This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023H2836
Commission Recommendation (EU) 2023/2836 of 12 December 2023 on promoting the engagement and effective participation of citizens and civil society organisations in public policy-making processes
Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn
Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn
C/2023/8627
IO L, 2023/2836, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2836/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2836 |
20.12.2023 |
MOLADH (AE) 2023/2836 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2023
maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Foráiltear le hAirteagal 10(3) CAE go mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais agus go gceanglaítear leis go nglacfar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir. Le hAirteagal 165(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) déantar foráil maidir le bunús le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun daoine óga a spreagadh ar mhaithe le páirt a ghlacadh i saol daonlathach na hEorpa. |
|
(2) |
Áirithítear le hAirteagal 12 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun saoirse comhthionóil. Is éard atá i gceist leis sin an ceart atá ag daoine aonair teacht le chéile i ngrúpaí nó i struchtúir eagraithe. Tá an ceart sin — mar a aithníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘CBAE’) é — ar cheann de na bunúis riachtanacha atá ag sochaí dhaonlathach agus iolraíoch, a mhéid a chuireann sé ar a gcumas do shaoránaigh gníomhú Chairt, an tsaoirse chun tuairimí a bheith saoránaigh agus a nochtadh agus chun faisnéis a fháil agus a thabhairt. Ina theannta sin, le hAirteagal 41 den Chairt maidir leis an gceart chun dea-riaracháin forchuirtear ar an riarachán an oibleagáid cúiseanna a thabhairt lena i dteannta a chéile i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus, an méid sin á dhéanamh acu, rannchuidiú le feidhmiú cuí an tsaoil phoiblí. Thairis sin, áirítear leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den chinntí. Ar deireadh, áirítear in Airteagal 24 den Chairt an ceart atá ag leanaí a dtuairimí a chur in iúl gan bhac agus foráiltear ann go gcuirfear tuairimí den sórt sin san áireamh maidir le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht. |
|
(3) |
Ba cheart go gcuirfí chun cinn ar bhonn gníomhach rannpháirtíocht chuimsitheach agus éifeachtach na n-údarás poiblí le saoránaigh, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine sna próisis ceaptha beartas poiblí. Ní chumhdaítear ar bhealach ar bith leis na próisis ceaptha beartas poiblí cinntí aonair an riaracháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chearta daoine aonair. Tá gá le cur chuige sainoiriúnaithe toisc nach ionann na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
(4) |
Ba cheart do na Ballstáit timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chruthú agus a chothabháil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine chun feabhas a chur ar a rannpháirtíocht éifeachtach agus chun a áirithiú gur féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sna próisis ceaptha beartas poiblí agus, ar an gcaoi sin, ról lárnach a chleachtadh i ndaonlathais an Aontas. Is minic a thagraítear d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar struchtúir neamhstáit, neamhbhrabúsacha, neamh-chlaonpháirteacha agus neamh-fhoréigneacha, trína n-eagraíonn daoine chun cuspóirí agus idéil chomhroinnte a shaothrú (1). Is daoine aonair, grúpaí agus orgáin den tsochaí iad cosantóirí chearta an duine a dhéanann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a aithnítear go huilíoch a chur chun cinn agus a chosaint, i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine (1998) (2) agus dá dtagraítear freisin i dtreoirlínte an Aontais maidir le Cosantóirí Chearta an Duine (3). Féachann cosantóirí chearta an duine le cearta sibhialta agus polaitiúla a chur chun cinn agus a chosaint, chomh maith le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn, a chosaint agus a bhaint amach (4). Geallann an tAontas dul i dteagmháil le heagraíochtaí a urramaíonn luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt. |
|
(5) |
Ba cheart rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú sna próisis déanta beartas poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta. Aithnítear é sin freisin i dTreoirlínte na Náisiún Aontaithe do Stáit maidir le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí (5), i Moltaí ó Chomhairle na hEorpa le haghaidh stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip (6) agus le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach sa saol poiblí áitiúil (7), agus le haghaidh daonlathas dioscúrsach (8), Moladh ECFE le haghaidh Rialtas Oscailte (9), an Chomhdháil Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Idirnáisiúnta (INGOnna) le haghaidh Cóid Dea-Chleachtas maidir le Rannpháirtíocht Shibhialta sa Phróiseas Cinnteoireachta (10), agus an Chomheagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (ESCE) - an Oifig le haghaidh Institiúidí Daonlathacha agus Chearta an Duine (OSCE) agus Treoirlínte an Choimisiún maidir le saoirse comhlachas a pléadh sa Veinéis (11). |
|
(6) |
