This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024H04371
Council Recommendation of 25 June 2024 on a blueprint to coordinate a response at Union level to disruptions of critical infrastructure with significant cross-border relevanceText with EEA relevance.
Moladh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leisTéacs atá ábhartha maidir le LEE.
Moladh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leisTéacs atá ábhartha maidir le LEE.
ST/10653/2024/INIT
IO C, C/2024/4371, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4371/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4371 |
5.7.2024 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meitheamh 2024
maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4371)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 i gcomhar le hAirteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An spleáchas ar bhonneagar criticiúil athléimneach agus eintitis chriticiúla athléimneacha a sholáthraíonn seirbhísí atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte phoiblí agus sábháilteacht, nó an comhshaol, a choinneáil ar bun, tá sé bunúsach le haghaidh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus na sochaí ina hiomláine. |
|
(2) |
Sa timpeallacht riosca atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise na n-idirspleáchas méadaitheach idir an bonneagar agus na hearnálacha agus, ar bhealach níos leithne, na hidirnaisc idir na hearnálacha agus na teorainneacha, is gá aghaidh a thabhairt, ar chosaint an bhonneagair chriticiúil agus athléimneacht eintiteas criticiúil a oibríonn an bonneagar sin, agus is gá an méid sin a fheabhsú. |
|
(3) |
Teagmhas lena gcuirtear isteach ar bhonneagar criticiúil agus lena ndíchumasaítear soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha nó lena gcuirtear isteach go mór ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, féadfaidh éifeachtaí trasteorann suntasacha a bheith aige sin agus drochthionchar aige ar an margadh inmheánach. Chun cur chuige spriocdhírithe, comhréireach agus éifeachtach a áirithiú, ba cheart bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar theagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo, mar a shonraítear sa Mholadh seo. |
|
(4) |
Maidir le teagmhas a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, d’fhéadfadh freagairt chomhordaithe ina leith a bheith fíor-riachtanach chun mórshuaitheadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint agus chun a áirithiú go n-athbhunófar soláthar na seirbhísí fíor-riachtanacha dá ndéantar difear a luaithe is féidir, ós rud é go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag teagmhas den sórt sin ar an ngeilleagar agus ar shaoránaigh san Aontas. Chun freagairt thráthúil éifeachtach a thabhairt ar leibhéal an Aontais ar an teagmhas sin éilítear comhar tapa éifeachtach i measc na ngníomhaithe ábhartha uile agus gníomhaíocht chomhordaithe le tacaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá an fhreagairt sin, dá bhrí sin, ag brath ar nósanna imeachta agus sásraí comhair a bheith ann a bunaíodh roimhe sin agus, a mhéid is féidir, iad a bheith dea-chleachta, agus róil agus freagrachtaí sonracha ag na príomhghníomhaithe ar an leibhéal náisiúnta, déthaobhach, iltaobhach, agus, i gcás inarb ábhartha, ar leibhéal an Aontais. |
|
(5) |
Cé gurb iad na Ballstáit agus na heintitis a oibríonn bonneagar criticiúil agus a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha is mó atá freagrach as freagairt ar theagmhais shuntasacha sa bhonneagar criticiúil a áirithiú, d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí comhordú breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais i gcás suaitheadh a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. D’fhéadfadh freagairt thráthúil éifeachtach a bheith ag brath ní hamháin ar shásraí náisiúnta a bheith á gcur in úsáid ag na Ballstáit ach freisin ar ghníomhaíocht chomhordaithe lena dtacaítear ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear comhar ábhartha a bheith ann, agus é tapa éifeachtach. |
|
(6) |
Is ar údaráis inniúla na mBallstát atá an phríomhfhreagracht as freagairt ar theagmhais sa bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo. Leis an Moladh seo ní dhéantar difear do fhreagracht na mBallstát maidir le slándáil agus cosaint náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht chun feidhmeanna fíor-riachtanacha eile de chuid an Stáit a choimirciú, go háirithe maidir le slándáil phoiblí, iomláine chríochach agus an t-ord poiblí a choimeád, i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an Moladh seo maidir le bonneagair chriticiúla lena ndéantar gníomhaíochtaí sna réimsí sin. Thairis sin, leis an Moladh seo ní dhéantar difear do phróisis náisiúnta, amhail cumarsáid agus idirchaidreamh na n-eintiteas a oibríonn an bonneagar criticiúil leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Tá feidhm ag an Moladh seo gan difear a dhéanamh do shocruithe déthaobhacha ná iltaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích ag agus idir na Ballstáit. |
|
(7) |
Déantar cosaint an bhonneagair chriticiúil Eorpaigh a rialáil faoi láthair le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (1), nach gcumhdaítear ach dhá earnáil léi, is é sin earnálacha an iompair agus an fhuinnimh. Leis an Treoir sin bunaítear nós imeachta chun bonneagar criticiúil Eorpach a shainaithint agus a ainmniú agus cur chuige coiteann maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá chun feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair sin. Is cuid lárnach í den Chlár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair (‘EPCIP’), arna chur ar bun ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht an 12 Nollaig 2006 (2) lenar leagadh amach creat uile-ghuaise ar leibhéal an Aontais le haghaidh chosaint an bhonneagair chriticiúil. |
|
(8) |
Chun dul níos faide ná cosaint an bhonneagair chriticiúil agus chun athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a oibríonn bonneagar criticiúil lena soláthraítear seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ar bhealach níos leithne, cuirtear Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) in ionad Threoir 2008/114/CE ón 18 Deireadh Fómhair 2024. Le Treoir (AE) 2022/2557 cumhdaítear 11 earnáil agus foráiltear d'oibleagáidí feabhsaithe athléimneachta le haghaidh na mBallstát agus eintitis chriticiúla, do chomhar idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus do thacaíocht ón gCoimisiún d’údaráis náisiúnta agus eintitis chriticiúla agus tacaíocht ó na Ballstáit d’eintitis chriticiúla. |
|
(9) |
Tar éis na sabaitéireachta ar phíblínte gáis Nord Stream agus bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (4) (‘Moladh 2023/C 20/01’), arb é is aidhm dó ullmhacht, freagairt agus comhar an Aontais agus idirnáisiúnta sa réimse sin a fheabhsú. Leagadh béim leis an Moladh sin ar a riachtanaí atá sé an fhreagairt chomhordaithe éifeachtach agus an ullmhacht oibríochtúil a fheabhsú ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí láithreacha agus indíreacha a bhíonn ag suaitheadh ar na seirbhísí fíor-riachtanacha ábhartha arna soláthar ag bonneagar criticiúil, ar suaitheadh é a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, tá gá leis an Moladh seo, ar gníomh neamhcheangailteach é, chun tacú leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana agus chun é a chomhlánú le Moladh breise ón gComhairle lena leagtar amach Treoirphlean maidir le freagairt chomhordaithe ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis (‘Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil’), agus úsáid á baint as na socruithe atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. |
|
(11) |
Tá an Moladh seo ailínithe le Moladh 2023/C 20/01, chun comhsheasmhacht a áirithiú agus dúbailt a sheachaint. Dá bhrí sin, leis an Moladh seo ní chumhdaítear gnéithe eile den timthriall bainistithe géarchéime agus éigeandála, is é sin cosc, ullmhacht agus téarnamh. |
|
(12) |
Ba cheart an Moladh seo a bheith mar chomhlánú ar Threoir (AE) 2022/2557, go háirithe ó thaobh freagairt chomhordaithe, agus ba cheart é a chur chun feidhme agus comhleanúnachas á áirithiú leis an Treoir sin agus le haon rialacha eile is infheidhme de chuid dhlí an Aontais. Cur chuige uile-ghuaise atá sa Mholadh seo agus braitheann sé ar na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana agus baineann sé úsáid astu, a mhéid is féidir, lena n-áirítear Meithleacha ábhartha na Comhairle (eadhon an Mheitheal um Chosaint Shibhialta - Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ‘Meitheal PROCIV CER’), agus freisin coincheapa, uirlisí agus próisis na Treorach sin atá ann cheana, amhail an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, ag gníomhú dó laistigh de theorainneacha a chúraimí mar a leagtar amach sa Treoir sin, agus pointí teagmhála. Ina theannta sin, an coincheap ‘bonneagar criticiúil’ a úsáidtear sa Mholadh seo, ba cheart é a thuiscint ar an mbealach céanna a leagtar amach in Aithris 7 de Mholadh 2023/C 20/01, is é sin, mar bhonneagar criticiúil ábhartha arna shainaithint ag Ballstát ar an leibhéal náisiúnta nó arna ainmniú mar bhonneagar criticiúil Eorpach faoi Threoir 2008/114/CE, chomh maith le heintitis chriticiúla atá le sainaithint faoi Threoir (AE) 2022/2557. Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht le Treoir (AE) 2022/2557 a áirithiú, ba cheart na coincheapa a úsáidtear sa Mholadh seo a léirmhíniú mar choincheapa a bhfuil an bhrí chéanna acu atá sa Treoir sin. Mar shampla, maidir le coincheap na hathléimneachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, den Treoir sin, ba cheart é a thuiscint freisin, i ndáil le teagmhais a chuireann isteach nó a d'fhéadfadh a chur isteach go mór ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach, atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha agus eacnamaíocha ríthábhachtacha, an tsábháilteacht agus an tslándáil phoiblí, sláinte an daonra nó an comhshaol a chothabháil, mar an gcumas atá ag bonneagair criticiúil na teagmhais sin a chosc, cosaint ina gcoinne, freagairt orthu, seasamh ina gcoinne, iad a mhaolú, iad a ionsú, freastal orthu nó téarnamh uathu. |
