EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2576

Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

ST/14065/2022/INIT

IO L 335, 29.12.2022, p. 1–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj

29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2576 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireann cogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus an laghdú as cuimse ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise chuig na Ballstáit slándáil soláthair an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. An tráth céanna, mar thoradh ar an soláthar gáis a bheith á úsáid mar uirlis troda agus na margaí a bheith á mí-ionramháil ag Cónaidhm na Rúise trí shuaitheadh d’aon ghnó a dhéanamh ar shreafaí gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireann ní hamháin geilleagar an Aontais i mbaol, ach a chuireann slándáil an tsoláthair i mbaol freisin.

(2)

Chuige sin, tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas, chun a shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint ar phraghsanna margaidh iomarcacha ar toradh iad ar mhí-ionramháil agus chun a áirithiú go sreabhfaidh gás thar theorainneacha chuig gach tomhaltóir atá i ngátar, i gcásanna ganntanas gáis freisin. Chun an spleáchas ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise a laghdú agus chun praghsanna iomarcacha a laghdú, tá comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis ó sholáthraithe seachtracha ríthábhachtach.

(3)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear ar a cumas don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí sa staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn deacrachtaí móra maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Deacrachtaí móra is ea an baol ard go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise agus an méadú ollmhór ar phraghasanna fuinnimh a dhéanann dochar do gheilleagar an Aontais.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU”, d’fhógair an Coimisiún go mbunófaí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh in éineacht leis na Ballstáit chun gás, gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus hidrigin a cheannach go comhpháirteach. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an fógra sin an 30 agus an 31 Bealtaine 2022. Mar chuid de Phlean REPowerEU, chuir an Coimisiún straitéis i láthair freisin maidir le rannpháirtíocht fuinnimh sheachtraigh an Aontais, ina mínítear conas a thacaíonn an tAontas le haistriú fuinnimh domhanda glan cóir chun fuinneamh inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú, lena n-áirítear trí sholáthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, go háirithe trí ghealltanais pholaitiúla a chaibidil le soláthróirí gáis atá ann cheana nó le soláthróirí nua gáis chun seachadtaí gáis a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, seachadtaí gáis ón Rúis chun na hEorpa a ionadú.

(5)

Is féidir ról lárnach a bheith ag Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh maidir le comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a lorg a chuireann le slándáil an tsoláthair agus a mbíonn praghsanna allmhairiúcháin níos ísle ar ghás a cheannaítear ó thríú tíortha mar thoradh orthu, agus leas iomlán á bhaint as ualach comhchoiteann an Aontais. Tá sé bunriachtanach go gcuirfí feabhas ar an teagmháil idirnáisiúnta a dhéantar le soláthróirí gáis (píblíne agus GNL araon) chomh maith le soláthróirí hidrigine glaise na todhchaí chun na críche sin. Go háirithe, le comhordú i bhfad níos láidre leis na Ballstáit agus i measc na mBallstát maidir le tríú tíortha trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, d’áiritheofaí go mbeadh ualach comhchoiteann an Aontais níos éifeachtaí.

(6)

Ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra ann fós maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú, ba cheart don cheannach comhpháirteach rochtain níos cothroime ar fhoinsí gáis nua nó breise a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát agus, chun tairbhe na dtomhaltóirí deiridh, ba cheart dó cuidiú le praghsanna níos ísle a áirithiú ná na praghsanna a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, murach an ceannach comhpháirteach, orthusan a cheannaíonn an gás, ar bhonn aonair, tríd an soláthraí seirbhíse.

(7)

Leis an gceannach comhpháirteach, d’fhéadfaí cóireáil níos tairbhiúla nó tacaíocht a dheonú do sholáthar gás inathnuaite amhail bithmheatán agus hidrigin, a mhéid is féidir iad a instealladh go sábháilte sa chóras gáis, agus don soláthar gáis a dhéanfaí a scaoileadh nó a bhladhmadh murach sin. In éagmais ceanglas dlíthiúil foirmiúil in aon dlínse ábhartha, beidh gnóthais a thugann conarthaí i gcrích de bhun an Rialacháin in ann úsáid a bhaint as creat tuairiscithe Chomhpháirtíocht na Náisiún Aontaithe maidir le Meatán Ola agus Gáis 2.0 chun astaíochtaí meatáin feadh an tslabhra soláthair chuig an Aontas a thomhas, a thuairisciú agus a fhíorú.

(8)

Ba cheart dhá chéim a bheith sa sásra nua a fhorbrófar faoin Rialachán seo. Mar chéad chéim, dhéanfadh gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás, atá bunaithe san Aontas, a n-éileamh gáis a chomhiomlánú trí sholáthraí seirbhíse, ar conradh ag an gCoimisiún. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do sholáthróirí gáis tairiscintí a dhéanamh ar bhonn toirteanna móra comhiomlánaithe, seachas go leor tairiscintí níos lú do cheannaitheoirí atá ag dul i dteagmháil leo ina n-aonar. Mar dhara céim, féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás, atá bunaithe san Aontas, conarthaí ceannaigh gáis a thabhairt i gcrích, ina n-aonar nó ar bhealach comhordaithe, le soláthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe.

(9)

Ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra ann fós maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú, ba cheart do chomhiomlánú an éilimh agus don cheannach comhpháirteach rochtain níos cothroime ar fhoinsí gáis nua nó breise a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát agus, chun tairbhe na dtomhaltóirí deiridh, ba cheart dó cuidiú le praghsanna níos ísle a áirithiú ná mar a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm murach sin do ghnóthais a cheannaíonn an gás tríd an soláthraí seirbhíse. Áirítear cheana féin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis inathnuaite agus nádúrtha agus hidrigin an chéad tagairt don fhéidearthacht go mbeadh foirm an-teoranta den cheannach comhpháirteach ann chun críoch cothromúcháin. Mar sin féin, tagann an togra sin ó am roimh chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thairis sin, níor áiríodh aon choincheap mionsonraithe sa togra sin, rud nach raibh baint aige ach le riachtanais an-sonrach na n-oibreoirí córas tarchurtha maidir le fuinneamh a chothromú. Ós rud é go bhfuil gá le réiteach láithreach agus i bhfad níos cuimsithí ar fhadhb na struchtúr atá in easnamh chun gás a cheannach ar bhealach comhordaithe, is iomchuí réiteach mear sealadach a mholadh.

(10)

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach dlúthpháirtíocht an Aontais a neartú maidir le gás a cheannach agus a dháileadh. De mheon dlúthpháirtíochta, ba cheart don cheannach comhpháirteach tacú go háirithe leis na gnóthais sin a raibh gás á cheannach acu roimhe seo ó sholáthróirí Rúiseacha amháin nó go príomha trí chuidiú leo soláthairtí a fháil ó sholáthróirí nó ó sholáthraithe malartacha gáis nádúrtha i ndálaí buntáisteacha, mar thoradh ar chomhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach.

(11)

Ba cheart go gcuideodh comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach le saoráidí stórála gáis a líonadh le linn na staide éigeandála reatha, i gcás ina n-ídeofaí formhór na saoráidí stórála gáis Eorpacha tar éis an gheimhridh atá le teacht. Thairis sin, leis na bearta sin, ba cheart go gcuideofaí le gás a cheannach ar bhealach níos comhordaithe de mheon na dlúthpháirtíochta.

(12)

Dá bhrí sin, is gá comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach a bhunú go pras agus ar bhonn sealadach mar ábhar práinne. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí soláthraí seirbhíse a bhunú go tapa, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an t-éileamh a chomhiomlánú. Ní bheadh ach roinnt feidhmiúlachtaí bunúsacha ag an soláthraí seirbhíse atá ar conradh ag an gCoimisiún agus ní bheadh ag an bpróiseas a eagraíonn sé ach eilimintí sainordaitheacha maidir le rannpháirtíocht i gcomhiomlánú an éilimh ach ní bheadh comhordú sainordaitheach ar na coinníollacha conarthacha ná oibleagáid tairiscintí ceangailteacha a chur isteach chun gás a cheannach i gceist go fóill.

(13)

Níor cheart aon cheanglas a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha ná gnóthais a ídíonn gás, gás a cheannach tríd an soláthraí seirbhíse, trí chonarthaí soláthair gáis nó meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích leis na soláthraithe nó na táirgeoirí gáis atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe. Moltar go láidir do ghnóthais gáis nádúrtha nó do ghnóthais a ídíonn gás, áfach, cineálacha comhair atá comhoiriúnach le dlí na hiomaíochta a fhiosrú, agus úsáid a bhaint as an soláthraí seirbhíse chun tairbhe a bhaint as an gceannach comhpháirteach. D’fhéadfaí, dá bhrí sin, sásra a fhorbairt idir an soláthraí seirbhíse agus gnóthais rannpháirteacha, lena leagtar amach na príomhchoinníollacha faoina dtugann gnóthais rannpháirteacha gealltanas chun an gás atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe a cheannach.

(14)

Tá sé tábhachtach don Choimisiún agus do na Ballstáit léargas soiléir a bheith acu ar chonarthaí soláthair gáis atá beartaithe agus atá tugtha i gcrích ar fud an Aontais, chun a mheas an mbaintear amach cuspóirí shlándáil an tsoláthair agus na dlúthpháirtíochta fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais nó d’údaráis na mBallstát an Coimisiún agus na Ballstáit ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe a chur ar an eolas faoi cheannacháin mhóra gháis atá beartaithe os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le faisnéis bhunúsach i ndáil le conarthaí nua nó athnuaite. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún moltaí a eisiúint chuig gnóthais gáis nádúrtha nó chuig údaráis na mBallstát ábhartha, go háirithe i gcás ina bhféadfadh tuilleadh comhordúcháin feabhas a chur ar fheidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh nó i gcás ina bhféadfadh seoladh na tairisceana le haghaidh ceannach gáis nó ceannacháin phleanáilte gáis tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair, an margadh inmheánach nó dlúthpháirtíocht fuinnimh. Níor cheart go gcuirfeadh eisiúint molta cosc ar ghnóthais gáis nádúrtha ná ar údaráis gáis nádúrtha na mBallstát ábhartha dul ar aghaidh leis an gcaibidlíocht idir an dá linn.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh an gcuireann na ceannacháin ábhartha gháis le slándáil an tsoláthair san Aontas agus an bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart Bord Stiúrtha ad hoc a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chun cuidiú leis an measúnú sin a chomhordú.

(16)

Ba cheart do sholáthraí seirbhíse oiriúnach an próiseas chun an t-éileamh a chomhiomlánú ar mhaithe leis an gceannach comhpháirteach a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh le soláthraí seirbhíse trí nós imeachta soláthair i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, soláthraí atá in ann uirlis teicneolaíochta faisnéise (“uirlis TF”) iomchuí a fhorbairt agus an próiseas comhiomlánaithe éilimh a eagrú. D’fhéadfaí táillí a bhailiú ó rannpháirtithe an cheannaigh chomhpháirtigh chun costais oibriúcháin a chumhdach.

(17)

Agus cearta rochtana á leithdháileadh ar an soláthar i measc gnóthais a dhéanann an t-éileamh a chomhiomlánú, ba cheart don soláthraí seirbhíse modhanna a chur i bhfeidhm nach ndéanfadh idirdhealú idir rannpháirtithe beaga agus rannpháirtithe níos mó i gcomhiomlánú an éilimh agus ba cheart dóibh a bheith cothrom gan beann ar na toirteanna gáis arna n-iarraidh ag gnóthais aonair. Mar shampla, ba cheart don soláthraí seirbhíse cearta rochtana a leithdháileadh i gcomhréir leis na toirteanna gáis a dhearbhaigh gnóthais aonair a cheannach don am seachadta agus don cheann scríbe áirithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha i gcásanna nach gcumhdaíonn an soláthar go leordhóthanach an t-éileamh i margadh an Aontais.

(18)

Is próisis chasta iad comhiomlánú an éilimh agus ceannach gáis nádúrtha, ar gá dóibh gnéithe éagsúla a chur san áireamh, gnéithe nach bhfuil teoranta do phraghsanna, ach lena n-áirítear freisin toirteanna, pointí seachadta agus paraiméadair eile. Dá bhrí sin, ba cheart an leibhéal taithí is gá a bheith ag an soláthraí seirbhíse a roghnaítear maidir le ceannacháin gáis nádúrtha nó seirbhísí gaolmhara ar leibhéal an Aontais a bhainistiú agus a chomhiomlánú. Chomh maith leis sin, is gné ríthábhachtach é comhiomlánú an éilimh agus ceannach gáis nádúrtha chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú agus chun prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh san Aontas a choimirciú.

(19)

Tá sé ríthábhachtach faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint nuair a chuirtear faisnéis ar fáil don Choimisiún, do chomhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc nó don soláthraí seirbhíse a bhunaíonn nó a bhainistíonn an uirlis TF le haghaidh chomhiomlánú an éilimh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún ionstraimí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a chosaint ar aon rioscaí rochtana neamhúdaraithe agus rioscaí cibearshlándála. Aon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a phróiseáil mar chuid de chomhiomlánú an éilimh agus den cheannach chomhpháirteach, ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(20)

D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist leis an gceannach comhpháirteach. D’fhéadfaí é a dhéanamh trí thairiscintí nó ceantanna arna n-eagrú ag an soláthraí seirbhíse lena gcomhiomlánaítear éileamh na ngnóthas gáis nádúrtha agus na ngnóthas a ídíonn gás, chun go bhféadfaí é a mheaitseáil le tairiscintí ó sholáthraithe nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha, trí úsáid a bhaint as Uirlis TF.