Is é an chiall atá le ceapadh beartais fianaisebhunaithe gur cheart d’údaráis phoiblí a iarraidh orthu siúd a ndéanann na rialacha agus na cinntí difear dóibh agus atá á gcur i bhfeidhm a bheith rannpháirteach agus gur cheart do na húdaráis phoiblí a dtuairimí agus fianaise a bhailiú ar bhonn gníomhach, le linn na gcéimeanna éagsúla de na próisis ceaptha beartas. Dá bhrí sin, ba cheart leas a bheith ag na Ballstáit tacú ar bhonn gníomhach le rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí. Áirítear leis sin bealaí nuálacha amhail gníomhaíochtaí cultúrtha agus ról gníomhach eagraíochtaí cultúrtha a léirigh go neartaíonn siad an rannpháirtíocht shibhialta, an daonlathas agus an comhtháthú sóisialta (12). Ba cheart do na Ballstáit timpeallacht tacaíochta agus chuimsitheach a chothú lena gcuirfí deiseanna ar fáil do shaoránaigh páirt éifeachtach a ghlacadh sna próisis sin. Neartaíonn timpeallacht den sórt sin trédhearcacht agus athléimneacht i gcoinne cúbláil faisnéise agus bréagaisnéis agus d’fhéadfadh sé rannchuidiú le muinín as an daonlathas ionadaíoch a threisiú. |
|
(7) |
Trí rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas poiblí a chur chun cinn, tugtar tacaíocht do ráta vótála na dtoghchán agus spreagtar na saoránaigh le páirt a ghlacadh sa daonlathas ionadaíoch, lena n-áirítear trí fheachtasaíocht agus seasamh mar iarrthóirí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis trí bhealaí agus uirlisí iomchuí chun a bheith rannpháirteach, chomh maith leis na hacmhainní chun feasacht ar chearta saoránachta an Aontais a fheabhsú. |
|
(8) |
Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht i gceapadh beartas poiblí cuimsitheach agus go léireofaí inti, a mhéid is féidir, cumraíocht agus éagsúlacht dhéimeagrafach toghlaigh, chomh maith le riachtanais grúpaí faoi ghannionadaíocht nó riachtanais daoine faoi mhíchumas (13). Ba cheart do na Ballstáit deiseanna a chur ar fáil chun páirt a ghlacadh trí chleachtais agus shásraí oiriúnaithe agus inrochtana ar líne agus as líne araon, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta. |
|
(9) |
Tá na próisis ceaptha beartas san Aontas á n-athrú ó bhonn de bharr teicneolaíochtaí digiteacha, chomh maith leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn údaráis phoiblí le saoránaigh. D’fhéadfadh úsáid teicneolaíochtaí nua sna próisis ceaptha beartas, amhail ardáin ar líne agus uirlisí ríomhrialachais, tacú le hidirghníomhaíocht fheabhsaithe idir saoránaigh agus a rialtais. Agus teicnící den sórt sin á dtabhairt isteach, ba cheart go n-urramófaí córas srianta agus ceartúchán na sochaí daonlathaí agus go ndéanfaí iad a chosaint go cuí ar rioscaí cibirionsaithe agus faireachais ar líne. Agus aitheantas á thabhairt d’acmhainneacht na réiteach digiteach chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht an phobail, d’fhéadfadh sé nach mbeadh a ról ina leith sin imleor agus an bhearna dhigiteach a leathnú. Dá bhrí sin, is gá leanúint de chur le rannpháirtíocht duine le duine agus a chumasú dóibh i gcás inarb ábhartha. |
|
(10) |
Tá litearthacht sna meáin agus scileanna digiteacha tábhachtach chun páirt a ghlacadh sna próisis ceaptha beartas poiblí ar líne, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha agus an fhaisnéis a nascleanúint, chun dul i dteagmháil leis na húdaráis agus chun an cumas a fhorbairt faisnéis ionramháilte, lena n-áirítear bréagaisnéis, a shainaithint agus a bheith athléimneach ina leith. Is féidir na scileanna sin a chothú a thuilleadh tríd an oideachas agus an oiliúint, agus tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta agus tríd an obair don óige, agus béim á leagan ar an smaointeoireacht chriticiúil (14). Tá gá le cur chuige uile-shochaíoch, mar aon lena bheith ag obair freisin le heagraíochtaí a fhorbraíonn tionscnaimh ón bpobal agus a thugann faoi ghníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar bhréagaisnéis, í a shainaithint, a í a bhréagnú roimh ré agus í a bhréagnú ar fad. |
|
(11) |
Maidir le cineálacha nuálacha rannpháirtíochta a thugann cuireadh do shaoránaigh go díreach a bheith gníomhach, amhail próisis ar líne agus próisis mhachnaimh agus chomhchruthaitheacha, is cleachtais a bhfuil gealladh fúthu chun tacú le sásraí rialachais agus iad a athnuachan. Cuidíonn siad le saoránaigh a spreagadh le dul i ngleic le fadhbanna casta beartais, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus cinntí infheistíochta bonneagair (15). |
|
(12) |
Maidir leis na cineálacha nuálacha den rannpháirtíocht agus de ról gníomhach i gceapadh beartas poiblí, is féidir iad a dhéanamh ag céimeanna éagsúla den cheapadh beartais agus is féidir iad a eagrú i bhformáidí éagsúla, amhail painéil saoránach, giúiréithe nó tionóil ar líne nó as líne, comhdhálacha comhdhearcaidh, buiséadú rannpháirteach agus comhchruthú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní agus inniúlachtaí airgeadais leordhóthanacha ag riaracháin phoiblí chun na cleachtais sin a eagrú, agus aird á tabhairt, mar shampla, ar cheanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. |
|
(13) |
D’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as an saineolas agus na dea-chleachtais ar leibhéal an Aontais, go háirithe an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (16). Chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, agus chun obair leantach ar an gComhdháil a chur i gcrích, tá an Coimisiún ag cur céim nua rannpháirtíocht na saoránach chun feidhme lena neartaítear a chaighdeáin agus a uirlisí, mar aon le Painéil Saoránach Eorpach, lena dtugtar le chéile saoránaigh a roghnaítear go randamach ó na Ballstáit uile, aon trian díobh óg, idir 16 agus 25 bliana d’aois, a bhfuil príomhthograí atá ar na bacáin á bplé acu agus atá ina ngné rialta den saol daonlathach san Aontas anois (17). Tá tairseach athchóirithe ‘Cloisimis Uait’ á forbairt ag an gCoimisiún freisin mar ionad ilfhreastail le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach ar líne. Cuireann an tairseach ‘Cloisimis uait’ ar a gcumas do na saoránaigh dul i dteagmháil le hinstitiúidí Eorpacha ar leibhéil éagsúla: a dtuairim a chur in iúl maidir le tionscnaimh reachtacha (comhairliúcháin phoiblí), díospóireacht agus plé a dhéanamh le hEorpaigh eile, a gcuid tograí féin a chur ar aghaidh don Aontas ar mian leo cónaí ann, trí Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh. Coinníonn sé roinnt gnéithe ar leith a forbraíodh le haghaidh Ardán Digiteach Ilteangach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Bhunaigh an Coimisiún Lárionad Inniúlachta maidir le daonlathas rannpháirteach agus dioscúrsach freisin (18) chun tacú leis na cleachtais sin a chur á n-úsáid ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, trí chleachtóirí agus thaighdeoirí ar fud an Aontais a nascadh le chéile agus trí thaighde a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus nuálaíochtaí, bídís ar líne nó as líne. |
