Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0100

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    C/2023/234

    IO L 10, 12.1.2023, p. 36–76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj

    12.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 10/36


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/100 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Eanáir 2023

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (an bun-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    1.1.   Tionscnamh

    (1)

    An 13 Bealtaine 2022, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 an bhun-Rialacháin. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2)(“an Fógra Tionscnaimh”).

    (2)

    Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne an Coiste Eorpach um Cheaigeanna (“an gearánach”) an 31 Márta 2022. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise a bhí sa ghearán maidir leis an dumpáil agus leis an díobháil ábhartha ba thoradh uirthi chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

    1.2.   Clárú

    (3)

    De bhun Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, ba cheart don Choimisiún allmhairí atá faoi réir imscrúdú frithdhumpála a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta ach amháin más leor an fhianaise atá aige de réir bhrí Airteagal 5 nach gcomhlíontar na ceanglais faoi phointe (c) nó (d) d’Airteagal 10(4). Ós rud é gur léirigh an fhianaise sa chomhad nár comhlíonadh an ceanglas faoi phointe (d), níor chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán.

    1.3.   Páirtithe leasmhara

    (4)

    San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanann an gearánach ionadaíocht dóibh; táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais; allmhaireoirí, trádálaithe agus úsáideoirí aitheanta; táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta; agus údaráis na tíre lena mbaineann ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann.

    (5)

    Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Níor iarradh éisteacht ar bith.

    1.4.   Sampláil

    (6)

    San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

    Sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais

    (7)

    Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid an táirgthe agus an díolachán, agus suíomh geografach an tsampla á chur san áireamh. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. B'ionann táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus 73 % de tháirgeadh iomlán measta an Aontais agus 74 % de na díolacháin san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha i ndáil leis sin. Is sampla é atá ionadaíoch do thionscal an Aontais.

    1.4.1.   Sampláil na n-allmhaireoirí

    (8)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

    (9)

    Níor sholáthair ach allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. Mar sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá allmhaireoirí nach raibh baint acu leo a shampláil.

    1.4.2.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

    (10)

    Lena chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin uile na Síne an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

    (11)

    Chuir sé tháirgeoir sa tír lena mbaineann a d'onnmhairigh ceaigeanna chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, an fhaisnéis a iarradh ar fáil agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

    1.5.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíoraithe

    (12)

    Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

    (13)

    D'fhoilsigh an Coimisiún na ceistneoirí (3) le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairithe sampláilte, na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara agus tháirgeoirí an Aontais ar líne agus chuir sé an ceistneoir macrashonraí chuig an nGearánach an 20 Bealtaine 2022.

    (14)

    Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil dá deasca agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

    (15)

    I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart dianghlasála a chuir an Coimisiún i bhfeidhm, rinne sé cros-seiceálacha cianda (“RCC”) de réir a Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas de chuid na Síne:

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd, Shandong, an tSín

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd, Ningbo, Zhejiang, an tSín

    1.6.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

    (16)

    Sa imscrúdú ar an dumpáil agus ar an díobháil, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

    2.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

    2.1.   An táirge faoi imscrúdú

    (17)

    An táirge atá faoi imscrúdú, is éard atá ann ceaigeanna, soithí, drumaí, umair, bairillí agus coimeádáin eile den chineál sin, iad in-athlíonta agus déanta as cruach dhosmálta, rudaí ar a dtugtar “ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta” go coitianta, rudaí arb é cruth an tsorcóra, a bheag nó a mhór, atá ar a gcabhail, agus dar tiús balla 0.5 mm nó níos mó, rudaí ar de chineál iad a úsáidtear le haghaidh ábhair eile seachas gás leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, agus dar toilleadh 4.5 lítear nó níos mó, gan beann ar chineál na bailchríche nó an tomhsaire ná ar ghrád na cruach dosmálta, bíodh comhpháirteanna breise ag gabháil leo nó ná bíodh (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile), bídís péinteáilte nó ná bídís, bídís brataithe ag ábhair eile nó ná bídís (“Ceaigeanna” nó “an táirge atá faoi imscrúdú”).

    (18)

    Ní thagann na táirgí seo a leanas faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo nuair a allmhairítear iad ar leithligh ón táirge atá faoi imscrúdú: scóigeanna, sleánna, cúplóirí nó sconnaí, coiléir, comhlaí agus comhpháirteanna eile den táirge atá faoi imscrúdú (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile).

    2.2.   An táirge lena mbaineann

    (19)

    Is é an táirge lena mbaineann an táirge de thionscnamh na Síne atá faoi imscrúdú, a thagann faoi chóid AC ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90 (cóid TARIC 7310100010 agus 7310299010) faoi láthair (“an táirge lena mbaineann”).

    2.3.   Táirge comhchosúil

    (20)

    Léiríodh leis an imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla agus na húsáidí bunúsacha atá ag na táirgí seo a leanas:

    an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

    an táirge faoi imscrúdú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargaí intíre na Síne; agus

    an táirge faoi imscrúdú a tháirgeann agus a dhíolann tionscal an Aontais san Aontas.

    (21)

    Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

    3.   DUMPÁIL

    3.1.   An tSín

    3.1.1.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

    (22)

    Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurb iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (23)

    Dá dheasca sin, chun na sonraí a bhailiú, ar sonraí iad is gá chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, san Fhógra Tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun ceaigeanna a tháirgeadh. Chuir sé tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach

    (24)

    D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar cheistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíricí a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. D’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne a bharúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

    (25)

    Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh Meicsiceo agus an Tuirc a bheith ina dtríú tíortha ionadaíocha iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

    (26)

    An 20 Iúil 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáideadh chun ceaigeanna a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is iad sin Meicsiceo, an Bhrasaíl agus an Rúis mar thíortha ionadaíocha iomchuí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

    (27)

    An 19 Meán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Chuir sé in iúl do na páirtithe leasmhara freisin go mbunódh sé costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (“SG&A”) agus brabúis bunaithe ar an táirgeoir KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ina leith sin. Fuarthas barúlacha ón dá táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte.

    (28)

    Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoin Dara Nóta, tháinig an Coimisiún ar chonclúid shealadach gur rogha iomchuí í an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch óna bhféadfaí praghsanna agus costais neamhshaofa a fháil chun an gnáthluach a chinneadh ag an gcéim shealadach. Tuairiscítear na bunchúiseanna leis an rogha sin ar bhonn níos mionsonraithe i Roinn 3.2.1.1 thíos.

    3.2.   Gnáthluach

    (29)

    De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “bunófar an gnáthluach de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

    (30)

    Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “más rud é go gcinntear (…) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús” (tagraítear anseo feasta do “costais riaracháin, díola agus ghinearálta” mar “SG&A”).

    (31)

    Mar a mhínítear tuilleadh sna foranna seo a leanas, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

    3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

    (32)

    In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach sa tSín (4), arb é sin an príomh-amhábhar chun ceaigeanna a tháirgeadh, fuair an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

    (33)

    Sna himscrúduithe sin, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (5). Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (6), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (7). Chinn an Coimisiún sa bhreis air sin go raibh éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus ó thaobh soláthar amhábhar agus ionchur de freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín déantar acmhainní a chomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (8). Ina theanna sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (9). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) (10), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (11).

    (34)

    Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarratas, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (12) (“Tuarascáil”), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh inti freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a fuarthas in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo.

    (35)

    Maítear san iarratas go dtéann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch idirghabhálach chun tabhairt faoi spriocanna, rud atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn Páirtí Cumannach na Síne (“CCP”) seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor. San iarratas i dtaca leis sin, ní hamháin gur léiríodh an saobhadh sa mhargadh cruach dosmálta (arb ionann cruach dhosmálta agus idir 40 % agus 60 % den chostas ar tháirgeadh na gceaigeanna) ach maíodh ann freisin go bhfuil gach toisc eile den táirgeadh – talamh, caipiteal, saothar - chomh saofa céanna. Dá dheasca sin, cinneadh leis an iarratas, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre maidir le cruach dhosmálta lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do chostais na n-ionchur uile, lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú freisin.

    (36)

    Chun tacú lena seasamh, rinneadh tagairt san iarratas do roinnt foinsí faisnéise atá ar fáil go poiblí, amhail an Tuarascáil, na conclúidí ar tháinig an EUCCC orthu (13), na himscrúduithe a rinne an Coimisiún le déanaí ar earnáil cruach (14)na Síne chomh maith le conclúidí Fhóram Domhanda G20 maidir le Ró-Acmhainní sa Tionscal Cruach (15).

    (37)

    Mar a tugadh le fios in aithris (24), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl nó níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil.

    (38)

    Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi imscrúdú, i.e. an earnáil cruach. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach de chuid na Síne a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (16). Ag an am céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % de tháirgeacht iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú go thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin (17). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair sé go n-eiseofaí treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (18) D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha na gcuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag tearcfheidhmiú (19). Ós rud é nach raibh aon chomhar ann ón Rialtas na Síne, i bhfianaise an líon FBManna a bhí gníomhach san earnáil a bheith ann, ní fhéadfaí an cóimheas beacht idir na táirgeoirí cruach príobháideacha agus na táirgeoirí cruach faoi úinéireacht an stáit a shuí. In aon chás, léiríodh san imscrúdú go bhfuil táirgeoir amháin ar a laghad de na ceaigeanna ina cuideachta faoi úinéireacht stáit, eadhon Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd.

    (39)

    Cé nach bhfuil faisnéis shonrach r fáil maidir leis an táirge faoi imscrúdú, is ionann an earnáil, áfach, agus fo-earnáil de thionscal na cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil cruach a bheith táscach freisin maidir leis an táirge faoi imscrúdú. Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí leis an tSín maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne i leith na hearnála, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach ar an leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (20) nó leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil “cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh agus chur chun cinn an rialtais” agus a dhéanfaidh sí “grúpa cuideachtaí forásacha a chothú lena mbaineann ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas” (21). Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne chun na forbairtí san earnáil a mhaoirsiú agus a threorú a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Shandong ina dtuartar ní hamháin go ndéanfar “éiceolaíocht thionscal cruach a thógáil […], páirceanna monaraíochta a bhunú, an slabhra tionsclaíoch a leathnú agus braislí tionsclaíocha a chruthú” ach go bhfuil mian ann “go soláthródh an tionscal cruach eiseamláir do chlaochlú agus d’uasghrádú […] inár gcúige agus fiú sa tír ina hiomláine (22)“.

    (40)

    Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó Rialtas na Síne, agus de bharr gur FBManna iad formhór na dtáirgeoirí ceaigeanna, níorbh fhéidir a shuí gur ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus Páirtí Cumannach na Síne. Mar sin féin, léiríodh san imscrúdú go bhfuil dlúthbhaint ag lucht bainistíochta Shandong Gold Group, cuideachta faoi úinéireacht stáit agus scairshealbhóir rialaithe Penglai Jinfu Stainless Steel Products leis an CCP: tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Ghrúpa Shandong Gold ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí freisin agus bhí sé ina ionadaí ag 515ú Comhdháil Náisiúnta an CCP agus tá Stiúrthóir agus Bainisteoir Feidhmiúcháin Ghrúpa Shandong Gold ina Leas-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí freisin.

    (41)

    Ós rud é go bhfuil an táirge faoi imscrúdú agus ina fho-earnáil den earnáil cruach, tá faisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach ábhartha freisin don táirge faoi imscrúdú. I gcatagóir i gcoitinne na hearnála cruach, tá go leor fianaise ann ar naisc phearsanta idir na táirgeoirí cruach agus Páirtí Cumannach na Síne. Le sampla a thabhairt, fónann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baowu ag an am céanna mar Rúnaí Choiste an Pháirtí, agus fónann an Bainisteoir Ginearálta mar Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí (23). Ar an gcaoi chéanna, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baosteel, is aige atá ról rúnaí Choiste an Pháirtí, agus tá an Bainisteoir Feidhmiúcháin ina Leas-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (24). Go ginearálta, i bhfianaise infheidhmeacht ghinearálta na reachtaíochta maidir le láithreacht Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, cumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus costais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí, ní féidir glacadh leis go mbeadh an cumas sin difriúil i ndáil leis an táirge faoi imscrúdú i gcomparáid leis an earnáil cruach i gcoitinne.

    (42)

    Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil cruach faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Ós rud é nár chomhoibrigh Rialtas na Síne san imscrúdú seo agus gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad táirgeoirí na gceaigeanna den chuid is mó, bhí sé deacair scála beacht an neartaithe páirtithe sna fiontair ó thionscal na gceaigeanna a shuí. Mar sin féin, léiríodh leis an imscrúdú go dtacaíonn Shandong Gold Group (scairshealbhóir rialaithe Penglai Jinfu Stainless Steel Products) go gníomhach le gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí. Is é seo a leanas an tuairisc a tugadh ar ról choiste páirtí na cuideachta: “Ní mór dúinn an deis iontach a thapa ón rialtas láir, ó Choiste Páirtí Cúige Shandong agus ón Rialtas Cúige a thacaíonn le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit maidir le dlús a chur le fiontair den scoth a fhorbairt, súil a choinneáil ar spriocanna straitéiseacha, fócas straitéiseach a choimeád, cur chun feidhme straitéiseach a neartú, agus cloí le socrú foriomlán na spriocanna foriomlána, na spriocanna idirmheánacha, agus na spriocanna bliantúla, cloí leis an gcomhcheangal de phleanáil straitéiseach agus cur chun cinn beartach” agus “an páirtí a reáchtáil ar bhealach docht cuimsitheach, na ceanglais ghinearálta maidir le neartú páirtí sa ré nua a chur chun feidhme go hiomlán, agus ráthaíocht láidir d'fhorbairt ard-chaighdeáin a sholáthar. Is gá forbairt pholaitiúil an pháirtí a neartú go cuimsitheach, cloí go docht leis an smacht polaitiúil agus leis na rialacha polaitiúla, breithiúnas polaitiúil, tuiscint pholaitiúil agus cur chun feidhme polaitiúil eagraíochtaí páirtí a fheabhsú go héifeachtach ar gach leibhéal agus i gcás na gcomhaltaí páirtí agus an luchta bainistíochta ar fad, agus ardleibhéal comhsheasmhachta a choinneáil i gcónaí le Lárchoiste an Pháirtí agus Comrade Xi Jinping ina chroílár, “ceithre chomhfhios” a bhunú, “ceithre fhéinmhuinín” a threisiú, agus “dhá chothabháil” a bhaint amach (25).

    (43)

    Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge atá faoi imscrúdú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Cé nárbh fhéidir aon doiciméid bheartais lena dtreoraítear go sonrach forbairt an tionscail ceaigeanna a shainaithint san imscrúdú, tairbhíonn an tionscal de threoir agus d’idirghabháil rialtais san earnáil cruach, i bhfianaise gurb ionann an táirge faoi imscrúdú agus ceann dá bhfo-earnálacha.

    (44)

    Measann Rialtas na Síne gur tionscal ríthábhachtach é an tionscal cruach i gcónaí (26). Deimhnítear san iliomad pleananna, treoracha éagsúla agus doiciméad atá dírithe ar an earnáil cruach, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. Faoin 536ú Plean 5 Bliana a glacadh i mí an Mhárta 2021, chuir Rialtas na Síne an tionscal cruach ar leataobh lena aistriú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena gcoigeartú ar bhonn struchtúrach (27).

    (45)

    Ina theannta sin, liostaítear an earnáil sa 14ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt, is infheidhme freisin ar an tionscal cruach, mar “bhunchloch an fhíorgheilleagair” agus mar “phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne” agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (28).