(21)

Ceann de na cuspóirí a bhaineann le comhiomlánú an éilimh agus leis an gceannach comhpháirteach is ea laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le méaduithe neamhriachtanacha ar phraghsanna arna spreagadh ag gnóthais a bhfuil tairiscint á déanamh acu ar an tráinse céanna gáis. I ndeireadh na dála, is ar chinntí na ngnóthas féin a bhraitheann sé chun a áirithiú go mbaineann na tomhaltóirí deiridh tairbhe iomlán as an gceannach comhpháirteach. Ba cheart srian a chur le gnóthais mhóra fiú más féidir leo an gás a dhíol ag praghsanna níos airde. Na gnóthais a bhaineann tairbhe as praghsanna níos ísle chun gás a cheannach tríd an gceannach comhpháirteach, ba cheart dóibh na tairbhí sin a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Bheadh cur ar aghaidh praghsanna níos ísle ina tháscaire tábhachtach chun go n-éireodh leis an gceannach comhpháirteach, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach do thomhaltóirí.

(22)

Ba cheart comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach a bheith oscailte do ghnóthais gáis nádúrtha agus do ghnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas. Go háirithe, féadfaidh tomhaltóirí tionsclaíocha a úsáideann gás go dian ina bpróisis táirgthe, amhail táirgeoirí leasachán, cruach, táirgí ceirmeacha agus gloine, tairbhe a bhaint freisin as comhcheannach trína chur ar a gcumas a n-éileamh a chomhthiomsú, chun gás agus lastaí GNL a chonrú, agus chun struchtúr a chur ar an soláthar de réir a riachtanas ar leith. Ba cheart rialacha trédhearcacha a bheith ag an bpróiseas um cheannach comhpháirteach a eagrú maidir le conas a bheith páirteach ann agus ba cheart a oscailteacht a áirithiú.

(23)

Is aidhm pholaitiúil dhearbhaithe de chuid an Aontais é comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach a oscailt do na Balcáin Thiar agus do na trí thír chomhlachaithe de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag gnóthais i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh i gcomhiomlánú an éilimh agus sa cheannach comhpháirteach a bhunaítear leis an Rialachán seo ar choinníoll go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm.

(24)

Is gá spleáchas an Aontais ar ghás a sholáthraítear ó Chónaidhm na Rúise a laghdú. Dá bhrí sin, gnóthais arna rialú ag Cónaidhm na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, nó gnóthais atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais arna mbunú ar bhonn Airteagal 215 CFAE, nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht eile atá faoi réir bearta sriantacha, ba cheart iad a eisiamh ó pháirt a ghlacadh sa cheannach comhpháirteach agus ó eagrú phróiseas an cheannaigh chomhpháirtigh.

(25)

Chun nach gcuirtear cuspóir an éagsúlaithe ón ngás a sholáthraítear ó Chónaidhm na Rúise a chur i mbaol mar gheall ar rannpháirtíocht i gcomhiomlánú an éilimh agus i gceannach comhpháirteach gnóthas nó comhlachtaí eile arna rialú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó gnóthais atá bunaithe i gCónaidhm na Rúise, ba cheart rannpháirtíocht na n-eintiteas sin a eisiamh freisin.

(26)

Thairis sin, níor cheart gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a bheith faoi réir ceannach comhpháirteach. Chun na críche sin, níor cheart gás nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí phointí iontrála sonracha a bheith faoi réir ceannach comhpháirteach ós rud é gur dócha go dtiocfaidh gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála sin.

(27)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ráthaíochtaí airgeadais de dhíth ar rannpháirtithe sa cheannach comhpháirteach gáis, mura mbeadh aon cheann de na gnóthais in ann íoc as an toirt deiridh a conraíodh. D’fhéadfadh na Ballstáit nó geallsealbhóirí eile tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a thabhairt do rannpháirtithe sa cheannach comhpháirteach. Ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcomhréir le rialacha státchabhrach an Aontais, lena n-áirítear an Creat Sealadach Géarchéime arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 23 Márta 2022, arna leasú an 28 Deireadh Fómhair 2022, i gcás inarb infheidhme.

(28)

Tá sé ríthábhachtach saoráidí stórála gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair san Aontas a áirithiú. Mar gheall ar an laghdú ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise, d’fhéadfadh dúshláin a bheith roimh na Ballstáit maidir leis na saoráidí stórála gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú do gheimhreadh 2023/2024 mar a fhorordaítear le Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Trí leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ag an soláthraí seirbhíse comhiomlánú éilimh a dhéanamh, d’fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit na dúshláin sin a laghdú. Laistigh de theorainneacha dhlí na hiomaíochta, d’fhéadfadh sé go háirithe tacú le bainistíocht chomhordaithe ar líonadh agus stóráil i bhfianaise an chéad tséasúir líonta eile, rud lena seachnófaí na buaicphointí iomarcacha praghsanna, inter alia, mar thoradh ar líonadh stórála neamhchomhordaithe.

(29)

Chun a áirithiú go rannchuidíonn an ceannach comhpháirteach le saoráidí stórála gáis a líonadh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás faoina ndlínse an próiseas arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse mar mhodh amháin lena bhféadfaí na spriocanna líonta a bhaint amach.

(30)

Le Rialachán (AE) 2022/1032, ceanglaítear ar na Ballstáit a saoráidí stórála gáis a líonadh suas le 90 % faoin 1 Samhain 2023. Tá an sprioc sin níos airde ná an sprioc le haghaidh an 1 Samhain 2022 (80 %). D’fhéadfadh an ceannach comhpháirteach cuidiú leis na Ballstáit an sprioc nua sin a bhaint amach. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais intíre an soláthraí seirbhíse a úsáid chun éileamh a chomhiomlánú le toirteanna gáis atá ard go leor chun an riosca nach féidir a saoráidí stórála gáis a líonadh a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit a cheangal go n-áireodh a ngnóthais toirteanna atá coibhéiseach le 15 %, dá spriocthoirt líonta stórála le haghaidh na bliana seo chugainn, atá coibhéiseach le thart ar 13.5 bcm don Aontas ina iomláine, sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar a gcríoch a bheith rannpháirteach sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh le toirteanna atá coibhéiseach le 15 % dá n-oibleagáid comhroinnte ualaigh faoi Airteagal 6c de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(31)

Ní fhorordaíonn comhiomlánú an éilimh ná ceannach comhpháirteach bainistiú saoráidí stórála gáis, lena n-áirítear saoráidí straitéiseacha stórála gáis, agus tá sé gan dochar do Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (AE) 2022/1032.

(32)

Chun úsáid éifeachtach a bhaint as an gceannach comhpháirteach agus chun comhaontuithe gáis a thabhairt i gcrích le soláthróirí a thairgeann gás don soláthraí seirbhíse, ba cheart do ghnóthais a bheith in ann coinníollacha an cheannaigh a chomhordú, amhail toirteanna, praghas an gháis, pointí agus am seachadta, laistigh de theorainneacha dhlí an Aontais. Ba cheart do ghnóthais atá rannpháirteach i gcuibhreannas ceannaigh gáis a áirithiú, áfach, go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear go díreach nó go hindíreach teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 101 CFAE. Ina theannta sin, ba cheart do na forálacha maidir le trédhearcacht agus rialachas sa Rialachán seo a áirithiú nach gcuirfidh conarthaí an chuibhreannais cheannaigh slándáil an tsoláthair nó an dlúthpháirtíocht fuinnimh i mbaol, go háirithe i gcás ina mbeidh baint dhíreach nó indíreach ag na Ballstáit leis an bpróiseas ceannaigh.

(33)

Cé gur féidir níos mó ná cuibhreannas ceannaigh gáis amháin a bhunú, is é an rogha is éifeachtaí cuibhreannas ceannaigh gáis amháin a bhunú ina mbeadh an oiread gnóthas agus is féidir chun éileamh a chomhiomlánú tríd an soláthraí seirbhíse agus a bheadh ceaptha ar bhealach atá i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais. Ina theannta sin, trí dhul i gcomhar le chéile in aon chuibhreannas ceannaigh gáis amháin, ba cheart cumhacht chaibidlíochta neartaithe a bheith ag an Aontas sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh coinníollacha buntáisteacha ann nach bhféadfadh gnóthais bheaga a bhaint amach nó nach mbainfí amach i gcás gníomhú ilroinnte.

(34)

Ba cheart cuibhreannais cheannaithe gáis a bhunú agus a chur chun feidhme faoin Rialachán seo i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla margaidh atá ann faoi láthair. Thug an Coimisiún le fios go bhfuil sé réidh chun gnóthais a thionlacan agus cuibhreannas cheannaithe gáis den sórt sin á dhearadh acu, agus réidh cinneadh a eisiúint, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (6), maidir le neamh-infheidhmeacht Airteagail 101 agus 102 CFAE, má dhéantar coimircí ábhartha a ionchorprú agus a urramú. Dúirt an Coimisiún freisin go bhfuil sé réidh treoir neamhfhoirmiúil a sholáthar má bhíonn ar na gnóthais rannpháirteacha in aon chuibhreannas eile déileáil le neamhchinnteacht maidir le measúnú a dhéanamh ar ghné amháin nó níos mó dá socrú um cheannach comhpháirteach faoi rialacha iomaíochta an Aontais.

(35)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na bearta maidir le comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach thar a bhfuil riachtanach chun a gcuspóir a bhaint amach, ós rud é go gcuirfear chun feidhme na bearta sin ar bhonn deonach, gan ach eisceacht theoranta a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht shainordaitheach i gcomhiomlánú an éilimh chun saoráidí stórála gáis a líonadh, agus beidh gnóthais phríobháideacha fós ina bpáirtithe sna conarthaí le haghaidh soláthar gáis arna dtabhairt i gcrích faoin gceannach comhpháirteach.

(36)

Chun acmhainn ionsúcháin GNL shaoráidí GNL an Aontais agus úsáid saoráidí stórála gáis a bharrfheabhsú, tá gá le socruithe trédhearcachta feabhsaithe agus le margadh eagraithe lena n-éascaítear trádáil thánaisteach in acmhainní stórála gáis agus in acmhainní shaoráidí GNL, cosúil leis na socruithe atá ann cheana chun gás a iompar trí phíblínte. Tá sé seo tábhachtach go háirithe le linn éigeandála agus athruithe ar na sreabha gáis ó ghás píblíne ó Chónaidhm na Rúise go GNL. Tá forálacha chun na críche sin sna tograí ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin agus le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis inathnuaite agus nádúrtha agus hidrigin. Tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do na forálacha sin mar chuid den fhreagairt ar ghéarchéimeanna chun saoráidí GNL agus na saoráidí stórála gáis a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus leis an trédhearcacht is gá. Maidir le hardáin trédhearcachta uile-Eorpach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as ardáin trédhearcachta an Aontais atá ann cheana do shaoráidí GNL agus do shaoráidí stórála gáis chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go pras. A mhéid a bhaineann le hardán áirithinte tánaisteach, ba cheart do na hoibreoirí saoráidí GNL agus na hoibreoirí saoráidí stórála gáis a bheith in ann úsáid a bhaint as na hardáin atá acu cheana trína saibhriú leis na gnéithe is gá.

(37)

I ndáil le háirithintí fadtéarmacha d’acmhainní iompair gáis, déantar foráil leis na rialacha atá ann cheana maidir le bainistiú ar phlódú do nósanna imeachta “úsáid é nó caill é”. Tá na nósanna imeachta sin mall, áfach, ós rud é go nglacann siad sé mhí ar a laghad sula léirítear éifeacht leo, agus éilíonn siad nósanna imeachta troma riaracháin na n-údarás rialála náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha sin a neartú agus a shimpliú chun uirlisí a sholáthar do na n-oibreoirí córais gáis chun freagairt go tapa ar athruithe ar shreabha gáis agus chun aghaidh a thabhairt ar phlódú a d’fhéadfadh a bheith ann. Go háirithe, d’fhéadfadh na rialacha nua dlús a chur le margú acmhainní fadtéarmacha nár úsáideadh, acmhainní a d’fhanfadh gan úsáid murach sin, agus d’fhágfadh sé sin go mbeadh úsáid na bpíblínte níos éifeachtúla.

(38)

Ba cheart do na hoibreoirí córais tarchurtha anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le húsáid an ghréasáin tarchurtha ag úsáideoirí an ghréasáin agus ba cheart dóibh a chinneadh an bhfuil tearcúsáid á baint as an acmhainn dhocht chonarthach. Ba cheart tearcúsáid den sórt sin a shainmhíniú mar chás ina ndearna úsáideoir gréasáin níos lú ná 80 %, ar an meán, den acmhainn dhocht chonarthach a úsáid nó a thairiscint ar an margadh le 30 lá anuas. I gcás tearcúsáide, ba cheart don oibreoir córais tarchurtha an acmhainn atá ar fáil don chéad cheant míosúil eile a fhoilsiú agus é a cheantáil ina dhiaidh sin. De rogha air sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le sásra docht lá roimh ré “úsáid é nó caill é” a úsáid ina ionad sin. Sa chás deireanach sin, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra maidir le gach pointe idirnaisc, bíodh siad plódaithe nó ná bíodh.

(39)

Cuideachtaí a cheannaíonn gás nó a tháirgeann gás a sheachadadh chuig cinn scríbe réamhshainithe trí cheannachán comhpháirteach, ba cheart dóibh acmhainní iompair a dhaingniú ó na pointí seachadta gáis chuig a gceann scríbe. Tá feidhm ag rialacha infheidhme an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear cóid an ghréasáin gáis, chun cuidiú leis na hacmhainní iompair a dhaingniú. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta, na hoibreoirí córais tarchurtha, na hoibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis, chomh maith le hardáin áirithinte, féachaint an bhféadfaí feabhas a chur ar úsáid an bhonneagair ar bhealach inacmhainne trí fhéachaint an bhféadfaí táirgí acmhainne iompair nua a fhorbairt lena nascfaí pointí idirnaisc, saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis laistigh den Aontas agus rialacha infheidhme an mhargaidh inmheánaigh á n-urramú ag an am céanna, go háirithe Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (7).

(40)

Cé go n-eascraíonn athruithe ar phatrúin na sreafaí i líonraí gáis na hEorpa as na himthosca géarchéime urghnácha, rud a fhágann go bhfuil cíosanna plódaithe thar a bheith ard ag pointí idirnaisc áirithe san Aontas, d’fhéadfaí teacht ar roinnt solúbthachtaí i gcomhphlé leis na húdaráis rialála ábhartha maidir leis na Ballstáit a bhfuil tionchar orthu faoi na rialacha atá ann cheana, agus, más iomchuí, le héascú ón gCoimisiún.