|
(13) |
Tá raon feidhme an Mholta seo teoranta do na hearnálacha, na fo-earnálacha agus na cineálacha eintiteas atá faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2557. Tá feidhm ag na heisiaimh a leagtar amach sa Treoir sin faoi raon feidhme an Mholta seo. Thairis sin, níor cheart dúbláil a dhéanamh leis an Moladh seo ar shocruithe ná ar struchtúir atá ann cheana laistigh de ghníomhartha dlí earnáil-sonracha ábhartha de chuid an Aontais. |
|
(14) |
Ina theannta sin, an coincheap ‘éifeacht shuaiteach shuntasach’ ba cheart é a thuiscint i bhfianaise na gcritéar a sholáthraítear le hAirteagal 7(1) de Threoir (AE) 2022/2557, lena dtagraítear don mhéid seo a leanas: i) an líon úsáideoirí a bhraitheann ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t-eintiteas lena mbaineann; ii) a mhéid a bhraitheann earnálacha agus fo-earnálacha eile a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin ar an tseirbhís fhíor-riachtanach atá i gceist; iii) an tionchar a d’fhéadfadh teagmhais a imirt, ó thaobh méide agus fad tréimhse de, ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol, ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil phoiblí, nó ar shláinte an phobail; iv) an sciar den mhargadh atá ag an eintiteas sa mhargadh le haghaidh na seirbhíse riachtanaí nó na seirbhísí riachtanacha lena mbaineann; v) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal leithlisithe de chineálacha áirithe ceantar geografach á cur san áireamh, mar atá réigiúin oileánacha, réigiúin iargúlta nó ceantair shléibhe; vi) an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach na seirbhíse fíor-riachtanaí a choinneáil ar bun, ag cur san áireamh a infhaighte atá modhanna malartacha chun an tseirbhís fhíor-riachtanach sin a sholáthar á cur san áireamh. |
|
(15) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus éifeachtacht, le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, ba cheart lánurraim a thabhairt do shocruithe comhtháite na Comhairle maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) chun an fhreagairt a chomhordú (5). Ba cheart an Treoirphlean a bheith comhordaithe, comhleanúnach agus idir-inoibritheach go hiomlán freisin le hionstraimí nó próisis earnálacha eile uile an Aontais, mar shampla na próisis a dtugtar tuairisc orthu i mBosca Uirlisí Hibrideach an Aontais (6) agus i bPrótacal athbhreithnithe an Aontais chun bagairtí hibrideacha (7) a chomhrac. Ba cheart dó sainorduithe an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’) agus Líonra na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘CSIRTanna’) mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chur san áireamh agus a urramú. Ba cheart, i gcás inarb ábhartha, an Treoirphlean maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála trasteorann mórscála a leagtar síos le Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (9) (‘Cibir-Threoirphlean’) agus an creat comhordaithe uile-Eorpach maidir le cibirtheagmhais shistéamacha le haghaidh údaráis ábhartha (‘EU-SCICF’) mar a mhol an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (‘BERS’) a chur san áireamh freisin. A mhéid is féidir, ba cheart dúbailt struchtúr agus gníomhaíochtaí a sheachaint. |
|
(16) |
Cuireann an Moladh seo leis na socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana agus le sásraí bainistithe géarchéime agus éigeandála an Aontais atá bunaithe cheana, go háirithe socruithe IPCR na Comhairle, próiseas inmheánach comhordaithe géarchéime an Choimisiúin ARGUS (10) agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (11) (‘UCPM’), le tacaíocht ón Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’), (12) Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’) chomh maith leis an Rialachán lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandálaí agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh, agus d’fhéadfadh ról a bheith ag gach ceann acu chun freagairt ar mhórshuaitheadh in oibríochtaí bonneagair chriticiúil. |
|
(17) |
Agus freagairt á tabhairt ar theagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, d’fhéadfaí na huirlisí agus na sásraí thuasluaite ar leibhéal an Aontais a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis sin, agus ba cheart don Mholadh seo iad a chomhlánú ach gan difear a dhéanamh dóibh. Mar shampla, tá socruithe IPCR na Comhairle ar an bpríomhuirlis i gcónaí chun an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal polaitiúil an Aontais i measc na mBallstát. Déantar comhordú inmheánach sa Choimisiún faoi chuimsiú an phróisis comhordúcháin trasearnálach géarchéimeanna ARGUS. Má bhaineann gné sheachtrach leis an ngéarchéim, d’fhéadfaí Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS a úsáid. Faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, is féidir UCPM a ghníomhachtú chun freagairt ar thubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine iarbhír nó ar tí tarlú laistigh agus lasmuigh den Aontas (lena n-áirítear iad sin lena ndéantar difear don bhonneagar criticiúil) le tacaíocht oibríochtúil ó ERCC. Oibríonn ERCC i ndlúth-theagmháil leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta agus le comhlachtaí ábhartha an Aontais chun cur chuige trasearnálach maidir le bainistiú tubaistí a chur chun cinn. |
|
(18) |
Cé gur cheart na próisis a leagtar síos sa Mholadh seo a mheas, i gcás inarb iomchuí, i dtaca leis na huirlisí nó sna sásraí eile sin nuair a úsáidtear iad, leis an Moladh seo tugtar tuairisc freisin ar na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le feasacht staide chomhroinnte, cumarsáid phoiblí chomhordaithe agus freagairt éifeachtach lasmuigh de chreat shásraí sin an Aontais um chomhordú géarchéime, i gcás nach n-úsáidtear iad nó nach ábhartha iad. |
|
(19) |
Chun comhordú níos fearr a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar an bhfreagairt i gcás teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo, ba cheart comhar feabhsaithe a bheith ann idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a oibríonn ar bhonn socruithe atá i bhfeidhm, i gcomhréir le creat Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil nuair a chuirtear isteach go mór ar sholáthar seirbhíse fíor-riachtanaí nó seirbhísí fíor-riachtanacha arna measúnú agus arna gcur in iúl ag sé Bhallstát nó níos mó agus nuair a dhéanann suaitheadh difear d’eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis, mar a chuirtear síos ar na heintitis sin i dTreoir (AE) 2022/2557, agus an cás sin arna mheasúnú agus arna chur in iúl ag an mBallstát nó ag na Ballstáit dá ndéantar difear. Ba cheart feidhm a bheith aige freisin i gcás ina bhfuil éifeacht shuaiteach shuntasach ag teagmhais ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha do dhá Bhallstát nó níos mó nó in dhá Bhallstát nó níos mó agus ina measann Uachtaránacht na Comhairle, i gcomhaontú leis na Ballstáit dá ndéantar difear agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, go bhfuil gá le comhordú tráthúil sa fhreagairt ar leibhéal an Aontais. |
|
(20) |
Cé go meastar go bhfuil gá le creat comhair ar leibhéal an Aontais le haghaidh freagairt chomhordaithe ar theagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo, níor cheart leis sin acmhainní eintiteas criticiúil agus údarás inniúil a atreorú ó láimhseáil teagmhas, rud ba cheart a bheith ina thosaíocht agus nár cheart a ndliteanas a mhéadú. |
|
(21) |
Na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, ba cheart iad a shainaithint go soiléir ionas go mbeidh forléargas soiléir cuimsitheach ann ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí agus na húdaráis a d’fhéadfadh a bheith ag freagairt ar theagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. |
|
(22) |
Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh na gníomhaithe ábhartha pointí teagmhála a ainmniú nó a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach tráthúil faoi chuimsiú Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí na pointí teagmhála aonair atá le hainmniú nó le bunú faoi chuimsiú Threoir (AE) 2022/2557 a bheith acu mar na pointí teagmhála a ainmnítear nó a bhunaítear laistigh den chreat seo. |
|
(23) |
Ar mhaithe le héifeachtacht, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh óna chur i bhfeidhm a thuairisciú agus a phlé, ba cheart Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a thástáil agus a chleachtadh, agus é sin a bheith ina chuid fhíor-riachtanach d’ardleibhéal ullmhachta a choinneáil ar bun i gcás teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo agus chun an cumas freagairt thapa dhea-chomhordaithe a áirithiú, le rannpháirtíocht na ngníomhaithe ábhartha. |
|
(24) |
