Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0116

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/116 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2022/329

    IO L 19, 28.1.2022, p. 22–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/116/oj

    28.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 19/22


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/116 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Eanáir 2022

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    1.1.   Na himscrúduithe roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2015/1963 (2) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime (‘Ace-K’) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (‘an PRC’, ‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tagrófar dó mar ‘an t-imscrúdú bunaidh’.

    (2)

    Na rátaí dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair, is ó EUR 2.64 go EUR 4.58 in aghaidh an chileagraim, glanmhéid, a bhíonn siad ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, agus tá feidhm ag ráta dleachta EUR 4.58 in aghaidh an an chileagraim, glanmhéid, ar allmhairí ó gach cuideachta eile.

    1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

    (3)

    Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag (3) atá le tarlú, fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

    (4)

    Chuir Celanese Sales Germany GmbH (‘an t-iarratasóir’) an t-iarratas ar athbhreithniú isteach an 31 Iúil 2020, arb é an t-aon mhonaróir ón Aontas é agus a bhfuil 100 % de tháirgeadh iomlán Ace-K an Aontais aige dá bhrí sin. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den dumpáil agus go ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart (4).

    1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

    (5)

    Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hallmhairí Ace-K ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

    1.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

    (6)

    An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’) (6).

    1.5.   Páirtithe leasmhara

    (7)

    San Fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta Ace-K sa tír lena mbaineann agus údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

    (8)

    Ina theannta sin, bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

    (9)

    Bhí éisteachtaí ann le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin Anhui Jinhe Industrial Co. Ltd. (‘Anhui Jinhe’) agus an t-iarratasóir.

    1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

    (10)

    Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an tionscnamh ó Anhui Jinhe. Thug an t-iarratasóir barúlacha ina leith sin freisin.

    (11)

    D’iarr Anhui Jinhe go nochtfaí sonraí áirithe san iarraidh agus go dtabharfaí achoimre fhóinteach orthu. Go háirithe, i dtaca le sonraí maidir le méid iomlán agus meánphraghsanna na n-allmhairí ón tSín sa tréimhse faoi bhreathnú dá dtagraítear san iarraidh, d’áitigh sé gur cheart don iarratasóir na sonraí sin a nochtadh sa leagan neamhrúnda den iarraidh. Mhaígh Anhui Jinhe nach raibh na sonraí sin faoi rún toisc gur nocht an Coimisiún iad san imscrúdú bunaidh. Thairis sin, mhaígh Anhui Jinhe nach ar aon sonraí iarbhír atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bhí na sonraí sin bunaithe ach ar mheastacháin an iarratasóra, agus nach bhféadfaí brath ar aon tagairt do chóipcheart chun na sonraí sin a choinneáil siar. Ina theannta sin, d’iarr Anhui Jinhe freisin go soláthródh an t-iarratasóir achoimre fhóinteach ar na táscairí ábhartha díobhála chun a dhóthain sonraí a sholáthar le gur féidir tuiscint réasúnta a fháil ar na sonraí a cuireadh isteach faoi rún. Mhaígh sé freisin go raibh na sonraí sin faoi rún san iarraidh nó gur cuireadh i láthair iad bunaithe ar raonta nach raibh ciall leo agus nár léirigh aon treocht, agus gur sholáthair an Coimisiún na sonraí sin i bhfoirm innéacsaithe san imscrúdú bunaidh. Dá bhrí sin, d’iarr Anhui Jinhe ar an iarratasóir sonraí maidir le tomhaltas an Aontais, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, sciaranna den mhargadh, sladghearradh, costas an táirgthe, brabúsacht, díolacháin onnmhairiúcháin agus costas amhábhar a nochtadh i bhfoirm innéacsaithe. D’iarr Anhui Jinhe ar an iarratasóir freisin achoimre fhóinteach a thabhairt ar a leibhéal reatha brabúsachta, achoimre ina léirítear an raibh sé os cionn 5 % i dtréimhse thagartha an athbhreithniúcháin agus ina bhfuil sonraí innéacsaithe ó 2011 ar aghaidh, ós rud é gur thagair an t-iarratasóir don bhliain sin mar an bhliain ábhartha le haghaidh na comparáide.

    (12)

    Sa fhreagra uaidh, mhaígh an t-iarratasóir go raibh an chuid is mó den fhaisnéis rúnda toisc gur ar shonraí ó chuideachta amháin a bhí sé bunaithe agus d’áitigh sé go raibh gá le raonta innéacsanna chun nach ndéanfaí na bunsonraí rúnda a athchruthú. Go háirithe, mhaígh an t-iarratasóir go bhféadfaí díolacháin an aon táirgeora amháin ón Aontas a athchruthú ach na figiúirí beachta maidir le méid iomlán na n-allmhairí ón tSín a sholáthar, maille le hinnéacsú na sciaranna den mhargadh. Ina thíolacadh, rinne an t-iarratasóir athbhreithniú ar a chuid sonraí neamhrúnda agus sholáthair sé faisnéis bhreise. I ndáil leis an méid sin, chuir an t-iarratasóir raonta i leith mhéid na n-allmhairí iomlána ar fáil, mar aon le faisnéis bhreise maidir le treocht an tomhaltais, raonta i leith innéacsú le haghaidh táirgthe, sciaranna den mhargadh, innéacsú brabúsachta, táscairí díobhála eile (amhail stoic, fostaíocht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar ghlan-infheistíochtaí) agus éabhlóid na ndíolacháin a bhí ag táirgeoir an Aontais lasmuigh den Aontas. Maidir leis an gcuid eile de na sonraí a d’iarr Anhui Jinhe, mhaígh an t-iarratasóir go raibh achoimre a bhí fóinteach go leor sa leagan neamhrúnda den iarraidh agus nach bhféadfaí faisnéis bhreise a thabhairt gan faisnéis rúnda a nochtadh.

    (13)

    Mar fhreagairt ar shonraí athbhreithnithe an iarratasóra, mhaígh Anhui Jinhe nach raibh a dhóthain faisnéise san iarraidh fós, cuir i gcás méid na n-allmhairí ón tSín nó ón Aontas nó an t-éileamh domhanda atá ar Ace-K. D’áitigh Anhui Jinhe gur cheart na cearta cosanta a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar bhrí an leagain neamhrúnda den iarraidh agus d’áitigh sé nach raibh sé in ann a thuiscint an raibh aon bhunús fíorasach ann do líomhaintí an iarratasóra.

    (14)

    Níor aontaigh an t-iarratasóir leis na héilimh thuas agus d’áitigh sé gur tugadh bunús fíorasach leis an leagan oscailte den iarraidh dá líomhaintí, agus rinneadh sonraí a fholú nuair nárbh fhéidir raonta treochtaí innéacsaithe a sholáthar gan faisnéis rúnda a nochtadh. Go háirithe, mhaígh an t-iarratasóir gur léirigh an leagan neamhrúnda den iarraidh éabhlóid allmhairí iomlána Ace-K ón tSín agus chuir sé ar a chumas do Anhui Jinhe barúil a thabhairt faoi. Maidir le sonraí ar éileamh, mhaígh an t-iarratasóir nár léirigh an rialachán lena bhforchuirtear bearta sealadacha maidir le hallmhairí Ace-K ón tSín (7) tomhaltas iomlán an Aontais i ndearbhthéarmaí, agus dá bhrí sin nárbh éigean don iarratasóir é sin a léiriú ach oiread.

    (15)

    Tugtar faoi deara, ós rud é gurb é an t-iarratasóir an t-aon táirgeoir Ace-K amháin ón Aontas, ba ghá faisnéis rúnda a chur i láthair i raonta agus innéacsanna ionas nach nochtfaí faisnéis ghnó a bhaineann go sonrach le cuideachta. Na sonraí sa leagan neamhrúnda den iarraidh mar a chomhlánaigh an t-iarratasóir iad ina aighneacht, mheas an Coimisiún go raibh na sonraí sin mionsonraithe go leor le go bhféadfaí tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún. Thug an t-iarratasóir achoimre fhóinteach ina raibh raonta a bhí caol go leor i gcomparáid leis na figiúirí iarbhír a lig do pháirtithe leasmhara measúnú a dhéanamh ar mhéid na n-allmhairí agus ar na treochtaí a ghabhann leo. Dá bhrí sin, bhí táirgeoirí onnmhairithe na Síne in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

    (16)

    D’áitigh Anhui Jinhe gur theip ar an iarratas a tharraingtí atá margadh an Aontais a léiriú toisc gur cuireadh in iúl ann gurbh ionann na meánphraghsanna onnmhairiúcháin atá ag onnmhaireoirí na Síne leis an Aontas agus le margaí eile. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh táirgeoirí na Síne fuarchúiseach i leith díol leis an Aontas nó le tríú tíortha. I ndáil leis sin, luaigh Anhui Jinhe na himscrúduithe i ndáil leis an mbitheatánól (8) agus leis an úiré (9), imscrúduithe inar tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin nuair a bhíonn na meánphraghsanna onnmhairiúcháin leis an Aontas níos airde ná mar a bhíonn le tríú margaí.

    (17)

    Maidir leis sin, mhaígh an t-iarratasóir gur léiríodh go soiléir san iarraidh go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairithe Síneacha ós rud é go mbeidís in ann méideanna díolacháin ní b’airde a fháil ar mhargadh an Aontais ná ar mhargaí eile in éagmais na mbeart frithdhumpála. D’áitigh an t-iarratasóir freisin go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí Síneacha sular forchuireadh na dleachtanna frithdhumpála.

    (18)

    Mheas an Coimisiún gur léirigh an iarraidh gur dhócha go ndéanfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne na méideanna díolacháin chuig margadh an Aontais a mhéadú go mór dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul in éag.

    (19)

    D’áitigh Anhui Jinhe freisin gur earráid fhollasach a bhí i líomhaintí an iarratasóra i ndáil le gearrdhíol praghsanna toisc go raibh costas táirgthe an iarratasóra a úsáideadh i ríomh gearrdhíola na hiarrata ró-ard i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh agus nach bhféadfaí brath air. Thairis sin, d’áitigh Anhui Jinhe gur mhéadaigh an t-iarratasóir a chuid praghsanna go mór ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh agus gur spreag na bearta frithdhumpála brabúis iomarcacha a bhí i bhfad ní ba mhó ná an méid a taifeadadh san imscrúdú bunaidh. I ndáil leis sin, luaigh Anhui Jinhe na himscrúduithe i ndáil leis an dé-cianaimíd (10) agus leis an úiré (11) i gcás inar lig an Coimisiún do na bearta dul in éag i bhfianaise bhrabúsacht ard thionscal an Aontais. D’áitigh Anhui Jinhe freisin gur baineadh leas iomlán as acmhainneachtaí táirgeachta thionscal an Aontais agus nár leor iad chun éileamh an Aontais a shásamh, ar éileamh é atá ag dul i méid, agus thagair sé don chás i ndáil le fearóisileacan inar scoir an Coimisiún de na bearta (12). Ina theannta sin, mhaígh Anhui Jinhe go raibh [28-34 %] de sciar de mhargadh an Aontais fós ag táirgeoirí Síneacha d’ainneoin na mbeart toirmeascach toisc gur choinnigh úsáideoirí i gcónaí dhá sholáthróir Ace-K nó níos mó chun cinnteacht an tslabhra soláthair a áirithiú, go háirithe tar éis an chur isteach a tharla le déanaí mar gheall ar COVID-19. Ar deireadh, chuir Anhui Jinhe i dtreis gur éirigh le tionscal an Aontais dul in iomaíocht le hallmhairí ón tSín i dtríú margaí nach raibh aon bheart i bhfeidhm iontu agus gur dhíol sé méideanna suntasacha sna margaí sin. Mhaígh Anhui Jinhe gur léirigh sé sin go raibh an t-iarratasóir in ann dul in iomaíocht go rathúil le hallmhairí Síneacha gan bearta frithdhumpála, rud a chuir in iúl go raibh easpa dóchúlachta ann go dtarlódh díobháil arís.

    (20)

    Chuir an t-iarratasóir in aghaidh na maíomh thuas. Go deimhin, mhaígh an t-iarratasóir gur bhain sé úsáid as an gcorrlach brabúis arna shuí ag an gCoimisiún san imscrúdú bunaidh sna ríomhanna gearrdhíola ina iarraidh. Ina theannta sin, d’áitigh an t-iarratasóir gur áirithigh na dleachtanna frithdhumpála go mbíonn praghsanna allmhairí ón tSín ar leibhéal neamhdhíobhálach. Mhaígh an t-iarratasóir dá rachadh bearta frithdhumpála in éag, go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha an sciar den mhargadh atá acu san Aontas go dtí an leibhéal céanna céatadáin agus atá acu sa chuid eile den domhan. Chuir an t-iarratasóir cásanna mionsonraithe isteach freisin chun tionchar a bheadh ar a ghnó a léiriú dá rachadh dleachtanna frithdhumpála in éag.

    (21)

    Dearbhaíodh in anailís an Choimisiúin nár leor aon cheann de na gnéithe a luaigh Anhui Jinhe, bíodh siad ceart go fíorasach nó ná bíodh, chun an chonclúid a chur faoi amhras, is é sin go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh a thugann le fios gur dhócha go leanfaí den dumpáil agus go dtarlódh an díobháil arís dá rachadh na bearta in éag. Suíodh na gnéithe sin ar bhonn na fianaise ab fhearr a bhí ar fáil don iarratasóir an tráth sin, agus bhí siad ionadaíoch agus iontaofa go leor. Thairis sin, maidir leis na maímh eile a chuir Anhui Jinhe chun cinn, scrúdaíodh iad go mion le linn an imscrúdaithe, agus pléitear a thuilleadh iad thíos.

    (22)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh dóthain fianaise curtha ar fáil san an iarraidh gur dócha go leanfaí den dumpáil agus go dtarlódh an díobháil arís dá rachadh na bearta in éag, agus go gcomhlíontar ar an gcaoi sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

    (23)

    Ina thuairimí tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nach raibh an fhaisnéis a bhí san iarratas ábhartha (e.g. san fhianaise ar shaobhadh a bhaineann le haigéad sulfamach rinneadh tagairt do shaobhadh líomhnaithe úiré, agus san fhianaise ar shaobhadh i ndáil le hiodrocsaíd photaisiam rinneadh tagairt do shalann potaisiam) nó nach raibh sé bunaithe ar fhoinsí a bhí ar fáil go poiblí (e.g. braitheann an saobhadh i ndáil le haigéid aicéiteach ar thuarascáil a cheannaigh an t-iarratasóir, tuarascáil nach bhfuil ag teacht leis an tuarascáil ar an staid sa tSín).

    (24)

    I ndáil leis sin, ós rud é go dtáirgtear aigéad sulfamach ó úiré agus go dtáirgtear hiodrocsaíd photaisiam ó shalann potaisiam, aon saobhadh margaidh a raibh tionchar aige na hamhábhair, bíonn tionchar aige ar an táirge deiridh freisin. Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn Anhui, déanann an t-iarratasóir tagairt san iarratas don Tuarascáil ar an tSín sa bhreis ar fhoinse rúnda eile. Mar a luaigh an t-iarratasóir, bhí neamhréireacht sa Tuarascáil ar an tSín idir an téacs agus na figiúirí maidir le húsáid acmhainneacht aigéid aicéitigh sa tSín. Níl aon neamhréireacht ann, áfach, idir an Tuarascáil ar an tSín agus an fhoinse rúnda, toisc go raibh an fhaisnéis nuashonraithe maidir le hacmhainneacht a sholáthair an t-iarratasóir, faisnéis a ndearna an Coimisiún seiceáil uirthi, comhsheasmhach leis na figiúirí maidir le húsáid acmhainneacht sa Tuarascáil ar an tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    1.6.1.   Sampláil

    (25)

    I bhfianaise an lín ard táirgeoirí sa tír lena mbaineann, de réir cosúlachta, agus na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara san Aontas, shonraigh an Coimisiún san Fhógra Tionscnaimh go mb'fhéidir go samplálfadh sé na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

    1.6.2.   Sampláil táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne

    (26)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

    (27)

    Sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus chuir sé na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas faoi sin le nóta a ghabh leis an gcomhad. D’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí sin a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus sheol nasc chuig an gceistneoir ar aghaidh chucu.

    1.6.3.   Sampláil na n-allmhaireoirí

    (28)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

    (29)

    Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhghaolmhar an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

    1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

    (30)

    Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

    (31)

    Chuir an Coimisiún naisc chuig an gceistneoir ar aghaidh chuig an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a chuir an fhoirm samplála ar ais. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne freisin (13) an lá a tionscnaíodh iad.

    (32)

    Fuarthas freagraí ar cheistneoir iomlán ó tháirgeoir onnmhairithe amháin agus ón aon táirgeoir amháin ón Aontas.

    1.8.   Fíorú

    (33)

    Lorg agus chros-sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil léi (‘Fógra COVID-19’) (14), áfach, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí comhoibríocha. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

    (a)   Táirgeoir an Aontais

    Celanese Sales Germany GmbH, Celanese Production Germany GmbH & Co. KG Sulzbach, an Ghearmáin agus an Príomhchuideachta Oibriúcháin, Celanese Europe BV, Amstardam, an Ísiltír;

    (b)   Táirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne

    Anhui Jinhe Industrial Co., Ltd, Chuzhou, Anhui.

    1.9.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

    (34)

    An 27 Deireadh Fómhair 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun (‘nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúil a thabhairt ar an nochtadh agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

    (35)

    Fuarthas barúlacha ó Anhui Jinhe agus ón iarratasóir.

    (36)

    Reáchtáladh éisteachtaí le Anhui Jinhe agus leis an iarratasóir.

    2.   AN TÁIRGE I dTRÁCHT AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

    2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

    (37)

    Is ionann an táirge atá faoi bhreathnú agus an táirge san imscrúdú bunaidh, eadhon, potaisiam aicéasuilféime (salann potaisiam de 6-meitil-1,2,3-ocsaitiasín-4(3H)-aon 2,2-dé-ocsaíd; CAS RN 55589-62-3) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, allmhairí a aicmítear faoi chód AC ex 2934 99 90 (cód TARIC 2934999021) (‘an táirge faoi athbhreithniú’). Tugtar Aicéasuilféime K nó Ace-K ar photaisiam aicéasuilféime freisin.

    (38)

    Úsáidtear Ace-K mar mhilseoir sintéiseach i raon leathan feidhmeanna, mar shampla i mbia, deochanna, agus táirgí cógaisíochta.