(41)

Mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, tá neamhchinnteachtaí móra agus mórshuaitheadh ann i margaí gáis nádúrtha na hEorpa. Mar thoradh air sin, le roinnt míonna anuas, léirigh na margaí sin an neamhchinnteacht maidir leis an soláthar, agus tá praghsanna gáis nádúrtha an-ard agus an-luaineach de dheasca an ionchais margaidh a bhí ann de bharr na neamhchinnteachta sin. Dá réir sin, cuireadh brú breise ar rannpháirtithe sa mhargadh agus rinneadh dochar d’fheidhmiú rianúil mhargaí fuinnimh an Aontais.

(42)

Le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar amach rialacha chun feidhmiú cuí na n-ionad trádála a áirithiú, ar a ndéantar díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáil freisin. Déantar foráil leis an Treoir sin go bhfuil na Ballstáit le ceangal a chur ar mhargadh rialáilte sásraí a bheith i bhfeidhm acu chun margaí airgeadais feidhmiúla atá cothrom agus ordúil a ráthú. Mar sin féin, níl sé i gceist leis na sásraí sin teorainn a chur le héabhlóid ionlae praghsanna agus níor éirigh leo eachtraí luaineachta eisceachtúla i margaí na ndíorthach gáis agus leictreachais a chosc.

(43)

I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag rannpháirtithe sa mhargadh sna hionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, agus i bhfianaise a phráinní atá sé a áirithiú go leanfaidh margaí na ndíorthach fuinnimh de bheith ag comhlíonadh a róil maidir le riachtanais fálaithe an fhíorgheilleagair a sholáthar, is iomchuí a cheangal ar ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh sásraí sealadacha um bainistíocht luaineachta ionlae a bhunú chun gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna a thuiscint ar bhealach níos éifeachtúla. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag sásraí den sórt sin maidir leis na conarthaí is ábhartha, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le díorthaigh a bhaineann le fuinneamh nach faide ná 12 mhí a n-aibíocht.

(44)

Ionaid trádála a tháirgeann díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, is minic a ligeann siad isteach le haghaidh rannpháirtíochta gnólachtaí fuinnimh éagsúla ó na Ballstáit uile. Braitheann gnólachtaí fuinnimh den sórt sin go mór ar dhíorthaigh a thrádáiltear ar ionaid trádála den sórt sin chun soláthairtí ríthábhachtacha gáis agus leictreachais ar fud an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, déanann gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna a tharlaíonn ar ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh difear d’oibriú gnólachtaí fuinnimh ar fud an Aontais ina iomláine, rud a dhéanann difear do thomhaltóirí deiridh freisin. Dá bhrí sin, de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, ba cheart cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a chomhordú, chun a áirithiú go dtairbheoidh oibreoirí atá bunriachtanach do shlándáil an tsoláthair fuinnimh sna Ballstáit uile de choimircí i gcoinne gluaiseachtaí móra praghsanna a dhéanann dochar d’oibriú leanúnach a ngnó, rud a dhéanfadh dochar freisin do na tomhaltóirí deiridh.

(45)

Leis na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae, ba cheart a áirithiú go gcuirfear cosc ar ghluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála. Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar an bpraghas margaidh breathnaithe go tráthrialta. I bhfianaise éagsúlacht leathan na n-ionstraimí i margaí na ndíorthach fuinnimh agus i bhfianaise shaintréithe na n-ionad trádála a bhaineann le hionstraimí den sórt sin, ba cheart na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na n-ionstraimí agus na margaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’ionaid trádála teorainneacha praghsanna a bhunú agus sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí ábhartha a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh le haghaidh díorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta á gcur san áireamh.

(46)

Agus praghas oscailte á chinneadh chun críche an chéad phraghas tagartha a shocrú i lá trádála, ba cheart go mbeadh an t-ionad trádála ag brath ar an modheolaíocht a chuireann sé i bhfeidhm de ghnáth chun go gcinnfear an praghas ag a ndéantar díorthach tráchtearraí sonrach a bhaineann le fuinneamh a thrádáil den chéad uair ag tús an lae trádála. Agus an praghas oscailte á chinneadh tar éis aon chur isteach ar thrádáil a d’fhéadfadh tarlú i rith an lae trádála, ba cheart don ionad trádála an mhodheolaíocht is iomchuí dar leis a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear tús le trádáil ordúil an athuair.

(47)

Ba cheart d’ionaid trádála a bheith in ann an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE, nó mar shásra breise.

(48)

Chun trédhearcacht a áirithiú maidir le feidhmiú an tsásra um bainistíocht luaineachta ionlae a chuireann siad chun feidhme, ba cheart do na hionaid trádála, gan moill míchuí, tuairisc ar a ngnéithe ginearálta a chur ar fáil don phobal aon uair a dhéanann siad modhnú. Chun trádáil chothrom agus ordúil a chosaint, áfach, níor cheart ceangal a bheith ar na hionaid trádála paraiméadair theicniúla uile an tsásra a chuir siad i bhfeidhm a fhoilsiú.

(49)

I gcás ina léirítear leis an bhfaisnéis arna bailiú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir leis an sásra um bainistíocht luaineachta a bheith á chur chun feidhme ag ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh san Aontas, gur gá comhsheasmhacht níos fearr maidir le cur chun feidhme an tsásra chun bainistiú níos éifeachtúla ar luaineacht iomarcach praghsanna ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme i dtaca leis an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae a shonrú, cosúil le minicíocht athnuachan na dteorainneacha praghais, nó na bearta a bheidh le déanamh má bhogann an trádáil lasmuigh de na teorainneacha praghais sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh maidir le díorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta a chur san áireamh.

(50)

Chun dóthain ama a thabhairt d’ionaid trádála an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae a chur chun feidhme go láidir mar a shonraítear sa Rialachán seo, ba cheart am a thabhairt d’ionaid trádála go dtí an 31 Eanáir 2023 chun an sásra sin a bhunú. Chun a áirithiú go mbeidh ionaid trádála in ann déileáil le gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna go tapa fiú sula gcuirfear an sásra sin ar bun, ba cheart réamhshásra a bheith i bhfeidhm acu lenar féidir an cuspóir céanna atá leis an sásra sin a bhaint amach den chuid is mó.

(51)

Na hoibleagáidí agus na srianta a fhorchuirtear ar ionaid trádála agus ar thrádálaithe leis na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae, ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun go mbeidh gnólachtaí fuinnimh in ann leanúint de bheith rannpháirteach i margaí gáis agus leictreachais agus a riachtanais fálaithe a chomhlíonadh, rud a chuirfidh le slándáil an tsoláthair fuinnimh do thomhaltóirí deiridh.

(52)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtúil na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ag ionaid trádála, agus tuairisciú go rialta do ESMA maidir leis an gcur chun feidhme sin. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an tsásra um bainistíocht luaineachta ionlae a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú freisin go bhfuil údar cuí le héagsúlachtaí i gcur chun feidhme na sásraí sin ag ionaid trádála.

(53)

Chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur i bhfeidhm na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae idir na Ballstáit, agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach ag na húdaráis inniúla, ba cheart do ESMA gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát a chomhordú, agus aon éagsúlacht arna tabhairt faoi deara sa chaoi a gcuireann ionaid trádála na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae chun feidhme i ndlínsí san Aontas a dhoiciméadú.

(54)

I bhfianaise an laghdaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar an soláthar gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise agus i bhfianaise an riosca leanúnaigh atá ann go gcuirfear isteach ar an soláthar arís go tobann, ní mór don Aontas a sholáthairtí gáis a éagsúlú go práinneach. Mar sin féin, tá margadh GNL na hEorpa fós ag teacht chun cinn agus tá sé deacair measúnú a dhéanamh ar chruinneas na bpraghsanna atá i réim sa mhargadh seo. Chun measúnú cruinn oibiachtúil iontaofa a fháil ar phraghas sheachadtaí GNL chuig an Aontas, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) sonraí margaidh GNL uile a bhailiú a bhfuil gá leo chun measúnú laethúil ar phraghsanna GNL a bhunú.

(55)

Ba cheart an measúnú ar phraghsanna a dhéanamh bunaithe ar gach idirbheart a bhaineann le seachadtaí GNL chuig an Aontas. Ba cheart ACER a chumhachtú chun na sonraí margaidh sin a bhailiú ó na rannpháirtithe go léir atá gníomhach i seachadtaí GNL chuig an Aontas. Ba cheart oibleagáid a bheith ar gach rannpháirtí den sórt sin a gcuid sonraí margaidh GNL uile a thuairisciú do ACER chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de, tar éis idirbheart a chur i gcrích nó tar éis tairiscint cheannaigh nó tairiscint díola a phostú chun idirbheart a dhéanamh. Ba cheart go gcuimseofaí i measúnú ACER ar phraghsanna an tacar sonraí is iomláine lena n-áirítear praghsanna idirbheart agus, ón 31 Márta 2023 ar aghaidh, praghsanna tairisceana ceannaigh agus praghsanna tairisceana díola maidir le seachadtaí GNL chuig an Aontas. Le foilsiú laethúil an mheasúnaithe oibiachtúil sin ar phraghsanna, agus an raon difríochta arna bhunú i gcomparáid le praghsanna tagartha eile ar an margadh i bhfoirm thagarmharc GNL, réitítear an bealach do rannpháirtithe sa mhargadh an measúnú a ghlacadh go deonach mar an praghas tagartha ina gconarthaí agus ina n-idirbhearta. Nuair a bhunófar é, d’fhéadfadh measúnú GNL ar phraghsanna agus tagarmharc GNL a bheith ina ráta tagartha le haghaidh conarthaí díorthach a úsáidtear chun praghas GNL nó an difríocht sa phraghas idir praghas GNL agus praghsanna gáis eile a fhálú. I bhfianaise an ghá phráinnigh atá leis an measúnú GNL ar phraghsanna a thabhairt isteach, ba cheart an chéad fhoilsiú den mheasúnú sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023.

(56)

Ní leor na cumhachtuithe reatha a dhílsítear do ACER le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (11) (dá ngairtear “REMIT”) chun tacar sonraí iomlán agus cuimsitheach a chruthú de sheachadtaí GNL uile isteach san Aontas. Mar sin féin, is gá tacar sonraí cuimsitheach agus iomlán den sórt sin le haghaidh measúnú laethúil ar phraghsanna chun go ndéanfaidh an tAontas bainistíocht, de mheon dlúthpháirtíochta, ar a bheartais soláthair le haghaidh allmhairí idirnáisiúnta GNL, go háirithe le linn na géarchéime atá ar siúl. Tá gá le sonraí agus faisnéis ábhartha maidir le conarthaí GNL freisin chun faireachán ar fhorbairtí praghsanna a áirithiú agus chun rialú cáilíochta sonraí agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh. Leis an ionstraim ad hoc sin, ba cheart go mbeadh ACER in ann na sonraí margaidh uile is gá a bhailiú chun measúnú cuimsitheach agus ionadaíoch ar phraghas sheachadtaí GNL chuig an Aontas a bhunú.

(57)

Cé gur cheart bunú measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL ar bhonn buan a chur san áireamh in athbhreithniú níos cuimsithí ar REMIT, mar gheall ar an ngéarchéim atá ar siúl faoi láthair, tá gá anois le gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar an staid láithreach ina bhfuil deacrachtaí móra maidir le soláthar agus praghsáil chruinn sheachadtaí GNL chuig an Aontas ar bhonn sealadach go dtí go bhféadfar an t-athbhreithniú sin ar REMIT a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

(58)

Chun trédhearcacht praghsanna agus slándáil pleanála i margadh allmhairiúcháin GNL a mhéadú láithreach, ba cheart a shonrú gur cheart go gcuimseodh an tacar sonraí ábhartha faisnéis maidir le praghsanna agus cainníochtaí idirbhearta GNL, praghsanna agus cainníochtaí na dtairiscintí ceannaigh agus na dtairiscintí díola a bhaineann le seachadtaí GNL isteach san Aontas, chomh maith leis an bhfoirmle praghsanna sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas, más ábhartha.

(59)

Ba cheart rannpháirtithe sa mhargadh GNL atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe a shainmhíniú mar rannpháirtithe a dhéanann lastaí GNL atá le seachadadh isteach san Aontas a cheannach nó a dhíol. Ba cheart na rannpháirtithe sin i margadh GNL a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na dtoirmeasc is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh i gcomhréir le REMIT.

(60)

Ba cheart sainordú leathan a bheith ag ACER, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun cáilíocht agus substaint na sonraí margaidh a bhailíonn sé a shonrú chun measúnú laethúil ar phraghsanna a bhunú i gcás seachadtaí GNL isteach san Aontas. Ba cheart go mbeadh lánrogha leathan aige freisin chun an prótacal tarchurtha is fearr leis a roghnú. Chun an cháilíocht is airde is féidir a bhaint amach sna sonraí margaidh atá le tuairisciú, ba cheart ACER a chumhachtú chun paraiméadair uile na sonraí margaidh ba cheart a thuairisciú dó a shonrú. Ba cheart a áireamh ar na paraiméadair sin, i measc nithe eile, na haonaid tagartha ina ndéantar sonraí faoi phraghsanna a thuairisciú, na haonaid tagartha ina dtuairiscítear sonraí cainníochta, aibíochtaí tosaigh maidir le sonraí tairiscintí ceannaigh nó tairiscintí díola idirbhirt nó réamh-idirbhirt, chomh maith leis na prótacail tarchurtha atá le húsáid chun na sonraí is gá a chur in iúl do ACER.

(61)

Ba cheart do ACER an mhodheolaíocht a úsáideann sé chun measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL a sholáthar a leagan amach freisin, chomh maith leis an bpróiseas chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an modheolaíocht sin.