I bhfianaise struchtúr Shásra IPCR um chomhordú géarchéime na Comhairle agus gníomhachtú ionchasach na sásraí um chomhordú géarchéime á chur san áireamh, ar leibhéal níos ginearálta, ar sásraí iad atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart dhá mhodh comhair a chuimsiú chun freagairt ar theagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. Is é ba cheart a bheith sa chéad cheann comh-mhalartú faisnéise ábhartha idir na gníomhaithe ábhartha uile, comhordú na cumarsáide poiblí agus comhordú trí na sásraí atá ann cheana, má úsáidtear iad, mar shampla socruithe IPCR na Comhairle, nó comhordú ARGUS laistigh den Choimisiún, le tacaíocht ó ERCC mar phointe teagmhála 24/7 le IPCR agus ARGUS, agus Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS. Is é ba cheart a bheith sa dara ceann gníomhaíocht freagartha bhreise mar gheall ar scála an teagmhais agus ábharthacht freagartha comhordaithe. Ba cheart rannpháirtíocht ar leibhéil oibríochtúla, straitéiseacha/polaitiúla a bheith i gceist leis an gcomhar sin, mar léiriú ar na leibhéil a ndéantar cur síos orthu i Moladh (AE) 2017/1584 agus Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus chun freagairt go héifeachtach éifeachtúil ar theagmhais a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo. Bunaithe ar phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta, na rúndachta faisnéise agus na comhlántacha agus chun comhar éifeachtach a áirithiú, le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann na gníomhaithe ábhartha feasacht staide chomhroinnte amach, chomh maith le cumarsáid phoiblí chomhordaithe agus freagairt éifeachtach. |
|
(25) |
Ba cheart an Moladh seo a a bheith gan dochar d’Airteagal 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta, rialacha maidir le rúndacht gnó mar shampla, a chomh-mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ar bhonn riachtanais eolais agus i gcás ina bhfuil gá leis an gcomh-mhalartú sin chun an Moladh seo a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin amháin. Níor cheart a bheith ag súil leis go soláthróidh aon Bhallstát, de bhun an Mholta seo, faisnéis a gcuirfeadh a nochtadh a leasanna bunriachtanacha, an tslándáil náisiúnta, an tslándáil phoiblí, an chosaint nó leasanna tráchtála na n-eintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis íogair a rochtain, a chomh-mhalartú agus a láimhseáil go stuama, agus é sin a bheith teoranta don mhéid atá ábhartha agus comhréireach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar na bealaí tarchuir agus an acmhainneacht stórála a úsáidtear. |
AG MOLADH:
|
(1) |
Ba cheart do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), mar aon le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, dul i gcomhar le chéile faoi chuimsiú Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil atá sa Mholadh seo, chun na cuspóirí a leagtar amach i Roinn 1 de Chuid I den Iarscríbhinn a bhaint amach agus freagairt chomhordaithe a sholáthar, ag cur na bprionsabal a leagtar amach i Roinn 2 de Chuid I den Iarscríbhinn san áireamh, ar theagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo. |
|
(2) |
Ba cheart do na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, SEGS agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a chur i bhfeidhm gan moill mhíchuí aon uair a tharlaíonn teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus fad a chomhaontaíonn an Ballstát atá ina óstach ar an mbonneagar criticiúil dá ndéantar difear. I gcomhthéacs Treoirphlean seo an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, tarlaíonn teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis nuair a bhíonn ceann amháin de na héifeachtaí seo a leanas ag an teagmhas sa bhonneagar criticiúil:
|
|
(3) |
Gníomhaithe ábhartha Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, a shainaithnítear ar leibhéil oibríochtúla, straitéiseacha/polaitiúla i gcomhréir le Roinn 3 de Chuid I den Iarscríbhinn, ba cheart dóibh féachaint le hidirghníomhú agus dul i gcomhar i gcomhlántacht le chéile. Ba cheart dóibh comh-mhalartú faisnéise ábhartha leordhóthanach tráthúil a áirithiú, lena n-áirítear an chumarsáid phoiblí a chomhordú, agus an fhreagairt a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn a chomhordú. |
|
(4) |
Ba cheart Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a chur i bhfeidhm ag féachaint d’ionstraimí ábhartha eile agus go comhleanúnach leo, i gcomhréir le Roinn 4 de Chuid I den Iarscríbhinn. I gcás ina ndéanann teagmhas difear do ghnéithe fisiceacha agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil araon, ba cheart comhordú agus sineirgí leis na forálacha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas cibearshlándála mórscála dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a áirithiú. |
|
(5) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfreagróidh siad go héifeachtach, ar an leibhéal náisiúnta, agus i gcomhréir le dlí an Aontais, ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil tar éis teagmhais shuntasacha sa bhonneagar criticiúil, bíodh ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo nó ná bíodh. |
|
(6) |
Ba cheart do na Ballstáit, an Chomhairle, SEGS, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith leis an gCoimisiún, pointe teagmhála a ainmniú nó a bhunú le haghaidh ábhair a bhaineann le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Ba cheart faisnéis a láimhseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacháin atá bunaithe ina leith sin, lena n-áirítear láimhseáil faisnéise rúnaicmithe. Ba cheart do na pointí teagmhála tacú le cur i bhfeidhm Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar agus na bearta comhordúcháin a éascú chun freagairt ar theagmhas suntasach sa bhonneagar criticiúil. Le haghaidh na mBallstát, i gcás inar féidir, ba cheart na pointí teagmhála sin a bheith mar an gcéanna leis na pointí teagmhála aonair atá le hainmniú nó le bunú de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2022/2557. |
|
(7) |
Ba cheart don Bhallstát ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle, i gcomhaontú leis na Ballstáit dá ndéantar difear, na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu leis an bhfreagairt ar an teagmhas a chur ar an eolas, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear i bpointe 6, faoin teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus faoi chur i bhfeidhm Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Ba cheart an comh-mhalartú faisnéise maidir le teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a theorannú don mhéid atá ábhartha agus comhréireach le cuspóir an chomh-mhalartaithe sin agus ba cheart é a dhéanamh trí bhealaí cumarsáide iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, an t-ardán comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (15) (‘IPCR’) agus ERCC. |
|
(8) |
Nuair is gá, ba cheart bealaí tarchuir daingnithe a áireamh leis na bealaí tarchuir ionas nach gcuirfear slándáil náisiúnta ná slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas criticiúil i gcontúirt. Maidir leis an gcomh-mhalartú faisnéise i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, níor cheart faisnéis a áireamh ann a mbeadh a nochtadh ag teacht salach ar leasanna bunriachtanacha shlándáil náisiúnta, shlándáil phoiblí nó chosaint na mBallstát ná ar shlándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil agus i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, ba cheart faisnéis íogair a rochtain, a chomh-mhalartú agus a láimhseáil go stuama. Na huirlisí creidiúnaithe atá ar fáil, ba cheart iad a úsáid chomh maith le bearta slándála leordhóthanacha chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil agus a chomh-mhalartú. |
|
(9) |
Ba cheart do na gníomhaithe ábhartha feidhmiú Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus a bhfreagairt chomhordaithe ar theagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais a chleachtadh agus a thástáil, mar shampla i gcomhthéacs cleachtaí. D’fhéadfaí eintitis ón earnáil phríobháideach a áireamh sna cleachtais agus sna tástálacha sin, i gcomhaontú leis na páirtithe uile agus go háirithe leis na Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart aon teagmháil le heintitis chriticiúla a dhéanamh trí na Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún cleachtadh ar leibhéal an Aontais lena n-ionchorpraítear gnéithe fisiceacha agus cibirghnéithe a eagrú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lena n-áirítear trí Mheitheal PROCIV CER agus trí EU-CyCLONe, líonra CSIRTanna agus le tacaíocht ó ENISA. Ba cheart cuspóirí an chleachtaidh a chomhaontú leis na Ballstáit roimh ré. Ba cheart an cleachtadh a dhéanamh faoin 26 Nollaig 2026. Bunaithe ar chomh-mhalartú faoi na ceachtanna a foghlaimíodh leis na Ballstáit maidir leis an gcleachtadh sin, ba cheart an gá atá le cleachtaí breise agus na cásanna iomchuí a mheas. |
|
(10) |
Tar éis chur i bhfeidhm Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil i ndáil le teagmhas a bhaineann le bonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, ba cheart do Mheitheal PROCIV CER plé a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh lena bhféadfaí bearnaí agus réimsí a léiriú ina bhfuil gá le feabhsuithe. D’fhéadfadh Meithleacha ábhartha eile a bheith bainteach, de réir mar is iomchuí, le próiseas sin na gceachtanna a foghlaimíodh. Moltar do na Ballstáit ceachtanna a foghlaimíodh a bhailiú ó na gníomhaithe ábhartha uile a bhfuil baint dhíreach acu leis an bhfreagairt ar an teagmhas, de réir mar is iomchuí. Ag tógáil ar an bplé sin, ba cheart d’Uachtaránacht na Comhairle, le tacaíocht ó Ardrúnaíocht na Comhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit atá buailte, tuarascáil a chur ar fáil maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh. Más gá, ba cheart an tuarascáil a aicmiú ar an leibhéal leordhóthanach. |
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
(2) Communication from the Commission of 12 December 2006 on a European Programme for Critical Infrastructure Protection [Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2006 maidir le Clár Eorpach um Chosaint an Bhonneagair Chriticiúil] (COM(2006) 786 final).
