EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0662

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/662 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

ST/7650/2022/INIT

IO L 121, 22.4.2022, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/662/oj

22.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 121/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/662 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Aibreán 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis maidir le naoi liostú a leasú.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, in Iarscríbhinn IV, Roinn “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 15, 16, 17, 20, 23, 35, 36, 37 agus 38:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“15.

Min Aung Hlaing

Dáta breithe: an 3 Iúil 1956

Áit bhreithe: Tavoy, Myanmar/Burma

Náisiúntacht: Myanmar

Uimhir aitheantais náisiúnta: 12/SAKHANA(N)020199

Inscne: fireann

Tá Min Aung Hlaing ina Ardcheannasaí ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó 2011. Tá sé ina Chathaoirleach ar an State Administration Council (SAC) agus ina chomhalta den National Defence and Security Council (NDSC). D’fhógair Min Aung Hlaing é féin ina ‘Príomh-Aire’ an 1 Lúnasa 2021. An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, an 1 Feabhra 2021, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. An 31 Eanáir 2022, arna iarraidh sin ag Min Aung Hlaing, chuir NDSC síneadh go foirmiúil leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022.

Trí na cumhachtaí uile a chomhchruinniú agus ina cháil mar Chathaoirleach ar SAC, bhí baint dhíreach ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar Chathaoirleach ar SAC, tá an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Rohingya ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is measa faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Ardcheannasaí Tatmadaw ó 2011 i leith, tá Min Aung Hlaing freagrach go díreach as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Rohingya.

22.3.2021

16.

Myint Swe

Dáta breithe: an 24 Bealtaine 1951

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Tá an Leifteanant-Ghinearál Myint Swe ina chomhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ba é an Leas-Uachtarán ar Tatmadaw go dtí an 1 Feabhra 2021. Ar an dáta sin, ghlac Myint Swe páirt i gcruinniú de chuid an National Defence and Security Council (NDSC) le comhaltaí eile Tatmadaw. Bhí an cruinniú a bhí ag NDSC míbhunreachtúil toisc nach raibh a chomhaltaí sibhialta páirteach ann. Le linn an chruinnithe sin, fógraíodh Myint Swe ina Uachtarán Gníomhach. D’fhógair Myint Swe staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. Sáraíodh an nós imeachta chun an staid éigeandála a fhógairt mar, faoin mBunreacht, is ag an Uachtarán amháin atá an t-údarás staid éigeandála a fhógairt. An 31 Eanáir 2022, d’fhormheas Myint Swe an síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022.

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Uachtarán Gníomhach agus trí chumhachtaí reachtacha, breithiúnacha agus feidhmiúcháin a aistriú chuig an Ardcheannasaí, rannchuidigh Myint Swe leis an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

17.

Soe Win

Dáta breithe: an 1 Márta 1960

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Tá Soe Win ina Leas-Ardcheannasaí ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó 2011 i leith. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar an State Administration Council (SAC) agus ina chomhalta den National Defence and Security Council (NDSC). An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021, agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Soe Win páirt sa chruinniú a bhí ag NDSC an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022.

Ina cháil mar Leas-Ardcheannasaí SAC, bhí baint dhíreach ag Leas-Ardcheannasaí Soe Win leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar Leas-Ardcheannasaí SAC, tá Soe Win freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Rohingya ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is measa faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Leas-Ardcheannasaí ar Tatmadaw ó 2011 i leith, tá Soe Win freagrach as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Rohingya.

22.3.2021

20.

Mya Tun Oo

Dáta breithe: an 4 nó an 5 Bealtaine 1961

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é an Ginearál Mya Tun Oo. Ceapadh é ina Aire Cosanta an 1 Feabhra 2021, agus is comhalta é den State Administration Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021, agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Mya Tun Oo páirt i gcruinniú an National Defense and Security Council (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Agus é ina chomhalta de NDSC agus de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú agus srian á chur le saoirse comhthionóil agus le saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Thairis sin, ina cháil mar Aire Cosanta, is ar Mya Tun Oo atá an fhreagracht as na hionsaithe a rinne na fórsaí míleata i stát Kayah an 25 Nollaig 2021 tráth a maraíodh breis is 30 duine, lena n-áirítear leanaí agus pearsanra daonnúil, agus as ollmharuithe agus céasadh sibhialtach ar fud Mhaenmar. Tá sé freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Rohingya ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is measa faoin dlí idirnáisiúnta. Ba é Mya Tun Oo a bhí ina Chomhcheann Foirne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), an tríú post is sinsearaí sa Tatmadaw, ó Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é ina Aire Cosanta. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar oibríochtaí míleata a rinneadh i stát Rakhine agus rinne sé comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Rohingya.

22.3.2021

23.

Maung Maung Kyaw

Dáta breithe: an 23 Iúil 1964

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é an Ginearál Maung Maung Kyaw agus is comhalta den State Administration Council (SAC) é freisin. Roimhe sin, bhí sé ina Ardcheannasaí ar Myanmar Air Force idir 2018 agus Eanáir 2022. An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Agus é ina chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an Ginearál Maung Maung Kyaw leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agus agóideoirí neamharmáilte sibhialta á marú agus srian á chur le saoirse comhthtionóil agus le saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Maung Maung Kyaw freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil roimhe sin mar cheannaire ar Myanmar Air Force, bhí sé freagrach go díreach as an mbuamáil i stát Kayah i mí na Nollag 2021, inar díríodh ar an bpobal sibhialta rud a d’fhág go raibh líon mór taismeach ann. Tá sé freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

22.3.2021

35.