(62)

Leis an measúnú ar phraghsanna a fhoilsítear faoin Rialachán seo, ba cheart níos mó trédhearcachta a thabhairt do na Ballstáit agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh maidir le praghas allmhairí GNL chuig an Eoraip atá i réim. Dá réir sin, le breis trédhearcachta ó thaobh praghsanna, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas do na Ballstáit agus na heintitis phríobháideacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas gníomhú ar bhealach níos eolaí agus níos comhordaithe agus GNL á cheannach acu ar mhargaí domhanda agus, go háirithe, úsáid á baint acu as an soláthraí seirbhíse. Le tuilleadh comhordaithe maidir le GNL a cheannach, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas do na Ballstáit cosc a chur le ceantáil a dhéanamh ar a chéile nó praghsanna tairisceana ceannaigh nach bhfuil i gcomhréir leis an bpraghas margaidh atá i réim. Dá bhrí sin, tá measúnuithe praghsanna agus raonta difríochta tagarmharcanna a fhoilsítear faoin Rialachán seo ríthábhachtach chun tuilleadh dlúthpháirtíochta a chruthú idir na Ballstáit maidir le soláthairtí teoranta GNL a fháil.

(63)

An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh faisnéis faoi idirbhearta GNL a sholáthar do ACER, tá sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le ACER a chumasú chun tagarmharc GNL a bhunú, go háirithe ós rud é go bhfuil sí ailínithe le hoibleagáidí reatha oibreoirí margaidh faoin REMIT agus go gcoinneoidh ACER faisnéis íogair ghnó faoi rún.

(64)

I dteannta an scoradáin chiorcaid agus an tagarmhairc GNL, tá idirghabhálacha eile ar fáil lena n-áirítear conair praghsanna dhinimiciúil shealadach, mar a iarradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, agus na coimircí seo a leanas á gcur san áireamh: ba cheart feidhm a bheith aici maidir le hidirbhearta gáis nádúrtha i bPointe Trádála Fíorúil na Saoráide Aistrithe Teidil (TTF), arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.; féadfar moil trádála gáis eile de chuid an Aontais a nascadh le spotphraghas ceartaithe TTF trí chonair praghsanna dhinimiciúil shealadach; agus ba cheart go mbeadh sí gan dochar do thrádálacha gáis thar an gcuntar, níor cheart go gcuirfeadh sí slándáil soláthair gáis an Aontais i mbaol, ba cheart go mbeadh sí ag braith ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc maidir le coigilteas gáis a chur chun feidhme, níor cheart méadú foriomlán ar thomhaltas gáis a bheith mar thoradh uirthi, ba cheart í a cheapadh ar bhealach nach gcuirfidh sí cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, níor cheart go ndéanfadh sí difear do chobhsaíocht ná d’fheidhmiú ordúil na margaí díorthach fuinnimh, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh léi praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais.

(65)

Le Rialachán (AE) 2017/1938 déantar foráil cheana féin go bhféadfaidh na Ballstáit, le linn éigeandála, tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla áirithe, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú agus míchothromaíochtaí eangaí a sheachaint. D’fhéadfadh na gléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla agus na toirteanna gáis gaolmhara tionchar tábhachtach a imirt ar na toirteanna gáis atá ar fáil le haghaidh dlúthpháirtíochta i gcás éigeandála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 13(1), (3) agus (8) de Rialachán (AE) 2017/1938, a bheith in ann, ar bhonn sealadach, bearta dlúthpháirtíochta éigeandála a iarraidh freisin nuair nach bhfuil siad in ann na toirteanna criticiúla gáis sin is gá a fháil chun a áirithiú go leanfar de tháirgeadh leictreachais i ngléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a bheith i dteideal a áirithiú freisin nach gcuirfear soláthairtí chuig a gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó seirbhísí bunriachtanacha eile, amhail téamh ceantair, agus oibriú a ngléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla i mbaol agus dlúthpháirtíocht á soláthar acu do Bhallstát eile.

(66)

Ba cheart go mbunófaí uasteorainn na dtoirteanna criticiúla gáis is gá i ngach Ballstát chun slándáil an tsoláthair leictreachais a chaomhnú ionas go seachnófar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht nach bhfuil gá leo nó iarrataí ar dhlúthpháirtíocht atá mí-úsáideach nó srianta míchuí ar an dlúthpháirtíocht a chuirtear ar fáil do Bhallstát atá i ngátar. Leis an modheolaíocht a úsáidtear in Ionchas Geimhridh an Líonra Eorpaigh d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) cuirtear bonn ar fáil lena sainaithnítear toirt chriticiúil gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais agus chun teorainneacha den sórt sin a shocrú. Léiríonn na toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais arna ríomh ag ENTSO-E na toirteanna gáis a bhfuil géarghá leo chun leordhóthanacht leictreachais uile-Eorpach a áirithiú agus úsáid á baint as na hacmhainní margaidh uile, agus é á mheas i gcónaí gurb é an gás a bhíonn ag bun an oird fiúntais. Tá modheolaíocht ENTSO-E bunaithe ar shampla mór de na cásanna is measa a mhéid a bhaineann leis an aeráid agus le héaradh éigeantach seirbhíse. Bíodh is nach gcuireann modheolaíocht ENTSO-E an chumhacht agus an teas ar fad in éineacht san áireamh, ní chuireann an méid sin cosc ar na Ballstáit a mheas go bhfuil suiteálacha téimh ceantair na gcustaiméirí atá faoi chosaint faoi chosaint de bhun shainmhíniú Rialachán (AE) 2017/1938. I gcás na mBallstát sin ina mbraitheann an ghiniúint leictreachais go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil acmhainní suntasacha stórála acu, ba cheart toirteanna criticiúla gáis gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais a oiriúnú dá réir. Is féidir le toirt an gháis chriticiúil a bheith níos ísle ná an leibhéal stairiúil gáis a thomhlaítear chun leictreachas a ghiniúint ós rud é gur féidir leordhóthanacht leictreachais a sholáthar ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí sholáthairtí a sholáthar idir na Ballstáit.

(67)

Ní eisiatar leis sin, áfach, go bhféadfadh na toirteanna gáis íosta iarbhír a theastaíonn ó Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó ó Bhallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar aige a bheith níos airde ná na luachanna atá múnlaithe ag ENTSO-E chun géarchéim leictreachais a sheachaint. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó an Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a bheith in ann na huasluachanna a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú más féidir leis údar a thabhairt gur gá sin chun géarchéim leictreachais a sheachaint, mar shampla i gcásanna inar gá dul i muinín cúltacaí athbhunaithe minicíochta, nó i gcásanna eisceachtúla nár cuireadh san áireamh in Ionchas Geimhridh ENTSO-E. Áirítear le toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, de réir an tsainmhínithe, an gás ar fad is gá chun soláthar cobhsaí leictreachais a áirithiú, agus dá bhrí sin áirítear leis an leictreachas atá de dhíth chun gás a tháirgeadh agus a iompar chomh maith le hearnálacha ríthábhachtacha de bhonneagar criticiúil agus de shuiteálacha criticiúla atá ríthábhachtach d’fheidhmiú seirbhísí míleata, seirbhísí na slándála náisiúnta agus seirbhísí na cabhrach daonnúil.

(68)

Tá na srianta a fhorchuirtear ar oibreoirí margaidh le leathnú na cosanta dlúthpháirtíochta chuig toirteanna criticiúla gáis riachtanach chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú i gcás ina dtagann laghdú ar an soláthar gáis agus ina dtagann méadú ar an éileamh le linn shéasúr an gheimhridh. Leis an srianta sin, cuirtear srianta leis na bearta atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (12) faoi seach, arb é is aidhm dóibh na bearta sin a dhéanamh níos éifeachtaí faoi na himthosca reatha.

(69)

Tá an Rialachán seo gan dochar do shaoirse na mBallstát an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha a chur san áireamh agus tús áite á thabhairt don éileamh ar cheart é a laghdú nó a chiorrú ionas go mbeidh siad in ann dlúthpháirtíocht a chur ar fáil do Bhallstát eile.

(70)

Tá custaiméirí áirithe, lena n-áirítear teaghlaigh agus custaiméirí a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta bunriachtanacha, thar a bheith íogair i leith na n-éifeachtaí diúltacha a bhaineann le suaitheadh an tsoláthair gáis. Ar an gcúis sin, le Rialachán (AE) 2017/1938, tugadh isteach sásra dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit chun na héifeachtaí a ghabhfadh le móréigeandáil laistigh den Aontas a mhaolú agus chun a áirithiú gur féidir le gás sreabhadh chuig custaiméirí atá faoi chosaint na dlúthpháirtíochta. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí úsáid an gháis ag custaiméirí atá faoi chosaint a mheas mar úsáid neamhriachtanach. Trí laghdú a dhéanamh ar an gcineál sin úsáide a théann thar a bhfuil riachtanach, ní dhéanfaí dochar do na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe ós rud é go bhféadfadh an gás a ídítear atá in easnamh chun críocha neamhriachtanacha a bheith ina chúis le díobháil thromchúiseach in earnálacha príobháideacha nó tráchtála eile. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit coigilteas gáis a bhaint amach freisin trí thomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú faoi imthosca sonracha, i gcás inarb indéanta laghdú den sórt sin a dhéanamh go fisiciúil gan difear a dhéanamh d’úsáidí bunriachtanacha. Mar sin féin, ba cheart do na bearta laghdaithe a dhéanfaidh na Ballstáit a bheith teoranta go docht do thomhaltas neamhriachtanach agus níor cheart dó úsáid bhunúsach na gcustaiméirí atá faoi chosaint a laghdú ar bhealach ar bith ná teorainn a chur lena gcumas a dtithe a théamh go leordhóthanach.

(71)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit agus ag a n-údaráis inniúla na bearta laghdaithe is infheidhme a chinneadh mar aon leis na gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do thomhaltas neamhriachtanach, amhail téamh amuigh faoin aer, téamh linnte snámha cónaithe agus saoráidí cónaithe comhlántacha eile. Tríd an deis a bheith acu teorainn a chur le tomhaltas neamhriachtanach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na coimircí a neartú agus a áirithiú go soláthraítear gás d’earnálacha, do sheirbhísí agus do thionscail bhunriachtanacha eile, rud a chuirfeadh ar a gcumas dóibh leanúint dá n-oibriú le linn géarchéime.

(72)

Ba cheart aon bheart chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú a bheith riachtanach agus comhréireach, agus feidhm aige go háirithe i gcásanna géarchéime fógartha de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938 nó i gcás foláireamh Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/1369. D’ainneoin chur i bhfeidhm na mbeart neamhriachtanach maidir le laghdú tomhaltais, ba cheart do chustaiméirí atá faoi chosaint leanúint de thairbhiú de chosaint ar dhícheangal. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach gcuirfidh na bearta sin teorainn leis an gcosaint is gá do chustaiméirí leochaileacha ar cheart a mheas go bhfuil a dtomhaltas reatha bunriachtanach gan dochar do chur isteach ar sholáthairtí ar chúiseanna teicniúla.

(73)

Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir tomhaltas bunriachtanach agus tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint agus conas idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Níor cheart a cheangal ar Bhallstát, a iarrann bearta dlúthpháirtíochta, a chinneann gan an t-idirdhealú sin a dhéanamh, a léiriú go bhféadfaí an tomhaltas neamhriachtanach a laghdú roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Níor cheart a cheangal ar Bhallstát a bhfuil dlúthpháirtíocht á soláthar aige idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí bunriachtanacha agus custaiméirí neamhriachtanach chun an toirt gáis a chuirfear ar fáil do bhearta dlúthpháirtíochta a chinneadh.

(74)

I gcás éigeandála, ba cheart do na Ballstáit, agus don Aontas, a áirithiú go sreabhfaidh gás laistigh den mhargadh inmheánach. Ciallaíonn sé sin nár cheart go n-eascródh saincheisteanna maidir le slándáil an tsoláthair i mBallstát eile as bearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus gur cheart rochtain ar bhonneagar trasteorann a bheith sábháilte agus indéanta go teicniúil tráth ar bith. Leis an gcreat reachtach atá ann faoi láthair, ní dhéantar foráil maidir le próiseas lenar féidir coinbhleachtaí idir dhá Bhallstát i dtaca le bearta a ndéanann difear diúltach do shreabha trasteorann a réiteach go héifeachtach. Ós rud é go bhfuil eangacha gáis agus leictreachais an Aontais idirnasctha, ní hamháin go bhféadfadh fadhbanna tromchúiseacha maidir le slándáil an tsoláthair a bheith mar thoradh air sin, ach d’fhéadfadh sé freisin aontacht an Aontais maidir le tríú tíortha a lagú. De mhaolú ar Airteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a rinneadh agus eadráin a dhéanamh, i gcás inar gá, laistigh de thréimhse ama réasúnach. Chuige sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a iarraidh go ndéanfaí bearta náisiúnta den sórt sin a mhodhnú i gcás ina n-aimseoidh sé bagairtí ar shlándáil an tsoláthair gáis i mBallstáit eile nó san Aontas. I bhfianaise chineál eisceachtúil na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, ba cheart an cinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh gan mhoill a d’fhéadfadh bac a chur ar sholáthar gáis an Aontais. Dá bhrí sin, ar feadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart nósanna imeachta réitigh a chur ar fionraí ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(75)

Is prionsabal ginearálta faoi dhlí an Aontais (13) é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh agus tá feidhm aige maidir le gach Ballstát, agus ní hamháin maidir le Ballstáit chomharsanachta. Thairis sin, is den tábhacht é go mbainfí úsáid éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear acmhainní tarchurtha trasteorann agus saoráidí GNL, chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú de mheon dlúthpháirtíochta. Tráth a bhíonn suaitheadh sa soláthar gáis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, , agus athrú suntasach ó ghás píblíne go GNL, ba cheart do na Ballstáit atá i staid móréigeandála ní hamháin a bheith in ann tairbhiú d’fhéidearthachtaí soláthair ó phíblínte comharsanacha, ach ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhiú freisin de sholáthairtí ó thíortha a bhfuil saoráid GNL á diúscairt acu. Ba cheart do roinnt Ballstát a bheith in ann dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile, fiú mura bhfuil siad nasctha go díreach trí phíblíne gháis nó trí thríú tír nó trí Bhallstáit eile, ar choinníoll go bhfuil gach beart margadhbhunaithe dá phlean éigeandála ídithe ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear ceannacháin GNL sa mhargadh domhanda. Is iomchuí, dá bhrí sin, an oibleagáid maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar do na Ballstáit nach bhfuil nasctha le saoráidí GNL a leathnú, agus na difríochtaí idir margaí agus bonneagar gáis píblíne agus margaí agus bonneagar GNL á gcur san áireamh, lena n-áirítear soithí agus iompróirí GNL, maidir le hoibleagáidí a chur ar oibreoirí, chomh maith leis an easpa cumhachtaí forfheidhmithe á cur san áireamh i ndáil le sócmhainní GNL cosúil le hiompróirí GNL agus lena n-áirítear deiseanna chun babhtáil idir gás nádúrtha agus GNL mura bhfuil aon saoráid leachtaithe gáis ar chríoch Ballstáit a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.