(3) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(4) Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (2023/C 20/01) (IO C 20, 20.1.2023, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).
(6) Féach conclúidí ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 maidir le creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha agus treoirlínte cur chun feidhme a d’fhormheas an Chomhairle an 13 Nollaig 2022 don Chreat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha.
(7) Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach – EU Protocol for countering hybrid threats [Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac] (SWD(2023)116 final).
(8) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(9) Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).
(10) Teachtaireacht an 23.12.2005 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Commission provisions on ‘ARGUS’ general rapid alert system [Forálacha ón gCoimisiún maidir leis an gcóras mear-rabhaidh ginearálta ‘ARGUS’] (COM(2005) 662 final).
(11) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(12) Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE, cruthaítear creat uile-ghuaise lena leagtar amach socruithe coisc, ullmhachta agus freagartha ar leibhéal an Aontais chun an uile chineál tubaistí nádúrtha agus antrapaigineacha nó tubaistí atá ar tí tarlú laistigh agus lasmuigh den Aontas a bhainistiú.
(13) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(14) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(15) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).
IARSCRÍBHINN
Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar na cuspóirí, na prionsabail, na príomhghníomhaithe ábhartha, an t-idirghníomhú le sásraí bainistithe géarchéime agus éigeandála ábhartha eile, agus feidhmiú Treoirphlean chun an fhreagairt ar theagmhais maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo a chomhordú (‘Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil’) agus, i gcás inar gá, feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a mhéid a bhaineann leis na teagmhais sin, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. Le Treoirphlean seo an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, ní dhéantar difear ar aon bhealach do ról ná feidhmiú socruithe eile.
Cuid I: Cuspóirí, prionsabail, gníomhaithe agus ionstraimí eile
1. Cuspóirí
Is é is aidhm do Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil na trí phríomhchuspóir seo a leanas a chur chun cinn mar fhreagairt ar theagmhas maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, i gcás inarb iomchuí:
|
(a) |
Feasacht staide chomhroinnte, ós rud é go bhfuil tuiscint mhaith ar an teagmhas maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis sna Ballstáit, ar thionscnamh an teagmhais agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aige ar na geallsealbhóirí ábhartha uile ar an leibhéal oibríochtúil agus straitéiseach/polaitiúil fíor-riachtanach le haghaidh freagairt chomhordaithe iomchuí. |
|
(b) |
Cumarsáid phoiblí chomhordaithe, ós rud é go gcuidíonn sí le héifeachtaí diúltacha teagmhais maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a mhaolú agus neamhréireachtaí sna teachtaireachtaí a chuirtear in iúl don phobal i measc na mBallstát a íoslaghdú, agus inniúlachtaí náisiúnta maidir le cumarsáid ghéarchéime á n-urramú go hiomlán. I gcás ina bhfuil sé ar mhaithe leis an bpobal agus i gcás nach gcuireann an chumarsáid sin isteach ar oibríochtaí bainistithe géarchéime agus éigeandála, bíonn cumarsáid phoiblí shoiléir tábhachtach freisin chun iarmhairtí na bréagaisnéise a mhaolú. |
|
(c) |
Freagairt chomhordaithe agus éifeachtach, ós rud é gur féidir le neartú fhreagairt na mBallstát agus an chomhair eatarthu agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais rannchuidiú le maolú a dhéanamh ar éifeachtaí teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus le hathbhunú tapa seirbhísí fíor-riachtanacha a chumasú ar bhealach lena n-íoslaghdaítear leochaileacht i leith tuilleadh teagmhas suntasach. |
2. Prionsabail
Comhréireacht
Teagmhais lena gcuirtear isteach ar bhonneagar criticiúil agus/nó ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, is minic a thiteann siad faoi bhun thairseach teagmhais maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis mar a shonraítear i bpointe 2 den Mholadh seo. Dá réir sin, is féidir, i bprionsabal, aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a theorannú do theagmhais maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo.
Coimhdeacht
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht maidir le freagairt ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil nó sna seirbhísí fíor-riachtanacha arna soláthar ag eintitis chriticiúla, i gcomhréir le dlí an Aontais. Mar sin féin, is féidir ról comhlántach tábhachtach a bheith ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’) i gcás teagmhas maidir leis an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag teagmhas den sórt sin ar roinnt codanna den ghníomhaíocht eacnamaíoch laistigh den mhargadh inmheánach, nó fiú ar gach cuid di, ar shaol na saoránach atá ina gcónaí san Aontas, ar shlándáil an Aontais agus ar a chaidreamh idirnáisiúnta lena chomhpháirtithe - gan dochar do fhreagracht na mBallstát an tslándáil agus an chosaint náisiúnta a choimirciú.
Comhlántacht
Ba cheart do Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil feidhmiú na sásraí bainistithe géarchéime agus éigeandála atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh agus a léiriú, is é sin socruithe na Comhairle maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’), próiseas comhordúcháin géarchéimeanna inmheánach an Choimisiúin ARGUS, Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’) arna bhunú faoi UCPM le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), lena dtacaítear leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’) agus Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS. Ba cheart dó leas a bhaint freisin as socruithe earnálacha, lena n-áirítear na forálacha maidir le bainistiú comhordaithe ar theagmhais chibearshlándála mhórscála dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), an creat EU-SCICF arna mholadh ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (3) (BERS), Líonra na bpointí teagmhála iompair (4), an tAonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime (5) agus na Grúpaí Comhordúcháin le haghaidh Leictreachais (6), Gáis (7) agus Ola (8).
Thairis sin, ba cheart do Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil brath ar na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus iad a úsáid, lena n-áirítear Meithleacha ábhartha na Comhairle (eadhon Meitheal PROCIV CER) agus iad siúd a bunaíodh le Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus leis an gCoimisiún agus sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil (‘CERG’) arna bhunú le Treoir (AE) 2022/2557. Leis sin ba cheart cur san áireamh freisin freagrachtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais faoin gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir leo. Gníomhaíochtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sa bhonneagar criticiúil, tá siad comhlántach le sásraí bainistithe géarchéime agus éigeandála eile ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta agus earnálach a thacaíonn le comhordú il-earnálach.
Rúndacht faisnéise
Le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil ba cheart a chur san áireamh an tábhacht a bhaineann le rúndacht faisnéise rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe íogaire a bhaineann le bonneagar criticiúil agus eintitis chriticiúla a chosaint.
Níltear ag súil go ndéanfaidh aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála náisiúnta, a shlándála poiblí nó a chosanta. Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, níor cheart faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta, ar nós rialacha maidir le rúndacht gnó, a chomh-mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an gcomh-mhalartú sin chun an Moladh seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart an fhaisnéis a chomh-mhalartaítear a bheith teoranta don mhéid atá ábhartha maidir le cuspóir an chomh-mhalartaithe agus comhréireach leis. Leis an gcomh-mhalartú faisnéise, ba cheart go gcaomhnófaí rúndacht na faisnéise sin, slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil, agus slándáil na mBallstát á hurramú ag an am céanna.
3. Gníomhaithe ábhartha
Gach Ballstát agus institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht ábhartha den Aontas dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) thíos, ba cheart dóibh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leo, na gníomhaithe ábhartha le haghaidh gach teagmhais sa bhonneagar criticiúil, a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo, a shainaithint, de réir na hearnála dá ndéantar difear agus an chineáil teagmhais.
