Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1070

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2023/3396

    IO L 143, 2.6.2023, p. 65–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1070/oj

    2.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 143/65


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1070 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Meitheamh 2023

    maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 8(1), pointe (b) agus Airteagail 17 agus 50(1), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (dá dtagraítear ‘an Cód’ nó ‘Cód Custaim an Aontais’) go ndéanfar gach malartú faisnéise, amhail dearbhuithe, iarratais nó cinntí, idir údaráis chustaim na mBallstát agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim na mBallstát, agus stóráil na faisnéise sin, de réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht chustaim an Aontais, trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 (2) ón gCoimisiún, bunaítear an clár oibre maidir le cur chun feidhme na gcóras leictreonach is gá chun an Cód a chur i bhfeidhm, ar córais iad atá le forbairt trí thionscadail a liostaítear i roinn II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

    (3)

    Ba cheart socruithe teicniúla tábhachtacha maidir le feidhmiú na gcóras leictreonach a shonrú, ar nós socruithe le haghaidh forbartha, tástála agus úsáide, agus le haghaidh cothabhála agus le haghaidh athruithe a thabhairt isteach sna córais leictreonacha. Ba cheart socruithe breise a shonrú maidir le cosaint sonraí, nuashonrú sonraí, teorannú ar phróiseáil sonraí agus úinéireacht agus slándáil na gcóras.

    (4)

    Chun cearta agus leasanna an Aontais, na mBallstát agus na n-oibreoirí eacnamaíocha a choimirciú, tá sé tábhachtach na rialacha nós imeachta a leagan síos agus foráil a dhéanamh maidir le réitigh mhalartacha a chur chun feidhme i gcás cliseadh sealadach na gcóras leictreonach.

    (5)

    Maidir le Tairseach Chustaim an Aontais Eorpaigh do Thrádálaithe (EUCTP), faoi mar a forbraíodh ar dtús í trí Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe Chód Custaim an Aontais, Faisnéis um Tharaifí Ceangailteacha Eorpacha (EBTI) agus Bileoga Faisnéise le haghaidh Nósanna Imeachta Speisialta, is é is aidhm di pointe rochtana aonair a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile, agus rochtain a fháil ar gach ceann de na Tairseacha sonracha Trádálaithe a forbraíodh ar mhaithe lena gcórais ghaolmhara.

    (6)

    Is é is cuspóir don Chóras Cinnteoireachta Custaim (CCA), a forbraíodh trí thionscadal Cinnteoireachta Custaim Chód Custaim an Aontais dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, comhchuibhiú a dhéanamh ar na próisis maidir le cinneadh custaim a chur i bhfeidhm, maidir le cinneadh a ghlacadh agus cinntí a bhainistiú ar fud an Aontais ar fad agus úsáid á baint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha amháin. Is gá, dá bhrí sin, na rialacha lena rialaítear an córas leictreonach sin a leagan síos. Ba cheart raon feidhme an chórais a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na cinntí custaim a bhfuil iarratas le déanamh ina leith, cinntí atá le déanamh agus le bainistiú trí úsáid a bhaint as an gcóras sin. Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan amach do chomhpháirteanna coiteanna an chórais (tairseach trádálaithe an Aontais Eorpaigh, córas lárnach um bainistiú cinntí custaim agus seirbhísí tagartha do chustaiméirí) agus comhpháirteanna náisiúnta (tairseach náisiúnta trádálaithe agus córas bainistíochta um chinntí náisiúnta custaim), trína bhfeidhmeanna agus a n-idirnaisc a shonrú.

    (7)

    Is le Córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUM&DS), arna fhorbairt tríd an Rochtain Dhíreach do Thrádálaithe ar an tionscadal Córais Eorpacha Faisnéise (Córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh) dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, a dhéanfar an próiseas fíordheimhnithe agus fíoraithe rochtana d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile a bhainistiú. Is gá rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le raon feidhme agus saintréithe an chórais trí chomhpháirteanna éagsúla (comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta) an chórais, a bhfeidhmeanna agus an dóigh a bhfuil siad idirnasctha a shainiú.

    (8)

    An córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha Eorpacha (EBTI), arna uasghrádú tríd an tionscadal Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (BTI) Chód Custaim an Aontais (CCA) dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, is é is aidhm dó na próisis chun iarratas a dhéanamh ar chinntí BTI, chun iad a ghlacadh agus a bhainistiú, a ailíniú le ceanglais an Chóid agus úsáid á baint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha amháin. Is gá, dá bhrí sin, na rialacha lena rialaítear an córas leictreonach sin a leagan síos. Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le comhpháirteanna coiteanna an chórais (tairseach trádálaithe an Aontais, lárchóras EBTI agus faireachán ar úsáid BTI) agus a gcomhpháirteanna náisiúnta (tairseach náisiúnta trádálaithe agus córas náisiúnta BTI), trína bhfeidhmeanna agus a n-idirnaisc a shonrú. Ina theannta sin, is é is aidhm don tionscadal faireachán ar úsáid BTI éigeantach a éascú agus faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar an úsáid shínithe BTI.

    (9)

    Is é is aidhm don chóras chun Oibreoir Eacnamaíoch a Chlárú agus a Shainaithint (EORI) mar a uasghrádaítear é trí thionscadal Chlárúcháin agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha CCA (EORI 2) dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, an córas tras-Eorpach EORI atá ann cheana a uasghrádú, córas lenar féidir oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus oibreoirí eacnamaíocha tríú tíortha agus daoine eile a chlárú agus a shainaithint chun reachtaíocht chustaim an Aontais a chur i bhfeidhm. Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos lena rialófar an córas trí na comhpháirteanna (lárchóras EORI agus córais náisiúnta EORI) agus úsáid chóras EORI a shonrú.

    (10)

    Is é is aidhm don chóras AEO, arna uasghrádú trí thionscadal Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO) CCA dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, feabhas a chur ar na próisis ghnó a bhaineann le hiarratais agus údaruithe AEO agus lena mbainistiú. Is é is aidhm don chóras freisin an fhoirm leictreonach atá le húsáid le haghaidh iarratais agus cinntí AEO a chur chun feidhme, agus EUCTP a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha trína bhféadfaidh siad iarratais AEO a thíolacadh agus cinntí AEO a fháil go leictreonach. Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos do chomhpháirteanna coiteanna an chórais.

    (11)

    An Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), faoi mar a forbraíodh é tríd an tionscadal ICS2 dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, is é is aidhm dó sábháilteacht agus slándáil earraí a thagann isteach san Aontas a neartú. Tacaíonn an córas le sonraí maidir le dearbhú iontrála achomair (ENS) a bhailiú ó oibreoirí eacnamaíocha éagsúla agus ó dhaoine eile atá ag gníomhú sna slabhraí soláthair idirnáisiúnta d’earraí. Is é is aidhm dó tacú leis na malartuithe faisnéise uile a bhaineann le comhlíonadh cheanglais ENS idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile trí Chomhéadan Trádálaithe Comhchuibhithe a fhorbraítear mar fheidhmchlár coiteann nó mar fheidhmchlár náisiúnta. Is é is aidhm dó freisin tacaíocht a thabhairt, trí stór coiteann agus trí phróisis ghaolmhara, do chur chun feidhme comhoibríoch fíor-ama na hanailíse slándála agus sábháilteachta ag oifigí custaim na chéad iontrála agus an chéad mhalartú ar anailís riosca i measc údaráis chustaim na mBallstát, sula n-imeoidh earraí ó thríú tíortha agus/nó sula dtiocfaidh siad isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Tacaíonn an córas le bearta custaim chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sábháilteachta agus slándála arna sainaithint tar éis anailís riosca a dhéanamh, lena n-áirítear rialuithe custaim agus malartú torthaí rialuithe, agus, i gcás inarb ábhartha, fógra a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile maidir le bearta áirithe is gá dóibh a dhéanamh chun rioscaí a mhaolú. Tacaíonn an córas le faireachán agus meastóireacht a dhéanann an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán coiteann riosca sábháilteachta agus slándála agus cur chun feidhme na mbeart rialaithe agus na réimsí rialaithe tosaíochta dá dtagraítear sa Chód.

    (12)

    An tUathchóras Onnmhairiúcháin, faoi mar a uasghrádaíodh é trí thionscadal chóras onnmhairiúcháin uathoibríoch CCA (AES) dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, is é is aidhm dó an Córas Rialaithe Onnmhairiúcháin atá ann cheana a uasghrádú atá le hailíniú leis na ceanglais nua ghnó agus sonraí atá leagtha síos sa Chód. Is é is aidhm don chóras freisin na feidhmiúlachtaí uile is gá a thabhairt agus ar na comhéadain riachtanacha a chumhdach le córais tacaíochta, mar atá an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus an Córas um Rialú ar Ghluaiseacht Máil. Ina theannta sin, tacaíonn AES le cur chun feidhme an imréitigh láraithe ag feidhmiúlachtaí onnmhairiúcháin. Ós rud é gur córas díláraithe é AES, is gá rialacha a leagan síos trí chomhpháirteanna agus úsáid an chórais a shonrú.

    (13)

    An Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais, faoi mar a uasghrádaíodh é trí thionscadal Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais CCA (AES) dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, is é is aidhm dó NCTS Céim 4 atá ann cheana a uasghrádú atá le hailíniú leis na ceanglais nua ghnó agus sonraí atá leagtha síos sa Chód. Is é is aidhm don chóras freisin feidhmiúlachtaí nua dá dtagraítear sa Chód a chur ar fáil agus na comhéadain riachtanacha a chumhdach le córais tacaíochta agus AES. Ós rud é gur córas díláraithe é NCTS, is gá rialacha a leagan síos trí chomhpháirteanna agus úsáid an chórais a shonrú.

    (14)

    Is é is aidhm do chóras SP INF, a forbraíodh trí Bhileoga Faisnéise CCA (INF) le haghaidh an tionscadail um Nósanna Imeachta Speisialta dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, córas tras-Eorpach nua a fhorbairt chun tacú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na próisis a bhaineann le bainistiú sonraí INF agus le láimhseáil leictreonach sonraí INF i réimse na Nósanna Imeachta Speisialta. Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos chun comhpháirteanna an chórais agus a n-úsáid a shonrú.

    (15)

    Is é is aidhm don chóras bainistíochta riosca custaim dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3) tacú leis an malartú faisnéise faoi riosca idir údaráis chustaim na mBallstát agus idir iad siúd agus an Coimisiún d’fhonn tacú le cur chun feidhme an chreata chomhchoitinn bainistithe riosca.

    (16)

    An Córas um Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin, faoi mar a forbraíodh é tríd an tionscadal um Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin (CCI) CCA dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, is é is aidhm dó cead a thabhairt earraí a chur faoi nós imeachta custaim ina n-úsáidtear imréiteach láraithe, agus ar an gcaoi sin ligean d’oibreoirí eacnamaíocha a ngnó a lárú ó thaobh an chustaim de. Ba cheart próiseáil an dearbhaithe custaim agus scaoileadh fisiciúil na n-earraí a chomhordú idir na hoifigí custaim lena mbaineann. Ós rud é gur córas díláraithe é CCI, is gá rialacha a leagan síos trí chomhpháirteanna agus úsáid an chórais a shonrú.

    (17)

    Is é is aidhm don chóras Onnmhaireoirí Cláraithe (REX), dá dtagraítear in Airteagail 68 go 93 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, cead a thabhairt d’onnmhaireoirí atá cláraithe san Aontas agus i roinnt tríú tíortha lena bhfuil socrú fabhrach ag an Aontas tionscnamh a n-earraí a fhéindeimhniú. Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos chun comhpháirteanna an chórais agus a n-úsáid a shonrú. Laistigh den chóras REX, tá an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) le soláthar d’onnmhaireoirí, trí fhógra a ghabhann leis an iarratas ar bheith ina onnmhaireoir cláraithe, agus tá cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil a sonraí pearsanta i ndáil lena n-iarratas ar chlárú le feidhmiú i gcomhréir le Caibidil III de Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

    (18)

    Is é is aidhm don chóras Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS), a forbraíodh trí thionscadal PoUS UCC dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, córas nua tras-Eorpach a chruthú chun cruthúnais ar stádas an Aontais a stóráil, a bhainistiú agus a aisghabháil i bhfoirm doiciméid T2L/T2LF agus doiciméid an lastliosta earraí custaim (CGM).

    (19)

    Is é is aidhm don chóras Faireachais, mar a uasghrádaíodh é le tionscadal Faireachas 3 CCA dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, córas Faireachais 2+ a uasghrádú chun a áirithiú go bhfuil sé ailínithe le ceanglais CCA amhail malartú caighdeánach faisnéise trí theicnící próiseála sonraí leictreonacha agus bunú na bhfeidhmiúlachtaí is gá chun an tacar sonraí faireachais iomlán a fhaightear ó na Ballstáit a phróiseáil agus a anailísiú. Áirítear freisin sa chóras faireachais, atá ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit, cumais mianadóireachta sonraí agus feidhmiúlachtaí tuairiscithe.

