (b)
rialacha maidir le conas an fhaisnéis dá
dtagraítear in Airteagal 8(2) a sholáthar i bhfoirm leictreonach do
bhunachar sonraí Eorpach, más iomchuí. 2. Déanfar na gníomhartha dá dtagraítear i
mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2). Airteagal 14a An Nós Imeachta Coiste 1. Beidh an Coiste um Réamhtheachtaithe
Drugaí a bunaíodh le hAirteagal 30 de Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 ón gComhairle[24]
de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 15 Na hIarscríbhinní a oiriúnú Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I,
II agus III a oiriúnú do threochtaí nua in atreorú réamhtheachtaithe drugaí
agus chun leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún
na Náisiún Aontaithe a leanúint. Airteagal 15a Tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiúin
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos
san Airteagal seo. 2. Tabharfar an tarmligean cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 3(9), 4(4), 5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 go ceann
tréimhse éiginnte ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(9), 4(4),
5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh
chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa
chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa
chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna
ghlacadh de bhun Airteagail 3(9), 4(4), 5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 i
bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle
ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó
an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in
éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon
don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." (12)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: "Airteagal 16 Faisnéis faoi bhearta arna nglacadh ag
na Ballstáit 1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an
eolas faoi na bearta a ghlacfaidh siad de bhun an Rialacháin seo, agus go
háirithe faoi na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 12.
Tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin freisin. 2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in
iúl do na Ballstáit eile. 3. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar
chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoin [78 mí tar éis
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]." (13)
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas: (a)
cuirfear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I: "Liosta na substaintí sceidealaithe"; (b)
cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a
ghabhann leis an Rialachán seo in ionad an téacs atá leagtha amach i gcomhair
Chatagóir 2. (14)
In Iarscríbhinn III, scriosfar an téarma
"údarú/". Airteagal 2 Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go
huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN "CATAGÓIR 2 FOCHATAGÓIR 2A Substaint || Ainmniúchán AC (más éagsúil) || Cód AC(1) || Uimh. CAS(2) Ainhidríd aicéiteach || || 2915 24 00 || 108-24-7 Salainn na substaintí atá liostaithe sa chatagóir seo,
más féidir salainn den sórt sin a bheith ann. ___________________________________________________________________________ (1) IO L290, 28.10.2002, lch.1. (2)
Is éard atá san Uimhir CAS 'uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe
ceimiceacha', ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le
gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar
leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhair faoi deara go
mbeidh Uimhreacha CAS shalainn na substaintí atá liostaithe thuas éagsúil ó na
cinn atá tugtha. ___________________________________________________________________________ FOCHATAGÓIR 2B Substaint || Ainmniúchán AC (más éagsúil) || Cód AC(1) || Uimh. CAS(2) Aigéad feiniolaicéiteach || || 2916 34 00 || 103-82-2 Aigéad antrainileach || || 2922 43 00 || 118-92-3 Pipiridín || || 2933 32 00 || 110-89-4 Sármhanganáit photaisiam || || 2841 61 00 || 7722-64-7 Salainn na substaintí atá liostaithe sa chatagóir seo,
más féidir salainn den sórt sin a bheith ann. ___________________________________________________________________________ (1) IO L290, 28.10.2002, lch.1. (2)
Is éard atá san Uimh. CAS 'uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe
ceimiceacha', ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le
gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar
leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhar faoi deara go mbeidh
Uimhreacha CAS shalainn na substaintí atá liostaithe thuas éagsúil ó na cinn
atá tugtha. ___________________________________________________________________________ RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag
an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí 1.2. Réimsí beartais lena mbaineann
i gcreat ABM/ABB[25]
Teideal 2:
Fiontraíocht agus Tionscal Caibidil 02.03:
An margadh inmheánach in earraí agus beartas earnálach 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[26] X Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta As
deireadh an athbhreithnithe leanúnaigh ar an acquis atá ann faoi láthair
maidir leis an margadh inmheánach agus ar a chur chun feidhme, tá se d'aidhm ag
an togra reachtach nua feabhas a chur ar éifeachtúlacht na reachtaíochta atá
ann cheana maidir le réamhtheachtaithe drugaí. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh. Is
é an aidhm atá le bunachar sonraí Eorpach a fhorbairt malartú faisnéise idir
údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, agus idir oibreoirí
eacnamaíocha agus údaráis inniúla na mBallstát a éascú. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Teideal
2 – Caibidil 02.03 An margadh inmheánach in earraí agus beartas earnálach 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Is
é príomhaidhm an togra seo lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde aicéití, príomh‑réamhtheachtaí
druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE trí na ceanglais
chlárúcháin a shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm acu faoi láthair ach
maidir le hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh, chun
úsáideoirí na substainte sin a chumhdach, agus trí na forálacha clárúcháin
comhchuibhithe a fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a bhaint
amach lena gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar go nglacfar
bearta náisiúnta éagsúla. Thairis
sin, beartaítear leis bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe
drugaí a bhunú agus a chothabháil chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhailiú
bliantúil na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit faoi urghabhálacha
réamhtheachtaithe drugaí agus faoi lastais díobh ar cuireadh stop leo, i
gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, chomh
maith le liosta a choinneáil ar bun d'oibreoirí agus d'úsáideoirí san AE a
bhfuil ceadúnas acu agus a thrádálann nó a úsáideann réamhtheachtaithe drugaí
go dleathach; Is
é aidhm bunachar sonraí an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí uirlis
nua-aimseartha a chur ar fáil chun an rialú a neartú ar an trádáil dhlisteanach
i réamhtheachtaithe drugaí: - i gcás údaráis inniúla na mBallstát ionas gur féidir
leo a n-oibleagáidí tuairiscithe don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13
de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus le hAirteagal 29 de Rialachán
(CE) Uimh. 1277/2005 ón gCoimisiún seo a chomhlíonadh; - i gcás údaráis inniúla na mBallstáit agus i gcás
oibreoirí sa tionscal san AE ionas gurb éasca dóibh dlisteanacht na gcliant
féideartha a sheiceáil agus chun an t-ualach ar oibreoirí a laghdú a bhaineann
lena n‑idirbhearta lena mbaineann réamhtheachtaithe drugaí a thuairisciú
gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 8.2 de
Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i gcomhréir le hAirteagal 17 agus
le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, - i gcás an Choimisiúin ionas gurb éasca dó a
oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an mBord Idirnáisiúnta um Rialú
Támhshuanach faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
agus Airteagal 32(1) de Rialachán uimh. 111/2005 chomh maith leis na
Ballstáit faoi Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1277/2005 ón
gCoimisiún. Mar
chríoch, déanann an togra seo forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
maidir le hiarchoisteolaíocht a chur in oiriúint do na rialacha nua i gConradh
Liospóin. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí lena
léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is
é aidhm an Rialacháin atá beartaithe feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú
réamhtheachtaithe drugaí – go háirithe ainhidríd aicéiteach – ag gáinneálaithe
ón trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh aindleathach drugaí. Leanfar de
threochtaí bliantúil, i ndáil le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí san AE, a
bhailiú agus a thuairisciú don phobal, do na Ballstáit agus don Bhord
Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach. Is é an cuspóir atáthar ag iarraidh a
bhaint amach urghabhálacha agus lastais a gcuirtear stop leo a laghdú. 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is
é príomhaidhm an togra Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú chun aghaidh
a thabhairt ar na laigí arna sainaithint i bhfeidhmiú an Rialacháin maidir le
cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí áirithe (go háirithe ainhidríd
aicéiteach) ón trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh drugaí aindleathacha, trí rialú
agus faireachán a dhéanamh ar an trádáil dhlisteanach. Ba
cheart go n-éascódh bunachar sonraí an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí
gníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe na mBallstát, chomh maith leis na
cúraimí tuairiscithe atá ar na Ballstáit agus ar oibreoirí. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Ní
féidir leis na Ballstáit amháin cuspóir an togra seo, eadhon na bearta
rialaithe a neartú ar ainhidríd aicéiteach chun cosc a chur ar a atreorú ó
mhargadh inmheánach an AE ach saobhadh an mhargaidh a sheachaint, a bhaint
amach ar bhealach leordhóthanach agus is éifeachtúla a bheidh gníomhaíocht ón
Aontas ar na cúiseanna seo a leanas: 1.
