EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0188

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/188 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2022 lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/695

IO L 30, 11.2.2022, p. 108–113 (BG, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 30, 11.2.2022, p. 109–114 (ES)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/188/oj

11.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 30/108


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/188 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Feabhra 2022

lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 28 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Fair Insects B.V. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus (criogar) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir cead foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus a úsáid mar sneaiceanna, agus ina gcomhábhar bia i roinnt táirgí bia don phobal i gcoitinne.

(4)

Ina theannta sin, rinne an t-iarratasóir iarraidh don Choimisiún ar chosaint sonraí dílseánaigh eolaíocha i gcás roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca lena iarratas, eadhon, tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (3); torthaí ó anailísí neas-chomhábhair (4); sonraí anailíseacha maidir le héilleáin (5); na torthaí ó na staidéir chobhsaíochta (6); na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha (7); faisnéis faoi dhíolacháin chuideachta an bhia núíosaigh (8); na torthaí ó thástáil intuaslagthachta an bhia núíosaigh maidir leis an staidéar géineatocsaineachta (9); na torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (10); agus an staidéar cíteatocsaineachta/an staidéar tocsaineachta ceallaí (11).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 4 Meán Fómhair 2019, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh maidir le Acheta domesticus reoite agus triomaithe mar bhia núíosach.

(6)

An 7 Iúil 2021 ghlac an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283, tuairim eolaíoch maidir le ‘Safety of frozen and dried formulations from whole crickets (Acheta domesticus) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (12)’ [‘Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe ó chriogair iomlána (Acheta domesticus) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283].

(7)

Sa tuairim a thug an tÚdarás chinn sé go bhfuil foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus sábháilte de réir na gcineálacha úsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus, faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha maidir lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Ar bhonn na fianaise teoranta foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le feithidí go ginearálta, fianaise a léirigh nasc éideimhin idir tomhailt Acheta domesticus agus roinnt teagmhais anaifiolacsais, sin agus ar bhonn fianaise a léiríonn go bhfuil roinnt próitéiní in Acheta domesticus a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach, chinn an tÚdarás ina thuairim uaidh go bhféadfadh tomhailt an bhia núíosaigh sin íogrú i leith próitéiní Acheta domesticus a spreagadh Mhol an tÚdarás go ndéanfaí tuilleadh taighde maidir le hailléirgineacht Acheta domesticus.

(9)

Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú faoi láthair ar bhealaí chun an taighde riachtanach a dhéanamh maidir le hailléirgineacht Acheta domesticus. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí arna nginiúint leis an taighde sin, agus ós rud é, go dtí seo, gur neamhchonclúideach í an fhianaise a nascann tomhailt Acheta domesticus go díreach le cásanna d’íogrú príomha agus d’ailléirgí, measann an Coimisiún nár cheart ceanglas lipéadaithe sonrach maidir leis an acmhainn atá in Acheta domesticus an t-íogrú príomha a spreagadh, nár cheart ceanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(10)

