Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0311

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/311 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2025 maidir le bearta chun cuileanna torthaí de na speicis Bactrocera dorsalis (Hendel), Bactrocera latifrons (Hendel) agus Bactrocera zonata (Saunders) a dhíothú agus chun cosc a chur ar a mbunú agus ar a leathadh laistigh de chríoch an Aontais

C/2025/913

IO L, 2025/311, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/311/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/311/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/311

17.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/311 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2025

maidir le bearta chun cuileanna torthaí de na speicis Bactrocera dorsalis (Hendel), Bactrocera latifrons (Hendel) agus Bactrocera zonata (Saunders) a dhíothú agus chun cosc a chur ar a mbunú agus ar a leathadh laistigh de chríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d), (e), (f), (g) agus (i), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Liostaítear cuileanna torthaí de na speicis Bactrocera dorsalis (Hendel), Bactrocera latifrons (Hendel) agus Bactrocera zonata (Saunders) (‘na lotnaidí sonraithe’) i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais.

(2)

Liostaítear Bactrocera dorsalis (Hendel) agus Bactrocera zonata (Saunders) freisin mar lotnaidí tosaíochta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún (3).

(3)

Is minic a aimsítear na lotnaidí sonraithe i láthair i gcoinsíneachtaí a sheoltar chuig an Aontas ó thríú tíortha. Ó bhí 2019 ann, aimsíodh na lotnaidí sonraithe sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Chipir agus san Ostair. Tá bearta déanta ag na Ballstáit lena mbaineann (amhail dianghaistiú, torthaí inmhíolaithe agus torthaí leagtha a bhaint, toirmeasc ar aistriú torthaí inmhíolaithe) agus díothaíodh na lotnaidí sonraithe nó tá siad á ndíothú sna Ballstáit sin faoi láthair.

(4)

Chun cur chuige aonfhoirmeach agus éifeachtúil a áirithiú lena gcuirtear cosc ar bhunú agus ar leathadh na lotnaidí sonraithe laistigh de chríoch an Aontais, is iomchuí bearta comhchuibhithe a ghlacadh a bhaineann leis na suirbhéanna ar na lotnaidí sonraithe, na pleananna teagmhais, críochú limistéar, díothú na lotnaidí sonraithe lasmuigh de na limistéir chríochaithe agus cosc ar a mbunú agus ar a leathadh sna limistéir sin freisin.

(5)

Ní mór liosta de phlandaí óstacha a bhunú le haghaidh na lotnaidí sonraithe a shaothraítear i gcríoch an Aontais (‘plandaí óstacha’), chun suirbhé a dhéanamh ar na lotnaidí sonraithe agus chun iad a dhíothú agus chun cosc a chur ar a mbunú agus ar a leathadh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh maidir le torthaí na bplandaí sin (‘na torthaí sonraithe’).

(6)

Féadfaidh na lotnaidí sonraithe teacht isteach i gcríoch an Aontais trí choinsíneachtaí tráchtála nó trí bhagáiste paisinéirí agus is féidir leo leathadh go gníomhach. Dá bhrí sin, baineann rialacha maidir le suirbhéanna freisin le teicnící chun inmhíolú torthaí sonraithe a bhrath agus iad ar phlandaí óstacha, suirbhéanna sna limistéir ina n-allmhairítear na torthaí sonraithe agus ina ndéantar iad a thrádáil, gaistiú na lotnaidí sonraithe agus sampláil torthaí a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe, chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla na suirbhéanna sin a oiriúnú do bhitheolaíocht na lotnaidí sin.

(7)

Ba cheart cead a bheith ag údaráis inniúla gan limistéar críochaithe a bhunú i gcásanna áirithe, nuair a thagann siad ar an gconclúid, de bharr bhitheolaíocht ar leith na lotnaide sonraithe nó de bharr shaintréithe an láithreáin, gur féidir an lotnaid a dhíothú láithreach. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil fianaise ann gur tugadh na lotnaidí sonraithe isteach sa limistéar leis na torthaí ar ar aimsíodh iad, go raibh na torthaí sin inmhíolaithe sular tugadh isteach iad sa limistéar lena mbaineann agus nach féidir leis an lotnaid shonraithe í féin a bhunú laistigh den limistéar sin, i gcás ina ndeimhnítear an lotnaid shonraithe go hoifigiúil i láithreán táirgthe atá scoite amach go fisiceach nó i láithreán a bhfuil saothrú faoi chosaint aige agus nach féidir léi í féin a bhunú lasmuigh den láithreán sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann, go háirithe, cásanna a chur san áireamh nach bhfuil coinne leis go mairfeadh an lotnaid shonraithe mar gheall ar aimsir neamhfhabhrach gheimhridh.

