EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1787

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1787 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, an toirmeasc ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus na ceanglais speisialta maidir lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe nó lena n-aistriú laistigh de na criosanna sin

C/2023/6097

IO L 230, 19.9.2023, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1787/oj

19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1787 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, an toirmeasc ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus na ceanglais speisialta maidir lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe nó lena n-aistriú laistigh de na criosanna sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32(3) agus (6), Airteagal 35(1), (2), agus (5), Airteagal 53(2) agus Airteagal 54(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) bunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí. Le hIarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, bunaítear liosta na gcriosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile de thionscnamh tríú tíortha nó laistigh de chríoch an Aontais a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le haistriú laistigh díobh, agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha le haghaidh criosanna cosanta.

(2)

Aithníodh codanna áirithe de chríoch na Slóivéine mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Tá sé iarrtha anois ag an tSlóivéin, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críche iomláine mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart críoch iomlán na Slóivéine a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(3)

Maidir leis an Iodáil, aithníodh codanna áirithe de chríoch na Lombairde mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. In 2023 chuir an Iodáil faisnéis isteach ina léirítear gurb ann anois do Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. i mbardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, i mbardas Montevecchia i gcúige Lecco agus i mbardais Ceriano Laghetto agus Cogliate i gcúige Monza agus Brianza. Dá bhrí sin, níor cheart na bardais sin a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. sa Lombaird agus ba cheart iad a scriosadh ón iontráil ábhartha sa tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(4)

Thairis sin, maidir le bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova sa Lombaird, d’iarr an Iodáil go n-aithneofaí na bardais sin mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Ar bhonn suirbhéanna a rinneadh in 2020, 2021 agus 2022, chuir an Iodáil faisnéis isteach nach dtagann Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. chun cinn sna críocha sin, d’ainneoin go bhfuil na dálaí fabhracha ann dá theacht isteach, dá bhunú agus dá leathadh. Mar sin féin, ba cheart suirbhéanna breise a dhéanamh chun a dheimhniú nach bhfuil an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta fós i láthair sna bardais sin. Dá bhrí sin, ba cheart bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova sa Lombaird a aithint mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. go dtí an 30 Aibreán 2026.

(5)

Aithníodh codanna áirithe de chríoch na Slóvaice mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Tá sé iarrtha anois ag an tSlóvaic, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críche iomláine mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart críoch iomlán na Slóvaice a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(6)

Aithníodh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann (3) mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al., Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess) agus Thaumetopoea processionea L. go dtí an 30 Aibreán 2023. Ar bhonn torthaí suirbhéanna a sholáthair an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann in 2020, 2021 agus 2022, is cosúil go bhfuil Tuaisceart Éireann fós saor ó na lotnaidí coraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann mar chrios cosanta i ndáil le Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al., Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess) agus Thaumetopoea processionea L. gan aon teorainn ama.

(7)

Aithníodh críoch iomlán na Seicia mar chrios cosanta i ndáil le Cryphonectria parasitica (Murrill) Barr. Tá sé iarrtha anois ag an tSeicia, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críoch mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart an tSeicia a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Cryphonectria parasitica (Murrill) Barr., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(8)

Aithníodh Éire mar chrios cosanta sealadach, i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller, go dtí an 30 Aibreán 2023. Ar bhonn torthaí suirbhéanna a sholáthair an Ballstát sin in 2020, 2021 agus 2022, is cosúil go bhfuil sé fós saor ón lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt d’Éirinn mar chrios cosanta i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller gan aon teorainn ama.

(9)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ar Rialachán é ina liostaítear na criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, ba cheart na hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ar Iarscríbhinní iad ina liostaítear na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le haistriú laistigh díobh faoi cheanglais speisialta, faoi seach.

(10)

Aithníodh Cantún Valais san Eilvéis mar limistéar atá saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus dá réir sin tá tagairt déanta de sa tábla, i bpointí 3 agus 9, d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar áit as a bhféadfaí coirceoga beach agus plandaí óstacha Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. a onnmhairiú chuig na criosanna cosanta lena mbaineann san Aontas. Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an Eilvéis anois gur tharraing sí siar stádas Chantún Valais mar limistéar atá saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann Cantún Valais a thuilleadh na ceanglais le haghaidh limistéir óna bhféadfar coirceoga beach agus plandaí óstacha Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. a onnmhairiú chuig na criosanna cosanta lena mbaineann san Aontas, agus ba cheart an Cantún sin a scriosadh sa tábla, i bpointí 3 agus 9, d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú dá réir.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/2031, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i roinn (a) ‘Baictéir’, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

go dtí an 30 Aibreán 2026: An Iodáil (an Lombaird (bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova)).’;

(ii)

scriostar pointe (j);

(b)

i roinn (a), ‘Baictéir’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 2, cuirtear ‘An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad an téacs;

(c)

i roinn (b) ‘Fungais agus úimícéití’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 2, scriostar pointe (a);

(d)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 14, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(e)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 15, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(f)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 19, cuirtear ‘(a) Éire’ in ionad phointe (a);

(g)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 20, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(2)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro agus Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(b)

i bpointe 2, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro e Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania, agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(3)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

i bpointe 3, sa tríú colún ‘Ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta’, scriostar pointe (b);

(b)

i bpointe 3, leasaítear an ceathrú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro e Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania, agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(c)

i bpointe 9, sa tríú colún ‘Ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta’, scriostar pointe (c);

(d)

i bpointe 9, leasaítear an ceathrú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

i bpointí 20, 21, 45 agus 52, sa cheathrú colún ‘Criosanna cosanta’, scriostar pointe (a).

Top