    (46)

    Sa 14ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt cuimsítear roinnt spriocanna sonracha maidir le forbairt na hearnála cruach. Cuimsítear na forálacha seo a leanas i Roinn IV, Pointe 3 den doiciméad: “An struchtúr eagraíochtúil a bharrfheabhsú: príomhfhiontair a dhéanamh níos mó agus níos láidre. Cloí leis an gcomhcheangal de cheannaireacht sa mhargadh agus cur chun cinn rialtais, fáil réidh le bacainní ar chumaisc thrasréigiúnacha agus atheagrú trasréigiúnach, fáil réidh le srianta amhail deighilt sa mhargadh agus imshuí réigiúnach, mórfhadhbanna a tharlaíonn i gcumaisc thrasréigiúnacha agus atheagrú trasréigiúnach fiontar a chomhordú agus a réiteach, tacú le fiontair ó thaobh dlús a chur le cumaisc thrasréigiúnacha agus tras-úinéireachta agus atheagrú trasréigiúnach agus tras-úinéireachta, agus leibhéal comhchruinnithe an tionscail a mhéadú, gnó idirnáisiúnta a fhorbairt. I …, cruach, … agus tionscail eile, grúpa de phríomhfhiontair sa slabhra tionsclaíoch a chothú lena mbaineann ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas”.

    (47)

    Tá na Pleananna 5 Bliana thuasluaite ar an leibhéal lárnach léirithe athluaite sna Pleananna 5 Bliana cúige agus/nó bardasacha nó i bpleananna cur chun feidhme na bPleananna 5 Bliana. Mar shampla, i bplean cur chun feidhme Henan maidir le haistriú agus uasghrádú an tionscail cruach le linn an 14ú Plean 5 Bliana cuimsítear na forálacha seo a leanas maidir le: pointe 2(1): rialú docht ar an acmhainne táirgthe iomlán; pointe 2(2): dlús a chur le cumaisc agus éadálacha agus iad a chur chun cinn; pointe 2(3): boinn shainiúla táirgthe cruach a thógáil (29).

    (48)

    Seachas an 558ú Plean 5 Bliana, déantar dianrialú ar an tionscal n le doiciméid bheartais eile. Mar shampla, d'eisigh Hebei, an cúige is mó ina dtáirgtear cruach sa tSín, Plean Gníomhaíochta 3 Bliana ar Fhorbairt Braislí i Slabhra an Tionscail Cruach 2020 - 2022 (infheidhme le linn na tréimhse imscrúdúcháin). Rialaítear leis an doiciméad seo an tionscal cruach mar a leanas: “Cloí le coigeartú struchtúrach agus béim a leagan ar éagsúlú táirgí. Coigeartú struchtúrach agus barrfheabhsú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go daingean, atheagrú, aistriú agus uasghrádú comhpháirteach fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair mhórscála, nuachóiriú trealaimh theicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha.” Ina theannta sin, leagtar síos leis an bplean spriocanna sonracha do struchtúr na bhfiontar cruach sa chúige: “Forbairt grúpaí a chothú go seasta. Dlús a chur leis an athchóiriú ar úinéireacht mheasctha fiontar faoi úinéireacht stáit, díriú ar chumasc agus atheagrú trasréigiúnach na bhfiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra den scoth, 3-5 ghrúpa mhóra a bhfuil tionchar éigin acu sa bhaile mar cholúin, agus 8-10 ngrúpa fiontraíochta nua, úrscothach a sainiúla a bhunú”.

    (49)

    Ar deireadh, beartaítear leis an bplean tacaíocht stáit chun iomaíochas domhanda na bhfiontar cruach atá lonnaithe in Hebei a fheabhsú: “Forbairt ábhartha éagsúlaithe a áirithiú go hiomchuí. Tacú le fiontair iarainn agus cruach chun tionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, amhail glúin nua teicneolaíochta faisnéise, trealamh ardleibhéil agus ábhair nua, agus dlús a chur le forbairt na dtionscal seirbhíse nua-aimseartha, amhail lóistíocht nua-aimseartha, seirbhísí airgeadais, ríomhthráchtáil etc. Fiontair incháilithe iarainn agus cruach a spreagadh chun forbairt a dhéanamh i dtreo próiseáil chuimsitheach ar nós gluaisteán agus páirteanna meicniúla, rópaí sreinge cruach, snáitheanna cruach agus leictreoidí táthaithe etc. Comhar maidir leis an acmhainn táirgthe idirnáisiúnta a neartú, fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcumaisc agus atheagrú fiontar iarainn agus cruach eachtrach trí bhealaí éagsúla, agus fiontair iarainn agus cruach iomaíocha sa chúige a threorú chun infheistíocht a dhéanamh agus monarchana a thógáil ar an gcoigríoch” (30).

    (50)

    Thairis sin, liostaítear in Guiding Catalogue for Industry Restructuring (2019 Version) (Leagan 2019) (31) cruach mar thionscal spreagtha.

    (51)

    Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi imscrúdú. Le bearta den sórt sin cuirtear cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

    (52)

    Níor nochtadh aon fhianaise san imscrúdú reatha seo nach ndéanfaí aon difear le cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor dlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2 (6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, san earnáil ceaigeanna dá dtagraítear thuas in aithris (33), nach ndéanfaí aon difear leis an méid sin do mhonaróirí an táirge atá faoi imscrúdú.

    (53)

    Ina theannta sin, tá an earnáil ceaigeanna faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (33) freisin. Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (32).

    (54)

    Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d'earnáil an táirge faoi imscrúdú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (33) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

    (55)

    Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí ceaigeanna na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

    (56)

    Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre ceaigeanna a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha rialtais a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

    (57)

    Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin.

    (58)

    Mar achoimre, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla arna ndéanamh ag an rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhar ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn a leanas.

    3.2.1.1.   Tír ionadaíoch

    Barúlacha ginearálta

    (59)

    Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (33);

    Táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa tír sin;

    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

    I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil inti.

    (60)

    Mar a mhínítear in aithrisí (26) agus (27), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuí. an Chéad Nóta faoi thosca táirgeachta an 20 Iúil 2022 agus an Dara Nóta faoi na tosca táirgeachta an 19 Meán Fómhair 2022. Tugtar tuairisc leis na nótaí sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Sa Dara Nóta faoi thosca táirgeachta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na Síne agus táirgeadh an táirge faoi imscrúdú

    (61)

    Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, Meicsiceo, agus an Rúis mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus ar tíortha iad arb eol don Choimisiún go monaraítear an táirge atá faoi imscrúdú iontu. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa nóta sin.

    (62)

    Sa Dara Nóta chuir an Coimisiún in iúl, i gcás ceann de na tíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil an táirge faoi imscrúdú á tháirgeadh, i.e. Meicsiceo, gur chuir an táirgeoir ceaigeanna stop le táirgeadh roimh an tréimhse imscrúdúcháin agus nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil i ndiaidh 2017 i mbunachar sonraí Orbis (34). Dá bhrí sin, níor measadh gur thír ionadaíoch fhéideartha í Meicsiceo don imscrúdú seo a thuilleadh.

    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

    (63)

    Sa Dara Nóta thug an Coimisiún le fios nach raibh méid réasúnach brabúis ag an aon táirgeoir ceaigeanna sa Rúis a sainaithníodh sa Chéad Nóta in 2021 ná in 2020.

    (64)

    Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios go raibh sonraí ar fáil aige lena léiríodh méid réasúnta brabús de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán do tháirgeoir amháin sa Bhrasaíl amháin, KHS Industria de Maquinas LTDA agus don bhliain 2020 amháin. Ní raibh aon sonraí airgeadais nuashonraithe ar fáil go fóill do 2021.

    (65)

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus an KHS Industria de Maquinas LTDA a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Brasaíle mar thír ionadaíoch agus ar KHS Industria de Maquinas LTDA mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch.

    (66)

    I ndiaidh an Dara Nóta, fuarthas tuairimí ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, ina raibh an méid seo a leanas á áitiú:

    (a)

    Thug an táirgeoir KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl le fios sa Dara Nóta ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, nach raibh sé oiriúnach, toisc go raibh sé speisialaithe in innealtóireacht agus táirgeadh trealaimh athlíonta nó tánaisteach, seachas ceaigeanna a mhonarú.

    (b)

    Mar gheall ar an saobhadh ar an margadh sa Bhrasaíl (dleachtanna frithdhumpála ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta ade thionscnamh na Síne, cuótaí onnmhairithe ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta i leith na Stát Aontaithe agus taraifí ar allmhairí táirgí cruacha dosmálta cothrom-rollta de thionscnamh na hIndinéise, na Beilge, na Fionlainne, na hAfraice Theas, na Síne agus na Gearmáine) saobhadh margadh táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta (HS721933) na Brasaíle agus dá bhrí sin, bhí luach na toisce táirgeachta ba thábhachtaí sa Bhrasaíl neamhiontaofa.

    (c)

    An taraif allmhairiúcháin a chuir an Bhrasaíl i bhfeidhm ar na trí phríomh-amhábhar (cruach, sleánna agus scóigeanna), b’airde í ná mar a chuir roinnt mhaith tíortha eile i bhfeidhm. Bhí margadh áitiúil na Brasaíle níos cosantaí ná margaí eile dá bhrí sin.

    (d)

    Cuid d’allmhairí na mórthosca a bhaineann le táirgeadh ceaigeanna go dtí an Bhrasaíl, is ón tSín a allmhairíodh iad (37 % de tháirgí cruach cothrom-rollta, 50 % de na sleánna agus 54 % de na scóigeanna), agus mar sin cuireadh as do phraghsanna margaidh na dtosca táirgeachta sin sa Bhrasaíl.

    (67)

    Mar thoradh air sin, mhaígh na páirtithe go raibh amhras ann faoi iontaofacht na sonraí margaidh sa Bhrasaíl chun luach margaidh neamhshaofa a shuí do na tosca táirgeachta.

    (68)

    Mhol an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch iomchuí, toisc go raibh leibhéal forbartha eacnamaíche inti cosúil leis an tSín, fiú mura raibh aon táirgeoir ceaigeanna sa Mhalaeisia.

    (69)

    Mar sin féin, níorbh fhéidir an Mhalaeisia a mheas mar thír ionadaíoch fhéideartha, ós rud é, mar a d'admhaigh na páirtithe féin, nach raibh aon táirgeadh ceaigeanna sa Mhalaeisia.

    (70)

    Rinne an Coimisiún athbhreithniú breise (35) ar an bhfianaise maidir le saobhadh dóchúil ar an margadh ar tháirgí atá déanta as cruach dhosmálta cothrom-rollta (HS721933) sa Bhrasaíl. Níl dleachtanna frithdhumpála margaidh ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta de thionscnamh na Síne ábhartha, ós rud é go n-eisiatar allmhairí ón tSín agus praghas tagarmhairc an amhábhair á shuí. Ní cosúil go gcuirtear teorainn leis na cuótaí onnmhairiúcháin ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta i leith na Stát Aontaithe leis na hallmhairí ó na Stáit Aontaithe, ós rud é gurb é an tríú onnmhaireoir is mó fós don táirge seo go dtí an Bhrasaíl (an tSín agus an Indinéis ina dhiaidh sin). Ina theannta sin, tá praghas beagán níos airde ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta chuig an mBrasaíl ó na Stáit Aontaithe ná mar atá ar allmhairí ó na deich dtír allmhairíochta is mó (gan an tSín san áireamh (16.3 EUR/kg agus 14.5 EUR/kg de tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta, faoi seach). I bhfianaise na bhfíricí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint go ndearnadh margadh táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta (HS721933) na Brasaíle a shaobhadh de bharr na ndleachtanna frithdhumpála i leith na Síne agus na gcuótaí onnmhairiúcháin i leith na Stát Aontaithe.

    (71)

    Maidir leis an leibhéal taraife allmhairiúcháin ar na trí phríomh-amhábhar, luaigh an Coimisiún nach gcuirtear san áireamh sna luachanna neamhshaofa a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh dleachtanna ar allmhairí toisc gur athróg ionadach iad maidir le praghas ar mhargadh intíre na dtíortha ionadaíocha féideartha. Dá bhrí sin, ní toisc ábhartha i bprionsabal é comparáid theibí a dhéanamh idir leibhéil na ndleachtanna allmhairiúcháin faoi seach maidir leis na hamhábhair chun comparáid a dhéanamh idir oiriúnacht na dtíortha ionadaíocha. In aon chás, luaigh an Coimisiún nach bhfuil i leibhéal na ndleachtanna ar allmhairí ach ceann amháin de na heilimintí lena mheas an bhfuil margadh áirithe oscailte nó faoi chosaint, agus níor chuir an páirtí aon fhianaise shonrach eile isteach lena léiriú gurbh amhlaidh an cás don Bhrasaíl maidir leis na hamhábhair lena mbaineann. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin.

    (72)

    Maidir le hallmhairiú na bpríomh-amhábhar ón tSín, rinne an Coimisiún comparáid idir an Bhrasaíl agus an Rúis, an dá thír ionadaíocha fhéideartha, i gcás inar ndeimhníodh táirgeadh ceaigeanna. Léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin go raibh allmhairí na mórthoisce táirgeachta, cornaí cruach dosmálta (HS721933) ón tSín isteach sa Rúis, arb ionann é agus os cionn 50 % den chostas ar tháirgeadh ceaigeanna, níos airde ná an Bhrasaíl (allmhairíodh 60 % de chornaí cruach dosmálta go dtí an Rúis ón tSín, agus bhí an cion i bhfad níos ísle don Bhrasaíl (37 %). Ina theannta sin, bhí allmhairí sleánna ón tSín isteach sa Rúis, arb ionann é agus os cionn 20 % den chostas ar tháirgeadh gceaigeanna, níos airde ná an Bhrasaíl freisin (68 % agus 50 % faoi seach). Agus meáchan an dá phríomh-amhábhar sin (corna agus sleá cruach dosmálta) i gcostas táirgthe ceaigeanna á chur san áireamh, bhainfeadh na difríochtaí sin idir méid na n-allmhairí ón tSín féin de chaighdeán na sonraí le haghaidh luachanna neamhshaofa sa Rúis níos mó ná sa Bhrasaíl. I bhfianaise an méid sin, níor measadh gur tír ionadaíoch iomchuí í an Rúis de réir bhrí Airteagal 2(6ú)(a) den bhun-Rialachán.

    (73)

    Rinne an Coimisiún athbhreithniú freisin ar an bhfianaise maidir le KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl agus dhearbhaigh sé go raibh speisialtóireacht ag an gcuideachta in innealtóireacht agus i dtáirgeadh na teicneolaíochta agus an chórais líonta le haghaidh trasdoirteadh beorach i gceaigeanna agus le haghaidh trealamh athlíonta nó trealamh tánaisteach, seachas ceaigeanna a mhonarú. Ní fhéadfaí é a mheas mar tháirgeoir ceaigeanna a thuilleadh dá bhrí sin.

    (74)

    Go deimhin, shainaithin an Coimisiún dhá tháirgeoir bhreise ceaigeanna sa Chéad Nóta. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún sonraí airgeadais iomchuí a aimsiú d'aon cheann de na táirgeoirí ceaigeanna sainaitheanta eile sa Bhrasaíl. D'uireasa tagarmharc iomchuí chun SG&A réasúnta agus brabús a bhunú don táirge atá faoi imscrúdú sa Bhrasaíl, an t-aon tír ionadaíoch atá fágtha inar deimhníodh táirgeadh ceaigeanna agus dá bhrí sin infhaighteacht na bpríomh-amhábhar, mheas an Coimisiún go sealadach go bhféadfadh sonraí cuideachtaí in earnáil a tháirgeann táirge comhchosúil a bheith iomchuí sna himthosca sin. Dá bhrí sin, chuardaigh sé sonraí maidir le táirgeoirí réimse táirgí atá cosúil le ceaigeanna, mar atá, táirgí a bhí comhchosúil ó thaobh an amhábhair a úsáidtear de, agus ó thaobh fhoirm agus chuspóir an táirge deiridh de. Bhí an taighde bunaithe ar chóid NACE (36). Bhí na sonraí ó chúig chuideachta ag a raibh an cód NACE 2592 (pacáil miotail éadroim), a tháirgeann cannaí miotail, táirgí pacála, coimeádáin don tionscal bia, ar fáil i mbunachar sonraí Orbis (37) agus d'fhéadfaí a mheas go bhfuil na táirgí a mhonaraíonn na cuideachtaí sin cosúil le ceaigeanna i gcomhthéacs an amhábhair a úsáidtear, fhoirm agus chuspóir an táirge deiridh. Ina theannta sin, i mbunachar sonraí Orbis, cláraíodh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín faoin gcód NACE céanna, is é sin 2592, mar tháirgeoirí cannaí miotail, táirgí pacála, agus coimeádán don tionscal bia. Ar deireadh, as na cúig tháirgeoir cannaí miotail, táirgí pacála, agus coimeádán sa Bhrasaíl, ní raibh sonraí airgeadais maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin ach ag ceann amháin acu, is é sin Metalurgica Mococa SA (38).