|
(14) |
D’fhéadfadh na Ballstáit samplaí a fháil freisin ó thionscnaimh a rinneadh faoi dhlíthe an daonlathais comhshaoil agus tionscnaimh chomhchosúla a chur i bhfeidhm i réimsí eile ceaptha beartais phoiblí. Baineann na samplaí sin go háirithe le hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus (19), agus Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (20)nó na Piar-Pharlaimintí (21) arna n-eagrú ag an Aontas, mar shampla faoi chuimsiú an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr ar féidir le daoine aonair, rialtais áitiúla agus náisiúnta agus an tAontas Eorpach an t-athrú aeráide a chomhrac. |
|
(15) |
Tá an tAontas Eorpach, laistigh dá inniúlacht, agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (22). Leis an gCoinbhinsiún sin, ceanglaítear ar Stáit is Páirtithe, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na reachtaíochta agus na mbeartas chun an coinbhinsiún a chur chun feidhme, agus i bpróisis chinnteoireachta eile a bhaineann le saincheisteanna faoi dhaoine faoi mhíchumas, dul i ndlúthchomhairle le daoine faoi mhíchumas agus páirt ghníomhach a thabhairt dóibh, lena n-áirítear leanaí faoi mhíchumas. Ba cheart inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus ba cheart cóiríocht réasúnta a chur ar fáil chun rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i bpróisis ceaptha beartas poiblí ar bhonn comhionann le próisis eile a áirithiú. |
|
(16) |
Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i saol daonlathach an Aontais a spreagadh chun tacú lena rannpháirtíocht fhadtéarmach i ndaonlathais na hEorpa mar shaoránaigh ghníomhacha agus mar ghníomhaithe a athróidh an Eoraip go dearfach ó bhonn go barr. Éilítear é sin le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an linbh (24), le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (25) agus le rún ó Pharlaimint na hEorpa (26). D’fhéadfadh na Ballstáit foghlaim ó dhea-chleachtais na leanaí agus na gcomhairlí óige agus na bpróiseas atá ann cheana, amhail Idirphlé Óige an Aontais (27), Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí (28) agus Cúinne na Foghlama (29). Ina theannta sin, d’fhéadfaí comhairlí do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas a mheas freisin mar dhea-shamplaí chun tuairimí na saoránach a chur isteach i gceapadh beartas poiblí. |
|
(17) |
Is tábhachtach meán iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair chun cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint chun guthanna daoine aonair agus grúpaí éagsúla sa tsochaí a threorú, lena n-áirítear iad siúd atá sa staid is leochailí agus chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus ar fhorbairt eacnamaíoch. Cothaíonn siad iolrachas agus cuntasacht na cinnteoireachta, cuireann siad feabhas ar cháilíocht an daonlathais ionadaíoch, mar a aithnítear faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (30), faoi Thuarascáil 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairt (31)e, faoi thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta (32), agus faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (33). Leag an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) béim ar ról tábhachtach na sochaí sibhialta maidir le srianta agus ceartúcháin daonlathas folláin agus, dá réir sin, cuireadh i bhfios go láidir agus go comhsheasmhach go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an gcaoi a ndéanann forais faire phoiblí a ngníomhaíochtaí ar fheidhmiú cuí sochaí daonlathaí. |
|
(18) |
Sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, déantar measúnú ar fhorbairtí a bhaineann le cuimsitheacht na bpróiseas reachtach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta mar ghné amháin den urraim don smacht reachta agus, i roinnt cásanna, cuireadh moltaí faoi bhráid na mBallstát aonair maidir leis an tsaincheist sin. Mar a dearbhaíodh i dtuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, ‘má chuirtear feabhas ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, is féidir cáilíocht na reachtaíochta chomh maith le trédhearcacht an phróisis feabhsú freisin’. Os a choinne sin, an easpa próiseas foirmiúil chun rannchuidiú le cinnteoireacht, straitéisí comhairliúcháin déanacha agus ilroinnte, rogha theimhneach na n-idirghabhálaithe, agus an easpa obair leantach éifeachtach, is cúis imní í ó thaobh an smachta reachta de agus déanann sé damáiste mór do phróisis dhaonlathacha. Leagtar béim freisin i dTuarascáil 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte ar an ngá atá le haitheantas a thabhairt do ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a chur ar a gcumas dóibh gníomhú agus a áirithiú go bhfuil na coinníollacha i bhfeidhm ionas gur féidir leo a bheith rannpháirteach go fóinteach sa chinnteoireacht agus i gcur chun feidhme beartas náisiúnta agus beartais de chuid an Aontais. |
|
(19) |