    (20)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414 (6) ón gCoimisiún, leagtar amach socruithe teicniúla maidir le córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus chun faisnéis den sórt sin a stóráil faoin gCód. I bhfianaise líon na n-athruithe ar an Rialachán sin a mbeadh gá leo chun a chur san áireamh go bhfuil REX, PoUS agus SURV3 ag feidhmiú nó go mbeidh siad ag feidhmiú, agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414 a aisghairm agus a ionadú trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme nua.

    (21)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart ar chosaint sonraí pearsanta. I gcás inar gá, chun críocha reachtaíocht chustaim an Aontais a chur i bhfeidhm, sonraí pearsanta a phróiseáil sna córais leictreonacha, ní mór na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Tá sonraí pearsanta oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a phróiseáiltear leis na córais leictreonacha teoranta do na tacair sonraí mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A, Teideal I, Caibidil 1, sa Tábla dar teideal Grúpaí Sonraí, Grúpa 3 — Páirtithe; Iarscríbhinn A, Teideal I, Caibidil 2, Grúpa 3 — Páirtithe; Iarscríbhinn B, Teideal II, Grúpa 13 — Páirtithe; agus Iarscríbhinn 12-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (7).

    (22)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (23)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais lárnacha seo a leanas faoi mar a forbraíodh nó uasghrádaíodh iad trí na tionscadail seo a leanas dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151:

    (a)

    tionscadal an Chórais um Chinntí Custaim (CDS), mar a forbraíodh é trí bhíthin thionscnamh Cinntí Custaim de Chód Custaim an Aontais (dá ngairtear ‘an Cód’ nó ‘UCC’);

    (b)

    Córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUMagusDS), faoi mar a forbraíodh tríd an rochtain díreach trádálaithe ar an tionscadal maidir le Córais Faisnéise Eorpacha (Bainistiú Aonfhoirmeach na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh);

    (c)

    an Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha Eorpacha (EBTI), faoi mar uasghrádaíodh é tríd an tionscadal Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (BTI) Chód Custaim an Aontais;

    (d)

    an córas Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI), faoi mar a uasghrádaíodh é i gcomhréir le ceanglas an Chóid tríd an tionscadal EORI 2;

    (e)

    Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe (AEO), faoi mar a uasghrádaíodh é i gcomhréir le ceanglais an Chóid tríd an tionscadal uasghrádúcháin AEO;

    (f)

    an Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), faoi mar a forbraíodh é tríd an tionscadal ICS2;

    (g)

    an córas Bileoga Faisnéise (INF) le haghaidh an chórais um Nósanna Imeachta Speisialta (SP INF), faoi mar a forbraíodh é trí Bhileoga Faisnéise CCA (INF) le haghaidh an tionscadail um Nósanna Imeachta Speisialta;

    (h)

    an córas Onnmhaireoirí Cláraithe (córas REX), mar a forbraíodh é tríd an tionscadal REX UCC;

    (i)

    an córas Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS), mar a forbraíodh é trí thionscadal PoUS UCC;

    (j)

    an Córas Faireachais, mar a forbraíodh é trí thionscadal Faireachais 3 UCC (SURV3).

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais díláraithe seo a leanas faoi mar a forbraíodh nó uasghrádaíodh iad trí na tionscadail seo a leanas dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151:

    (a)

    an tUathchóras Onnmhairiúcháin (AES), faoi mar a forbraíodh é i gcomhréir le ceanglais an Chóid tríd an tionscadal AES;

    (b)

    an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS), faoi mar a uasghrádaíodh é i gcomhréir le ceanglais an Chóid tríd an tionscadal uasghrádaithe NCTS;

    (c)

    an Córas um Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin (CCI), faoi mar a forbraíodh é tríd an dTionscadal Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin UCC.

    3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na córais lárnacha seo a leanas:

    (a)

    Tairseach Chustaim an Aontais Eorpaigh do Thrádálaithe (EUCTP);

    (b)

    an córas bainistíochta riosca custaim (CRMS) dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘comhpháirt choiteann’ comhpháirt de na córais leictreonacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

    (2)

    Ciallaíonn ‘comhpháirt náisiúnta’ comhpháirt de na córais leictreonacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh an chomhpháirt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;

    (3)

    ciallaíonn ‘córas tras-Eorpach’ bailiúchán de chórais chomhoibritheacha a bhfuil freagrachtaí orthu arna ndáileadh ar fud na riarachán náisiúnta agus an Choimisiúin, agus arna fhorbairt i gcomhar leis an gCoimisiún;

    (4)

    Ciallaíonn ‘lárchóras’ córas tras-Eorpach a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, ina bhfuil comhpháirteanna coiteanna, atá ar fáil do na Ballstáit uile agus nach gá comhpháirt náisiúnta a chruthú leo;

    (5)

    ciallaíonn ‘córas díláraithe’ córas tras-Eorpach ina bhfuil comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta atá bunaithe ar shainiúlachtaí comhchoiteanna;

    (6)

    Is é ‘EU Login’ seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin, a chuireann ar chumas úsáideoirí údaraithe rochtain shlán a fháil ar réimse leathan seirbhísí gréasáin de chuid an Choimisiúin;

    Airteagal 3

    Pointí teagmhála le haghaidh na gcóras leictreonach

    Ainmneoidh an Coimisiún agus na Ballstáit pointí teagmhála do gach ceann de na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, chun faisnéis a mhalartú lena áirithiú go ndéanfar na córais leictreonacha sin a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach comhordaithe.

    Cuirfidh siad sonraí na bpointí teagmhála sin in iúl dá chéile agus cuirfidh siad aon athrú ar na sonraí sin in iúl dá chéile láithreach.

    CAIBIDIL II

    Tairseach chustaim an aontais eorpaigh do thrádálaithe

    Airteagal 4

    Cuspóir agus struchtúr EUCTP

    Soláthróidh EUCTP pointe iontrála aonair d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile chun rochtain a fháil ar Thairseacha Sonracha na dTrádálaithe sna córais thras-Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Fíordheimhniú agus rochtain ar an Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin (EUCTP)

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar EUCTP trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar EUCTP, déanfar a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo. Ní chlárófar an cumhachtú chun rochtain a fháil ar Thairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh PoUS dá dtagraítear in Airteagal 95 den Rialachán seo, ná chun rochtain a fháil ar chomhéadan comhroinnte trádálaithe le haghaidh ICS2 dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo.

    2.   Chun críocha rochtana ar EUCTP, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar EUCTP, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 6

    Úsáid EUCTP

    1.   Cuirfidh EUCTP rochtain ar fáil ar thairseacha sonracha trádálaithe de chuid na gcóras tras-Eorpach EBTI, AEO, INF, REX agus PoUS dá dtagraítear in Airteagail 24, 38, 67, 82 agus 95 den Rialachán seo, faoi seach, chomh maith leis an gComhéadan Comhroinnte Trádálaithe do ICS2 dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo.

    2.   Úsáidfear EUCTP chun faisnéis a mhalartú idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, ar na hiarrataí, ar na hiarratais, ar na húdaruithe agus ar na cinntí a bhaineann le EBTI, AEO, INF agus an córas REX agus PoUS.

    3.   Féadfar EUCTP a úsáid chun faisnéis a mhalartú idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, maidir le dearbhuithe iontrála achomair agus, i gcás inarb infheidhme, maidir lena leasuithe, le tarchuir eisithe agus le neamhbhailíochtú a bhaineann le ICS2.

    CAIBIDIL III

    Córas cinnteoireachta custaim

    Airteagal 7

    Cuspóir agus struchtúr CCA

    1.   Le CCA, cumasófar cumarsáid idir an Coimisiún, údaráis chustaim na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críocha iarratais agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo a chur isteach agus a phróiseáil, chomh maith le bainistiú cinntí a bhaineann leis na húdaruithe, is é sin le rá leasuithe, cúlghairmeacha, neamhniú agus fionraíochtaí.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas in CCA:

    (a)

    Tairseach trádálaithe AE;

    (b)

    córas lárnach um bainistiú cinntí custaim (‘CDMS lárnach’);

    (c)

    seirbhísí tagartha do chustaiméirí (CRS).

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas náisiúnta um bainistiú cinntí custaim (‘CDMS náisiúnta’).

    Airteagal 8

    Úsáid CCA

    1.   Úsáidfear an Córas Cinnteoireachta Custaim chun iarratais ar na húdaruithe seo a leanas a chur isteach agus a phróiseáil, mar aon le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais nó leis na húdaruithe:

    (a)

    údarú a thabhairt chun cinneadh na méideanna a shimpliú, ar cuid iad de luach custam na n-earraí, dá dtagraítear in Airteagal 73 den Chód;

    (b)

    údarú a thabhairt chun ráthaíocht chuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear aon laghdú nó tarscaoileadh a d’fhéadfaí a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 95 den Chód;

    (c)

    údarú a thabhairt maidir le hiarchur íocaíocht na dleachta is iníoctha, a mhéid nach dtugtar an cead i ndáil le hoibríocht aonair, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Chód;

    (d)

    údarú a thabhairt maidir le háiseanna stórála sealadaí a oibriú, dá dtagraítear in Airteagal 148 den Chód;

    (e)

    údarú a thabhairt chun seirbhísí rialta loingseoireachta a bhunú, dá dtagraítear in Airteagal 120 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

    (f)

    údarú a thabhairt maidir le stádas eisitheora údaraithe, dá dtagraítear in Airteagal 128 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

    (g)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid rialta an dearbhaithe shimplithe, dá dtagraítear in Airteagal 166(2) den Chód;

    (h)

    údarú a thabhairt maidir le himréiteach láraithe, dá dtagraítear in Airteagal 179 den Chód;

    (i)

    údarú a thabhairt maidir le dearbhú custaim a thaisceadh trí shonraí a iontráil i dtaifid an dearbhóra, lena n-áirítear le haghaidh an nós imeachta onnmhairiúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 182 den Chód;

    (j)

    údarú a thabhairt maidir le féinmheasúnú, dá dtagraítear in Airteagal 185 den Chód;

    (k)

    údarú a thabhairt maidir le stádas meádóir údaraithe bananaí, dá dtagraítear in Airteagal 155 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

    (l)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid an nós imeachta próiseála isteach, dá dtagraítear in Airteagal 211(1), pointe (a), den Chód;

    (m)

    údarú le haghaidh úsáid a bhaint as an nós imeachta próiseála isteach, dá dtagraítear in Airteagal 211(1), pointe (a), den Chód;

    (n)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid an nós imeachta úsáide deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 211(1), pointe (a), den Chód;

    (o)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid an nós imeachta um chead isteach sealadach, dá dtagraítear in Airteagal 211(1), pointe (a), den Chód;

    (p)

    údarú a thabhairt maidir le hoibriú áiseanna stórála le haghaidh stórasú earraí ag custam, dá dtagraítear in Airteagal 211(1), pointe (b), den Chód;

    (q)

    údarú a thabhairt maidir le stádas coinsíní údaraithe le haghaidh oibriú TIR, dá dtagraítear in Airteagal 230 den Chód;

    (r)

    údarú a thabhairt maidir le stádas coinsíneoir údaraithe le haghaidh idirthurais an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 233(4), pointe (a) den Chód;

    (s)

    údarú a thabhairt maidir le stádas coinsíní údaraithe le haghaidh idirthurais an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 233(4), pointe (b), den Chód;

    (t)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid séalaí de chineál speisialta, dá dtagraítear in Airteagal 233(4), pointe (c), den Chód;

    (u)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid dearbhú idirthurais lena laghdaítear na ceanglais maidir le sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 233(4), pointe (d), den Chód;

    (v)

    údarú a thabhairt maidir le húsáid doiciméad leictreonach maidir le hiompair mar dhearbhú custaim, dá dtagraítear in Airteagal 233(4), pointe (e), den Chód.

    2.   Úsáidfear comhpháirteanna coiteanna an Chórais Cinnteoireachta Custaim i ndáil leis na hiarratais agus leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1, mar aon le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin, i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag na húdaruithe nó ag na cinntí sin i níos mó ná Ballstát amháin.

    3.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhféadfar comhpháirteanna coiteanna an Chórais Cinnteoireachta Custaim a úsáid i ndáil leis na hiarratais agus leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin, i gcás ina mbeidh tionchar ag na húdaruithe nó na cinntí sin sa Bhallstát sin agus sa Bhallstát sin amháin.

    4.   Ní úsáidfear an Córas Cinnteoireachta Custaim i ndáil le hiarratais, údaruithe ná cinntí seachas iad siúd a liostaítear i mír 1.

    Airteagal 9

    Fíordheimhniú agus rochtain ar CCA

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an Chórais Cinnteoireachta Custaim trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna CCA, déanfar a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú údaráis chustaim na mBallstát chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna CCA, trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an Chórais Cinnteoireachta Custaim, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 10

    Tairseach trádálaithe an Aontais Eorpaigh

    1.   Pointe iontrála ar an gCóras Cinnteoireachta Custaim a bheidh i dtairseach trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile.

    2.   Idiroibreoidh tairseach trádálaithe an Aontais leis an CDMS lárnach chomh maith le CDMS náisiúnta i gcás ina mbeidh sé cruthaithe ag na Ballstáit.