    (75)

    Bunaithe ar anailís ar na sonraí atá ar fáil, chinn an Coimisiún an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch chuí ag céim shealadach an imscrúdaithe agus úsáid a bhaint as sonraí airgeadais cuideachta amháin, Metalurgica Mococa SA, maidir leis an ngnáthluach ríofa i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

    (76)

    Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin a bhí ar fáil, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

    Conclúid

    (77)

    I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, lena mheas gur tír ionadaíoch iomchuí í.

    Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí

    (78)

    Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

    (79)

    Ina theannta sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (“GTA”) chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, dúirt an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an EIS chun costais neamhshaofa saothair (39) agus taighde Praghsanna Leictreachais Domhanda le haghaidh leictreachais a shuí (40).

    (80)

    Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin, mar gheall ar mheáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair i gcostas iomlán táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gur cuireadh na hearraí diomaibhseacha sin i ngrúpaí faoi “thomhaltáin”. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas foriomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó bheith ag úsáid na bpraghsanna agus tagarmharcanna neamhshaofa arna socrú sa tír ionadaíoch iomchuí.

    Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

    3.2.1.2.   Tosca táirgeachta

    (81)

    I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcros-seiceálacha cianda, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a shuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

    Tábla 1

    Tosca táirgeachta ceaigeanna

    Toisc Tháirgeachta

    Cód Tráchtearra

    Luach neamhshaofa

    Amhábhair

    Conra Cruach Dosmálta

    721933

    16,73 CNY/Kg

    Sleá

    84819090

    387,18 CNY/Kg

    Scóig

    73269090

    100,27 CNY/Kg

    Fuíoll

    720421

    8,86 CNY/Kg

    Saothar

    Pá saothair san earnáil monaraíochta

    N/B

    29,20 CNY/uair an chloig

    Fuinneamh

    Leictreachas

    N/B

    0,7475 CNY/kWh

    Amhábhair

    (82)

    Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a sheachadtar iad ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Rinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch a chinneadh mar mheán ualaithe i bpraghsanna aonaid maidir le hallmhairí ó gach tríú tír seachas an tSín agus tíortha nach baill den EDT iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41). Chinn an Coimisiún allmhairí ón tSín a eisiamh sa tír ionadaíoch toisc gur chinn sé in aithris (58) nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín mar go bhfuil saobhadh suntasach inti i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis na hallmhairí isteach sa Bhrasaíl ón tSín agus ó thíortha, a bhfuil geilleagar neamh-mhargaidh iontu, a eisiamh, shuigh an Coimisiún go raibh allmhairí na bpríomh-amhearraí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

    (83)

    I ndiaidh an Dara Nóta, d'éiligh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte gurb é HS848180 agus ní HS848190 an cód HS ceart le haghaidh sleánna ba chóir a úsáid chun luach neamhshaofa an amhábhair sin a shuí. D'áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin go seasann an cód HS848180 do sconnaí, do bhuacaire, do chomhlaí agus d'fhearais chomchosúla do phíopaí, do scealla coire, d'umair, do dhabhcha nó dá leithéidí, ach tagraíonn an cód HS848190 do chodanna díobh. Mhaígh na honnmhaireoirí sampláilte gur cineál comhla ann féin is ea sleá, seachas codanna de chomhla. Toisc gur é píosa/mír tomhas an aonaid don chód sin in ainmníocht na Brasaíle, léirítear leis go cuí an dóigh a bhfaightear an t-ábhar sin agus an dóigh a ndéantar praghsáil. Ina theannta sin, is é sin an cód a úsáideann soláthróirí na sleánna nuair a onnmhairíonn siad iad ón Aontas. Dá bhrí sin, is é an cód HS848180 an t-aicmiú ceart do na sleánna.

    (84)

    Shoiléirigh an Coimisiún go n-áirítear i gceannteideal HS 8481, i measc nithe eile, “aonaid dáilte beorach gás-oibrithe le haghaidh cuntair beáir, ina gcuimsítear go bunúsach buacaire lámhoibrithe amháin nó níos mó a fhothaítear le brú dé-ocsaíde carbóin a phíobaítear i mbairillí beorach”. Deartar sleá ceaig chun an gás brúchóirithe (dé-ocsaíd charbóin) a choimeád laistigh den cheaig agus chun an leacht carbónáithe a dháileadh agus a shreabhadh aibithe á áirithiú. Déantar an fheidhm sin go príomha leis an sásra atá i gcorp shleá an cheaig ina n-ionchorprú comhla (nó dhá comhlaí ag brath ar an leagan). Dá bhrí sin, is féidir sleá a mheas mar chuid de na haonaid dáilte beorach ghás-oibrithe a chumhdaítear faoi raon feidhme cheannteideal HS 8481 agus ba cheart iad a aicmiú faoi chód CN 848190. Ina theannta sin, chuir ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a dhoiciméadacht allmhairiúcháin maidir le sleánna isteach, ina léiríodh allmhairiú sleánna faoin HS848190. Ar an iomlán, dúirt leath na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha go bhfuil an cód HS848190 le húsáid le haghaidh sleánna. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’éileamh na bpáirtithe an cód HS848180 a úsáid.

    (85)

    Rinneadh sonraí maidir le hallmhairí sleánna chun na Brasaíle a aicmiú faoin dá chód leathnaithe ábhartha: 84819010 (codanna de chomhlaí aerasóil, fearais a úsáidtear le haghaidh seomraí folctha, etc.) agus 84819090 (codanna de sconnaí, fearais eile le haghaidh canálú, etc.). Is é 84819090 a roghnaíodh, ós rud é nach raibh na sleánna ina gcodanna de chomhlaí aerasóil.

    (86)

    I gcás roinnt tosca táirgeachta, na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, ní raibh i gceist leo ina gceann agus ina gceann imscrúdúcháin ach sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána le linn thréimhse an athbhreithniúcháin. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh sin ar na ríomhanna corrlaigh dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh mar thomhaltáin mar a mhínítear in aithris (80).

    (87)

    Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm.

    (88)

    Na costais iompair arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair a sholáthar, shloinn an Coimisiún iad mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus ansin chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair tuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig geata na cuideachta iad.

    Saothar

    (89)

    D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS (42) chun an pá sa Bhrasaíl a chinneadh. Le staitisticí EIS soláthraíodh faisnéis ar phá míosúil oibrithe in earnáil na monaraíochta agus ar mheánuaireanta seachtainiúla a oibríodh (43) sa Bhrasaíl in 2021. Cuireadh costais bhreise saothair a íocann an fostóir, bunaithe ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí (44), leis an bpá míosúil.

    (90)

    Le linn an RCC ar tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin, níor aimsigh an Coimisiún taifead ach do na gnáthuaireanta saothair amháin agus ní do na huaireanta saothair iarbhír. Thuairiscigh an táirgeoir onnmhairiúcháin go raibh na huaireanta saothair iarbhír 10 nóiméad níos airde ar an meán roimh an seal/an lá a oibríodh nó ina dhiaidh chun teacht chuig na saoráidí táirgthe agus iad a fhágáil. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún 20 nóiméad in aghaidh na seala/an lae le gnáthuaireanta saothair an táirgeora onnmhairiúcháin sin.

    Leictreachas

    (91)

    Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios go n-úsáidfidh sé an taighde um Praghsanna Leictreachais Domhanda chun tagarmharcáil leictreachais (45) a dhéanamh. Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na sonraí ó EDP Brasil (46), an príomhsholáthróir leictreachais i margadh áitiúil na Brasaíle, agus na taraifí éagsúla do bhuaicthréimhsí agus tréimhsí seachbhuaice a chur san áireamh, sin agus na praghsanna ábhartha a ghearrtar ar chatagóir na dtomhaltóirí tionsclaíocha, nithe a bhí iontaofa maidir leis an tagarmharc leictreachais.

    (92)

    Foilsíonn an Aireacht Mianadóireachta agus Fuinnimh sa Bhrasaíl (Ministério de Minas e Energia) tuarascáil bhliantúil ar an earnáil fuinnimh sa Bhrasaíl (47). Cuimsítear i dtuarascáil 2021 an mheántaraif leictreachais (48) ó na príomhsholáthróirí leictreachais go léir a chuirtear i bhfeidhm ar na húsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl (49). Mheas an Coimisiún gurb í an fhoinse sin an fhoinse is iontaofa chun an tagarmharc leictreachais a shuí, toisc go n-áiríodh léi na meántaraifí a bhí á gcur i bhfeidhm ag na príomhsholáthróirí leictreachais go léir sa Bhrasaíl, rud a bhí ag teacht salach ar an bhfoinse sonraí a mhol na táirgeoirí onnmhairiúcháin, nach ndearnadh tagairt inti ach d'aon soláthróir amháin. Dá bhrí sin, d'úsáid sé an mheántaraif leictreachais do na húsáideoirí tionsclaíocha a foilsíodh sa tuarascáil ón Aireacht Mianadóireachta agus Fuinnimh sa Bhrasaíl in 2021.

    Forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus brabúis

    (93)

    De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.” Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

    (94)

    Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú go hiarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir le costais neamhshaofa na monaraíochta.

    (95)

    Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí maidir le SG&A agus le bhrabús, bhraith an Coimisiún ar shonraí airgeadais Metalurgica Mococa SA in 2021, arna mbaint as bunachar sonraí Orbis.

    Ríomh

    (96)

    De réir an mhéid thuas, is ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha a ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an bunchineál táirge, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    (97)

    Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír gach toisc táirgeachta aonair an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch. Deimhníodh na rátaí tomhaltais sin a chuir na táirgeoirí easpórtála ar fáil le linn na cros-seiceála cianda. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in aithrisí (82) - (88).

    (98)

    A luaithe a socraíodh an costas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta i bhfeidhm, mar a luaitear in aithris (94).

    (99)

    Chuir an Coimisiún SG&A agus brabús Metalurgica Mococa SA i mBrasaíl i bhfeidhm maidir leis na costais táirgthe a socraíodh mar a thuairiscítear san aithris roimhe seo. Ba é 8.5 % na costais SGA arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí Díolta (“COGS”) agus a chuirtear i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe. Ba é 24.4 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa.

    (100)

    Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

    (101)

    D'onnmhairigh na táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin isteach san Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. D'onnmhairigh an táirgeoir eile go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachta trádála neamhghaolmhar i Hong Cong. Sa chás sin, seoladh earraí ón táirgeoir onnmhairiúcháin go díreach chuig an gcustaiméir neamhspleách san Aontas, agus eisíodh an sonrasc chuig an gcuideachta trádála i Hong Cong.

    (102)

    Maidir le díolachán onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a rinneadh go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

    (103)

    Maidir leis an díolachán onnmhairiúcháin a rinneadh trí chuideachta trádála neamhghaolmhar i Hong Cong, socraíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar díoladh an táirge onnmhairithe leis an gcuideachta trádála sin ar dtús. Cé go raibh fianaise ag an gCoimisiún (billí loingseoireachta etc) gur seoladh na hearraí sin ón táirgeoir onnmhairiúcháin go díreach chuig an gcustaiméir neamhspleách san Aontas, níorbh fhéidir an praghas díola chuig an gcustaiméir deiridh a dheimhniú. Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an gcuideachta trádála i Hong Cong, ach níor chomhoibrigh an chuideachta sin. Ina theannta sin, níor chomhoibrigh an t-úsáideoir deiridh Eorpach a bhí ag ceannach na gceaigeanna lena mbaineann leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, ní raibh an praghas díola don chustaiméir deiridh san Aontas ar fáil ag céim shealadach an imscrúdaithe.

    3.2.3.   Comparáid

    (104)

    Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha in aghaidh an táirge.

    (105)

    I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir na ndifríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe ar chostais iompair, árachais, láimhseála, lódála, dleacht custaim, costais chreidmheasa agus muirir bhainc.

    3.2.4.   Corrlaigh dhumpála

    (106)

    Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

    (107)

    Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha:

    Cuideachta

    Corrlach dumpála sealadach

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    77,1  %

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    65,3  %

    (108)

    Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun- Rialachán. Dá bhrí sin, socraíodh an corrlach sin ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gan aird a thabhairt ar chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ag a bhfuil corrlaigh dhumpála nialasacha agus de minimis, ná ar chorrlaigh a socraíodh sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

    (109)

    Ar an mbonn sin, is é 72.1 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

    (110)

    I gcás gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíricí a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

    (111)

    Mheas an Coimisiún go raibh leibhéal an chomhair íseal sa chás seo ós rud é nach raibh i gceist leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ach thart ar 32 % de na cainníochtaí iomlána measta d'allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar fad sa tSín, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shuí ar bhonn an chineáil táirge ionadaíoch ab airde corrlach de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, an corrlach dumpála ar fud na tíre is infheidhme maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch eile, socraíodh é ar leibhéal 91,0 %.

    (112)

    Is mar a leanas atá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, an dleacht neamhíoctha:

    Cuideachta

    Corrlach dumpála sealadach

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    77,1  %

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    65,3  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    72,1  %

    Gach cuideachta eile

    91,0  %

    4.   DÍOBHÁIL

    4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

    (113)

    De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, bhí táirge comhchosúil á mhonarú ag ocht dtairgeoir san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

    (114)

    Táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, suíodh gur thart ar 1 926 200 tonna a bhí i gceist léi. Shuigh an Coimisiún an figiúr sin ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair an gearánach. Mar a léirítear in aithris (7), ba thart ar 73 % cion na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais de tháirgeadh iomlán measta an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

    4.2.   Tomhaltas an Aontais

    (115)

    Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas:

    Tábla 2

    Tomhaltas an Aontais (píosaí)

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Tomhaltas iomlán an Aontais

    3 477 583

    2 554 726

    1 861 260

    1 192 884

    Innéacs

    100

    73

    54

    34

    Foinse: Freagraí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ar an gceistneoir agus staidreamh custaim (féach Roinn 4.3.1.)

    (116)

    Shuígh an Coimisiún tomhaltas an Aontais de na ceaigeanna ar bhonn dhíolacháin iomlán thionscal an Aontais san Aontas, móide iomlán na n-allmhairí ón tSín. Tugtar míniú mionsonraithe ar an modheolaíocht maidir le hallmhairí ón tSín a chinneadh i Roinn 4.3.1. thíos. Níor cuireadh allmhairí ó thríú tíortha eile chuig an Aontas san áireamh toisc gur measadh gur allmhairí diomaibhseacha iad (féach an Aithris (119)).

    (117)

    Fuarthas díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais ón bhfreagra ar an gceistneoir a sholáthair an gearánach, arna chros-sheiceáil leis an bhfaisnéis a sholáthair na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ina bhfreagraí ceistneora.

    (118)

    Déantar an táirge lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas faoi dhá chód AC (ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90), ag brath ar chumas an cheaig. Ceaigeanna ag a bhfuil toilleadh >= 50 lítear ach < 300 lítear a thagann faoin gcód AC 7310 10 00, agus na cinn ag a bhfuil toilleadh < 50 l a thagann faoin gcód AC 7310 29 90. Áirítear leis an dá chód AC sin freisin raon leathan táirgí eile seachas an táirge atá faoi imscrúdú (e.g, cannaí, boscaí stáin, beatha le haghaidh beostoic, buicéid, múchtóirí dóiteáin, ceanastair, coimeádáin agus umair le haghaidh úsáidí éagsúla, buidéil uisce, bairillí cruach, etc.), rud a d'fhág nárbh fhéidir allmhairí a shuí bunaithe ar chóid AC amháin.