(76)

Maidir le Ballstát a bhfuil saoráidí GNL aige, agus dlúthpháirtíocht á soláthar aige, níor cheart an fhreagracht a leagan air as scrogaill nó fadhbanna eile a d’fhéadfadh éirí lasmuigh dá chríoch féin nó atá mar thoradh ar easpa cumhachtaí forfheidhmithe ar shoithí agus iompróirí GNL ar le hoibreoir tríú tír, i gcás ina n-imríonn scrogaill nó fadhbanna eile den sórt sin tionchar ar an sreabhadh iarbhír gáis agus a chuireann cosc, sa deireadh, ar an toirt gáis a bhfuil gá leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a bhaint amach. I gcás nach bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag an mBallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar acu, níor cheart dó a bheith freagrach as a liacht athrú a dhéantar ó lasta GNL go gás nádúrtha.

(77)

Agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á chur chun feidhme, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/1938 sásra dlúthpháirtíochta a raibh sé d’aidhm aige comhar agus muinín idir na Ballstáit a fheabhsú i gcás géarchéim thromchúiseach. Chun cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta a éascú, ní mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le roinnt saincheisteanna teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais ina gcuid socruithe déthaobhacha, de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2017/1938.

(78)

D’ainneoin go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann socruithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha a thabhairt i gcrích faoin 1 Nollaig 2018, níl ach líon beag de na socruithe sin tugtha chun críche, rud a chuireann i mbaol cur chun feidhme na hoibleagáide dlíthiúla tacaíocht dlúthpháirtíochta a sholáthar i gcás éigeandála. Áiríodh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin an chéad samhail i dtaca le comhaontú dlúthpháirtíochta teimpléid. Mar sin féin, ós rud é gur forbraíodh an teimpléad sin roimh ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, i bhfianaise an ghanntanais gáis agus na bpraghsanna atá ag dul i méid agus i bhfianaise an ghá phráinnigh atá le rialacha réamhshocraithe sealadacha a bheith i bhfeidhm cheana féin don gheimhreadh atá le teacht, is iomchuí creat sealadach rialacha réamhshocraithe a chruthú chun na bearta dlúthpháirtíochta is gá a sholáthar de mhaolú ar Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1938, ar bearta éifeachtacha iad is féidir a chur chun feidhme go tapa, nach bhfuil ag brath ar chaibidlíocht dhéthaobhach fhada agus a chuirtear in oiriúint don staid reatha ina bhfuil praghsanna fíor-ard agus ina bhfuil praghsanna gáis an-luaineach. Go háirithe, ba cheart rialacha níos soiléire réamhshocraithe a thabhairt isteach chun costais an gháis a chuirtear ar fáil a chúiteamh agus, de mheon na dlúthpháirtíochta idir Bhallstáit, chun teorainn a chur le costais bhreise a fhéadfaidh an Ballstát a iarrann dlúthpháirtíocht atá ag soláthar na gcostas a ghearradh. Ba cheart do na rialacha maidir le bearta dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 a bheith infheidhme i gcónaí mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite.

(79)

Ba cheart, i bprionsabal, an dlúthpháirtíocht a sholáthar bunaithe ar chúiteamh cóir arna íoc go díreach ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó ag a eintitis tharmligthe. Ba cheart praghas an gháis, aon chostas stórála iarbhír nó féideartha, an t-iompar trasteorann agus costais ghaolmhara a chumhdach leis an gcúiteamh. Ba cheart an cúiteamh a bheith cothrom, i gcás na mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus i gcás na mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht araon.

(80)

Mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá leibhéil praghsanna agus buaiceanna rialta praghsanna ann a théann i bhfad thar ghéarchéim soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann tráth a glacadh de Rialachán (AE) 2017/1938. Ba cheart, dá bhrí sin, an luaineacht ionlae praghsanna atá ina saintréith de mhargadh an gháis faoi láthair mar thoradh ar an ngéarchéim gáis atá ann a chur san áireamh agus méid an chúitimh á chinneadh do na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht. Ar bhonn na dlúthpháirtíochta, agus chun praghsáil in imthosca diana margaidh a sheachaint, bheadh fadhbanna ag baint le praghas athraitheach ionlae an mhargaidh a ghlacadh mar bhonn le praghas réamhshocraithe an bhirt dlúthpháirtíochta. Ba cheart don phraghas gáis meánphraghas an mhargaidh lá roimh ré a léiriú an lá roimh an iarraidh dlúthpháirtíochta sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht. Agus an méid sin á chur san áireamh, tá an cúiteamh fós bunaithe ar “phraghas margaidh”, mar a shonraítear i Moladh (AE) 2018/177 ón gCoimisiún (14). Tá meánphraghas an mhargaidh lá roimh ré níos neamhspleáiche ó luaineacht agus ó spotphraghsanna an-ard le linn géarchéimeanna, agus dá réir sin, cuirtear teorainn le haon dreasacht shaobh.

(81)

Mar a cuireadh i dtábhacht i Moladh (AE) 2018/177, ní fhéadfar costas na ndamáistí don tionscal ciorraithe a chumhdach le cúiteamh ach amháin mura léirítear é i bpraghas an gháis nach mór don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a íoc agus níor cheart go mbeadh ar an mBallstát a d’iarr an dlúthpháirtíocht cúiteamh a íoc as na costais chéanna faoi dhó. Agus na himthosca eisceachtúla á gcur san áireamh ina bhfuil praghsanna gáis tar éis leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a bhaint amach, níor cheart oibleagáid uathoibríoch a chur ar Bhallstát a fhaigheann dlúthpháirtíocht costais eile a chumhdach ina n-iomláine, amhail damáistí nó costais a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha, a tharlaíonn sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, mura rud é go dtiocfar ar réiteach eile i gcomhaontú dlúthpháirtíochta. Is léir ón taithí a fuarthas gur príomhchonstaic maidir le comhaontuithe dlúthpháirtíochta a thabhairt i gcrích í an oibleagáid atá ar an mBallstát is faighteoir an riosca airgeadais iomlán a sheasamh maidir le gach costas cúitimh dhírigh nó indírigh a fhéadfar a thabhú mar thoradh ar bhearta dlúthpháirtíochta a sholáthar. Ba cheart, dá bhrí sin, an dliteanas neamhtheoranta a mhaolú sna rialacha réamhshocraithe le haghaidh comhaontuithe dlúthpháirtíochta, ionas gur féidir na comhaontuithe atá fós gan réiteach a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, ós rud é gur bunchloch de Rialachán (AE) 2017/1938 iad na comhaontuithe sin, lena léirítear prionsabal an Aontais maidir le dlúthpháirtíocht fuinnimh. A mhéid nach sáraíonn an cúiteamh ar chostais indíreacha 100 % den phraghas ar ghás, go bhfuil údar leis agus nach bhfuil sé cumhdaithe ag praghas an gháis, ba cheart don Bhallstát glactha na costais sin a chumhdach.

Mar sin féin, i gcás ina dtéann an costas a iarradh thar 100 % den phraghas ar ghás, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, cúiteamh ar chostas cóir a bhunú agus dá bhrí sin go mbeadh an deis aige a fhíorú an iomchuí an cúiteamh costais a theorannú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúiteamh atá éagsúil leis an gcúiteamh a leagtar amach in Rialachán (AE) 2017/1938 a cheadú i gcásanna aonair, agus imthosca sonracha an cháis agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á gcur san áireamh, lena n-áirítear bearta chun gás a choigilt agus an t-éileamh ar ghás a laghdú. Sa mheasúnú, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar chostais iomarcacha indíreacha a sheachaint mar thoradh ar chiorrú nó ar dhícheangal custaiméirí gáis.

(82)

Tá rialacha an rialacháin seo maidir le cúiteamh a íoc as bearta dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit gan dochar do phrionsabail an chúitimh i leith damáistí faoin dlí bunreachtúil náisiúnta.

(83)

Mar sin féin, is é tabhairt i gcrích socruithe dlúthpháirtíochta le Ballstáit chomharsanachta, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán(AE) 2017/1938, an ionstraim is iomchuí chun an oibleagáid maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit imeacht ó na rialacha maidir le cúiteamh mainneachtana a leagtar amach sa Rialachán seo má thagann siad ar chomhaontú maidir le rialacha eile i gcomhaontú dlúthpháirtíochta. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith fós ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú go déthaobhach maidir le cúiteamh breise, lena gcumhdaítear costais eile ina n-iomláine, amhail na costais a thabhaítear ó oibleagáid cúiteamh a íoc sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear damáistí do thionscal ciorraithe. I gcomhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha, is féidir costais den sórt sin a áireamh sa chúiteamh má dhéantar foráil sa chreat dlíthiúil náisiúnta maidir leis an oibleagáid damáistí a íoc le tionscal ciorraithe, lena n-áirítear cúiteamh as damáiste eacnamaíoch, sa bhreis ar phraghas an gháis.

(84)

Mar bheart na rogha deiridh, níor cheart do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht an sásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a spreagadh ach amháin i gcás nach n-éiríonn leis an margadh na toirteanna gáis riachtanacha a thairiscint, lena n-áirítear GNL agus iad siúd a thairgeann custaiméirí nach bhfuil faoi chosaint go deonach, chun freastal ar an éileamh ó chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht. De bhun Rialachán (AE) 2017/1938 ceanglaítear ar na Ballstáit gach beart a bheith ídithe ina bpleananna éigeandála lena n-áirítear ciorrú éigeantach síos go dtí leibhéal na gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht.

(85)

Ba cheart an dlúthchomhar idir na Ballstáit, an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime inniúla, arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/1938, a bheith i gceist mar gheall ar chineál práinneach agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gníomhachtú féideartha an tsásra dlúthpháirtíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, an iarraidh a chur in iúl do na páirtithe uile in am trátha agus ba cheart tacar íosta eilimintí a bheith inti lenar féidir leis na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht freagra a thabhairt gan mhoill. Ba cheart a áireamh sa fhreagairt ó na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht faisnéis maidir leis an toirt gáis a d’fhéadfaí a sheachadadh chuig an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear freisin na toirteanna sin a d’fhéadfaí a shaoradh nuair a chuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla agus comhordúcháin breise chun freagairt thráthúil ar iarraidh dlúthpháirtíochta a éascú. Agus dlúthpháirtíocht á soláthar acu, ba cheart do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla sábháilteacht agus iontaofacht oibríochtúil an ghréasáin a áirithiú.

(86)

Ba cheart don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a bheith in ann dlúthpháirtíocht a fháil ó roinnt Ballstát. Níor cheart an sásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a spreagadh ach amháin i gcás nach bhfuil aon socrú déthaobhach tugtha i gcrích ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht. I gcás comhaontú déthaobhach idir an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, ba cheart don socrú sin a bheith i réim agus ba cheart feidhm a bheith aige eatarthu.

(87)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe agus, má mheastar gur gá, ba cheart dó a bheith in ann meaitseáil iarrataí ar éileamh dlúthpháirtíochta a éascú. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le hardán idirghníomhach, ar cheart dó a bheith ina theimpléad agus tíolacadh leanúnach fíor-ama iarrataí ar dhlúthpháirtíocht agus a gcúpláil leis na toirteanna faoi seach atá ar fáil a cheadú.

(88)

Féadfaidh na Ballstáit agus Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh socruithe deonacha a thabhairt i gcrích freisin chun bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm.

(89)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(90)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhís saoráide a chur ar bun go brostaithe lena gceadaítear comhiomlánú éilimh agus ceannach gáis comhpháirteach ag gnóthais atá bunaithe san Aontas;

(b)

ardáin áirithinte acmhainne thánaisteacha agus ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus le haghaidh saoráidí stórála gáis; agus

(c)

bainistiú ar phlódú i líonraí tarchurtha gáis.