(a) na Ballstáit
|
— |
Údaráis inniúla (e.g. údaráis atá i gceannas ar bhonneagar criticiúil, údaráis earnálacha ábhartha, pointí teagmhála aonair a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2022/2557, údaráis a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2557). |
|
— |
Páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear eintitis nó daoine ón earnáil phríobháideach, a bhfuil feidhmeanna sonracha acu, , mar shampla, oibreoirí an bhonneagair chriticiúil, lena n-áirítear na cinn a shainaithnítear mar eintitis chriticiúla. |
|
— |
Na hAirí atá freagrach as athléimneacht an bhonneagair chriticiúil agus/nó an tAire nó na hAirí atá freagrach as an earnáil nó as na hearnálacha is mó dá ndéantar difear leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis i gceist. |
(b) An Chomhairle
|
— |
Uachtaránacht na Comhairle. |
|
— |
COREPER, an Coiste Polaitiúil agus Slándála, agus socruithe IPCR. |
|
— |
Na Meithleacha ábhartha, cuir i gcás, an Mheitheal um Chosaint Shibhialta – an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil (‘Meitheal PROCIV CER’) agus cathaoirligh na Meithleacha ábhartha. |
|
— |
Ardrúnaíocht na Comhairle. |
(c) An Chomhairle Eorpach
|
— |
Uachtarán na Comhairle Eorpaí. |
(d) An Coimisiún
|
— |
Príomhsheirbhís ainmnithe an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile mar an tseirbhís atá freagrach sa réimse agus, i gcás teagmhas trasearnálach, an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile agus Ranna ábhartha eile de chuid an Choimisiúin. |
|
— |
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus seirbhísí an Urlabhraí. |
|
— |
Ard-Stiúrthóireacht HERA, an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte. |
|
— |
CERG, a ndéanfaidh ionadaí ón gCoimisiún cathaoirleacht air (an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile), agus grúpaí saineolaithe agus coistí ábhartha eile. |
|
— |
ERCC a bhunaítear faoi UCPM (mol bainistíochta éigeandála oibríochtúil 24/7 faoi UCPM atá suite in Ard-Stiúrthóireacht na Cosanta Sibhialta Eorpaí agus na nOibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil). |
|
— |
An Coiste Slándála Sláinte a bhunaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
— |
Ardrúnaíocht an Choimisiúin (rúnaíocht ARGUS) agus an (Leas-)Ardrúnaí (próiseas ARGUS), an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna (Stiúrthóireacht um Shlándáil). |
|
— |
Grúpaí saineolaithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin a thugann cúnamh don Choimisiún chun bearta a chomhordú i gcás éigeandála nó géarchéime. |
|
— |
Líonraí eile um bainistiú géarchéimeanna agus éigeandála, lena n-áirítear líonraí earnálacha (e.g. an Líonraí um pointí teagmhála iompair arna mbainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, an Tascfhórsa idirinstitiúideach um Chibearghéarchéimeanna (11), an tAonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime). |
|
— |
An tUachtarán agus/nó an Leas-Uachtarán/an Coimisinéir freagrach. |
|
— |
Seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a bhféadfadh inniúlacht a bheith acu i réimsí sonracha saineolais. |
(e) SEGS
|
— |
An Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (‘SIAC’) comhdhéanta den Lárionad Faisnéise agus Staide (‘IntCen’) agus Stiúrthóireacht Faisnéise Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (‘EUMS Int’). |
|
— |
An Lárionad Freagartha Géarchéime (‘CRC’). |
|
— |
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leasuachtarán de chuid an Choimisiúin (‘an tArdionadaí’). |
(f) Comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, mar shampla, Europol nó ENISA, de réir na n-earnálacha dá ndéantar difear (12)
(g) Struchtúir ábhartha eile
|
— |
An líonra Eorpach um eagrú an idirchaidrimh maidir le cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’) arna bhunú le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
— |
An líonra Foirne Freagartha náisiúnta do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘CSIRTanna’), arna bhunú le hAirteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
— |
An creat comhordaithe uile-Eorpach do chibeartheagmhais shistéamacha (‘EU-SCICF’) dá dtagraítear i Moladh BERS/2021/17 ó BERS. |
4. Idirghníomhú le sásraí agus ionstraimí bainistithe géarchéime agus éigeandála ábhartha eile
Ba cheart Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a bheith ina uirlis sholúbtha lena ndéantar gníomhaíochtaí éagsúla a d’fhéadfaí a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán a mhapáil agus socruithe éagsúla atá ann cheana á n-úsáid, de réir chineál agus thromchúis an teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus an ghá le comhordú oibríochtúil nó straitéiseach/polaitiúil.
(a) Socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (‘IPCR’)
I gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (13), i gcás géarchéime ar gníomhachtaíodh socruithe IPCR ina leith, d’fhéadfadh bearta faoi Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a bheith mar chuid de fhreagairt an Aontais ar an leibhéal polaitiúil. I gcás den sórt sin, bheadh feidhm ag próiseas cinnteoireachta IPCR agus d’fhéadfaí Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil a úsáid mar uirlis chomhlántach lena gcuirtear tacaíocht shonrach ar fáil maidir le bonneagar criticiúil do IPCR chun freagairt dhea-chomhordaithe a áirithiú. Tá socruithe IPCR ceaptha chun comhordú beartais agus freagairt thráthúil a chumasú ar leibhéal polaitiúil an Aontais (COREPER/an Chomhairle) i gcás éigeandálacha nó géarchéimeanna móra. Úsáidtear IPCR freisin chun comhordú a dhéanamh, ar an leibhéal straitéiseach/polaitiúil, ar an bhfreagairt ar agairt an chlásail dlúthpháirtíochta (Airteagal 222 CFAE) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát a áirithiú. Sainítear na socruithe maidir le Cinneadh 2014/415/AE ón gComhairle (14) a bheith á chur chun feidhme ag an Aontas.
(b) An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’)
Faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, is féidir UCPM a ghníomhachtú chun freagairt ar thubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine iarbhír nó ar tí tarlú laistigh agus lasmuigh den Aontas (lena n-áirítear iad sin lena ndéantar difear don bhonneagar criticiúil) le tacaíocht oibríochtúil ó ERCC. Oibríonn ERCC i ndlúth-theagmháil leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta agus le comhlachtaí ábhartha an Aontais chun cur chuige trasearnálach maidir le bainistiú tubaistí a chur chun cinn.
(c) Bosca Uirlisí Hibrideacha an Aontais agus Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac
Leagtar amach i bPrótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac (15) (‘Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac’) na próisis agus na huirlisí is infheidhme i gcás bagairtí nó feachtais hibrideacha le linn thimthriall iomlán an bhainistithe géarchéime agus éigeandála.
I gcás teagmhas suntasach sa bhonneagar criticiúil ag a bhfuil gné hibrideach, tá feidhm ag na próisis agus na huirlisí a dtugtar tuairisc orthu i bPrótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac i gcomhlántacht le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, i gcás inarb iomchuí, e.g. le haghaidh faisnéis, anailís nó cumarsáid shonrach maidir le gnéithe hibrideacha den an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus maidir le comhar le comhpháirtithe seachtracha. Go háirithe, le Bosca Uirlisí Hibrideach an Aontais (16), cuirtear creat ar fáil le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha. Ós rud é gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, tá feidhm ag an bpróiseas cinnteoireachta a dtugtar tuairisc air i dtreoirlínte cur chun feidhme an Chreata le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha.
(d) Na forálacha le haghaidh bainistíocht chomhordaithe ar theagmhais chibearshlándála mhórscála dá ndéantar foráil le Treoir (AE) 2022/2555
Tá forálacha i dTreoir (AE) 2022/2555 le haghaidh bainistiú comhordaithe teagmhas cibearshlándála mórscála trí na líonraí comhair atá ann cheana, go háirithe EU-CyCLONe agus líonra CSIRTanna. Comhoibríonn EU-CyCLONe agus líonra CSIRTanna ar bhonn socruithe nós imeachta lena sonraítear mionsonraí an chomhair sin agus ba cheart dóibh aon dúbláil cúraimí a sheachaint.
Oibríonn EU-CyCLONe mar idirghabhálaí idir an leibhéal teicniúil agus polaitiúil le linn teagmhais mhórscála chibearshlándála agus géarchéimeanna agus cuireann sé feabhas ar an gcomhar ar an leibhéal oibríochtúil agus tacaíonn sé leis an gcinnteoireacht ar an leibhéal polaitiúil. Cuireann EU-CyCLONe le torthaí líonra CSIRTanna agus úsáideann sé a chumais féin chun anailís tionchair ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a chruthú. I gcás teagmhas suntasach sa bhonneagar criticiúil a bhfuil mórábharthacht trasteorann ag baint leis atá i gcomhthráth le teagmhas cibearshlándála mórscála, nó ar cosúil go mbaineann sé leis sin, déanann meithleacha ábhartha na Comhairle comhordú iomchuí a chinneadh ar leibhéal oibríochtúil, lena n-áirítear i gcomhar le EU-CyCLONe. Ba cheart gurb é is cuspóir don chomhordú an gníomhaí, an uirlis (nó na huirlisí) nó an sásra (nó na sásraí) a chinneadh lena bhféadfaí rannchuidiú ar an mbealach is éifeachtaí le freagairt ar theagmhas suntasach sa bhonneagar criticiúil a bhfuil mórábharthacht trasteorann ag baint leis, agus dúbailt oibre agus snáitheanna oibre comhuaineacha á seachaint ag an am céanna. Ba cheart an comhordú sin a bheith comhleanúnach leis na socruithe ábhartha atá ann cheana tráth an teagmhais.
(e) Sásraí agus ionstraimí earnálacha nó trasearnálacha eile
Le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, níor cheart uirlisí bainistithe géarchéime agus éigeandála ná sásraí comhordúcháin earnálacha nó trasearnálacha eile a dhúbailt. I gcás inarb ann do na huirlisí nó na sásraí sin cheana, is féidir Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, faoina raon feidhme, a úsáid mar uirlis atá comhlántach leis na huirlisí nó na sásraí earnálacha nó trasearnálacha ach níor cheart é a chur ina n-ionad. An comhordú is gá idir na gníomhaithe éagsúla ba ghá é a áirithiú chun an dúbailt sin a sheachaint. I gcás ghníomhachtú IPCR, is in IPCR a dhéanfaí comhordú polaitiúil agus straitéiseach. Sa Choimisiún, cumasaítear comhordú inmheánach géarchéime trína phróiseas inmheánach comhordaithe géarchéime ARGUS, le tacaíocht ó ERCC.
