EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0892

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/892 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

C/2022/1970

IO L 155, 8.6.2022, p. 8–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/892/oj

8.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/892 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagail 49(7), an dara fomhír, agus 53(3), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a mhéid a bhaineann leis an gcóras leasuithe ar shonraíocht táirge. Ón 8 Meitheamh 2022, cuirtear leasuithe ‘ar leibhéal an Aontais’ agus leasuithe ‘caighdeánacha’ in ionad leasuithe ‘nach mion’ agus ‘mionleasuithe’, faoi seach, a mbaineann raon feidhme agus nósanna imeachta difriúla leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3), leagtar amach na coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur i bhfeidhm na leasuithe nach mion agus na mionleasuithe. Chun feidhmiú an chórais nua leasuithe a áirithiú, ba cheart rialacha nua a chur in ionad na rialacha atá sa Rialachán sin cheana maidir le leasuithe nach mion agus mionleasuithe.

(3)

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus le bainistíocht éifeachtúil an chórais, ba cheart rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le ceanglais, na foirmeacha agus na sprioc-amanna le haghaidh iarratas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas agus le haghaidh teachtaireachtaí maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta nó le leasuithe sealadacha formheasta.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a dhéanann na nósanna imeachta maidir le leasuithe ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint in earnáil an bhia, agus ar shonraíocht táirge sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit freagrach as céimeanna difriúla na gcineálacha éagsúla nós imeachta. I gcás na n-iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas, is iad na Ballstáit a dhéanann iad a phróiseáil agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Is é an Coimisiún atá freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an leasú ar leibhéal an Aontais. Is iad na Ballstáit atá freagrach as leasú caighdeánach nó sealadach a fhormheas. Cuirtear formheas na leasuithe sin faoi bhráid an Choimisiúin, a bhfuil sé d’oibleagáid air iad a chur ar fáil do phobal an Aontais.

(5)

Na nósanna imeachta le haghaidh fhormheas an Choimisiúin ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus ar shonraíocht táirge sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, chun iad a bhainistiú mar is ceart, is gá na tagairtí a bhaineann leis na hiarratasóirí ar fhormheas leasuithe ar leibhéal an Aontais a phróiseáil. Bíonn gá leis sin freisin i gcomhthéacs bhainistíocht na nósanna imeachta maidir le leasú caighdeánach nó sealadach ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar shonraíocht táirge tásc geografach faoi chosaint a chur in iúl don Choimisiún, a mhéid a bhaineann leis an údarás nó leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil an leasú caighdeánach nó sealadach formheasta á chur in iúl aige nó acu. Is de chineál poiblí iad na nósanna imeachta sin. Tá gá le trédhearcacht chun iomaíocht chóir idir na hoibreoirí a chumasú agus chun na leasanna eacnamaíocha príobháideacha agus poiblí a bhaineann leis na nósanna imeachta sin a shainaithint go poiblí. Ainm an ghrúpa iarrthaigh a bhfuil iarratas á chur isteach aige ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart é a fhoilsiú chun an t-eintiteas a bhfuil an nós imeachta maidir le leasú gníomhachtaithe aige a shainaithint agus ionas gur féidir le freasúróirí féideartha agóid a dhéanamh in aghaidh leas dlisteanach an eintitis sin. Ba cheart ainm an údaráis, an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an leasú caighdeánach nó sealadach formheasta á chur in iúl aige a fhoilsiú chun an fhreagracht as fógra a thabhairt don Choimisiún faoi a shainaithint agus dá bhrí sin as é a chur ar fáil do phobal an Aontais. D’fhonn nochtadh sonraí pearsanta a íoslaghdú, ba cheart ceanglais maidir le sonraí pearsanta a chur isteach a sheachaint a mhéid is féidir sna doiciméid atá le cur isteach le linn na nósanna imeachta sin. Ina ainneoin sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit le faisnéis a phróiseáil ina bhfuil sonraí pearsanta amhail ainmneacha pearsanta agus sonraí teagmhála. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sonraí den sórt sin a nochtadh nó a chur ar fáil don phobal.