(8)

Ba cheart na prótacail ghaistithe a úsáidtear i suirbhéanna i limistéir chríochaithe a oiriúnú go sonrach do bhitheolaíocht na lotnaidí sonraithe. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar láithreacht na lotnaide sonraithe agus ar an bpróiseas díothaithe.

(9)

Sna bearta díothaithe ba cheart bitheolaíocht na lotnaidí sonraithe mar chuileanna torthaí a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart modhanna a chuimsiú iontu amhail cóireálacha díothaithe fireannach, teicnící curtha baoite, torthaí leagtha agus torthaí sonraithe (luathbhuainte) a bhailiú agus a dhiúscairt go sábháilte, cóireáil ithreach (amhail cóireáil mheicniúil, cheimiceach nó mhicribhitheolaíoch) i limistéir táirgthe plandaí sonraithe agus timpeall orthu chun an lotnaid shonraithe a scriosadh nuair atá sí san ithir féin, nó teicníc feithidí aimride a úsáid.

(10)

Ba cheart bearta a ghlacadh chun cosc a chur ar leathadh na lotnaidí sonraithe lasmuigh de na limistéir chríochaithe. Ba cheart baint a bheith ag na bearta sin le gluaiseachtaí plandaí óstacha le haghaidh plandú, gluaiseachtaí torthaí sonraithe, agus gluaiseachtaí ithreach ón gcrios inmhíolaithe go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais. Agus é á chur san áireamh gurb iad na plandaí óstacha agus an ithir sin na bealaí is dóichí a leathfadh na lotnaidí sonraithe, ba cheart bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad saor ó na lotnaidí sonraithe, ag céim ar bith.

(11)

Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hoibreoirí gairmiúla oiriúnú don Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2025.

(12)

Thairis sin, ba cheart am breise a thabhairt do na húdaráis inniúla chun dearadh gach suirbhé a ullmhú agus chun acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun an suirbhé sin a dhéanamh i gcomhréir le modheolaíocht na samplála staidrimh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhforáil lena mbaineann ón 1 Eanáir 2026.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar amach bearta chun Bactrocera dorsalis (Hendel), Bactrocera latifrons (Hendel) agus Bactrocera zonata (Saunders) a dhíothú agus chun cosc a chur ar a mbunú agus ar a leathadh laistigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’ cuileanna torthaí a bhaineann leis na speicis Bactrocera dorsalis (Hendel), Bactrocera latifrons (Hendel) nó Bactrocera zonata (Saunders);

(2)

ciallaíonn ‘plandaí óstacha’ plandaí a bhaineann leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(3)

ciallaíonn ‘torthaí sonraithe’ torthaí na bplandaí óstacha.

Airteagal 3

Suirbhéanna ar chríoch an Aontais ar na lotnaidí sonraithe

1.   Le dearadh agus scéim samplála na suirbhéanna rioscabhunaithe ar na lotnaidí sonraithe, beifear in ann leibhéal íseal láithreachta na lotnaide sonraithe ar thorthaí sonraithe a bhrath le leibhéal leordhóthanach muiníne.

Beidh na suirbhéanna bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) maidir le suirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus ar an bhfaisnéis eolaíoch agus theicniúil dá dtagraítear i gCártaí Suirbhé Lotnaidí an Údaráis maidir leis an lotnaid shonraithe (4) (‘cárta suirbhé lotnaidí’).

2.   Déanfar na suirbhéanna go háirithe:

(a)

ar chodanna torthúla na bplandaí óstacha, trí theicnící a úsáid atá in ann láithreacht na lotnaide sonraithe a bhrath;

(b)

in aerfoirt agus i gcalafoirt, agus timpeall orthu, i saoráidí ceantanna agus miondíoltóirí agus timpeall orthu ina ndéantar torthaí sonraithe a thrádáil, i limistéir ina ndéantar torthaí sonraithe a phacáil, a phróiseáil nó a dhíluchtú, i limistéir ina dtáirgtear torthaí sonraithe, agus i láithreáin ábhartha eile, de réir mar is iomchuí;

(c)

trí ghaistiú a dhéanamh le gaistí iomchuí, mar a shonraítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 26 (5); agus

(d)

i gcás ina bhfuil aon amhras faoi láithreacht na lotnaide sonraithe i dtorthaí sonraithe, trí shamplaí de thorthaí sonraithe a bhailiú agus an lotnaid a shainaithint.