    (119)

    Maidir le hallmhairí ó thríú tíortha eile, maítear leis an nGearán gurb iad táirgeoirí agus onnmhaireoirí an Aontais ón tSín is mó a sholáthraíonn ceaigeanna i margadh an Aontais. Léirigh an scrúdú a rinne an Coimisiún ar shonraí maidir le soláthróirí, sonraí a chuir trí mhórúsáideoir ar fáil (féach thíos, in aithris (130)) nach bhfuil aon soláthróir eile ar an margadh. Dá bhrí sin, maidir le hallmhairí isteach san Aontas ó thríú tíortha eile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur allmhairí iad atá diomaibhseach, más ann dóibh ar chor ar bith, agus nach mbeadh aon tionchar suntasach acu ar thomhaltas an Aontais.

    (120)

    Tháinig laghdú 66 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ndiaidh an chéad titime 27 % in 2019, tharla titim ní ba shuntasaí in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin (2021). Tharla an titim sin sna blianta ba mheasa ar buaileadh an tAontas le paindéim Covid-19 agus is féidir é a chur i leith na “dianghlasálacha”, comhfhreagracha, mar a thugtar orthu, i.e. bearta a thug na rialtais isteach ar fud an Aontais chun dul i ngleic le paindéim Covid-19.

    (121)

    Chuaigh bearta Covid-19 i bhfeidhm go mór mór ar óstáin, ar bhialanna agus ar chaiféanna (“an earnáil HORECA”). Ceannaíonn an earnáil HORECA beoir agus deochanna eile ó úsáideoirí, ar grúdlanna beorach iad go minic. Déantar an beoir a sheachadadh chucu i gceaigeanna a bhíonn ceangailte le suiteálacha tarraingthe trína ndéantar an deoch a dhoirteadh isteach i ngloiní agus a riar ar chustaiméirí na hearnála HORECA ansin.

    (122)

    Le linn 2020 agus na tréimhse imscrúdúcháin, bhí sé de dhualgas ar fhormhór mór na hearnála HORECA san Aontas a n-uaireanta oibre a ghiorrú nó dúnadh go hiomlán ar feadh tréimhsí fhada ama, de bhun bearta rialtais a tugadh isteach chun scaipeadh phaindéim Covid-19 a chur chun cinn. An laghdú sin ar ghníomhaíocht na hearnála HORECA, agus an laghdú a tháinig dá bharr sin ar an éileamh ar bheoir tharraingthe, ba laghduithe iad sin a raibh sé d’iarmhairt loighciúil orthu gur tháinig laghdú ar an éileamh a bhí ag na húsáideoirí ar cheaigeanna ina soláthróidís an bheoir dá gcuid custaiméirí san earnáil HORECA.

    4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

    4.3.1.   Modheolaíocht a úsáidtear chun allmhairí ón tír lena mbaineann a chainníochtú

    (123)

    Sa ghearán, chuir an Gearánach a mhodheolaíocht féin chun cinn chun allmhairí ón tír lena mbaineann a shuí. Bhraith an mhodheolaíocht sin ag ar eolas an Ghearánaigh ar an margadh agus measadh léi go raibh méadú suntasach tagtha ar allmhairí isteach san Aontas, 188 % thar an tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear i dTábla 3 thíos.

    Tábla 3

    Díolachán ceaigeanna Síneacha san Aontas — Meastachán an ghearáin (aonaid)

     

    2018

    2019

    2020

    IP

    Trí thairiscintí

    107 148

    482 315

    898 664

    630 438

    Trí dháileoirí

    182 000

    198 000

    118 000

    202 000

    Iomlán

    289 148

    680 315

    1 016 664

    832 438

    Innéacs

    100

    235

    352

    288

    Foinse: Alt 201. den ghearán

    (124)

    Mar a mhínítear i míreanna 193 — 203. den ghearán, bhí trí phríomhghné sa mhodheolaíocht thuas. Ar an gcéad dul síos, shuimigh an Gearánach cainníochtaí na gceaigeanna arna n-iarraidh sna próisis tairisceana ar fad (próisís ar a dtugtar “tairiscintí” sa ghearán) a d’eagraigh cúig mhórúsáideoir, i.e. na grúpaí móra grúdlann atá ar mhargadh an Aontais, is iad sin: AB InBev, Asahi CEE, Carlsberg, Heineken, agus Molson Coors (“na mórúsáideoirí”). Ar an dara dul síos, bhain an Gearánach na díolacháin a rinne sé féin de bhun na dtairiscintí a rinne sé ar na tairiscintí sin, agus é ag glacadh leis gurb iad na táirgeoirí ón tSín a bhuaigh agus a sholáthair an chuid eile den bheart iomlán a iarradh i ngach tairiscint. Ar deireadh, shuimigh an Gearánach na cainníochtaí a d'allmhairigh allmhaireoirí/athdhíoltóirí, a measadh bunaithe ar a n-eolas faoin margadh.

    (125)

    Léiríodh san imscrúdú gur annamh a fhreagraíonn cainníochtaí na gceaigeanna a cheannaíonn na mórúsáideoirí go héifeachtach i ndiaidh tairisceana do na cainníochtaí a iarradh ar dtús tríd an tairiscint sin. Cé go mbíonn na cionta éagsúil ó thairiscint go céile agus idir na mórúsáideoirí, ar an meán, cheannaigh na mórúsáideoirí níos lú ná 60 % de na cainníochtaí a bhíothas a lorg ar dtús trí na tairiscintí thar an tréimhse faoi bhreathnú. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar an mbealach ar leith ina bhfeidhmítear an margadh seo, agus tá sé nasctha go háirithe le módúlachtaí agus obair leantach na n-úsáideoirí maidir leis na tairiscintí, mar a mhínítear thíos i Roinn 5.1, sa chás, go háirithe, nach raibh aon oibleagáid chonarthach ar na húsáideoirí na cainníochtaí a tairgeadh go hiarbhír a cheannach.

    (126)

    Dá bhrí sin, d'fhéach an Coimisiún lena dheimhniú an raibh an meastachán sin ar allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ón nGearán cruinn, nó an mbeadh modheolaíocht mhalartach ní b'iomchuí. Chun na críche sin, d'iarr sé sonraí maidir leis na hidirbhearta go léir faoin dá chód AC ó údaráis chustaim sé Bhallstát AE (“Ballstáit”) ag a raibh na hallmhairí is airde den dá chód AC thuas thar an tréimhse faoi bhreathnú, ón tSín nó ó gach cearn den domhan: An Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an tSeicia. Bhí an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Ísiltír i measc na gcúig thír is mó a d'allmhairigh sa dá chatagóir, agus bhí an Pholainn i measc na gcúig Bhallstát is mó a raibh allmhairí á bhfáil acu ón tSín, agus an tSeicia ag teacht ina hionad i ndáil le hallmhairí ón gach cearn den domhan. B'ionann na sé Bhallstát sin le chéile agus 73 % d'allmhairí an Aontais ón tSín agus 66 % d'allmhairí ar fud an domhain thar an tréimhse a mheasadh.

    (127)

    Rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí a fuarthas agus, bunaithe ar an tuairisc ar gach lastas, ríomh sé figiúr íochtair agus figiúr uachtair den mhéid a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta mar allmhairí den táirge lena mbaineann isteach sna sé Bhallstát. Go háirithe, rinneadh comhiomlánú ar na lastais ar a ndearnadh cur síos mar “ceaigeanna (beorach)” chun an figiúr íochtair a chruthú, agus rinneadh comhiomlánú ar na lastais a raibh an cur síos a rinneadh orthu i gcomhréir le saintréithe ceaigeanna, chun an figiúr uachtair a chruthú. Sa chomhthéacs sin, cuireadh as an áireamh lastais ar cuireadh síos orthu mar rud eile, amhail beathaithe, buicéid, umair gháis, coirí, cannaí, boscaí stáin, etc., nó nach raibh ag luí le saintréithe ceaigeanna. I bhformhór na gcásanna, ní chláródh na húdaráis chustaim na haonaid (líon ceaigeanna) i ngach lastas, agus ní chláróidís ach meáchan an lastais sin. Sna cásanna sin, bhraithfeadh an Coimisiún ar ráta comhshó 1 cheaig = 10 kg (50) chun na líon ceaigeanna a ríomh. Coigeartaíodh na figiúirí uachtair agus na figiúirí íochtair do gach bliain ansin faoin bhfachtóir 0.73, i.e. an céatadán arb é cion na sé Bhallstát é d’allmhairí iomlána an Aontais den dá chód AC ón tSín, chun figiúr iomlán de chainníochtaí allmhairí ceaigeanna ón tSín isteach san Aontas a ríomh. Taispeántar torthaí na hanailíse sin i dTábla 4 thíos.

    Tábla 4

    Allmhairí isteach san Aontas bunaithe ar shonraí mionsonraithe custaim

    PÍOSAÍ CEAIGEANNA

    2018

    2019

    2020

    Tréimhse Imscrúdúcháin

    Allmhairí ceaigeanna – figiúr íochtair

    217 744

    254 996

    139 684

    136 638

    Innéacs

    100

    117

    64

    63

    Allmhairí ceaigeanna – figiúr uachtair

    602 010  (51)

    430 208

    381 958

    370 107

    Innéacs

    100

    77

    68

    66

    Foinse: sonraí mionsonraithe idirbhirt ó údaráis chustaim na Beilge, na Seicia, na Fraince, na Gearmáine, na hÍsiltíre agus na Polainne, arna gcoigeartú de réir an fhachtóra 0.73

    (128)

    Deimhníodh sna figiúirí thuas ar dtús nárbh é an mhodheolaíocht a úsáideadh sa ghearán an modh ab iomchuí chun allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas a a chainníochtú.

    (129)

    Ina theannta sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha eile, agus d'iarr siad a gcuid sonraí díolacháin don tréimhse iomlán a measadh. Sholáthair gach ceann díobh na sonraí neamhfhíoraithe a iarradh, agus rinneadh na sonraí sin agus na cainníochtaí díolacháin deimhnithe arna ndearbhú ag an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte ina bhfreagraí ar an gceistneoir, rinneadh iad a chomhiomlánú, rud as ar tháinig na cainníochtaí allmhairiúcháin a bhfuil achoimre déanta orthu i dTábla 5 thíos.

    Tábla 5

    Cainníocht iomlán onnmhairiúcháin arna dearbhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte agus neamhshampláilte

    PÍOSAÍ CEAIGEANNA

    2018

    2019

    2020

    2021

    Cainníocht iomlán onnmhairiúcháin arna dearbhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus neamhshampláilte

    [600 000 – 675 000 ]

    [350 000 – 425 000 ]

    [200 000 – 275 000 ]

    [100 000 – 175 000 ]

    Innéacs

    100

    58

    36

    20

    Foinse: Freagraí ar cheistneoir ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus sonraí a iarradh ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte sa tSín.

    (130)

    I bhfianaise neamhréireachtaí na sonraí a bhí ar fáil, d’fhoilsigh an Coimisiún, an 2 Meán Fómhair 2022, Nóta a ghabhann leis an gComhad ina léirítear na cainníochtaí allmhairiúcháin a bailíodh de réir Thábla 4 agus Thábla 5 chomh maith lena modheolaíochtaí bunúsacha éagsúla, agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt. Rinne an Coimisiún teagmháil freisin leis na príomhúsáideoirí d’ainneoin a neamh-chomhoibrithe tosaigh, agus d’iarr sé na sonraí faoina soláthróirí agus na méideanna ceannaigh chun iarracht a dhéanamh na figiúirí a fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dTábla 5 a bhailíochtú. Níor sholáthair ach trí cinn as gach cúigear mórúsáideoir na sonraí a iarradh (féach tuilleadh thíos in aithris (136)). Ba é an Gearánach a chuir na haon bharúlacha ar an nóta isteach an 12 Meán Fómhair 2022.

    (131)

    Ba é an chéad mhaíomh a chuir an Gearánach chun tosaigh go bhfuil sciar d’allmhairí na Síne ar iarraidh ó mheastachán na n-allmhairí i dTábla 4 bunaithe ar an anailís ar shonraí custaim. Rinneadh tagairt ann, mar shampla, don fhíoras go raibh staidreamh maidir le hallmhairí isteach i mBallstáit eile a raibh tábhacht leo ó thaobh tomhaltas beorach agus ceaigeanna, amhail an Rómáin agus an Spáinn, in easnamh, agus ar an gcaoi sin rinneadh beagmheas ar na hiomláin.

    (132)

    Ar an dara dul síos, mhaígh an Gearánach nach léirítear go hiomlán sna figiúirí a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i dTábla 5 na méideanna a allmhairíodh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú i ngeall ar chomhar teoranta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Ina aighneacht, mhaígh an Gearánach gurb é 28 % díreach ráta comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

    (133)

    Ar an tríú dul síos, mhaígh an Gearánaí nár léiríodh san fhaisnéis faoi thomhaltas a fuair na trí mhórúsáideoir ach léargas páirteach de thomhaltas an Aontais maidir le ceaigeanna de bhrí nach gcuirtear grúdlanna beaga agus meánmhéide san áireamh agus an de bhrí an chomhair theoranta ó úsáideoirí.

    (134)

    Rinne an Coimisiún na barúlacha sin go léir ón nGearánach a bhreithniú go cúramach. Maidir leis an gcéad maíomh, cé gur úsáideadh coigeartú staidrimh allmhairiúcháin na sé Bhallstát faoin bhfachtóir 0.73 mar a mhínítear in aithris (127) chun na hallmhairí atá fágtha ó na Ballstáit eile a chinneadh, ní féidir a chur as an áireamh ag an gcéim seo go bhfuil gannmheas déanta ar na cainníochtaí allmhairiúcháin iarbhír isteach i mBallstáit eile amhail an Rómáin agus an Spáinn.

    (135)

    Maidir leis an dara maíomh, mar a mhínítear san aithris (111), léirigh an t-imscrúdú go sealadach go bhfuil an leibhéal comhair íseal agus gurb ionann na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus 32 % d’allmhairí ceaigeanna ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ag an gcéim seo den imscrúdú, ní féidir a eisiamh gur ann do tháirgeoirí onnmhairiúcháin nó onnmhaireoirí eile sa tSín a dhíolann leis an Aontas le linn na tréimhse faoi mheas, sa bhreis ar na honnmhaireoirí comhoibríocha.

    (136)

    Maidir leis an tríú maíomh agus an comhar an-íseal ó úsáideoirí, thug an Coimisiún dá aire, as na cúig mhórúsáideoir, arb ionann iad agus thart ar 50 % de mhargadh na n-úsáideoirí, nach ndearna ach trí úsáideoir (AB InBev, Asahi, agus Molson Coors) na sonraí a iarradh a sholáthar. Ina theannta sin, níor cheannaigh ach ceann amháin de na trí úsáideoir sin (AB InBev) ceaigeanna ó sholáthróirí Síneacha. Ina theannta sin, mar a shonraítear thíos i roinn 5.1 freisin, níor chomhoibrigh an 50 % eile de mhargadh an úsáideora, atá comhdhéanta den chuid is mó de ghrúdlanna níos lú, leis an imscrúdú.

    (137)

    I bhfianaise na mbarúlacha agus na mbreithnithe sin, thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh na cainníochtaí ceannaithe a thuairiscigh an t-aon úsáideoir comhoibríoch amháin a fhoinsíonn ceaigeanna ón tSín i bhfad faoi bhun dhíolacháin an Aontais a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhfhreagracha. Thairis sin, mheas an Coimisiún go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ann nár chomhoibrigh leis an imscrúdú, agus nár fíoraíodh na figiúirí a thíolaic na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte toisc nár sampláladh na táirgeoirí sin.