    2.2.   An táirge comhchosúil

    (39)

    Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a dheimhnigh an t-athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

    an táirge faoi athbhreithniú;

    an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne; agus

    an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

    (40)

    Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

    3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO dTARLÓIDH SÍ ARÍS

    3.1.   Réamhbharúlacha

    (41)

    I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú chun a fháil amach an leanfadh Daon-Phoblacht na Sine de bheith i mbun dumpála nó an rachaidís i mbun dumpála arís de thoradh dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

    (42)

    Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leanadh de Ace-K a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná mar a bhí siad le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Iúil 2013 go dtí an 30 Meitheamh 2014). De réir na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den bhun-Rialachán (‘bunachar sonraí Airteagal 14(6)’), bhí [31-37 %] de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí de Ace-K ó Dhaon-Phoblacht na Síne i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid le sciar [65-80 %] den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh. I ndearbhthéarmaí, tá laghdú [47-56 %] tagtha ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ó bhí tréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh ann.

    (43)

    Mar a luadh in aithris (32), níor chuir ach duine amháin de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne freagra ceistiúcháin isteach agus, dá bhrí sin, measadh gur onnmhaireoir/táirgeoir comhoibríoch san imscrúdú a bhí ann.

    3.2.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

    (44)

    Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (45)

    Dá dheasca sin, chun na sonraí a bhailiú, sonraí is gá le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán amach anseo, san Fhógra tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun Ace-K a tháirgeadh. Chuir táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach amháin an fhianaise ábhartha isteach.

    (46)

    An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach, chun an fhaisnéis sin a fháil, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Sa bhreis air sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun Rialachán, agus an méid sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an bhfaisnéis a iarradh. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

    (47)

    Fuarthas aighneachtaí maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán ón táirgeoir onnmhairiúcháin Anhui Jinhe.

    (48)

    I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

    (49)

    Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgeachta agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnta de chostais riaracháin, díolacháin agus costais ghinearálta agus i gcomhair brabús’.

    (50)

    Mar a mhínítear tuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don éagmais comhoibrithe ó Rialtas na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

    3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

    3.2.1.1.   Réamhrá

    (51)

    In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sainmhínítear gurb é atá i ‘saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu’. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:

    an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair atá faoi úinéireacht údaráis na tíre is onnmhaireoir nó a oibríonn faoina smacht, faoina maoirseacht beartais nó faoina stiúir;

    an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa dóigh go gcumasaítear don stát cur isteach a dhéanamh i leith praghsanna nó costas;

    beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

    maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

    saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

    rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile’.

    (52)

    Os rud é nach carnach an liosta in Airteagal (2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ní gá aird a thabhairt ar na gnéithe uile chun a chinneadh gurb ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, is féidir féachaint ar na himthosca fíorasacha céanna chun a léiriú gurb ann do cheann amháin nó níos mó de ghnéithe an liosta. Mar sin féin, aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), ní mór í a dhéanamh ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil. Agus measúnú foriomlán á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, féadfar aird a thabhairt ar an gcomhthéacs ginearálta agus an staid sa tír is onnmhaireoir, go háirithe i gcás ina dtugtar cumhachtaí suntasacha don rialtas, trí eilimintí bunúsacha shocrúcháin eacnamaíocha agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir, tionchar a imirt ar an ngeilleagar sa tslí nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais sa tír sin.

    (53)

    Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ‘[i] gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’. De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne (dá ngairtear ‘an Tuarascáil’ anseo feasta) (15), ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail cruach agus ceimiceáin). Iarradh ar pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdúcháin tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh.

    (54)

    Thug an t-iarratasóir faisnéis de bhreis ar thorthaí na Tuarascála maidir leis na hamhábhair a úsáidtear chun Ace-K a tháirgeadh. Rinne an t-iarratasóir tuarascáil a choimisiúnú chun na saintréithe agus an saobhadh a aithint a bhaineann le ceann de phríomh-amhábhair Ace-K, trí-ocsaíd sulfair, sa dá chúige Síneacha ina dtáirgtear í, Jiangsu agus Anhui. Áirítear ar an bhfianaise ábhartha Chemical Industry Development Plan [Plean Forbartha Thionscal na gCeimiceán] dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2016 lena léirítear cuspóirí agus spriocanna táirgthe a dhéanann difear don leibhéal soláthair in earnáil na gceimiceán, lena n-áirítear an sulfónáitiú trí-ocsaíde sulfair agus Ace-K agus Cúige Anhui trí thagairt a dhéanamh do Opinions of CPC Anhui Provincial Committee and Anhui Provincial People's Government on Promoting High-quality Economic Development [Tuairimí Choiste Chúige Anhui Pháirtí Cumannach na Síne agus Rialtas Chúige na nDaoine maidir le Forbairt Eacnamaíoch ar Ardchaighdeán a Chur Chun Cinn] a eisíodh an 14 Márta 2018. Leagtar amach sa doiciméad beartais seo roinnt tionscnamh i ndáil le beartas tionsclaíochta chun forbairt eacnamaíoch ar ardchaighdeán a chur chun cinn, go háirithe i gcúige Anhui, amhail dreasachtaí airgeadais a úsáid agus laghduithe cánach má oibríonn na cuideachtaí tionsclaíochta agus lóistíochta i gcomhréir leis na tionscail ‘spreagtha’ sa Central Structural Adjustment Catalogue [Catalóg um Choigeartú Struchtúrach Lárnach]. Ina theannta sin, maidir le State Council Decision on Promulgating the Implementation of the Interim Provisions on the Promotion of Industrial Restructuring [Cinneadh ón gComhairle Stáit maidir le Cur Chun Feidhme na bhForálacha Eatramhacha maidir le hAthstruchtúrú Tionsclaíoch a Fhógairt] an 2 Nollaig 2005, mhínigh an t-iarratasóir an chaoi a ndéanann an Cinneadh sin sainiú ar na cuspóirí beartais eacnamaíocha agus thionsclaíochta agus an chaoi a n-ordaíonn sé do gach rialtas cúigeach bearta sonracha a shainaithint chun infheistíochtaí a threorú. Áirítear leis sin beartais tacaíochta maidir le talamh, creidmheas, cánachas, allmhairiú agus onnmhairiú. Tharraing sé aird freisin ar uirlisí beartais eile i ndáil le hidirghabháil stáit, amhail Guidance Catalogue for the Structural Adjustment of Industry [Catalóg Treorach maidir le Coigeartú Struchtúrach Tionsclaíochta] a eisíodh i mí Eanáir 2013 lena roinntear deighleoga tionscail ina ndeighleoga ‘spreagtha,’‘srianta,’ agus ‘díothaithe’. Tagann sulfónáitiú trí-ocsaíde sulfair faoin gcatagóir ‘spreagtha’ sa chatalóg seo.

    (55)

    Luaigh an t-iarratas freisin doiciméad dar teideal Sulphur Trioxide’s Export Tax and VAT Refund Withdrawal [Cáin onnmhairiúcháin agus Aistarraingt Aisíocaíochta CBL i ndáil le Trí-ocsaíd Sulfair] ina sainaithnítear costas CBL a bhaineann le honnmhairiú atá cothrom le 13 % agus a bhfuil srian ar onnmhairí mar thoradh air.

    (56)

    Maidir le leictreachas, gás, gal agus uisce, mhínigh an iarraidh ról na rialuithe praghsála i gcúigí Jiangsu agus Anhui agus tharraing sí aird ar idirghabhálacha an stáit agus na gcúigí in earnáil an ghuail. Sa doiciméad dar teideal Opinions of the State Council on the Reduction of Overcapacity in the Coal Industry and its Development [Tuairimí ón gComhairle Stáit maidir leis an Ró-acmhainneacht a laghdú i dTionscal an Ghuail agus maidir lena Fhorbairt] a eisíodh an 1 Feabhra 2016, deimhníodh go bhfuil fadhbanna ró-acmhainneachta ann chomh maith leis an idirghabháil stáit shuntasach i margadh na hearnála sin.

    (57)

    Ar deireadh, liostaítear san iarratas fóirdheontais shonracha le haghaidh Nantong Acetic Acid, cuideachta atá gaolmhar leis an táirgeoir Ace-K, Nantong Hongxin. De réir fógra poiblí ó Nantong Acetic Acid agus Thuarascáil Bhliantúil Nantong Acetic Acid in 2018, tá ráta cánach ioncaim tosaíochta 15 % (seachas 25 %) ag Nantong Acetic Acid faoi chuimsiú Preferential Income Tax Program for High- or New-Technology Enterprises [Clár Cánach Ioncaim Tosaíochta le haghaidh Fiontair Ard-Teicneolaíochta nó Nua-Teicneolaíochta].

    (58)

    Ina theannta sin, thagair an iarraidh do roinnt saobhadh a sainaithníodh sa Tuarascáil maidir le hamhábhair eile a úsáideadh chun Ace-K a tháirgeadh amhail déchéitéin, aigéad sulfamach, trí-eitiolaimín, hiodrocsaíd photaisiam, aigéad aicéiteach, déchlóraimeatán agus amóinia. Go deimhin, san iarratas cuireadh fianaise ar fáil maidir le ró-acmhainneacht in earnáil na gceimiceán, rud a léiríonn go raibh ráta úsáide acmhainneachta na Síne i dtaca le haigéad aicéiteach ag thart ar 69 % sa cheathrú ráithe de 2019 agus tuaradh san iarraidh go raibh sé ag thart ar 63 % sa chéad ráithe de 2020, agus gur ardaigh sé go thart ar 67 % faoi dheireadh 2020. Chomh maith leis an acmhainneacht táirgeachta iomarcach, tá infheistíocht i dtáirgeadh aigéid aicéitigh sa tSín faoi réir rialuithe na Catalóige um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (mar a leasaíodh in 2013). Fágann an dá ghné sin go bhfuil margadh an aigéid aicéitigh sa tSín saofa, agus dá thoradh sin, tá táirgeadh iartheachtach na déchéitéine saofa freisin.

    (59)

    Ina theannta sin, luadh san iarratas cur isteach stáit i gcuspóirí agus spriocanna beartais sa Hebei province Petrochemical 13th FYP [13ú Plean Cúig Bliana chúige Hebei maidir le Peitriceimiceáin]. Leagtar béim sa phlean ar an gcaoi a rialaíonn stát na Síne mianadóireacht sulfair agus an chaoi a leagann sé teorainneacha síos maidir le teacht isteach sa mhargadh chun aigéad sulfarach a tháirgeadh. Trí rialuithe a fhorchur ar mhianadóireacht sulfair agus trí infheistíocht i dtáirgeadh aigéid shulfaraigh a theorannú, ní hamháin go saobhann Rialtas na Síne an margadh i gcás an dá tháirge sin ach saobhann sé an margadh i gcás táirgeadh trí-ocsaíde sulfair freisin.

    (60)

    Tagraíodh san iarratas freisin do chineálacha eile cur isteach stáit i margadh an úiré amhail dianchuótaí allmhairiúcháin a bheith ann le haghaidh úiré agus cánacha onnmhairiúcháin. Is amhábhar réamhtheachtach é úiré a úsáidtear chun aigéad sulfamach a tháirgeadh mar aon le trí-ocsaíd sulfair agus aigéad sulfarach. Ina theannta sin, rinne Rialtas na Síne díolacháin intíre úiré a dhíolmhú ó CBL ó bhí an 1 Iúil 2005 ann. Ar deireadh, rinne Rialtas na Síne idirghabháil sa mhargadh trí Chóras Leasacháin an Stáit, atá ag feidhmiú ó 2004 i leith. De réir na Tuarascála, baineann táirgeoirí úiré tairbhe as rátaí fabhracha leictreachais agus rátaí fabhracha lasta iarnróid.

    (61)

    Ag tagairt don Tuarascáil, léirigh an t-iarratas go bhfuil salann potaisiam i liosta na n-amhábhar sa 13th FYP for Mineral Resources [13ú Plean Cúig Bliana maidir le hAcmhainní Mianracha] ina bhfuil roinnt forálacha mionsonraithe maidir le grúpaí mianraí éagsúla. Faoin gceannteideal ‘Fosfar’ tugtar le fios sa Tuarascáil ón gCoimisiún gurb é ceann de na cuspóirí cobhsú a dhéanamh ar soláthar acmhainní mianraí tábhachtacha a úsáidtear sa talmhaíocht amhail fosfar, sulfar agus potaisiam, i gcomhréir leis an straitéis um shlándáil bia. Thairis sin, luaitear ‘potais agus salainn photaisiam amh nádúrtha eile’ sa Tuarascáil freisin i measc na n-ítimí atá faoi réir dleachtanna ar onnmhairí. Baineann idirghabhálacha stáit eile a luaitear san iarratas le amóinia freisin, amhábhar breise a cheannaítear chun dramhaigéad sulfarach a athchúrsáil.

    (62)

    Chuir an t-iarratasóir in iúl freisin gur aithin Rialtas na Síne féin, de réir na Tuarascála, nár bunaíodh sásra iomaíochta éifeachtach maidir le díol leictreachais go fóill. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil saobhadh suntasach ann i margadh na Síne i gcás soláthairtí leictreachais le haghaidh úsáid thionsclaíoch. Ar deireadh , luadh réimsí eile san iarratas ina ndéanann idirghabháil stáit difear do chostais oibreora thionsclaíoch sa tSín amhail rochtain ar chearta talamhúsáide (Tuarascáil, Caibidil 9), rochtain ar chaipiteal agus ar mhaoiniú (Tuarascáil, Caibidil 11) agus an margadh saothair (Tuarascáil, Caibidil 13).

    (63)

    Mar a tugadh le fios in aithris (46), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil.

    (64)

    Fuarthas barúlacha ina leith sin ón táirgeoir comhoibríoch onnmhairiúcháin, Anhui Jinhe, inar áitíodh nach bhfuil bunús leis an argóint a tugadh chun údar a thabhairt le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus nach bhfuil sí infheidhme maidir leis an gcuideachta. Na torthaí maidir le saobhadh a bhaineann le déchéatéin, trí-ocsaíd sulfair agus aigéad sulfarach arna sainaithint sa tuarascáil a choimisiúnaigh an t-iarratasóir, d’áitigh Anhui Jinhe nach bhfuil na torthaí sin ábhartha dó toisc go dtáirgeann sé na hionchuir sin go hinmheánach. Is iad na hamhábhair réamhtheachtacha ábhartha aigéad aicéiteach oighreach, aigéad sulfamach agus hiodrocsaíd photaisiam.

    (65)

    I ndáil leis sin, rinne Anhui Jinhe tagairt do chleachtas an Choimisiúin le déanaí faoi Airteagal 2(6a)(a) agus (c) den bhun-Rialachán, amhail i gcás easbhrúnna alúmanaim (16), ar dá réir a cheanglaítear ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chur isteach maidir le praghsanna agus costais neamhshaofa chun ‘a shuí go dearfa’ nach ndéanfaidh saobhadh suntasach difear dá gcuid costas intíre féin. Chuir an chuideachta in iúl go bhfuil praghsanna intíre na n-amhábhar ábhartha dírithe ar an margadh agus go ndéantar a gcaibidliú ar bhonn dálaí reatha an mhargaidh. Go háirithe, chuir an chuideachta fianaise isteach trína bpraghsanna féin a chur i gcomparáid le praghsanna na Tuirce ar bhonn COMTRADE lena léiriú mar gheall ar chostais iompair i bhfad níos ísle sa tSín atá praghsanna ionchuir níos ísle ann i gcás aigéad aicéiteach oighreach, aigéad sulfamach, agus hiodrocsaíd photaisiam i gcomparáid le praghsanna idirnáisiúnta, toisc go mbíonn an chuideachta ag brath go heisiach ar sholáthar intíre.

    (66)

    Thairis sin, d’áitigh an chuideachta nach bhfeidhmíonn sí faoi rialú údaráis na tíre is onnmhaireoir. Ina theannta sin, mhaígh an chuideachta nach gcuireann an stát isteach ar phraghsanna agus ar chostais ionchuir chun Ace-K a sholáthar. Pléitear frisnéisí maidir leis na maímh sin i roinn 3.2.1.3 agus roinn 3.2.1.4..

    (67)

    Ina bharúlacha, chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin in iúl freisin nach bhfuil Airteagal 2(6a) ag teacht le Comhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is é is cúis leis sin, ar an gcéad dul síos, go n-aithnítear in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála trí chás lena gceadaítear an gnáthluach ríofa: (i) nach ndéantar díolacháin i ngnáthchúrsa trádála, (ii) go bhfuil staid margaidh ar leith ann nó (iii) mar gheall ar an méid íseal díolachán ar an margadh intíre, nach bhfuil na díolacháin sin ionadaíoch. Chuir Anhui Jinhe in iúl nach gcomhlíonann saobhadh suntasach aon cheann de na trí chritéar. Ina theannta sin, fiú dá bhféadfaí a mheas go dtagann coincheap an tsaofa shuntasaigh faoin dara ceann de na critéir thuas, dhearbhaigh an Painéal na hEagraíocht Domhanda Trádála in DS529 Australia –Anti-Dumping Measures on A4 Copy Paper [an Astráil – Bearta Frithdhumpála maidir le Cóip-Pháipéar A4] d’ainneoin go raibh tionchar ag saobhadh rialtais ar phraghas intíre an táirge lena mbaineann agus ar a ionchur, nár leor an méid sin chun a mheas go gcuirtear isteach ar an gcomparáid chuí idir díolacháin an mhargaidh intíre agus díolacháin onnmhairiúcháin ‘mar gheall ar an staid margaidh ar leith’. Ina theannta sin, thug Anhui Jinhe le fios gur chuir an Coimisiún ríomh an ghnáthluacha i bhfeidhm go córasach, agus gur cheart í a sheiceáil ar bhonn cás ar chás má chomhlíontar coinníollacha Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála.

    (68)

    Thug Anhui Jinhe le fios freisin go n-éilíonn Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála nach mór go léireoidh ríomh an ghnáthluacha ‘costas sa tír thionscnaimh’, mar atá deimhnithe i gcásanna DS529 EDT Australia –Anti-Dumping Measures on A4 Copy Paper [an Astráil – Bearta Frithdhumpála maidir le Cóip-Pháipéar A4] agus DS473 EDT European Union – Anti-Dumping Measures on Biodiesel from Argentina [An tAontas Eorpach – Bearta Frithdhumpála ar Bhithdhíosal ón Airgintín]. Thairis sin, d’áitigh Anhui Jinhe gur cheart an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus chuir sé in iúl sé gur chuir na torthaí i gcás EDT DS427 China – Anti-Dumping and Countervailing Duty Measures on Broiler Products from the United States [an tSín – Bearta Frithdhumpála agus Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Gríoscachán ó na Stáit Aontaithe] ceangal ar na húdaráis imscrúdúcháin costais thaifeadta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a chur san áireamh mura rud é nach bhfuil siad i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta nó nach léiríonn siad go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge i gceist. De réir Anhui Jinhe, tá Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála toisc go ndéantar neamhaird chórasach ar chostais an táirgeora onnmhairiúcháin, gan beann ar cibé acu an gcomhlíonann na costais a taifeadadh an dá choinníoll thuas nó nach gcomhlíonann.