    3.   Úsáidfear tairseach trádálaithe an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na hiarratais agus leis na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo, mar aon le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin, i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag na húdaruithe nó ag na cinntí sin i níos mó ná Ballstát amháin.

    4.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhféadfar tairseach trádálaithe an Aontais Eorpaigh a úsáid i ndáil leis na hiarratais agus leis na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo, chomh maith le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin, i gcás ina mbeidh tionchar ag na húdaruithe nó na cinntí sin sa Bhallstát sin agus sa Bhallstát sin amháin.

    I gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh tairseach trádálaithe an Aontais a úsáid le haghaidh údaruithe nó cinntí a bhfuil tionchar acu sa Bhallstát sin amháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    Airteagal 11

    CDMS lárnach

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an CDMS lárnach i gcomhair phróiseáil na n-iarratas agus na n-údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo, chomh maith le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin chun fíorú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hiarratas a ghlacadh agus maidir le cinneadh a dhéanamh.

    2.   Idiroibreoidh an CDMS lárnach le tairseach trádála an Aontais, leis na seirbhísí tagartha custaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, agus leis an CDMS náisiúnta, i gcás ina mbeidh siad cruthaithe ag na Ballstáit.

    Airteagal 12

    Comhairliúchán idir údaráis chustaim na mBallstát a úsáideann an CDMS

    Bainfidh údarás custaim Ballstáit úsáid as CDMS lárnach nuair is gá dó dul i gcomhairle le húdarás custaim Ballstáit eile sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis na hiarratais nó na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo.

    Airteagal 13

    Seirbhísí tagartha do chustaiméirí

    1.   Úsáidfear na seirbhísí tagartha do chustaiméirí chun sonraí a bhaineann leis na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1), mar aon le cinntí a bhaineann leis na húdaruithe sin, a stóráil go lárnach, agus cumasóidh siad ceadú, macasamhlú agus bailíochtú na n-údaruithe sin le córais leictreonacha eile arna mbunú chun críocha Airteagal 16 den Chód.

    2.   Úsáidfear na seirbhísí tagartha do chustaiméirí chun sonraí a bhaineann leis na cláruithe ón gcóras REX dá dtagraítear in Airteagail 80 agus 87 den Rialachán seo, a stóráil go lárnach, agus cumasóidh siad ceadú, macasamhlú agus bailíochtú na gcláruithe sin le córais leictreonacha eile arna mbunú chun críocha Airteagal 16 den Chód. Úsáidfidh Andóra, an Iorua, San Mairíne, an Eilvéis agus an Tuirc na seirbhísí sin chun sonraí a stóráil óna n-oibreoirí eacnamaíocha cláraithe náisiúnta, agus chun sonraí ó chóras REX a cheadú, a mhacasamhlú agus a bhailíochtú le haghaidh na mBallstát agus ó chóras REX le haghaidh tríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo, chun críche a scéimeanna faoi seach de Chóras na bhFabhar Ginearálaithe Taraife.

    3.   Úsáidfear na seirbhísí tagartha do chustaiméirí chun sonraí a stóráil ó na córais EORI, EBTI agus AEO agus cumasóidh siad ceadú, macasamhlú agus bailíochtú na sonraí sin le córais leictreonacha eile arna mbunú chun críocha Airteagal 16 den Chód.

    Airteagal 14

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Beidh an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás ina gcruthaítear í, ina pointe iontrála breise ar an gCóras Cinnteoireachta Custaim d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Maidir le hiarratais agus údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo, chomh maith le bainistiú cinntí a bhaineann leis na hiarratais agus na húdaruithe sin i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag na húdaruithe nó na cinntí sin i níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás inar cruthaíodh iad, nó tairseach trádálaithe an Aontais.

    3.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis an CDMS náisiúnta, i gcás ina gcruthófar é.

    4.   I gcás ina gcruthaíonn Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    Airteagal 15

    CDMS náisiúnta

    1.   I gcás ina gcruthaítear é, úsáidfidh údaráis chustaim an Bhallstáit a chruthaigh é, an CDMS náisiúnta i gcomhair phróiseáil na n-iarratas agus na n-údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo, chomh maith le bainistiú na gcinntí a bhaineann leis na hiarratais agus leis na húdaruithe sin chun fíorú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hiarratas a ghlacadh agus maidir le cinneadh a dhéanamh.

    2.   Idiroibreoidh an CDMS náisiúnta leis an CDMS lárnach chun críche comhairliúcháin idir údaráis chustaim na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo.

    CAIBIDIL IV

    BAINISTIÚ AONFHOIRMEACH NA NÚSÁIDEOIRÍ AGUS AN TSÍNITHE DHIGITIGH

    Airteagal 16

    Cuspóir agus struchtúr UUM&DS

    1.   Déanfaidh an córas UUM&DS an chumarsáid a chumasú idir an Coimisiún agus córais bhainistíochta aitheantais agus rochtana na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo chun rochtain shlán údaraithe ar na córais leictreonacha a chur ar fáil d’fhoireann an Choimisiúin, d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas in UUM&DS:

    (a)

    córas bainistithe rochtana;

    (b)

    córas bainistithe riaracháin.

    3.   Cruthóidh Ballstát córas bainistíochta céannachta agus rochtana mar chomhpháirt náisiúnta den chóras UUM&DS.

    Airteagal 17

    Úsáid an chórais UUM&DS

    Úsáidfear an córas UUM&DS chun fíordheimhniú agus fíorú rochtana na nithe seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun rochtain a bheith acu ar EUCTP, ar chomhchodanna an Córas Cinnteoireachta Custaim, ar chóras EBTI, ar chóras AEO, ar chóras INF SP, ar chóras REX, ar chóras PoUS agus ar ICS2;

    (b)

    foireann an Choimisiúin chun rochtain a bheith aici ar EUCTP, ar chomhpháirteanna coiteanna an Chórais Cinnteoireachta Custaim, ar chóras EBTI, ar chóras EORI, ar chóras AEO, ICS2, AES, NCTS, CRMS, CCI, ar chóras REX, ar chóras PoUS agus ar chóras INF SP chun an córas UUM&DS a chothabháil agus a bhainistiú.

    Airteagal 18

    Córas bainistíochta rochtana

    Bunóidh an Coimisiún an córas bainistíochta rochtana chun bailíochtú a dhéanamh ar na hiarrataí ar rochtain arna gcur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag daoine eile laistigh den chóras UUM&DS trí idiroibriú le córais bhainistíochta aitheantais agus rochtana na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.

    Airteagal 19

    Córas bainistithe riaracháin

    Bunóidh an Coimisiún an córas bainistíochta riaracháin chun na rialacha fíordheimhnithe agus údaraithe a bhainistiú chun sonraí aitheantais oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a bhailíochtú chun rochtain ar na córais leictreonacha a cheadú.

    Airteagal 20

    Córais bhainistithe céannachta agus rochtana na mBallstát

    Bunóidh na Ballstáit córas bainistithe céannachta agus rochtana chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    sonraí aitheantais oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a chlárú agus a stóráil ar bhealach slán;

    (b)

    malartú slán sonraí aitheantais criptithe agus sínithe de chuid oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile.

    CAIBIDIL V

    Córas faisnéis um tharaifí ceangailteacha eorpacha

    Airteagal 21

    Cuspóir agus struchtúr EBTI

    1.   Leis an gcóras EBTI, i gcomhréir le hAirteagal 33 agus le hAirteagal 34 den Chód, cumasófar an méid seo a leanas:

    (a)

    cumarsáid idir an Coimisiún, údaráis chustaim na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críocha iarratais BTI agus cinntí BTI a chur isteach agus a phróiseáil;

    (b)

    bainistiú aon teagmhais ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh;

    (c)

    faireachán ar úsáid éigeantach chinntí BTI;

    (d)

    faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar an úsáid shínithe a bhaintear as cinntí BTI;

    (e)

    faireachán an Choimisiúin ar chinntí maidir le faisnéis taraife cheangailteach, lena n-áirítear na próisis chun iarratas a dhéanamh ar na cinntí sin, iad a dhéanamh agus iad a bhainistiú, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áirithiú.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas sa Chóras EBTI:

    (a)

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais le haghaidh EBTI;

    (b)

    córas EBTI lárnach;

    (c)

    cumas faireachán a dhéanamh ar úsáid chinntí BTI.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit, mar chomhpháirt náisiúnta, córas faisnéise um tharaifí ceangailteacha náisiúnta (‘córas náisiúnta BTI’) a chruthú in éineacht le tairseach náisiúnta trádálaithe.

    Airteagal 22

    Úsáid an chórais EBTI

    1.   Úsáidfear córas EBTI chun faisnéis a chur isteach, a phróiseáil, a mhalartú agus a stóráil, faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le BTI nó le haon teagmhas ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Úsáidfear córas EBTI chun tacú leis an bhfaireachán a dhéanfaidh údaráis chustaim na mBallstát ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as BTI i gcomhréir le hAirteagal 21(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    3.   Úsáidfidh an Coimisiún córas EBTI chun na Ballstáit a chur ar an eolas, de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 22(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, a luaithe a shroichtear na cainníochtaí earraí a fhéadfar a imréiteach le linn tréimhse úsáide sínte.

    Airteagal 23

    Fíordheimhniú agus rochtain ar chóras EBTI

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EBTI trí úsáid trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EBTI, déanfar a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.

    2.   Chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EBTI, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EBTI, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 24

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh EBTI

    1.   Déanfaidh Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do EBTI cumarsáid le EUCTP, cás ina mbeidh EUCTP ina phointe iontrála chuig córas EBTI d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do EBTI le córas lárnach EBTI agus tairgfidh sí atreorú do thairseacha náisiúnta trádálaithe i gcás ina bhfuil córais náisiúnta BTI cruthaithe ag na Ballstáit.

    3.   Úsáidfear Tairseach Shonrach Trádálaithe EBTI an Aontais Eorpaigh do EBTI chun faisnéis a chur isteach, a phróiseáil, a mhalartú agus a stóráil, faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le BTI nó le haon teagmhas ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh.

    Airteagal 25

    Córas lárnach EBTI

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an córas lárnach EBTI chun faisnéis a bhaineann le hiarratais agus le cinntí a bhaineann le BTI nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh a phróiseáil, a mhalartú agus a stóráil chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha chun glacadh le hiarratas agus chun cinneadh a dhéanamh.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an córas lárnach EBTI chun críocha comhairliúcháin, próiseála, malartaithe agus stórála faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 16(4), Airteagal 17, Airteagal 21(2), pointe (b), agus Airteagal 21(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    3.   Idiroibreoidh an córas lárnach EBTI i gcomhar le Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do EBTI, agus i gcomhar leis na córais náisiúnta BTI, i gcás inar cruthófar iad.

    Airteagal 26

    Comhairliúchán idir údaráis chustaim na mBallstát a úsáideann an córas lárnach EBTI

    Bainfidh údarás custaim Ballstáit úsáid as an gcóras lárnach EBTI chun críocha dul i gcomhairle le húdarás custaim Ballstáit eile d’fhonn comhlíonadh Airteagal 16(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a áirithiú.

    Airteagal 27

    Faireachán a dhéanamh ar úsáid chinntí BTI

    Úsáidfear an cumas faireachán a dhéanamh ar úsáid cinntí BTI chun críocha Airteagal 21(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 22(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 28

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   I gcás inar chruthaigh Ballstát córas BTI náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den rialachán seo, beidh an tairseach trádálaí náisiúnta ina príomhphointe iontrála don chóras náisiúnta BTI d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás ina gcruthófar í, maidir le hiarratais agus cinntí a bhaineann le BTI nó maidir le haon teagmhas ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh.

    3.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis an gcóras náisiúnta BTI, i gcás ina gcruthófar é.

    4.   Éascóidh an tairseach náisiúnta trádálaithe próisis atá coibhéiseach leo sin arna n-éascú ag Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do EBTI.

    5.   I gcás ina gcruthaíonn Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi. Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir rochtain dhíreach a fháil ar an tairseach náisiúnta trádálaithe ó Thairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do EBTI.

    Airteagal 29

    Córas náisiúnta BTI

    1.   I gcás ina gcruthóidh Ballstát córas lárnach BTI, úsáidfidh údarás custaim an Bhallstáit sin an córas sin chun faisnéis a bhaineann le hiarratais agus le cinntí a bhaineann le BTI nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh a phróiseáil, a mhalartú agus a stóráil chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha chun glacadh le hiarratas nó chun cinneadh a dhéanamh.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim Ballstáit córas lárnach BTI chun críocha comhairliúcháin, próiseála, malartaithe agus stórála faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 16(4), Airteagal 17, Airteagal 21(2), pointe (b), agus Airteagal 21(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, murab é go n-úsáideann sé an córas lárnach EBTI chun na gcríoch sin.

    3.   Idiroibreoidh an córas náisiúnta BTI leis an tairseach náisiúnta trádálaithe agus le córas lárnach EBTI.

    CAIBIDIL VI

    Córas clárúcháin agus aitheantais oibritheora eacnamaíoch

    Airteagal 30

    Cuspóir agus struchtúr an chórais EORI

    Cumasófar leis an gcóras EORI clárú agus sainaithint aonair, ar leibhéal an Aontais, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar dhaoine eile.