Airteagal 4

Pleananna teagmhais le haghaidh lotnaidí tosaíochta

Agus a bpleananna teagmhais le haghaidh Bactrocera dorsalis agus Bactrocera zonata á dtarraingt suas acu, cuimseoidh na Ballstáit sna pleananna sin nósanna imeachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

úinéirí maoine príobháidí a shainaithint, sna réimsí a bhfuil na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo le cur i bhfeidhm maidir leo; agus

(b)

rochtain a áirithiú do na húdaráis inniúla ar na maoine dá dtagraítear i bpointe (a).

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú bliantúil, agus nuashonróidh siad a gcuid pleananna teagmhais de réir mar is iomchuí.

Airteagal 5

Limistéir chríochaithe a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil láithreacht na lotnaide sonraithe, bunóidh na húdaráis inniúla limistéar críochaithe gan mhoill.

2.   Is é a bheidh sa limistéar críochnaithe na criosanna seo a leanas:

(a)

crios inmhíolaithe, arb é an crios é inar deimhníodh gurb ann do lotnaid shonraithe, agus ag a bhfuil ga 500 m ar a laghad timpeall na háite nó na n-áiteanna inar aimsíodh an lotnaid shonraithe; agus

(b)

crios maolánach ag a bhfuil ga 7 km ar a laghad thar theorainn an chreasa inmhíolaithe.

3.   Cuirfear san áireamh i dteorannú beacht an limistéir chríochaithe bitheolaíocht na lotnaidí sonraithe, leibhéal an inmhíolaithe, saintréithe an mhealltóra, agus dáileadh sonrach na bplandaí óstacha sa limistéar lena mbaineann.

4.   I gcás ina n-aimsítear an lotnaid shonraithe lasmuigh den chrios inmhíolaithe, déanfar coigeartú dá réir sin ar an limistéar críochaithe a bunaíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Laistigh de na limistéir chríochaithe, áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla ar an eolas faoi theorannú na limistéar críochaithe agus faoi aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gluaiseacht na dtorthaí sonraithe.

Airteagal 6

Maoluithe ar bhunú limistéar críochaithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 5, féadfaidh na húdaráis inniúla rogha a dhéanamh gan limistéar críochaithe a bhunú má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

tagann na húdaráis inniúla ar an gconclúid nach féidir an lotnaid shonraithe í féin a bhunú laistigh den limistéar inar breathnaíodh í;

(b)

tá fianaise ann gur tugadh an lotnaid shonraithe isteach sa limistéar leis an gcoinsíneacht inar aimsíodh í, go raibh na torthaí sonraithe sa choinsíneacht sin inmhíolaithe sular tugadh isteach iad sa limistéar lena mbaineann, agus nár tharla aon iolrú ar an lotnaid shonraithe tar éis an lotnaid shonraithe a thabhairt isteach;

(c)

deimhnítear láithreacht na lotnaide sonraithe go hoifigiúil i láithreán táirgthe atá scoite amach go fisiceach óna thimpeallacht, rud a chuireann cosc ar leathadh na lotnaide sonraithe amach as an láithreán sin;

(d)

deimhnítear láithreacht na lotnaide sonraithe go hoifigiúil i láithreán táirgthe atá cosanta ar bhealach a fhágann gur féidir láithreacht bhreise na lotnaidí sonraithe ar phlandaí óstacha agus ar thorthaí sonraithe a sheachaint, agus tháinig na húdaráis inniúla ar an gconclúid nach féidir na lotnaidí sonraithe iad féin a bhunú lasmuigh den láithreán táirgthe sin mar gheall ar dhálaí neamhfhabhracha geimhridh.

2.   I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil maolú dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

bearta chun díothú pras na lotnaide sonraithe a áirithiú agus chun aon fhéidearthacht go leathfadh sí a chur as an áireamh;

(b)

diansuirbhé a dhéanamh i gcrios a bhfuil ga 500 m ar a laghad timpeall na háite nó na n-áiteanna inar aimsíodh an lotnaid shonraithe; agus

(c)

i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás mhír 1, pointí (c) agus (d), bearta éifeachtúla a chur i bhfeidhm lena gcuirtear cosc ar leathadh na lotnaide sonraithe trí thorthaí sonraithe nó trí phlandaí óstacha amach as an láithreán táirgthe.