Ní féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach go héifeachtach agus go cuimsitheach i bpróisis ceaptha beartas poiblí ach amháin nuair is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta oibriú i dtimpeallacht shábháilte chumasúcháin ina gcloítear lena gcearta bunúsacha agus cearta a mball, lena n-áirítear cearta na saoirse comhlachais agus na saoirse comhthionóil agus na gceart chun tuairimí a nochtadh agus rochtain a fháil ar fhaisnéis, chomh maith leis na cearta chun saoirse agus slándála, chun urraim a fháil don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, chun sonraí pearsanta a chosaint, chun cearta maoine agus chun neamh-idirdhealaithe, i gcóras daonlathach lena n-urramaítear an smacht reachta. Chun go mbeidh siad in ann páirt éifeachtach a ghlacadh i bpróisis ceaptha beartas poiblí, tá spás sibhialta sábháilte, folláin agus rathúil de dhíth ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, áit a ndéantar iad a chosaint agus a chumhachtú, agus a dtugtar tacaíocht dóibh (34) agus inar féidir leo leas iomlán a bhaint as saoirsí bunúsacha an Mhargaidh Inmheánaigh. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun spás sibhialta cumasúcháin den sórt sin a chruthú agus a chothú, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine a ghníomhaíonn agus lánurraim á tabhairt acu do luachanna an Aontais (35). |
|
(20) |
Rialaigh CBAE nach mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ‘a bheith in ann a ngníomhaíochtaí a shaothrú agus oibriú gan cur isteach gan údar ón Stát’ (36), agus chuir ECtHR i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit staonadh ó chur isteach míchuí nuair a shaothraíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ngníomhaíochtaí, ach gur cheart dóibh foráil a dhéanamh freisin maidir le timpeallacht chumasúcháin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí bhearta dlíthiúla, riaracháin agus praiticiúla (37). Tá an spás sin ina phríomhchuid de chórais dhaonlathacha ina ndéantar an smacht reachta agus cearta bunúsacha a urramú agus ina seastar leo. |
|
(21) |
Tá sé de dhualgas ar údaráis phoiblí saoirse comhlachais, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus sábháilteacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosaint trí thimpeallacht dhlíthiúil iomchuí a sholáthar, trí fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus trí fhéachaint le haghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, trí rochtain a thabhairt ar sheirbhísí tacaíochta leordhóthanacha, agus trí chistiú agus acmhainní eile a chuireann ar a gcumas dóibh a gcuid oibre a dhéanamh. Cé go n-áirithíonn formhór na mBallstát spás sábháilte d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tá méadú ag teacht ar líon na n-ionsaithe fisiciúla, béil agus digiteacha ina gcoinne, fuath, ciapadh, imeaglú, feachtais chlúmhillte, lena n-áirítear coiriúlú na hoibre daonnúla ar chearta bunúsacha, srianta riaracháin agus dlíthiúla, faireachas neamhdhleathach, agus úsáid cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail le blianta beaga anuas (38). Léirítear i roinnt staidéar freisin gurb iad na heagraíochtaí is mó a ndéantar difear dóibh ná iad siúd a bhíonn ag obair ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, cearta LADTIA, cearta imirceach agus iarrthóirí tearmainn, sláine phoiblí agus frith-éilliú, agus cosaint an chomhshaoil. |
|
(22) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar acmhainní airgeadais agus go mbeidh siad saor lena n-úsáid (39), lena n-áirítear trí chistí an Aontais a fhorbairt. Ní féidir ach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu páirt éifeachtach a ghlacadh sna próisis ceaptha beartas poiblí. |
|
(23) |
Cheana féin, cuireann an tAontas neart deiseanna cistiúcháin ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun tionscadail a chur chun feidhme a chuidíonn le luachanna an Aontais a chothú. Chun go mbeidh sé éasca bealach a dhéanamh trí chláir éagsúla, tá tairseach atá inrochtana go héasca curtha ar bun ag an gCoimisiún, ar tairseach aonair í le haghaidh chistí an Aontais agus trínar féidir deiseanna cistiúcháin a bhaineann leis an daonlathas a aimsiú, i measc deiseanna eile (40). Cuireann an Coimisiún tacaíocht airgeadais thiomnaithe ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna Ballstáit faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Is é is aidhm don Chlár sin cearta agus luachanna a chosaint mar a chumhdaítear iad sna Conarthaí, sa Chairt agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, go háirithe trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí eile a bhíonn gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta, agus chun sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh. Thairis sin, cuireann cláir Erasmus+, an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus Eoraip na Cruthaitheachta deiseanna cistiúcháin ar fáil do chomhar na sochaí sibhialta, do rannpháirtíocht shibhialta agus do rannpháirtíocht dhaonlathach. Tacaíonn Fís Eorpach freisin le creatchlár an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí ceart i roinnt réimsí téamacha taighde (41). Baineadh leas freisin as cúnamh teicniúil le haghaidh athchóiriú riaracháin sna Ballstáit faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus cuirtear roghanna ar fáil chun fothú acmhainneachta a mhaoiniú maidir le cleachtais rannpháirtíochta in údaráis phoiblí agus in eagraíochtaí riaracháin poiblí. Tá iallach ar thairbhithe chistiú an Aontais urraim a thabhairt do luachanna an Aontais agus an cistiú sin á úsáid acu, agus chuir an Coimisiún bearta i bhfeidhm chun tacú le comhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(24) |