    (69)

    Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh. Mar a shoiléirigh Comhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go sonrach in DS473, ceadaítear le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála sonraí ó thríú tír a úsáid, agus iad coigeartaithe go cuí nuair is gá an coigeartú sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain na cásanna DS529 Australia –Anti-Dumping Measures on A4 Copy Paper [an Astráil – Bearta Frithdhumpála maidir le Cóip-Pháipéar A4] agus DS427 China – Broiler Products [An tSín – Táirgí Gríoscachán] le léirmhíniú Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ná leis na coinníollacha lena chur i bhfeidhm. Thairis sin, níorbh ionann na bunstaideanna fíorasacha sna cásanna sin agus an bunstaid agus na critéir is cúis le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoin bhforáil seo den bhun-Rialachán, foráil a bhaineann le saobhadh suntasach a bheith sa tír is onnmhaireoir. Faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is i gcás ina meastar saobhadh suntasach a bheith ann a dhéanann difear do chostais agus do phraghsanna, agus sa chás sin amháin, a ríomhtar an gnáthluach trí thagairt a dhéanamh do chostais neamhshaofa agus do phraghsanna a fhaightear i dtír ionadaíoch nó trí thagairt do thagarmharc idirnáisiúnta. In aon chás, foráiltear leis an 3ú dais den dara fomhír d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go bhféadfar costais intíre a úsáid a mhéid a shuitear nach bhfuil siad saofa. Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin dá bhrí sin.

    (70)

    Thairis sin, thug Anhui Jinhe ar aird go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála. Chuir sé in iúl gur dheimhnigh an Comhlacht Achomhairc in DS219 EC – Tube or Pipe Fittings [CE – Feistis Feadáin nó Feistis Píobáin] go bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás imscrúdúcháin leas a bhaint as costais SGA agus brabús iarbhír na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, fad agus is ann do na sonraí sin. Dá bhrí sin, thug Anhui Jinhe ar aird go raibh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i neamhréir le hAirteagal 2.2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála.

    (71)

    Thug an Coimisiún dá aire gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Mar a mhínítear thuas, ceadaítear freisin, leis an bhforáil chéanna den bhun-Rialachán, costais intíre a úsáid más rud é go suífear go dearfa iad le nach ndéanfar iad a shaobhadh. Sa chomhthéacs sin, bhí an deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chur ar fáil go raibh a gcostais éagsúla SGA féin agus/nó a gcostais ionchuir eile neamhshaofa i ndáiríre. Mar a léirítear i ranna 3.2.1.2 go 3.2.1.9, áfach, shuigh an Coimisiún gurb ann do shaobhadh sa tionscal Ace-K agus ní raibh aon fhianaise dheimhneach ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgeachta de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (72)

    Ar deireadh, thug Anhui Jinhe ar aird go raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, anailís chuideachta-shonrach agus chostas-sonrach a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh anailís shonrach déanta ar Anhui Jinhe ar bhonn an cheistneora a chuir sé isteach.

    (73)

    Thug an Coimisiún dá aire gur ar leibhéal na tíre ar fad gurb ann do shaobhadh suntasach lena dtionscnaítear cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Má shuitear gurb ann do shaobhadh suntasach, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, a priori, maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile i nDaon-Phoblacht na Síne agus bainfidh siad leis na costais ar fad a ghabhann le tosca táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin. In aon chás, foráiltear leis an bhforáil chéanna den bhun-Rialachán, costais intíre a úsáid a shuífear go dearfa le nach ndéanfaidh saobhadh suntasach difear dóibh. Níor suíodh, áfach, aon chostas intíre a bheith neamhshaofa ar bhonn fianaise chruinn iomchuí. Go háirithe, níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise chruinn iomchuí ar fáil maidir le praghsanna agus costais neamhshaofa. Ar chaoi ar bith, léiríonn na ríomhanna a bhaineann le Anhui Jinhe na sonraí a chuir an chuideachta féin isteach, lena n-áirítear na fachtóirí táirgeachta agus na méideanna mar a thuairiscigh an chuideachta iad sa fhreagra ar an gceistneoir, ach cuirtear san áireamh go cuí iontu gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus an tionchar a bhíonn aige sin, i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin, go háirithe Airteagal 2(6a) de. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (74)

    Sna barúlacha a thug Anhui Jinhe tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh sé a argóintí a leagtar amach in aithrisí (67) agus (68) thuas maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT. D’áitigh sé gur cheart don Choimisiún Eorpach staonadh ó mhodheolaíocht Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm, é sin nó a mhíniú go cruinn an chaoi ar féidir an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 2.2, 2.2.1.1 agus 2.2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála. Go deimhin, d’áitigh Anhui Jinhe nach bhféadfadh an Coimisiún an gnáthluach a athchruthú ach amháin dá mbeadh ceann de na trí choinníoll in Airteagal 2.2 ann. Má bhíonn an Coimisiún ag brath ar an dara coinníoll (nó ar an tríú coinníoll), ní mór dó scrúdú a dhéanamh an gceadaítear nó nach gceadaítear ‘comparáid cheart’ idir an praghas intíre agus an praghas onnmhairiúcháin.

    (75)

    Ina theannta sin, maidir leis an argóint ar dá réir a cheadaítear le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála (mar a shoiléirítear in DS473) úsáid a bhaint as sonraí ó thríú tír, ‘arna gcoigeartú go cuí nuair is gá agus nuair atá bunús leis an gcoigeartú sin’, d’áitigh Anhui Jinhe nár luadh an tástáil dhlíthiúil sin i dtuarascáil an Phainéil ná i dtuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc. De réir léirmhíniú Anhui Jinhe, ghlac an Coimisiún léamh claonta teoranta ar an Tuarascáil ina luaitear go sainráite an méid seo a leanas: ‘[n]uair a bheifear ag brath ar aon fhaisnéis lasmuigh den tír chun an “costas táirgthe sa tír thionscnaimh” a chinneadh faoi Airteagal 2.2, ní mór d’údarás imscrúdúcháin a áirithiú go n-úsáidfear an fhaisnéis sin chun teacht ar an“gcostas táirgthe sa tír thionscnaimh”, agus d’fhéadfadh sé gur gá don údarás imscrúdúcháin an fhaisnéis sin a chur in oiriúint’.

    (76)

    Thairis sin, d’áitigh Anhui Jinhe nach raibh ‘saobhadh suntasach’ ann féin ar cheann de na coinníollacha chun dul i muinín an gnáthluach a ríomh. Ar deireadh, maidir leis an bhféidearthacht costais intíre a úsáid a mhéid is gur suíodh nach costais shaofa a bhí iontu, dar le Anhui Jinhe, d’fhéadfadh an Coimisiún leas a bhaint as an deis atá ann le hAirteagal 2(6ú) úsáid a bhaint as sonraí iarbhír na cuideachta.

    (77)

    Maidir le hargóintí Anhui Jinhe i ndáil le hAirteagal 2(a) den bhun-Rialachán a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú Frithdhumpála agus le torthaí an Chomhlachta um Réiteach Díospóidí, tugadh aghaidh orthu sin cheana in aithris (69), lena n-áirítear an míniú nár bhain DS473 le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Maidir leis an maíomh nach bhfuil an coincheap ‘saobhadh suntasach’ a áirítear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le feiceáil in aon riail de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála ná de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil, mheabhraigh an Coimisiún nach gá don dlí náisiúnta úsáid a bhaint as na téarmaí ceannann céanna agus a úsáidtear sna Comhaontuithe cumhdaithe chun bheith i gcomhréir leis na Comhaontuithe sin, agus go measann sé go bhfuil Airteagal 2(6a) i gcomhréir go hiomlán le rialacha ábhartha an Chomhaontaithe Frithdhumpála (agus, go háirithe, na féidearthachtaí chun gnáthluach a ríomh dá bhforáiltear in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála). Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (78)

    Ina theannta sin, d’áitigh Anhui Jinhe nach raibh aon mhíniú tugtha ag an gCoimisiún maidir leis an gcúis nár mheas sé gur ‘fianaise dheimhneach’ iad na heilimintí a luaitear in aithrisí (65) agus (66) de réir bhrí Airteagal 2(6a), is é sin fianaise nach ndearnadh a chostais a shaobhadh. D’athdhearbhaigh Anhui Jinhe an maíomh sin agus ina theannta sin mhaígh sé nach ndearnadh a phraghsanna a shaobhadh de bharr a chleachtais fála (ardán ar líne) agus toisc nach raibh aon idirghabháil rialtais ann ó aon údaráis nó gníomhaireachtaí rialtais atá faoi rialú rialtas na Síne.

    (79)

    Mar a luadh in aithris (65), ní raibh san fhianaise a chuir Anhui Jinhe isteach ach comparáid idir a phraghsanna ceannaigh intíre féin ar amhábhar amháin agus praghsanna allmhairiúcháin na Tuirce a baineadh as bunachar sonraí COMTRADE agus praghsanna na Téalainne a baineadh as bunachar sonraí GTA. Léirigh an chomparáid go raibh an praghas intíre ní b’ísle ná praghsanna allmhairiúcháin na Tuirce agus na Téalainne i gcás an dá amhábhar. Mhaígh Anhui Jinhe gurbh é a chostas iompair intíre níos ísle ba chúis leis sin. Mhaígh Anhui Jinhe freisin gur cheannaigh sé aigéad aicéiteach oighreach ón iarratasóir.

    (80)

    Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir Anhui Jinhe aon fhianaise ar fáil chun bunús a thabhairt lena mhaíomh maidir le costas iompair. Thairis sin, ní leor comparáid praghsanna den sórt sin chun a léiriú nach saofa iad praghsanna intíre sa tSín. Ina theannta sin, ní chiallaíonn sé sin gur ar líne a rinneadh na ceannacháin sa mhargadh intíre, agus ní hionann sin agus a rá nach ndearnadh na praghsanna sin a shaobhadh. Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú nár cheannaigh Anhui Jinhe aigéad aicéiteach oighreach ón iarratasóir le haghaidh tháirgeadh Ace-K, rud nach bhfuil ag teacht leis an méid a d’áitigh Anhui Jinhe. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

    (81)

    Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge i dtrácht. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

    3.2.1.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

    (82)

    Is é ‘geilleagar margaidh sóisialach’ an coincheap ar a bhfuil córas eacnamaíoch na Síne bunaithe. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinneann sé rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne. Is é an príomhphrionsabal ‘úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre’. Tá an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit ‘ina fhórsa ceannasach ar an ngeilleagar náisiúnta’ agus tá sainordú ag an Stát maidir le ‘comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithiú’ (17). Dá réir sin, ní hamháin go bhfuil geilleagar na Síne leagtha amach ar an iomlán sa chaoi gur féidir leis an Rialtas idirghabhálacha substaintiúla a dhéanamh sa gheilleagar ach tá idirghabhálacha den chineál sin sainordaithe go sainráite. Tá coincheap fhorlámhas na húinéireachta poiblí thar an úinéireacht phríobháideach lárnach ar fud an chórais dlí ina iomláine agus leagtar béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach mír lárnach reachtaíochta. Is sampla cruthanta é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta agus de réir an dlí ceadaítear dóibh forbairt taobh le húinéireacht an Stáit (18).

    (83)

    Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne (‘PCS’). Tá struchtúir Stát na Síne agus PCS fite fuaite le chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud a chruthaíonn forstruchtúr ar dá réir nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir ról PCS agus ról an Stáit. Mar gheall ar leasú ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, cuireadh níos mó béime ar ról PCS trí athdhearbhú a dhéanamh ar a ról i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. I ndiaidh na chéad abairte den fhoráil a bhí ann cheana: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’, cuireadh an dara habairt nua isteach mar a leanas: ‘[i]s í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne an ghné is mó a shainíonn an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige.’ (19) Léiríonn sé smacht PCS gan cheist ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Is gnéithe lárnacha de chóras na Síne í an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha ar dá réir a bhíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú.

    (84)

    Téann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch crioscaíolach chun spriocanna a shaothrú, spriocanna atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn PCS seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor (20). Is iomaí uirlis eacnamaíoch idirghabhálach a mbaineann údaráis na Síne úsáid aisti, lena n-áirítear córas an phleanála tionscail, an córas airgeadais agus leibhéal na timpeallachta rialála chomh maith.

    (85)

    Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. Tá pleananna mionsonraithe á gcur i bhfeidhm ar leibhéal na gcúigí agus leagtar amach spriocanna níos leithne sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna chun tacú leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Bíonn spriocanna aschuir sainráite fós le fáil i bpleananna áirithe agus ba ghné choitianta é sin i dtimthriallacha pleanála roimhe sin. Faoi na pleananna, luaitear earnálacha agus/nó tionscadail tionsclaíocha ar leith mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí an rialtais agus sanntar spriocanna forbartha ar leith dóibh (uasghrádú tionsclaíoch, leathnú idirnáisiúnta etc.). Is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir oibreoirí príobháideacha agus oibreoirí faoi úinéireacht Stáit, a gcuid gníomhaíochtaí gnó a choigeartú don mhéid a cheanglaítear leis an gcóras pleanála. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas le córas na bpleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir sin, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin roinn 3.2.1.7 thíos) (21).

    (86)

    Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin roinn 3.2.1.8 thíos) (22). Tá feidhm ag an méid céanna maidir le codanna eile de chóras airgeadais na Síne amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, margaí an chothromais phríobháidigh etc. Ina theannta sin, na codanna eile sin den earnáil airgeadais lasmuigh den earnáil baincéireachta, tá siad socraithe go hinstitiúideach agus go hoibríochtúil ar bhealach nach bhfuil dírithe ar an bhfeidhm is éifeachtúla is féidir a bhaint as na margaí airgeadais ach ar bhealach a áirithíonn rialú an Stáit agus PCS agus a thugann cead dóibh idirghabháil a dhéanamh (23).

    (87)

    Sa tríú dul síos, ar leibhéal na timpeallachta rialála, is iomaí bealach is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar. Mar shampla, is minic a úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí chun spriocanna beartais a shaothrú seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a shaothrú, rud a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse seo. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl an cineál spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (24). Ar an gcaoi chéanna, i réimse na hinfheistíochta, coinníonn Rialtas na Síne smacht suntasach agus imríonn sé tionchar ar cheann scríbe agus ar mhéid na hinfheistíochta Stáit agus na hinfheistíochta príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (25).

    (88)

    San iomlán, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena bhforáiltear don iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad chomh maith. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (26).

    3.2.1.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair atá faoi úinéireacht údaráis na tíre is onnmhaireoir nó a oibríonn faoina smacht, faoina maoirseacht beartais nó faoina stiúir

    (89)

    I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid ríthábhachtach den gheilleagar.

    (90)

    Áirithíonn na struchtúir atá ag Rialtas na Síne agus ag PCS go leanfar den tionchar atá acu ar fhiontair, go háirithe cuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach ag an Stát (agus ag PCS i mórán gnéithe) i bhfoirmliú agus maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag cuideachtaí ar leith atá faoi úinéireacht stáit, ach ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. De ghnáth, déantar é sin trí chaidrí a aistriú idir údaráis rialtais agus fiontair faoi úinéireacht Stáit, trí bhaint a bheith ag baill den pháirtí le comhlachtaí feidhmiúcháin na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit agus trí bhaint a bheith ag cealla den pháirtí le cuideachtaí (féach freisin roinn 3.2.1.4.) mar aon le múnlú a dhéanamh ar struchtúr corparáideach earnáil na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit (27). Mar chúiteamh air sin, baineann fiontair faoi úinéireacht an Stáit leas as stádas ar leith laistigh de gheilleagar na Síne, ina gcuimsítear roinnt buntáistí eacnamaíocha, go háirithe cosaint ó iomaíochas agus rochtain tosaíochta ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (28). Na gnéithe a thugann le fios gurb ann do smacht rialtais ar fhiontair san earnáil Ace-K, déantar tuilleadh tuairisce orthu i roinn 3.2.1.4.

    (91)

    San earnáil Ace-K go sonrach, fiú má tá an leibhéal úinéireachta stáit sách íseal, bíonn leibhéal suntasach maoirseachta beartais ag Rialtas na Síne i gceist fós féin. Go deimhin, níl ach líon beag cuideachtaí ann seachas an t-iarratasóir a bhfuil acmhainneacht táirgeachta ar mhórscála acu ar domhan. Ina measc sin, is é an chuideachta onnmhairiúcháin Anhui Jinhe a bhfuil an acmhainneacht táirgeachta is mó ar domhan aige faoi láthair.

    (92)

    Leis an leibhéal ard idirghabhála rialtais sa tionscal Ace-K, fiú táirgeoirí atá faoi úinéireacht phríobháideach, cuirtear cosc orthu oibriú faoi dhálaí margaidh. Go deimhin, fiú fiontair faoi úinéireacht phríobháideach san earnáil Ace-K, tá siad faoi réir maoirseacht bheartas agus treoraíochta ar bhonn indíreach mar a leagtar amach i roinn 3.2.1.5.

    3.2.1.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa dóigh go gcumasaítear don stát cur isteach a dhéanamh i leith praghsanna nó costas

    (93)

    Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí bhaint a bheith ag an Stát le gnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne (29), tá tábhacht leis na cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar tríd na cealla sin is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid PCS i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht PCS (30)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Roimhe seo, ní léir gur cloíodh leis an gceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne, ar bhonn prionsabal polaitiúil, na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tuairiscítear freisin go gcuireann Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus cloí le disciplín an pháirtí (31). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí ann in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí sin (32). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear i measc táirgeoirí Ace K agus soláthróirí na n-ionchur a úsáidtear iontu.

    (94)

    Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, eisíodh doiciméad dar teideal General Office of CCP Central Committee’s Guidelines on stepping up the United Front work in the private sector for the new era [Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach san earnáil don ré nua] (‘Na Treoirlínte’) (33), rud a chuir le ról choistí an pháirtí i bhfiontair phríobháideacha. Tá an méid seo a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘[n]í mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin’; agus i Roinn III.6 deirtear: ‘[n]í mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus a chur ar chumas chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus é a chur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe.’ Cuirtear béim sna Treoirlínte mar sin ar ról Pháirtí Cumannach na Síne agus féachtar ann le ról an Pháirtí a mhéadú in eagraíochtaí agus in eintitis na hearnála príobháidí (34).

    (95)

    Léiríonn na samplaí seo a leanas an treocht thuasluaite ina bhfuil méid na n-idirghabhálacha ó Rialtas na Síne san earnáil ACE-K ag méadú de réir a chéile.