2.   Tugtar isteach leis an Rialachán seo sásraí sealadacha chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint i gcoinne praghsanna as cuimse ard, trí bhíthin sásra bainistíochta luaineachta ionlae sealadach le haghaidh gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna agus tagarmharc ad hoc GNL, atá le forbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo bearta sealadacha, i gcás éigeandáil gháis, chun gás a dháileadh go cothrom thar theorainneacha, chun soláthairtí gáis a chosaint i gcomhair na gcustaiméirí is criticiúla agus chun a áirithiú go soláthrófar bearta dlúthpháirtíochta trasteorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas: gás nádúrtha, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe (GNL), a tháirgeadh, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar, a cheannach nó a stóráil, ar duine é atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla nó cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach gan custaiméirí deiridh san áireamh;

(2)

ciallaíonn “saoráid GNL” críochfort a úsáidtear chun gás nádúrtha a leachtú nó chun GNL a allmhairiú, a dhíluchtú agus a athghású, agus áirítear léi seirbhísí coimhdeacha agus stóráil shealadach is gá don phróiseas athghásaithe agus don seachadadh ina dhiaidh sin chuig an gcóras tarchurtha, ach ní áirítear léi aon chuid de na críochfoirt GNL a úsáidtear le haghaidh stórála;

(3)

ciallaíonn “saoráid stórála gáis” saoráid a úsáidtear chun gás nádúrtha a stocáil agus atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag gnóthas gáis nádúrtha, lena n-áirítear an chuid de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála ach nach n-áirítear léi an chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus nach n-áirítear léi saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí córais tarchurtha agus iad i mbun a bhfeidhmeanna;

(4)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá ar conradh ag an gCoimisiún trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun an ceannach comhpháirteach a eagrú agus na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(5)

ciallaíonn “uirlis TF” uirlis TF trína ndéanann an soláthraí seirbhíse éileamh na ngnóthas gáis nádúrtha agus gnóthas a ídíonn gás a chomhiomlánú agus tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha chun freastal ar an éileamh comhiomlánaithe sin;

(6)

ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta chun GNL a cheannach nó a dhíol:

(a)

lena sonraítear seachadadh san Aontas;

(b)

a bhfuil seachadadh san Aontas mar thoradh air; nó

(c)

ina ndéanann contrapháirtí amháin an GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

(7)

ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach mar a shonraítear in Airteagal 21(1);

(8)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

(9)

ciallaíonn “measúnú ar phraghasanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht a bhunóidh ACER;

(10)

ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil;

(11)

ciallaíonn “ionad trádála” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

“margadh rialáilte” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

(b)

“saoráid trádáil iltaobhach” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE;

(c)

“saoráid trádála eagraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (23), de Threoir 2014/65/AE;

(12)

ciallaíonn “díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh” díorthach tráchtearraí ar feadh suas le 12 mhí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach sáraíonn a aibíocht 12 mhí;

(13)

ciallaíonn “údarás inniúil”, mura sonraítear a mhalairt, údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE;

(14)

ciallaíonn “toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais” an t-uastomhaltas gáis is gá in earnáil na cumhachta chun leordhóthanacht a áirithiú sa chás is measa a ionsamhlaítear sa mheasúnú ar leordhóthanacht an gheimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(15)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir atá faoi chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938;

(16)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/1938.

CAIBIDIL II

COMHORDÚ NÍOS FEARR AR CHEANNACHÁIN GHÁIS

ROINN 1

Ceannacháin gháis san Aontas a chomhordú

Airteagal 3

Trédhearcacht agus malartú faisnéise

1.   Chun críche comhordú níos fearr agus chun na críche sin amháin, gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis de chuid na mBallstát, a bhfuil sé beartaithe acu tairiscint chun gás a cheannach a sheoladh nó tús a chur leis an gcaibidlíocht le táirgeoirí gáis nádúrtha nó soláthróirí gáis nádúrtha ó thríú tíortha maidir le gás a cheannach de thoirt os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana, cuirfidh siad an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe ar an eolas faoi thabhairt i gcrích conartha soláthair gáis nó meabhráin tuisceana nó faoi sheoladh tairisceana chun gás a cheannach.

Tabharfar an fógra de bhun na chéad fhomhíre ar a laghad 6 seachtaine sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe, nó laistigh de thréimhse níos gairide ar choinníoll go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht níos gaire do dháta sínithe an chonartha, ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe. Beidh an fógra sin teoranta don fhaisnéis bhunúsach seo a leanas:

(a)

céannacht an chomhpháirtí conartha nó na gcomhpháirtithe conartha nó cuspóir na tairisceana gás a cheannach;

(b)

na toirteanna iomchuí;

(c)

na dátaí iomchuí; agus

(d)

an soláthraí seirbhíse a eagraíonn ceannaigh den sórt sin nó tairisceana thar ceann Ballstáit, i gcás inarb infheidhme.

2.   Má mheasann an Coimisiún go bhféadfadh tuilleadh comhordúcháin maidir le tairiscint a sheoladh le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin gháis atá pleanáilte ag gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis na mBallstát feidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh a fheabhsú, nó go bhféadfaidh seoladh tairisceana le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin phleanáilte gháis tionchar diúltach a imirt ar an margadh inmheánach, ar shlándáil an tsoláthair nó ar dhlúthpháirtíocht fuinnimh, féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint chuig na gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gáis atá bunaithe san Aontas nó údaráis i mBallstáit bearta iomchuí a mheas. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe ar an eolas, i gcás inarb infheidhme.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas sula n-eiseoidh sé aon cheann de na moltaí a leagtar amach i mír 2.

4.   Agus faisnéis á soláthar don Choimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis a chur in iúl an bhfuil aon chuid den fhaisnéis, bíodh sí ina faisnéis tráchtála nó faisnéis eile a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí na bpáirtithe lena mbaineann, le meas mar fhaisnéis rúnda agus an féidir an fhaisnéis a sholáthraítear a roinnt le Ballstáit eile.

5.   Ní chuirfidh iarrataí ar rúndacht faoin Airteagal seo srian ar rochtain an Choimisiúin féin ar fhaisnéis rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ar fhaisnéis rúnda teoranta go docht do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil sé fíor-riachtanach an fhaisnéis a bheith ar fáil dóibh. Láimhseálfaidh ionadaithe an Choimisiúin faisnéis den sórt sin le rúndacht chuí.

6.   Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ní dhéanfar faisnéis atá rúnda a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ach amháin i gcás inar gá an malartú sin a dhéanamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin. Leis an malartú faisnéise sin, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus cuirfear ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun na sonraí a chosaint go fisiciúil. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.

Airteagal 4

Bord Stiúrtha ad hoc

1.   Bunófar Bord Stiúrtha ad hoc chun comhordú comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh a éascú.

2.   Bunóidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc laistigh de 6 seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh ionadaithe Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa Bhord Stiúrtha ad hoc ar chuireadh ón gCoimisiún maidir leis na hábhair leasa fhrithpháirtigh uile. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha ad hoc.

3.   Glacfaidh an Bord Stiúrtha ad hoc a Rialacha Nós Imeachta féin trí thromlach cáilithe laistigh de 1 mhí amháin óna bhunú.

4.   Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle leis an mBord Stiúrtha maidir leis an dréachtmholadh arna sholáthar ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(2), go háirithe faoi cé acu a chuireann nó nach gcuireann na ceannacháin gháis ábhartha nó na tairisceana le haghaidh gás a cheannach le slándáil an tsoláthair san Aontas agus cé acu atá nó nach bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh.

5.   Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc ar an eolas faoi thionchar rannpháirtíocht na ngnóthas sa cheannach comhpháirteach arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse maidir le slándáil an tsoláthair san Aontas agus dlúthpháirtíocht fuinnimh, i gcás inarb infheidhme.

6.   I gcás ina gcuirtear faisnéis rúnda ar aghaidh chucu i gcomhréir le hAirteagal 3(6), is le rúndacht chuí a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc faisnéis den sórt sin a láimhseáil. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an fhaisnéis is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin.

ROINN 2

Comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach

Airteagal 5

Conradh seirbhíse sealadach le soláthraí seirbhíse

1.   De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintiteas atá bunaithe san Aontas a chonradh trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.

3.   Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na praiticiúlachtaí a bhaineann le hoibriú an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear an uirlis TF a úsáid, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta agus dliteanais.

4.   Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chun na críche sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse.

5.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh agus chun a chur ar a chumas don Choimisiún a fhíorú go gcomhlíonann na gnóthais gáis nádúrtha agus na gnóthais a ídíonn gás na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 10.

Airteagal 6

Critéir chun an soláthraí seirbhíse a roghnú

1.   Roghnóidh an Coimisiún an soláthraí seirbhíse ar bhonn na gcritéar incháilitheachta seo a leanas:

(a)

beidh an soláthraí seirbhíse bunaithe i gcríoch Bhallstáit agus beidh a shuíomh oibríochtúil aige i gcríoch Bhallstáit;

(b)

beidh taithí ag an soláthraí seirbhíse ar idirbhearta trasteorann;

(c)

maidir leis an soláthraí seirbhíse:

(i)

ní dhíreofar bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE air, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(ii)

ní bheidh sé faoi úinéireacht ná faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(iii)

ní bheidh sé faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Gan dochar d’oibleagáidí díchill chuí eile, cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm idir an Coimisiún agus an soláthraí seirbhíse chun a áirithiú nach gcuirfidh an soláthraí seirbhíse, agus é i mbun a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 7, aon chiste nó aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí nó chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

3.   Ní bheidh an soláthraí seirbhíse ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach atá gníomhach i dtáirgeadh nó i soláthar gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) , cé is moite d’eintiteas arna dhíchuachadh i gcomhréir le Caibidil IV den Treoir sin.

4.   Bunóidh an Coimisiún a chritéir roghnúcháin agus dhámhachtana ag cur san áireamh, inter alia, na critéir seo a leanas atá le sonrú sa ghlao ar thairiscintí:

(a)

leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur ar bun agus a reáchtáil le haghaidh gás nádúrtha nó seirbhísí gaolmhara, amhail seirbhísí iompair, le tacaíocht ó uirlisí tiomnaithe TF;

(b)

leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur in oiriúint do riachtanais éagsúla amhail fócas geografach nó uainiú;

(c)

leibhéal taithí ar uirlisí TF a fhorbairt chun éileamh ó rannpháirtithe éagsúla a chomhiomlánú agus é a mheaitseáil leis an soláthar;

(d)

cáilíocht shlándáil an chórais faisnéise, go háirithe ó thaobh cosaint sonraí agus slándáil idirlín de; agus

(e)

cumas sainaitheanta agus creidiúnaithe na rannpháirtithe, ó thaobh eintiteas dlítheanach agus acmhainn airgeadais de araon.

Airteagal 7

Cúraimí an tsoláthraí seirbhíse

1.   Eagróidh an soláthraí seirbhíse comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach agus, go háirithe, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

éileamh gnóthas gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a chomhiomlánú le tacaíocht ón uirlis TF;

(b)

tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha, chun an t-éileamh comhiomlánaithe a mheaitseáil le tacaíocht ón uirlis TF;

(c)

cearta rochtana ar sholáthar a leithdháileadh, ag cur san áireamh dáileadh comhréireach idir rannpháirtithe beaga agus móra de na toirteanna gáis arna dtairiscint i measc na ngnóthas gáis nádúrtha agus na ngnóthas a ídíonn gás atá rannpháirteach i gcomhiomlánú an éilimh. I gcás ina sáraíonn comhiomlánú an éilimh na tairiscintí soláthair a fuarthas, beidh leithdháileadh na gceart rochtana comhréireach leis an éileamh arna dhearbhú ag na gnóthais atá rannpháirteach le linn chéim an comhiomlánaithe éilimh le haghaidh am seachadta suímh áirithe;

(d)

úsáideoirí na huirlise TF a fhíorú, a chreidiúnú agus a chlárú; agus

(e)

aon seirbhís choimhdeach a sholáthar d’úsáideoirí na huirlise faisnéise, lena n-áirítear seirbhísí chun tabhairt i gcrích conarthaí a éascú, nó don Choimisiún is gá chun na hoibríochtaí a chomhlíonadh i gceart dá bhforáiltear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   Cinnfear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5na coinníollacha a bhaineann le cúraimí an tsoláthraí seirbhíse, eadhon maidir le clárú úsáideoirí, foilsiú agus tuairisciú.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach

1.   Beidh rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach ar oscailt agus trédhearcach do gach gnóthas gáis nádúrtha agus do gach gnóthas a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas gan beann ar an toirt a iarrtar. Cuirfear bac ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a bheith rannpháirteach mar sholáthróirí, táirgeoirí agus ceannaitheoirí i gcomhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach, más rud é:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar aon chiste nó acmhainn eacnamaíoch a eascraíonn as rannpháirtíocht sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun tairbhe daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, nó páirtithe leasmhara eile tacaíocht leachtachta, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a sholáthar do rannpháirtithe sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse, i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ráthaíochtaí chun riachtanais chomhthaobhachta a chumhdach nó chun an riosca a bhaineann le costais bhreise a chumhdach tar éis dócmhainneacht ceannaitheoirí eile faoin gconradh ceannaigh chomhpháirtigh céanna.

4.   Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach a cheadú de bhun na Roinne seo.

Airteagal 9

Soláthairtí gáis nádúrtha atá eisiata ó cheannach comhpháirteach

Ní bheidh soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise faoi réir comhcheannach lena n-áirítear soláthairtí gáis nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála seo a leanas:

(a)

Greifswald

(b)

Lubmin II

(c)

Imatra

(d)

Narva

(e)

Värska

(f)

Luhamaa

(g)

Sakiai

(h)

Kotlovka

(i)

Kondratki

(j)

Wysokoje

(k)

Tieterowka

(l)

Mozyr

(m)

Kobryn

(n)

Sudzha (RU)/an Úcráin

(o)

Belgorod (RU)/an Úcráin

(p)

Valuyki (RU)/an Úcráin

(q)

Serebryanka (RU)/an Úcráin

(r)

Pisarevka (RU)/an Úcráin

(s)

Sokhranovka (RU)/an Úcráin

(t)

Prokhorovka (RU)/an Úcráin

(u)

Platovo (RU)/an Úcráin

(v)

Strandzha 2 (BG)/Malkoclar (TR)

Airteagal 10

Úsáid shainordaitheach an tsoláthraí seirbhíse

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go nglacfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse mar cheann de na modhanna féideartha chun na spriocanna líonta dá dtagraítear in Airteagail 6a agus 20 de Rialachán (AE) 2017/1938 a bhaint amach.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt a ghlacadh sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse le toirteanna atá cothrom le 15 % ar a laghad den toirt iomlán a chomhfhreagraíonn do na spriocanna líonta trasteorann dá dtagraítear in Airteagail 6c agus 20 de Rialachán (AE) 2017/1938.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt a ghlacadh sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse le toirteanna atá cothrom le 15 % ar a laghad de na toirteanna a chomhfhreagraíonn do na spriocanna líonta trasteorann dá dtagraítear in Airteagail 6c agus 20 e Rialachán (AE) 2017/1938.