Gealltanas an Aontais i leith spás sibhialta sábháilte cumasúcháin a chosaint agus a chur chun cinn, léirítear sin freisin ina ghníomhaíocht sheachtrach, lena n-áirítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020-2024) (42). Tá sé leagtha amach freisin i dtreoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine (43) agus athdhearbhaítear é i dTeachtaireacht 2012 dar teideal ‘The Roots of Democracy and Sustainable Development: Europe’s engagement with Civil Society in External Relations’ [Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa Chaidreamh Seachtrach] (44), sna Treoirlínte maidir le tacaíocht an Aontais don tsochaí shibhialta sa Réigiún um Méadú 2021–2027 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Aos Óg i nGníomhaíocht Sheachtrach an Aontais Eorpaigh (45). Tá neart agus inchreidteacht ghníomhaíocht an Aontais chun seasamh le cearta an duine ar fud an domhain bunaithe ar an gcaoi a gcothaíonn an tAontas a bhunchlocha daonlathacha agus bunúsacha faoi chearta bunúsacha laistigh den Aontas agus ar an gcaoi a neartaíonn sé iad. |
|
(25) |
Tá an Moladh seo mar chuid den Phacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais ina gcuimsítear freisin togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ceanglais chomhchuibhithe sa mhargadh inmheánach maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha agus Moladh ón gCoimisiún maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha agus athléimneacha san Aontas agus lena bhfeabhsaítear gné Eorpach agus stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. |
|
(26) |
Cuireann an Moladh seo le torthaí Thuarascáil 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte agus na dtuarascálacha bliantúla ar an Smacht Reachta, agus déantar anailís ar staid an smachta reachta san Aontas agus ina Bhallstáit, go háirithe maidir leis an gcreat don tsochaí shibhialta. Comhlánaíonn an Moladh seo an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, atá ceaptha chun saoránaigh a chumhachtú agus daonlathais níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais trí shaorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú agus cur i gcoinne ionramháil ar fhaisnéis agus bréagaisnéise, Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún (46) agus tionscnamh 2022 ón gCoimisiún i gcoinne cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (frith-SLAPP) (47). Cuireann sé leis na gníomhaíochtaí tosaíochta a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le ‘Tuarascáil ar Shaoránacht an Aontais 2020’ (48) agus comhlánaíonn sé an Pacáiste Saoránachta a cuireadh i láthair ag deireadh 2023. |
|
(27) |
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo. Moltar do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas agus do thíortha bheartas comharsanachta an Aontais an Moladh seo a leanúint freisin, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Ábhar
|
1. |
Is é is aidhm don Mholadh seo rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gceapadh beartas poiblí a chur chun cinn chun cuidiú le hathléimneacht dhaonlathach a chothú laistigh den Aontas. Spreagann sé na Ballstáit tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun páirt éifeachtach a ghlacadh i bpróisis ceaptha beartas poiblí a dhéanann údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le caighdeáin agus dea-chleachtais sheanbhunaithe. |
|
2. |
Moltar do na Ballstáit timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chruthú agus a choinneáil ar bun d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh páirt éifeachtach a ghlacadh sna próisis ceaptha beartas poiblí. Ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosaint, chun tacú leo agus chun iad a chumhachtú chun spás sibhialta rathúil a áirithiú. |
Creat ginearálta le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta
|
3. |
Ba cheart do na Ballstáit creat a chur chun cinn agus a éascú lena gceadaítear do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sna próisis ceaptha beartas poiblí (‘creat rannpháirtíochta’) agus a áirithiú go gcuirfear an creat rannpháirtíochta chun feidhme i gcomhréir leis an treoraíocht sa Mholadh seo. |
|
4. |
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcreat rannpháirtíochta go gcaithfear go measúil leis na rannpháirtithe uile, ar cheart dóibh a bheith in ann a bheith rannpháirteach gan bhac agus gan cur isteach míchuí. |
|
5. |
Ba cheart an creat rannpháirtíochta a bheith soiléir agus inrochtana, lena n-áirítear trína áirithiú go scaipfear faisnéis thráthúil agus leordhóthanach, trí fhíordheiseanna agus modhanna iomchuí rannpháirtíochta a sholáthar bunaithe ar pharaiméadair réamhshainithe. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
6. |
Ba cheart an creat rannpháirtíochta a bheith trédhearcach agus ba cheart do na Ballstáit grinnscrúdú ar na próisis féin a áirithiú. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
7. |
Ba cheart an creat rannpháirtíochta a bheith ionchuimsitheach agus a áirithiú go mbeidh an deis chéanna ag saoránaigh agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach agus go gcuirfear tuairimí iolracha san áireamh, lena n-áirítear tuairimí na ndaoine atá faoi ghannionadaíocht, agus na ndaoine is leochailí agus is imeallaithe. Go háirithe:
|
|
8. |
Ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh múscailte feasachta a fhorbairt, tacú leo agus iad a chur i gcrích, tionscnaimh arb é is aidhm dóibh an t-eolas faoi dheiseanna rannpháirtíochta a mhéadú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus na modhanna agus na huirlisí atá ar fáil chun tacú le rannpháirtíocht éifeachtach i bpróisis ceaptha beartas poiblí agus chun iad a chothú. |
|
9. |
Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na saoránach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás poiblí rannpháirtíocht éifeachtach fhóinteach a áirithiú sna próisis ceaptha beartas poiblí trí oiliúint agus seisiúin faisnéise. |
|
10. |