    Beidh na comhpháirteanna seo a leanas sa Chóras EORI:

    (a)

    córas EORI lárnach;

    (b)

    córais náisiúnta EORI, i gcás ina gcruthóidh na Ballstáit iad.

    Airteagal 31

    An córas EORI a úsáid

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an córas EORI chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    na sonraí a fháil chun oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a chlárú dá dtagraítear in Iarscríbhinn 12-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (‘sonraí EORI’) arna soláthar ag na Ballstáit;

    (b)

    sonraí EORI a bhaineann le clárú agus sainaithint oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a stóráil go lárnach;

    (c)

    sonraí EORI a chur ar fáil do na Ballstáit.

    2.   Cuirfidh an córas EORI ar chumas údaráis chustaim na mBallstát, rochtain ar líne a bheith acu ar shonraí EORI atá stóráilte ar leibhéal lárnach an chórais.

    3.   Idiroibreoidh an córas EORI leis na córais leictreonacha eile go léir ina n-úsáidtear an uimhir EORI.

    Airteagal 32

    Fíordheimhniú agus rochtain ar chóras EORI

    1.   Chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EORI, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais EORI, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 33

    Córas lárnach EORI

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an córas lárnach EORI chun críocha Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Idiroibreoidh an córas lárnach EORI leis na córais náisiúnta EORI, i gcás ina gcruthófar iad.

    Airteagal 34

    Córas náisiúnta EORI

    1.   Úsáidfidh údarás custaim an Bhallstáit a chruthóidh é an córas náisiúnta EORI, i gcás ina gcruthófar é, chun sonraí EORI a mhalartú agus a stóráil.

    2.   Idiroibreoidh córas náisiúnta EORI leis na córais lárnach EORI.

    CAIBIDIL VII

    Córas oibreoirí eacnamaíocha údaraithe

    Airteagal 35

    Cuspóir agus struchtúr AEO

    1.   Leis an gcóras AEO, cumasófar cumarsáid idir an Coimisiún, údaráis chustaim na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críocha iarratais AEO a chur isteach agus a phróiseáil agus údaruithe AEO a thabhairt chomh maith le bainistiú aon teagmhais ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chinneadh bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas sa Chóras AEO:

    (a)

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais le haghaidh AEO;

    (b)

    Lárchóras AEO.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas náisiúnta d’Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (‘córas náisiúnta AEO’).

    Airteagal 36

    An córas AEO a úsáid

    1.   Úsáidfear córas AEO chun faisnéis a chur isteach, a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le AEO nó le haon teagmhas ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus Airteagal 31(1) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát córas AEO chun a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 31(1) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a chomhlíonadh agus chun taifead a choinneáil ar na comhairliúcháin ábhartha.

    Airteagal 37

    Fíordheimhniú agus rochtain ar lárchóras AEO

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AEO trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AEO, déanfar a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.

    2.   Chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AEO, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AEO, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 38

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh AEO

    1.   Déanfaidh Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do AEO cumarsáid le EUCTP, cás ina mbeidh EUCTP ina phointe iontrála chuig córas AEO d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh an Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh AEO leis an lárchóras AEO agus tairgfear atreorú chuig an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar í.

    3.   Úsáidfear an Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh AEO chun faisnéis a chur isteach agus a mhalartú, is é sin faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí AEO nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chinneadh bunaidh.

    Airteagal 39

    Lárchóras AEO

    1.   Beidh an lárchóras AEO á úsáid ag údaráis chustaim na mBallstát chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil a bhaineann le hiarratais agus cinntí AEO nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chinneadh bunaidh.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an lárchóras AEO chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, comhairliúcháin agus bainistiú cinntí dá dtagraítear in Airteagal 30 agus in Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    3.   Idiroibreoidh an lárchóras AEO le tairseach trádálaithe an Aontais agus leis na córais náisiúnta AEO, i gcás go gcruthófar iad.

    Airteagal 40

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Ceadóidh tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar í, malartú faisnéise a bhaineann le hiarratais agus cinntí AEO.

    2.   Úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar í, chun faisnéis a mhalartú le húdaráis chustaim na mBallstát maidir le hiarratais agus cinntí AEO.

    3.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis an gcóras náisiúnta AEO.

    Airteagal 41

    Córas náisiúnta AEO

    1.   Beidh córas náisiúnta AEO á úsáid ag údarás custaim an Bhallstáit, i gcás go gcruthófar í, chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí AEO nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chinneadh bunaidh.

    2.   Idiroibreoidh an córas náisiúnta AEO leis an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar í, agus leis an lárchóras AEO.

    CAIBIDIL VIII

    CÓRAS RIALAITHE ALLMHAIRÍ 2

    Airteagal 42

    Cuspóir agus struchtúr ICS2

    1.   Tacóidh ICS2 le cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát agus an Coimisiún, agus le cumarsáid idir oibreoirí eacnamaíocha, daoine eile agus údaráis chustaim na mBallstát, chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    ceanglais maidir le dearbhú iontrála achomair a chomhlíonadh;

    (b)

    anailís riosca ag údaráis chustaim na mBallstát go príomha chun críoch slándála agus sábháilteachta agus le haghaidh bearta custaim a dhírítear ar rioscaí ábhartha a mhaolú, rialuithe custaim san áireamh;

    (c)

    cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát ar mhaithe le ceanglais maidir le dearbhú iontrála achomair a chomhlíonadh;

    (d)

    cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim a áirithiú agus rioscaí a íoslaghdú, agus úsáid á baint, i measc nithe eile, as próiseáil, comparáid, anailísiú sonraí ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, sonraí a shaibhriú agus a chur in iúl do na Ballstáit.

    2.   Cuimseofar in ICS2 na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas:

    (a)

    comhéadan comhroinnte trádálaithe;

    (b)

    stóras coiteann.

    3.   Cruthóidh gach Ballstát a chóras náisiúnta iontrála mar chomhpháirt náisiúnta.

    4.   Féadfaidh Ballstát a chomhéadan náisiúnta trádálaithe a chruthú mar chomhpháirt náisiúnta.

    Airteagal 43

    Úsáid ICS2

    1.   Úsáidfear ICS2 chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    sonraí dearbhuithe iontrála achomair, iarrataí ar leasuithe agus neamhbhailíochtuithe dá dtagraítear in Airteagal 127 agus in Airteagal 129 den Chód a chur isteach, a phróiseáil agus a stóráil;

    (b)

    sonraí dearbhuithe iontrála achomair arna mbaint as dearbhuithe iontrála dá dtagraítear in Airteagal 130 den Chód a fháil, a phróiseáil agus a stóráil;

    (c)

    faisnéis a chur isteach, a phróiseáil agus a stóráil maidir le fógraí faoi theacht soithigh farraige nó aerárthaigh dá dtagraítear in Airteagal 133 den Chód;

    (d)

    faisnéis maidir le tíolacadh earraí do lucht custaim a fháil, a phróiseáil agus a stóráil amhail dá dtagraítear in Airteagal 139 den Chód;

    (e)

    faisnéis maidir le hiarrataí ar anailís riosca agus torthaí, moltaí rialaithe, cinntí maidir le rialuithe, agus torthaí rialaithe a fháil, a phróiseáil agus a stóráil amhail dá dtagraítear in Airteagal 46(3) agus (5) agus in Airteagal 47(2) den Chód;

    (f)

    na fógraí agus an fhaisnéis a fháil, a phróiseáil, a stóráil agus a chur in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha nó do dhaoine eile dá dtagraítear in Airteagal 186(2), pointe (e), agus Airteagal 186(3) go (6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus Airteagal 24 (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

    (g)

    faisnéis a chur isteach, a phróiseáil agus a stóráil ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag daoine eile a iarrann údaráis chustaim na mBallstát de bhun Airteagal 186 (3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Úsáidfear ICS2 chun tacú leis an bhfaireachán agus leis an meastóireacht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán coiteann maidir le riosca sábháilteachta agus slándála agus na mbeart rialaithe agus na réimsí rialaithe tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 46(3) den Chód.

    3.   Chun tacaíocht bhreise a thabhairt do phróisis bainistithe riosca, i dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 1, úsáidfear ICS2 chun na heilimintí faisnéise seo a leanas a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a anailísiú:

    (a)

    faisnéis eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

    (b)

    faisnéis faoi riosca agus torthaí anailíse riosca arna malartú faoi Airteagal 46(5) den Chód;

    (c)

    sonraí a mhalartaítear faoi Airteagal 47(2) den Chód;

    (d)

    sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún ó fhoinsí náisiúnta, Aontais nó idirnáisiúnta faoin dara fomhír d’Airteagal 46(4) den Chód.

    Airteagal 44

    Fíordheimhniú agus rochtain ar ICS2 (Córas Rialaithe Allmhairí 2)

    1.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna ICS2 trí úsáid a bhaint as córas UUM&DS.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna ICS2 trí úsáid a bhaint as na seirbhísí gréasáin a sholáthraíonn an Coimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna ICS2 trí úsáid a bhaint as córas UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 45

    Comhéadan comhroinnte trádálaithe

    1.   Beidh an comhéadan comhroinnte trádálaithe ina phointe iontrála ar ICS2 d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile chun críche Airteagal 182 (1a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    2.   Idiroibreoidh an comhéadan comhroinnte trádálaithe le stóras coiteann ICS2 dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán seo.

    3.   Úsáidfear comhéadan comhroinnte trádálaithe le haghaidh aighneachtaí, iarrataí ar leasuithe, iarrataí ar neamhbhailíochtuithe, próiseáil agus stóráil sonraí na ndearbhuithe iontrála achomair agus na bhfógraí maidir le teacht, mar aon le malartú faisnéise idir údaráis chustaim na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile.

    Airteagal 46

    Stóras coiteann ICS2

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát agus an Coimisiún stóras coiteann ICS2 le haghaidh próiseáil, stóráil agus malartú a dhéanamh ar shonraí dearbhuithe iontrála achomair, iarrataí ar leasú, iarrataí ar neamhbhailíochtú, fógraí maidir le teacht, faisnéis maidir le cur i láthair earraí, faisnéis maidir le hiarrataí ar anailís riosca agus torthaí, moltaí rialaithe, cinntí rialaithe agus torthaí rialaithe agus faisnéis a mhalartaítear le hoibreoirí eacnamaíocha nó le daoine eile.

    2.   Úsáidfidh an Coimisiún agus na Ballstáit stóras coiteann ICS2 chun críocha staidrimh agus meastóireachta, agus chun faisnéis faoi dhearbhú iontrála achomair a mhalartú idir na Ballstáit, agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

    3.   Úsáidfidh an Coimisiún agus na Ballstáit stór coiteann ICS2 chun críocha eilimintí breise faisnéise a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a anailísiú i dteannta dearbhuithe iontrála achomair, chun tacú leis na próisis bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 43(3) den Rialachán seo trí fheidhmiúlacht ICS2 maidir le hanailísíocht sábháilteachta agus slándála.

    4.   Idiroibreoidh stóras coiteann ICS2 leis an gcomhéadan comhroinnte trádálaithe, leis na comhéadain náisiúnta trádálaithe i gcás iad a bheith cruthaithe ag na Ballstáit, agus leis na córais náisiúnta iontrála.

    Airteagal 47

    Malartú faisnéise idir údaráis chustaim na mBallstát a úsáideann stóras coiteann ICS2

    Úsáidfidh údarás custaim Ballstáit stóras coiteann ICS2 chun faisnéis a mhalartú le húdarás custaim Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 186 (2), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 sula gcríochnóidh sé an anailís riosca chun críoch slándála agus sábháilteachta go príomha.

    Bainfidh údarás custaim Ballstáit úsáid freisin as stóras coiteann ICS2 chun faisnéis a mhalartú le húdarás custaim Ballstáit eile maidir leis na rialuithe atá molta, na cinntí a glacadh maidir le rialuithe atá molta agus maidir le torthaí rialuithe custaim i gcomhréir le hAirteagal 186(7) agus (7a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 48

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Is é a bheidh i gcomhéadan náisiúnta trádálaithe, i gcás ina bhfuil sé cruthaithe ag na Ballstáit, pointe iontrála chuig ICS2 d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile i gcomhréir le hAirteagal 182(1a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 i gcás ina gcuirtear an aighneacht faoi bhráid an Bhallstáit a oibríonn an comhéadan náisiúnta trádálaithe.

    2.   Maidir le haighneachtaí, leasuithe, neamhbhailiú, próiseáil, stóráil sonraí na ndearbhuithe iontrála achomair agus na bhfógraí maidir le teacht, chomh maith le malartú faisnéise idir na húdaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile an rogha a dhéanamh comhéadan náisiúnta trádálaithe a úsáid, i gcás go gcruthófar é, nó an comhéadan comhroinnte trádálaithe.