Mheas an tÚdarás freisin sa tuairim uaidh go bhféadfadh tomhailt Acheta domesticus. i bhfoirmeacha reoite, triomaithe agus púdair a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine a bhfuil ailléirge orthu le crústaigh, le moilisc agus le fíneoga. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, maidir le foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus a chuirtear ar fáil don tomhaltóir iontu féin agus bianna a bhfuil Acheta domesticus iontu, is iomchuí na táirgí sin a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Thug an tÚdarás dá aire ina thuairim eolaíoch gur ar thuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe a bhunaigh sé a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh; torthaí ó anailísí neas-chomhábhair; sonraí anailíseacha maidir le héilleáin; na torthaí ó na staidéir chobhsaíochta; na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha; faisnéis faoi dhíolacháin chuideachta an bhia núíosaigh; na torthaí ó thástáil intuaslagthachta an bhia núíosaigh maidir leis an staidéar géineatocsaineachta; na torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní; agus an staidéar cíteatocsaineachta/an staidéar tocsaineachta ceallaí, agus thug an tÚdarás dá aire freisin nach bhféadfadh sé teacht ar an gconclúid sin gan na sonraí ó na tuarascálacha ar na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra, tuarascálacha nár foilsíodh.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach aige tagairt a dhéanamh don tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, do thorthaí ó anailísí neas-chomhábhair, do shonraí anailíseacha maidir le héilleáin, do thorthaí ó na staidéir chobhsaíochta, do shonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha, d’fhaisnéis faoi dhíolacháin chuideachta an bhia núíosaigh, do na torthaí ó thástáil intuaslagthachta an bhia núíosaigh maidir leis an staidéar géineatocsaineachta, do na torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní agus don staidéar cíteatocsaineachta/an staidéar tocsaineachta ceallaí, agus dá bhrí sin nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(14)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na sonraí ón bpróiseas táirgthe, torthaí ó anailísí neas-chomhábhair, sonraí anailíseacha maidir le héilleáin, na torthaí ó na staidéir chobhsaíochta, na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha, faisnéis faoi dhíolacháin chuideachta an bhia núíosaigh, na torthaí ó thástáil intuaslagthachta an bhia núíosaigh maidir leis an staidéar géineatocsaineachta, na torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar cíteatocsaineachta/an staidéar tocsaineachta ceallaí atá i gcomhad an iarratasóra, arb orthu a bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh, agus nárbh fhéidir leis measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(15)

Mar sin féin, srianadh an údaraithe i leith foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus, sin agus srianadh an chirt tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra ionas gur ag an iarratasóir amháin atá ag an ceart sin, ní rud é lena gcuirtear cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

cuideachta: Fair Insects B.V.;

seoladh: Industriestraat 3 5107 NC, Dongen, an Ísiltír,

a bheidh údaraithe chun an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh lena mbaineann gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó Fair Insects B.V.

3.   An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Fair Insects B.V.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Fair Insects B.V. 2017 agus 2019 (nár foilsíodh).

(4)  Fair Insects B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(5)  Fair Insects B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(6)  Fair Insects B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(7)  Fair Insects B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(8)  Fair Insects B.V. 2018 (nár foilsíodh).

(9)  Fair Insects B.V. 2018 (nár foilsíodh).

(10)  Fair Insects B.V. 2018 (nár foilsíodh).

(11)  Fair Insects B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(12)  Safety of frozen and dried formulations from whole crickets (Acheta domesticus) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe ó chriogair iomlána (Acheta domesticus) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal [Iris EFSA], 2021:19(8):6779.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

I dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus (criogar)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (g/100g)

(margaithe faoi mar atá nó é athbhunaithe i gcomhréir leis na treoracha)

1.

Is é ‘Acheta domesticus (criogar) reoite’, ‘Acheta domesticus (criogar) triomaithe/púdraithe’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu, ag brath ar an bhfoirm a úsáidtear.

2.

Ar lipéadú na mbia-earraí ina bhfuil foirmeacha reoite triomaithe nó púdair de Acheta domesticus (criogar), beidh ráiteas á rá go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh, le moilisc agus le táirgí díobh, agus le fíneoga.

Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Údaraithe an 3 Márta 2022. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

Iarratasóir: Fair Insects BV, Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír.

Is é Fair Insects BV amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Fair Insects BV.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 3 Márta 2027”

Reoite

Triomaithe nó púdar

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus

 

Táirgí próitéine seachas analóga feola

40

20

Arán agus rollaí

30

10

Earraí bácála, barraí gránaigh, táirgí pasta-bhunaithe stuáilte

30

15

Brioscaí

30

8

Táirgí pasta-bhunaithe (iad triomaithe)

3

1

Anraithí agus dlútháin nó púdair anraith

20

5

Táirgí prátaí próiseáilte; miasa léagúm-bhunaithe agus glasraí-bhunaithe agus táirgí pasta-bhunaithe nó píotsa-bhunaithe