U Chit Naing

(a.k.a. Sate Pyin Nyar)

Dáta breithe: mí na Nollag 1948;

Áit bhreithe: Kyee Nee Village, Chauk Township, Magway Region, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Myanmar;

Inscne: fireann

Seoladh: No. 150, Yadanar Street, Yadanar Housing (near Tine Yin Thar Village), Thar

Is é U Chit Naing Aire an Union Government atá i gceannas ar an Ministry of Union Government (2). Ba é an tAire Faisnéise é ón 2 Feabhra 2021 go dtí an 1 Lúnasa 2021. Ba é an Cathaoirleach ar an State Administrative Council (SAC) a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021 a cheap é. Ina cháil mar Aire Faisnéise, bhí sé freagrach as na meáin atá faoi úinéireacht an stáit (MWD, MRTV, as na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, chomh maith leis an Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News), agus, dá bhrí sin, as nuacht oifigiúil a chraoladh agus a fhoilsiú. Le linn a théarma mar Aire Faisnéise, bhí na nuachtáin lán le hailt ar son an airm agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as bolscaireacht ar son an junta agus as bréagaisnéis a scaipeadh trí na meáin stáit nach bhfuil ag tuairisciú go cruinn. Tá sé freagrach go díreach as cinntí ba chúis leis an gcniogbheartaíocht ar na meáin i Maenmar. Áirítear leis sin treoracha, a ordaíodh do na meáin neamhspleácha gan na téarmaí coup, ‘réimeas míleata’ ná junta a úsáid, agus gur cuireadh cosc ar chúig cinn d’fhoinsí áitiúla nuachta sa tír. Sa ról a bhí aige roimhe seo agus sa ról atá aige faoi láthair mar chomhalta den rialtas, baineann a ghníomhaíochtaí agus a bheartais an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

36.

Soe Htut

Dáta breithe: an 29 Márta 1960;

Áit bhreithe: Mandalay, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Myanmar;

Inscne: fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é Leifteanant-Ghinearál Soe Htut. Is comhalta é freisin den State Administrative Council (SAC) faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Ceapadh Soe Htut ina Aire Gnóthaí Baile an 1 Feabhra 2021. Ghlac Soe Htut páirt i gcruinniú an National Defense and Security Committee (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Leis an gcinneadh sin agus toisc gur comhalta de SAC é, baineann a ghníomhaíochtaí agus a bheartais an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Tá an tAire Gnóthaí Baile freagrach as Myanmar Police Force, Myanmar Fire Service and Myanmar Prison Service. Ar fheidhmeanna an Ministry for Home Affairs tá slándáil an stáit agus agus an t-ord poiblí. Sa cháil sin, tá Leifteanant-Ghinearál Soe Htut freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne póilíní Mhaenmar ó bhí coup míleata an 1 Feabhra 2021 ann, lena n-áirítear sibhialtaigh agus lucht agóide neamharmtha a mharú, sáruithe ar shaoirse comhlachais agus ar chomhthionól síochánta, gabhálacha treallacha agus ceannairí freasúra agus lucht agóide síochánta a choinneáil agus sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Ina theannta sin, mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Leifteanant-Ghinearál Soe Htut leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.

21.6.2021

37.

Tun Tun Naung

(dá ngairtear freisin Tun Tun Naing; dá ngairtear freisin Htun Htun Naung)

Dáta breithe: an 30 Aibreán 1963;

Náisiúntacht: Myanmar;

Inscne: fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é Leifteanant-Ghinearál Tun Naung agus ba Cheannasaí ann é tráth. Is é an tAire Gnóthaí Teorann é agus is comhalta é den National Defense and Security Council (NDSC). In 2013, ba é Tun Tun Naung Ceannasaí an Tuaiscirt a rinne maoirseacht ar choinbhleacht lucht míleata Mhaenmar le Kachin Independence Army. Sa choinbhleacht sin, rinne trúpaí Mhaenmar a bhí faoi cheannas Tun Tun Naung sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. In 2017, ba é Tun Tun Naung oifigeach ceannais an ‘1st Bureau of Special Operations’. Agus é i gceannas, rinne trúpaí ainghníomhartha agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcoinne mionlaigh eitneacha i stát Rakhine le linn ‘oibríochtaí imréitigh Rohingya’. Cuireadh tús leis na hoibríochtaí sin an 25 Lúnasa 2017 agus bhain siad le maruithe treallacha, mí-úsáid fhisiciúil, céasadh, foréigean gnéasach agus daoine de bhunadh Rohingya a choinneáil. Ina cháil mar Cheannasaí in 2013 agus 2017, tá Tun Tun Naung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh i Maenmar/Burma.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. Le linn na n-imeachtaí sin, ghlac Tun Tun Naung le ceapachán mar Aire Gnóthaí Teorann san Union Government an 1 Feabhra 2021 agus leis sin, suíochán ag an National Defense and Security Council (NSDC). Ghlac Tun Tun Naung páirt sa chruinniú a bhí ag NDSC an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Leis an gcinneadh sin agus mar chomhalta san Union Government agus mar Aire Gnóthaí Teorann, tá Tun Tun Naung freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol.

21.6.2021

38.

Win Shein

(dá ngairtear freisin U Win Shein)

Dáta breithe: an 31 Iúil 1957;

Áit bhreithe: Mandalay, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Myanmar;

Inscne: fireann;

Uimhir an phas: DM001478 (Myanmar/Burma) dáta eisiúna an 10 Meán Fómhair 2012, in éag an 9 Meán Fómhair 2022;

Uimhir aitheantais náisiúnta: 12DAGANA011336

Is é Win Shein an tAire Pleanála agus Airgeadais san Union Government, é ceaptha ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing an 1 Feabhra 2021. An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Min Aung Hlaing.

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Aire Pleanála agus Airgeadais san Union Government, agus tríd an ról tábhachtach atá aige i mbeartais an réimis, tá Win Shein freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

21.6.2021”.


Top