    (138)

    Ar an iomlán, i bhfianaise na n-eilimintí sin go léir agus go háirithe sonraí bréagnaitheacha a fuarthas ó úsáideoirí agus comhoibriú an-íseal na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus na n-úsáideoirí, a mbeadh a gcuid sonraí maidir le ceannacháin ríthábhachtach chun na cainníochtaí a tuairiscíodh a sheiceáil faoi dhó, mheas an Coimisiún go sealadach gur ghá an mhodheolaíocht is iomchuí chun allmhairí a chainníochtú a bheith bunaithe ar an staidreamh oifigiúil allmhairiúcháin i dTábla 4. Thairis sin, i bhfianaise na mbarúlacha a chuir an tionscal isteach gur dócha go ndéanfaí fiú figiúr uachtair na sonraí atá bunaithe ar staidreamh a ghannmheas, mheas an Coimisiún go sealadach gurbh iad na huasfhigiúirí a fuarthas ó staidreamh an ceann ab iomchuí chun leibhéal na n-allmhairí a ríomh ag an gcéim shealadach sin.

    (139)

    Chun dearbhú breise a fháil maidir le hoiriúnacht na modheolaíochta sin, rinne an Coimisiún scrúdú ina dhiaidh sin ar na staitisticí maidir le hallmhairí ceaigeanna ar leibhéal an chóid TARIC, ar staidreamh é a bhí ar fáil ó thionscnamh an imscrúdaithe sin sa bhunachar sonraí Faireachais, chun a fháil amach cén sciar d’allmhairí iomlána táirgí faoin dá chód AC ábhartha atá i gceist le hallmhairí ceaigeanna. An meánsciar a bhí i gceist le hallmhairí táirgí ar leibhéal an chóid TARIC (i.e. allmhairí ceaigeanna) ó thaobh allmhairí na dtáirgí uile ar leibhéal na gcód AC ábhartha maidir leis an tréimhse 13 Bealtaine 2022-6 Nollaig 2022, is sciar é a bhí comhsheasmhach le meánsciar na n-allmhairí ceaigeanna sna cóid AC a bhunaigh an Coimisiún le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú.

    (140)

    Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i dteagmháil leis na mór-allmhaireoirí a sainaithníodh sa ghearán chun a mheasúnú ar chainníochtaí allmhairiúcháin a bheachtú a thuilleadh thar an tréimhse faoi bhreathnú. Féachfaidh an Coimisiún freisin le tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir leis na grúdlanna beaga tar éis na céime sealadaí.

    (141)

    Chun oiriúnacht na modheolaíochta sin a sheiceáil a thuilleadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sonraí iarthionscanta a bhailiú ó na táirgeoirí onnmhairithe sampláilte agus neamhshampláilte chun go mbeidh siad ag réiteach leis an staidreamh allmhairiúcháin oifigiúil níos cruinne atá ar fáil don tréimhse iarthionsnaimh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin sonraí allmhairiúcháin na dtáirgeoirí comhoibríocha neamhshampláilte a fhíorú agus na sonraí mionsonraithe custaim maidir leis na cóid AC ábhartha a iarraidh ar údaráis chustaim na Rómáine agus na Spáinne chun na sonraí allmhairiúcháin iarbhír a mhionchoigeartú a thuilleadh.

    4.3.2.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

    (142)

    Mar a mhínítear i Roinn 4.3.1 thuas, shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn staidrimh oifigiúil custaim ó na Ballstáit. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí mar chion d'iomlán na n-allmhairí tuairiscithe ón tSín i dtomhaltas iomlán an Aontais (mar a shuitear i Roinn 4.2. thuas).

    (143)

    Forbraíodh allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann mar a leanas:

    Tábla 6

    Méid allmhairí (píosaí) agus sciar den mhargadh

     

    2018

    2019

    2020

    Tréimhse Imscrúdúcháin

    Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (aonaid)

    602 010

    430 208

    381 958

    370 107

    Innéacs

    100

    71

    63

    61

    Sciar den mhargadh

    17  %

    17  %

    21  %

    31  %

    Innéacs

    100

    97

    119

    179

    Foinse: Staidreamh custaim ó na Ballstáit arna gcoigeartú mar a mhínítear i Roinn 4.3.1

    (144)

    Mar a léirítear sa tábla thuas, tháinig laghdú 39 % ar líon na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. An laghdú sin a theacht ar mhéid na n-allmhairí, is rud é a tharla de dheasca na treochta laghdaithí foriomláine ó thaobh tomhaltas ceaigeanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú (féach Tábla 2 thuas), ach ní laghdú chomh mór céanna a bhí ann i gcás na n-allmhairí, agus ar chaoi ar bith ba laghdú é nach raibh baol ar chomh suntasach leis an treocht laghdaitheach a bhí ann i gcás dhíolacháin thionscal an Aontais (féach Tábla 9 thíos).

    (145)

    Ní mór na laghduithe sin a chur i gcomhthéacs na staide a bhí i réim ó thaobh an mhargaidh de in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. laghdú mór ar an éileamh ar cheaigeanna le linn phaindéim Covid-19. Laistigh de mhargadh a raibh a oiread sin laghdaithe ag teacht air, an corrlach a bhí i gceist ó thaobh an laghdaithe a tháinig ar allmhairí ceaigeanna, ba lú go mór é ná an corrlach a bhí ann ó thaobh an laghdaithe a tháinig ar dhíolacháin thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, i ngeall ar a bpraghsanna níos ísle, tháinig méadú leanúnach ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú (méadú 79 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú). Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba sciar suntasach go leor den mhargadh a bhí ag an tSín, mar atá 31 %.

    4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus srianadh praghsanna

    (146)

    I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le praghsanna in aghaidh an aonaid a bhunú ar bhonn staitisticí oifigiúla, shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn na sonraí a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Suíodh sladghearradh phraghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ó tháirgeoirí onnmhairithe sampláilte Síneacha.

    (147)

    Is mar a leanas mar a d'fhorbair an meánphraghas allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

    Tábla 7

    Praghsanna allmhairí (EUR/ píosa)

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    An tSín

    43,13

    37,34

    38,40

    43,62

    Innéacs

    100

    87

    89

    101

    Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne

    (148)

    Tháinig laghdú 13 % agus 11 % in 2019 agus 2020 faoi seach ar phraghsanna allmhairí ón tSín, agus thosaigh siad ag méadú arís in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin ionas gur tháinig siad aníos arís go dtí an leibhéal a bhí ann in 2018.

    (149)

    Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir an méid seo a leanas:

    na meánphraghsanna díolachán ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

    na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte de chuid na Síne chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suíodh ar bhonn chostais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin.

    (150)

    Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineáil, arna gcoigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Nach mór iomlán na ndíolachán a rinne táirgeoirí onnmhairiúcháin agus tionscal an Aontais araon, ba go díreach le húsáideoirí deiridh (is é sin, grúdlanna) a rinneadh iad, agus dá bhrí sin bhí na bealaí díolacháin agus leibhéal na trádála mar an gcéanna ar an dá thaobh. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na thréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh ann gur meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 11.9 % agus 14 % a bhí i gceist leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais.

    (151)

    Chomh maith le sladghearradh praghais, bhí cúngú suntasach praghsanna ann freisin de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Mar gheall ar an mbrú suntasach praghsanna arb iad na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ba chúis leis, ní raibh tionscal an Aontais in ann na praghsanna a ardú le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomhréir le forbairt na gcostas táirgeachta agus chun leibhéal réasúnta brabúis a bhaint amach.

    (152)

    Mar a léirítear i dtábla 11 thuas, tháinig laghdú 10 % ar an meánphraghas díola AE le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag an am céanna, tháinig méadú 16 % ar chostas an táirgthe le linn na tréimhse céanna, agus dá bhrí sin bhí an praghas díola go mór faoi bhun chostas an táirgthe. Go háirithe in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú suntasach ar chostas an táirgthe, agus b’éigean an praghas a choinneáil cobhsaí mar gheall ar bhrú praghsanna onnmhairí ón tSín. Os a choinne sin, leibhéil praghsanna agus na brabúis a bhí ann dá réir i margaí onnmhairiúcháin nach ndéanann allmhairí dumpáilte difear dóibh nó i gcás inar forchuireadh bearta chun trádáil chóir a athbhunú, bhí na leibhéil sin 22 % níos airde ar an meán ná praghsanna díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais (+ 29 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin) (féach an aithris (196)).

    (153)

    Bhí tionchar soiléir ag an staid sin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, mar a léirítear i dTábla 14 thíos. Tar éis dó tosú ag 12 % in 2018, tháinig laghdú mór ar an mbrabúsacht sa chuid eile den tréimhse, go háirithe in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (154)

    Léiríonn forbairt na dtrí tháscaire sin go soiléir go raibh an tionscal faoi bhrú láidir praghsála ó allmhairí dumpáilte na Síne, rud a chuir iallach air díol ar phraghsanna an-íseal faoi bhun an chostais táirgthe. Tugtar míniú thíos i Roinn 5.1 ar shonraí ar leith a bhaineann le staid an mhargaidh, go háirithe maidir leis an mbrú praghsanna a bhain do thionscal an Aontais sa phróiseas díola. Is rud é sin ba chúis le cúngú soiléir praghsanna i gcás thionscal an Aontais.

    4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

    4.4.1.   Barúlacha ginearálta

    (155)

    I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais cuimsíodh meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a bhaineann le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (156)

    Mar a luaitear in aithris (7), baineadh úsáid as sampláil chun a dheimhniú ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

    (157)

    Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an macraicheistneoir a chuir an Gearánach ar fáil. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Suíodh go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

    (158)

    Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

    (159)

    Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

    4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

    4.4.2.1.   Táirgeadh, acmhainn táirgeachta agus úsáid acmhainne

    (160)

    Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 8

    Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Méid táirgthe (Píosaí)

    5 132 261

    3 698 684

    1 939 361

    1 926 200

    Innéacs

    100

    72

    38

    38

    Acmhainneacht táirgeachta (aonad tomhais)

    6 542 683

    6 628 049

    6 786 585

    6 786 585

    Innéacs

    100

    101

    104

    104

    Úsáid acmhainne (%)

    78

    56

    29

    28

    Innéacs

    100

    71

    36

    36

    Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

    (161)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 62 % ar an méid táirgeachta. Lean an táirgeadh go dlúth na hathruithe ar thomhaltas: an chéad titim ar éileamh in 2019 (23 %) agus titim níos mó agus níos suntasaí ar éileamh in 2020 agus 2021 (ráig Covid-19).

    (162)

    Tháinig méadú beag 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Is é is cúis leis sin gnóthachain éifeachtúlachta ó thaobh nósanna imeachta agus leithdháileadh foirne arna oibriú ag tionscal an Aontais ina línte táirgeachta thar an tréimhse faoi bhreathnú.

    (163)

    Mar thoradh ar an dá threocht thuasluaite (laghdú ar tháirgeadh, méadú ar acmhainneacht) tháinig laghdú suntasach ar úsáid acmhainne (– 64 %). Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, shroich an ráta úsáide acmhainneachta leibhéal an-íseal (28 %).

    4.4.2.2.   Méid díolacháin agus sciar margaidh

    (164)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

    Tábla 9

    An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Méid díolachán ar mhargadh an Aontais (Píosaí)

    2 875 573

    2 124 518

    1 479 302

    822 777

    Innéacs

    100

    74

    51

    29

    Sciar den mhargadh

    83  %

    83  %

    79  %

    69  %

    Innéacs

    100

    101

    96

    83

    Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

    (165)

    Tháinig laghdú de réir a chéile (71 %) ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú, agus ba laghdú é sin ar ghéire treocht dó ná d’fhorbairt an tomhaltais.

    (166)

    An sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, thit sé ó 83 %, leibhéal a bhí ann in 2018, ionas gur 69 % a bhí i gceist le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud ab ionann agus laghdú 14 phointe céatadáin, mar gheall ar an mbrú mór praghsanna a d’eascair as na hallmhairí ón tSín, mar a mhínítear i roinn 4.4.3.1 thíos, allmhairí a raibh ag méadú de shíor ar an sciar den mhargadh a bhí acu le linn na tréimhse a breithníodh.

    4.4.2.3.   Fás

    (167)

    Lean éileamh agus táirgeadh na gceaigeanna treocht laghdaithe thar an tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthéacs tomhaltas laghdaithe, bhain laghduithe móra do mhéideanna díolachán thionscal an Aontais agus don sciar den mhargadh a bhí aige, agus ba ar chostas a phraghsanna díola a choimeád sé sin líon laghduithe díolachán ar bun, mar a mhínítear thíos i roinn 4.4.3.1.

    4.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

    (168)

    Is mar a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 10

    Fostaíocht agus táirgiúlacht

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    An líon fostaithe

    960

    822

    538

    481

    Innéacs

    100

    86

    56

    50

    Táirgiúlacht (píosaí/fostaí)

    5 349

    4 497

    3 606

    4 008

    Innéacs

    100

    84

    67

    75

    Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

    (169)

    Is í an treocht chéanna a bhí i gceist ó thaobh na fostaíochta san earnáil agus a bhí i gceist leis an táirgeadh agus an tomhaltas ar mhargadh an Aontais, agus tháinig laghdú mór 50 % uirthi thar an tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise a bhfuil thuas, i gcás inar tháinig laghdú 62 % ar an táirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar an táirgiúlacht. D’ainneoin an laghdaithe ar fhostaíocht, is laghdú 33 % a tháinig uirthi thar an tréimhse faoi bhreathnú agus níor théarnaigh sé ach go páirteach le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhuí sin le gnóthachan éifeachtúlachta éigin.

    4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

    (170)

    Bhí gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

    (171)

    Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha na dumpála a rinneadh roimhe.

    4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

    4.4.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

    (172)

    Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 11

    Praghsanna díola san Aontas

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/ píosa)

    56

    55

    51

    51

    Innéacs

    100

    98

    90

    91

    Costas táirgthe in aghaidh an aonaid (EUR/ píosa)

    55

    59

    63

    64

    Innéacs

    100

    107

    114

    116

    Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

    (173)

    Tháinig laghdú 2 % ar na praghsanna díola idir 2018 agus 2019 sular tháinig laghdú tobann 8 % orthu in 2020 agus bhí siad fós ar an leibhéal céanna sa tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 9 % ar mheánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (174)

    Le linn na tréimhse céanna, measadh gur tháinig méadú 16 % ar chostais táirgthe in aghaidh an aonaid. Bhí sé sin bainteach, de chuid is mó, leis an méadú ar na costais sheasta, rud a d’eascair as an laghdú a tháinig ar an méid táirgeachta. Chun cur ina choinne sin, le linn na mblianta a ndearna na dianghlasálacha COVID-19 difear dóibh, d’éirigh le tionscal an Aontais a chostais sheasta a laghdú os cionn 20 %. Ina ainneoin sin, bhí tionchar suntasach ag minicíocht na gcostas seasta atá níos airde go comhréireach i dtréimhse d’úsáid acmhainne íseal, ós rud é gur ó 13 % in 2018 go 23 % sa tréimhse imscrúdúcháin a tháinig meáchan na gcostas sin as costais fhoriomlána an táirgthe. Le linn na tréimhse a breithníodh, laghdaigh tionscal an Aontais a fhostaíocht de réir Thábla 10 agus tháinig laghdú ar na costais saothair a bhain leis an dífhostú le linn thréimhse Covid-19 mar a léirítear i Roinn 4.4.3.2.

    (175)

    Lean praghsanna díola agus an costas táirgthe treocht éagsúil. Mar a mhínítear thuas i Roinn 4.3.3 agus thíos i Roinn 5.1, ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a ardú chuig leibhéil inbhuanaithe ionas go gcumhdófaí costas méadaithe an táirgthe agus an úsáid thearc acmhainne toisc go raibh tionchar mór ag allmhairí ar phraghas íseal agus dumpáilte ón tSín ar chaibidlíocht praghsanna sa mhargadh.

