EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1299

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1299 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na rialuithe ar bhainistíocht suímh ag ionaid trádála (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1709

IO L 197, 26.7.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 26/07/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1299/oj

26.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 197/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1299 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2022

lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na rialuithe ar bhainistíocht suímh ag ionaid trádála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 57(8), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar amach leasuithe ar Airteagal 57 de Threoir 2014/65/AE maidir le rialuithe ar bhainistíocht suímh.

(2)

I gcomhréir leis na leasuithe sin ar Airteagal 57 de Threoir 2014/65/AE, ní mór d’ionaid trádála, a thrádálann díorthaigh tráchtearraí, rialuithe éifeachtacha ar bhainistíocht suímh a bheith curtha i bhfeidhm acu chun trádáil mhí-ordúil a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi, chun tacú le coinníollacha praghsála agus socraíochta ordúla agus chun éifeachtúlacht na margaí a áirithiú.

(3)

Áirítear le rialuithe éifeachtacha ar bhainistíocht suímh, mar shampla, socruithe dlíthiúla chun sonraí sealbhóirí suíomhanna deiridh agus máthairghnóthas a fháil agus a úsáid, chomh maith le socruithe teicniúla, amhail tuarascálacha agus méadrachtaí chun clár suímh a chruthú, mar shampla. Dá bhrí sin, ba cheart rialuithe éifeachtacha ar bhainistíocht suímh a bheith fite fuaite san fhaireachán leanúnach ag an ionad trádála, agus ba cheart na rialuithe sin a bheith ag brath ar an bhfaireachán céanna.

(4)

Chun a áirithiú nach mbeidh tionchar míchuí ar an bpróiseas praghas-aimsithe toisc suíomh a bheith ann agus chun a shainaithint an carnadh i gcomhchruinnithe suíomhanna a d’fhéadfadh saobhadh praghsanna, cúbláil mhargaidh nó cleachtais trádála mhí-úsáideacha eile a bheith mar thoradh air, ba cheart d’ionaid trádála a bheith ar an eolas faoi shuíomhanna móra atá i seilbh sealbhóirí suíomhanna deiridh agus máthairghnóthas i ndíorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiceach agus faoi na cúiseanna leis na suíomhanna sin a choinneáil ina seilbh. De réir mar a dhéantar soláthar iarbhír an tráchtearra fhisicigh fholuitigh a theorannú go soláthar finideach, na díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiceach, is soghabhálaí iad i leith cleachtais trádála mhí-ordúla amhail cúngach margaidh agus cúinneáil margaidh i gcás ina mbainfidh contrapháirtithe úsáid as ceannasacht chun an praghas ar dhíorthach tráchtearraí, nó ar an díorthach foluiteach, a shocrú ar leibhéal saorga. Dá bhrí sin, ba cheart suíomhanna móra a shainaithint i ndíorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiceach trí dhearadh agus i ndíorthaigh tráchtearraí is féidir a shocrú de réir rogha an cheannaitheora nó an díoltóra.

(5)

Ba cheart d’ionaid trádála a chinneadh cad is suíomh mór ann agus méid agus comhdhéanamh an mhargaidh atá i gceist á gcur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart d’ionaid trádála critéir cháilíochtúla nó chainníochtúla a bhunú, ar critéir iad a úsáidfear chun suíomhanna móra den sórt sin a shainaithint agus ba cheart nósanna imeachta a bheith curtha i bhfeidhm acu chun na suíomhanna uile atá i seilbh aon duine a sháraíonn leibhéil chuntasachta réamhchinntithe den sórt sin a shainaithint. D’fhéadfadh sé gurbh éard a bheadh sna critéir cháilíochtúla nó chainníochtúla, méid an leasa oscailte iomláin sa díorthach tráchtearraí, an sciar de shuíomh an tsealbhóra suíomhanna, luaineacht na margaí agus saintréithe an mhargaidh díorthach fholuitigh, i measc nithe eile. I gcás ina sárófar na leibhéil sin, ba cheart don ionad trádála féachaint leis an réasúnaíocht atá taobh thiar de charnadh an tsuímh mhóir sin a thuiscint. Chuige sin, ba cheart don ionad trádála a mheasúnú cé acu is gá nó nach gá dó faisnéis bhreise a iarraidh ón duine atá i seilbh an tsuímh mhóir sin, á gcur san áireamh aige go háirithe a mhinice a sháraíonn na suíomhanna atá i seilbh an duine sin na leibhéil cuntasachta agus a mhéid a sháraítear na leibhéil cuntasachta. D’fhéadfaí suíomhanna i dtáirgí gaolmhara, an chúis eacnamaíoch leis an suíomh oscailte agus an ghníomhaíocht i margadh tráchtearraí foluiteach gaolmhar, i measc nithe eile, a bheith san fhaisnéis sin. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil cheana nó a bailíodh tríd an iarraidh ar fhaisnéis, ba cheart don ionad trádála bearta iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá.

(6)

Tá sé tábhachtach, i dtaca leis na leibhéil chuntasachta a socraíodh, go mbeidh siad fós leordhóthanach agus éifeachtach chun freastal ar a gcríoch bheartaithe agus go gcuirfear an t-údarás inniúil ar an eolas faoin modheolaíocht a úsáideadh chun na leibhéil chuntasachta sin a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(8)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oibleagáidí ginearálta faireacháin

Beidh socruithe i bhfeidhm ag ionaid trádála maidir leis an bhfaireachán leanúnach ar shuíomhanna atá i seilbh sealbhóirí suíomhanna deiridh nó máthairghnóthas i ngach díorthach tráchtearraí a thrádáiltear ar a n-ionaid trádála.

Airteagal 2

Leibhéil chuntasachta

1.   Mar chuid dá rialuithe ar bhainistíocht suímh, ionaid trádála a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, socróidh siad na leibhéil chuntasachta le linn na spotmhíosa mar a shainítear in Airteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe 2022/1301 ón gCoimisiún (4) agus sna míonna eile mar a shainítear in Airteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe 2022/1301 le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a chuirtear ar fáil lena dtrádáil a shocraítear go fisiceach nó is féidir a shocrú go fisiceach.

2.   Chun críoch mhír 1, is é atá i leibhéal cuntasachta leibhéal an ghlansuímh atá i seilbh sealbhóir suíomhanna deiridh nó máthairghnóthais i ndíorthach tráchtearraí, ar leibhéal é a d’fhéadfadh cur faoi deara an t-ionad trádála faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le mír 3 má sháraítear é.

3.   I gcás ina ndéanfaidh glansuíomh i seilbh sealbhóir suíomhanna deiridh nó máthairghnóthais i ndíorthach tráchtearraí dá dtagraítear i mír 1 an leibhéal cuntasachta arna shocrú i gcás na spotmhíosa nó i gcás míonna eile i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a shárú, déanfaidh an t-ionad trádála, i gcás ina measfar gurb iomchuí, faisnéis a fháil maidir le cineál agus cuspóir an tsuímh atá i seilbh sa díorthach tráchtearraí sin.

Agus measúnú á dhéanamh an iomchuí faisnéis a fháil, cuirfidh an t-ionad trádála san áireamh a mhinice a sháraíonn an sealbhóir suíomhanna deiridh céanna nó an máthairghnóthas céanna na leibhéil chuntasachta, agus cuirfidh sé san áireamh freisin méid an bharrachais agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil cheana.

Airteagal 3

Leibhéil chuntasachta a athbhreithniú agus a thuairisciú

1.   Déanfaidh ionaid trádála, ar bhonn bliantúil, meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na leibhéal cuntasachta a bunaíodh de bhun Airteagal 2(1).

2.   Cuirfidh ionad trádála in iúl dá údarás inniúil an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na leibhéil chuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a shocrú.

3.   Cuirfidh ionad trádála a údarás inniúil ar an eolas ar bhonn bliantúil faoin líon cásanna inar sáraíodh na leibhéil chuntasachta, faoi aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus faoi aon ghníomh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(4).

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe (IO L 197, xx.xx.2022, lch. 10).


Top