    (96)

    De réir na faisnéise a bailíodh maidir le Anhui Jinhe (35), Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta, is é Rúnaí Choiste an Pháirtí in Anhui Jinhe é freisin agus é mar chuspóirí aige díriú ar spriocanna táirgthe agus gnó an fhiontair agus ‘meicníocht plé agus próiseas cinnteoireachta Choiste an Pháirtí a chur ar bun agus a fheabhsú, maidir le forbairt agus pleanáil, príomhphleananna athchóirithe, príomhathruithe ar an gcóras bainistíochta...’. Láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach roinn 3.2.1.8 thíos freisin) agus i soláthar amhábhar agus ionchur, tá éifeachtaí saofa breise aige sin ar an margadh (36). Dá réir sin, agus baint a bheith ag an Stát le gnólachtaí, lena n-áirítear cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, in earnáil na leictreoidí graifíte agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais.

    3.2.1.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

    (97)

    Is é a threoraíonn geilleagar na Síne ná córas pleanála ilchasta lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal rialtais agus cumhdaítear leo beagnach gach earnáil eacnamaíoch. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála ceangailteach agus déanann na húdaráis ag gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna sin a dhéanann an rialtas ar leibhéal comhfhreagrach níos ísle. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú chuig earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (37).

    (98)

    Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach Ace-K. Go háirithe, le deich mbliana anuas, cé go ndearna an t-éileamh domhanda ar Ace-K an soláthar a chothromú, cuireadh le hacmhainneacht táirgeachta Anhui Jinhe de réir a chéile. Thairis sin, mar gheall ar an gcúngú de réir a chéile ar tháirgeadh milseoirí eile ar nós siúicrín agus cioglamáite, tháinig leathnú ar an margadh Ace-K a bhuí le tacaíocht rialtais agus meastar go leathnóidh sé a thuilleadh (38). Deimhnítear é sin i roinnt pleananna, treoracha agus doiciméad eile a dhíríonn ar Ace-K agus ar na príomh-amhábhair a bhaineann leis, doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach.

    13ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán (39). Meastar sa phlean gur príomhthionscal é tionscal na míncheimiceán a theastaíonn tacaíocht uaidh trí ardán nuálaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an tionscail. Go sonrach, i Roinn III-2 den phlean, cuirtear claochlú agus uasghrádú tionscal traidisiúnta chun cinn trí rialú a dhéanamh ar acmhainneacht nua úiré, i measc nithe eile, agus cuirtear chun feidhme ann tionscadail teicneolaíochta ar ardleibhéal maidir le claochlú agus uasghrádú a chomhlíonann ceanglais bheartais a bheidh faoi réir ceanglas maidir le hathnuachan acmhainneachta comhionainne nó laghdaithe.

    Plean Cúig Bliana Hebei maidir le forbairt thionscail na bpeitriceimiceán. Leis an bplean, i gcomhréir leis an mbeartas náisiúnta tionsclaíochta agus i gcomhréir le ceanglais liosta Hebei de shrianta agus díothuithe tionsclaíocha, cuirtear coinníollacha iontrála na hearnála chun feidhme go docht, agus rialaítear aon tionscadal nua maidir le hacmhainneacht táirgeachta a bhaineann le haigéad sulfarach, i measc nithe eile.

    Comhaontú arna shíniú ag Anhui Jinhe le Ceantar Dingyuan (40) (Cúige Anhui) d’fhonn Creat-Chomhaontú maidir le Tionscadal Páirce Tionsclaíochta Jinhe Industrial um an nGeilleagar Ciorclach a fhorbairt an 24 Samhain 2017. Sonraítear sa chomhaontú, atá dírithe ar amhábhair réamhtheachtacha a fhorbairt le haghaidh táirgí ceimiceacha atá ann cheana, an slabhra tionsclaíoch a leathnú agus tacú lena chomhtháthú ingearach, go ndéanfadh an chuideachta infheistíocht RMB 2.25 billiún sa pháirc tionsclaíochta Dingyuan Salt Chemical Industrial Park chun páirc tionsclaíochta um an ngeilleagair ciorclach a thógáil agus luaigh sé aschur bliantúil de 310 000 tonna déchéitéine (a tháirgeann an chuideachta go hinmheánach chun Ace-K a tháirgeadh); táirgeadh bliantúil 30 000 tonna sorbáit photaisiam atá ina leasaitheach bia ardéifeachtúil; agus úsáid sulfair mar amhábhar chun sraith táirgí ceimiceacha a fhorbairt.

    (99)

    Déanann Rialtas na Síne treorú breise ar fhorbairt na hearnála i gcomhréir le raon leathan uirlisí agus treoracha beartais. Mar a míníodh san aithris thuas, tacaíocht an rialtais do chomhtháthú ingearach an tslabhra thionsclaíoch san earnáil Ace-K, chabhraigh sin le Anhui Jinhe a bheith ina cheannaire domhanda san earnáil nach raibh aon amhras faoi. Ina theannta sin, fuair an chuideachta suimeanna móra d’fhóirdheontais rialtais arbh ionann iad agus RMB 41 685 378 in 2020 agus RMB 40 900 000 in 2019 mar a luaitear i gcuntas airgeadais na cuideachta (is ionann agus 1.2 % den láimhdeachas iomlán) (41). Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé go raibh táirgeoirí eile nach raibh ag comhoibriú leis an imscrúdú sin agus atá fós ina gcuid shubstaintiúil den mhargadh ag baint tairbhe as tacaíochtaí airgeadais comhchosúla freisin. Trí na modhanna seo agus modhanna eile, stiúrann agus rialaíonn Rialtas na Síne beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála.

    (100)

    Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear déchéatéin, trí-ocsaíd sulfair agus aigéad sulfarach a tháirgeadh, i measc nithe eile, mar na príomh-amhábhair a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi bhreathnú. Cuireann bearta den sórt sin bac ar ghnáthoibriú fhórsaí an mhargaidh.

    3.2.1.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

    (101)

    De réir na faisnéise atá ar comhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá líon na bhféimheachtaí fós thar a bheith íseal i gcomparáid le méid gheilleagar na tíre, go háirithe toisc go mbíonn roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, agus go bhfeidhmíonn na himeachtaí sin go héifeachtach mar dhídhreasú i gcomhair comhdú féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (42).

    (102)

    Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (43). Is leis an Stát Síneach an talamh go léir (talamh tuaithe faoi úinéireacht an phobail agus talamh uirbeach faoi úinéireacht Stáit). Is ar an Stát agus air sin amháin atá a leithdháileadh ag brath. Tá forálacha dlíthiúla ann a bhfuil sé d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna margaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (44). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (45).

    (103)

    Amhail earnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí Ace-K faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin san earnáil Ace-K.

    (104)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor san earnáil Ace-K, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge lena mbaineann.

    3.2.1.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá

    (105)

    Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais agus cómhargáil (46). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (47). Thairis sin, tá soghluaisteacht lucht saothair na Síne srianta ag córas clárúcháin na dteaghlach, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Is é an toradh air sin go hiondúil go bhfaightear oibrithe nach bhfuil an clárúchán cónaithe áitiúil ina seilbh acu i staid fostaíochta leochaileach agus iad ar ioncam níos ísle ná sealbhóirí cláraithe cónaithe (48). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais phá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

    (106)

    Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach bhfuil an earnáil Ace-K faoi réir chóras dlí saothair na Síne a thugtar tuairisc air. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin don earnáil Ace-K (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh á dhéanamh) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

    3.2.1.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

    (107)

    Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

    (108)

    Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (49), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht stáit) (50) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag an rialtas chun feidhme go tráthrialta. Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (51). Agus á chur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha a ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (52).

    (109)

    Cé go n-aithnítear go dtagraítear le forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá ann gnáthiompar baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí a scrúdú, tá faisnéis dhobhréagnaithe ann, lena n-áirítear torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, a thugann le fios nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na forálacha sin i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dlíthiúla éagsúla.

    (110)

    Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne le déanaí nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí príobháideacha baincéireachta tráchtála fiú agus go bhfanfaidh siad i gcomhréir le beartais náisiúnta. Ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta is ea ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnáil na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta i gcuideachtaí (53). Ní mór do chritéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála a chur san áireamh anois freisin go háirithe, an chaoi a ‘bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe ar an gcaoi a bhfreastalaíonn siad ar ‘thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’ (54).

    (111)

    Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (55).

    (112)

    Agus á chur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha a ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (56). Is é an toradh atá air sin, claonadh i bhfabhar iasachtú le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, le gnólachtaí móra príobháideacha dea-nasctha agus le gnólachtaí i bpríomhearnálacha tionsclaíocha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas caipitil do na gníomhaithe go léir ar an margadh.

    (113)

    Ar an dara dul síos, coinníodh na costais iasachtaíochta íseal go saorga chun borradh a chur faoin infheistíocht. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus tá an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an Stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

    (114)

    Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. An sciar den iasachtú ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun, b’ionann é agus aon trian ar a laghad den iasachtú go léir ag deireadh 2018 (57). Thuairiscigh na meáin oifigiúla i nDaon-Phoblacht na Síne le déanaí gur éiligh Páirtí Cumannach na Síne ‘go dtreorófaí ráta úis mhargadh na n-iasachtaí síos.’ (58) Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

    (115)

    Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá méadú tapa tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas. I bhfianaise staid ina bhfuil méadú ag teacht ar fhiachas atá i mbaol, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtainí a sheachaint. Dá bhrí sin, rinneadh saincheisteanna drochfhiachais a láimhseáil trí fhiachas a thar-rolladh, rud a chruthaigh cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), gan gá go mbeadh an fhadhb fhoriomlán fiachais bainte ná go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais.

    (116)

    Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne.

    (117)

    Níor tíolacadh aon fhianaise lenar léiríodh go mbeadh an earnáil Ace-K díolmhaithe ó idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais mar a thuairiscítear thuas. Tá sé deimhnithe ag an gCoimisiún freisin gur bhain an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach tairbhe as iasachtaí fabhracha fadtéarmacha, i measc iasachtaí eile, ó 2006 go 2021 arna n-eisiúint ag biúró Airgeadais Cheantar Lai’an. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstaintiúil an rialtais sa chóras airgeadais.

    3.2.1.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a shonraítear

    (118)

    Thug an Coimisiún dá aire gur saintréith de gheilleagar na Síne é an saobhadh a bhfuil tuairisc tugtha air sa Tuarascáil. Maidir le fíorais agus gnéithe an chórais Shínigh mar a thuairiscítear i Ranna 3.2.1.2 go 3.2.1.5 thuas agus i gCuid A den Tuarascáil freisin, léiríonn an fhianaise atá ar fáil go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is amhlaidh atá maidir le tuairisc ar tosca táirgeachta mar a leagtar amach i Ranna 3.2.1.6 - 3.2.1.8 thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

    (119)

    Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt ionchur ag teastáil chun Ace-K a tháirgeadh. De réir na fianaise sa chomhad, fuair an táirgeoir onnmhairiúcháin beagnach gach ionchur dá chuid i nDaon-Phoblacht na Síne. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí Ace-K na hamhábhair réamhtheachtacha chun na hionchuir sin a tháirgeadh nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir an tsaofa san earnáil airgeadais nó sa leithdháileadh caipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus gach earnáil.

    (120)

    Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre Ace-K a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh caipitil, talamh, lucht saothair, fuinneamh agus amhábhair, is ann do na hidirghabhálacha sin ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

    3.2.1.10.   Conclúid

    (121)

    Leis an anailís a leagtar amach i ranna 3.2.1.2 go 3.2.1.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus san earnáil Ace-K (lena n-áirítear an táirge lena mbaineann), léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás seo.

    (122)

    Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa amháin, eadhon, sa chás seo, ar bhonn costais táirgthe agus díola chomhfhreagracha i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a phléitear sa roinn sa leanann seo.

    3.3.   An tír ionadaíoch

    3.3.1.   Barúlacha ginearálta

    (123)

    Is ar na critéir seo a leanas a bunaíodh rogha na tíre ionadaíche de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá comhchosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche Dhaon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá comhionann le hollioncam náisiúnta na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (59);

    Táirgeadh an táirge lena mbaineann sa tír sin (60);

    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

    (124)

    I gcás inarbh ann do níos mó ná aon tír ionadaíoch fhéideartha amháin, ba cheart tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá inti.

    (125)

    Mar a mhínítear in aithrisí (127) agus (128), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Sna nótaí sin, tuairiscíodh na fíorais agus an fhianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe faoi na gnéithe sin agus na foinsí ábhartha. Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Mhalaeisia a úsáid ina tír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (126)

    I bpointe 5.3.2 den Fhógra tionscnaimh shainaithin an Coimisiún an Tuirc ina tír a d’fhéadfadh a bheith mar thír ionadaíoch de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

    (127)

    An 15 Márta 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an Chéad Nóta’) ar na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile a úsáidtear chun Ace-K a tháirgeadh, amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh. Ina theannta sin, shainaithin an Coimisiún An Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn ina dtíortha a d’fhéadfadh a bheith mar thíortha ionadaíocha. Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gCéad Nóta ach amháin ón iarratasóir. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin in aithrisí (129) go (147).

    (128)

    An 11 Meitheamh 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (‘an Dara Nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Mhalaeisia an tír ionadaíoch. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) agus brabúis ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don chuideachta ábhartha Ajinomoto (Malaysia) Berhad. Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha faoin Dara Nóta ach amháin ón iarratasóir. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin in aithrisí (178) go (192).

    3.3.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

    (129)

    Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, mhínigh an Coimisiún nár chosúil gur táirgeadh an táirge lena mbaineann in aon cheann de na tíortha a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil leis leibhéal forbartha eacnamaíche Dhaon-Phoblacht na Síne i gcomhréir leis na critéir a luaitear in aithris (123). Níor táirgeadh é ach amháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus san Aontas Eorpach.

    (130)

    Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún arbh ann do tháirgeadh táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl go mbreithneodh sé táirgeadh milseoirí, blastán agus breiseán bia, ar táirgí iad a bhí sa chatagóir ghinearálta chéanna le Ace-K, chun tír ionadaíoch iomchuí a shuí le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (131)

    Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún an Airgintín, an Mhalaeisia, agus an Téalainn ina dtíortha a d’fhéadfadh a bheith mar thíortha ionadaíocha, ar tíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir ina dtíortha ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta (‘OIN’).

    (132)

    Thug an t-iarratasóir le fios go raibh réimse leathan de leibhéil forbartha laistigh den chatagóir ‘meánioncaim uachtarach’. Dá bhrí sin, bhí sé riachtanach tosaíocht a thabhairt do thíortha ‘ionadaíocha’ is iarrthóirí a bhí gar don tSín ó thaobh OIN per capita de. Chuir siad in iúl go raibh an leibhéil chéanna OIN ag na trí thír a mhol an Coimisiún, an Airgintín agus an Mhalaeisia, ach go raibh an Téalainn cuid mhaith ní b’ísle agus gur cheart í a eisiamh.

    (133)

    Agus an gnáthluach á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6ú)(a) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún tír ionadaíoch a úsáid a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil le leibhéal na tíre is onnmhaireoir. Níl aon cheanglas breise sa bhun-Rialachán maidir leis an tír a bhfuil an leibhéal forbartha eacnamaíche is gaire don tír is onnmhaireoir aige a roghnú.

    (134)

    Agus an tír ionadaíoch iomchuí á roghnú, ní chuirtear san áireamh é sa bhreithniú sin go bhféadfaí OIN per capita níos dlúithe leis an tSín ná le tír eile a bheith ag tír. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh sin.

    3.3.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

    (135)

    Sa Chéad Nóta, d’aithin an Coimisiún cuideachta amháin san Airgintín, cuideachta amháin sa Mhalaeisia agus ceithre chuideachta sa Téalainn a raibh faisnéis airgeadais le haghaidh táirgí sa chatagóir ghinearálta céanna leis an táirge faoi athbhreithniú le fáil go héasca i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet (61).

    (136)

    Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios, i gcás na dtíortha a sainaithníodh, i.e. an Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn, go ndearna sé imscrúdú breise ar fhaisnéis airgeadais poiblí.

    (137)

    Maidir leis an Airgintín, i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet, d’aimsigh an Coimisiún faisnéis airgeadais go héasca i gcás aon táirgeora amháin, Laboratorios Argentinos Farmesa, i ndáil le táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna le Ace-K, ach níor aimsíodh ráitis airgeadais foilsithe.

    (138)

    Thug an t-iarratasóir le fios nach raibh an cóimheas 5.3 % idir brabús agus díolachán i gcás an táirgeora san Airgintín réasúnta le haghaidh ghnó Ace-K.

    (139)

    Maidir leis an Malaeisia, d’aimsigh an Coimisiún ráitis airgeadais foilsithe atá ar fáil go héasca i gcás na cuideachta sa Mhalaeisia, Ajinomoto (Malaysia) Berhad (‘Ajinomoto Malaysia’) a luaitear sa Chéad Nóta, le haghaidh na mblianta airgeadais dar críoch an 31 Márta 2017, 2018, 2019 agus 2020 (62) chomh maith le sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca i gcás na cuideachta sin i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet.

    (140)

    Sholáthair an t-iarratasóir na ráitis airgeadais chéanna a bhí sainaitheanta ag an gCoimisiún. D’áitigh sé freisin gur léirigh na tuarascálacha bliantúla figiúirí brabúsachta éagsúla le haghaidh na hearnála thionsclaíche (a líomhnaíonn sé go raibh sí ní b’oiriúnaí do ghnó Ace-K) agus d’earnáil na dtomhaltóirí agus gur thug siad miondealú ar an ioncam, ar na costais agus ar na speansais, rud a cheadaigh eastóscadh figiúirí cuí SGA agus brabúis. D’áitigh an t-iarratasóir freisin go raibh costas an díolacháin sna ráitis airgeadais foilsithe ní b’iontaofa ná na figiúirí costais choibhéiseacha a baineadh as bunachar sonraí Dun and Bradstreet. Ina theannta sin, thug an t-iarratasóir le fios, ó bhí brabúsacht cobhsaí ann sna blianta airgeadais 2017 go 2020, go bhféadfaí a bheith muiníneach gurbh ionadaíoch an bhrabúsacht sa bhliain airgeadais 2020.

    (141)

    Maidir leis an Téalainn, i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet, fuair an Coimisiún sonraí airgeadais a bhí ar fáil go héasca i gcás cheithre chuideachta bhrabúsacha a mhonaraíonn táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna le Ace-K, i.e. blastáin agus breiseáin bia.

    (142)

    Is éard a d’áitigh an t-iarratasóir, cé go raibh na sonraí sin faighte ag an gCoimisiún i gcás cheithre chuideachta sa Téalainn, ba mhí-oiriúnach iad dhá cheann de na chuideachtaí Téalannacha, Shimakyu Co. Ltd. agus Patchara Products Ltd., mar gheall ar a gcóimheas íseal brabúis le díolacháin, a bhí ag 6.1 % agus 2.7 % faoi seach.