Cuid II: Comh-mhalartú faisnéise agus freagairt chomhordaithe
Is é atá sna gníomhaíochtaí ar a dtugtar tuairisc thíos modhanna comhair, is é sin comh-mhalartú faisnéise, cumarsáid agus freagairt chomhordaithe. Comhfhreagraíonn an struchtúr sin do mhodhanna shásra IPCR um chomhordú géarchéime ón gComhairle agus cuirtear san áireamh ann, ar bhealach níos leithne, úsáid ionchasach na sásraí um chomhordú géarchéime atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. Leis an struchtúr seo léirítear conas a chomhtháthófaí na modhanna comhair sin ann dá n-úsáidfí iad. Mar sin féin, is féidir an chuid is mó de na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh go neamhspleách freisin: níl siad ag brath ar úsáid an tsásra sin ach is amhlaidh go gcomhlánaíonn siad é. Cuirtear na gníomhaíochtaí i láthair in ord cróineolaíoch, agus é á chur san áireamh, i gcás géarchéim mhórscála arb é atá inti teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil mórábharthacht trasteorann ag baint leis, go bhféadfadh gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh go comhuaineach agus go leanúnach.
1. Comh-mhalartú faisnéise
(a) Ar an leibhéal oibríochtúil
Na Ballstáit dá ndéantar difear leis an teagmhas suntasach sa bhonneagar criticiúil a bhfuil mórábharthacht trasteorann ag baint leis, ba cheart dóibh a mbearta teagmhasacha féin a chur i bhfeidhm, áirithíonn siad comhordú le sásraí náisiúnta ábhartha bainistithe géarchéime agus éigeandála, agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha uile a áirithiú, de réir mar is iomchuí.
I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann le cúnamh cosanta sibhialta agus UCPM, áirithítear an comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún trí ERCC agus trí phointí teagmhála na mBallstát i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla maidir le UCPM.
(i) Comhroinnt faisnéise agus fógra ó na húdaráis náisiúnta inniúla
I dteannta na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt agus faisnéis de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2557, agus i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta ábhartha, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as bonneagar criticiúil sna Ballstáit dá ndéantar difear le teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis faisnéis ábhartha a chomhroinnt le hUachtaránacht na Comhairle agus leis an gCoimisiún, trína bpointí teagmhála aonair agus gan moill mhíchuí, mura rud é nach bhfuil siad in ann déanamh amhlaidh go hoibríochtúil, ar faisnéis ábhartha í lena bhféadfaí faisnéis a áireamh a fuarthas ó eintitis chriticiúla nó ó oibreoir nó oibreoirí bonneagair chriticiúil, nó ó fhoinsí eile, maidir leis na sásraí bainistithe géarchéime agus éigeandála a gníomhachtaíodh.
Ba cheart comh-mhalartú faisnéise maidir le teagmhas bonneagair chriticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a theorannú don mhéid atá ábhartha agus comhréireach le cuspóir an chomh-mhalartaithe sin agus ba cheart é a dhéanamh trí bhealaí cumarsáide iomchuí sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, d’fhéadfaí an t-ardán IPCR agus ERCC a úsáid. Ba cheart faisnéis a láimhseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha atá bunaithe ina leith sin, lena n-áirítear láimhseáil faisnéise rúnaicmithe. Leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as ERCC, níor cheart difear a dhéanamh d’acmhainní UCPM ná d’infhaighteacht ERCC chun leanúint de bheith ag freastal go hiomlán ar UCPM.
D’fhéadfaí a áireamh ar an gcomhroinnt faisnéise sin, de réir mar is iomchuí, cineál an teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, an chúis atá leis, an tionchar breathnaithe nó measta atá ag an suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil agus soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha, iarmhairtí an teagmhais trasna earnálacha agus teorainneacha agus na mbeart maolúcháin, a rinneadh cheana nó a bheartaítear, go náisiúnta nó le Ballstáit ábhartha eile agus leis an gCoimisiún trí shocruithe atá ann cheana, e.g. na socruithe comhroinnte faisnéise faoi Airteagail 9 agus 15 de Threoir (AE) 2022/2557. Ba cheart an chomhroinnt faisnéise sin a thabhairt gan acmhainní an bhonneagair chriticiúil nó, i gcásanna áirithe, an eintitis chriticiúil nó an Bhallstáit a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le láimhseáil teagmhas, rud a bhfuil tosaíocht le tabhairt dó.
Chun bearta leantacha a áirithiú, ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin dá dtugtar fógra, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an earnáil inar tharla an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, pointe teagmhála na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile agus Ardrúnaíochta an Choimisiúin a chur ar an eolas.
Dá bhféadfadh an fhaisnéis a bheith ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar ghné chibearshlándála nó a bheith bainteach le teagmhas cibearshlándála, ba cheart don Choimisiún agus d’Uachtaránacht na Comhairle faisnéis ábhartha a chomhroinnt le EU-CyCLONe. Ba cheart do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2557 agus ba cheart dóibh siúd faoi Threoir (AE) 2022/2555 comhoibriú lena chéile agus faisnéis a chomh-mhalartú i ndáil leis na teagmhais sin, gan moill mhíchuí.
Le haghaidh an réimse mhuirí, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla féachaint an bhféadfaí an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (‘CISE’) a úsáid chun faisnéis a chomhroinnt gan moill mhíchuí.
(ii) Comhroinnt faisnéise ar leibhéal an Aontais
Déanann an Coimisiún CERG a chomóradh a luaithe is féidir chun comh-mhalartuithe faisnéise ábhartha a éascú idir na húdaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as bonneagar criticiúil agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an teagmhas (cineál, cúis, tionchar agus iarmhairtí trasna earnálacha agus teorainneacha) agus cuireann sé Uachtaránacht na Comhairle ar an eolas faoi sin. Ós rud é go mbeadh an cruinniú sin de CERG dírithe ar an teagmhas ábhartha sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus ar a iarmhairtí, meabhraítear do na Ballstáit gur féidir leo a iarraidh ar an gCoimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe náisiúnta ar an ábhar chuig an gcruinniú sin de CERG chun an ionadaíocht is oiriúnaí ar na Ballstáit a éascú. De réir chroílár an teagmhais, d’fhéadfadh dlúthbhaint a bheith ag ranna ábhartha an Choimisiúin le cruinniú de CERG d’fhonn faisnéis a bailíodh trí na hionstraimí earnálacha atá ann cheana a chomhroinnt.
I gcás teagmhais ag a bhfuil meascán de ghnéithe cibearshlándála agus de ghnéithe fisiceacha nach bhfuil cibirghné ag baint leo, bheadh Líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe ag obair i gcomhar le chéile ar bhonn socruithe nós imeachta a luaitear in Airteagal 15(6) de Threoir (AE) 2022/2555. Ba cheart don Uachtaránacht comhordú a áirithiú leis na Meithleacha ábhartha, le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, le SEGS, le CERT-EU, le ENISA agus le Europol. I gcás inar gá, chomhroinnfeadh CERT-EU faisnéis ábhartha le Líonra CSIRTanna, agus chomhroinnfeadh an Coimisiún faisnéis le EU-CyCLONe. I gcomhaontú leis na cathaoirligh faoi seach, féadfaidh an Coimisiún (an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile agus Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta), más iomchuí, cruinniú comhpháirteach idir CERG agus EU-CyCLONe agus líonra CSIRTanna a mholadh, agus cuireann sé Uachtaránacht na Comhairle ar an eolas faoi sin.
I gcás teagmhas trasearnálach sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus a bhfuil tionchar fadréimseach nó tábhacht pholaitiúil ag baint leis ar leibhéal an Aontais, féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle, ar a tionscnamh féin agus tar éis di dul i gcomhairle leis na Ballstáit dá ndéantar difear, leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, nó arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, féachaint ar roghanna maidir le comhordú trasearnálach trí IPCR. I gcás ghníomhachtú IPCR, cuir i gcás, sa mhód comhroinnte faisnéise, déanfar comhordú polaitiúil agus straitéiseach in IPCR, agus cuirfear Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil an t-ionchur is gá ar fáil maidir leis an mbonneagar criticiúil chun tacú le hobair IPCR.
I gcás ina ndéanfaidh teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis difear do thríú tír freisin, ba cheart d’Uachtaránacht na Comhairle, i gcomhairle leis na Ballstáit dá ndéantar difear agus leis an gCoimisiún, an oiriúnacht agus na módúlachtaí chun comhoibriú leis an tríú tír a mheas.
(iii) Tacaíocht ón gCoimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais
I gcás inarb ábhartha agus ag gníomhú i gcomhréir lena shainordú, cuireann Europol tuarascáil staide maidir leis an teagmhas i láthair ar leibhéal an Aontais. Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha agus ag gníomhú i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, déanann siad faisnéis ábhartha lena rannchuidítear leis an bhfeasacht staide nó leis an bhfreagairt chomhordaithe ar an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a thuairisciú dá nArdstiúrthóireachtaí ‘máthar’ a thuairiscíonn, ar a seal, don Choimisiún (an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile) mar Chathaoirleach CERG. Coimeádann an Coimisiún Uachtaránacht na Comhairle ar an eolas go leordhóthanach.