Mothaíonn roinnt Ballstát go bhfuil cosc dlí orthu bearta rialaithe náisiúnta a
ghlacadh a rachadh thar reachtaíocht an AE ar bhonn Airteagal 10 de
Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, lena dtugtar cumhacht do na Ballstáit
bearta náisiúnta a ghlacadh a bhfuil gá leo ionas gur féidir lena n-údaráis a
ndualgais rialaithe agus faireacháin a chur i gcrích. Áitíonn siad nach
gcuireann reachtaíocht an AE ach oibreoirí faoi réir beart rialaithe (ní
chuirtear aon oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh), agus gur cheart an méid sin a
thuiscint mar chinneadh toiliúil agus ceangailteach de chuid an AE nár
cheart úsáideoirí deiridh a bheith faoi réir rialú na reachtaíochta maidir le
réamhtheachtaithe drugaí. 2.
Os a choinne sin, tá Ballstáit eile ag cuimhniú ar rialuithe substainteacha
náisiúnta a bhunú ar Airteagal 10, nó tá siad bunaithe acu cheana. Tháinig
as sin, ar an gcéad dul síos, éagsúlacht i gcur chuige na mBallstát maidir le
rialú, rud a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'fheidhmiú mhargadh an Aontais
agus, ar an dara dul síos, bearta aonair i mBallstáit ar leith rud lena
mbaineann an baol ann go n-aistreofar an fhadhb ó Bhallstát go chéile, agus
gáinneálaithe ag baint leasa as an "lúb is laige" i margadh an
Aontais. Ní bheadh teaglaim de bhearta náisiúnta éagsúla chomh héifeachtach
céanna le cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an AE. Dearbhú eile de sin is
ea gur iarr Ballstáit agus earnálacha bainteacha den tionscal ar an gCoimisiún
beart a dhéanamh chun cothrom iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú,
agus gan a bheith ag brath an iomarca ar bhearta náisiúnta forlíontacha. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Tá
anailís chríochnúil déanta ag an gCoimisiún ar fheidhmiú Rialachán (CE)
Uimh, 273/2004 mar atá sé faoi láthair agus an 7 Eanáir 2010, ghlac an
Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na
reachtaíochta atá ag an AE cheana maidir le réamhtheachtaí drugaí[27]. Cé gur
baineadh de thátal ó mheastóireacht an Choimisiúin go bhfuil an reachtaíocht ag
feidhmiú go maith ar an iomlán[28],
sainaithníodh roinnt laigí agus rinneadh moltaí conas aghaidh a thabhairt
orthu, lena n-áirítear go háirithe modhnú ar roinnt ceanglas i gcás substaintí
de chatagóir 2 – d'ainhidríd aicéiteach go sonrach nó do gach substaint de
chatagóir 2 – chun atreorú ó mhargadh inmheánach an AE a chosc. Tá
sé d'aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar an moladh sin i dtuarascáil
an Choimisiúin trí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú, go háirithe chun
feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde aicéití, príomh‑réamhtheachtaí
druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE trí na ceanglais chlárúcháin a
shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm acu faoi láthair ach maidir le
hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh, chun úsáideoirí na
substainte sin a chumhdach agus trí na forálacha clárúcháin comhchuibhithe a
fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a bhaint amach lena
gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar glacadh beart náisiúnta
éagsúil. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Tá
an togra seo go hiomlán comhsheasmhach le cuspóirí straitéis drugaí an AE 2005‑2012
agus le Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí (2009‑2012), ina
leagtar amach an cuspóir laghdú a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil, san
Aontas agus tríd an Aontas, réamhtheachtaithe drugaí a úsáidtear chun drugaí
aindleathacha a tháirgeadh, agus i ndeireadh na dála, laghdú a dhéanamh ar
sholáthar drugaí aindleathacha do shaoránaigh an AE, agus san am céanna,
ardleibhéal cosanta do shláinte an duine ardleibhéal slándála a áirithiú. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse
neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse dúisithe ó Eanáir 2014
go Nollaig 2014, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin ón 1 Eanáir 2015
(Measta). 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[29] x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[30] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. (1)
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún gach bliain an fhaisnéis maidir
leis na cásanna inar cuireadh seachadadh réamhtheachtaithe drugaí ar fionraí nó
inar urghabhadh iad. (2)
Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún go tráthrialta an
fhaisnéis atá acu faoi na hoibreoirí agus na húsáideoirí ceadúnaithe agus
cláraithe a thrádálann réamhtheachtaithe drugaí nó a bhfuil réamhtheachtaithe
drugaí ina seilbh acu, agus faoi idirbhearta gach ceann acu. (3)
Ansin, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a ullmhú go rialta ar bhonn na
faisnéise arna bailiú ó na Ballstáit agus cuirfidh sé faisnéis fhoriomlán an AE
maidir le réamhtheachtaithe drugaí a urghabhadh agus lastais díobh ar cuireadh
stop leo san Aontas faoi bhráid na mBallstát agus an Bhoird Idirnáisiúnta um
Rialú Támhshuanach. Thairis sin, ullmhóidh an Coimisiún a thuarascáil
bhliantúil maidir le réamhtheachtaithe drugaí a urghabhadh agus lastais díobh a
stopadh san AE, lena poibliú. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Is
iad seo na príomhrioscaí: - Nach gcomhlíonfaidh Ballstáit na hoibleagáidí
tuairiscithe atá orthu agus/nó soláthar na faisnéise faoi oibreoirí agus
úsáideoirí ceadúnaithe/cláraithe; - Nach gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme ar
bhealach aonfhoirmeach sna Ballstáit; - Nach leor na córais rialaithe sna Ballstáit go
háirithe maidir le hoibreoirí agus úsáideoirí ceadúnaithe agus/nó cláraithe. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Tá
údaráis ainmnithe ag na Ballstáit cheana le bheith freagrach as cur chun
feidhme na reachtaíochta a mhaoirsiú agus as ceadúnais agus clárúchán a dheonú
d'oibreoirí agus d'úsáideoirí dlisteanacha atá páirteach i dtrádáil
réamhtheachtaithe drugaí; Déanfar
faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta trí chruinnithe rialta idir na
húdaráis inniúla náisiúnta atá ainmnithe le bheith freagrach as reachtaíocht an
AE maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí; Beidh
gnáthbhainistiú laethúil bhunachar sonraí an AE maidir le Réamhtheachtaithe
Drugaí faoi fhreagracht na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil leanúint
reachtaíocht an AE maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí faoina gcúram, na
hArd-Stiúrthóireachtaí ENTR agus TAXUD go príomha. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Níor
sainaithníodh aon riosca ar leith maidir le calaois nó neamhréireachtaí. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc…...….] || LD/LN[31] || ó thíortha CSTE[32] || ó thíortha is iarrthóirí[33] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta || Airteagal 02.03.01 Oibríu agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe sna réimsí: fógra a thabhairt, deimhniú agus comhfhogasú earnálacha || Difreáilte DA || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || || || || || || 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1a || Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta AS: ENTR || || || Bliain 2014[34] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020[35] || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || Airteagal 02.03.01 – Oibríocht agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe sna réimsí: fógra a thabhairt, deimhniú agus comhfhogasú earnálacha || Gealltanais || (1) || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315 Íocaíochtaí || (2) || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315 Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[36] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí do AS ENTR || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || = 4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || = 5+ 6 || || || || || || || || Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || = 4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || = 5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) AS: ENTR || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Acmhainní daonna || || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN AS ENTR || Leithreasuithe || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 1.071 Íocaíochtaí || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 1.071 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí. –
x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair
oibríochtaí mar a mhínítear thíos[37]: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN || || ASCHUIR || || || Saghas aschuir[38] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[39]... || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 7 || 0.315 || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 7 || 0.315 || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[40] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna –
x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a
mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || || 02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha )[41] || || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 04 yy [42] || - sa Cheanncheathrú[43] || || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 Is é 02 an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den
AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i
mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Bainistiú agus forbairt reachtaíocht an AE chun Margadh Aonair i gceimiceáin a áirithiú – go háirithe maidir le réamhtheachtaithe drugaí. Cruinnithe meithleacha agus coistí rialála a ullmhú, cathaoirleacht a dhéanamh orthu agus tuarascálacha a scríobh fúthu chun a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme go haonfhoirmeach. Cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do lucht tionscail. Treoirdhoiciméid ábhartha a ullmhú, chomh maith le 'ceisteanna agus freagraí' comhaontaithe i ndlúthchomhar le húdaráis na mBallstát agus geallsealbhóirí eile. Tuarascálacha bliantúla maidir le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo a fhoilsiú. Cothabháil agus forbairt bhreise an bhunachair sonraí Eorpaigh maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí a mhaoirsiú. Ceisteanna parlaiminte a fhreagairt. Oiriúnuithe d'ascnamh teicniúil a ullmhú agus comhairliúcháin idirsheirbhíse a sheoladh. Dlúthchomhar le AS TAXUD, ar a bhfuil an fhreagracht as faireachán a dhéanamh ar thrádáil sheachtrach i réamhtheachtaithe drugaí, a áirithiú. Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
x Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil 2014-2020. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[44] Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
x Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir
le cómhaoiniú le tríú páirtithe –
¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh
mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
x Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[45] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. … Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. … [1] United
Nations International Narcotic Control Board (Bord
Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Rialú Támhshuanach). [2] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na
hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de
bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle
maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le
faireachán a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí agus a rialú,
COM(2009)709 final:
http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0709:FIN:en:PDF. [3] Le tuilleadh sonraí a fháil, féach faoi Roinn 4.2.2 "Strengths and
weaknesses of the legislation" i dTuarascáil COM(2009)709 final
thuasluaite. [4] Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012, a d'fhormhuinigh an Chomhairle
Eorpach Samhain 2004 (15074/04 CORDROGUE 77 SAN 187 ENFOPOL 187 RELEX 564). [5] Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí le haghaidh 2009‑2012
(2008/C 326/09). [6] Déanann Straitéis Drugaí an AE comhlánú breise ar an dá phríomhghné seo
le trí théama chothrománacha: comhordú; comhar agus faisnéis idirnáisiúnta; taighde agus meastóireacht. [7] Le tuilleadh sonraí a fháil, féach
http://ec.europa.eu/justice/newsroom/anti-drugs/opinion/111027_en.htm. [8] Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [9] Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [10] Féach fonóta 1. [11] Conclúidí ón gComhairle maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme
reachtaíocht an AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí – an 3016ú cruinniú den
Chomhairle maidir le hIomaíochas, an Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2010. [12] Tá an tuarascáil ar an measúnú
tionchair ar fáil ag: http://ec.europa.eu/governance/impact/ia_carried_out/cia_2012_en.htm. [13] IO C , , lch. . [14] IO C , , lch. . [15] IO L 47, 18.2.04, lch. 1. [16] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na
hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de
bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle
maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le
faireachán a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí agus a rialú, COM(2009)709
final. [17] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [18] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11. [19] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [20] IO L 311, 28.11.2001, lch. 67. [21] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36. [22] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [23] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [24] IO L 22, 26.1.2005, lch. 1. [25] ABM: Bainistiú de réir
gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [26] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán
Airgeadais [27] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na
hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de
bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle
maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le
faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí,
COM(2009)709 final.
http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0709:FIN:en:PDF. [28] Le tuilleadh sonraí a fháil, féach faoi Roinn 4.2.1 "Láidreachtaí
agus laigí na reachtaíochta sa Tuarascáil COM(2009)209 final thuasluaite. [29] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don
Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [30] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais [31] LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte [32] CSTE: Comhlachas Saorthrádála
na hEorpa. [33] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí . [34] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [35] Foráiltear maidir leis na costais i ndiaidh 2020 freisin de bharr
chineál an togra (bunachar sonraí a choinneáil ar bun). [36] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó bearta de chuid an AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [37] Níl aon fhaisnéis faoi na haschuir ar fáil go fóill toisc nach bhfuil
treoirthionscadal an bhunachair sonraí Eorpaigh forbartha go fóill. [38] Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na
malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh,
etc.). [39] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..." [40] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir
agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde
díreach a chur chun feidhme. [41] CA= Gníomhaire ar conradh; INT=
Foireann ghníomhaireachta (“Intérimaire”); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire
áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar
iasacht; [42] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [43] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [44] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach [45] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina
nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais
bhailiúcháin a bheith bainte astu.