(6)

Ar mhaithe le bainistíocht éifeachtach riaracháin, agus an taithí a fuarthas trí na córais faisnéise a chuir an Coimisiún i bhfeidhm á chur san áireamh, ba cheart teachtaireachtaí idir na Ballstáit agus an Coimisiún a shimpliú agus ba cheart an fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (4) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (5).

(7)

Tá an córas faisnéise ‘e-Ambrosia’ curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun bainistíocht a dhéanamh ar na hiarratais ar chosaint tásc geografach i gcás bia, fíona, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe. Tá na Ballstáit agus an Coimisiún leis an gcóras sin amháin a úsáid le haghaidh teachtaireachtaí maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar chlárú agus ar fhormheas a dhéanamh ar leasuithe ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Mar sin féin, mar gheall ar dhianchóras creidiúnaithe, níor cheart an córas sin a úsáid le haghaidh teachtaireachtaí leis na Ballstáit maidir leis an nós imeachta i ndáil le freasúraí agus iarrataí ar chealú agus, go dtí go bhfaighfear na ráthaíochtaí slándála digiteacha is gá, níor cheart é a úsáid le haghaidh cumarsáid le tríú tíortha. Ina ionad sin, i gcás na nósanna imeachta maidir le freasúraí agus iarrataí ar chealú, ba cheart do na Ballstáit, na húdaráis inniúla agus táirgeoirí tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoin Rialachán sin cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún le ríomhphost.

(8)

Chun trédhearcacht, éifeachtúlacht agus aonfhoirmeacht a fheabhsú ar fud na mBallstát, ba cheart an Clár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint a bhunú i bhfoirm leictreonach. Ba cheart an clár a bheith ina bhunachar sonraí leictreonach arna bhainistiú laistigh de chórais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún, ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal air agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú go leanúnach.

(9)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún le linn na nósanna imeachta maidir le leasuithe ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus ar shonraíocht táirge tásc geografach faoi chosaint in earnáil an bhia, agus ar shonraíocht táirge sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil an Coimisiún le meas ina rialaitheoir de réir bhrí an Rialacháin sin i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil sé freagrach astu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(10)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha maidir le leasuithe ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus ar shonraíocht táirge tásc geografach faoi chosaint in earnáil an bhia, agus ar shonraíocht táirge sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát le meas ina rialaitheoirí de réir bhrí an Rialacháin sin i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad freagrach astu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(11)

Le Rialachán (AE) 2021/2117, leasaíodh raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Dá bhrí sin, ba cheart fíonta cumhraithe, deochanna alcólacha eile cé is moite de dheochanna biotáilleacha agus de tháirgí fíniúna agus céir beach a chur leis na haicmí táirgí a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir leo.

(12)

Ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil dóthain ama ann chun go n-éascófar aistriú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 maidir leis na modhanna cur isteach. Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasuithe nach mion nó ar mhionleasuithe ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a cuireadh isteach roimh an 8 Meitheamh 2022.

(13)

Ós rud é go mbeidh feidhm ón 8 Meitheamh 2022 ag leasuithe ar shonraíocht táirge a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/2117, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Ceanglais nós imeachta maidir le hiarratais ar chlárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.   Áireofar an fhaisnéis a iarrtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i ndoiciméad aonair sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Treorófar le tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge a fhoilsítear leis an doiciméad aonair chuig an leagan den tsonraíocht táirge a mholtar.

2.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, tarraingeofar suas an doiciméad aonair i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a).

I gcás ina gcuirfidh údarás tríú tír nó iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, tarraingeofar suas an doiciméad aonair i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthrófar amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.

3.   Beidh an doiciméad aonair achomair agus ní bheidh sé níos faide ná 2 500 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 freisin maidir le doiciméad aonair a chumhdaítear le hiarraidh ar fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014.