Ba cheart do na Ballstáit cistiú sonrach a thiomnú chun tacú le cur chun feidhme a gcreat rannpháirtíochta ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear tríd an úsáid is fearr a bhaint as na cistí de chuid an Aontais atá ar fáil. |
Bearta sonracha chun tacú le rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas poiblí agus chun an rannpháirtíocht sin a spreagadh
|
11. |
Ba cheart do na Ballstáit cleachtaí rannpháirtíochta agus breithniúcháin faoi stiúir na saoránach a thabhairt isteach maidir le cinntí agus beartais shonracha, agus tacú le bealaí aonair agus comhchoiteanna rannpháirtíochta agus iad a chur chun cinn, amhail painéil saoránach, tionóil saoránach, agus formáidí idirphlé agus comhchruthaithe eile. Agus an méid sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as an taithí, an saineolas agus an dea-chleachtas a bailíodh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus na bPainéal Saoránach Eorpach ina dhiaidh sin, chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta amhail Treoirlínte ECFE maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí (49). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-éascófar na cleachtaí sin trí mhodheolaíocht láidir agus trí chroíphrionsabail a thacaíonn lena gcáilíocht, lena gcuimsitheacht agus lena sláine. |
|
12. |
Agus cuireadh á thabhairt do shaoránaigh cleachtaí rannpháirtíochta agus dioscúrsacha rannpháirtíochta saoránach a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit ionchuimsitheacht a áirithiú a mhéid is féidir. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh an tsampláil randamach staidrimh agus na teicnící sórtála staidrimh is fearr dá bhfuil ar fáil a úsáid. I gcás inar féidir agus de réir mar is gá, ba cheart do na Ballstáit difríochtaí i rannpháirtíocht grúpaí éagsúla a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu trí úsáid a bhaint as staidreamh agus as staidéir dearcaidh. Ba cheart roghnú na saoránach a bheith bunaithe ar chritéir dhéimeagrafacha, chun a áirithiú go léiríonn na rannpháirtithe cumraíocht dhéimeagrafach an Bhallstáit, lena n-áirítear trí bheith ag brath ar shonraí daonáirimh nó ar shonraí ábhartha comhchosúla eile agus ar aon chritéir dhearaidh eile lena n-áirithítear éagsúlacht. Ba cheart do na Ballstáit coinníollacha fabhracha a áirithiú maidir le rannpháirtíocht gan ualach (50) agus, i gcás inarb iomchuí, aisíocaíocht costas rannpháirtíochta, lena n-áirítear chun tacú le saoránaigh atá eisiata go heacnamaíoch. |
|
13. |
Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí sonracha a dhéanamh chun rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa saol polaitiúil agus daonlathach a neartú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta. Ba cheart d’údaráis phoiblí bearta a dhéanamh, go háirithe i suíomhanna oideachais agus oiliúna agus i gcomhthéacsanna eile ina bhfuil leanaí agus daoine óga gníomhach, chun rannpháirtíocht fhóinteach, chuimsitheach agus shábháilte leanaí agus daoine óga a chur chun cinn gan idirdhealú d’aon chineál. |
|
14. |
Chun feabhas a chur ar chleachtaí rannpháirtíochta agus pléite sa spás poiblí digiteach, ba cheart do na Ballstáit féachaint ar úsáid teicneolaíochtaí nua a bhfuil rochtain éasca ag saoránaigh orthu. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt ó aois óg ar aghaidh, agus iad ag brath, i measc nithe eile, ar chúrsaí oideachais maidir le faisnéis. Ba cheart úsáid teicneolaíochtaí nua a bheith i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun cosaint sonraí agus neamh-idirdhealú, agus le prionsabail amhail ionchuimsitheacht, inrochtaineacht, agus neodracht theicneolaíoch agus neodracht idirlín. |
Bearta sonracha chun tacú le spás na sochaí sibhialta agus é a chosaint chun rannpháirtíocht éifeachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chumasú
|
15. |
Chun a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtach i bpróisis ceaptha beartas poiblí, ba cheart do na Ballstáit timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chruthú agus a coinneáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
16. |
Ba cheart do na Ballstáit cruthú comhpháirtíochtaí straitéiseacha a spreagadh idir údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn a rannpháirtíocht i bpróisis ceaptha beartas poiblí a chothú. |
|
17. |
Ba cheart do na Ballstáit idirphlé struchtúrtha a bhunú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le hábhair shonracha a bhaineann le próisis ceaptha beartas poiblí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtéann an t-idirphlé sin níos faide ná comhairliúcháin le haghaidh tograí sonracha beartais nó reachtacha, agus go mbeidh siad rialta, fadtéarmach agus dírithe ar thorthaí. |
|
18. |
Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosaint ar bhagairtí, ar choiriúlú, ar imeaglú, ar chiapadh, ar ionsaithe agus ar chineálacha eile gníomhartha coiriúla, as líne agus ar líne araon. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
19. |
Ba cheart do na Ballstáit cistiú sonrach a thiomnú chun cur le hacmhainneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a n-athléimneacht a neartú agus aghaidh á tabhairt acu ar bhagairtí agus ar ionsaithe, agus chun cur lena n-eolas faoi na seirbhísí tacaíochta agus na sásraí sásaimh atá ar fáil dóibh. |
|
20. |
Moltar do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta tiomnaithe a ghlacadh, nó tionscnaimh choibhéiseacha a ghlacadh chun creataí a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun spás sibhialta sábháilte cumasúcháin agus rannpháirtíocht éifeachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chothú. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Didier REYNDERS
Comhalta den Choimisiún
(1) Féach mar shampla an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Fréamhacha an Daonlathais agus na Forbartha Inbhuanaithe’, COM(2012) 492 final.