    3.   Idiroibreoidh an comhéadan náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar é, le stóras coiteann ICS2.

    4.   I gcás ina gcruthaíonn Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    Airteagal 49

    An Córas Náisiúnta Iontrála

    1.   Úsáidfidh údarás custaim an Bhallstáit ábhartha córas náisiúnta iontrála chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    malartú sonraí dearbhaithe iontrála achomair arna mbaint as na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 130 den Chód;

    (b)

    malartú faisnéise agus fógraí le stóras coiteann ICS2 d’fhaisnéis maidir le teacht i dtír soithigh farraige nó aerárthaigh;

    (c)

    malartú faisnéise maidir le tíolacadh earraí;

    (d)

    próiseáil ar iarrataí ar anailís riosca, malartú agus próiseáil faisnéise maidir le torthaí anailíse riosca, moltaí rialaithe, cinntí rialaithe agus torthaí rialaithe.

    Bainfear úsáid as freisin i gcásanna ina bhfaigheann údarás custaim tuilleadh faisnéise ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus ar dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh an córas náisiúnta iontrála le stóras coiteann ICS2.

    3.   Idiroibreoidh an córas náisiúnta iontrála le córais arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a aisghabháil.

    CAIBIDIL IX

    Córas onnmhairiúcháin uathoibríoch

    Airteagal 50

    Cuspóir agus struchtúr an Chórais Onnmhairiúcháin Uathoibríoch (AES)

    1.   Le AES cumasófar cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát, agus idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críocha dearbhuithe onnmhairiúcháin agus athonnmhairiúcháin a thíolacadh agus a phróiseáil i gcás ina dtabharfar earraí amach as críoch chustaim an Aontais. Le AES cumasófar cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát freisin chun críocha sonraí na ndearbhuithe imeachta achomair a tharchur sna cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 271(1) den Chód.

    2.   Cuimseofar in AES na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas:

    (a)

    líonra cumarsáide coiteann;

    (b)

    seirbhísí lárnacha.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas náisiúnta onnmhairiúcháin (‘AES náisiúnta’);

    (c)

    comhéadan coiteann idir AES agus NCTS ar an leibhéal náisiúnta;

    (d)

    comhéadan coiteann idir AES agus an Córas um Rialú ar Ghluaiseacht Máil (EMCS) ar an leibhéal náisiúnta.

    Airteagal 51

    Úsáid AES

    Úsáidfear AES chun na gcríoch seo a leanas i gcás ina dtabharfar earraí amach as críoch chustaim an Aontais nó i gcás ina mbogtar earraí chuig críocha fioscacha speisialta nó amach astu:

    (a)

    chun cur chun feidhme foirmiúlachtaí ar onnmhairiú agus ar imeacht a áirithiú, foirmiúlachtaí arna gcinneadh sa Chód;

    (b)

    dearbhuithe onnmhairiúcháin agus athonnmhairiúcháin a chur isteach agus a phróiseáil;

    (c)

    plé le malartuithe teachtaireachtaí idir an oifig custaim onnmhairithe agus an oifig custaim imeachta agus, i ndáil le hImréiteach Láraithe ar Onnmhairiú, idir an oifig custaim maoirseachta agus an oifig custaim tíolactha;

    (d)

    plé le malartuithe teachtaireachtaí idir oifig custaim an taiscthe agus an oifig custaim imeachta sna cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 271(1) den Chód.

    Airteagal 52

    Fíordheimhniú agus rochtain ar AES

    1.   Ní bheidh rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha ná ag daoine eile ach ar AES náisiúnta trí thairseach náisiúnta trádálaithe. Cinnfidh na Ballstáit an fíordheimhniú agus an fíorú rochtana.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát chun críche rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AES trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críche rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais AES trí úsáid a bhaint as UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 53

    Líonra cumarsáide coiteann AES

    1.   Áiritheofar leis an líonra cumarsáide coiteann cumarsáid leictreonach idir AESanna náisiúnta na mBallstát.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an líonra cumarsáide coiteann chun faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointí (c) agus (d) den Rialachán seo a mhalartú.

    Airteagal 54

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Leis an tairseach náisiúnta trádálaithe beifear in ann faisnéis a mhalartú idir oibreoirí eacnamaíocha nó daoine eile, agus AES náisiúnta údarás custaim na mBallstát.

    2.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis an AES náisiúnta.

    Airteagal 55

    An Córas Náisiúnta Onnmhairiúcháin

    1.   Idiroibríonn an AES náisiúnta leis an tairseach náisiúnta trádálaithe agus úsáidfidh údarás custaim an Bhallstáit é chun dearbhuithe onnmhairiúcháin agus athonnmhairiúcháin a phróiseáil.

    2.   Déanfaidh AESanna náisiúnta na mBallstát cumarsáid leictreonach le chéile tríd an líonra cumarsáide coiteann agus próiseálfaidh siad faisnéis a fhaightear ó Bhallstáit eile maidir le honnmhairiú agus imeacht.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit comhéadan a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta idir a AES náisiúnta agus a EMCS chun críocha Airteagal 280 den Chód agus Airteagal 21 agus Airteagal 25 de Threoir (AE) 2020/262 (8) ón gComhairle.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit comhéadan a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta idir a AES náisiúnta agus a NCTS chun críocha Airteagal 280 den Chód, Airteagal 329 (5) agus (6) agus Airteagal 333 (2), pointí (b) agus (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 56

    Aistriú TF

    1.   Le linn thréimhse imscartha AES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, cuirfidh an Coimisiún comhpháirteanna coiteanna, rialacha idirthréimhseacha agus sásraí tacaíochta breise ar fáil do na Ballstáit chun timpeallacht oibríochtúil a bhunú ina bhféadfaidh na Ballstáit nach ndearna an córas nua a imscaradh go fóill leanúint ar aghaidh ar bhonn sealadach de bheith ag idiroibriú leis na Ballstáit a rinne an córas nua a imscaradh cheana féin.

    2.   Tairgfidh an Coimisiún comhpháirt choiteann i bhfoirm tiontaire lárnaigh chun teachtaireachtaí a mhalartú ar an líonra cumarsáide coiteann. Féadfaidh Ballstát a chinneadh é sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

    3.   I gcás nascacht de réir a chéile idir oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, féadfaidh Ballstát tiontaire náisiúnta a thairiscint chun teachtaireachtaí a mhalartú idir an t-oibreoir eacnamaíoch agus daoine eile agus an t-údarás custaim.

    4.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas, i gcomhar leis na Ballstáit, na rialacha teicniúla atá le cur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse agus ar de chineál gnó agus teicniúil iad chun gur féidir mapáil agus idir-inoibritheacht a dhéanamh idir na ceanglais maidir le malartú faisnéise a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 (9) ón gCoimisiún agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar aon le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    CAIBIDIL X

    Córas nua ríomhchuidithe idirthurais

    Airteagal 57

    Cuspóir agus struchtúr NCTS

    1.   Le NCTS beifear in ann cumarsáid a dhéanamh idir údaráis chustaim na mBallstát, agus idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, chun dearbhú custaim a thíolacadh agus a phróiseáil agus fógra a thabhairt i gcás ina gcuirtear earraí faoin nós imeachta idirthurais.

    2.   Cuimseofar in NCTS na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas:

    (a)

    líonra cumarsáide coiteann;

    (b)

    seirbhísí lárnacha.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas náisiúnta idirthurais (‘NCTS náisiúnta’);

    (c)

    comhéadan coiteann idir NCTS agus AES ar an leibhéal náisiúnta.

    Airteagal 58

    Úsáid NCTS

    Úsáidfear NCTS chun na gcríoch seo a leanas i gcás ina ngluaistear earraí faoi nós imeachta idirthurais:

    (a)

    na foirmiúlachtaí idirthurais arna gcinneadh leis an gCód a áirithiú;

    (b)

    foirmiúlachtaí an Choinbhinsiúin maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a áirithiú (10);

    (c)

    dearbhuithe maidir le hidirthuras a thaisceadh agus a phróiseáil;

    (d)

    dearbhú maidir le hidirthuras a thaisceadh ina mbeidh na sonraí is gá chun anailís riosca a dhéanamh chun críocha sábháilteachta agus slándála i gcomhréir le hAirteagal 263(4) den Chód;

    (e)

    dearbhú maidir le hidirthuras a thaisceadh in ionad dearbhú iontrála achomair dá dtagraítear in Airteagal 130(1) den Chód.

    Airteagal 59

    Fíordheimhniú agus rochtain ar an gCóras Náisiúnta Leictreonach Idirthurais (NCTS)

    1.   Ní bhíonn rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha ach ar an gcóras náisiúnta idirthurais trí thairseach náisiúnta trádálaithe. Cinnfidh na Ballstáit an fíordheimhniú agus an fíorú rochtana.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú údaráis chustaim na mBallstát chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna NCTS, trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais NCTS trí úsáid a bhaint as UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 60

    Líonra cumarsáide coiteann NCTS

    1.   Leis an líonra cumarsáide coiteann áiritheofar cumarsáid leictreonach i measc NCTS náisiúnta na mBallstát agus na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an líonra cumarsáide coiteann chun faisnéis a mhalartú, is é sin faisnéis a bhaineann le foirmiúlachtaí idirthurais.

    Airteagal 61

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Leis an tairseach náisiúnta trádálaithe beifear in ann faisnéis a mhalartú idir oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, agus NCTS náisiúnta údaráis chustaim na mBallstát.

    2.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis an NCTS náisiúnta.

    Airteagal 62

    An Córas náisiúnta idirthurais

    1.   Idiroibreoidh NCTS náisiúnta leis an tairseach náisiúnta trádálaithe agus úsáidfidh údaráis custaim an Bhallstáit nó na tíre de na Páirtithe Conartha a ghabhann leis an gCoinbheinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach é chun an dearbhú idirthurais a chur isteach agus a phróiseáil.

    2.   Déanfaidh NCTS náisiúnta a chur in iúl go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann leis na hiarratais náisiúnta idirthurais uile a rinne na Ballstáit agus na Páirtithe Conarthacha ar an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach agus próiseálfaidh siad faisnéis idirthurais a fhaightear ó Bhallstáit eile agus ó Pháirtithe Conarthacha eile den Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit comhéadan a sholáthar agus a chothabháil idir a NCTS náisiúnta agus a AES náisiúnta chun críocha Airteagal 329 (5) agus (6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 63

    Aistriú TF

    1.   Le linn idirthréimhse NCTS mar a shainmhínítear í san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, cuirfidh an Coimisiún comhpháirteanna coiteanna, rialacha idirthréimhseacha agus sásraí tacaíochta breise ar fáil do na Ballstáit chun timpeallacht oibríochtúil a bhunú ina bhféadfaidh na Ballstáit nach ndearna an córas nua a imscaradh go fóill leanúint ar aghaidh ar bhonn sealadach de bheith ag idiroibriú leis na Ballstáit a rinne an córas nua a imscaradh cheana féin.

    2.   Tairgfidh an Coimisiún comhpháirt choiteann i bhfoirm tiontaire lárnaigh chun teachtaireachtaí a mhalartú ar an líonra cumarsáide coiteann. Féadfaidh Ballstát a chinneadh é sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

    3.   I gcás nascacht de réir a chéile idir oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile, féadfaidh Ballstát tiontaire náisiúnta a thairiscint chun teachtaireachtaí a mhalartú idir an t-oibreoir eacnamaíoch agus daoine eile, agus an t-údarás custaim.

    4.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas, i gcomhar leis na Ballstáit, na rialacha teicniúla atá le cur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse agus ar de chineál gnó agus teicniúil iad chun gur féidir mapáil agus idir-inoibritheacht a dhéanamh idir na ceanglais maidir le malartú faisnéise, de réir mar a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341, agus ceanglais maidir le malartú faisnéise, de réir mar a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar aon le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    CAIBIDIL XI

    Córas nósanna imeachta speisialta INF

    Airteagal 64

    Cuspóir agus struchtúr an chórais INF SP

    1.   Leis an gcóras INF SP, féadfar cumarsáid a dhéanamh idir údaráis chustaim na mBallstát agus na hoibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críche sonraí INF i réimse na Nósanna Imeachta Speisialta a eisiúint agus a bhainistiú.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas in INF SP:

    (a)

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais le haghaidh INF;

    (b)

    Lárchóras INF SP.

    Airteagal 65

    An córas INF SP a úsáid

    1.   Úsáidfear córas INF SP d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile chun iarrataí INF a chur isteach agus chun obair leantach a dhéanamh ar stádas na n-iarrataí sin agus chun go bhféadfaidh údaráis chustaim na mBallstát iarrataí den sórt sin a phróiseáil agus INF a bhainistiú.

    2.   Leis an gcóras INF SP beidh údaráis chustaim na mBallstát in ann INF a chruthú agus cumarsáid a dhéanamh idir údaráis chustaim na mBallstát nuair is gá.

    3.   Leis an gcóras INF SP beifear in ann ríomh mhéid na ndleachtanna allmhairiúcháin a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 86(3) den Chód.

