EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0913

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/913 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

ST/7624/2023/INIT

IO L 119, 5.5.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/913/oj

5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/913 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

An 1 Márta 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a nuashonrú maidir le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I gCuid a) (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 2a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 30:

“30.

Bosco TAGANDA

(dá ngairtear freisin a) Bosco Ntaganda, b) Bosco Ntagenda, c) General Taganda, d) Lydia (tráth a raibh sé páirteach in APR), e) Terminator, f) Tango Romeo (Glao-chomhartha), g) Romeo (Glao-chomhartha), h) Major)

Seoladh: an Bheilg (ón 14 Nollaig 2022).

Dáta breithe: Idir 1973 agus 1974.

Áit bhreithe: Bigogwe, Ruanda.

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 1 Samhain 2005 (leasaithe an 13 Deireadh Fómhair 2016, an 19 Lúnasa 2020, an 1 Márta 2023).

Faisnéis eile: Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, críoch Masisi, North Kivu agus é ina pháiste. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ in North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013 agus ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in Kigali an 22 Márta. Aistríodh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne; thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015. An 8 Iúil 2019, fuair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ciontach é in 18 scór de choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, a rinneadh in Ituri in 2002-2003. An 7 Samhain 2019, gearradh téarma príosúnachta 30 bliain ar an iomlán air. Tá achomharc déanta aige i gcoinne a chiontaithe agus a phianbhreithe. An 30 Márta 2021, dhearbhaigh Dlí-Sheomra Achomhairc na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a chiontú agus a phianbhreith. An 14 Nollaig 2022, aistríodh é chuig críoch na Beilge chun an pianbhreith a fhorghníomhú. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Ba é Bosco Taganda ceannasaí míleata UPC/L, a fheidhmíonn tionchar ar bheartais agus a choinníonn ceannas agus smacht ar ghníomhaíochtaí UPC/L, ceann de na grúpaí armtha agus mílíste dá dtagraítear i mír 20 de Rún 1493 (2003), a bhí páirteach i ngáinneáil ar airm, de shárú ar an lánchosc arm. Ceapadh ina Ghinearál ar FARDC é i mí na Nollag 2004, ach dhiúltaigh sé glacadh leis an ardú céime, agus, dá bhrí sin, d’fhan sé lasmuigh de FARDC. De réir Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, bhí sé freagrach as páistí a earcú agus a úsáid in Ituri in 2002 agus 2003, agus 155 chás ina raibh freagracht dhíreach agus/nó ceannasaíochta aige as leanaí a earcú agus a úsáid in North Kivu ó 2002 go 2009. Mar Cheann Foirne CNDP, bhí freagracht dhíreach agus ceannasaíochta air as an sléacht ag Kiwanja i mí na Samhna 2008.

Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, i gcríoch Masisi i gcúige North Kivu agus é ina pháiste. I mí an Mheithimh 2011, bhí cónaí air in Goma agus bhí feirmeacha móra aige i gceantar Ngungu de chríoch Masisi i gcúige North Kivu. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ i gcúigí North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013, ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta an 22 Márta agus aistríodh go dtí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é ina dhiaidh sin. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne. Thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015.”.


Top