I gcás mhír 1, pointe (b), má thagann na húdaráis inniúla ar an gconclúid nach bhfuil an lotnaid shonraithe in ann maireachtáil san aimsir gheimhridh, féadfar tréimhse an tsuirbhé a theorannú don tréimhse roimh thús na haimsire geimhridh.

Airteagal 7

Suirbhéanna i limistéir chríochaithe

1.   Sna limistéir chríochnaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh.

2.   Tiocfaidh méadú de réir a chéile ar an líon gaistí a úsáidfear in aghaidh an km2 sa suirbhé sin ó imeall an limistéir a ndearnadh suirbhé air go lár an limistéir a ndearnadh suirbhé air. Agus an líon gaistí, an cineál gaistí, an dearadh gaistithe agus mealltóirí a d’fhéadfaí a úsáid leis na gaistí á gcinneadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na mionsonraí a leagtar amach sa treoraíocht idirnáisiúnta, agus go háirithe CIBF 26, chomh maith leis an gcárta suirbhé lotnaidí.

3.   Déanfar sampláil ar na torthaí sonraithe a fhásann sa limistéar a ndearnadh suirbhéireacht air a mheas. Agus prótacail samplála á gcinneadh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla an cárta suirbhé lotnaidí i bhfeidhm chomh maith leis na prionsabail a leagtar amach i bprótacail a aithnítear go hidirnáisiúnta chun an lotnaid shonraithe a rialú go hoifigiúil. Úsáidfear dearadh an tsuirbhé agus scéimeanna samplála lena mbeifear in ann leibhéal láithreachta 1 % den lotnaid shonraithe a shainaithint le leibhéal muiníne 95 % ar a laghad.

4.   Cuirfear torthaí na suirbhéanna a dhéanfar sna limistéir chríochaithe faoi bhráid an Choimisiúin trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 8

Deireadh a chur leis na limistéir chríochaithe

Féadfar deireadh a chur leis an limistéar críochaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bhraitear an lotnaid shonraithe, ar bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 7, sa limistéar críochaithe ar feadh tréimhse 120 lá ar a laghad; nó

(b)

tháinig na húdaráis inniúla ar an gconclúid go raibh an lotnaid shonraithe neamhchosanta ar theochtaí a bhí leordhóthanach fuar ar feadh tréimhse.

Airteagal 9

Bearta díothaithe

Cuirfidh na húdaráis inniúla ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, chun na lotnaidí sonraithe sa chrios inmhíolaithe a dhíothú:

(a)

leas a bhaint as cóireálacha díothaithe fireannach agus/nó teicnící curtha baoite, agus mealltóirí iomchuí á n-úsáid;

(b)

torthaí leagtha agus torthaí sonraithe buainte a bhailiú agus a dhiúscairt go sábháilte ag céim luath den aibiú agus den chóireáil ithreach, lena n-áirítear cóireáil mheicniúil, cheimiceach nó mhicribhitheolaíoch, i limistéir táirgthe plandaí sonraithe agus timpeall orthu chun an lotnaid shonraithe a scriosadh nuair atá sí san ithir féin;

(c)

teicníc feithidí aimride a úsáid;

(d)

táirgí cosanta plandaí a úsáid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(e)

i gcás ina bhfuil fáil air, ollghaistiú a dhéanamh ar na lotnaidí sonraithe le líon leordhóthanach gaistí, lena n-áirítear na gaistí a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

Airteagal 10

Bearta lena gcuirtear cosc ar leathadh na lotnaide sonraithe

1.   Ní fhéadfar torthaí sonraithe a fhástar nó a stóráiltear sa chrios inmhíolaithe a aistriú ón gcrios sin isteach sa chrios maolánach, nó amach as an limistéar críochaithe, ach amháin má dhéantar cóireáil éifeachtach orthu in aghaidh na lotnaide sonraithe.

Cuimseofar sna cóireálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír úsáid táirgí cosanta plandaí atá iomchuí agus éifeachtúil go leor mar a údaraítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, nó úsáid modhanna malartacha i gcomhréir le caighdeáin fíteashláintíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus go háirithe CIBF 28 (7), amhail teaschóireáil, fuarchóireáil nó ionradaíocht.

