This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1513
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2023/1513 of 19 July 2023 on the acceptance of a third State’s contribution to the European Union Mission in Armenia (EUMA) (EUMA/2/2023)
Cinneadh (CBES) 2023/1513 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2023 maidir le rannchuidiú tríú Stát le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin a ghlacadh (EUMA) (EUMA/2/2023)
Cinneadh (CBES) 2023/1513 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2023 maidir le rannchuidiú tríú Stát le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin a ghlacadh (EUMA) (EUMA/2/2023)
ST/11857/2023/INIT
IO L 184, 21.7.2023, p. 32–32
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
21.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 184/32 |
CINNEADH (CBES) 2023/1513 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 19 Iúil 2023
maidir le rannchuidiú tríú Stát le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin a ghlacadh (EUMA) (EUMA/2/2023)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le Misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (1), agus go háirithe Airteagal 9(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 9(3) de Chinneadh (CBES) 2023/162, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis na rannchuidithe beartaithe le EUMA ó thríú Stáit. |
(2) |
Tar éis moladh ó Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar rannchuidiú beartaithe Cheanada le EUMA, ba cheart glacadh leis an rannchuidiú ó Cheanada agus é a mheas mar rannchuidiú suntasach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Glactar leis an rannchuidiú ó Cheanada le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus meastar gur rannchuidiú suntasach é.
2. Tá Ceanada díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais le buiséad EUMA.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach