Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2363

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2363 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2022 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint, an fad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer “gangui” a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur)

C/2022/8664

IO L 312, 5.12.2022, pp. 95–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 11/05/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2363/oj

5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 312/95


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2363 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2022

lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint, an fad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer “gangui” a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (1), agus go háirithe Airteagal 4(5) agus Airteagal 13(5) agus (10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Meitheamh 2014, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 586/2014 (2) lena mbunaítear den chéad uair maolú ar Airteagal 4(1) agus Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 i leith trálaeir “gangui” a úsáid in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur) go dtí an 6 Meitheamh 2017. Deonaíodh síneadh leis an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/693 ón gCoimisiún (3), a chuaigh in éag an 11 Bealtaine 2020. Deonaíodh síneadh breise leis an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/141 ón gCoimisiún (4), a chuaigh in éag an 11 Bealtaine 2022.

(2)

An 17 Márta 2022, fuair an Coimisiún iarraidh ón bhFrainc síneadh a chur leis an maolú. Sholáthair an Fhrainc réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla cothrom le dáta le haghaidh athnuachan an mhaolaithe, lena n-áirítear tuarascáil cur chun feidhme ar an bplean bainistíochta a ghlac an Fhrainc an 13 Bealtaine 2014 (5) i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, meastachán ar an lorg “gangui” in 2021 inar úsáideadh na sonraí arna dtarchur ag trasfhreagróirí VMS (“sonraí VMS”) chomh maith le measúnú riosca ar thionchar comhshaoil an iascaigh. San anailís ar an lorg atá ag “gangui” léirítear go ndéanann na trálaeir “gangui” difear do 21 % den limistéar atá faoi cheapacha Posidonia oceanica laistigh den limistéar atá faoi chumhdach phlean bainistíochta na Fraince agus do 7,6 % de cheapacha Posidonia oceanica in uiscí teorann na Fraince.

(3)

Le linn an 69ú seisiún iomlánach dá chuid i mí na Márta 2022 (6), rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar an iarraidh maidir le síneadh a chur leis an maolú, lena n-áirítear na sonraí tacaíochta agus an tuarascáil cur chun feidhme. D’aithin CETEI na hiarrachtaí a rinne lucht riaracháin na Fraince an t-iascach “gangui” a bhainistiú agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann iarraidh na Fraince na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Thug CETEI dá aire, áfach, gur measadh go bhféadfadh “gangui” le doirse troma dochar a dhéanamh do cheapacha Posidonia oceanica.

(4)

An 18 Lúnasa 2022, i ndiaidh bharúlacha CETEI, rinne an Fhrainc athbhreithniú ar a hOrdú ón Aire (7) lena leagtar síos rialacháin theicniúla le haghaidh iascaireacht ghairmiúil sa Mheánmhuir lena leasaítear meáchan na ndoirse in iascach “gangui” dá réir sin chun cosc a chur ar dhoirse troma.

(5)

Tháinig CETEI ar an gconclúid freisin nach féidir measúnú a dhéanamh ar stádas na stoc a shaothraítear leis an bhfaisnéis a sholáthair an Fhrainc. Measann an Coimisiún, áfach, gur cheart tionchar an iascaigh sin ar na stoic a mheasúnú i bhfianaise mhéid iarbhír an iascaigh sin. In 2022, níor údaraíodh ach naoi soitheach iascaireachta, a bhfuil seacht gcinn acu gníomhach. Ina theannta sin, leis an laghdú ar líon na mbád (laghdú 75 % ó 2014) tháinig laghdú de réir a chéile ar an iarracht iascaireachta agus ar ghabhálacha, agus freagraíonn sé sin do laghdú comhchosúil ar thionchar an iascaigh ar na stoic a leanfaidh ar aghaidh faoin sásra céimnithe amach atá ann faoi láthair a leagtar síos i bplean bainistíochta na Fraince.

(6)

An maolú a iarradh, baineann sé le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí atá níos giorra ná, nó cothrom le, 12 mhéadar ar fad ar an iomlán agus a bhfuil inneall de chumhacht níos laige ná, nó cothrom le, 85 kW iontu agus a bhfuil líonta a tharraingítear ar an ngrinneall feistithe orthu, rud a dhéantar de ghnáth ar cheapacha Posidonia oceanica, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(7)

Déanann an t-iascach lena mbaineann difear do níos lú ná 33 % den limistéar atá faoi cheapacha den fhéar mara Posidonia oceanica laistigh den limistéar atá faoi chumhdach phlean bainistíochta na Fraince agus do níos lú ná 10 % de cheapacha den fhéar mara Posidonia oceanica in uiscí teorann na Fraince, i gcomhréir leis na huasteorainneacha a shuitear faoi Airteagal 4(5), an chéad fhomhír, pointí (ii) agus (iii), de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(8)

Tá srianta sonracha geografacha ann de bharr mhéid theoranta na scairbhe ilchríochaí.

(9)

Níl tionchar mór ag an iascach ar an gcomhshaol muirí.

(10)

Díríonn an t-iascach, a úsáideann trálaeir “gangui”, ar speicis éagsúla a chomhfhreagraíonn do nideog éiceolaíoch. Ní léirítear comhdhéanamh gabhála an iascaigh seo in aon trealamh iascaireachta eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le héagsúlacht na speiceas a ghabhtar. Dá bhrí sin, ní féidir an t-iascach a dhéanamh le haon trealamh eile.