    (143)

    Mheas an Coimisiún gurbh í an fhaisnéis airgeadais atá ar fáil le haghaidh Ajinomoto Malaysia an fhoinse is oiriúnaí chun SGA agus brabúis a shuí ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh. Bhí ráitis airgeadais iniúchta a raibh forluí 9 mhí acu le tréimhse an imscrúdaithe ar fáil go héasca i gcás Ajinomoto Malaysia. Ina theannta sin, is cuideachta mhór í Ajinomoto Malaysia agus tá táirgeadh suntasach táirgí aige sa chatagóir ghinearálta chéanna le Ace-K.

    (144)

    D’fhonn tír ionadaíoch iomchuí a chinneadh, rinne an Coimisiún measúnú freisin arbh ann do shaobhadh margaidh de bharr srianta onnmhairiúcháin agus/nó srianta allmhairiúcháin ar Ace-K agus ar na hamhábhair, eadhon iad siúd arb ionann iad agus na hítimí costais monaraíochta is tábhachtaí a úsáidtear chun Ace-K a tháirgeadh.

    (145)

    Léiríodh roinnt srianta sa Chéad Nóta maidir leis na príomhthosca táirgthe, bunaithe ar bhunachar sonraí na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (63) agus ar an mbunachar sonraí atá ag Global Trade Alert (64), go háirithe ar liosta na srianta ar onnmhairiú/allmhairiú amhábhar thionsclaíoch. I gcás na hAirgintíne, shainaithin an Coimisiún taraifí allmhairiúcháin ar aigéad aicéiteach (291521) ó SAM agus ceanglais um cheadúnú allmhairiúcháin le haghaidh hiodrocsaíd photaisiam (281520) ón mBrasaíl, ón gCóiré agus ó SAM, sulfar (250300) ón gCasacstáin, ón Rúis, ón Spáinn agus ó SAM, carbónáit chailciam (251710) ó Pharagua agus aigéad aicéiteach (291521) ó SAM. I gcás na Téalainne, shainaithin an Coimisiún taraifí allmhairiúcháin ar antraicít (270111) ó Vítneam agus ar charbónáit chailciam (251710) ó Laos. Ar deireadh, i gcás na Malaeisia, shainaithin an Coimisiún taraifí allmhairiúcháin ar aigéad sulfamach (281119) ón Namaib; ceanglais um cheadúnú onnmhairiúcháin maidir le haigéad aicéiteach (291521) a onnmhairiú chuig an mBeilg, an India, an Indinéis, an tSeapáin, an Phacastáin, Singeapór agus an Téalainn; agus ceanglais um cheadúnú onnmhairiúcháin maidir le honnmhairí de charbónáit chailciam (251710) chuig Brúiné Darasalám, an Indinéis agus Singeapór.

    (146)

    Maidir leis na ceanglais um cheadúnú allmhairiúcháin a chuir an Airgintín i bhfeidhm ar cheithre amhábhar (amhail hiodrocsaíd photaisiam, sulfar, carbónáit chailciam agus aigéad aicéiteach) mar a chuir an Coimisiún i dtábhacht iad sa Chéad Nóta, mhaígh an t-iarratasóir gur chuir na ceanglais sin teorainn leis na foinsí soláthair agus, dá bhrí sin, gur choinnigh siad na praghsanna suas sa mhargadh intíre. D’áitigh sé freisin, maidir leis na ceanglais um cheadúnú onnmhairiúcháin, arna gcur chun feidhme ag an Malaeisia ar dhá cheann de na hamhábhair sin (amhail aigéad aicéiteach agus carbónáit chailciam), go bhféadfadh na ceanglais sin a mhalairt de thionchar a bheith acu trí sholáthar intíre a choinneáil ar bun agus praghsanna a choinneáil síos sa mhargadh intíre. Mheas siad, dá bhrí sin, gurbh fhearr a bheadh an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch ná mar a bheadh ag an Airgintín i ndáil leis sin.

    (147)

    Maidir leis na ceanglais um cheadúnú onnmhairiúcháin a chuireann an Mhalaeisia i bhfeidhm, chuir an Coimisiún in iúl sa Chéad Nóta nach raibh feidhm acu ach maidir le dhá amhábhar, is iad sin aigéad aicéiteach agus carbónáit chailciam. Is é an tionchar a bheadh ag na ceanglais um cheadúnú onnmhairiúcháin, praghsanna intíre a choinneáil síos, rud ar dócha go ndéanfadh sé cainníochtaí agus/nó praghsanna allmhairí a choinneáil síos chun dul in iomaíocht le soláthairtí intíre. Dá réir sin, is rídhócha go raibh maolaisnéis ann i leith na bpraghsanna allmhairiúcháin le haghaidh an dá amhábhar sin dá n-úsáidfí iad chun gnáthluach a ríomh (65).

    (148)

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí an chuideachta, Ajinomoto (Malaysia) Berhad, a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

    (149)

    Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Malaeisia mar thír ionadaíoch agus ar Ajinomoto (Malaysia) Berhad mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch.

    (150)

    I ndiaidh an Dara Nóta, ní bhfuarthas barúlacha ach amháin ón iarratasóir. Thug an t-iarratasóir barúlacha ar an mbonn go roghnófaí an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch.

    3.3.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

    (151)

    Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Mhalaeisia ar bhonn na ngnéithe uile thuas, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

    3.3.5.   Conclúid

    (152)

    I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Mhalaeisia an critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

    (153)

    Ina bharúlacha tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nach raibh an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch chuí toisc nach raibh ach cuideachta amháin, Ajinomoto (Malaysia) Berhad, ag feidhmiú sa chatagóir ghinearálta táirge céanna le Ace-K, agus d’áitigh sé go raibh sonraí airgeadais Ajinomoto saofa toisc go raibh a chostais ag brath go mór ar cheannacháin ó chuideachtaí gaolmhara. D’áitigh sé go raibh na costais níos ísle ar amhábhar a tháinig as sin agus na costais dhíreacha eile a thabhaigh an chuideachta ina míniú ar an gcéatadán ard SGA a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh.

    (154)

    Thug an Coimisiún dá aire i Nóta 29 de na Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais ó Ajinomoto (Malaysia) Berhad le haghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31 Márta 2020 (66), gur léirigh ráiteas ó na stiúrthóirí maidir le hidirbhearta le páirtithe gaolmhara, lena n-áirítear ceannacháin, an méid seo a leanas ‘Tá na stiúrthóirí den tuairim go ndearnadh na hidirbhearta go léir thuas le linn gnáthoibríochtaí an ghnó agus gur bunaíodh iad ar théarmaí agus ar choinníollacha caibidlithe nach bhfuil éagsúil go hábharach leo siúd a fhaightear in idirbhearta le páirtithe neamhghaolmhara’. Ina theannta sin, rinne iniúchóirí neamhspleácha an ráiteas seo a iniúchadh mar chuid den iniúchóireacht reachtúil, ar ráiteas é a ionchorpraíodh sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais, agus thug siad le fios gur thug na ráitis airgeadais léargas cothrom fíor ar staid airgeadais na cuideachta mar a bhí an 31 Márta 2020 (67). Mar sin, mheas an Coimisiún go bhféadfadh sé na costais SGA a shuí ar bhonn an chóimheasa costais SGA le costais táirgeachta a bhí ag Ajinomoto (Malaysia) Berhad agus dhiúltaigh sé don argóint a d’ardaigh Anhui Jinhe.

    (155)

    Sa bhreis air sin, d’áitigh Anhui Jinhe freisin go raibh an Airgintín ina tír ionadaíoch ní b’oiriúnaí toisc go raibh faisnéis airgeadais ar fáil, agus d’áitigh sé freisin go raibh an cóimheas 5.3 % brabús le díolacháin réasúnta agus nach raibh argóint an Choimisiúin bailí, is é sin gur chuir riachtanais na hAirgintíne um cheadúnú allmhairiúcháin teorainn leis na foinsí soláthair, toisc nár cuireadh taraifí allmhairiúcháin i bhfeidhm ach i leith aon tíre amháin (SAM) agus i leith aon táirge amháin.

    (156)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ní toisc nach réasúnta é cóimheas 5.3 % brabúis le díolacháin gur dhiúltaigh an Coimisiún don Airgintín mar thír ionadaíoch, ach ar chúiseanna eile. Go deimhin, mar a mhínítear in aithris (137), ní raibh aon ráiteas airgeadais mionsonraithe ar fáil i gcás aon chuideachta ábhartha san Airgintín, mar a bhí sé ar fáil don Mhalaeisia. Ina theannta sin, sa bhreis ar an taraif allmhairiúcháin a luaigh Anhui Jinhe, shainaithin an Coimisiún ceanglais um cheadúnúcháin allmhairiúcháin i gcás cheithre amhábhar eile, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur leis na foinsí soláthair agus praghsanna ar an margadh intíre a mhéadú dá bhrí sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

    3.4.   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí

    (157)

    Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

    (158)

    Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé sonraí Global Trade Atlas (GTA) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an Institiúid um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (ILMIA) (68) chun costais saothair neamhshaofa a shuí mar aon le faisnéis faoi phraghsanna leictreachais a d’fhoilsigh an chuideachta leictreachais Tenaga Nasional Berhad (TNB) ar a shuíomh gréasáin (69) le haghaidh costais leictreachais.

    (159)

    Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara gur measadh gur ‘tomhaltáin’ iad roinnt de na tosca táirgeachta mar gheall ar an tábhacht theoranta a bhaineann le roinnt ítimí amhábhair aonair i gcostas iomlán an táirgthe. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl do pháirtithe leasmhara go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán i gcostas iomlán an táirgthe agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa an táirgthe trí úsáid a bhaint as na tagarmharcanna neamhshaofa seanbhunaithe sa tír ionadaíoch iomchuí.

    (160)

    Le linn éisteachta, d’áitigh Anhui Jinhe nár chuir an Coimisiún an Chéad Nóta le comhad neamhrúnda an imscrúdaithe laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra tionscnaimh, mar a shonraítear in alt 5.3.2. den Fhógra tionscnaimh.

    (161)

    Mar sin féin, ní chuimsíonn an sprioc-am sin na nótaí a ghabhann leis an gcomhad. D’eisigh an Coimisiún an Chéad Nóta uaidh an 15 Márta 2021 agus an Dara Nóta uaidh an 11 Meitheamh 2021, agus sa dá Nóta sin bhí 10 lá ag na páirtithe leasmhara chun barúlacha a chur isteach maidir leis na gnéithe sin. Níor chuir Anhui Jinhe aon bharúil isteach mar fhreagra ar cheachtar de na nótaí.

    (162)

    Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Anhui Jinhe a mhaíomh a shonraítear in aithris (160). D’áitigh sé freisin, ós rud é gur chuir an Coimisiún an Chéad Nóta i gcomhad an imscrúdaithe tar éis 4.5 mí ó thionscnamh an imscrúdaithe agus an Dara Nóta tar éis 7.5 mí, nár chuir an Coimisiún na nótaí leis an gcomhad ‘go gearr’ i gcomhréir le roinn 5.3.2 den Fhógra tionscnaimh agus ‘go pras’ de bhun Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin gur cheart neamhaird a thabhairt orthu. Ina theannta sin, maíodh nach raibh aon ghné san iarraidh maidir le saobhadh ar ionchuir shonracha áirithe a d’úsáid Anhui Jinhe sa phróiseas táirgthe agus nár chuir an t-iarratasóir an fhianaise sin ar fáil don Choimisiún laistigh den 37 lá ó dháta an Fhógra maidir le tionscnamh. Ar deireadh, áitíodh gur sáraíodh cearta cosanta Anhui Jinhe tríd an gCéad Nóta a chur isteach tar éis an 37 lá.

    (163)

    Easaontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. Is é cuspóir an Chéad Nóta agus an Dara Nóta a ghabhann leis an gcomhad, na páirtithe a chur ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní áirítear sna Nótaí measúnú maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, ba é sainiúlacht an cháis sin, mar a míníodh in aithris (129), gur monaraíodh Ace-K san Aontas amháin agus i nDaon-Phoblacht na Síne amháin. Dá bhrí sin, bhí próiseas roghnúcháin na tíre ionadaíche ní ba chasta ná mar ba ghnách toisc go raibh ar an gCoimisiún a mheas ar táirgeadh táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna leis an táirge lena mbaineann. Thairis sin, imscrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 11.2 den bhun-Rialachán, amhail an t-imscrúdú reatha, is gá é a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh (mar atá luaite i Roinn 6 den Fhógra tionscnaimh), i gcomparáid le himscrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán nuair ba cheart bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 8 mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. Thairis sin, bhí go leor ama ag Anhui Jinhe chun barúil a thabhairt ar na nótaí. Níor thug Anhui Jinhe aon bharúil ar an gCéad Nóta, áfach, nóta a d’aithin trí thír ionadaíocha fhéideartha. Níor thug Anhui Jinhe barúil ar an Dara Nóta ach an oiread. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh gur sáraíodh cearta cosanta Anhui Jinhe.

    (164)

    Maidir leis an maíomh nach raibh aon ghné san iarraidh maidir le saobhadh ar ionchuir shonracha áirithe, mar a luaitear in aithris (22), bhain an Coimisiún de thátal as gur leor an fhianaise a bhí san iarraidh chun an t-imscrúdú a thionscnamh. Ní cheanglaítear ar an iarratasóir fianaise bhreise a chur isteach maidir le saobhadh ar ionchuir áirithe chun go bhféadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    3.5.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

    3.5.1.   Tosca táirgeachta

    (165)

    I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcros-sheiceálacha cianda a dhéanamh, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

    Tábla 1

    Tosca táirgeachta Ace-K

    Toisc tháirgeachta

    Cód an tráchtearra sa Mhalaeisia

    Luachanna neamhshaofa in CNY

    Aonaid tomhais

    Amhábhair

    Carbón gníomhachtaithe

    38021000

    17,78

    KG

    Fosfáit amóiniam/ fosfáit dé-amóiniam

    31053000

    2,87

    KG

    Antraicít

    27011100

    0,99

    KG

    Aicéatáit Bhúitile

    29153300

    6,99

    KG

    Púdar cloiche carbónáite cailciam/CaCO3/200 mesh

    25171000

    0,72

    KG

    Oibreán frithchúrtha/Sileacóin i bhfoirm phríomhúil

    39100020

    39100090

    64,55

    KG

    Déchlóraimeatán

    29031200

    4,51

    KG

    Aigéad aicéiteach oighreach

    29152100

    6,00

    KG

    Aol/Púdar/250 mogalra

    25221000

    1,07

    KG

    Hiodrocsaíd photaisiam

    28152000

    4,14

    KG

    Aigéad sulfamach

    28111990

    18,14

    KG

    Sulfar/leacht

    25030000

    0,77

    KG

    Trí-eitiolaimín

    29211900

    47,51

    KG

    Fuinneamh

    Leictreachas

    Neamhbhainteach

    0,52

    KWH

    Saothar

    Costais saothair in earnáil na monaraíochta

    Neamhbhainteach

    64,10

    Uair an tsaothair

    (166)

    Chuir an Coimisiún luach ar fhorchostais mhonaraíochta ar áireamh freisin chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. In aithris (186), mínítear go hiomchuí an mhodheolaíocht chun an méid sin a shuí.

    Amhábhair agus seachtháirgí

    (167)

    Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche,d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé in aithris (121) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní ann d’aon fhianaise a léiríonn nach bhfuil an tionchar céanna ag an saobhadh sin ar tháirgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú, agus ó tharla sin amhlaidh, mheas an Coimisiún go bhfuil tionchar ag an saobhadh céanna ar phraghsanna na n-onnmhairí. Tar éis na hallmhairí isteach sa Mhalaeisia ón tSín agus ó na tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 de Rialachán 2015/755 a eisiamh, mheas an Coimisiún go raibh allmhairí na bpríomh-amhábhar ó thríú tíortha eile fós ionadaíoch (níos mó ná 75 % de na méideanna iomlána a allmhairíodh isteach sa Mhalaeisia).

    (168)

    I gcás líon beag tosca táirgeachta agus seachtháirgí, b’ionann na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

    (169)

    Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh siúd ar na ríomhanna maidir le corrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún glanluach na gcostas sin a áireamh i dtomhaltáin.

    (170)

    Maidir le gal, thuairiscigh an táirgeoir onnmhairithe costas suntasach i gcatagóir na dtomhaltán. Ós rud é gur fotháirge ón bpróiseas táirgthe a bhí sa ghal, chuir an Coimisiún costas agus luach ioncaim seachtháirge na gaile araon ar áireamh, i dtomhaltáin.

    (171)

    Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas foriomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó a bheith ag úsáid na bpraghsanna neamhshaofa bunaithe.

    (172)

    Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a bhunú, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm.

    (173)

    Na costais iompair arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair a sholáthar, shloinn an Coimisiún iad mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus ansin chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais iompair neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

    (174)

    Ina bharúlacha tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nár ríomh an Coimisiún tagarmharc cruinn i gcás hiodrocsaíd photaisiam. D’áitigh sé gur bhain an Coimisiún úsáid as an bpraghas Malaeisiach ar HS 281520 i ndáil leis sin agus nár cuireadh san áireamh sa mhodheolaíocht sin go bhféadfaí hiodrocsaíd photaisiam a allmhairiú i bhfoirm leachtach agus i bhfoirm sholadach, foirmeacha a bhfuil praghsanna éagsúla acu.

    (175)

    Chun an tagarmharc a ríomh i gcás hiodrocsaíd photaisiam, d’úsáid an Coimisiún an cód HS a chuir Anhui Jinhe isteach, praghas a bhí mar an gcéanna i gcás foirmeacha leachtacha agus soladacha araon. An cód tráchtearra 8 dhigit sa Mhalaeisia le haghaidh an táirge seo, ní dhéantar idirdhealú leis idir táirgí leachtacha agus soladacha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (176)

    D’áitigh Anhui Jinhe freisin gurb é an bunphrionsabal a bhí mar bhonn le coincheap na ndleachtanna ar allmhairí, dá gceannófaí amhábhair ar an margadh intíre, go raibh an praghas ceannaigh faoi réir cáin bhreisluacha (CBL), agus dá mba rud é go bhfuarthas na hamhábhair ar mhargaí eachtracha, níor ghearr na tíortha a d’onnmhairigh an t-amhábhar CBL de ghnáth. Dá bhrí sin, ag céim na n-allmhairí, toibhíodh dleachtanna allmhairiúcháin chun an cháin a chothromú ionas go mbeadh an praghas intíre inchomparáide leis an bpraghas ar allmhairí. Mar sin féin, má cheannaíonn cuideachta amhábhair, is é an CBL a íocadh CBL ar ionchur, rud nár chuid den chostas táirgthe é toisc gur fhritháireamh CBL ar aschur é. Dá bhrí sin, mhaígh Anhui Jinhe nár cheart an dleacht ar allmhairí a shuimiú chun gnáthluach a ríomh.