    Airteagal 66

    Fíordheimhniú agus rochtain ar lárchóras INF SP

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais INF SP trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais INF SP, ní mór a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais INF SP trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais INF SP, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 67

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh INF

    1.   Le EUCTP tabharfar rochtain ar Thairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh INF dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás go mbeidh Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas ina pointe iontrála chuig an gcóras INF SP d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh an Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh INF leis an gcóras INF SP.

    Airteagal 68

    Lárchóras INF SP

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an lárchóras INF SP chun faisnéis a bhaineann le INFanna arna dtíolacadh a mhalartú agus a stóráil.

    2.   Idiroibreoidh an lárchóras INF SP le Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh INF.

    CAIBIDIL XII

    Córas bainistíochta riosca custaim

    Airteagal 69

    Cuspóir agus struchtúr CRMS

    1.   Le CRMS, beifear in ann faisnéis faoi riosca a chur in iúl, a stóráil agus a mhalartú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun tacú le cur chun feidhme an chreata chomhchoitinn bainistíochta riosca.

    2.   Féadfar seirbhís gréasáin do chórais náisiúnta a úsáid, i gcás go gcruthófar í, seirbhís a fhágann gur féidir sonraí a mhalartú le córais náisiúnta trí chomhéadan gréasáin. Idiroibreoidh CRMS leis na comhpháirteanna coiteanna ICS2.

    Airteagal 70

    Úsáid CRMS

    1.   Úsáidfear CRMS chun na gcríoch seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 46(3) agus (5) den Chód:

    (a)

    an malartú faisnéise riosca idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún dá dtagraítear in Airteagal 46(5) den Chód agus in Airteagal 36(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus stóráil agus próiseáil na faisnéise sin;

    (b)

    faisnéis a chur in iúl idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le cur chun feidhme na gcritéar coiteann riosca, gníomhaíochtaí rialaithe tosaíochta, bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 36(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus an fhaisnéis sin a thíolacadh, a phróiseáil agus a stóráil lena n-áirítear faisnéis ghaolmhar faoi riosca a mhalartú agus anailís ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin;

    (c)

    cur ar chumas na mBallstát agus an Choimisiúin teacht go leictreonach ó thuarascálacha anailíse riosca na gcóras maidir le rioscaí atá ann cheana agus treochtaí nua le cur sa chreat comhchoiteann bainistíochta riosca agus sa chóras náisiúnta bainistíochta riosca.

    2.   I gcás inar féidir aistriú sonraí idir CRMS agus is féidir córais náisiúnta a uathoibriú, cuirfear córais náisiúnta in oiriúint chun úsáid a bhaint as seirbhís gréasáin CRMS.

    Airteagal 71

    Fíordheimhniú agus rochtain ar an gCóras Bainistíochta Riosca Custaim (CRMS)

    1.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú údaráis chustaim na mBallstát chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna CRMS trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna CRMS trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 72

    Comhpháirt choiteann CRMS

    1.   Déanfaidh CRMS foráil maidir le foirmeacha faisnéise riosca agus foirmeacha aiseolais maidir le hanailís riosca agus torthaí rialaithe a líonadh isteach ar líne sa chóras, iad a phróiseáil chun tuairiscithe agus iad a stóráil sa chóras. Beidh úsáideoirí údaraithe in ann na foirmeacha a aisghabháil agus iad a úsáid chun críocha bainistithe agus rialaithe rioscaí náisiúnta.

    2.   Déanfaidh an CRMS foráil maidir le sásraí cumarsáide a chuirfidh ar chumas úsáideoirí (ina n-aonar nó mar chuid d’aonad eagraíochtúil) faisnéis faoi riosca a sholáthar agus a mhalartú, freagairt d’iarrataí sonracha ó úsáideoirí eile agus fíricí agus anailís ar thorthaí a ngníomhaíochtaí a chur ar fáil don Choimisiún le linn critéir choiteanna riosca, gníomhaíochtaí rialaithe tosaíochta agus bainistíocht géarchéime a chur chun feidhme.

    3.   Déanfaidh CRMS foráil maidir le huirlisí trína gcumasófar anailís agus comhiomlánú a dhéanamh ar shonraí ó fhoirmeacha faisnéise faoi riosca atá stóráilte sna córais.

    4.   Déanfaidh CRMS foráil d’ardán ina ndéanfar faisnéis, lena n-áireofar treoracha, faisnéis agus sonraí teicneolaíochta braite, agus naisc chuig bunachair shonraí eile, atá ábhartha do bhainistiú riosca agus do rialuithe riosca, a stóráil agus a chur ar fáil d’úsáideoirí údaraithe ar mhaithe le bainistiú riosca agus rialú riosca.

    CAIBIDIL XIII

    Imréiteach láraithe allmhairiúcháin (CCI)

    Airteagal 73

    Cuspóir agus struchtúr CCI

    1.   Cumasóidh CCI cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát, agus idir údaráis chustaim na mBallstát agus oibreoirí eacnamaíocha chun críocha dearbhuithe custaim a thíolacadh agus a phróiseáil i gcomhthéacs imréiteach láraithe allmhairiúcháin i gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin i gceist.

    2.   Cuimseofar in CCI na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas:

    (a)

    líonra cumarsáide coiteann;

    (b)

    seirbhísí lárnacha.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcórais náisiúnta CCI cumarsáid tríd an líonra cumarsáide coiteann le haghaidh CCI le córais náisiúnta CCI na mBallstát eile agus go n-áireofar ann na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    iarratas náisiúnta CCI;

    (c)

    comhéadan le EMCS/Córas chun Sonraí Máil a Mhalartú ar an leibhéal náisiúnta.

    Airteagal 74

    Úsáid CCI

    Úsáidfear an Córas CCI chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    foirmiúlachtaí imréitigh láraithe le haghaidh allmhairiú a áirithiú, i gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin i gceist, arna leagan síos sa Chód;

    (b)

    dearbhuithe custaim caighdeánacha a thaisceadh agus a phróiseáil faoin imréiteach láraithe le haghaidh allmhairiú;

    (c)

    dearbhuithe custaim simplithe agus na dearbhuithe forlíontacha faoi seach a thaisceadh agus a phróiseáil faoin imréiteach láraithe allmhairiúcháin;

    (d)

    na dearbhuithe custaim agus na fógraí tíolactha faoi seach a thaisceadh agus a phróiseáil, ar fógraí iad a sholáthraítear san údarú le haghaidh iontrála i dtaifid an dearbhóra faoin imréiteach láraithe d’allmhairiú.

    Airteagal 75

    Fíordheimhniú agus rochtain ar an Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin (CCI)

    1.   Ní bheidh rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha ach ar na córais náisiúnta CCI trí thairseach náisiúnta do thrádálaithe arna forbairt ag na Ballstáit. Cinnfidh na Ballstáit an fíordheimhniú agus an fíorú rochtana.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais CCI trí úsáid a bhaint as na seirbhísí gréasáin a sholáthraíonn an Coimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais CCI trí úsáid a bhaint as UUM&DS nó as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 76

    Líonra coiteann cumarsáide CCI

    1.   Áiritheofar leis an líonra cumarsáide coiteann cumarsáid leictreonach i measc fheidhmchláir náisiúnta CCI na mBallstát.

    2.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an líonra cumarsáide coiteann chun faisnéis a mhalartú atá ábhartha d’fhoirmiúlachtaí allmhairiúcháin a bhaineann le CCI.

    Airteagal 77

    Tairseach náisiúnta trádálaithe

    1.   Leis an tairseach náisiúnta trádálaithe beifear in ann faisnéis a mhalartú idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus córais náisiúnta CCI údaráis chustaim na mBallstát.

    2.   Idiroibreoidh an tairseach náisiúnta trádálaithe leis na feidhmchláir náisiúnta CCI.

    Airteagal 78

    Córas náisiúnta CCI

    1.   Is é údarás custaim an Bhallstáit a chruthaigh an córas náisiúnta CCI a bhainfidh úsáid as chun críocha dearbhuithe custaim faoin CCI a phróiseáil.

    2.   Déanfaidh córais náisiúnta CCI na mBallstát cumarsáid leictreonach tríd an bhfearann coiteann le chéile agus próiseálfaidh siad faisnéis allmhairiúcháin a fhaightear ó Bhallstáit eile.

    CAIBIDIL XIV

    An córas onnmhaireoirí cláraithe

    Roinn 1

    Córas REX do na Ballstáit

    Airteagal 79

    Cuspóir agus struchtúr an chórais REX do na Ballstáit

    1.   Leis an gcóras REX do na Ballstáit, cuirfear ar chumas údaráis chustaim na mBallstát oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas a chlárú chun tionscnamh fabhrach earraí a dhearbhú, agus chun na clárúcháin sin a bhainistiú, is é sin le rá modhnuithe ar chlárúcháin, cúlghairmeacha clárúcháin, cealú cúlghairme agus tuairisciú clárúcháin.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas sa Chóras REX le haghaidh do na Ballstáit:

    (a)

    tairseach Shonrach Trádálaithe de chuid an Aontais le haghaidh chóras REX do na Ballstáit;

    (b)

    lárchóras REX do na Ballstáit.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas onnmhairiúcháin cláraithe náisiúnta (‘REX náisiúnta’).

    Airteagal 80

    Úsáid an chórais REX do na Ballstáit

    Úsáidfidh onnmhaireoirí agus údaráis chustaim na mBallstát córas REX do na Ballstáit, i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm chun críche socruithe fabhracha trádála an Aontais.

    Airteagal 81

    Fíordheimhniú agus rochtain ar chóras REX do na Ballstáit

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun críocha rochtana ar Thairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh don chórais REX do na Ballstáit trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    Chun go bhfíordheimhneofar ionadaithe custaim agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar Thairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do chóras REX do na Ballstáit, déanfar a gcumhachtú chun gníomhú sa cháil sin a chlárú sa chóras UUM&DS nó i gcóras bainistíochta céannachta agus rochtana arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana oifigigh na mBallstát chun críoch rochtana ar lárchóras REX do na Ballstáit trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar lárchóras REX do na Ballstáit trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 82

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do chóras REX do na Ballstáit

    1.   Idiroibreoidh Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do chóras REX do na Ballstáit le EUCTP, agus beidh EUCTP ina phointe iontrála d’iarrataí ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó dhaoine eile chuig córas lárnach REX do na Ballstáit.

    2.   Idiroibreoidh an Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh REX do na Ballstáit lárchóras REX do na Ballstáit agus beidh sé in ann úsáideoirí a atreorú chuig an tairseach náisiúnta trádálaithe, i gcás go gcruthófar í.

    3.   Sna Ballstáit nach gcruthófar tairseach náisiúnta trádálaithe iontu, úsáidfear Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do chóras REX do na Ballstáit chun faisnéis a chur isteach agus a mhalartú a bhaineann le hiarratais ar chlárú agus ar chinntí clárúcháin, agus maidir le haon imeacht ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chlárú bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán seo.

    Airteagal 83

    Lárchóras REX do na Ballstáit

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an lárchóras REX trína bhféadfaidh na Ballstáit na hiarratais ar chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 82 den Rialachán seo a phróiseáil, chun na clárúcháin a stóráil, chun aon imeacht ina dhiaidh sin a phróiseáil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chlárú bunaidh, nó chun fiosrúcháin a dhéanamh sna clárúcháin.

    2.   Beidh an córas lárnach REX do na Ballstáit idir-inoibritheach le Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh chóras REX, leis na seirbhísí tagartha do chustaiméirí, agus le córais ábhartha eile.

    Airteagal 84

    Tairseach NáisiúntaTrádálaithe

    1.   Nuair a chuireann Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe ar bun, bainfidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile úsáid as an tairseach sin chun faisnéis a chur isteach agus a mhalartú a bhaineann le hiarratais ar chlárúcháin agus ar chinntí clárúcháin, agus maidir le haon teagmhas ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chlárú bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán seo.

    2.   I gcás ina gcruthaíonn Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    3.   Beifear in ann an tairseach náisiúnta trádálaithe a idiroibriú leis an gcóras náisiúnta REX.

    Airteagal 85

    Córas náisiúnta REX

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an córas REX náisiúnta i gcás inar cruthaíodh é, chun na hiarratais ar chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84 den Rialachán seo a phróiseáil, chun na clárúcháin a stóráil, chun aon imeacht ina dhiaidh sin a phróiseáil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chlárú bunaidh, nó chun fiosrúcháin a dhéanamh sna clárúcháin.

    2.   Idiroibreoidh an córas REX náisiúnta agus leanfaidh sé de bheith sioncronaithe le lárchóras REX do na Ballstáit.

    Roinn 2

    An córas REX do thríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo

    Airteagal 86

    Cuspóir agus struchtúr an chórais REX do thríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo

    1.   Leis an gcóras REX do thríú tíortha a bhfuil socrú trádála fabhrach ag an Aontas leo (córas REX do thríú tíortha), cuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha sna tíortha sin iarratais ar chlárú mar onnmhaireoirí cláraithe agus mar údaráis inniúla sna tíortha sin a ullmhú chun na hiarratais sin a phróiseáil, chomh maith leis na clárúcháin sin a bhainistiú, is é sin le rá modhnuithe ar chlárúcháin, cúlghairmeacha clárúcháin, cealú cúlghairme agus tuairisciú clárúcháin.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas sa Chóras REX do thríú tíortha:

    (a)

    córas réamhiarratais;

    (b)

    Lárchóras REX do thríú tíortha.