(2) https://www.ohchr.org/en/instruments-mechanisms/instruments/declaration-right-and-responsibility-individuals-groups-and
(3) https://www.eeas.europa.eu/sites/default/files/eu_guidelines_hrd_en.pdf
(4) Sa Mholadh seo, ba cheart aon tagairt do ‘eagraíochtaí na sochaí sibhialta’ a thuiscint mar thagairt do ‘chosantóirí chearta an duine’ freisin.
(5) Treoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí, 2018.
(6) An Chomhairle Eorpach, Moladh ó Choiste na nAirí chuig Ballstáit CM/Rec (2007)14 maidir le stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip.
(7) An Chomhairle Eorpach, Moladh ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit CM/Rec (2001)19 agus Moladh CM/Rec (2018)4 maidir le rannpháirtíocht na saoránach sa saol poiblí áitiúil. Ar an leibhéal áitiúil, féach freisin An Chomhairle Eorpach, Moladh ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit CM/Rec (2009)2 maidir le meastóireacht, iniúchadh agus faireachán a dhéanamh ar bheartais rannpháirtíochta agus ar an rannpháirtíocht féin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus An Chomhairle Eorpach, Prótacal Breise a ghabhann leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil maidir leis an gceart a bheith rannpháirteach i ngnóthaí údaráis áitiúil.
(8) An Chomhairle Eorpach, Moladh ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit CM/Rec (2023)6 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le daonlathas dioscúrsach
(9) ECFE, Moladh ón gComhairle le haghaidh Rialtas Oscailte, ECFE/LEGAL/0438.
(10) Comhdháil na INGOnna, Cód dea-chleachtais maidir le rannpháirtíocht shibhialta sa phróiseas cinnteoireachta a athbhreithníodh, an 30 Deireadh Fómhair 2009.
(11) https://www.osce.org/files/f/documents/3/b/132371.pdf
(12) Féach ‘Cultúr agus Daonlathas: an fhianaise - an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíochtaí cultúrtha don rannpháirtíocht shibhialta, don daonlathas agus don chomhtháthú sóisialta - ceachtanna ó thaighde idirnáisiúnta’, Oifig Foilseachán an Choimisiúin Eorpaigh, Bealtaine 2023.
(13) Féach mar shampla an tagairt do rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas agus do rannpháirtíocht na Romach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas’, COM(2021) 101 final agus ‘Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach’, COM (2020) 620 final.
(14) An Chomhairle Eorpach, Lámhleabhar don Oideachas ar Shaoránacht Dhigiteach, https://rm.coe.int/16809382f9. Féach freisin, an Coimisiún Eorpach, Ról Gníomhach le Bia, Daoine agus Áiteanna. https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC121910
(15) Féach tionscnaimh faoin gComhshocrú Aeráide Eorpach (europa.eu). Féach freisin an tuarascáil ó ECFE dar teideal ‘Rannpháirtíocht Nuálach na Saoránach agus Institiúidí Daonlathacha Nua — Dul ar an Tonn Dhioscúrsach’ (2020) agus Dearbhú ECFE ECFE/LEGAL/0484 an 18 Samhain 2022 maidir le Muinín a Thógáil agus an Daonlathas a Neartú, https://legalinstruments.oecd.org/en/instruments/OECD-LEGAL-0484
(16) Tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, ‘Tá an Todhchaí i do lámha agat’, 9 Bealtaine 2022.
(17) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa ‘An Aisling a Fhíorú agus a Chur i nGníomh’, an 17 Meitheamh 2022 (COM/2022/404 final)https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52022DC0404. Féach freisin leathanach gréasáin na bpainéal saoránach Eorpach (europa.eu).
(18) https://knowledge4policy.ec.europa.eu/participatory-democracy/about_en
(19) Coinbhinsiún UNECE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj).
(21) https://climate-pact.europa.eu/about/peer-parliaments_en
(22) Féach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus an Prótacal Roghnach a ghabhann leis (A/RES/61/106). De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ciallaíonn ‘cóiríocht réasúnach’ modhnú agus coigeartuithe is gá agus is iomchuí nach bhforchuireann ualach díréireach ná míchuí, i gcás inar gá i gcás ar leith, chun a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas go bhfuil siad ag tairbhiú do chearta uile an duine agus do na saoirsí bunúsacha uile nó go bhfuil na cearta sin agus na saoirsí sin á bhfeidhmiú ar bhonn comhionann le daoine eile.