Féadfar torthaí sonraithe a aistriú freisin ón gcrios inmhíolaithe isteach sa chrios maolánach nó amach as an limistéar críochaithe:

(a)

chun cóireáil iomchuí a dhéanamh, má dhéantar bearta éifeachtacha chun leathadh na lotnaide sonraithe a chosc le linn iompair agus tríd an tsaoráid chóireála;

(b)

más de thionscnamh áit éigin lasmuigh den limistéar críochaithe iad, mura bhfuil siad ag gluaiseacht ach tríd an gcrios inmhíolaithe, agus má dhéantar bearta éifeachtacha chun a n-inmhíolú leis an lotnaid shonraithe a chosc; nó

(c)

más i séasúr den bhliain, arna shainiú ag na húdaráis inniúla, a buanadh na torthaí sonraithe, ar lena linn nach meastar gur féidir an lotnaid shonraithe a bheith beo sna torthaí sin, de bharr bhitheolaíocht atáirgthe na lotnaide sonraithe.

2.   Plandaí óstacha a bheartaítear le haghaidh plandú agus a aistrítear ón gcrios inmhíolaithe isteach sa chrios maolánach, nó amach as an limistéar críochaithe, beidh siad saor ó thorthaí agus, i gcás ina bhfuil ithir nó damhna fáis eile ceangailte, beidh an ithir sin saor ó na lotnaidí sonraithe.

Mar sin féin, féadfar plandaí óstacha a bhfuil torthaí orthu a aistriú amach as an gcrios inmhíolaithe, nó tríd an gcrios inmhíolaithe, más de thionscnamh áit éigin lasmuigh den limistéar críochaithe na plandaí sin, agus má dhéantar bearta éifeachtacha chun inmhíolú na bplandaí ag na lotnaidí sonraithe a chosc.

3.   Maidir le hithir an 10 cm uachtarach den tsraith barrithreach, ó láithreáin táirgthe, inar fásadh torthaí sonraithe, ní féidir í a aistriú ón gcrios inmhíolaithe isteach sa chrios maolánach, ná amach as an limistéar críochaithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

bhí sé faoi réir bearta iomchuí chun an lotnaid shonraithe a dhíothú; nó

(b)

tá sé curtha faoi líonadh talún, agus clúdaithe le hábhar cumhdaigh 50 cm ar a laghad, faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil.

Aon uair a iomprófar an ithir sin i dtreo na háite ina gcóireáiltear í nó ina gcuirtear í, déanfar sin faoi dhálaí lena gcoiscfear leathadh na lotnaide sonraithe go héifeachtach.

4.   Déanfar dramhaíl ó thorthaí sonraithe a dhiúscairt go sábháilte, ar bhealach a chuirfidh cosc ar fhorbairt agus ar leathadh na lotnaide sonraithe.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2025.

Is ón 1 Eanáir 2026 a bheidh feidhm ag Airteagal 3(1), an dara fomhír, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta na lotnaidí tosaíochta a bhunú (IO L 260, 11.10.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1702/oj).

(4)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia). Grafaic eolais maidir le faireachas ar Tephritidae neamh-AE san Aontas. [Story map for surveillance of non-EU Tephritidae in the EU] https://efsa.europa.eu/plants/planthealth/monitoring/surveillance/tephritidae-pestsurveycards.

(5)  Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 26: Limistéir saor ó lotnaidí a bhunú i gcás cuileanna torthaí (Tephritidae). https://www.ippc.int/core-activities/standards-setting/ispms.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).

(7)  Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 28: Cóireálacha fíteashláintíochta le haghaidh lotnaidí rialáilte. https://www.ippc.int/core-activities/standards-setting/ispms.


IARSCRÍBHINN I

Liosta na n-óstach le haghaidh gach speicis den lotnaid shonraithe

Bactrocera dorsalis:

 

Abelmoschus spp.

 

Annona cherimola

 

Annona montana

 

Annona muricata

 

Annona reticulata

 

Annona senegalensis

 

Annona squamosa

 

Averrhoa carambola

 

Capparis spp.