    Airteagal 87

    Córas REX a úsáid le haghaidh tríú tíortha

    Beidh feidhm ag an gcóras REX maidir le tríú tíortha i dtríú tíortha áirithe, i gcomhréir le socruithe fabhracha trádála an Aontais.

    Airteagal 88

    Fíordheimhniú agus rochtain ar chóras REX do thríú tíortha

    1.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana oifigigh tríú tíortha chun críocha rochtana ar lárchóras REX do thríú tíortha trí úsáid a bhaint as EU Login agus as an gcóras bainistíochta úsáideoirí le haghaidh chóras REX do thríú tíortha (T-REX).

    2.   Beidh rochtain anaithnid ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag daoine eile ar an gcóras réamhiarratais dá dtagraítear in Airteagal 86(2), pointe (a) den Rialachán seo.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar lárchóras REX do thríú tíortha trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    4.   I gcás nach bhfuil socrú trádála fabhrach an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir le tríú tír, coinneoidh na húdaráis inniúla sa tríú tír sin rochtain ar chóras REX do thríú tíortha fad is gá chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil sin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

    Airteagal 89

    Cosaint sonraí a mhéid a bhaineann le córas REX do thríú tíortha

    Déanfar sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí arna mbunú i dtríú tíortha sa chóras REX le haghaidh tríú tíortha atá cláraithe ag údaráis inniúla i dtríú tíortha a phróiseáil chun an socrú trádála fabhrach ábhartha leis an Aontas a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air.

    Airteagal 90

    Lárchóras lárnach REX do thríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo

    1.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla san tríú tíortha an lárchóras REX trína bhféadfaidh na Ballstáit iarratais ar chlárúcháin a phróiseáil, chun na clárúcháin a stóráil, chun aon imeacht ina dhiaidh sin a phróiseáil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chlárú bunaidh, nó chun fiosrúcháin a dhéanamh sna clárúcháin.

    2.   Beidh lárchóras REX do thríú tíortha idir-inoibritheach leis an gcóras réamhiarratais, leis na seirbhísí tagartha do chustaiméirí agus le córais ábhartha eile.

    Airteagal 91

    Córas réamhiarratais i gcóras REX le haghaidh tríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo

    1.   Beidh an córas réamhiarratais ina phointe iontrála ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag daoine eile chun na sonraí atá ina n-iarratas ar bheith ina n-onnmhaireoir cláraithe a chur isteach go leictreonach. Ní úsáidfear an córas réamhiarratais chun iarrataí ar chlárúcháin atá ann cheana a mhodhnú nó a chúlghairm.

    2.   Idiroibreoidh an córas réamhiarratais le lárchóras REX do thríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo.

    CAIBIDIL XV

    An córas cruthúnais ar stádas an aontais

    Airteagal 92

    Cuspóir agus struchtúr an chórais PoUS

    1.   Leis an gcóras PoUS, féadfar cumarsáid a dhéanamh idir údaráis chustaim na mBallstát agus na hoibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile chun críche T2L/T2LF agus doiciméid an lastliosta earraí custaim (CGM) mar mheán chun stádas custaim earraí an Aontais a eisiúint agus a bhainistiú.

    2.   Beidh na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas in PoUS:

    (a)

    Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh PoUS;

    (b)

    lárchóras PoUS.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta seo a leanas a chruthú:

    (a)

    Tairseach náisiúnta trádálaithe;

    (b)

    córas náisiúnta PoUS.

    Airteagal 93

    Úsáid an chórais PoUS

    1.   Bainfidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile úsáid as córas PoUS chun iarrataí ar fhormhuiniú agus ar chlárú, nó ar chlárú gan fhormhuiniú, ar chruthúnas ar stádas an Aontais i bhfoirm doiciméad T2L/T2LF agus CGM a chur isteach agus chun bainistiú a dhéanamh ar úsáid chruthúnas ar stádas an Aontais maidir le hearraí nuair a thíolacfar iad.

    2.   Le córas PoUS beifear in ann iarrataí na n-oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhormhuiniú agus a chlárú agus úsáid an chruthúnais ar stádas Aontais a bhainistiú.

    Airteagal 94

    Fíordheimhniú agus rochtain ar lárchóras PoUS

    1.   Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a fhíordheimhniú agus a fhíorú chun rochtain a fháil ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais PoUS trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS.

    2.   Chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais PoUS, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Chun críocha rochtana ar chóras náisiúnta PoUS, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as córas bainistithe céannachta agus rochtana arna bhunú ag an mBallstát ábhartha.

    3.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana bhaill foirne an Choimisiúin chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais PoUS, trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS nó as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    Airteagal 95

    Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh PoUS

    1.   1. Déanfaidh Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do PoUS cumarsáid le EUCTP, cás ina mbeidh an tairseach sin ina phointe iontrála chuig córas PoUS d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh an Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh PoUS le lárchóras PoUS.

    Airteagal 96

    Lárchóras PoUS

    1.   Úsáidfidh údaráis chustaim na mBallstát an lárchóras PoUS chun faisnéis a bhaineann le T2L/T2LF agus doiciméid CGM arna dtíolacadh a mhalartú agus a stóráil.

    2.   Idiroibreoidh lárchóras PoUS le Tairseach Trádálaithe Shonrach don Aontas le haghaidh PoUS.

    Airteagal 97

    Tairseach NáisiúntaTrádálaithe

    1.   I gcás inar chruthaigh Ballstát córas PoUS náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 92(3), pointe (b) den Rialachán seo, beidh an tairseach náisiúnta trádálaí ina príomhphointe iontrála don chóras náisiúnta PoUS d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine eile.

    2.   Idiroibreoidh an Tairseach Náisiúnta Trádálaithe leis an gcóras náisiúnta PoUS, i gcás ina gcruthófar é.

    3.   Soláthróidh an tairseach náisiúnta trádálaithe feidhmíochtaí atá coibhéiseach leo sin arna soláthar ag Tairseach Shonrach Trádálaithe an Aontais Eorpaigh do PoUS.

    4.   I gcás ina gcruthaíonn Ballstát tairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    Airteagal 98

    Córas náisiúnta PoUS

    Beidh córas náisiúnta PoUS idir-inoibritheach le lárhcóras PoUS chun cruthúnais a cruthaíodh i gcóras náisiúnta PoUS a chur ar fáil sa lárchóras.

    CAIBIDIL XVI

    Córas faireachais

    Airteagal 99

    Cuspóir agus struchtúr an chórais Faireachais

    1.   Leis an gCóras Faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 56(5) den Chód agus le gníomhartha de chuid an Aontais lena ndéantar foráil maidir lena úsáid, cumasófar cumarsáid idir údaráis chustaim na mBallstát agus an Coimisiún chun críche faireachais custaim, agus bailiú sonraí a bhaintear as an dearbhú custaim maidir lena gcur i saorchúrsaíocht nó lena n-onnmhairiú.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis arna hiarraidh ó na córais um dhearbhú custaim faoi bhráid an chórais faireachais ar bhealach uathoibrithe.

    3.   Is lárchóras é an Córas Faireachais ina bhfuil comhpháirt choiteann amháin.

    Airteagal 100

    Úsáid an chórais Faireachais

    Úsáidfear na sonraí sa chóras faireachais chun faireachas a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus onnmhairiú, ar nósanna imeachta iad a mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leo:

    (a)

    tacú leis an gCoimisiún agus le húdaráis chustaim na mBallstát cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialuithe custaim agus reachtaíochta custaim a áirithiú;

    (b)

    rioscaí a íoslaghdú, lena n-áirítear trí mhianadóireacht sonraí agus trí fhaisnéis faoi riosca a mhalartú; agus

    (c)

    bearta sonracha a chur chun feidhme arna bhforordú ag forálacha eile de chuid an Aontais nach mór d’údaráis chustaim na mBallstát a chur chun feidhme ag an teorainn.

    Airteagal 101

    Fíordheimhniú agus rochtain ar an gcóras Faireachais

    1.   Chun críocha rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais Faireachais, déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana údaráis chustaim na mBallstát trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra arna soláthar ag an gCoimisiún.

    2.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana fhoireann an Choimisiúin chun críoch rochtana ar chomhpháirteanna coiteanna an chórais Faireachais trí úsáid a bhaint as na seirbhísí líonra a sholáthraíonn an Coimisiún.

    Airteagal 102

    Lárchóras Faireachais

    Bainfidh na Ballstáit agus an Coimisiún úsáid as an Lárchóras Faireachais chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 100 den Rialachán seo a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a anailísiú.

    Caibidil XVII

    Feidhmiú na gcóras leictreonach agus oiliúint ina n-úsáid

    Airteagal 103

    Forbairt, tástáil, imscaradh agus bainistiú na gcóras leictreonach

    1.   Déanfaidh an Coimisiún na comhpháirteanna coiteanna a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú, agus féadfaidh na Ballstáit iad a thástáil. Déanfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhpháirteanna náisiúnta idir-inoibritheach leis na comhpháirteanna coiteanna.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gcóras díláraithe a dhearadh agus a chothabháil i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit comhéadain a fhorbairt, a oibriú agus an feidhmiúlacht a sholáthar le haghaidh na gcóras díláraithe is gá le haghaidh malartú faisnéise le hoibreoirí eacnamaíocha agus le daoine eile trí chomhpháirteanna náisiúnta agus comhéadain náisiúnta a chur ar fáil, agus le Ballstáit eile trí chomhpháirteanna coiteanna.

    Airteagal 104

    Cothabháil na gcóras leictreonach agus athruithe orthu

    1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na comhpháirteanna coiteanna a chothabháil agus is iad na Ballstáit a dhéanfaidh gcomhpháirteanna náisiúnta a chothabháil.

    2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit oibriú gan bhriseadh na gcóras leictreonach.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún comhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach a athrú chun mífheidhmeanna a cheartú, chun feidhmiúlachtaí nua a chur leo nó chun athrú a dhéanamh ar na feidhmiúlachtaí atá ann cheana.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi athruithe ar na comhpháirteanna coiteanna agus faoi nuashonruithe orthu.

    5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le hathruithe ar na comhpháirteanna náisiúnta agus maidir le nuashonruithe orthu a bhféadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna.

    6.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhaisnéis maidir leis na hathruithe agus na nuashonruithe ar na córais leictreonacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5 ar fáil go poiblí.

    Airteagal 105

    Cliseadh sealadach na gcóras leictreonach

    1.   I gcás ina dteipeann go sealadach ar na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (b) den Chód, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile an fhaisnéis a theastaíonn a thíolacadh chun na foirmiúlachtaí lena mbaineann a chomhlíonadh trí na modhanna a chinnfidh na Ballstáit, lena n-áirítear trí bhíthin modhanna seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

    2.   Áiritheoidh údaráis chustaim na mBallstát go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a chur ar fáil sna córais leictreonacha faoi seach laistigh de 7 lá ón uair a bheidh na córais leictreonacha faoi seach ar fáil arís.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas nach bhfuil fáil ar na córais leictreonacha a eascraíonn as teip shealadach.

    Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas freisin nach bhfuil córais na n-oibreoirí eacnamaíocha ar fáil a mhéid a bhaineann le ICS2.

    4.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás teip shealadach ICS2, AES, CRMS nó CCI, beidh feidhm ag an bplean leanúnachais gnó arna chomhaontú idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

    5.   Maidir le ICS2, déanfaidh gach Ballstát cinneadh maidir le gníomhachtú an phlean um leanúnachas gnó i dtaca leis an gcás ina ndéanfaidh cliseadh sealadach an chórais difear don Bhallstát sin nó i dtaca leis an gcás nach féidir le hoibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 127(4) agus (6) den Chód a bhfuil sé d’oibleagáid air an dearbhú iontrála achomair a chomhdú nó sonraí an dearbhaithe iontrála achomair sin a thíolacadh.

    6.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás cliseadh sealadach ar chóras NCTS, beidh feidhm ag an nós imeachta leanúnachais gnó dá dtagraítear in Iarscríbhinn 72-04 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 106

    Tacaíocht oiliúna maidir le húsáid agus feidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna

    Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit maidir le comhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach a úsáid agus a fheidhmiú tríd an ábhar oiliúna iomchuí a chur ar fáil.

    CAIBIDIL XVIII

    Cosaint sonraí, bainistiú sonraí agus úinéireacht agus slándáil na gcóras leictreonach

    Airteagal 107

    Cosaint sonraí pearsanta

    1.   Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe sna córais leictreonacha a phróiseáil chun an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile dá dtagraítear sa Chód a chur chun feidhme ag féachaint do chuspóirí sonracha gach ceann de na córais leictreonacha mar a leagtar amach in Airteagal 4, Airteagail 7(1), 16(1), 21(1), Airteagal 30, Airteagal 35(1), Airteagail 42(1), 50(1), 57(1), 64(1), 69(1), 73(1), 79(1), 86(1), 92(1) agus Airteagal 99(1) den Rialachán seo.