(23) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(24) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis an Aontais um Chearta an Linbh, COM(2021) 142 final, 24.3.2021.
(25) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027 an 18 Nollaig 2018 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).
(26) Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Comhphlé leis na Saoránaigh agus rannpháirtíocht na Saoránach i gcinnteoireacht an Aontais an 7 Iúil 2021 (2020/2201 INI), pointe 17.
(27) Idirphlé Óige an Aontais Tairseach Eorpach na hÓige (europa.eu)
(28) Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí (europa.eu)
(29) Cúinne na Foghlama (europa.eu)
(30) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (COM/2020/790 final), 3.12.2020, lch. 1.
(31) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Spás sibhialta bisiúil chun na cearta bunúsacha a chumhdach san Eoraip atá i dTuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, COM(2022)716 final, 6.12.2022.
(32) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta, Tuarascáil 2023 maidir le Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach, COM(2023) 800 final, 5.7.2023, lch. 26.
(33) Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN/2020/5 final).
(34) Tuarascáil ó Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, Staid an Daonlathais, Chearta an Duine agus an Smachta Reachta san Eoraip, Freagracht chomhroinnte as an tslándáil dhaonlathach san Eoraip, lch. 53. Féach freisin, An Chomhairle Eorpach, Moladh ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit, Cm(2017)83-final Treoirlínte maidir le rannpháirtíocht shibhialta sa chinnteoireacht pholaitiúil. Féach freisin an Moladh CM/Rec (2018)11 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir leis an ngá atá le cosaint agus cur chun cinn spás na sochaí sibhialta san Eoraip a neartú. Ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, féach Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, 2018, Treoirlínte do Stáit maidir le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí.
(35) Féach conclúidí ón gComhairle maidir le Cur i bhFeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Ról an spáis shibhialta maidir le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas, an 24 Feabhra 2023, 6675/23, pointí 9, 12 agus 16. Sna conclúidí uaithi, d’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin a chur chun cinn do ESSanna agus do chosantóirí chearta an duine ionas go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú i gcomhréir le luachanna an Aontais gan cur isteach gan údar ón Stát mar a cheanglaítear le caighdeáin an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta. Féach freisin Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an spás atá ag laghdú don todhchaí shibhialta san Eoraip (2021/2103(INI)) agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha trasteorann Eorpacha (2020/2026(INL)) agus Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le cur chun feidhme Chairt am Aontais um Chearta Bunúsacha, COM/2022/716 final, lch. 34. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Tuarascáil 2023 maidir le Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach, COM(2023) 800 final, lch. 26.
(36) CBAE, breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, C-78/18, an Coimisiún vs an Ungáir, ECLI:EU:C:2020:476, mír 106.
(37) An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2005, Ouranio Toxo agus Eile v. an Ghréig, iarratas uimh. 74989/01, § 35.
(38) Féach Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Dúshláin roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta an duine san Aontas, 2018; Spás na sochaí sibhialta a chosaint san Aontas, 2021; Sochaí shibhialta na hEorpa: fós faoi bhrú – nuashonrú 2022, 2022. Féach freisin monatóireacht CIVCUS https://monitor.civicus.org/.
(39) Airteagal 13 de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine. Treoirlínte Choimisiún na Veinéise ESCE-ODIHR maidir le saoirse comhlachas, prionsabal 7, lch. 42, https://www.osce.org/odihr/132371
(40) Maoiniú & tairiscintí (europa.eu)
(41) Mar shampla, tacóidh Fís Eorpach le torthaí taighde a thástáil agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear chun triail a bhaint as nuálaíochtaí daonlathacha i réimse na rannpháirtíochta sibhialta (féach HORIZON-CL2-2024-DEMOCRACY-01-12). I dtuarascáil a foilsíodh le déanaí, tiomsaíodh torthaí thaighde an Aontais ar dhaonlathas rannpháirteach agus ar dhaonlathas dioscúrsach. Tacóidh sé freisin le líonra nua le haghaidh réitigh nuálacha do thodhchaí an daonlathais lena dtabharfar le chéile, ar fud na hEorpa, taighdeoirí sa daonlathas le cleachtóirí rannpháirtíochta sibhialta agus plé agus oideachas saoránachta chun moltaí a fhorbairt do lucht déanta beartas, ag tarraingt ar thorthaí taighde (féach HORIZON-CL2-2022-DEMOCRACY-02-01).
(42) https://www.eeas.europa.eu/sites/default/files/eu_action_plan_on_human_rights_and_democracy_2020-2024.pdf
(43) https://www.eeas.europa.eu/sites/default/files/02_hr_guidelines_defenders_en_0.pdf
(44) Féach fonóta 1.
(45) Plean Gníomhaíochta don Aos Óg (Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí) | Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (europa.eu)
(46) Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1534/oj).
(47) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’) COM(2022) 177 final, 2022/0117(COD) agus Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/758/oj).
(48) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil ar Shaoránacht an Aontais 2020 — Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint, COM/2020/730 final.
(49) https://www.oecd.org/publications/oecd-guidelines-for-citizen-participation-processes-f765caf6-en.htm
(50) Ar an mbealach céanna le dualgas an ghiúiré, lena gceadaítear, mar shampla, am saor ón obair, rud a dhéantar i roinnt Ballstát.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2836/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)