4.   Féadfaidh na gnóthais gáis nádúrtha agus na gnóthais a ídíonn gás a ghlacann páirt i gcomhiomlánú éilimh faoi oibleagáid éigeantach cinneadh a dhéanamh gan an gás a cheannach i ndiaidh phróiseas an chomhiomlánaithe. Féadfar an gás a cheannaítear a úsáid chun críocha eile seachas líonadh stórála.

Airteagal 11

Cuibhreannas Ceannaithe Gáis

Gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá rannpháirteach sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse, féadfaidh siad, ar bhonn trédhearcach, comhordú a dhéanamh ar ghnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh nó conarthaí ceannaigh chomhpháirtigh a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE, de réir mar a fhéadfaidh an Coimisiún a shonrú i gcinneadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, chomh maith leis an gceanglas trédhearcachta de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo.

ROINN 3

Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí, saoráidí stórála gáis agus píblínte GNL

Airteagal 12

Ardán áirithinte acmhainne tánaistí le haghaidh úsáideoirí saoráidí GNL agus le haghaidh úsáideoirí saoráidí stórála gáis

Beidh úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis, ar mian leo a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i dteideal déanamh amhlaidh. Faoin 28 Feabhra 2023 déanfaidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis, ar leithligh nó go réigiúnach, ardán áirithinte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a chur ar bun nó bainfidh siad úsáid as ceann atá ann cheana féin d’úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis chun a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach.

Airteagal 13

Ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis

1.   Faoin 28 Feabhra 2023, foilseoidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis an fhaisnéis go léir a cheanglaítear le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir le hArdán Trédhearcachta LNG Eorpach agus Ardán Trédhearcachta Stórála Eorpach, faoi seach, ar bhealach trédhearcach agus soláimhsithe don úsáideoir. Féadfaidh na húdaráis rialála iarraidh ar na hoibreoirí sin aon fhaisnéis bhreise atá ábhartha le haghaidh úsáideoirí córais a chur ar fáil go poiblí.

2.   Saoráidí GNL ar deonaíodh díolúine dóibh ó rialacha rochtana tríú páirtí de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE, agus oibreoirí saoráidí stórála gáis faoin gcóras rochtana do thríú páirtithe arna chaibidliú dá dtagraítear in Airteagal 33(3) den Treoir sin, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na taraifí deiridh le haghaidh bonneagair faoin 31 Eanáir 2023.

Airteagal 14

Úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní tarchurtha

1.   Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha acmhainn dhocht chonarthach tearcúsáidte a thairiscint ag pointí idirnaisc agus pointí idirnaisc fíorúla mar tháirge acmhainne míosúil agus mar tháirgí acmhainne laethúla agus aonlae don mhí i gcás tearcúsáide de bhun mhír 2.

2.   Measfar acmhainn dhocht chonarthach a bheith tearcúsáidte i gcás ina ndearna úsáideoir líonra níos lú ná 80 %, ar an meán, den acmhainn dhocht chláraithe a úsáid nó a thairiscint ag pointe idirnaisc nó ag pointe idirnaisc fíorúil le linn na míosa féilire roimhe. Déanfaidh oibreoir an chórais tarchurtha faireachán ar an acmhainn nár úsáideadh agus cuirfidh sé an t-úsáideoir líonra ar an eolas faoi mhéid na hacmhainne a bheidh le tarraingt siar ag an bpointe idirnaisc ábhartha nó ag an bpointe idirnaisc fíorúil ábhartha ar a dhéanaí sula dtabharfar fógra faoi mhéid na hacmhainne atá le tairiscint don cheant míosúil rollach le haghaidh acmhainn atá ar na bacáin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459.

3.   Beidh méid na hacmhainneachta atá le tairiscint cothrom leis an difríocht idir an mheánúsáid don mhí féilire roimhe sin agus 80 % den acmhainn dhocht a conraíodh ar feadh tréimhse is faide ná mí.

4.   Beidh tosaíocht ag an acmhainneacht atá ar fáil a thairgtear i gceant i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ar acmhainneacht tearcúsáidte a áirítear i gceant de bhun mhír 2 agus acmhainneacht á leithdháileadh.

5.   Má dhíoltar an acmhainneacht tearcúsáidte atá á tairiscint ag an oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a tharraingt siar ó shealbhóir bunaidh na hacmhainneachta conarthaí. Féadfaidh an sealbhóir bunaidh an acmhainn dhocht a tarraingíodh siar a úsáid ar bhonn in-idirbhriste.

6.   Coimeádfaidh an t-úsáideoir gréasáin a chearta agus a oibleagáidí faoin gconradh acmhainne go dtí go ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn a ath-leithdháileadh agus a mhéid nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn sin a ath-leithdháileadh.

7.   Sula dtairgfidh siad acmhainn dhocht tearcúsáidte i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ag gach pointe idirnaisc a oibríonn sé agus cuirfidh siad an t-údarás rialála náisiúnta inniúil ar an eolas. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus beag beann ar na pointí idirnaisc sin a bheith plódaithe nó gan a bheith, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh ceann de na sásraí seo a leanas a thabhairt isteach ar gach pointe idirnaisc:

(a)

sásra lá roimh ré “úsáid é nó caill é” i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 agus pointe 2.2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 á cur san áireamh;

(b)

scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh i gcomhréir le pointe 2.2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 lena dtairgtear 5 % ar a laghad d’acmhainneacht bhreise i ndáil leis an acmhainneacht theicniúil ag an bpointe idirnaisc ábhartha;

(c)

toilleadh nár ainmníodh a tháirgeadh, ar a laghad, ar dtús ar bhonn lá roimh ré agus aonlae, a leithdháilfear mar acmhainn in-idirbhriste.

Beidh feidhm go huathoibríoch ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo mura gcuirtear ceann de na sásraí malartacha de bhun na chéad fhomhíre i bhfeidhm faoin 31 Márta 2023.

8.   Sula ndéanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 7, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit in aice láimhe agus cuirfidh sé tuairimí an údaráis sin san áireamh. I gcás ina gcumhdaíonn an córas isteach-amach níos mó ná Ballstát amháin ina bhfuil níos mó ná oibreoir córais tarchurtha amháin gníomhach, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm mhír 7.

CAIBIDIL III

BEARTA CHUN PRAGHSANNA IOMARCACHA GÁIS AGUS LUAINEACHT IOMARCACH IONLAE I MARGAÍ NA NDÍORTHACH FUINNIMH A CHOSC

ROINN 1

Uirlis shealadach ionlae chun ró-luaineacht i margaí na ndíorthach fuinnimh a bhainistiú

Airteagal 15

Sásra bainistíochta luaineachta ionlae

1.   A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2023, bunóidh gach ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear air, sásra bainistíochta luaineachta ionlae bunaithe ar uasteorainn agus íosteorainn praghsanna (“teorainneacha praghsanna”) lena sainítear na praghsanna nach féidir orduithe a fhorghníomhú os a gcionn agus faoina mbun (“sásra bainistíocht luaineachta ionlae”). Áiritheoidh ionaid trádála go gcuirfidh an sásra bainistíochta luaineachta praghsanna ionlae cosc ar ghluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála le haghaidh díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh. Agus an sásra bainistíochta luaineachta ionlae á bhunú, áiritheoidh ionaid trádála freisin nach gcuirfidh cur chun feidhme na mbeart sin cosc ar phraghsanna scoir iontaofa ag deireadh an lae a bhunú.

2.   Maidir le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear ar ionaid trádála, bunóidh ionaid trádála an modh ríofa is infheidhme chun na teorainneacha praghsanna a chinneadh i gcoibhneas le praghas tagartha. Beidh céad phraghas tagartha an lae comhionann leis an bpraghas a chinnfear tráth a osclaítear an tseisiúin trádála ábhartha. Is éard a bheidh sna praghsanna tagartha ina dhiaidh sin an praghas margaidh deireanach a breathnaíodh go tráthrialta. I gcás briseadh i dtrádáil le linn an lae trádála, is éard a bheidh sa chéad phraghas tagartha tar éis an idirbhriste praghas oscailte na trádála atosaithe.

3.   Sloinnfear na teorainneacha praghsanna i ndearbhluach, nó i dtéarmaí coibhneasta i bhfoirm céatadán d’athrú i gcoibhneas leis an bpraghas tagartha. Déanfaidh ionaid trádála an modh ríofa sin a choigeartú de réir na sainiúlachtaí a bhaineann le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, de réir phróifíl leachtachta an mhargaidh le haghaidh díorthach den sórt sin agus de réir a phróifíle luaineachta. Cuirfidh an t-ionad trádála an t-údarás inniúil ar an eolas faoin modh gan moill mhíchuí.

4.   Déanfaidh ionaid trádála na teorainneacha praghsanna a athnuachan go tráthrialta le linn uaireanta trádála, bunaithe ar an bpraghas tagartha.

5.   Déanfaidh ionaid trádála gnéithe an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae atá curtha ar bun acu a chur ar fáil go poiblí gan moill mhíchuí nó nuair a bheidh modhnú curtha i bhfeidhm acu.

6.   Cuirfidh ionaid trádála an sásra bainistíochta luaineachta ionlae chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó mar shásra breise.

7.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ionad trádála an modh ríofa a mhodhnú le haghaidh na dteorainneacha praghsanna is infheidhme maidir le díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na modhnuithe atá beartaithe gan moill mhíchuí.

8.   I gcás ina léiríonn an fhaisnéis arna bailiú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go bhfuil gá le cur chun feidhme níos comhleanúnaí den sásra chun a áirithiú go ndéanfar an iomarca luaineachta praghsanna a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na prionsabail aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistithe luaineachta ionlae, agus sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh do dhíorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta á gcur san áireamh. Go háirithe, chun oibriú rianúil ionaid trádála a áirithiú, ar ionaid trádála iad a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, féadfaidh an Coimisiún a shonrú na heatraimh ag a ndéanfar na teorainneacha praghsanna a athnuachan nó na bearta a bheidh le glacadh má bhogann trádáil lasmuigh de na teorainneacha praghsanna sin lena n-áirítear forálacha chun socrú praghsanna scoir iontaofa a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 16

Ról na n-údarás inniúil

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh údar cuí le héagsúlachtaí i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála atá bunaithe ina mBallstáit i ngeall ar shainiúlachtaí na n-ionad trádála nó an díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh lena mbaineann.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh ionaid trádála réamhshásraí iomchuí chun feidhme lena n-áiritheofar go maolófar luaineacht iomarcach i margaí díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh go dtí go mbunófar an sásra bainistíochta luaineachta ionlae dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

3.   Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ESMA maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála a ndéanann siad maoirseacht orthu laistigh de 3 seachtaine ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus ar bhonn ráithiúil ar a laghad.

Airteagal 17

Ról comhordúcháin ESMA

1.   Déanfaidh ESMA comhordú agus faireachán ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh na húdaráis inniúla faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 16(3).

2.   Déanfaidh ESMA aon éagsúlacht i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae a dhoiciméadú ar fud dlínsí san Aontas bunaithe ar na tuarascálacha ó údaráis inniúla. Faoin 30 Meitheamh 2023, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar meastóireacht ar éifeachtúlacht na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Ar bhonn na tuarascála sin, breithneoidh an Coimisiún an gcuirfidh sé togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo faoi bhráid na Comhairle.

ROINN 2

ACER a chumhachtú chun sonraí praghais oibiachtúla a bhailiú agus a fhoilsiú

Airteagal 18

Cúraimí agus cumhachtaí ACER chun measúnuithe praghais agus tagarmharcanna a dhéanamh

(1)   Mar ábhar práinne, déanfaidh ACER measúnú laethúil ar phraghsanna GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú agus cuirfear tús leis sin tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023. Chun críoch an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL, déanfaidh ACER sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta a bhailiú agus a phróiseáil go córasach. I gcás inarb iomchuí, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar phraghsanna difríochtaí réigiúnacha agus dálaí margaidh.

2.   Tráth nach ndéanaí ná an 31 Márta 2023, déanfaidh ACER tagarmharc GNL a chur ar fáil agus a fhoilsiú arna chinneadh ag an raon difríochta idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil. Chun críocha an tagarmhairc GNL, déanfaidh ACER na sonraí margaidh GNL uile a bhailiú agus a phróiseáil go córasach.

3.   De mhaolú ar Airteagal 3(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, beidh feidhm ag oibleagáidí agus toirmisc Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL. Beidh feidhm freisin ag na cumhachtaí a thugtar do ACER faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL, lena n-áirítear na forálacha maidir le rúndacht.

Airteagal 19

Foilsiú na measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL

1.   Foilseofar an measúnú ar phraghsanna GNL ar bhonn laethúil, agus faoi thráth nach déanaí ná 18.00 Am Lár na hEorpa don mheasúnú praghais idirbhirt glan amach. Faoin 31 Márta 2023, de bhreis ar mheasúnú praghais GNL a fhoilsiú, foilseoidh ACER freisin, ar bhonn laethúil, an tagarmharc GNL faoi thráth nach déanaí ná 19.00 CET nó a luaithe is féidir go teicniúil.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh ACER úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtí.

Airteagal 20

Sonraí margaidh GNL a sholáthar do ACER

1.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL a chur faoi bhráid ACER go laethúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Airteagal 21, i bhformáid chaighdeánaithe, trí phrótacal tarchurtha ardcháilíochta, agus chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de sula bhfoilseofar an measúnú laethúil GNL ar phraghsanna (18.00 CET).

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an pointe ama faoina mbeidh sonraí margaidh GNL le cur isteach roimh fhoilsiú laethúil an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, treoraíocht a eisiúint maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

mionsonraí na faisnéise atá le tuairisciú, sa bhreis ar mhionsonraí reatha na n-idirbheart intuairiscithe agus na sonraí bunúsacha faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, lena n-áirítear tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola; agus

(b)

an nós imeachta, an fhormáid chaighdeánach agus an fhormáid leictreonach agus na ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le sonraí a chur isteach atá le húsáid chun na sonraí margaidh is gá a sholáthar.