15

5

Sneaiceanna gránphlúr-bhunaithe

40

20

Deochanna de chineál beorach, deochanna alcólacha measctha

1

1

Cnónna, síolta ola agus sicphiseánaigh

40

25

Anlainn

30

10

Ullmhóidí feola

40

16

Analóga feola

80

50

Milseogra seacláide

30

10

Táirgí reoite coipthe atá bunaithe ar bhainne

15

5

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Acheta domesticus (criogar)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é atá sa bhia núíosach na foirmeacha iomlána, reoite, triomaithe agus púdair den chriogar. Tagraíonn an téarma ‘criogar’ don chriogar fásta de Acheta domesticus, ar speiceas feithidí é a bhaineann leis an bhfine Gryllidae.

Tá sé beartaithe an bia núíosach a mhargú i dtrí fhoirm éagsúla, eadhon: (i) A. domesticus (LM reoite), atá próiseáilte go teirmeach agus reoite ina iomláine; (ii) A. domesticus (LM triomaithe) atá próiseáilte go teirmeach agus reothriomaithe ina iomláine, agus (iii) A. domesticus iomlán (púdar LM iomlán) atá próiseáilte go teirmeach reothriomaithe agus meilte ina iomláine.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula reoifear na feithidí chun iad a mharú, chun ligean do na lócaistí fásta an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Saintréithe/Comhdhéanamh (LM reoite):

Luaith (% w/w): 0,6 – 1,2

Taise (% w/w): 76-82

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 12-21

Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 0,1–2

Saill (% w/w): 3-12

ar sháithigh an méid seo a leanas di (% w/w): 36-45

Innéacs sárocsaíde (Meq O2/kg saill) ≤ 5

Snáithín cothaitheach (% w/w): 0,8–3

 (*)Citin (% w/w): 0,7-3,0

Miotail throma:

Luaidhe: ≤ 0,05 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,06 mg/kg

Míceatocsainí:

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine

Suim dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine UB ( (**)WHO2005 PCDD/F-PCB-TEQ): ≤ 1,25 pg/g saill

Critéir mhicribhitheolaíoch:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105  (***)CFU/g

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

Salmonella spp.: Gan bheith ann i 25 g

Listeria monocytogenes: Gan bheith ann i 25 g

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

Bacillus cereus (toimhde): ≤ 100 CFU/g

Enterobacteriaceae (toimhde): < 100 CFU/g

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g

Saintréithe/Comhdhéanamh (triomaithe nó púdraithe):

Luaith (% w/w): 2,9 – 5,1

Taise (% w/w): ≤ 5

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 55-65

Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 1–4

Saill (% w/w): 29–35

ar sháithigh an méid seo a leanas di (% w/w): 36-45

Innéacs sárocsaíde (Meq O2/kg saill) ≤ 5

Snáithín cothaitheach (% w/w): 3–6

 (*)Citin (% w/w): 5,3-10,0

Miotail throma:

Luaidhe: ≤ 0,05 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,06 mg/kg

Míceatocsainí:

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine

Suim dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine UB ( (**)WHO2005 PCDD/F-PCB-TEQ): ≤ 1,25 pg/g saill

Critéir mhicribhitheolaíoch:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU/g

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

Salmonella spp.: Gan bheith ann i 25 g

Listeria monocytogenes: Gan bheith ann i 25 g

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

Bacillus cereus (toimhde): ≤ 100 CFU/g

Enterobacteriaceae (toimhde): < 100 CFU/g

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g


(*)  Ní fhéadfar citin a áireamh i snáithín cothaitheach de bharr modhanna anailíseacha éagsúla.

(**)  Suim cuimse uachtair de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe (PCDDanna)-débheinseafúrán polaclóirínithe (PCDFanna) agus défheinilí polaclóirínithe de chineál dé-ocsaine (PCBanna) arna sloinneadh mar choibhéis thocsaineach de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (agus úsáid á baint as WHO-TEFanna ó 2005)).

(***)  CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta.”


Top