    (177)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Tá an córas CBL éagsúil le córas na dleachta ar allmhairí. Cé go ndéantar fritháireamh i gcás CBL idir CBL ar ionchur agus ar aschur fiú i gcás amhábhar allmhairithe, ní bhaineann an fritháireamh sin leis na dleachtanna ar allmhairí. Ina theannta sin, is é an cuspóir atá le dleachtanna allmhairiúcháin a shuimiú, an praghas allmhairiúcháin deiridh sa mhargadh intíre a fháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    Saothar

    (178)

    Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé ar intinn aige úsáid a bhaint as na staitisticí a d’fhoilsigh an Institiúid um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (ILMIA) (71) sa Mhalaeisia chun an pá sa Mhalaeisia a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis maidir le meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí in earnáil na monaraíochta le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe.

    (179)

    Tar éis an Dara Nóta, chuir an t-iarratasóir in iúl go bhféadfaí a dhéanamh amach gur íoc Ajinomoto (Malaysia) Berhad 85 820,81 RM/bliain ar an meán le gach fostaí neamhfheidhmiúcháin, méid arbh ionann é agus 7 151,73 RM/mí (11 952,8 CNY/mí), bunaithe ar an gcostas saothair neamhfheidhmiúcháin a shuí an Coimisiún i gcás Ajinomoto (Malaysia) Berhad (RM 38 791 005) agus gur 452 duine a bhí i gceist leis an gcostas sin. Thug sé le fios, ós rud é go raibh Ajinomoto (Malaysia) Berhad ag feidhmiú san earnáil ghnó chéanna le táirgeoirí Ace-K, go mbeadh sé réasúnta an tagarmharc saothair a ríomh ag baint úsáid as costais saothair neamhfheidhmiúcháin in aghaidh na huaire ó ráitis airgeadais an Ajinomoto (Malaysia) Berhad.

    (180)

    Tugann an Coimisiún dá aire go mbaineann figiúirí na hInstitiúide um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (ILMIA) leis an mbliain 2016. Ós rud é go mbaineann na figiúirí saothair neamhfheidhmiúcháin a mhol an t-iarratasóir leis an mbliain airgeadais dar críoch 31 Márta 2020 agus go dtagann siad ó chuideachta san earnáil ghnó chéanna le táirgeoirí Ace-K, mheas an Coimisiún gurb iomchuí an iarraidh ón iarratasóir costais saothair a shuí ar an mbonn sin.

    Leictreachas

    (181)

    Tá praghsanna leictreachais le haghaidh cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíochta) sa Mhalaeisia foilsithe ag an gcuideachta leictreachais Tenaga Nasional Berhad (TNB) ar a shuíomh gréasáin (72). Foilsíodh na rátaí is déanaí an 1 Eanáir 2014 agus bhí siad fós infheidhme i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. D’úsáid an Coimisiún rátaí na bpraghsanna leictreachais tionsclaíochta sa bhanda tomhaltais ‘Tairif E2 – Tairif Thionsclaíochta Meánvoltais, Buaictharaif/Taraif Sheachbhuaice’ ó TNB chun an costas leictreachais in aghaidh an kWh a shuí.

    (182)

    Maidir leis gné an éilimh uasta, níor thug an táirgeoir onnmhairiúcháin sonraí maidir leis an éileamh uasta in aghaidh na leathuaire an chloig, ar gné den ríomh í. Dá bhrí sin, shuí an Coimisiún an ghné sin, go coimeádach, ar bhonn an mheánéilimh in aghaidh na leathuaire an chloig le haghaidh na míosa a raibh an t-éileamh is airde uirthi.

    (183)

    Ansin shuigh an Coimisiún an tomhaltas a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach le linn na buaicthréimhse agus na tréimhse seachbhuaice i gcóras taraifí na Malaeisia, tréimhsí a bhí ar aon dul leis an mbuaicthréimhse agus leis an tréimhse chomhréidh (buaicthréimhse na Malaeisia) agus leis an tréimhse ghleanna (tréimhse sheachbhuaice na Malaeisia) i gcóras taraifí na Síne.

    (184)

    Ina dhiaidh sin, na praghsanna Malaeisiacha in aghaidh an aonaid a thomhlaítear le linn bhuaicthréimhse agus tréimhse sheachbhuaice na Malaeisia, chuir an Coimisiún i bhfeidhm iad ar thomhaltas an táirgeora onnmhairiúcháin Shínigh in kWh le linn na dtréimhsí sin agus chuir sé leis sin an muirear éilimh uasta a suíodh thuas agus an taraif ar sholáthar leictreachais 1.6 % chun an costas leictreachais in aghaidh an kWh a shuí.

    3.5.2.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, agus brabúis

    (185)

    De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “Áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.”. Ina theannta sin, ní mór luach a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta ar mhaithe leis na costais nár cuimsíodh sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas a chumhdach.

    (186)

    Maidir leis na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha , sloinneadh iad mar sciar de na costais mhonaraíochta a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

    (187)

    Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh costais SGA agus brabúis, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais dar críoch an 31 Márta 2020 i gcás Ajinomoto (Malaysia) Berhad. Chuir an Coimisiún na sonraí sin ar fáil do pháirtithe leasmhara sa Dara Nóta.

    (188)

    Mar a léirítear sa Dara Nóta, rinne an Coimisiún anailís ar dtús ar an gcuntas brabúis agus caillteanais iniúchta agus ar na nótaí a ghabhann le cuntais Ajinomoto (Malaysia) Berhad le haghaidh na bliana dar críoch na 31 Márta 2020 d’fhonn costas díolacháin agus SGA a shuí. Leithdháileadh cineálacha áirithe costas go díreach ar chostas díolacháin (e.g. dímheas gléasra, innealra agus trealaimh) nó ar chostais SGA (e.g. tuarastail stiúrthóirí) de réir mar b’iomchuí. Rinneadh costais eile a chionroinnt ar chostais díolacháin agus ar chostais SGA ar bhonn líon na bhfostaithe neamhfheidhmiúcháin (cionroinnte ar chostas díolacháin) agus fostaithe eile (cionroinnte ar chostais SGA). Leis an anailís seo, léirigh an Coimisiún na chostais SGA mar chéatadán de na costais ndíolacháin.

    (189)

    Sa bhreis ar an Dara Nóta, chuir an t-iarratasóir in iúl nár cheart caitheamh le hioncam úis MR 2 894 308 mar chostas diúltach sna costais SGA.

    (190)

    Ós rud é go raibh sócmhainní airgid suntasacha ag Ajinomoto (Malaysia) Berhad arbh iad foinse an ioncaim sin iad, d’aontaigh an Coimisiún nár cheart an t-ús a fuarthas a áireamh chun na costais SGA a bhaineann le táirgeadh an táirge atá faoi bhreathnú a laghdú. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún na costais SGA a choigeartú ina leith sin.

    (191)

    Ina theannta sin, d’áitigh an t-iarratasóir gur cheart don Choimisiún brabúsacht Ajinomoto (Malaysia) Berhad a chur san áireamh maidir lena dhíolacháin thionsclaíocha seachas maidir lena dhíolacháin le tomhaltóirí, toisc go ndíolann an t-iarratasóir agus Anhui Jinhe Ace-K ar bhonn ‘gnó le gnó’. Chuir siad in iúl go bhféadfaí brabúsacht na hearnála tionsclaíche a ríomh ag baint úsáide as an bhfaisnéis deighleoige atá le fáil ar leathanach 89 de Thuarascáil Bhliantúil 2020.

    (192)

    Thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh na figiúirí sa Tuarascáil Bhliantúil céatadán brabúis le haghaidh díolacháin thionsclaíocha a chinneadh, ach nach mbeadh céatadán costais SGA comhionann ann le haghaidh díolacháin thionsclaíocha. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin agus shuigh sé an brabús agus na costais SGA ar bhonn fhigiúirí iomlána an chomhlachta Ajinomoto (Malaysia) Berhad.

    (193)

    Ina bharúlacha tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe freisin go ndearna an Coimisiún rómheastachán na costais SGA a bhí ag Ajinomoto, trí na ‘costais oibriúcháin eile’ ina n-iomláine a leithdháileadh chuig na costais SGA. D’áitigh sé go bhfuil codanna de na ‘costais oibriúcháin eile’ ina ndlúthchuid de na costais díolacháin, seachas de na costais SGA, óir, mar shampla, na costais nach n-aicmítear ina ‘gcostais oibriúcháin eile’, is cosúil nach n-áiríonn aon cheann de na costais sin costais fuinnimh, costais fuinnimh ar cheart iad a mheas ina gcostais táirgeachta seachas ina gcostais SGA, ar bhonn páirteach ar a laghad.

    (194)

    Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon léiriú soiléir ann ná aon mhiondealú ar na costais a áirítear sa chatagóir sin i dtuarascáil bhliantúil Ajinomoto. Rinneadh nochtadh mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas chun na costais SGA a chinneadh mar chuid den Dara Nóta agus tugadh 10 lá do pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt. Níor thug Anhui Jinhe barúil ar an ngné sin an tráth sin. Mar sin féin, fiú dá nglacfadh an Coimisiún leis an maíomh sin, ní athródh sé sin conclúidí an imscrúdaithe, is é sin gur lean an dumpáil (ar ráta ard) le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    3.5.3.   Ríomh

    (195)

    De réir an mhéid thuas, is ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha a ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an bunchineál táirge, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    (196)

    Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa (lena gcumhdaítear tomhaltas amhábhar, saothar agus fuinneamh). Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca táirgeachta aonair an táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a breathnaíodh sa tír ionadaíoch.

    (197)

    Ar an dara dul síos, chun teacht ar iomlán na gcostas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta leis an méid sin. Na forchostais mhonaraíochta a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, tháinig méadú orthu de bharr chostais na n-amhábhar agus na dtomhaltán dá dtagraítear in aithrisí (168) go (171) agus dá éis sin sloinneadh iad mar sciar de na costais mhonaraíochta a thabhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

    (198)

    A luaithe a suíodh an costas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún na costais SGA agus an brabús a cinneadh i bhfeidhm mar a luaitear in aithrisí (188) go (192). Cinneadh iad ar bhonn ráitis airgeadais Ajinomoto (Malaysia) Berhad mar a mhínítear in aithris (187).

    (199)

    Ba é 32,7 % na costais SGA arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí Díolta (‘COGS’) agus arna gcur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa. Ba é 22.8 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa.

    (200)

    Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh in aghaidh an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    3.6.   An praghas onnmhairiúcháin

    (201)

    D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha i margadh an Aontais.

    (202)

    Dá bhrí sin, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh go hiarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

    3.7.   Comparáid

    (203)

    Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

    (204)

    I gcás ina raibh údar maith leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí lenar ndearnadh difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin i leith na rudaí seo a leanas: lasta, láimhseáil, luchtú agus costais choimhdeacha i nDaon-Phoblacht na Síne, lasta aigéin agus árachas, costais chreidmheasa, muirir bhainc agus costais phacáistíochta.

    3.8.   Corrlach dumpála

    (205)

    I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch, Anhui Jinhe, rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach an táirge chomhchosúil agus an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh cineál comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

    (206)

    Ar an mbonn sin, ba é 67.6 % an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille an Aontais de, agus an dleacht neamhíoctha.

    (207)

    Na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón tSín atá i staitisticí oifigiúla, tá siad i gcomhréir le praghsanna Anhui Jinhe. I bhfianaise an chorrlaigh dumpála shuntasaigh agus na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin eile, mheas an Coimisiún go raibh cuideachtaí eile ag onnmhairiú ag praghsanna dumpáilte freisin.

    (208)

    Is é an conclúid a thángthas air dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

    4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL

    (209)

    Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna agus corrlaigh dhumpála is dócha a bheadh ann dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

    4.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne

    (210)

    Rinne an Coimisiún anailís ar an staid maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise ar bhonn na faisnéise san iarratas, na bhfoirmeacha samplála a chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha isteach, an fhreagairt ar cheistneoir a fuarthas ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch, na haighneachtaí a fuarthas agus suíomhanna gréasáin na dtáirgeoirí sa tSín.

    (211)

    San iarratas, thug an t-iarratasóir le fios gur 39 500 tona a bhí i gceist leis an acmhainneacht reatha i nDaon-Phoblacht na Síne agus go raibh úsáid acmhainneachta bunaithe ar dhíolacháin dhomhanda níos lú ná 50 % (73).

    (212)

    Mhaígh Anhui Jinhe nach raibh ach trí chuideachta, Anhui Jinhe, Vitasweet agus Yabang, ag táirgeadh Ace-K i nDaon-Phoblacht na Síne agus chuir sé fianaise ar fáil chun a thaispeáint nach raibh roinnt de na táirgeoirí Síneacha a léiríodh san iarratas ag táirgeadh Ace-K.

    (213)

    Ghlac an Coimisiún leis an bhfianaise (74) ó Anhui Jinhe, fianaise a raibh an chuma uirthi nach raibh Shandong MinghuiFood Co., Ltd, Suzhou PeacockFood Additive Co., Ltd agus Suzhou Hope Technology Co., Ltd ag táirgeadh Ace-K a thuilleadh. Mar sin féin, ní raibh aon fhianaise ann a léiríonn nárbh ann dá n-acmhainneacht a thuilleadh ná faisnéis faoi cé acu an bhféadfaí a n-acmhainneacht a chur ar bun arís sa ghearrthéarma nó nach bhféadfaí.

    (214)

    Maidir le Hangzhou SanheFood Co., Ltd, in éagmais fianaise ar a mhalairt, mheas an Coimisiún gur léiritheoir fós iad agus bhain sé de thátal óna suíomh gréasáin (75) go bhfuil acmhainneacht 5 000 tona ar a laghad acu agus b’fhéidir níos mó.

    (215)

    Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go raibh cuideachta darb ainm Nantong Hongxin i mbun acmhainneacht Ace-K a thógáil a mbeadh 15 000 tona san iomlán i gceist leis, rud a rabhthas ag súil lena bheith curtha i gcrích in 2021 (76) agus go raibh sé i gceist ag cuideachta darb ainm Ningxia Wanxiangyuan saoráid táirgeachta nua Ace-K a thógáil a mbeadh acmhainneacht 5 000 tona in aghaidh na bliana aici, saoráid a d’éirigh léi i gcéim an mheasúnaithe comhshaoil i mí Dheireadh Fómhair 2020 (77). Rinne an t-iarratasóir tagairt freisin d’fhógra in 2017 ó Anhui Jinhe maidir le méadú a d’fhéadfadh teacht ar an acmhainneacht táirgeachta ach níor thug sé aon fhianaise ar leathnú den sórt sin nó ar mhéid na hacmhainneachta táirgeachta a bheadh i gceist.

    (216)

    Ní dhearna Anhui Jinhe aighneas faoin bhfianaise.

    (217)

    Tháinig an Coimisiún ar an eolas freisin faoi tháirgeoir Ace-K féideartha eile sa tSín darb ainm Jiangxi Beiyang, ach ní raibh sé in ann eolas níos mionsonraithe a fháil ar an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith aige nó ar a acmhainneacht táirgeachta.

    (218)

    I bhfianaise na fianaise go léir a bhí ar fáil, mheas an Coimisiún gur dhócha go bhfuil idir 32 000 agus 40 500 tona in acmhainneacht na Síne faoi láthair agus gur dhócha go dtiocfaidh méadú 20 000 tona uirthi sa ghearrthéarma go dtí idir 52 000 agus 60 500 tona.

    (219)

    Mheas Anhui Jinhe go raibh an t-éileamh domhanda bliantúil ar Ace-K idir 18 000 agus 20 000 tona agus d’áitigh sé go n-ídeodh sé sin go tapa aon acmhainneacht bhreise atá ar fáil sa tSín, ós rud é go bhfuil ráta fáis bhliantúil de 2.3-4.5 % ar an éileamh (ráta ar thug an t-iarratasóir fianaise ina leith).

    (220)

    Mar sin féin, ar bhonn na hacmhainneachta atá ann faoi láthair sa tSín a bhfuil idir 32 000 agus 40 500 tona i gceist léi, ba léir go bhféadfadh an tSín an t-éileamh domhanda atá ann cheana a chomhlíonadh go héasca léi féin agus go mbeadh sí in ann an t-éileamh domhanda a chomhlíonadh ar feadh na deich mbliana amach romhainn ar a laghad.

    (221)

    Ina theannta sin, scrúdaigh an Coimisiún an staid maidir le hacmhainneacht bhreise.

    (222)

    Ar bhonn an faisnéise a bhí ar fáil maidir leis na trí chuideachta a mhaígh Anhui Jinhe go raibh siad i mbun táirgthe chomh maith le Hangzhou SanheFood Co. Ltd., chinn an Coimisiún gur dhócha go raibh acmhainneacht bhreise de thart ar 5 200 tona ag na ceithre chuideachta sin (78). Bhí sé sin thart ar dhá oiread níos mó ná tomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (féach aithris (239)).

    (223)

    An acmhainneacht bhreise atá ann faoi láthair a mheastar ag thart ar 5 200 tona, mar aon le hacmhainneacht bhreise 20 000 tona atá le suiteáil sa tSín sa ghearrthéarma, tá an méid sin níos airde ná meastachán Anhui Jinhe ar an éileamh domhanda atá ann faoi láthair agus breis agus tá sé níos mó ná ocht n-oiread thomhaltas iomlán an Aontais.

    (224)

    Dá bhrí sin, beidh acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, chun díolacháin le margadh an Aontais a mhéadú go mór i gcás ina ligfear do na bearta frithdhumpála dul in éag.

    4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

    (225)

    Ba léir a tharraingtí atá margadh an Aontais d’onnmhairí na Síne mar gheall ar ollmhéid na n-onnmhairí agus gurbh ann dóibh i gcónaí, fiú agus bearta frithdhumpála ann – bhí sciar suas le [31 % go 37 %] de mhargadh an Aontais acu le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar a luaitear in aithris (242).

    (226)

    Is dreasacht chumhachtach í ró-acmhainneacht na Síne chun onnmhairiú a dhéanamh san earnáil sin, earnáil atá dírithe ar an onnmhairiú toisc nach bhfuil ach aon iomaitheoir amháin ann thar lear (an t-iarratasóir). Tá acmhainneacht na margaí onnmhairiúcháin taobh amuigh den Aontas ídithe cheana féin ag onnmhaireoirí na Síne toisc go bhfuil siad i gceannas iontu cheana féin agus sciar den mhargadh níos mó ná 70 % ar an meán acu (79).