5.   Áireofar an fhaisnéis a iarrtar in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i sonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal (19) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin.’;

(2)

in Airteagal 8, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘An Ballstát, údarás an tríú tír nó iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír a chuirfidh iarratas comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é a bheidh ina sheolaí i leith aon fhógra nó aon chinneadh a eiseoidh an Coimisiún.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Iarratais ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge

1.   Beidh an méid seo a leanas in iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012:

(a)

an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra agus tuairisc ar leas dlisteanach an iarratasóra;

(c)

na ceannteidil sa tsonraíocht táirge agus, a mhéid a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha faoi chosaint, sa doiciméad aonair, ar ceannteidil iad a bhaineann leis na hábhair a ndéanann an leasú difear dóibh;

(d)

i gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, míniú go dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar leasú ar leibhéal an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;

(e)

tuairisc ar gach ceann de na leasuithe arna moladh agus na cúiseanna leo;

(f)

i gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú;

(g)

i gcás iarratais arna gcur isteach ag Ballstát maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite arna leasú;

(h)

i gcás iarratais arna gcur isteach ag tríú tír maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, an leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge arna fhoilsiú, nó tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge;

(i)

i gcás iarratais ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ar thásca geografaigh faoi chosaint ó thríú tíortha amháin, cruthúnas go gcomhlíonann an leasú arna iarraidh na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach i bhfeidhm sa tríú tír sin;

(j)

i gcás iarratais a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, an tsonraíocht táirge chomhdhlúite arna leasú;

(k)

i gcás gach iarratais arna chur isteach ag na Ballstáit, an dearbhú ón mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

An tuairisc agus na cúiseanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), agus an doiciméad aonair dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), ní bheidh siad níos faide ná 2 500 focal an ceann, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

2.   Beidh iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas achomair agus ní bheidh sé níos faide ná 5 000 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.   Iarratas ó Bhallstát ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint, tarraingeofar suas é i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a). Iarratas ó Bhallstát ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, tarraingeofar suas é i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthrófar amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.

Úsáidfidh iarratasóirí ó thríú tíortha an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint agus an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI le haghaidh leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthrófar amhlaidh a iontráil ina chórais dhigiteacha.

4.   An doiciméad aonair leasaithe ina leagtar amach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus an tsonraíocht táirge leasaithe le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, tarraingeofar suas iad gcomhréir le hAirteagal 6. Iarratas ó thríú tír ar leasú ar leibhéal an Aontais i gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint, féadfar an leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge a áireamh ann in ionad na tagartha leictreonaí don tsonraíocht táirge fhoilsithe.

5.   Chun críocha Airteagal 53(2), an cúigiú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 50(2) den Rialachán sin, anuas ar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear ann, arna leasú, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an t-iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge.

I gcás ina n-áireofar sonraí pearsanta san iarratas, foilseofar iad mar chuid den iarratas sin.’;

(4)

cuirtear an tAirteagal 10a agus an tAirteagal 10b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Leasú caighdeánach a chur in iúl

1.   Beidh an méid seo a leanas i dteachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta ar an tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 6b(2), an dara fomhír, agus le hAirteagal 6b(3), (7) agus (8) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014:

(a)

an tagairt don ainm faoi chosaint a mbaineann an leasú caighdeánach leis;

(b)

míniú go dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;

(c)

tuairisc ar an leasú formheasta, ina léirítear an mbeidh leasú ar an doiciméad aonair ina thoradh ar an leasú;

(d)

an cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 6b(2), an chéad fhomhír, agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 664/2014;

(e)

i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú;

(f)

an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú.

2.   I gcás inarb é Ballstát a sheolfaidh an teachtaireacht, áireofar léi dearbhú ón mBallstát sin go measann sé go gcomhlíonann an leasú formheasta ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

3.   I gcás iarratais a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha, maidir leis an teachtaireacht ó údaráis an tríú tír nó ó iarratasóir tríú tír a bhfuil leas dlisteanach aige, léireofar inti ainm an tríú tír nó an iarratasóra a bhfuil an teachtaireacht á seoladh aige agus áireofar inti cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír. Féadfar a áireamh inti an tsonraíocht táirge arna cur ar fáil don phobal in ionad na tagartha leictreonaí dá foilsiú.

4.   Teachtaireacht ó Bhallstát maidir le leasú caighdeánach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a). I gcás teachtaireachtaí ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Iontrálfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthrófar amhlaidh ina chórais dhigiteacha.

5.   Chun críocha Airteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014, foilseofar mar chuid den teachtaireacht ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint á cur isteach aige.

Airteagal 10b

Leasú sealadach a chur in iúl

1.   Beidh an méid seo a leanas i dteachtaireacht maidir le leasú sealadach formheasta ar an tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 6d(1) go (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014:

(a)

an tagairt don ainm faoi chosaint a mbaineann sí leis;

(b)

tuairisc ar an leasú sealadach formheasta mar aon leis na cúiseanna lena dtacaítear leis, dá dtagraítear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) 1151/2012;

(c)

an cinneadh ó na húdaráis inniúla lena n-aithnítear go foirmiúil an tubaiste nádúrtha nó lena bhforchuirtear bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó na tagairtí leictreonacha foilseacháin faoi seach;

(d)

an cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach nó an tagairt leictreonach foilseacháin.

2.   I gcás inarb é Ballstát a sheolfaidh an teachtaireacht, áireofar léi dearbhú ón mBallstát sin go measann sé go gcomhlíonann an leasú formheasta ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

3.   I gcás iarratais a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha, maidir leis an teachtaireacht ó údaráis an tríú tír nó ón iarratasóir tríú tír a bhfuil leas dlisteanach aige, léireofar inti ainm an tríú tír nó an iarratasóra a bhfuil an teachtaireacht á seoladh aige agus áireofar inti cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír. Féadfar a áireamh inti an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú sealadach arna chur ar fáil don phobal in ionad na tagartha leictreonaí don tagairt foilseacháin a bhaineann leis.

4.   Teachtaireacht ó Bhallstát maidir le leasú sealadach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil sna córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a). I gcás teachtaireachtaí ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Iontrálfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthrófar amhlaidh ina chórais dhigiteacha.

5.   Chun críocha Airteagal 6d(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014, foilseofar mar chuid den teachtaireacht ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil teachtaireacht maidir le leasú sealadach formheasta ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint á cur isteach aige.’;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Teachtaireachtaí idir an Coimisiún, na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí eile

1.   Na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun Teidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na forálacha lena mbaineann a chur chun feidhme, cuirfear chuig an gCoimisiún iad mar a leanas:

(a)

i gcás údarás inniúil na mBallstát, trí na córais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo;

(b)

i gcás údaráis inniúla agus táirgeoirí tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, le ríomhphost trí úsáid a bhaint as na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I go IX a ghabhann leis an Rialachán seo.

Beidh feidhm ag prionsabail agus ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (*1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (*2) maidir leis an gcumarsáid a dhéanfar faoin gcéad fhomhír, pointe (a).

2.   De mhaolú ar mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), is le ríomhphost a chuirfidh údaráis inniúla na mBallstát na doiciméid seo a leanas isteach:

(a)

an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

(b)

an fógra faoi thoradh na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 9(3);

(c)

an iarraidh ar chealú dá dtagraítear in Airteagal 11;

(d)

an t-iarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 6(5);

(e)

an t-iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a chur in iúl agus a chur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát trí na córais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a). Faisnéis i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b) agus i mír 2, is le ríomhphost a chuirfidh an Coimisiún in iúl í do na Ballstáit, d’údaráis inniúla agus grúpaí iarrthacha tríú tíortha agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

4.   I gcás cumarsáid theicniúil oifigiúil maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún pointe teagmhála amháin arb é atá ann seoladh roinne agus seoladh poist, seoladh bosca ríomhphoist fheidhmiúil agus uimhir theileafóin roinne. Coimeádfaidh na Ballstáit na pointí teagmhála sin cothrom le dáta. Ní shainaithneofar leis na sonraí sin ach feidhmeanna oifigiúla, oifigí agus ranna. Ní shainaithneofar le haon cheann de na sonraí aon duine nádúrtha ná sonra pearsanta a chuimsítear ar bhealach eile i seoltaí, uimhreacha teagmhála nó míreanna sonraí eile.

Féadfaidh an Coimisiún liosta iomlán na bpointí teagmhála sin a choimeád, a stóráil, a chomhroinnt, a chur ar fáil don phobal agus a scaipeadh go tréimhsiúil, lena n-áirítear chuig a sheirbhísí féin, chuig institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais agus chuig gach pointe teagmhála ar an liosta. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal go gcuirfear na sonraí sin isteach trí chórais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100)."

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).’;"

(6)

cuirtear an tAirteagal 12a a leanas isteach:

‘Airteagal 12a

Teachtaireachtaí a chur isteach agus a fháil

1.   Measfar na teachtaireachtaí agus na haighneachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 a bheith déanta an dáta a gheobhaidh an Coimisiún iad.

2.   Gach teachtaireacht a fuarthas agus gach comhad a cuireadh isteach trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), tabharfaidh an Coimisiún deimhniú go bhfuarthas iad d’údaráis inniúla na mBallstát trí na córais dhigiteacha.

Sannfaidh an Coimisiún uimhir chomhaid do gach iarratas nua ar chlárú, gach iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, gach teachtaireacht maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta agus gach teachtaireacht maidir le leasuithe sealadacha formheasta.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú fála:

(a)

uimhir an chomhaid;

(b)

ainm an táirge lena mbaineann;

(c)

an dáta fála.

Is trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a thabharfaidh an Coimisiún fógra faoi fhaisnéis agus barúlacha maidir le teachtaireachtaí agus aighneachtaí den sórt sin, mar aon le hiad a chur ar fáil.

3.   I gcás teachtaireachtaí arna seoladh le ríomhphost agus i gcás comhaid arna gcur isteach le ríomhphost, is le ríomhphost a dheimhneoidh an Coimisiún go bhfuarthas iad.

Sannfaidh sé uimhir chomhaid do gach iarratas nua ar chlárú, gach iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, gach teachtaireacht maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta agus gach teachtaireacht maidir le leasuithe sealadacha formheasta.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú fála:

(a)

uimhir an chomhaid;

(b)

ainm an táirge lena mbaineann;

(c)

an dáta fála.

Is le ríomhphost a thabharfaidh an Coimisiún fógra faoi fhaisnéis agus barúlacha maidir le teachtaireachtaí agus aighneachtaí den sórt sin, mar aon le hiad a chur ar fáil.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus ag Airteagail 1 go 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis agus maidir leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.’;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5.   Beidh rochtain ag an bpobal ar an gClár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint dá dtagraítear i mír 1, agus bunófar i bhfoirm leictreonach é. Beidh sé bunaithe ar chórais dhigiteacha arna mbainistiú ag an gCoimisiún agus tabharfar cothrom le dáta é i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;

(8)

cuirtear an tAirteagal 14a a leanas isteach:

‘Airteagal 14a

Cosaint sonraí

1.   Na sonraí pearsanta arna bhfáil le linn na nósanna imeachta maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas agus maidir le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha a chur in iúl, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iad a phróiseáil agus a chur ar fáil don phobal, de bhun an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus (AE) 2016/679 (*4).

2.   Measfar gur rialaitheoir é an Coimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sa nós imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 agus leis an Rialachán seo.

3.   Measfar gur rialaitheoirí iad údaráis inniúla na mBallstát de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 agus leis an Rialachán seo.

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

(*4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(9)

Leasaítear Iarscríbhinní V go VIII agus XI i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Rialacha idirthréimhseacha

1.   Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 mar a bhí sé roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar leasuithe nach mion agus ar mhionleasuithe, agus maidir leis na teachtaireachtaí i ndáil le leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá ar feitheamh leis an gCoimisiún roimh an 8 Meitheamh 2022.

2.   Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 mar a bhí sé roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis na Ballstáit go dtí an 7 Nollaig 2022 i ndáil le hiarratais ar chlárú agus ar leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas, agus maidir le teachtaireachtaí i ndáil le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint.

3.   Go dtí an 7 Nollaig 2022, úsáidfidh na Ballstáit a leanann de chumarsáid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 mar a bhí sé roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 le haghaidh iarratais ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ar thásca geografacha faoi chosaint a chlárú;

(b)

Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint;

(c)

Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh teachtaireachtaí maidir le leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint;

(d)

Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní V go VIII agus XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní V go VIII:

‘IARSCRÍBHINN V

Iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí] STFC ☐ TGFC ☐

3.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

[Soláthair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra a bhfuil an leasú á mholadh aige. I gcás inar le duine nádúrtha a bhaineann an seoladh, an uimhir theileafóin agus an seoladh ríomhphoist, ní áireofar iad san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.

Soláthair ráiteas freisin ina leagtar amach leas dlisteanach an ghrúpa iarrthaigh.]

4.   Tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach

5.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a mbaineann an leasú nó na leasuithe leis

Ainm an táirge

Nasc

Srianta margaíochta

6.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

[Soláthair ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar ‘leasú ar leibhéal an Aontais’ dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012].

7.   Leasú nó leasuithe

[Soláthair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leis mar a fhoráiltear in Airteagal 6a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 agus in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014].

8.   Iarscríbhinní

8.1.

An doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.

8.2.

An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge arna fhoilsiú, nó an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.

8.3.

Cruthúnas go gcomhfhreagraíonn na doiciméid leasaithe don tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír.

IARSCRÍBHINN VI

Iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

[Soláthair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra a bhfuil an leasú á mholadh aige. I gcás inar le duine nádúrtha a bhaineann an seoladh, an uimhir theileafóin agus an seoladh ríomhphoist, ní áireofar iad san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.

Soláthair ráiteas freisin ina leagtar amach leas dlisteanach an ghrúpa iarrthaigh.]

3.   Ballstát nó tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach

4.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a mbaineann an leasú nó na leasuithe leis

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Modh táirgthe

Eile [le sonrú]

5.   Leasú nó leasuithe

[Soláthair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leis mar a fhoráiltear in Airteagal 6a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 agus in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.]

6.   Iarscríbhinní

6.1.   (Na Ballstáit)

(a)

An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge, arna fhoilsiú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.

(b)

An dearbhú go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

6.2.   (Tríú tíortha)

An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge arna fhoilsiú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.

IARSCRÍBHINN VII

Formheas leasaithe chaighdeánaigh a chur in iúl

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach

3.   Údarás náisiúnta nó grúpa iarrthach a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

[Ainmneacha agus tagairtí an táirgeora aonair nó an ghrúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach aige, nó ainmneacha agus tagairtí údaráis an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach, ar táirgeoir aonair nó grúpa táirgeoirí nó údaráis é nó iad a bhfuil an leasú á chur in iúl aige nó acu (féach Airteagal 49(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012). Ní áireofar ainmneacha agus tagairtí a bhaineann le daoine nádúrtha san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.]

4.   Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta

[Soláthair tuairisc ar an leasú caighdeánach nó na leasuithe caighdeánacha agus ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Léirigh cé acu atá leasú ar an doiciméad aonair ina thoradh ar an leasú nó nach bhfuil.].

5.   Iarscríbhinní

5.1.

An cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach.

5.2.

An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír.

5.3.

An doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú, i gcás inarb ábhartha.

5.4.

Cóip den leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge arna fhoilsiú nó an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.

IARSCRÍBHINN VIII

Formheas leasaithe shealadaigh a chur in iúl Rialachán

(AE) Uimh. 1151/2012

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach

3.   Údarás náisiúnta nó grúpa iarrthach a bhfuil an leasú sealadach á chur in iúl aige

[Ainmneacha agus tagairtí an táirgeora aonair nó an ghrúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach aige, nó ainmneacha agus tagairtí údaráis an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach, ar táirgeoir aonair nó grúpa táirgeoirí nó údaráis é nó iad a bhfuil an leasú á chur in iúl aige nó acu (féach Airteagal 49(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012). Ní áireofar ainmneacha agus tagairtí a bhaineann le daoine nádúrtha san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.]

4.   Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta

[Soláthair tuairisc ar an leasú sealadach nó na leasuithe sealadacha agus na cúiseanna sonracha atá leis nó leo lena n-áirítear tagairt don aitheantas foirmiúil ar an tubaiste nádúrtha nó na dálaí drochaimsire ag na húdaráis inniúla nó d’fhorchur beart éigeantach sláintíochta agus fíteashláintíochta. Soláthair freisin ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar ‘leasú sealadach’ dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012].

5.   Iarscríbhinní

5.1.

An cinneadh ó na húdaráis inniúla lena n-aithnítear go foirmiúil an tubaiste nádúrtha nó lena bhforchuirtear bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó na tagairtí leictreonacha foilseacháin faoi seach.

5.2.

An cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach nó an tagairt leictreonach foilseacháin.

5.3.

An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír
;

(2)

Leasaítear Roinn 2 d’Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

i gcuid I, cuirtear na fleasca seo a leanas isteach:

‘—

Aicme 2.21. fíonta cumhraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1),

Aicme 2.22. deochanna alcólacha eile,

Aicme 2.23. céir beach.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chuid II:

‘II.

Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Aicme 2.24. béilí réamhullmhaithe,

Aicme 2.25. beoir,

Aicme 2.26. seacláid agus táirgí díorthaithe,

Aicme 2.27. arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

Aicme 2.28. deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

Aicme 2.29. pasta,

Aicme 2.30. salann.’.’


(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).’;’


IARSCRÍBHINN II

Iarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

(le húsáid idir an 8 Meitheamh 2022 agus an 7 Nollaig 2022 amháin)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí] STFC ☐ TGFC ☐

3.   Grúpa iarrthach agus leas dlisteanach

[Soláthair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an ghrúpa iarrthaigh a bhfuil an leasú á mholadh aige. I gcás inar le duine nádúrtha a bhaineann an seoladh, an uimhir theileafóin agus an seoladh ríomhphoist, ní áireofar iad san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.

Soláthair ráiteas freisin ina leagtar amach leas dlisteanach an ghrúpa iarrthaigh.]

4.   Ballstát lena mbaineann an limistéar geografach

5.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a mbaineann an leasú nó na leasuithe leis

Ainm an táirge

Nasc

Srianta margaíochta

6.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

[Soláthair ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar ‘leasú Aontais’ dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012].

7.   Leasú nó leasuithe

[Soláthair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leis mar a fhoráiltear in Airteagal 6a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 agus in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014].

8.   Iarscríbhinní

8.1.

An doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014.

8.2.

An tagairt leictreonach do leagan comhdhlúite na sonraíochta táirge arna fhoilsiú.

8.3.

An dearbhú go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

IARSCRÍBHINN III

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

(le húsáid idir an 8 Meitheamh 2022 agus an 7 Nollaig 2022 amháin)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Ballstát lena mbaineann an limistéar geografach

3.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

[Ní áireofar ainmneacha agus tagairtí a bhaineann le daoine nádúrtha san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.]

4.   Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta

[Soláthair tuairisc ar an leasú caighdeánach nó na leasuithe caighdeánacha agus ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Léirigh cé acu atá leasú ar an doiciméad aonair ina thoradh ar an leasú nó nach bhfuil.].

5.   Iarscríbhinní

5.1.

An cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach.

5.2.

An doiciméad aonair comhdhlúite, mar a leasaíodh é, i gcás inarb ábhartha.

5.3.

An tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú.

5.4.

. An dearbhú go gcomhlíonann an leasú caighdeánach formheasta ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

IARSCRÍBHINN IV

Formheas leasaithe shealadaigh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

(le húsáid idir an 8 Meitheamh 2022 agus an 7 Nollaig 2022 amháin)

1.   Ainm an táirge

[mar a cláraíodh é]

2.   Ballstát lena mbaineann an limistéar geografach

3.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú sealadach á chur in iúl aige

[Ní áireofar ainmneacha agus tagairtí a bhaineann le daoine nádúrtha san fhoirm seo agus seolfar chuig an gCoimisiún iad ar leithligh.]

4.   Tuairisc ar an leasú nó na leasuithe formheasta

[Soláthair tuairisc ar an leasú sealadach nó na leasuithe sealadacha agus na cúiseanna sonracha atá leis nó leo lena n-áirítear tagairt don aitheantas foirmiúil ar an tubaiste nádúrtha nó na dálaí drochaimsire ag na húdaráis inniúla nó d’fhorchur beart éigeantach sláintíochta agus fíteashláintíochta. Soláthair freisin ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar ‘leasú sealadach’ dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012].

5.   Iarscríbhinní

5.1.

An cinneadh ó na húdaráis inniúla lena n-aithnítear go foirmiúil an tubaiste nádúrtha nó lena bhforchuirtear bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó na tagairtí leictreonacha foilseacháin faoi seach.

5.2.

An cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach nó an tagairt leictreonach foilseacháin.

5.3.

An dearbhú go gcomhlíonann an leasú sealadach formheasta ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus na bhforálacha arna nglacadh dá bhun.

Top