 

Capsicum annuum

 

Capsicum frutescens

 

Carica papaya

 

Citrofortunella floridana

 

Citrofortunella macrocarpa

 

Citrullus colocynthis

 

Citrullus lanatus

 

Citrus amblycarpa

 

Citrus aurantifolia

 

Citrus aurantium

 

Citrus depressa

 

Citrus jambhiri

 

Citrus latifolia

 

Citrus limon

 

Citrus maxima

 

Citrus meyerii

 

Citrus natsudaidai

 

Citrus nobilis

 

Citrus paradisi

 

Citrus reticulata

 

Citrus sinensis

 

Citrus swinglei

 

Citrus unshiu

 

Coccinia grandis

 

Cucumis ficifolius

 

Cucumis melo

 

Cucumis prophetarum

 

Cucumis sativus

 

Cucurbita spp.

 

Cydonia oblonga

 

Diospyros dasyphylla

 

Diospyros decandra

 

Diospyros ebenaster

 

Diospyros lotus

 

Diospyros mespiliformis

 

Diospyros montana

 

Eriobotrya spp.

 

Ficus spp.

 

Fortunella spp

 

Fragaria chiloensis

 

Fragaria vesca

 

Juglans nigra

 

Juglans regia

 

Lagenaria siceraria

 

Malus domestica

 

Malus sylvestris

 

Mangifera indica

 

Momordica balsamina

 

Momordica charantia

 

Momordica cochinchinensis

 

Morus alba

 

Morus nigra

 

Passiflora edulis

 

Persea americana

 

Physalis minima

 

Physalis peruviana

 

Prunus armeniaca

 

Prunus avium

 

Prunus bokhariensis

 

Prunus cerasoides

 

Prunus domestica

 

Prunus persica

 

Psidium cattleianum

 

Psidium guajava

 

Punica granatum

 

Pyrus communis

 

Pyrus pashia

 

Pyrus pyrifoli

 

Sambucus spp.

 

Solanum aculeatissimum

 

Solanum aethiopicum

 

Solanum americanum

 

Solanum anguivi

 

Solanum betaceum

 

Solanum capsicoides

 

Solanum donianum

 

Solanum erianthum

 

Solanum granuloso-leprosum

 

Solanum incanum

 

Solanum lasiocarpum

 

Solanum linnaeanum

 

Solanum lycopersicum

 

Solanum mauritianum

 

Solanum melongena

 

Solanum nigrum

 

Solanum pimpinellifolium

 

Solanum pseudocapsicum

 

Solanum seaforthianum

 

Solanum sessiliflorum

 

Solanum sodomeum

 

Solanum stramoniifolium

 

Solanum torvum

 

Solanum trilobatum

 

Vaccinium reticulatum

 

Vitis vinifera (including hybrids)

 

Ziziphus mauritiana

 

Ziziphus mucronata

Bactrocera latifrons:

 

Capsicum annuum

 

Capsicum baccatum

 

Capsicum chinense

 

Capsicum frutescens

 

Citrullus lanatus

 

Citrus aurantifolia

 

Cucumis dipsaceus

 

Cucumis melo

 

Cucumis sativus

 

Cucurbita spp.

 

Lagenaria siceraria

 

Momordica charantia

 

Momordica trifoliolata

 

Passiflora foetida

 

Persea americana

 

Physalis alkekengi

 

Physalis angulate

 

Physalis peruviana

 

Psidium guajava

 

Punica granatum

 

Solanum aculeatissimum

 

Solanum aethiopicum

 

Solanum americanum

 

Solanum anguivi

 

Solanum capsicoides

 

Solanum donianum

 

Solanum erianthum

 

Solanum granuloso-leprosum

 

Solanum incanum

 

Solanum indicum

 

Solanum lanceifolium

 

Solanum lasiocarpum

 

Solanum linnaeanum

 

Solanum lycopersicum

 

Solanum macrocarpon

 

Solanum mammosum

 

Solanum melongena

 

Solanum muricatum

 

Solanum nigrescens

 

Solanum nigrum

 

Solanum pimpinellifolium

 

Solanum pseudocapsicum

 

Solanum scabrum

 

Solanum seaforthianum

 

Solanum sisymbriifolium

 

Solanum stramoniifolium

 

Solanum torvum

 

Solanum trilobatum

 

Solanum viarum

 

Solanum violaceum

 

Solanum virginianum

 

Ziziphus jujuba

 

Ziziphus mauritiana

 

Ziziphus nummularia

Bactrocera zonata:

 

Annona reticulata

 

Annona squamosa

 

Citrullus lanatus

 

Citrus aurantium

 

Citrus limon

 

Citrus paradisi

 

Citrus reticulata

 

Citrus sinensis

 

Cucumis sativus

 

Cucurbita spp.