Is féidir leis an gCoimisiún rannchuidiú le feasacht staide a sholáthar agus úsáid á baint as sócmhainní Chlár Spáis an Aontais (17) cuir i gcás, Copernicus, Galileo nó EGNOS, i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil de chuid an Aontais is infheidhme agus leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta is infheidhme.
(b) Ar an leibhéal straitéiseach
(i) Tuarascálacha a chur ar fáil bunaithe ar ionchur ó na Ballstáit
Ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil laistigh de réimse athléimneacht an bhonneagair chriticiúil bunaithe ar fhaisnéis (i ndáil leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus na dea-chleachtais atá ann cheana maidir leis an teagmhas sin a láimhseáil) arna comhroinnt ag údaráis inniúla náisiúnta i gcruinniú de CERG, nó cruinnithe comhpháirteacha le seirbhísí, grúpaí saineolaithe nó líonraí ábhartha, agus faisnéis eile atá ar fáil. Dáilfear an tuarascáil sin ar chomhaltaí CERG, ar chomhaltaí Mheitheal PROCIV CER agus, i gcomhairle le hUachtaránacht na Comhairle, ar gheallsealbhóirí ábhartha eile. Más gá, déanfar an tuarascáil a rúnaicmiú ar an leibhéal leordhóthanach agus, in aon chás, dáilfear í ar fhaighteoirí ábhartha sna Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le slándáil faisnéise mar a leagtar amach sna creataí dlíthiúla is infheidhme.
Leis an tuarascáil sin déanfar, i gcás inarb iomchuí, torthaí na measúnuithe riosca, na meastóireachtaí agus na gcásanna ábhartha ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh ó thaobh cibearshlándála, lena n-áirítear na cinn arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Ardionadaí agus ag an nGrúpa Comhair.
I gcás ghníomhachtú IPCR, leis an tuarascáil sin is féidir rannchuidiú leis an Anailís Chomhtháite um Fheasacht Staide (‘ISAA’) arna hullmhú ag ranna an Choimisiúin agus SEGS.
Cuireann SIAC i láthair measúnú faisnéisbhunaithe cothrom le dáta maidir leis an teagmhas, i gcás inarb ábhartha.
(ii) Gníomhachtú shásraí comhordaithe géarchéime an Aontais agus úsáid uirlisí an Aontais
I gcomhréir leis na forálacha dlí maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta, féadfaidh ERCC tosú ar thacaíocht feasachta staide a sholáthar maidir leis an teagmhas nuair a ghníomhachtaítear Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (18). Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit dá ndéantar difear íomhánna satailíte a iarraidh ar a gcríoch trí Sheirbhís Bainistithe Éigeandála Copernicus.
I gcás ina meastar gurb iomchuí faisnéis a chomhroinnt ar fud an Choimisiúin le SEGS agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, déanann an phríomh-Ardstiúrthóireacht nó an Ardstiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, i gcomhar leis an Ardstiúrthóireacht, próiseas comhordúcháin géarchéimeanna inmheánach an Choimisiúin ARGUS Céim I a ghníomhachtú trí theagmhas a oscailt ar uirlis TF Argus. Áirithíonn an Coimisiún go gcomhroinntear faisnéis ábhartha leis na Ballstáit ag cruinnithe comhchéime IPCR agus trí ardán IPCR.
Is féidir le hUachtaránacht na Comhairle socruithe IPCR a ghníomhachtú i mód comhroinnte faisnéise, lena mbaineann forbairt thuarascálacha ISAA ón gCoimisiún agus SEGS agus ionchur ann ó údaráis náisiúnta inniúla agus foinsí eile, i gcás inarb iomchuí. Fiú amháin gan IPCR a ghníomhachtú, is féidir le hUachtaránacht na Comhairle leathanach faireacháin ar ardán gréasáin IPCR a thionscnamh. Is féidir le hArdrúnaíocht na Comhairle, i gcomhaontú leis an Uachtaránacht, leathanach faireacháin a chruthú, b’fhéidir, arna iarraidh sin do Bhallstát dá ndéantar difear, do sheirbhísí an Choimisiúin, nó do SEGS.
Sásraí agus uirlisí bainistithe géarchéime agus éigeandála (earnálacha) eile de chuid an Aontais, féadfar iad a ghníomhachtú de réir na nósanna imeachta faoi seach, de réir mar is iomchuí. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú idir na sásraí agus na huirlisí sin.
Má tharlaíonn an teagmhas fisiceach i gcomhthráth le teagmhas cibearshlándála mórscála nó más cosúil go mbaineann sé leis, mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555, féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle na forálacha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas cibearshlándála mórscála a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2555 a chur i bhfeidhm freisin chun comhordú iomchuí a chinneadh lena mbaineann, inter alia, an Mheitheal Chothrománach um Chibircheisteanna, Meitheal PROCIV CER, CERG, EU-CyCLONe agus Líonra CSIRTanna, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta féin.
(iii) Cumarsáid phoiblí a chomhordú
Na Ballstáit a ndéanann an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis difear dóibh, comhordaíonn siad an chumarsáid phoiblí a dhéanann siad maidir leis an ngéarchéim a mhéid is féidir, agus inniúlachtaí náisiúnta agus creataí riaracháin á n-urramú ina leith sin. Féadfaidh Líonra Cumarsáidithe Géarchéime IPCR a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí.
Bunaithe ar an bhfeasacht staide chomhroinnte, féadfaidh Meitheal PROCIV CER, i gcomhar leis na Ballstáit dá ndéantar difear agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, seisiún tuairimíochta a eagrú maidir le cuir chuige cumarsáide poiblí na mBallstát agus an Choimisiúin. Más gá, ba cheart do Mheitheal PROCIV CER iarracht a dhéanamh aidhmeanna comhchoiteanna a shainaithint, chun an comhordú i measc na mBallstát a éascú.
Ba cheart é sin a dhéanamh agus é á chur san áireamh nár cheart go mbainfeadh na hiarrachtaí cumarsáide an bonn de na hoibríochtaí náisiúnta bainistithe géarchéime agus éigeandála.
Comhordaíonn Europol agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí cumarsáide poiblí le seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin, bunaithe ar fheasacht staide chomhroinnte agus i gcomhairle leis na Ballstáit dá ndéantar difear. Ní bheidh ról ag ERCC maidir le cumarsáid ghéarchéime leis an bpobal faoin Treoirphlean.
Más é atá i gceist leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis gné sheachtrach nó hibrideach, déantar an chumarsáid phoiblí a chomhordú le SEGS agus seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin, mar a thuairiscítear i bPrótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac.
2. Freagairt (lena mbaineann gníomhaíochtaí leanúnacha ar a dtugtar tuairisc faoi Chomh-mhalartú faisnéise agus gníomhaíochtaí breise ar an leibhéal straitéiseach/polaitiúil)
(a) Ar an leibhéal straitéiseach
(i) Tuarascálacha staide a tháirgeadh go leanúnach
Ba cheart Meitheal PROCIV CER a chur ar an eolas faoi sholáthar na dtuarascálacha (e.g. ISAA i gcás ghníomhachtú IPCR nó an tuarascáil bunaithe ar ionchur na mBallstát laistigh de réimse athléimneacht an bhonneagair chriticiúil arna hullmhú ag an gCoimisiún) agus ba cheart di COREPER a ullmhú, i gcás nár tionóladh an cruinniú sin go fóill, nó cruinniú an Choiste Pholaitiúil agus Slándála, de réir mar is iomchuí.
Treisíonn SIAC a fhor-rochtain chuig seirbhísí faisnéise na mBallstát, comhiomlánaíonn sé faisnéis na bhfoinsí uile agus ullmhaíonn sé anailís agus measúnú ar an teagmhas, chomh maith le nuashonruithe tráthrialta, más gá.
(ii) Cruinnithe comhordúcháin a eagrú
Bunaithe ar an bhfeasacht staide chomhroinnte, ba cheart d’Uachtaránacht na Comhairle cruinnithe Mheitheal PROCIV CER a thionól a luaithe is féidir chun plé a dhéanamh, i réimse athléimneacht an bhonneagair chriticiúil, ar bhearnaí i bhfreagairt an Aontais ar an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, agus féachaint ar na roghanna comhordúcháin atá ann i measc na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Dá ndéanfaí IPCR a ghníomhachtú, d’fhéadfadh an Uachtaránacht torthaí na gcruinnithe sin a chur san áireamh i gcruinnithe comhchéime IPCR maidir le géarchéimeanna. Le cruinnithe comhchéime IPCR maidir le géarchéimeanna, is féidir roinnt bearnaí sonracha a shainaithint freisin sa fhreagairt ar na teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leo agus is féidir leis na cruinnithe sin Meitheal PROCIV CER, i measc meithleacha eile, a stiúradh le dul i ngleic leis na bearnaí sin agus na torthaí a thuairisciú do chruinnithe comhchéime IPCR maidir le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo chun tacú le hiarrachtaí comhordúcháin pholaitiúil agus straitéisigh IPCR.