(11)

Leis an iarraidh, cumhdaítear soithí a bhfuil cuntas teiste acu san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana, a fheidhmíonn faoi phlean bainistíochta na Fraince, i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(12)

An maolú a d’iarr an Fhrainc, baineann sé le naoi soitheach údaraithe, líon teoranta a shainaithnítear sa phlean bainistíochta, lena mbaineann 434 kW san iomlán, nach raibh ach seacht gcinn díobh gníomhach in 2021. Léiríonn sé sin laghdú 75 % ar an iarracht iascaireachta i dtéarmaí líon na soithí údaraithe i gcomparáid le 2014, nuair a bhain an maolú le 36 shoitheach údaraithe a shonraítear i bplean bainistíochta na Fraince a glacadh. Áirítear na soithí sin ar an liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(13)

Thairis sin, ráthaítear leis an bplean bainistíochta arna ghlacadh ag an bhFrainc nach dtiocfaidh méadú ar an iarracht iascaireachta amach anseo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Ní eiseofar údaruithe iascaireachta ach amháin do na naoi soitheach shonraithe lena mbaineann iarracht iomlán 434 kW, ar soithí iad atá údaraithe cheana féin ag an bhFrainc chun iascaireacht a dhéanamh.

(14)

Thairis sin, sonraítear i bplean bainistíochta na Fraince go bhfuil aon údarú iascaireachta “gangui” le haistarraingt nuair a dhéantar an soitheach údaraithe lena mbaineann a ionadú nó nuair a théann máistir an tsoithigh ar scor nó nuair a dhíolann sé an soitheach. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire gurb é éifeacht na forála sin deireadh a chur de réir a chéile leis an iascach sin, rud a fhágann laghdú comhfhreagrach ar thionchar an iascaigh ar na stoic freisin.

(15)

Comhlíonann an maolú a iarradh ceanglais Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le mogallmhéideanna le haghaidh trealamh tarraingthe agus Iarscríbhinn IX, Cuid B, roinn I, a ghabhann leis, ós rud é go mbaineann sé le trálaeir a oibríonn le mogallmhéideanna nach lú ná 40 mm agus nach n-úsáidtear mogall cearnógach faoi bhun 40 mm i rigín eangaí “gangui”.

(16)

Ní chuireann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann isteach ar ghníomhaíochtaí soithí a úsáideann trealaimh eile ach amháin tráil, saighní nó líonta tarraingthe dá samhail, i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(17)

Déantar gníomhaíocht na dtrálaer “gangui” a rialú i bplean bainistíochta na Fraince lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas a luaitear in Iarscríbhinn IX, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(18)

Ní dhíríonn trálaeir “gangui” ar cheifileapóid, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(19)

Le plean bainistíochta na Fraince, bunaítear plean faireacháin lena n-áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4(5), an cúigiú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus in Airteagal 13(9), an tríú fomhír, de. Áirítear bearta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh freisin, agus ar an gcaoi sin comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (9).

(20)

Dá bhrí sin, comhlíonann an maolú a iarradh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(5) agus Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus ba cheart é a dheonú.

(21)

Ba cheart don Fhrainc tuairisciú don Choimisiún i dtráth cuí agus i gcomhréir leis an bplean faireacháin dá bhforáiltear i bplean bainistíochta na Fraince.

(22)

Ba cheart fad an mhaolaithe a theorannú chun bearta bainistíochta tapa ceartaitheacha a cheadú i gcás ina léirítear sa tuarascáil chuig an gCoimisiún go bhfuil drochstádas caomhantais ag na stoic a shaothraítear, agus raon feidhme á sholáthar chun an bunús eolaíoch a fheabhsú le haghaidh plean bainistíochta feabhsaithe.

(23)

Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/141 in éag an 11 Bealtaine 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 12 Bealtaine 2022 chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(24)

Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint ós rud é gur cumhdaíodh an t-iascach atá i gceist go leanúnach le plean bainistíochta na Fraince le haghaidh saighní cladaigh.

(25)

Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh an Choimisiúin maidir le comhlíonadh reachtaíocht eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (10), ag an ngníomhaíocht a chumhdaítear leis an maolú seo.

(26)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maolú

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 4(1), an chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) ná Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 in uiscí teorann na Fraince in aice chósta limistéar Provence-Alpes-Côte d’Azur maidir le trálaeir “gangui” a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil cláruimhir acu a luaitear i bplean bainistíochta na Fraince arna ghlacadh ag an bhFrainc i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006;

(b)

go bhfuil cuntas teiste acu san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus nach mbeidh aon mhéadú amach anseo ar an iarracht iascaireachta a sholáthraítear;

(c)

go bhfuil údarú iascaireachta acu agus go bhfeidhmíonn siad faoin bplean bainistíochta arna ghlacadh ag an bhFrainc i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

Airteagal 2

Tuairisciú

Cuirfidh an Fhrainc tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh sa phlean bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(c) in iúl don Choimisiún laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Bealtaine 2022 go dtí an 11 Bealtaine 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 36, 8.2.2007, lch. 6.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 586/2014 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2014 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint agus an fad íosta ón gcósta agus an doimhneacht íosta le haghaidh na dtrálaer “gangui” a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur) (IO L 164, 3.6.2014, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/693 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2018 lena mbunaítear an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint, an fad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer “gangui” a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur) (IO L 117, 8.5.2018, lch. 13).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/141 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2021 lena gcuirtear síneadh le maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint, an fad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer “gangui” a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur) (IO L 43, 8.2.2021, lch. 10).

(5)  Arrêté du 13 mai 2014 portant adoption de plans de gestion pour les activités de pêche professionnelle à la senne tournante coulissante, à la drague, à la senne de plage et au “gangui” en mer Méditerranée par les navires battant pavillon français (JORF n° 122, 27.5.2014, p. 8669).

(6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/plenary/-/asset_publisher/oS6k/document/id/26714623

(7)  Arrêté du 18 août 2022 modifiant l’arrêté du 19 décembre 1994 portant réglementation technique pour la pêche professionnelle en Méditerranée continentale (JORF n°0194 du 23 août 2022).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(10)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).


Top