 

Cydonia oblonga

 

Diospyros kaki

 

Eriobotrya japonica

 

Ficus spp.

 

Lagenaria siceraria

 

Malus domestica

 

Malus sylvestris

 

Mangifera indica

 

Momordica charantia

 

Persea americana

 

Prunus armeniaca

 

Prunus domestica

 

Prunus persica

 

Psidium cattleianum

 

Psidium guajava

 

Punica granatum

 

Pyrus communis

 

Pyrus pyrifolia

 

Pyrus ussuriensis

 

Ziziphus mauritiana


IARSCRÍBHINN II

Teimpléid chun torthaí na suirbhéanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 a thuairisciú

CUID A

TEIMPLÉAD CHUN TORTHAÍ NA SUIRBHÉANNA BLIANTÚLA A THUAIRISCIÚ

1.

Tuairisc ar an Limistéar Críochaithe (LC)

2.

Méid tosaigh an LC (ha)

3.

Méid an LC (ha) agus é tugtha cothrom le dáta

4.

Cur chuige (díothú)

5.

An crios

6.

Láithreáin suirbhéireachta

7.

Limistéir riosca a sainaithníodh

8.

Limistéir riosca a ndearnadh cigireacht orthu

9.

Ábhar plandaí / Tráchtearra

10.

Liosta de na speicis plandaí óstacha

11.

Uainiú

12.

Sonraí an tsuirbhé

13.

An líon samplaí a raibh siomptóim orthu a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Neamhchinntithe

14.

An líon samplaí nach raibh siomptóim orthu a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Neamhchinntithe

15.

Uimhir fógartha na ráigeanna ar tugadh fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (1)

16.

Nótaí

A)

An líon scrúduithe amhairc

B)

An líon iomlán samplaí a tógadh

C)

Na cineálacha gaistí (nó modh malartach eile (e.g. líonta scuabtha))

D)

An líon gaistí (nó modh gabhála eile)

E)

An líon láithreán gaisteoireachta, nuair nach ionann é agus na sonraí a tuairiscíodh in (D)

F)

An cineál tástálacha (e.g. sainaithint mhicreascópach, ISP, ELISA, etc.)

G)

An líon iomlán tástálacha

H)

Bearta eile (e.g. madraí bolaíochta, ladrainn, héileacaptair, feachtais ardaithe feasachta etc.)

Ainm

Dáta an bhunaithe

Tuairisc

Uimhir

I)

An líon beart eile

Uimhir

Dáta

A

B

C

D

E

F

G

H

I

i

ii

iii

iv

i

ii

iii

iv

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Le haghaidh cholún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2: Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3: Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú. Cuir isteach an oiread rónna is gá, de réir an líon LCanna i leith gach lotnaide.

Le haghaidh cholún 5: Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. in aice leis an CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7: Sonraigh cé na limistéir riosca a shainaithnítear ar bhonn bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh cholún 8: Sonraigh na limistéir riosca a chumhdaítear sa suirbhé, as measc na limistéar a shainaithnítear i gcolún 7.

Le haghaidh cholún 9: Sonraigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás áirithe.

Le haghaidh cholún 10: Sonraigh an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.

Le haghaidh cholún 11: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.

Le haghaidh cholún 12: Sonraigh sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme.

I gcás cholúin 13 agus 14: Sonraigh na torthaí, más infheidhme, agus soláthair sna colúin chomhfhreagracha an fhaisnéis atá ar fáil. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – neamhshainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 15: Sonraigh na fógraí ráige ón mbliain ina ndearnadh an suirbhé le haghaidh torthaí sa CM. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an brath ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (‘Nótaí’).

CUID B

Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú, trí chur chuige bunaithe ar staidreamh a úsáid

1.

Tuairisc ar an Limistéar Críochaithe (LC)

2.

Méid tosaigh an LC (ha)

3.

Méid an LC (ha) agus é tugtha cothrom le dáta

4.

An cur chuige

5.

An crios

6.

Láithreáin suirbhéireachta

7.

Uainiú

A.

Sainiú an tsuirbhé (paraiméadair ionchuir le haghaidh RiBESS+)

B.

Iarracht samplála

C.

Torthaí an tsuirbhé

25.