    (227)

    Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Anhui Jinhe gur theip ar an gCoimisiún a léiriú gur mhargadh tarraingteach é an tAontas do tháirgeoirí Síneacha Ace-K. I ndáil leis sin, mhaígh Anhui Jinhe gur dhíol an t-iarratasóir cuid méadaitheach dá tháirgeacht le tríú margaí, rud a thug le fios nach raibh margadh an Aontais tarraingteach fiú do tháirgeoir an Aontais. Thairis sin, mhaígh Anhui Jinhe go raibh praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí Síneacha chun an Aontais mar an gcéanna, nó beagán ní b’ísle ná a bpraghas onnmhairiúcháin le margaí neamh-AE. Ar bhonn an méid thuas, tháinig Anhui Jinhe ar an gconclúid nach raibh margadh an Aontais chomh tarraingteach céanna do tháirgeoirí Síneacha ná mar a bhí aon tríú margadh eile de bharr iomaitheoir áitiúil a bheith ann.

    (228)

    Ina bharúlacha maidir le haighneacht Anhui Jinhe, mhaígh an t-iarratasóir nach ndearnadh na táirgeoirí onnmhairithe Síneacha a eisiamh ó mhargadh an Aontais leis na dleachtanna frithdhumpála. D’áitigh an t-iarratasóir freisin go bhféadfadh sé nach mbeadh margadh an Aontais chomh tarraingteach céanna do tháirgeoirí Síneacha mar gheall ar na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm, ach dá n-aisghairfí na dleachtanna sin, go measfadh na táirgeoirí Síneacha gur margadh tarraingteach é margadh an Aontais.

    (229)

    I ndáil leis sin, meabhraíonn an Coimisiún gur choinnigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha sciar an-tábhachtach de mhargadh an Aontais fiú tar éis dleachtanna frithdhumpála a bheith forchurtha mar a thuairiscítear san aithris (242). Mura mbeadh an margadh tarraingteach, ní bheadh dul i bhfód mór den sórt sin ann. Tá sé sin níos fíre fós i gcás ina mbíonn feidhm ag dleachtanna breise frithdhumpála, ós rud é go bhfuil na praghsanna allmhairiúcháin tugtha i dtír níos airde agus go bhfuil onnmhairí chuig an Aontas níos costasaí. Faoi imthosca den sórt sin, ní leanfadh onnmhaireoirí de chainníochtaí suntasacha a dhíol le margadh neamhtharraingteach. Dá bhrí sin, ar bhonn na dtorthaí a bhfuil achoimre orthu in aithris (234), dhiúltaigh an Coimisiún don argóint thuas. Dá ligfí do na dleachtanna frithdhumpála in éag, bheadh deis ag táirgeoirí na Síne a gcuid díolachán agus a sciar den mhargadh san Aontas a mhéadú.

    (230)

    Rinneadh tarraingteacht mhargadh an Aontais a dheimhniú tuilleadh leis na gnéithe praghais a ndéantar anailís orthu in aithrisí (232) agus (233).

    4.3.   Ba cheart praghsanna dóchúla agus corrlaigh dhumpála a aisghairm

    (231)

    D’áitigh Anhui Jinhe go raibh praghsanna onnmhairiúcháin Ace-K ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig tríú tíortha ní b’airde ná na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas. Ina theannta sin, d’áitigh sé nach raibh aon shrian ar Ace-K a dhíol chuig tríú tíortha.

    (232)

    Chinn an Coimisiún go raibh praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha ag an leibhéal céanna lena gcuid praghsanna chuig an Aontas. Tugann sé sin le fios gur straitéis struchtúrach í an dumpáil chun dul isteach i margaí tríú tíortha agus go leanfar den straitéis dá bhrí sin.

    (233)

    D’fhéadfadh táirgeoirí Síneacha a bheith in ann díol ar phraghas níos airde leis an Aontas ná le tríú tíortha eile dá ligfí do na dleachtanna atá ann cheana dul in éag, ach is dócha go ndéanfadh an soláthar iomarcach substainteach atá sa tSín praghsanna a ísliú go leibhéal atá faoi bhun na leibhéal atá ann cheana ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, is dócha go dtiocfaidh méadú breise ar chorrlaigh dhumpála.

    4.4.   Conclúid

    (234)

    Mheas an Coimisiún go raibh acmhainneacht bhreise shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, acmhainneacht ar dócha go dtiocfadh méadú breise uirthi sa ghearrthéarma. Bhí tarraingteacht mhargadh an Aontais soiléir ón sciar mór den mhargadh atá ag táirgeoirí Síneacha in ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála suntasach atá i bhfeidhm. Thairis sin, bhí praghsanna chuig margadh an Aontais tarraingteach agus cé go bhféadfadh táirgeoirí na Síne a gcuid praghsanna a ardú ó na leibhéil atá ann faoi láthair, dá rachadh na bearta in éag, ba dhócha go ndéanfadh acmhainneacht bhreise iomarcach sa tSín, mar aon le rátaí fáis measartha an mhargaidh dhomhanda a bhfuiltear ag súil leo, praghsanna a ísliú tuilleadh, in éagmais beart.

    (235)

    Thairis sin, ba shubstaintiúil an leibhéal dumpála a fuarthas.

    (236)

    Dá bhrí sin, léirigh anailís an Choimisiúin dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an dóchúlacht go leanfadh méideanna suntasacha d’allmhairí ar phraghsanna dumpáilte dá rachadh na bearta in éag.

    5.   DÍOBHÁIL

    5.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

    (237)

    Rinne táirgeoir amháin san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse a breithníodh. Is é an táirgeoir sin atá i ‘dtionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

    5.2.   Tomhaltas an Aontais

    (238)

    Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na ndíolachán margaidh shaoir a bhí ag tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, é sin agus allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ó thríú tíortha eile, mar a léirítear i staitisticí allmhairiúcháin bunaithe ar bhunachar sonraí 14(6).

    (239)

    Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

    Tábla 2

    Tomhaltas an Aontais (tonaí)

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    Tomhaltas iomlán an Aontais

    [2 313 -2 800 ]

    [2 339 -2 831 ]

    [2 549 -3 085 ]

    [2 447 -2 962 ]

    Innéacs

    100

    101

    110

    106

    Foinse: Sonraí ó thionscal an Aontais agus bunachar sonraí 14(6)

    (240)

    Tháinig méadú 6 % ar thomhaltas Ace-K i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú mar gheall ar éileamh méadaithe san Aontas ar tháirgí gan siúcra.

    5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

    5.3.1.   Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus an sciar den mhargadh atá i gceist leis

    (241)

    Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí 14(6). Suíodh an sciar den mhargadh atá ag na hallmhairí ar bhonn bhunachar sonraí 14(6) agus sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais.

    (242)

    Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

    Tábla 3

    Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

    Méid na n-allmhairí ón tSín (tonaí)

    [669 -810 ]

    [699 -846 ]

    [658 -796 ]

    [788 -953 ]

    Innéacs

    100

    104

    98

    118

    An sciar den mhargadh (%)

    [27 -33 ]

    [28 -34 ]

    [25 -30 ]

    [31 -37 ]

    Innéacs

    100

    103

    89

    111

    Foinse: Sonraí ó thionscal an Aontais agus bunachar sonraí 14(6)

    (243)

    Bhí roinnt luaineachtaí i gceist le méid na n-allmhairí ón tSín; tháinig méadú 4 % air in 2018, agus laghdú ina dhiaidh sin in 2019. Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig méadú suntasach 18 % ar mhéid na n-allmhairí, i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthráth leis an méadú sin ó bhí 2019 ann, tháinig laghdú beag ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse céanna.

    (244)

    Maidir leis an bhforbairt a bhí ar mhéid na n-allmhairí, bhí forbairt den chineál céanna i gceist leis an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín; bhí méadú 3 % orthu in 2018, agus laghdú ina dhiaidh sin in 2019. D’fhéadfaí an titim seo a théarnamh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin de bharr mhéadú 11 % i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún faoi deara gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh atá ag na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’ainneoin an laghdaithe ar thomhaltas an Aontais, méadú a raibh méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais thíos leis dá bharr, mar a thuairiscítear in aithrisí (257) agus (258).

    5.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

    (245)

    Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó bhunachar sonraí 14(6).

    (246)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann:

    Tábla 4

    Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

    Meánphraghas allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann

    [5 202 -6 297 ]

    [5 232 -6 334 ]

    [5 827 -7 054 ]

    [6 207 -7 513 ]

    Innéacs

    100

    101

    112

    119

    Foinse: Bunachar sonraí 14(6)

    (247)

    Léirigh meánphraghsanna na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne méadú mór 19 % ar an iomlán le linn na tréimhse faoi breathnú. D’fhan praghsanna allmhairiúcháin na Síne i bhfad ní b’ísle i gcomparáid le praghsanna an Aontais, mar a léirítear i dTábla 8.

    (248)

    Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

    (a)

    na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge an aon táirgeora amháin ón Aontas, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú go leibhéal an phraghais díreach ón monarcha; agus

    (b)

    na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge ón aon táirgeoir Síneach comhoibríoch amháin chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn chostais, árachais agus last-táille (CAL), lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, le coigeartuithe iomchuí ar chostais iar-allmhairiúcháin.

    (249)

    Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál maidir le hidirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Léirigh sé meán-chorrlach sladghearrtha ualaithe de bhreis ar 10 %. Nuair a dhéantar neamhaird ar dhleachtanna frithdhumpála, bhí an meán-chorrlach sladghearrtha ualaithe os cionn 45 %.

    5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne

    (250)

    Na hallmhairí Ace-K ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, níl i gceist leo ach sciar idir 1 % agus 4 % den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é gur sa tSín agus san Aontas amháin a tháirgtear Ace-K, mheas an Coimisiún gur aicmíodh na hallmhairí sin mar Ace-K go mícheart nó gur dearbhaíodh a dtionscnamh go mícheart. Ar an gcúis sin, ní dhearna an Coimisiún tuilleadh meastóireachta ar na hallmhairí sin ina anailís díobhála.

    5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

    5.5.1.   Barúlacha ginearálta

    (251)

    Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

    5.5.1.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

    (252)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 5

    Méid táirgeachta, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta an Aontais

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    An méid táirgeachta (tonaí)

    [4 271 – 5 171 ]

    [4 833 – 5 850 ]

    [4 860 – 5 883 ]

    [4 873 – 5 899 ]

    Innéacs

    100

    113

    114

    114

    Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

    [5 700 – 6 900 ]

    [5 700 – 6 900 ]

    [5 700 – 6 900 ]

    [5 700 – 6 900 ]

    Innéacs

    100

    100

    100

    100

    Úsáid acmhainneachta

    [71 – 86 ]

    [81 – 97 ]

    [81 – 98 ]

    [81 – 98 ]

    Innéacs

    100

    113

    114

    114

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (253)

    Tháinig laghdú 14 % ar méid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is féidir na cúiseanna atá leis an méadú sin a shonrú mar seo a leanas: ar an gcéad dul síos, an méadú ginearálta ar an éileamh ar Ace-K, agus ar an dara dul síos, éifeacht na ndleachtanna frithdhumpála, dleachtanna a raibh an tionscal in ann teacht chuige féin agus méid a tháirgeachta a mhéadú dá mbarr.

    (254)

    Rinneadh acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais a choimeád ar an leibhéal céanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé go raibh tionscal an Aontais in ann teacht chuige féin de bharr na ndleachtanna frithdhumpála, níor thug an mheastóireacht mhargaidh údar le haon leathnú a dhéanamh ar an acmhainneacht.

    (255)

    Tháinig méadú ar an úsáid acmhainneachta i gcomhréir leis an méid táirgeachta bliantúil a bhfuil tuairisc air in aithris (253) agus tháinig méadú 14 % uirthi de bharr na ndleachtanna frithdhumpála agus de bharr an mhéadaithe ghinearálta ar éileamh Ace-K.

    5.5.1.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

    (256)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 6

    Méid dhíolacháin an Aontais agus an sciar de mhargadh an Aontais

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

    Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

    [1 614 –1 953 ]

    [1 565 –1 894 ]

    [1 786 –2 162 ]

    [1 623 –1 964 ]

    Innéacs

    100

    97

    111

    101

    An sciar den mhargadh (%)

    [66 -80 ]

    [64 -77 ]

    [67 -81 ]

    [63 -76 ]

    Innéacs

    100

    96

    100

    95

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (257)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí méid na ndíolachán a bhí ag táirgeoir an Aontais ag luainiú. Tháinig laghdú 3 % ar mhéid na ndíolachán in 2018, agus tháinig méadú mór 11 % air ina dhiaidh sin in 2019 i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’iompaigh an méid díolacháin ar ais chuig an leibhéal tosaigh a bhí ann ag tús na tréimhse faoi bhreathnú.

    (258)

    Luainigh an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú 5 % air le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

    5.5.1.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

    (259)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 7

    Fostaíocht agus táirgiúlacht san Aontas

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    Líon na bhfostaithe

    [73 - 89 ]

    [76 - 93 ]

    [76 - 92 ]

    [76 - 92 ]

    Innéacs

    100

    113

    114

    114

    Táirgiúlacht (tona/FTE)

    [55 - 67 ]

    [60 - 73 ]

    [61 - 74 ]

    [61 - 74 ]

    Innéacs

    100

    108

    110

    110

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (260)

    Ó 2017 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe, chuir tionscal an Aontais méadú 14 % ar a phearsanra i gcomhréir leis an méadú táirgeachta.

    (261)

    An tráth céanna, tháinig méadú 10 % ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse céanna.

    5.5.1.4.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

    (262)

    An corrlach dumpála le haghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch mar a shonraítear in aithris (206), bhí sé go mór os cionn an leibhéil de minimis, agus méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus an sciar den mhargadh a bhí acu, mar a thuairiscítear in aithrisí (243) agus (244), bhí siad fós suntasach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (263)

    Mar sin féin, d’ainneoin go raibh dumpáil fós ann ó Dhaon-Phoblacht na Síne, d’éirigh le tionscal an Aontais téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo.

    5.5.1.5.   Praghsanna, agus na tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

    (264)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe an aon táirgeora amháin ón Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 8

    Praghsanna díola san Aontas

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

    [9 840 –11 911 ]

    [9 833 –11 903 ]

    [10 941 –13 245 ]

    [13 279 –16 075 ]

    An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona) – Innéacs

    100

    100

    111

    135

    Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona) – Innéacs

    100

    97

    101

    101

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (265)

    Tháinig méadú 35 % ar an meánphraghas díola aonaid atá ag tionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse faoi bhreathnú tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála.

    (266)

    D’fhan an costas táirgthe cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    5.5.1.6.   Costais saothair

    (267)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair tháirgeoir an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 9

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

    [88 709 –107 384 ]

    [91 459 –110 714 ]

    [96 239 –116 500 ]

    [98 783 –119 579 ]

    Innéacs

    100

    103

    108

    111

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (268)

    Tháinig méadú 11 % ar an meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    5.5.1.7.   Fardail

    (269)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic an aon táirgeora amháin ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 10

    Fardail

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

    Stoic dheiridh (tonaí)

    [696 – 842 ]

    [979 – 1 186 ]

    [1 150 –1 392 ]

    [1 226 –1 484 ]

    Innéacs

    100

    103

    108

    111

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (270)

    Tháinig méadú 11 % ar fhardail le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    5.5.1.8.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú

    (271)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí a bhí ag táirgeoir an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 11

    Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

    Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (Innéacs)

    100

    116

    137

    193

    Sreabhadh airgid (EUR)

    [12 183 444 – 14 748 380 ]

    [10 422 105 – 12 616 232 ]

    [15 616 733 – 18 904 467 ]

    [21 987 559 - 26 616 519 ]

    Innéacs

    100

    86

    128

    180

    Infheistíochtaí (EUR)

    [1 360 987 –1 647 510 ]

    [1 187 387 –1 437 363 ]

    [1 236 940 –1 497 348 ]

    [1 182 289 –1 431 192 ]

    Innéacs

    100

    87

    91

    87

    Toradh ar infheistíochtaí

    [92 - 111 ]

    [92 - 111 ]

    [131 - 159 ]

    [206 - 250 ]

    Innéacs

    100

    100

    142

    224

    Foinse: Sonraí arna soláthar ag tionscal an Aontais

    (272)

    Shuigh an Coimisiún brabúsacht thairgeoir an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig méadú mór 93 % ar an mbrabúsacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. De bharr na ndleachtanna frithdhumpála, bhí táirgeoir an Aontais in ann filleadh ar ardleibhéal brabúsachta.

    (273)

    Léiríodh san imscrúdú go raibh imthosca eisceachtúla ag baint le tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, imthosca a bhí nasctha le ráig phaindéim COVID-19. Go háirithe, cheannaigh custaiméirí móra in earnáil an bhia agus na cógaisíochta méideanna ní b’airde de Ace-K ó thionscal an Aontais sa chéad leath de 2020 chun soláthairtí an chomhábhair seo a chinntiú. Ina theannta sin, an cothabháil bhliantúil a dhéantar i dtionscal an Aontais ina gcuirtear stop leis an táirgeadh, cuireadh siar í in 2020 i gcomparáid lena ghnáth-uainiú sa bhliain, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar an táirgeadh le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Mar thoradh ar na forbairtí eisceachtúla sin sa mhargadh, tháinig méadú ar phraghsanna díolacháin thionscal an Aontais i gcomparáid le 2019 agus tháinig méadú ar bhrabús thionscal an Aontais i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Rinneadh amach san imscrúdú go mbeadh brabús thionscal an Aontais chomh mór céanna leis an mbrabúsacht a baineadh amach sular tharla na himthosca eisceachtúla, i.e. in 2019, dá ndéanfaí neamhaird ar na tionchair aonuaire sin.

    (274)

    Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Ar an mbealach céanna leis an mbrabúsacht, tháinig méadú 80 % ar an treocht maidir le glansreabhadh airgid, rud a léiríonn tionchar dearfach na ndleachtanna frithdhumpála agus imthosca eisceachtúla i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin a dtugtar tuairisc orthu in aithris (273).

    (275)

    Tháinig laghdú 13 % ar an leibhéal infheistíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar a thuairiscítear in aithris (272), de bharr na ndleachtanna frithdhumpála bhíothas in ann filleadh ar ghníomhaíochtaí gnó sláintiúla ach níor thug siad údar leis an ngá atá le hinfheistíochtaí in acmhainneachtaí táirgeachta breise.

    (276)

    Tháinig méadú mór 124 % ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    5.5.1.9.   An chonclúid ar dhíobháil

    (277)

    An chuid is mó táscairí díobhála, amhail táirgeadh, fostaíocht, úsáid acmhainneachta, táirgiúlacht, brabúsacht agus sreabhadh airgid, tháinig forbairt dhearfach orthu. Cé gur diúltach é an treocht maidir le táscairí airgeadais amhail an leibhéal infheistíochta agus an toradh ar an infheistíocht, tá a ndearbhleibhéil sásúil agus ní comhartha díobhála ábhartha iad.