    4.4.3.2.   Costais saothair

    (176)

    Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 12

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

    48 510

    45 157

    50 218

    52 988

    Innéacs

    100

    93

    104

    109

    Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (177)

    Tháinig laghdú ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí in 2019, agus tháinig méadú air 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina dhiaidh sin. Mar sin féin, mar a léirítear i dTábla 10, tháinig laghdú 54 % ar an bhfostaíocht ag an am céanna.

    4.4.3.3.   Fardail

    (178)

    Leibhéil stoic tháirgeoirí sampláilte an Aontais a forbraíodh thar an tréimhse arna meas mar a leanas:

    Tábla 13

    Fardail

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Stoic deiridh (Píosaí)

    308 350

    210 370

    157 417

    128 525

    Innéacs

    100

    68

    51

    42

    Stoic deiridh mar chéatadán den táirgeacht

    6

    6

    8

    7

    Innéacs

    100

    95

    135

    111

    Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

    (179)

    Tháinig laghdú 58 % ar stoic thar an tréimhse faoi bhreathnú. Bhí baint aige leis an laghdú ar an táirgeadh agus ar na díolacháin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 11 % ar stoic mar chéatadán den táirgeadh ar an iomlán, mar gurbh éigean don tionscal méid áirithe gníomhaíochta a choinneáil agus dá bhrí sin ní raibh sé ábalta an táirgeadh a laghdú i gcomhréir leis an laghdú ar dhíolacháin. Ar aon chaoi, ós rud é go raibh an chuid is mó den tairgeadh bunaithe ar orduithe agus sonraíochtaí custaiméirí, níl na fardail ina dtáscairí tábhachtacha díobhála.

    4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

    (180)

    Is mar a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 14

    Bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

    12

    5

    -18

    -9

    Innéacs

    100

    42

    - 144

    -73

    Sreabhadh airgid (EUR)

    26 413 388

    17 979 438

    -4 762 380

    -2 257 500

    Innéacs

    100

    68

    -18

    -9

    Infheistíochtaí (EUR)

    11 655 450

    5 408 642

    2 536 354

    1 220 214

    Innéacs

    100

    46

    22

    10

    Toradh ar infheistíochtaí (%)

    65

    14

    -35

    -19

    Innéacs

    100

    21

    -54

    -29

    Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

    (181)

    Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

    (182)

    Sa tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 58 % ar bhrabúis in 2019, sular thit siad go tobann agus go ndearnadh dhá dhigit díobh in 2020. Théarnaigh sé go páirteach in 2021 ach bhí sé fós diúltach. Ar an iomlán, tháinig laghdú de – 173 % ar an mbrabús thar an tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthéacs laghdú tobann ar éileamh a bhí bainteach le paindéim Covid-19, de dheasca na hiomaíochta méadaithe a tháinig i gceist toisc onnmhairí ón tSín ar phraghas íseal, mar a mhínítear thíos i Roinn 5.1, b’éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna a laghdú i dtréimhse ina raibh ag méadú ar na costais táirgthe, mar a mhínítear i gcuid 4.4.3.1, agus bhí caillteanais mhóra mar thoradh air sin.

    (183)

    Is ionann an glansreabhadh airgid agus an cumas atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt ar an treocht maidir leis an nglansreabhadh airgid ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: tháinig laghdú ollmhór air in 2019-2020 agus théarnaigh sé go páirteach sa tréimhse imscrúdúcháin ina dhiaidh sin, ach bhí sé diúltach fós.

    (184)

    Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt air ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú ollmhór 129 % thar an tréimhse faoi bhreathnú maidir leis na luachanna diúltacha.

    (185)

    I bhfianaise na titime ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid agus ar thoradh ar infheistíochtaí, rinneadh difear mór do chumas tháirgeoirí an Aontais caipiteal a ardú trí shampláil.

    4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

    (186)

    Léirigh na príomh-mhacratháscairí treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tháinig laghdú 71 % ar mhéid díolachán an Aontais, tháinig laghdú 62 % ar an táirgeadh, tháinig laghdú 50 % ar an bhfostaíocht.

    (187)

    Is féidir léargas den chineál céanna a fháil maidir leis na micreatháscairí. Tháinig meath suntasach ar bhrabúsacht na ndíolachán san Aontas (ó + 12 % go – 9 %), ar phraghsanna díola (- 9 %), agus ar shreabhadh airgid (- 109 %).

    (188)

    I bhfianaise an laghdaithe ar thomhaltas mar gheall ar Covid-19, agus méadú 16 % tagtha ar chostas táirgthe thionscal an Aontais, bhí praghsanna allmhairiúcháin ón tSín seasta i gcónaí agus giota maith faoi bhun phraghsanna agus chostais thionscal an Aontais ó 2018.

    (189)

    Tháinig méadú 39 % ar phraghsanna allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag an am céanna, áfach, bhí an laghdú ar thomhaltas i bhfad níos mó (faoi 66 %). Mar thoradh air sin, mhéadaigh 79% ar an sciar den mhargadh a bhí ag onnmhairí ón tSín , ó 17 % in 2018 go 31 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus rinne a bpraghsanna sladghearradh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. 13.1 % ar an meán a bhí sa chorrlach sladghearrtha le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar amach thuas i roinn 4.3.3.

    (190)

    Na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón tSín, ba chúis iad le cúngú suntasach praghsanna ó thaobh thionscal an Aontais i bhfianaise na gcorrlach gearrdhíola, corrlaigh a raibh idir 52.9 % agus 58.8 % i gceist leo. Ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar an gcostas táirgthe agus, dá bhrí sin, b’éigean dó a chainníocht díolacháin a chaomhnú, go páirteach ar a laghad, i gcás a bhí go hainnis ó thaobh cúrsaí brabúis de.

    (191)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

    5.   CÚISÍOCHT

    (192)

    I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an staid chun a fháil amach an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca tosca aitheanta eile san am céanna. Ba iad na tosca sin paindéim Covid-19 a dhul i bhfeidhm ar thomhaltas an Aontais agus ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha, ar thosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, i leith na n-allmhairí dumpáilte.

    5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

    (193)

    Tháinig laghdú 39 % ar líon na n-allmhairí ón tSín thar an tréimhse faoi bhreathnú, ó 602 010 píosa in 2018 go 370 107 píosa in 2021; le linn na tréimhse céanna, áfach, an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí sin, tháinig méadú 14 phointe céatadáin air ionas gur a shroich sé 31 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a rinne díobháil do thionscal an Aontais ar tháinig laghdú 71 % ar a mhéid díolachán sa tréimhse chéanna.

    (194)

    Ina theannta sin, rinneadh na hallmhairí sin ag praghsanna i bhfad níos ísle ná mar a rinneadh i dtionscal an Aontais thar an tréimhse iomlán a measadh. Ní raibh an dara rogha ag tionscal an Aontais ach na praghsanna ísle a leag táirgeoirí na Síne síos a leanúint ar mhaithe le híosmhéid díolachán a chaomhnú i dtréimhse ina bhfuil ag laghdú ar an tomhaltas agus ina bhfuil ag méadú ar na costais táirgthe, mar a mhínítear thuas i roinn 4.4.3.1. Dá réir sin, tháinig laghdú mór ar an mbrabúsacht i gcás gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, ó bhrabúis (+ 12 % in 2018) go dtí caillteanais mhóra (– 9 % in 2021), agus tháinig meath dá réir ar tháscairí airgeadais eile, amhail toradh ar infheistíocht agus sreabhadh airgid. An cúngú praghsanna sin, mar a mhínítear i Roinn 4.3.3, ba léir gurb é ba chúis leis iompraíocht táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a thairgeann ceaigeanna dumpáilte ar mhargadh an Aontais.

    (195)

    I margadh i bhfad níos lú, chuaigh díolacháin thionscal an Aontais in ísle ó 2.8 milliún ceaig in 2018 go dtí 800 000 ceaig le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Murach gur ísligh sé a phraghsanna, bheadh an baol ann go gcaillfeadh tionscal an Aontais an méid teoranta díolachán sin go fiú, rud a d’fhágfadh, i gcás roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais, go gcuirfí deireadh iomlán lena dtáirgeacht.

    (196)

    Onnmhairí an Aontais, arna sonrú i roinn 5.2.2., is léiriú iad ar a mbeadh i gceist le gnáthstaid ó thaobh leibhéil praghsanna agus brabúis a bheadh ann dá réir i gcás margaí onnmhairiúcháin nach mbeadh allmhairí dumpáilte ag déanamh difear dóibh nó ina bhforchuirfí bearta chun trádáil chóir a athbhunú, e.g. margadh SAM, atá ar an bpríomh-mhargadh onnmhairiúcháin atá ag táirgeoirí an Aontais, agus ina bhfuil ceaigeanna de thionscnamh na Síne faoi réir bearta frithdhumpála ó 2019 i leith. Le linn na tréimhse a breithníodh, bhí praghsanna tugtha i dtír (lena n-áirítear costais a bhaineann le hiompar agus dleachtanna allmhairiúcháin) thionscal an Aontais 22 % níos airde ar an meán ná a phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais (+ 29 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin) agus bhí siad os cionn a chostais táirgthe le linn an ama, cé is moite de 2020, an bhliain is mó a ndearna paindéim COVID-19 difear di. Is léiriú iad na praghsanna sin ar mhargadh ina ndearnadh an trádáil chóir a athbhunú le bearta frithdhumpála i gcoinne allmhairí ón tSín agus dá bhrí sin is ionadú réasúnta iad ar na praghsanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar mhargadh an Aontais murach an cúngú praghsanna a thuairiscítear thíos in aithrisí (197) go (209).

    (197)

    Tá margadh an Aontais roinnte den chuid is mó idir dhá phríomhchatagóir úsáideoirí i gcás tháirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha araon, i.e. na grúdlanna neamhspleácha beaga agus meánmhéide (thart ar 40 % de na díolacháin atá i gceist leo sin) agus na mór-ilchuideachtaí beorach (níos mó ná 50 % atá i gceist leo siúd).

    (198)

    Den chuid is mó, an ceannach a dhéanann grúdlanna neamhspleácha beaga agus meánmhéide, is ceannach de réir a gcuid riachtanas meántéarmacha agus gearrthéarmacha a bhíonn ann. Déanann na grúdlanna teagmháil le roinnt táirgeoirí ceaigeanna agus iarrann siad luachan maidir leis an gcainníocht a iarradh maille le ham seachadta. Ó thaobh thionscal an Aontais de, sin deighleog atá an-tábhachtach, agus is deighleog í ina bhféadfadh an ghaireacht gheografach agus an t-am seachadta a bheith ina mbuntáistí. Níor chomhoibrigh an deighleog sin d’úsáideoirí leis an imscrúdú. Mar sin féin, chuir tionscal an Aontais fianaise ar fáil gur cailleadh roinnt orduithe de bharr na dtairiscintí ón tSín ar phraghas íseal don deighleog sin. Chuir sé sin iallach ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a laghdú go mór chun go leanfaidís de bheith iomaíoch.

    (199)

    Maidir leis an dara cuid den mhargadh, is í an tsainghné atá ag baint léi ná gur inti atá na cúig mhórúsáideoir, úsáideoirí atá freagrach as breis agus 50 % de dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais san Aontas (péire de na cúig úsáideoir sin, AB InBev agus Heineken, creidtear gur mó ná 50 %/60 % an sciar domhanda atá acu i bhfochair a chéile sa mhargadh beorach), agus as 55 % ar a laghad de dhíolcháin an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Síneacha. Léirigh tionscal an Aontais gur eagraigh na húsáideoirí sin a gceannacháin ceaigeanna don bhliain dár gcionn trí phróiseas tairisceana a rinneadh trí thairiscintí príobháideacha. Maidir leis na díolacháin le grúdlanna neamhspleácha, chuir an próiseas tairisceana iallach ar iomaitheoirí a gcuid praghsanna a íoslaghdú, agus toisc táirgeoirí onnmhairithe de chuid na Síne a bheith ag déanamh tairiscintí ar phraghsanna an-íseal, b’éigean do thionscal an Aontais na praghsanna ísle sin a mheaitseáil agus coisceadh orthu a gcuid méaduithe costais a chur ar aghaidh go dtí a gcuid custaiméirí.

    (200)

    Maidir leis an bpróiseas tairisceana, léirigh an t-imscrúdú go ndearna na mór-úsáideoirí é seo ar bhealach ar leith. Bhí na coinníollacha tairisceana ina gcoinníollacha sonracha ó thaobh praghsanna agus ó thaobh na n-uaschainníochtaí a bhí á lorg. Ní raibh aon oibleagáid chonarthach ar an gceannaitheoir cainníocht na gceaigeanna a tairgeadh a cheannach, ach bhí oibleagáid chonarthach ar an soláthróir an chainníocht a tairgeadh a sholáthar ar phraghas a tairgeadh. Go deimhin, is annamh a fhreagraíonn na cainníochtaí a ceannaíodh do na cainníochtaí a bhíothas a lorg ar dtús sa tairiscint lena mbaineann. Ag an am céanna, bhí sé d'oibleagáid ar bhuaiteoirí na dtairiscintí (i.e. soláthróirí na gceaigeanna) na cainníochtaí seachadta arna dtairiscint a urramú ar phraghas ar leith, gan iad a bheith ábalta na hathruithe ar chostais an táirgthe a chur san áireamh.

    (201)

    Le linn na tréimhse a breithníodh, d’eagraigh na húsáideoirí comhoibríocha seacht dtairiscint in aghaidh na bliana ar an meán. Na cainníochtaí a ceannaíodh ar deireadh bunaithe ar na tairiscintí sin, níorbh ionann iad ó thairiscint go chéile agus freagraíonn siad, ar an meán, do níos lú ná 60 % de na cainníochtaí a tairgeadh. Ina theannta sin, bhain na húsáideoirí úsáid as an bpraghas a comhaontaíodh le linn an nós imeachta tairisceana mar thúsphointe d’aon chaibidlíocht praghsanna ina dhiaidh sin le haghaidh spotdíolachán.

    (202)

    An próiseas tairisceana sin, inar baineadh úsáid as soilse dearga, buí agus glasa chun comhairle a thabhairt d'aon rannpháirtí (táirgeoirí de chuid an Aontais agus onnmhaireoirí de chuid na Síne san áireamh), baineadh leas as mar uirlis chun na praghsanna a íoslaghdú. Mar gheall ar na honnmhaireoirí Síneacha a bheith ann, agus iad ag déanamh tairiscintí ar phraghsanna an-íseal, b’éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna a ísliú go dtí leibhéil neamh-inbhuanaithe. Bhí praghsanna thionscal an Aontais ar dhíolacháin trí thairiscintí 10 % níos ísle ar an meán ná na díolacháin eile in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, agus níor bhain an conradh a síníodh ag deireadh an nós imeachta tairisceana ach le méideanna féideartha ceannaigh gan aon chinnteacht a bheith ann maidir le hordú a fháil. Deimhnítear é sin leis na leibhéil shuntasacha sladghearrtha agus ghearrdhíola a suíodh san imscrúdú.