Nótaí

8.

Spriocphobal

9.

Aonaid eipidéimeolaíocha

10.

Modhanna braite

11.

Éifeachtacht na samplála

12.

Íogaireacht an mhodha

13.

Tosca riosca (gníomhaíochtaí, suíomhanna agus limistéir)

14.

An líon aonad eipidéimeolaíoch a ndearnadh cigireacht orthu

15.

An líon scrúduithe amhairc

16.

An líon samplaí

17.

An líon gaistí

18.

An líon láithreán gaisteoireachta

19.

An líon tástálacha

20.

An líon beart eile

21.

Torthaí

22.

Uimhir fógartha na ráigeanna ar tugadh fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

23

An Leibhéal Muiníne a baineadh amach

24.

Leitheadúlacht dearaidh

Ainm

Dáta an bhunaithe

Tuairisc

Uimhir

Speiceas óstach

Achar (ha nó aonad eile atá níos ábhartha)

Aonaid chigireachta

Tuairisc

Aonaid

Scrúduithe amhairc

Gaisteoireacht

Tástáil

Modhanna eile

Toisc riosca

Leibhéil riosca

An líon suíomhanna

Rioscaí coibhneasta

Cion an phobail óstaigh

Deimhneach

Diúltach

Neamhchinntithe

Uimhir

Dáta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé i leith gach lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta;

an modh braite agus íogaireacht an mhodha;

an toisc riosca nó na tosca riosca, agus sonraigh na leibhéil riosca agus na rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion an phobail plandaí óstacha.

Le haghaidh cholún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2: Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3: Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú nó Imshrianadh. Cuir isteach an oiread rónna agus is gá, de réir an líon LCanna in aghaidh na lotnaide agus de réir na gcineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.

Le haghaidh cholún 5: Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna.

Le haghaidh cholún 8: Sonraigh an spriocphobal a roghnaíodh agus soláthair dá réir liosta na speiceas/géineas agus an limistéar a cumhdaíodh. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir thalmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur lotaí, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Tabhair údar leis an rogha a rinneadh sna toimhdí foluiteacha. Sonraigh na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn ‘aonad cigireachta’ plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaide a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.

Le haghaidh cholún 9: Sonraigh na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, agus sonraigh tuairisc agus aonad tomhais na n-aonad sin. Ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mbeadh an lotnaid i láthair. Is fo-rannán den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá ar aon chineál ó thaobh na heipidéimeolaíochta de le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar an pobal óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad um aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí foluiteacha maidir le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.

Le haghaidh cholún 10: Sonraigh na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear an líon gníomhaíochtaí i ngach cás, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B i gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis i gcolún áirithe.

Le haghaidh cholún 11: Sonraigh meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair is ann dó i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht lena roghnaítear sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid nuair a bhíonn an lotnaid i láthair i limistéar an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 12: Ciallaíonn ‘íogaireacht an mhodha’ an dóchúlacht go mbraithfear láithreacht lotnaide i gceart le modh ar leith. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheidh ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófar codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithriú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh cholún 13: Sonraigh na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. I gcás gach toisce riosca, sonraigh an leibhéal riosca agus an riosca coibhneasta comhfhreagrach agus cion an phobail óstaigh.

Le haghaidh cholún B: Sonraigh sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Baineann an fhaisnéis atá le sonrú sna colúin seo leis an bhfaisnéis atá i gcolún 10 ‘Modhanna braite’.

Le haghaidh cholún 18: Sonraigh an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh cholún 21: Sonraigh an líon samplaí a fuarthas deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – neamhshainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 22: Sonraigh na fógraí ráige ón mbliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an brath ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (‘Nótaí’).

Le haghaidh cholún 23: Sonraigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 31. An leibhéal muiníne sin maidir le saoirse ó lotnaidí a bhaintear amach, déantar an luach sin a ríomh ar bhonn na scrúduithe (agus/nó ar na samplaí) a rinneadh i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus leitheadúlacht an dearaidh.

Le haghaidh cholún 24: Sonraigh leitheadúlacht an dearaidh ar bhonn meastachán réamhshuirbhé ar leitheadúlacht iarbhír dhóchúil na lotnaide sa ghort. Socraítear leitheadúlacht an dearaidh mar sprioc de chuid an tsuirbhé agus comhfhreagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán IMSOC) (IO L, 261, 14.10.2019, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/311/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top