    2.   Comhoibreoidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát i réimse na cosanta sonraí pearsanta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725, chun maoirseacht chomhordaithe a áirithiú ar phróiseáil sonraí pearsanta atá cláraithe sna córais leictreonacha.

    3.   Déanfar aon iarraidh ó ábhar sonraí atá cláraithe i gcóras REX chun a chearta a fheidhmiú faoi Chaibidil III de Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil sa tríú tír nó faoi bhráid na n-údarás custaim sa Bhallstát a chláraigh na sonraí pearsanta ar dtús.

    I gcás ina gcuirfidh ábhar sonraí iarraidh den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin gan iarracht a bheith déanta aige a chearta a fháil ó na húdaráis inniúla sa tríú tír nó ó údaráis chustaim an Bhallstáit a chláraigh na sonraí pearsanta, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sa tríú tír nó chuig na húdaráis chustaim sa Bhallstát a chláraigh na sonraí sin faoi seach.

    Mura bhfaighidh an t-onnmhaireoir cláraithe a chearta ó na húdaráis inniúla sa tríú tír nó ó na húdaráis chustaim sa Bhallstát a chláraigh na sonraí pearsanta, cuirfidh an t-onnmhaireoir cláraithe an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin atá ag gníomhú mar rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 108

    Sonraí sna córais leictreonacha a nuashonrú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagraíonn na sonraí atá cláraithe ar an leibhéal náisiúnta do na sonraí atá cláraithe sna comhpháirteanna coiteanna agus go gcoinnítear cothrom le dáta iad.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, i ndáil le ICS2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na sonraí seo a leanas a choinneáil cothrom le dáta agus go gcomhfhreagraíonn siad do na sonraí atá i stóras coiteann ICS2:

    (a)

    sonraí atá cláraithe ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear in iúl ón gcóras náisiúnta iontrála don stóras coiteann ICS 2;

    (b)

    sonraí a fhaigheann an córas náisiúnta iontrála ó stóras coiteann ICS2.

    Airteagal 109

    Teorainn a chur le rochtain ar shonraí agus le próiseáil sonraí

    1.   Féadfaidh Ballstát na sonraí atá cláraithe i gcomhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach aige féin a rochtain nó a phróiseáil. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstát eile a bhfuil baint aige le próiseáil iarratais nó le bainistiú cinnidh lena mbaineann na sonraí rochtain a fháil orthu agus iad a phróiseáil.

    2.   Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch nó duine eile na sonraí atá cláraithe acu faoi seach i gcomhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach a rochtain nó a phróiseáil. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstát a bhfuil baint aige le próiseáil iarratais nó le bainistiú cinnidh lena mbaineann na sonraí rochtain a fháil orthu agus iad a phróiseáil.

    3.   Na sonraí atá i gcomhpháirt choiteann ICS2 a dhéanann oibreoir eacnamaíoch nó duine eile iad a chur in iúl nó a chlárú sa chomhéadan comhroinnte trádálaithe, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch sin nó an duine sin rochtain a fháil orthu nó iad a phróiseáil.

    4.   Féadfaidh Ballstát na sonraí atá cláraithe aige sa lárchóras EBTI a phróiseáil. Féadfaidh Ballstát eile a bhfuil baint aige le próiseáil iarratais lena mbaineann na sonraí an phróiseáil sin a dhéanamh freisin, agus áirítear leis sin próiseáil trí bhíthin comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo. Féadfaidh údaráis chustaim uile na mBallstát rochtain a fháil air i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus féadfaidh an Coimisiún é a rochtain chun críche Airteagal 21(1) den Rialachán seo.

    5.   Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch nó duine eile na sonraí atá cláraithe acu féin faoi seach i lárchóras EBTI a rochtain nó a phróiseáil. Féadfaidh údaráis chustaim uile na mBallstát rochtain a fháil air i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus féadfaidh an Coimisiún é a rochtain chun críche Airteagal 21(1) den Rialachán seo.

    6.   Maidir leis na sonraí i gcomhpháirteanna coiteanna ICS2:

    (a)

    arna gcur in iúl ag oibreoir eacnamaíoch nó duine eile do Bhallstát trí chomhéadan comhroinnte trádálaithe isteach i stóras coiteann ICS2, féadfaidh an Ballstát sin rochtain a fháil agus próiseáil a dhéanamh air i stóras coiteann ICS2. I gcás inar gá, féadfaidh an Ballstát sin rochtain a fháil freisin ar an bhfaisnéis sin atá cláraithe sa chomhéadan comhroinnte trádálaithe;

    (b)

    arna gcur in iúl nó a chláraítear ag Ballstát sa stóras coiteann, féadfaidh an Ballstát sin na sonraí sin a rochtain nó a phróiseáil;

    (c)

    dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b), féadfaidh Ballstát eile rochtain a fháil ar na sonraí sin agus iad a phróiseáil i gcás ina bhfuil baint ag an mBallstát sin leis an anailís riosca nó leis an bpróiseas rialaithe lena mbaineann na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 186(2), pointí (a), (b) agus (d), le hAirteagal185(5), (7) agus (7a) agus le hAirteagal 189(3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, cé is moite de shonraí arna dtaifeadadh sa chóras ag údaráis chustaim na mBallstát eile i ndáil le faisnéis maidir le rioscaí slándála agus sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 186(2), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447;

    (d)

    féadfaidh an Coimisiún iad a phróiseáil i gcomhar leis na Ballstáit chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 43(2) den Rialachán seo agus in Airteagal 182 (1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit rochtain a fháil ar thorthaí na próiseála sin;

    (e)

    féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún rochtain a fháil orthu agus iad a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 43(3) den Rialachán seo, faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 112 den Rialachán seo agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sonracha tionscadail ina sonraítear na hoibríochtaí próiseála idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

    7.   Na sonraí atá cláraithe ag an gCoimisiún i gcomhpháirt choiteann ICS2, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit rochtain a fháil orthu agus iad a phróiseáil.

    8.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit rochtain a fháil ar na sonraí sa chóras faireachais agus iad a phróiseáil.

    9.   Féadfaidh údaráis chustaim na mBallstát agus an Coimisiún rochtain a fháil ar na sonraí atá cláraithe i lárchóras REX do Bhallstáit an Aontais chun socruithe fabhracha trádála an Aontais a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

    10.   Na sonraí atá cláraithe i lárchóras REX do thríú tíortha a bhfuil socrú fabhrach trádála ag an Aontas leo, is féidir rochtain a fáil orthu tríd an méid seo a leanas:

    (a)

    údaráis inniúla an tríú tír inar cláraíodh na sonraí;

    (b)

    údaráis chustaim na mBallstát chun fíoruithe a dhéanamh ar dhearbhuithe custaim faoi Airteagal 188 den Chód nó rialú iarscaoilte faoi Airteagal 48 den Chód;

    (c)

    an Coimisiún chun socruithe fabhracha an Aontais a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

    11.   I gcás ina dtuairiscíonn na Ballstáit teagmhais agus fadhbanna sna próisis oibríochtúla maidir le soláthar seirbhísí na gcóras ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar phróiseálaí, ní fhéadfaidh an Coimisiún rochtain a bheith aige ar na sonraí ach amháin chun teagmhas cláraithe nó fadhb chláraithe a réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún rúndacht na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chód.

    Airteagal 110

    Úinéireacht ar an gcóras

    1.   Is é an Coimisiún a bheidh ina úinéir córais ar na comhpháirteanna coiteanna.

    2.   Is iad na Ballstáit úinéirí córais na gcomhpháirteanna náisiúnta faoi seach.

    Airteagal 111

    Slándáil an chórais

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún slándáil na gcomhpháirteanna coiteanna. Áiritheoidh na Ballstáit slándáil na gcomhpháirteanna náisiúnta.

    Chun na gcríoch sin, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    cosc a chur ar rochtain aon duine neamhúdaraithe ar ghléasra a úsáidtear chun sonraí a phróiseáil;

    (b)

    iontráil sonraí agus aon úsáid, modhnú nó scriosadh sonraí ag daoine neamhúdaraithe a chosc;

    (c)

    aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bhrath.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a bhféadfadh sárú nó sárú amhrasta ar shlándáil na gcóras leictreonach a bheith mar thoradh orthu.

    3.   Bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit pleananna slándála maidir leis na córais go léir.

    Airteagal 112

    Rialtóir agus Próiseálaí do na córais

    Maidir le córais dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo agus maidir le próiseáil sonraí pearsanta:

    (a)

    feidhmeoidh na Ballstáit mar rialaitheoirí de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí sa Rialachán sin,

    (b)

    feidhmeoidh an Coimisiún mar phróiseálaí de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí sa Rialachán sin,

    (c)

    de mhaolú ar phointe (b), gníomhóidh an Coimisiún mar rialaitheoir comhpháirteach in éineacht leis na Ballstáit in ICS2,

    i gcás ina bhfuil na sonraí á bpróiseáil chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán coiteann maidir le riosca slándála agus sábháilteachta agus na mbeart rialaithe agus rialaithe tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 109(6), pointe (d) den Rialachán seo;

    i gcás ina bhfuil na sonraí á bpróiseáil chun stóráil, próiseáil agus anailísiú a dhéanamh ar eilimintí breise faisnéise i gcomhar le dearbhuithe iontrála achoimre agus chun tacaíocht a thabhairt do phróisis bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 43(3) den Rialachán seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 109(6), pointe (e) den Rialachán seo.

    (d)

    de mhaolú ar phointe (b), gníomhóidh an Coimisiún freisin mar rialaitheoir comhpháirteach in éineacht leis na Ballstáit in CRMS.

    (e)

    de mhaolú ar phointe (b), gníomhóidh an Coimisiún mar rialaitheoir comhpháirteach in éineacht leis na Ballstáit sa chóras REX,

    i gcás ina bhfuil na sonraí á bpróiseáil le haghaidh sioncrónaithe le córas náisiúnta;

    i gcás ina bpróiseáiltear sonra chun rochtain a fháil ar shonraí chun fíoruithe a dhéanamh ar dhearbhuithe custaim faoi Airteagal 188 den Chód nó rialú iarscaoilte faoi Airteagal 48 den Chód;

    i gcás ina bpróiseáiltear sonraí chun críocha staidrimh agus faireacháin maidir le húsáid an chórais REX do Bhallstáit an Aontais;

    i gcás ina bpróiseáiltear sonraí chun críocha staidrimh agus faireacháin maidir le húsáid an chórais REX do thríú tíortha.

    (f)

    de mhaolú ar phointe (b), gníomhóidh an Coimisiún mar rialaitheoir comhpháirteach in éineacht leis na Ballstáit sa chóras Faireachais.

    Airteagal 113

    Tréimhse choinneála sonraí

    1.   Is iad na Ballstáit sin a shaineoidh an tréimhse choinneála sonraí do na córais ina bhfuil na Ballstáit ina rialaitheoirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 112 den Rialachán seo, agus ceanglais na reachtaíochta custaim á gcur san áireamh, agus cuirfidh siad an tréimhse sin in iúl don Choimisiún.

    2.   Déanfar an tréimhse choinneála sonraí do na córais ina bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit ina rialaitheoirí comhpháirteacha a shainiú do na córais seo a leanas:

    (a)

    An ICS2: 10 mbliana, ag tosú ón nóiméad a phróiseáiltear na sonraí sa lárchóras den chéad uair;

    (b)

    REX: 10 mbliana tar éis an clárú a chúlghairm;

    (c)

    CRMS: 10 mbliana, ag tosú ón nóiméad a phróiseáiltear na sonraí sa lárchóras den chéad uair;

    (d)

    Faireachas: 10 mbliana, ag tosú ón nóiméad a phróiseáiltear na sonraí sa lárchóras den chéad uair.

    3.   Beidh an tréimhse choinneála sonraí infheidhme maidir leis na sonraí uile a chumhdaítear leis na córais leictreonacha.

    4.   D’ainneoin mhír 2, i gcás inar taisceadh achomharc nó ina dtionscnaítear imeachtaí cúirte a bhaineann le sonraí a stóráiltear sna córais leictreonacha, coinneofar na sonraí sin go dtí go bhfoirceannfar an nós imeachta achomhairc nó na himeachtaí cúirte.

    CAIBIDIL XIX

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 114

    Measúnú ar na córais leictreonacha

    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit measúnuithe ar na comhpháirteanna a bhfuil siad freagrach astu agus déanfaidh siad anailís go háirithe ar shlándáil agus ar shláine na gcomhpháirteanna sin agus ar rúndacht na sonraí arna bpróiseáil laistigh de na comhpháirteanna sin.

    Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit torthaí na measúnuithe sin in iúl dá chéile.

    Airteagal 115

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414.

    Déanfar tagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 116

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil na faisnéise sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 81, 9.3.2021, lch. 37).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).

    (8)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.).

    (9)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha i leith forálacha áirithe an Chóid i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha chuí ag feidhmiú go fóill agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1).

    (10)  Coinbhinsiún idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (IO L 226, 13.8.1987, lch. 2).


    Top