(iii) Gníomhachtú iomlán shásraí comhordaithe géarchéime an Aontais agus úsáid ionstraimí an Aontais
I gcás ina ngníomhachtaíonn Uachtaránacht na Comhairle IPCR go hiomlán:
Ba cheart go ndéanfaidh an Chomhairle an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal polaitiúil an Aontais, trí úsáid a bhaint as socruithe IPCR.
Iarrann Uachtaránacht na Comhairle go dtionólfaí Cruinniú Comhchéime neamhfhoirmiúil tráthúil, ina dtabharfaí le chéile na gníomhaithe ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus gníomhaithe de chuid an Aontais, inar féidir leis an mBallstát nó leis na Ballstáit dá ndéantar difear tuairisc a thabhairt ar an teagmhas, inar féidir leis an Uachtaránacht tuairisc a thabhairt ar thorthaí ó mheithleacha ábhartha na Comhairle, agus inar féidir le seirbhísí an Choimisiúin tuairisc a thabhairt ar chruinniú nó ar chruinnithe na meithle a tionóladh roimhe sin, arna chomhlánú nó arna gcomhlánú ag SEGS, de réir mar is iomchuí.
Is féidir a iarraidh ar SIAC agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais nuashonrú staide a chur i láthair i ndáil leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis sa chruinniú sin.
Ullmhaíonn príomhsheirbhís ISAA (príomhsheirbhís an Choimisiúin nó SEGS) tuarascáil ISAA agus ionchur inti ó ranna ábhartha an Choimisiúin, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus údaráis náisiúnta inniúla ábhartha. Iarrtar ar na Ballstáit ionchur a sholáthar, trí ardán gréasáin IPCR.
I gcás ina ngníomhachtaíonn Uachtarán an Choimisiúin próiseas comhordúcháin géarchéimeanna inmheánach an Choimisiúin ARGUS Céim II, déantar cruinnithe den Choiste um Chomhordú Géarchéime lena mbaineann ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS, i gcás inarb ábhartha, a chomóradh ar ghearrfhógra chun comhordú a dhéanamh a mhéid a bhaineann leis na gnéithe uile den teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis.
I gcás teagmhas ar ábhar leasa don Aontas agus do ECAT é sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS cruinniú i ndáil le hIdirphlé Struchtúrtha maidir leis an Athléimneacht idir an tAontas agus ECAT a thionól chun rannchuidiú le feasacht staide chomhroinnte agus le comh-mhalartú faisnéise maidir le bearta arna ndéanamh ag an Aontas agus ag ECAT, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis na príomhphrionsabail lena dtreoraítear an comhar idir an tAontas agus ECAT mar a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach iad, go háirithe cómhalartacht, cuimsitheacht agus neamhspleáchas cinnteoireachta agus le trédhearcacht iomlán i leith na mBallstát uile. Agus an tábhacht a bhaineann le comh-mhalartú faisnéise gan bhac idir an tAontas agus ECAT á hathdhearbhú, d’fhéadfaí faisnéis maidir leis na teagmhais a mheasann an Ballstát lena mbaineann a bheith íogair a chomhroinnt le ECAT le toiliú sainráite an Bhallstáit dá ndéantar difear. Cuirfear na Ballstáit ar an eolas faoi thorthaí an Idirphlé Struchtúrtha maidir le cur i bhfeidhm Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil.
(iv) Cumarsáid phoiblí
I gcás inarb ábhartha, ba cheart don Chomhairle comh-mhalartuithe a éascú maidir le cineálacha cur chuige cumarsáide poiblí agus, más gá, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhdhearcadh chun comhordú a éascú i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún. Féadfaidh an líonra neamhfhoirmiúil de chumarsáidithe géarchéime a bhunaítear trí IPCR tacú leis an obair sin. Ullmhaíonn seirbhísí an Choimisiúin teachtaireachtaí cumarsáide poiblí freisin, de réir mar is iomchuí agus i gcomhairle leis na Ballstáit dá ndéantar difear.
Más é atá i gceist leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil gné sheachtrach nó hibrideach, ba cheart an chumarsáid phoiblí a chomhordú le SEGS agus seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin. Ní bheidh ról ag ERCC maidir le cumarsáid ghéarchéime leis an bpobal faoin Treoirphlean.
(v) Tacaíocht do na Ballstáit agus freagairt éifeachtach
Féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle tuilleadh cruinnithe Mheitheal PROCIV CER agus meithleacha ábhartha eile a thionól chun tacú leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú IPCR, má ghníomhachtaítear iad.
Na Ballstáit a ndéanann an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis difear dóibh, féadfaidh siad tacaíocht theicniúil ó Bhallstáit eile a iarraidh go déthaobhach nó trí Uachtaránacht na Comhairle agus/nó trí Mheitheal PROCIV CER, e.g. saineolas sonrach chun drochthionchair an teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a mhaolú.
Féadfaidh na Ballstáit dá ndéantar difear leis an teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis tacaíocht theicniúil agus/nó airgeadais a iarraidh ar an gCoimisiún nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Ar an iarraidh a fháil, déanann an Coimisiún, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, measúnú ar a thacaíocht fhéideartha agus gníomhachtaíonn sé, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na mBallstát dá ndéantar difear, bearta maolúcháin teicniúla ar leibhéal an Aontais i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach agus comhordaíonn sé acmhainní teicniúla is gá chun tionchar an teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis a stad nó a laghdú. Ba cheart don Choimisiún agus don Uachtaránacht a chéile a choinneáil ar an eolas go leordhóthanach faoi na hiarrataí sin, d’fhonn comhordú éifeachtach a dhéanamh.
Féadfaidh na tíortha dá ndéantar difear UCPM a ghníomhachtú chun cúnamh a iarraidh, agus ina dhiaidh sin, d’oibreodh ERCC le pointí teagmhála na mBallstát i gcomhréir leis na forálacha dlí maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta chun soláthar cúnaimh a chomhordú.
Laistigh dá sainorduithe faoi seach agus arna iarraidh sin, is féidir le Europol agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais tacú leis na Ballstáit dá ndéantar difear le teagmhas sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus an teagmhas á imscrúdú.
(b) Ar an leibhéal polaitiúil
Is féidir le hUachtaránacht na Comhairle an riachtanas a mheas chun cruinnithe comhchéime IPCR, cruinnithe de Mheithleacha na Comhairle, COREPER, cruinnithe na Comhairle a thionól chun comh-mhalartú a dhéanamh ar thionscnamh féideartha an teagmhais sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis agus ar na hiarmhairtí lena bhfuil coinne le haghaidh na mBallstát agus an Aontais, teacht ar chomhaontú maidir le treoirlínte comhchoiteanna, agus na bearta is gá a ghlacadh chun tacú leis na Ballstáit dá ndéantar difear leis an teagmhas sin agus a éifeachtaí a mhaolú. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh a thabhairt ar an ábhar freisin.
Forléargas Scéimreach ar Threoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil
(1) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(3) Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 2 Nollaig 2021 maidir le creat comhordaithe uile-Eorpach le haghaidh cibeartheagmhais shistéamacha d’údaráis ábhartha (BERS/2021/17).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23.5.2022, Plean teagmhasach iompair (COM/2022/211 final).
(5) Arna bhunú faoi Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).
(6) Cinneadh 2012/C 353/02 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2.).
(7) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(8) Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).
(9) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(10) Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022. lch. 26).
(11) Grúpa neamhfhoirmiúil lena n-áirítear ranna ábhartha de chuid an Choimisiúin, SEGS, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), CERT-EU agus Europol, faoi chomhchathaoirleacht Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta agus SEGS.
(12) Mar shampla; i gcás iompair: Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘EASA’), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘EMSA’), Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (‘ERA’); i gcás sláinte: an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘ECDC’) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA); i gcás fuinnimh: an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’); i gcás an spáis: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (‘EUSPA’); i gcás na hearnála bia: an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’); i gcás na hearnála muirí: an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (‘EFCA’); le haghaidh teagmhais chibearshlándala: , Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘CSIRTanna’), an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais(‘CERT-EU’), BCE, BERS, Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha (‘ÚMEnna’).
(13) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).
(14) Cinneadh 2014/415/AE ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir leis na socruithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an chlásail dlúthpháirtíochta ag an Aontas (IO L 192, 1.7.2014, lch. 53).
(15) Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach – EU Protocol for countering hybrid threats [Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac] (SWD(2023) 116 final).
(16) Conclúidí ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 maidir le Creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha; Treoirlínte cur chun feidhme don Chreat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha (15880/22).
(17) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(18) Cuir i gcás: foilsiú táirgí faireacháin ar na meáin, Teachtaireachtaí Cosanta Sibhialta, Nótaí Anailíseacha, Léarscáileanna Laethúla ECHO, Splancacha Laethúla ECHO agus táirgí saincheaptha eile.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4371/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)