    (203)

    Ina theannta sin, san aighneacht a rinneadh AB InBev ar an 20 Meitheamh 2022, thagair sé do “phraghsáil soláthróirí ceaigeanna [de chuid an Aontais] a bheith iomaíoch i leith praghsáil soláthróirí de chuid na Síne” sa tréimhse imscrúdúcháin agus le linn 2022. Deimhniú breise is ea an méid sin gur laghdaigh táirgeoirí an Aontais a bpraghsanna i gcomparáid leis na blianta roimhe sin den tréimhse faoi bhreathnú chun bheith iomaíoch i leith praghsanna Síneacha

    (204)

    Gné ghaolmhar eile den phróiseas tairisceana gur tugadh méid mór díolachán i gcríoch sa deireadh lasmuigh de na tairiscintí iarbhír leis an gcaibidlíocht praghsanna a bhí ag brath ar an “gcóras soilse” sin. Is léir sin ón méid cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais trí thairiscintí, a bhí an-bheag ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú. Laghdaíodh an leibhéal sin ó os cionn 30 % d’iomlán a ndíolachán sa tréimhse 2019-2020, go dtí faoi bhun 16 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcleachtas, d’úsáid na húsáideoirí an próiseas tairisceana áirithe sin agus na tairiscintí dumpáilte ón tSín a bhí ar phraghas íseal agus comhaontú a dhéanamh acu sa deireadh ar na praghsanna sin lasmuigh de chreat na tairisceana.

    (205)

    Léiríonn na sonraí a sholáthair na húsáideoirí comhoibríocha gur ghnóthaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín 30 % ar meán de na cainníochtaí a cuireadh ar tairiscint le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, is meastachán coimeádach é sin ós rud é go léiríonn an fhianaise sna comhaid gur ceann de na húsáideoirí neamh-chomhoibríocha is mó (Heineken) ba chúis le 30 % de na cainníochtaí a d’onnmhairigh an dá tháirgeoir shampláilte ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (206)

    In aon chor, de réir mar atá mínithe thuas, is cuma cé acu a tugadh na díolacháin i gcrích faoi thairiscint nó nár tugadh a mhéid a bhaineann le héifeachtaí agus cúisíocht praghsanna dumpáilte Síneacha ar phraghsanna thionscal an Aontais agus ar chás díobhálach an Aontais.

    (207)

    De réir mar atá mínithe thuas i roinn 4.3.3, laghdaigh na praghsanna Síneacha in 2019 agus 2020 i gcomparáid le 2018, agus méadaigh siad le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach níor baineadh amach as leibhéil 2018 leis an méadú sin. Le linn na tréimhse céanna tháinig laghdú 9 % ar phraghsanna thionscal an Aontais agus tháinig méadú 16 % ar a chostas táirgthe.

    (208)

    Mar gheall ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí ceaigeanna ón tSín in dhá dheighleog an mhargaidh, bhí ar thionscal an Aontais praghsanna a dhíolachán a laghdú, d’ainneoin an mhéadaithe mhóir ar chostas an táirgthe, chun a scair den mhargadh a choinneáil, go páirteach, ar a laghad. Dá thoradh sin, laghdaigh an bhrabúsacht ó 12 % go dtí -9 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus chuaigh na táscairí airgeadais in olcas.

    (209)

    Dá bhrí sin thángthas ar an gconclúid – ós rud é gur tharla an dá rud in aon tráth amháin – gur tháinig meathlú ar staid eacnamaíoch thionscadal an Aontais san am céanna a bhí cuid mhór allmhairí ón tSín ann ar phraghsanna an-íseal. I gcomhthéacs an laghdaithe a bhí ag teacht ar an margadh agus an mhéadaithe a bhí ag teacht ar chostas an táirgthe, bhí na praghsanna Síneacha ag sladghearradh phraghsanna thionscal an Aontais go comhsheasmhach agus shocht siad leibhéal na bpraghsanna i margadh an Aontais, sa chaoi gur léir go bhfuil nasc cúisíochta substaintiúil fíor idir an dá rud.

    5.2.   Tionchair fachtóirí eile

    5.2.1.   Paindéim COVID-19 agus an laghdú ar thomhaltas

    (210)

    Taifeadadh allmhairí ceaigeanna ón tSín ar phraghsanna an-íseal ó 2018 ar aghaidh. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghas na n-allmhairí ón tSín 24 % níos ísle ar an meán ná meánphraghas díolachán thionscal an Aontais. Lena linn sin féin bhí síor laghdú ag teacht ar phraghsanna thionscal an Aontais d’ainneoin an mhéadaithe a bhí ag teacht ar chostais an táirgthe. Cé gur cuireadh arís leis an laghdú ar thomhaltas i ngeall ar phaindéim COVID-19, ní mhaolaíonn sin an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte agus díobháil ábhartha a bhain do thionscal de chuid an Aontais. Le linn na tréimhse sin tháinig laghdú 66 % ar thomhaltas agus laghdú 71 % ar méid díolachán thionscal an Aontais agus níor tháinig ach laghdú 39 % ar na hallmhairí ón tSín, rud a mhéadaigh a sciar den mhargadh ó 17 % go 31 %. De réir mar atá pléite in aithris (196), ar bhonn na bpraghsanna margaidh is féidir a bhaint amach i margadh na Stát Aontaithe, mura mbeadh na hallmhairí ag teacht ón tSín agus mura mbeadh an brú ar phraghsanna ann a tháinig as sin, d’fhéadfadh tionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú go leibhéal níos inbhuanaithe agus an méadú ar chostas an táirgthe a chumhdach.

    (211)

    Is mór an tionchar a bhí ag an laghdú mór ar thomhaltas agus ar úsáid acmhainneachta ar fheidhmíocht thionscal an Aontais. Mar sin féin, de réir mar atá mínithe thuas i roinn 4.4.3.1, fiú nuair a d’éirigh le tionscal an Aontais a chostais sheasta a laghdú go mór, tháinig méadú 23 % ar a sciar d’iomlán na gcostas. Le linn an ama chéanna, d’éirigh leis an tionscal costais struchtúracha eile a laghdú, ar nó na fostaíochta le linn thréimhse COVID-19. De bharr an bhainistithe sin a rinneadh ar chostais sheasta agus ar chostais struchtúracha eile le linn na tréimhse sin, bhí tionscal an Aontais in ann tionchar na gcostas sin ar a fheidhmíocht a íoslaghdú, rud atá mínithe thuas chomh maith, ach níorbh fhéidir ach cúiteamh páirteach a dhéanamh de bharr sochtadh mór praghsanna ar allmhairí ón tSín ba chúis leis.

    5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais

    (212)

    Seo a leanas mar a forbraíodh méid na n-onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 15

    Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    An méid onnmhairí (Píosaí)

    2 364 368

    1 827 572

    547 427

    1 124 371

    Innéacs

    100

    77

    23

    48

    Meánphraghas díreach ón monarcha (EUR/píosa)

    66,04

    62,18

    58,86

    63,05

    Innéacs

    100

    94

    89

    95

    Meán-spriocphraghas (52) (EUR/píosa)

    68,34

    64,87

    60,83

    66,28

    Innéacs

    100  %

    95

    89

    97

    Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (213)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 52 % ar onnmhairí thionscal an Aontais.

    (214)

    Idir 2018 agus 2020, na treochtaí a bhí i gceist le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, bhí cosúlacht áirithe idir iad agus na treochtaí a bhí i gceist maidir leis an bhforbairt a tháinig ar mhéid na ndíolachán ó thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. Tháinig laghdú ar mhéid díolacháin AE agus méid díolacháin onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na chéad chuid den tréimhse faoi bhreathnú, arbh í an tréimhse sin ba mhó a bhí buailte ag paindéim Covid 19 uirthi. Mar sin féin, méid na ndíolachán onnmhairiúcháin, i dtéarmaí coibhneasta, ba lú an laghdú a tháinig air ná mar a tháinig ar na díolacháin chuig margadh an Aontais. Ar a bharr sin, thosaigh téarnamh soiléir ar fheidhmíocht allmhairiúcháin thionscal an Aontais a luaithe a cuireadh deireadh le srianta COVID-19 nuair a tháinig níos mó ná dúbailt ar dhíolacháin allmhairithe ó 2020 go 2021. Chomh maith leis sin, ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú bhí díolacháin allmhairithe thionscal an Aontais i bhfad níos mó ná an praghas díolacháin ar mhargadh an Aontais agus bhí siad i gcónaí níos airde ná a chostas táirgthe, ach amháin in 2020, an bhliain is mó a ndearna paindéim COVID-19 difear di, agus ar leathchuid den tréimhse faoi bhreathnú í. Ar a bhonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir an laghdú sealadach ar an bhfeidhmíocht allmhairiúcháin leis an díobháil ós rud é gur leor leibhéil na bpraghsanna allmhairithe chun go bhféadfadh tionscadal an Aontais brabús a bhaint as an gcuid is mó dá dhíolacháin allmhairí.

    5.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

    (215)

    Bhí praghsanna na n-onnmhairithe ón tSín i bhfad níos ísle ná praghsanna agus costais an Aontais ó bhí tús na tréimhse faoi bhreathnú ann in 2018. Léiríodh san imscrúdú go raibh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 13,1 % ann. An méadú sin a bhí ag teacht ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna an íseal, rinne sé dochar do thionscal an Aontais agus bhí ar an tionscal sin praghsanna díolachán a laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú chun méid teoranta díolachán ar a laghad a choinneáil ar bun sa mhargadh le linn phaindéim COVID-19 agus dá éis. Dá thoradh sin, bhí forbairt dhiúltach i staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

    (216)

    Rinne an Coimisiún idirdhealú idir éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé scrúdú orthu. Maidir le héifeacht phaindéim COVID-19 agus leis an laghdú a bhain léi ar thomhaltas an Aontais agus tomhaltas domhanda ceaigeanna, d'imir sé tionchar diúltach ar fhorbairtí thionscal de chuid an Aontais ach measadh gur fachtóir sealadach é a d’imir tionchar teoranta. Tháinig meath ar staid thionscal an Aontais cheana roimh phaindéim COVID-19 agus lean an meathlú go deireadh na tréimhse faoi bhreathnú.

    (217)

    Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

    6.   LEIBHÉAL NA mBEART

    (218)

    Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, scrúdaigh an Coimisiún an cheist ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte.

    6.1.   Corrlach díobhála

    (219)

    Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

    (220)

    I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, chuir an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

    (221)

    Mhol na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais sna freagraí uathu ar an gceistneoir gur cheart an spriocbhrabús a shocrú idir 12 % agus 20 % ós rud é, dar leo, gurb é sin an leibhéal is gá chun na hinfheistíochtaí riachtanacha i bpróisis agus i dtáirgí a mhaoiniú agus chun inmharthanacht fhadtéarmach thionscal an Aontais a áirithiú. Léirigh an tionscal freisin gurbh amhlaidh, sna blianta ina raibh gnáthdhálaí iomaíochta i réim, a bhí meánbhrabúsacht 15 % acu.

    (222)

    Ina fhianaise sin, chinn an Coimisiún go sealadach corrlach brabúis 12 % a úsáid, corrlach atá gar do cheann íochtarach an raoin figiúirí a bhfuil mionsonrú orthu san aithris roimhe seo, cinneadh a bhí an-sealadach.

    (223)

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, socraíodh an corrlach brabúis ag 12 % i gcomhréir le foráil Airteagal 7(2c).

    (224)

    Maidir le leibhéal na n-infheistíochtaí, i bhfianaise an taighde agus na forbartha a rinneadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an difríocht idir an speansas a bhain le hinfheistíochtaí, taighde agus forbairt agus nuálaíocht faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag Tionscal an Aontais agus arna fhíorú ag an gCoimisiún san áireamh cheana sa spriocbhrabús 12 %.

    (225)

    Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhála in aghaidh an phíosa le haghaidh tháirge comhchosúil thionscal an Aontais tríd an sprioc-chorrlach brabúis (féach aithris (223)) thuasluaite a chur le costas táirgthe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn cineál ar chineál.

    (226)

    Chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála agus comparáid á déanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin sampláilte sa tír lena mbaineann, faoi mar atá leagtha síos do na praghsanna a dhéanann na ríomhanna a shladghearradh, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhála an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Rinneadh aon difríocht a d’eascair as an gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán den mheánluach allmhairiúcháin ualaithe maidir le CAL.

    (227)

    Sainítear an leibhéal díchuir díobhála le haghaidh “cuideachtaí comhoibríocha eile” agus le haghaidh “gach cuideachta eile” ar aon dóigh leis an gcorrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin.

    Tír

    Cuideachta

    Corrlach dumpála

    Corrlach díobhála

    Daon-Phoblacht na Síne

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    77,1  %

    58,8  %

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    65,3  %

    52,9  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    72,1  %

    56,3  %

    Gach cuideachta eile

    91,0  %

    112,0  %

    6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

    (228)

    De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

    Tír

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála shealadach

    Daon-Phoblacht na Síne

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    58,8  %

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    52,9  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    56,3  %

    Gach cuideachta eile

    91,0  %

    7.   LEAS AN AONTAIS

    (229)

    Tar éis cinneadh a dhéanamh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé teacht ar chonclúid shoiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás sin, d’ainneoin chinneadh na dumpála díobhála, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

    7.1.   Leas thionscal an Aontais

    (230)

    Tá 8 gcuideachta san Aontas a tháirgeann ceaigeanna. Fostaíonn siad breis agus 400 oibrí go díreach (bhí níos mó ná 800 díobh ann in 2018) agus iad lonnaithe san Ostair, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Spáinn.

    (231)

    I gcás go ndéanfaí bearta a fhorchur, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais a sciar den mhargadh a choinneáil, úsáid acmhainneachta a mhéadú, praghsanna a ardú go leibhéil inbhuanaithe agus feabhas a chur ar an mbrabúsacht i dtreo leibhéil a mbeifí ag súil leo faoi ghnáthdhálaí iomaíochta.

    (232)

    Is dócha go dtiocfadh meath breise ar an mbrabúsacht mura ndéanfaí na bearta a fhorchur, brabúsacht a bhí diúltach cheana féin. I gcás nach ndéanfaí bearta a fhorchur, d’fhéadfadh dúnadh saoráidí táirgthe agus dífhostuithe a bheith ann dá thoradh, rud a chuirfeadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol.

    (233)

    Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach go bhfuil forchur beart sealadach chun leas thionscal an Aontais.

    7.2.   Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhghaolmhara

    (234)

    Allmhaireoir neamhghaolmhar amháin a bhfuil 1,6 % de mhéid allmhairí na Síne acu, chuir an t-allmhaireoir sin foirm shamplála isteach agus thug sé freagra ar an gceistneoir. Ba é 16 % an meánbhrabús a bhí ag an allmhaireoir comhoibríoch le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (235)

    Bhí an t-allmhaireoir sin in aghaidh bearta a fhorchur. Mhaígh sé, i bhfianaise an mhéadaithe ar phraghas na cruach dosmálta agus na loingseoireachta, go mbeadh tionchar diúltach breise dá bhforchuirfí bearta ar a bhrabúsacht, rud a mbeadh leachtú na cuideachta mar thoradh air. Chuir an chuideachta i bhfios go láidir freisin go ndearna sí infheistíochtaí suntasacha T&F óna hacmhainní dílse le blianta beaga anuas chun maoin intleachtúil nua a fhorbairt, chomh maith le hinfheistíochtaí chun réitigh nua a fhorbairt i dtáirgeadh ceaigeanna a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’úsáideoirí an Aontais agus go bhféadfadh forchur na mbeart deireadh a chur leis an tionscadal seo.

    (236)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go bhféadfadh an t-allmhaireoir cuid den dleacht frithdhumpála a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí deiridh. I bhfianaise leibhéal maith brabúis an allmhaireora, maolaítear tionchar na dleachta ar inmharthanacht an allmhaireora freisin. Ar an iomlán, i bhfianaise an chomhair an-teoranta ó 1 allmhaireoir amháin san imscrúdú seo, tugtar le fios nach mbeidh tionchar an-diúltach ag na bearta ar allmhaireoirí ar an iomlán agus, dá bhrí sin, ní bheadh sé níos mó ná tionchar dearfach na mbeart ar tháirgeoirí de chuid an Aontais.

    (237)

    Na trádálaithe/soláthraithe seirbhísí a dhéanann ceaigeanna a pearsantú agus a oiriúnú, beidh siadsan in ann leanúint ar aghaidh leis an ngnó sin, agus dá bhrí sin beidh siad in iomaíocht de bhua tuillteanais seachas leis na hallmhairí dumpáilte.

