This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2530
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2530 of 1 December 2022 repealing Implementing Regulation (EU) No 641/2014 laying down rules for the application of Regulation (EU) No 1307/2013 of the European Parliament and of the Council establishing rules for direct payments to farmers under support schemes within the framework of the common agricultural policy
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2530 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2530 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta
C/2022/8624
IO L 328, 22.12.2022, p. 76–77
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 01/01/2023
22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/76 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2530 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Nollaig 2022
lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 24(11), 31(2), 34(5), 36(4), 39(4), 43(13), 45(7), 55(2), 57(4) agus Airteagal 67(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a sheachadann sé cuspóirí an Aontais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus, san am céanna, solúbthacht á fágáil ag na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le tabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027. |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha. Mar thoradh air sin, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún ceanglais bhreise de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le ceapadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú sna Pleananna Straitéiseacha CBT inter alia le haghaidh íocaíochtaí díreacha, is é sin le rá, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 (3) ón gCoimisiún. Cuirtear an Rialachán Tarmligthe sin in ionad na rialacha a leagtar síos faoi láthair i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 (4) ón gCoimisiún. |
(4) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 a aisghairm ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 154(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart feidhm a bheith aige fós maidir le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2023. |
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 agus foráil idirthréimhseach
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014.
Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige i leith iarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2023.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Nollaig 2022
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 608.
(2) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 641/2014 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta (IO L 181, 20.6.2014, p. 74).