4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL is gá faoi bhráid ACER saor in aisce agus trí na bealaí tuairiscithe arna mbunú ag ACER, i gcás inar féidir trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta atá ann agus atá ar fáil cheana.

Airteagal 21

Cáilíocht na sonraí margaidh GNL

1.   Áireofar na nithe seo a leanas i sonraí margaidh GNL:

(a)

na páirtithe sa chonradh, lena n-áirítear táscaire ceannaigh/díola;

(b)

an páirtí tuairiscithe;

(c)

praghas an idirbhirt;

(d)

cainníochtaí an chonartha;

(e)

luach an chonartha;

(f)

fuinneog theachta an lasta GNL;

(g)

téarmaí an tseachadta;

(h)

na pointí seachadta;

(i)

an fhaisnéis stampa ama faoi na nithe seo a leanas uile:

(i)

an dáta agus an t-am a rinneadh an tairiscint cheannaigh nó an tairiscint díola;

(ii)

dáta agus am an idirbhirt;

(iii)

dáta agus am tuairiscithe na tairisceana ceannaigh, na tairisceana díola nó an idirbhirt;

(iv)

ACER na sonraí margaidh GNL a fháil.

2.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL sonraí margaidh GNL ar sholáthar do ACER sna haonaid agus sna hairgeadraí seo a leanas:

(a)

tuairisceofar praghsanna aonaid idirbhirt, tairisceana ceannaigh agus tairisceana díola san airgeadra a shonraítear sa chonradh agus in EUR/MWh agus áireofar leo rátaí comhshó agus malairte arna gcur i bhfeidhm más infheidhme;

(b)

tuairisceofar cainníochtaí conartha sna haonaid a shonraítear sna conarthaí agus in MWh;

(c)

tuairisceofar fuinneoga teachta i dtéarmaí dátaí seachadta arna sloinneadh i bhformáid AUL;

(d)

léireofar le pointe seachadta aitheantóir bailí arna liostú ag ACER cosúil leo siúd dá dtagraítear sa liosta saoráidí GNL atá faoi réir tuairiscithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014; déanfar an fhaisnéis stampa ama a thuairisciú i bhformáid AUL;

(e)

más ábhartha, déanfar foirmle an phraghais sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas a thuairisciú ina hiomláine.

3.   Eiseoidh ACER treoraíocht maidir leis na critéir faoina mbeidh aighnitheoir aonair freagrach as cuid mhór de na sonraí margaidh GNL arna gcur isteach laistigh de thréimhse thagartha áirithe agus maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh ar an gcás sin ina mheasúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus ina thagarmharcanna GNL.

Airteagal 22

Leanúnachas gnó

Athbhreithneoidh, nuashonróidh agus foilseoidh ACER go tráthrialta a mheasúnú ar phraghsanna tagartha GNL agus a mhodheolaíocht maidir le tagarmharc GNL agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun sonraí margaidh GNL a thuairisciú agus chun a mheasúnuithe ar phraghsanna GNL agus a thagarmharcanna GNL a fhoilsiú, agus tuairimí rannpháirtithe sonraí margaidh GNL á gcur san áireamh.

CAIBIDIL IV

BEARTA I GCÁS ÉIGEANDÁIL GHÁIS

ROINN 1

Dlúthpháirtíocht gáis don soláthar leictreachais, do thionscail bhunriachtanacha agus do chustaiméirí atá faoi chosaint

Airteagal 23

Cosaint dlúthpháirtíochta a leathnú chuig toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais

1.   De mhaolú ar Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/1938, ní bheidh feidhm ag beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán sin ach amháin mura raibh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht in ann na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)

an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

(b)

toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2017/1938. Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3), pointí (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1938.

2.   Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar de bhun mhír 1 beidh siad i dteideal na nithe seo a leanas a asbhaint ón tairiscint dlúthpháirtíochta:

(a)

soláthairtí dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a mhéid a dhéantar difear do thoirteanna bunriachtanacha nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24, soláthar thoirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis a chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

(b)

soláthar toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais;

(c)

soláthar toirteanna gáis le haghaidh an leictreachais is gá chun gás a tháirgeadh agus a iompar; agus

(d)

na toirteanna gáis is gá le haghaidh oibríochtaí bonneagair atá criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II chomh maith le suiteálacha eile atá ríthábhachtach d’fheidhmiú seirbhísí míleata, slándála náisiúnta agus cabhrach daonnúla.

3.   Ní rachaidh na toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointí (b) agus (d), thar na toirteanna a léirítear in Iarscríbhinn I. I gcás inar féidir le Ballstát a léiriú go bhfuil gá le toirt níos airde gáis chun géarchéim leictreachais Ballstáit a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil, a chinneadh go gceadófar toirteanna níos airde a asbhaint.

4.   I gcás ina n-iarrfar ar na Ballstáit nach bhfuil a gcóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, féadfaidh siad, ar bhonn eisceachtúil, toirteanna gáis níos airde a asbhaint i gcás ina ndéanfar an córas leictreachais a dhíshioncrónú as córas an tríú tír sin fad is a cheanglaítear ar sheirbhísí córais cumhachta leithlisithe nó ar sheirbhísí eile d’oibreoir an chórais tarchurtha cumhachta oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.

Airteagal 24

Bearta laghdaithe éilimh a bhaineann le custaiméirí atá faoi chosaint

1.   Féadfaidh na Ballstáit, go heisceachtúil, bearta sealadacha a dhéanamh chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe nuair a dhearbhófar ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, nó foláireamh an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/1369. Beidh bearta den sórt sin teoranta d’úsáidí neamhriachtanacha gáis agus cuirfear san áireamh leo na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2022/1369 . Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.

2.   Mar thoradh ar bhearta dá dtagraítear i mír 1, ní laghdófar in imthosca ar bith tomhaltas custaiméirí leochaileacha, arna shainmhíniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, agus ní dhéanfaidh na Ballstáit custaiméirí atá faoi chosaint a dhícheangal mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 25

Coimircí le haghaidh sreabha trasteorann

I gcás iarraidh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 12(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 chun deireadh a chur le srianta míchuí ar shreafaí gáis trasteorann nó ar rochtain ar bhonneagar gáis, nó ar bhearta lena gcuirtear an soláthar gáis i mbaol i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, nó an Ballstát, dá dtagraítear in Airteagal 12(6), a chéad fhomhír den Rialachán sin, in ionad an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 a leanúint, a ghníomhaíocht a mhodhnú nó déanfaidh sé gníomhaíocht chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(5) den Rialachán sin.

ROINN 2

Rialacha maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar

Airteagal 26

Oibleagáidí dlúthpháirtíochta a leathnú go sealadach chuig Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu

1.   Ní hamháin go mbeidh feidhm ag an oibleagáid bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, ach beidh feidhm acu freisin maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu, ar choinníoll go bhfuil an acmhainneacht is gá sa bhonneagar ábhartha, lena n-áirítear na soithí agus na hiompróirí GNL, ar fáil.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 13, míreanna 2 go 9, de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

3.   Ballstáit ag a bhfuil saoráidí GNL nach bhfuil nasc díreach acu le Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, féadfaidh siad teacht ar chomhaontú go déthaobhach le haon Bhallstát eile maidir leis na socruithe dlúthpháirtíochta teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a bhfuil feidhm acu maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar.

4.   Na rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 27, beidh feidhm acu freisin maidir leis na Ballstáit neamhnasctha a mhéid nach bhfuil socrú déthaobhach tugtha i gcrích tráth a gheofar iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.

Airteagal 27

Rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta

1.   I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2017/1938 (“comhaontú dlúthpháirtíochta”), beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide in Airteagal 13(1) den Rialachán sin i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnta agus, de mhaolú ar Airteagal 13(8) de Rialachán (AE) 2017/1938, beidh an méid seo a leanas san áireamh ann in aon chás:

(a)

an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;

(b)

na costais stórála agus iompair, lena n-áirítear táillí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhiall na lastaí GNL chuig an bpointe idirnaisc a iarradh;

(c)

costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;

(d)

costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta, ar choinníoll nach sáraíonn na costais indíreacha sin 100 % den phraghas ar ghás.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát cúiteamh ar chostais indíreacha de bhun mhír 2, pointe (d), ar mó é ná 100 % de phraghas an gháis, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an cúiteamh níos airde iomchuí, agus imthosca sonracha conarthacha agus náisiúnta conarthacha agus náisiúnta an cháis agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á gcur san áireamh.

4.   Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.

5.   Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 28, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.

6.   Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 lá tar éis na hiarrata. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ach amháin má léiríonn sé na nithe seo a leanas:

(a)

nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna dá dtagraítear in Airteagal 23(2); nó

(b)

nach bhfuil acmhainneacht idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2017/1938, agus nach bhfuil sé in ann toirteanna leordhóthanacha GNL a sholáthar.

7.   Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú.

8.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.

Airteagal 28

Nós imeachta maidir le bearta dlúthpháirtíochta in éagmais comhaontú dlúthpháirtíochta

1.   Déanfaidh an Ballstát a iarrann cur i bhfeidhm na mbeart dlúthpháirtíochta iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint chuig Ballstát eile, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;

(b)

sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchurtha ábhartha an Bhallstáit (más ábhartha);

(c)

sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit (más ábhartha);

(d)

tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;

(e)

pointí seachadta agus idirnaisc;

(f)

toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;

(g)

cáilíocht an gháis.

2.   Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/1938.

3.   Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (g). Sonróidh an freagra an toirt a eascraíonn as ciorrú nó scaoileadh féideartha stoc straitéiseach i gcás nach leor an toirt is féidir a sholáthar le bearta deonacha.

4.   Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe. Déanfar an fhreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig. Déanfar an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig ón am seachadta is gá.

5.   Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh.

6.   I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.

7.   Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme comhaontuithe dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Athbhreithniú

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.

Beidh feidhm ag Airteagal 14 ón 31 Márta 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).

(8)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(9)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(10)  Rialachán (AE) Uimh 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh mhórdhíola (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).

(12)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

(14)  Moladh (AE) 2018/177 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2018 maidir leis na heilimintí atá le háireamh sna socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais idir na Ballstáit chun an sásra dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú (IO L 32, 6.2.2018, lch. 52).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(17)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(18)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).


IARSCRÍBHINN I

(a)

Na toirteanna criticiúla gáis uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 le haghaidh na tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023 (luachanna in milliún méadar ciúbach) (1):

Ballstát

Nollaig 2022

Eanáir 2023

Feabhra 2023

Márta 2023

AT

74,24

196,83

152,20

139,35

BE

399,05

458,77

382,76

398,99

BG

61,49

71,26

61,55

63,29

CY

-

-

-

-

CZ

17,26

49,64

34,80

28,28

DE

2 090,53

2 419,56

2 090,59

1 863,77

DK

249,48

295,56

254,87

268,09

EE

5,89

5,78

5,00

1,05

EL

209,95

326,68

317,18

232,80

ES

1 378,23

1 985,66

1 597,27

1 189,29

IE

372,76

375,29

364,26

375,74

FI

28,42

39,55

44,66

12,97

FR

876,37

875,58

802,53

771,15

HR

10,95

66,01

59,99

48,85

HU

82,13

133,97

126,44

93,72

IT

2 166,46

3 304,99

3 110,79

2 774,67

LV

89,26

83,56

84,96

66,19

LT

16,13

20,22

18,81

4,21

LU

-

-

-

-

MT

32,88

34,84

31,43

33,02

NL

684,26

762,31

556,26

480,31

PL

158,14

158,64

136,97

148,64

PT

409,97

415,22

368,54

401,32

RO

130,35

179,35

162,41

159,71

SI

12,98

15,15

13,35

12,80

SK

33,99

47,26

34,80

34,76

SE

18,05

18,61

17,71

15,76

(b)

Toirteanna gáis criticiúla uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 don tréimhse ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2023 (luachanna in milliún méadar ciúbach):

Ballstát

Luach míosúil

AT

140,66

BE

409,89

BG

64,40

CY

-

CZ

32,50

DE

2 116,11

DK

267,00

EE

4,43

EL

271,65

ES

1 537,61

IE

372,01

FI

31,40

FR

831,41

HR

46,45

HU

109,06

IT

2 839,23

LV

80,99

LT

14,84

LU

-

MT

33,03

NL

620,79

PL

150,60

PT

398,76

RO

157,96

SI

13,57

SK

37,70

SE

17,53


(1)  Tá na figiúirí in Iarscríbhinn I, codanna a) agus b), bunaithe ar shonraí ón measúnú leordhóthanachta geimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 a rinne Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ach amháin i gcás Mhálta a bhfuil a ghiniúint leictreachais ag brath go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil aon acmhainn shuntasach stórála aige. I bhfianaise shainiúlacht an gháis chalraigh ísil, ba cheart luachanna na hÍsiltíre sa tábla seo a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta 37,89 arna roinnt ar 35,17. In Iarscríbhinn I, cuid a), léirítear na toirteanna míosúla aonair arna ríomh ag ENTSO-E le haghaidh na míonna ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023; léiríonn na figiúirí in Iarscríbhinn I, cuid b), le haghaidh na míonna ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2023 meán na luachanna sa tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023.


IARSCRÍBHINN II

Bonneagar criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair Airteagal 23(2), pointe (d)

Earnáil

Fo-earnáil

I Fuinneamh

1.

Leictreachas

Bonneagar agus saoráidí chun leictreachas a ghiniúint agus a tharchur i ndáil leis an soláthar leictreachais

2.

Ola

Táirgeadh, scagadh, cóireáil, agus stóráil ola agus a tarchur trí phíblínte

3.

Gás

Táirgeadh, scagadh, cóireáil agus stóráil gáis agus a tharchur trí phíblínte

Críochfoirt GNL

II Iompar

4.

Iompar de bhóthar

5.

Iompar ar iarnród

6.

Aeriompar


Top