    7.3.   Leas úsáideoirí

    (238)

    Ag an tionscnamh tháinig beirt úsáideoirí, Appie agus Carlsberg, chun cinn ach níor sholáthair siad ach faisnéis theoranta sna freagraí uathu ar an gceistneoir. Chláraigh úsáideoir eile, AB InBev, mar pháirtí leasmhar agus thug sé barúlacha uaidh ach níor thug sé freagra ar an gceistneoir. Déanann na húsáideoirí sin ionadaíocht ar ghrúdlanna nó ar ilchuideachtaí grúdaireachta.

    (239)

    Ag céim níos déanaí, mar a mhínítear thuas i roinn 4.3.1, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil arís leis na mórúsáideoirí agus d’iarr sé sonraí faoina soláthróirí agus faoina méideanna ceannaigh. Chuir trí úsáideoir (AB InBev, Asahi, agus Molson Coors) roinnt sonraí ar fáil, ach níor thug siad freagra maidir leis na príomhphointí faisnéise a iarradh sa cheistneoir.

    (240)

    San aighneacht tosaigh uaidh, bhí AB InBev i gcoinne bearta a fhorchur agus mhaígh sé:

    thiocfadh méadú ar chostas na gceaigeanna mar thoradh ar na dleachtanna, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar an earnáil HORECA, earnáil a raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 uirthi cheana féin;

    níl acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais chun éileamh iomlán an Aontais ar cheaigeanna a chomhlíonadh.

    (241)

    A mhéid a bhaineann leis an gcéad maíomh, léiríodh san fhaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe nach gceannaíonn an earnáil HORECA ceaigeanna ó na táirgeoirí beorach, ní cheannaíonn siad ach a bhfuil iontu (i.e. an bheoir). Íocann tithe tábhairne agus beáir éarlais ar na ceaigeanna agus aisíoctar an éarlais sin nuair a thugann siad an ceaig folamh ar ais do na táirgeoirí beorach. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh tionchar teoranta ag costas na gceaigeanna ar bhrabúsacht na hearnála HORECA.

    (242)

    A mhéid a bhaineann leis an dara maíomh, is cosúil go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag tionscal an Aontais. Ag an mbuaicphointe in 2018, bhí tomhaltas an Aontais thart ar 3.2 milliún ceaigeanna agus bhí acmhainneacht táirgeachta iomlán de bheagnach 6.8 milliún ceaig ag tionscal an Aontais. Fiú amháin nuair a chuirtear na díolacháin onnmhairiúcháin san áireamh, tá beagnach 2 mhilliún ceaig d’acmhainneacht bhreise fós ag tionscal an Aontais.

    (243)

    I bhfianaise na saolré fada (de ghnáth 30 bliain) a bhíonn ag ceaigeanna agus a nádúir in-athlíonta, is beag an tionchar costais a bhíonn ag ceaigeanna ar an tionscal dí.

    (244)

    Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach go bhfuiltear ag súil go mbeidh na tionchair dhiúltacha a bheidh ag bearta ar úsáideoirí teoranta agus nach mó iad ná éifeacht dhearfach na mbeart ar tháirgeoirí de chuid an Aontais.

    7.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

    (245)

    I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúiseanna láidre ann le rá nár le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne ag an gcéim sin den imscrúdú.

    8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

    (246)

    Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leibhéal na mbeart agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais.

    (247)

    Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile. Socraíodh an méid dleachtanna ar an leibhéal corrlaigh ba ísle idir na corrlaigh dhumpála agus na corrlaigh dhíobhála.

    (248)

    I bhfianaise an mhéid thuas ba cheart na rátaí dleachta frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

    Tír

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála shealadach

    Daon-Phoblacht na Síne

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    58,8  %

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    52,9  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    56,3  %

    Gach cuideachta eile

    91,0  %

    (249)

    Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

    (250)

    Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (251)

    Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

    (252)

    Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

    (253)

    Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

    (254)

    Sloinntear staidreamh maidir le ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta go minic i roinnt píosaí. Mar sin féin, níl aon aonad forlíontach den sórt sin le haghaidh ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta a shonraítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (53) ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus ar an gComhtharaif Chustaim. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá líon na bpíosaí le haghaidh na n-allmhairí den táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart píosaí a léiriú do chóid TARIC 7310100010 agus 7310299010, ar choinníoll go bhfuil an léiriú sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.

    9.   CLÁRÚ

    (255)

    Mar a luaitear in aithris (3), níor chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.

    10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

    (256)

    I gcomhréir le Airteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh.

    (257)

    Chuir Ningbo Maor agus Penglai Jinfu barúlacha isteach go comhpháirteach maidir leis an réamhnochtadh, áit ar iarr siad ar an gCoimisiún staonadh ó na bearta sealadacha a chur i bhfeidhm. Chuir siad i bhfios go láidir nár léirigh spriocphraghsanna roinnt cineálacha táirgí na praghsanna ionchasacha de réir a gcuid eolais. Mhaígh siad freisin nach raibh roinnt cineálacha táirgí mar chuid den ríomh corrlach díobhála agus nach raibh ceannteideal tábla nochta anótáilte i gceart.

    (258)

    Scrúdaigh an Coimisiún na barúlacha go mion agus mheas sé nár bhain aon cheann acu le cruinneas na ríomhanna, dá bhrí sin déanfaidh sé iad a mheas, mar aon le gach aighneacht eile, tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach.

    (259)

    Maidir leis na haonaid a úsáidtear sa tábla nochta, mar a thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin faoi deara, is píosaí seachas tonaí iad go deimhin. Thairis sin, níor cuireadh roinnt cineálacha táirgí san áireamh sa ríomh corrlach díobhála, toisc nár tháirg tionscal an Aontais na cineálacha táirgí comhfhreagracha agus dá bhrí sin ní raibh siad ábhartha chun an corrlach gearrdhíola a ríomh.

    11.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

    (260)

    Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

    (261)

    Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna, soithí, drumaí, tancanna, bairillí agus coimeádán comhchosúil, in-athlíonta, de chruach dhosmálta, isteach san Aontas, rudaí ar a dtugtar “ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta” go coitianta, rudaí arb é cruth an tsorcóra, a bheag nó a mhór, atá ar a gcabhail, agus dar tiús balla 0.5 mm nó níos mó, rudaí ar de chineál iad a úsáidtear le haghaidh ábhair eile seachas gás leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, agus dar toilleadh 4,5 lítear nó níos mó, gan beann ar chineál na bailchríche nó an tomhsaire ná ar ghrád na cruach dosmálta, bíodh comhpháirteanna breise ag gabháil leo nó ná bíodh (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile), bídís péinteáilte nó ná bíodh, bídís brataithe ag ábhair eile nó ná bíodh, allmhairí a thagann faoi chóid AC ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90 faoi láthair (cóid TARIC 7310100010 agus 7310299010) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, seachas scóigeanna, sleánna, cúplóirí nó sconnaí, coiléir, comhlaí agus comhpháirteanna eile a allmhairítear ar leithligh.

    2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, sula n-íocfar dleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh siad:

    Tír

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála shealadach

    Cód breise TARIC

    Daon-Phoblacht na Síne

    Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

    58,8  %

    A024

     

    Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

    52,9  %

    A030

     

    Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

    56,3  %

     

     

    Gach cuideachta eile

    91,0  %

    C999

    3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

    4.   Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.

    5.   I gcás ina ndéantar dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta isteach i ndáil leis an táirge dá dtagraítear i mír 1, déanfar an líon píosaí de na táirgí a allmhairítear a chur isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

    6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha ábhartha maidir le dleachtanna custaim.

    Airteagal 2

    1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    2.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirfear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na hiarrataí sin, más iomchuí.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  OJ L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO C 195, 13.5.2022, lch. 24.

    (3)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2602

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 an 16 Feabhra 2022 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145)

    (5)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 208, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 59, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 149-150.

    (6)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 192, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 46, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 115-118.

    (7)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-4, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 47, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119-122. Tá an ceart ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, agus cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gur ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don 'tírghrá' agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1.86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

    (8)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithrisí 48-52, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123-129.

    (9)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 53, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 130-133.

    (10)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithris 203, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 54, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135.

    (11)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 204, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 55, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 136-145.

    (12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

    (13)  Comhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh sa tSín, Ró-Acmhainn sa tSín: bac ar chlár oibre athchóirithe an Pháirtí, ar fáil ag: https://www.europeanchamber.com.cn/en/publications-overcapacity-in-china (arna rochtain an 16 Samhain 2022)

    (14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine, IO L 110, 8.4.2020, lch. 3.

    (15)  An Fóram Domhanda maidir le ró-acmhainn sa tionscal cruach, Tuarascáil Aireachta, 20 Meán Fómhair 2018.

    (16)  Tuarascáil — Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit i gcomhthéacs táirgthe, agus 44 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i gcomhthéacs acmhainne.

    (17)  Ar fáil ag: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm; https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e, agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

    (18)  Ar fáil ag http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

    (19)  Mar a tharla i gcás an leasa tromlaigh a shealbhaigh China Baowu Steel Group in Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (arna rochtain an 28 Deireadh 2022).

    (20)  Féach: https://www.miit.gov.cn/gzcy/yjzj/art/2020/art_af1bef04b9624997956b2bff6cdb7383.html (arna rochtain an 16 Samhain 2022).

    (21)  Féach Roinn IV, Foroinn 3 den Phlean, atá le fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 16 Samhain 2022).

    (22)  Féach an 180ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Cruach a fhorbairt, Brollach.

    (23)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/about/board_of_directors (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2022).

    (24)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta, le fáil ag: https://www.baosteel.com/about/manager (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2022).

    (25)  Foghlaimíonn Shandong Gold Group faoi sprid 20ú Comhdháil Náisiúnta Páirtí Cumannach na Síne agus cuireann sé an sprid sin in iúl agus chun feidhme, (téacs bunaidh i Sínis), alt preasa ar fáil ar shuíomh gréasáin China Gold News: https://www.gold.org.cn/ky1227/kydj/202210/t20221028_193328.html (arna rochtain an 17 Samhain 2022).

    (26)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lch. 346 ff.

    (27)  Féach 215ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

    (28)  Féach go háirithe Ranna I agus II den Phlean.

    (29)  Tá forálacha na roinne seo an-mhionsonraithe agus leagtar amach iontu spriocanna dochta don todhchaí: 'I gcás fiontair iarainn agus cruach a bhfuil sé beartaithe acu athlonnú nó athchóiriú a dhéanamh in áiteanna éagsúla, ba cheart do rialtais na n-áiteanna a mbogann siad isteach iontu agus amach astu cumarsáid agus comhordú a neartú, agus táscairí ábhartha ídithe fuinnimh agus ídithe guail a aistriú tríd an margadh trádála um chearta úsáide fuinnimh chun comhar a bheidh tairbhiúil do gach páirtí a bhaint amach agus chun dul chun cinn rianúil agus ordúil an tionscadail a áirithiú. 6 bhonn shainiúla táirgthe cruach a thógáil in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhoukou, etc, agus feabhas a chur ar scála, ar dhéine, ar speisialtóireacht agus ar idirdhealú an tionscail. Ina measc, faoi 2025, déanfar an acmhainn táirgthe muciarainn i gCathair Anyang a rialú ionas go bhfanfaidh sí faoi bhun 14 mhilliún tona, agus déanfar an acmhainn táirgthe amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tona, agus cruthófar lárionad táirgthe cruach speisialta ardchaighdeáin in Anyang Base in Anyang Iron and Steel Group Co., Ltd; tacú le Henan Jiyuan Iron and Steel (Group) Co., Ltd, bonn táirgthe do bharraí agus sreanga cruach speisialta sármhaithe agus lárionad próiseála réigiúnach a thógáil; chun tacú le Angang Group Xinyang Iron and Steel Co., Ltd., Minyuan Iron and Steel Group Co., Ltd., agus Henan Angang Zhoukou Iron and Steel Co., Ltd le hionaid réigiúnacha iarainn agus cruach a thógáil.'

    (30)  Féach pointí 2, 8 agus 16, faoi seach, de Phlean Gníomhaíochta Trí Bliana Chúige Hebei maidir le forbairt braislí i slabhra an tionscail chruach 2020 2022.

    (31)  Guiding Catalogue for Industry Restructuring (Leagan 2019), arna fhormheas ag Foraithne an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 29 an 27 Lúnasa 2019; ar fáil ag: http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

    (32)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143-144.

    (33)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

    (34)  bvdinfo.com

    (35)  https://www.globaltradealert.org/data_extraction

    (36)  Is é an cód NACE an ainmníocht chaighdeánach Eorpach maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgiúla. Rinneadh taighde ar na cóid seo a leanas: 2591 (drumaí cruach agus coimeádáin atá comhchosúil le chéile), 2592 (pacáil miotail éadroim), 2599 (táirgí miotal monaraithe eile), 2829 (innealra ilchuspóireach), 2893 (innealra le haghaidh próiseáil bia, deochanna agus tobac).

    (37)  Bunachar sonraí Orbis, arna sholáthar ag Bureau Van Dick (https://orbis.bvdinfo.com).

    (38)  https://www.mococa.com

    (39)  https://ilostat.ilo.org/

    (40)  https://www.globalpetrolprices.com/Brazil/

    (41)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

    (42)  https://ilostat.ilo.org/data/data-catalogue/

    (43)  Coigeartaithe go cuí de réir am reachtúil nár oibríodh, amhail laethanta saoire agus laethanta saoire náisiúnta.

    (44)  https://establishbrazil.com/articles/whats-real-cost-employee ;

    https://ccbc.org.br/en/publicacoes/artigos-ccbc-en/how-much-do-your-employees-in-brazil-really-cost/ ; https://bpc-partners.com/inss-brazilian-salaries-benefits/

    (45)  https://www.globalpetrolprices.com/Brazil/

    (46)  https://www.edp.com.br/tarifas-vigentes/

    (47)  https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/energia-eletrica/publicacoes/informativo-gestao-setor-eletrico

    (48)  Na buaicuaireanta agus na huaireanta seachbhuaice agus an costas breise éagsúil is infheidhme le linn na tréimhse.

    (49)  https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/energia-eletrica/publicacoes/informativo-gestao-setor-eletrico/informativo-gestao-setor-eletrico-ano-2021.pdf/view

    (50)  Ós rud é gurb é mais an t-aon aonad cainníochta atá ar fáil i mbunachar sonraí Comext agus mbunachar sonraí Fhaireachas an Choimisiúin, rinneadh cainníochtaí ó thonaí/ó chileagraim a thiontú go haonaid (an líon ceaigeanna) le linn an imscrúdaithe faoin bhfoirmle 1 cheaig=10 kg agus é ag brath ar na bunachair sonraí sin. Ba é sin an ráta comhshó a úsáideadh sa ghearán agus dhearbhaigh an Coimisiún gurb é 10 kg, a bheag nó a mhór, meánmhais cheaig ar an margadh.

    (51)  Tá an figiúr uachtair don bhliain 2 018 difriúil leis an luach atá le fáil sa Nóta leis an gComhad ón 2 Meán Fómhair 2022. Tharla sé sin mar gheall ar earráid chléireachais a aithníodh i gcomhiomlánú sonraí ó údaráis chustaim a ceartaíodh ina dhiaidh sin.

    (52)  Praghas díreach ón monarcha ina bhfuil costais a bhaineann le hiompar agus na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme ar mhargadh na Stát Aontaithe san áireamh

    (53)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2022, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh

    Tír

    Ainm

    Cód breise TARIC

    Daon-Phoblacht na Síne

    Kingyip - Guangzhou JingYe Machinery Co., Ltd.

    A031

     

    Ningbo Hefeng Container Manufacturer Co., Ltd.

    A032

     

    Qingdao HenKeg Craft Beer Technology Co., Ltd.

    A033

     

    Yantai Toptech Ltd.

    A034


    Top