    (278)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tháinig tionscal an Aontais chuige féin agus nár bhain díobháil ábhartha dó de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

    6.   DÓCHÚLACHT ATARLAITHE NA DÍOBHÁLA

    (279)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (278) nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis léi i dtosach báire dá ligfí do na bearta in aghaidh allmhairí Síneacha dul in éag.

    (280)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, na praghasleibhéil is dócha a bheidh ann i leith allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála, agus an tionchar a bheadh acu ar thionscal an Aontais, lena n-áirítear an leibhéal sladghearrtha in éagmais bearta frithdhumpála

    (281)

    Mar a leagtar amach in aithrisí (210) go (223) thuas, tá acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne chun onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú go pras i gcás ina ligfear do na bearta frithdhumpála dul in éag.

    (282)

    Leis an ró-acmhainneacht shuntasach sin agus le tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuairiscítear in aithrisí (225) go (229), is dócha go nginfí oll-onnmhairí breise chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte, rud a d’fhéadfadh tomhaltas iomlán an Aontais a chumhdach go héasca.

    (283)

    Sa mhargadh domhanda lasmuigh den Aontas, áit nach bhfuil aon bheart cosanta trádála i bhfeidhm, tá sciar ceannasach den mhargadh ag táirgeoirí Síneacha (níos mó ná 70 % ar an meán).

    (284)

    In éagmais beart, is dócha go sroichfeadh an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí Síneacha an sciar den mhargadh domhanda atá acu ar a laghad.

    (285)

    Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nach raibh ceannasacht ar bith ag an tSín ar thríú margaí mar, an sciar 70 % den mhargadh a líomhnaítear a bheith ag táirgeoirí Síneacha ar thríú margaí, bhí sé sin ag freagairt dá sciar den acmhainneacht táirgeachta iomlán ar fud an domhain, agus dá bhrí sin léirigh an sciar den mhargadh sin athdheighilt chothrom ar an margadh domhanda idir táirgeoirí iomaíocha.

    (286)

    Ina bharúlacha ar aighneacht Anhui Jinhe, mhaígh an t-iarratasóir go raibh argóint Anhui Jinhe bunaithe ar chomparáid idir acmhainneacht táirgeachta iomlán na Síne le hacmhainneacht táirgeachta iomlán an iarratasóra agus go raibh an argóint neamhbhailí toisc go raibh acmhainneacht bhreise shuntasach sa tSín.

    (287)

    Léiríonn argóint Anhui Jinhe cur chuige céim-ar-chéim na Síne maidir le beartas tionsclaíoch: déantar ró-acmhainneacht ollmhór a thógáil, bunaithe ar shaobhadh faoi stiúir an Stáit; déantar cuid mhór den ró-acmhainneacht sin a onnmhairiú ar fud an domhain; gríosaítear iomaitheoirí san Aontas (agus in áiteanna eile), ní ar bhonn an fhíor-iomaíochais, ach ar bhonn trádáil éagórach; bíonn stádas ollmhór, fiú ceannasach, ag cuideachtaí Síneacha ar fud an domhain. Áitítear ansin gur ‘gnáth-athdheighilt’ atá i gceist leis sin. Níor cheart go mbeadh na margaí bunaithe ar mhéid na n-iomaitheoirí, áfach, ach ar a gcumas dul san iomaíocht agus cothrom na Féinne a bheith ann. Léiríonn an argóint sin dearcadh Síneach maidir leis na cúiseanna atá le láithreacht ollmhór domhanda na Síne. Ach is amhlaidh i gcónaí go bhfuil tionchar ábharach ag láithreacht ollmhór den sórt sin ar an iomaíocht, agus leanann sé uaidh sin gurb iad torthaí an Choimisiúin gur dhócha go dtiocfadh méadú suntasach ar an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí Síneacha ar mhargadh an Aontais in éagmais bearta frithdhumpála agus mar gheall air sin go gcaillfeadh táirgeoir an Aontais sciar mór den mhargadh sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (288)

    Gan na dleachtanna frithdhumpála, bheadh praghsanna Ace-K ón tSín a bhfuarthas imréiteach custaim ina leith idir thart ar EUR 6.2 agus EUR 6.75/kg. Nuair a chuirtear na praghsanna sin i gcomparáid le costas aonaid an táirgthe atá ag tionscal an Aontais, glan ar lasta agus trádstóráil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus na meánphraghas díola díreach ón monarcha san Aontas ar Ace-K ar ghrád bia i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin le haghaidh úsáideoirí agus trádálaithe, léiríodh san anailís go ngearrfadh praghsanna na n-allmhairí ón tSín faoi praghsanna díola thionscal an Aontais ag ráta níos mó ná 45 %.

    (289)

    In éagmais beart, i gcás ina mbeadh an dul i bhfód céanna ag táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha san Aontas agus a bheadh acu i margaí eile an domhain (thart ar 70 % ar an meán) (80), i bhfianaise na leibhéal praghsanna is dócha a bheadh ann, bheadh caillteanais shuntasacha airgeadais i gceist leis an gcaillteanas i ndíolacháin agus leis an méadú ar chostais thionscal an Aontais dá thoradh sin, agus d’éireodh an bhrabúsacht ina neamhbhrabúsacht. Dá bhrí sin, thiocfadh díobháil chun bheith ábhartha laistigh de thréimhse ghairid agus chuirfeadh sé marthanas thionscal an Aontais i mbaol.

    (290)

    Mar thaca leis an gcás dóchúil sin, tá an fhianaise a thug an t-iarratasóir maidir le caillteanas suntasach díolachán agus sciar den mhargadh sa Ríocht Aontaithe tar éis Brexit, mar aon le deireadh le bearta frithdhumpála maidir le Ace-K. Go deimhin, is dócha go bhforbróidh cás den chineál céanna i margadh an Aontais in éagmais beart.

    (291)

    Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nár bhain caillteanas suntasach díolacháin agus sciar den mhargadh sa Ríocht Aontaithe don iarratasóir tar éis deireadh a bheith curtha le dleachtanna frithdhumpála de dheasca Brexit. Ina theannta sin, mhaígh Anhui Jinhe nach raibh aon fhianaise sa chomhad oscailte maidir le díolacháin an iarratasóra sa Ríocht Aontaithe agus le méadú ar onnmhairí Síneacha chuig an Ríocht Aontaithe.

    (292)

    Ina bharúlacha ar aighneacht Anhui Jinhe, mhaígh an t-iarratasóir go raibh rochtain ag Anhui Jinhe ar staitisticí maidir le honnmhairí Síneacha agus gur sholáthair an t-iarratasóir na sonraí onnmhairiúcháin sin le linn an imscrúdaithe. Thairis sin, chuir an t-iarratasóir in iúl gur tharla a chaillteanais ghnó cheana in oirchill na ndleachtanna frithdhumpála sa Ríocht Aontaithe a bhaint.

    (293)

    I ndáil leis sin, meabhraíonn an Coimisiún gur chuir an t-iarratasóir a fhreagra ceistneora isteach ar dtús le sonraí inar áiríodh an Ríocht Aontaithe i ndíolacháin an Aontais, agus ansin leagan nua le sonraí nár áiríodh an Ríocht Aontaithe iontu. Tá na leaganacha neamhrúnda den dá fhreagra ceistneora sa chomhad oscailte. Rinne an Coimisiún anailís freisin ar staitisticí allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ón tSín go dtí an Ríocht Aontaithe. Mar fhreagra ar aighneacht Anhui Jinhe, cuireadh nóta le comhad neamhrúnda an imscrúdaithe maidir leis seo. Deimhníodh sna freagraí ceistneora agus sna staitisticí araon na torthaí maidir le cailleadh an sciar den mhargadh atá ag an iarratasóir cheana féin in oirchill deireadh a chur le dleachtanna frithdhumpála de dheasca Brexit. Dá bhrí sin, níl aon bhunús leis an maíomh thuas ó Anhui Jinhe.

    (294)

    Léiríodh san anailís thuas gur bhain tionscal an Aontais tairbhe as forchur na ndleachtanna agus gur tháinig sé ar ais chuige féin ón staid dhíobhálach tar éis bearta a bheith forchurtha. In éagmais beart, áfach, is é an toradh a bheadh ar an méadú ollmhór a mheastar a bheidh ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna díobhálacha go dtiocfadh meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais agus go ndéanfaí díobháil ábhartha dá bharr.

    (295)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

    7.   LEAS AN AONTAIS

    (296)

    I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú le fáil amach an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí ar bun na bearta frithdhumpála atá ann cheana. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, agus na n-úsáideoirí.

    (297)

    Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a chuid tuairim a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

    (298)

    Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann a d’fhágfadh go ndéanfaí an chonclúid nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus go dtarlódh an díobháil arís.

    7.1.   Leas thionscal an Aontais

    (299)

    Faoi mar a luaitear in aithris (278), tá tionscal an Aontais tagtha chuige féin ón díobháil a rinneadh de bharr dumpála roimhe seo agus bíonn a gcuid oibríochtaí inmharthana nuair nach mbíonn siad faoi réir iomaíocht éagóraí ag allmhairí dumpáilte.

    (300)

    I gcás ina ligfí do an bearta dul in éag, is dócha go dtiocfaidh meath tapa ar staid thionscail an Aontais mar a mhínítear in aithrisí (279) go (294).

    (301)

    Thángthas ar an gconclúid dá bhrí sin gur chun leas an tionscail de chuid an Aontais atá sé síneadh a chur leis na bearta atá i bhfeidhm in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne.

    7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

    (302)

    Mar a luaitear in aithris (29), níor chomhoibrigh aon allmhaireoir neamhghaolmhar le linn an imscrúdaithe.

    (303)

    Níor tugadh le fios san imscrúdú atá i bhfeidhm faoi láthair go raibh aon drochthionchar ag na bearta atá i bhfeidhm ar allmhaireoirí.

    (304)

    Thángthas ar an gconclúid san imscrúdú a rinneadh roimhe seo go bhféadfadh na bearta difear diúltach a dhéanamh d’allmhaireoirí ach ar bhonn an-teoranta. Níl in Ace-K ach cuid bheag den ghnó le haghaidh allmhaireoirí a bhfuil punann táirgí níos leithne acu.

    (305)

    Dá bhrí sin, ón bhfaisnéis atá le fáil, is léir nach mbeadh ach tionchar an-teoranta ag forchur beart ar allmhaireoirí, dá mb’ann dó in aon chor, agus gur mhó go mór na buntáistí a d’fhéadfadh na bearta a thabhairt do thionscal an Aontais ná an tionchar sin.

    7.3.   Leas úsáideoirí

    (306)

    Úsáidtear Ace-K go príomha mar ionadach siúcra san earnáil bia agus deochanna, cuir i gcás i ndeochanna boga nó i dtáirgí déiríochta. Ar bhonn níos lú, úsáidtear Ace-K in earnáil na cógaisíochta.

    (307)

    Níor chomhoibrigh aon úsáideoir leis an imscrúdú.

    (308)

    Níor tugadh le fios san imscrúdú atá i bhfeidhm faoi láthair go raibh aon drochthionchar ag na bearta atá i bhfeidhm. Léirigh an t-imscrúdú a rinneadh roimhe seo i gcoinne Dhaon-Phoblacht na Síne gur beag an tionchar atá ag Ace-K i dtáirgí críochnaithe i dtéarmaí costas. Mar sin féin, léirigh sé freisin go bhfuil sé úsáid Ace-K fíor-riachtanach i gcás táirgí atá ar an margadh cheana féin. D’fhéadfaí táirgí nua a fhorbairt le milseoirí malartacha ach bheadh baol agus costas ag baint le foirmliú táirgí bunaithe a athrú. Dá bhrí sin, measadh go raibh sé tábhachtach rochtain a bheith ag úsáideoirí ar fhoinsí eile Ace-K.

    (309)

    Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina gcuirfí síneadh leis na bearta, nach dóigh go mbeadh tionchar suntasach acu ar staid eacnamaíoch na n-úsáideoirí.

    7.4.   Fachtóirí eile

    7.4.1.   Cinnteacht an tsoláthair

    (310)

    Mhaígh táirgeoir an Aontais go bhfuil cinnteacht soláthair Ace-K ríthábhachtach do tháirgeoirí bia agus deochanna agus nach chun leas an Aontais a bhí sé a bheith ag brath ar sholáthairtí táirgí de chuid aon tíre amháin. Mheas an táirgeoir freisin nach féidir le táirgeoir dí nó táirge bia milseoir eile a úsáid i ndiaidh dó Ace-K a roghnú mar an milseoir ar bheagán calraí atá aige, gan an blas a athrú go hábhartha agus difear a dhéanamh don dearcadh atá ag tomhaltóirí i leith an táirge sin.

    7.5.   Conclúid maidir le leas an Aontais

    (311)

    Ar bhonn a bhfuil thuas agus maidir leis na bearta atá ann cheana ar allmhairí Ace-K ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta sin a choinneáil ar bun.

    (312)

    Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Anhui Jinhe nach chun leas an Aontais a bhí sé leanúint de na bearta a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, mhaígh Anhui Jinhe go raibh acmhainneacht táirgeachta theoranta agus ráta úsáide acmhainneachta ard ag an iarratasóir agus dá bhrí sin nach raibh sé in ann soláthar don mhargadh ina iomláine gan dochar a dhéanamh do na margaí onnmhairiúcháin. Thairis sin, thug Anhui Jinhe le fios go raibh úsáideoirí Ace-K ag brath ar fhoinsí eile soláthair agus, dá bhrí sin, nach raibh aon rogha acu ach na dleachtanna frithdhumpála a íoc agus iad a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí, rud a bhoilscigh praghsanna bia. Ar deireadh, dhearbhaigh Anhui Jinhe go mbeadh straitéis an ilfhoinsithe atá ag na húsáideoirí ina cosaint leordhóthanach don iarratasóir in aon chás, toisc go gcuirfeadh sé cosc ar allmhairí Síneacha scaireanna suntasacha den mhargadh a bhaint ó tháirgeoir an Aontais.

    (313)

    Ina bharúlacha ar aighneacht Anhui Jinhe, mhaígh an t-iarratasóir go raibh a dhóthain acmhainneacht táirgeachta aige chun soláthar do mhargadh iomlán an Aontais chomh maith lena onnmhairí reatha chuig tríú tíortha. D’áitigh an t-iarratasóir freisin gur beag an tionchar a bhí ag dleachtanna frithdhumpála ar chostas na dtáirgí críochnaithe toisc gur leibhéil an-bheaga iad na leibhéil dáileogachta Ace-K a úsáidtear i ndeochanna agus i mbia. Ina theannta sin, mhaígh an t-iarratasóir nár chuir straitéis an défhoinsithe a bhí ag úsáideoirí Ace-K cosc ar allmhairí Síneacha scaireanna suntasacha den mhargadh a ghabháil sa tréimhse roimh an imscrúdaithe bunaidh, rud a dhéanfadh dochar do tháirgeoir an Aontais, maíomh nach raibh ag teacht le maíomh Anhui Jinhe.

    (314)

    Maidir leis na hargóintí sin, meabhraíonn an Coimisiún nár chomhoibrigh aon allmhaireoir, úsáideoir ná eagraíocht tomhaltóirí san athbhreithniú éaga reatha. Go deimhin, rinneadh amach in imscrúdú gur leor an acmhainneacht táirgeachta Ace-K a bhí san Aontas chun an tomhaltas a chumhdach mar a luaitear in aithrisí (239) agus (252) sa bhreis ar an acmhainneacht bhreise sa tSín mar a thuairiscítear in aithrisí (210) go (223) agus dá bhrí sin nach raibh aon riosca ann go mbeadh easpa soláthair ann i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú. Ina theannta sin, i dtéarmaí costas, rinne an Coimisiún amach nach raibh ach tionchar fíorbheag ag Ace-K i dtáirgí críochnaithe mar a thuairiscítear in aithris (308). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí thuas.

    8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

    (315)

    Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le leanúint de dhumpáil, atarlú díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le Ace-K ó Dhaon-Phoblacht na Síne a choimeád ar bun.

    (316)

    I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2018/1046 (81), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

    (317)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime (salann potaisiam de 6-meitil-1,2,3- ocsaitiasín-4(3H)-aon 2,2-dé-ocsaíd; CAS RN 55589-62-3) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, allmhairí a thagann faoi chuimsiú chód AC ex 2934 99 90 (cód TARIC 2934999021).

    2.   Maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir le praghas an táirge sin, arb é an glan phraghas é, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála – euro in aghaidh an chileagraim, glanmhéid

    Cód breise TARIC

    Anhui Jinhe Industrial Co., Ltd.

    4,58

    C046

    Suzhou Hope Technology Co., Ltd

    4,47

    C047

    Anhui Vitasweet Bia Comhábhar Co., Ltd

    2,64

    C048

    Gach cuideachta eile

    4,58

    C999

    3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é arna shainaithint lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir leis an (méid) de photaisiam aicéasuilféime a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo’. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le ‘Gach cuideachta eile’.

    4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1963 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 287, 31.10.2015, lch. 1).

    (3)  Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe atá le tarlú (IO C 46, 11.2.2020, lch. 8).

    (4)  Toisc nach ann ach d’aon táirgeoir Ace-K amháin san Aontas, déantar cuid de na sonraí sa Rialachán seo a chur i láthair i raonta nó i bhfoirm innéacs chun rúndacht shonraí an táirgeora san Aontas a chosaint.

    (5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí de photaisiam aicéasuilféime (Ace-K) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO C 366, 30.10.2020, lch. 13).

    (6)  Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú go comhpháirteach maidir le hidirthréimhse a raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais lena linn, agus ar tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2020. Ní Ballstát de chuid an Aontais í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh agus dá bhrí sin caitear leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír sna figiúirí, san torthaí agus sna conclúidí sa Rialachán seo.

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/787 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar aon le potaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é atá in ullmhóidí agus/nó meascáin (IO L 125, 21.5.2015, lch. 15).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/765 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála ar allmhairí bitheatánóil ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí maidir leis na hallmhairí sin, tar éis athbhreithniú éaga a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aithris (89) (IO L 126, 15.5.2019, lch. 4).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 240/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála ar allmhairí d’úiré ar de thionscnamh na Bealarúise, na Cróite, na Libia agus na hÚcráine iad tar éis athbhreithniú éaga a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96, aithris (76) (OJ L 75, 18.3.2008, p. 33).

    (10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 135/2014 ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála ar allmhairí de dhéchiandé-aimíd ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009, aithris (70) (IO L 43, 13.2.2014, lch. 1).

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 240/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála ar allmhairí d’úiré ar de thionscnamh na Bealarúise, na Cróite, na Libia agus na hÚcráine iad tar éis athbhreithniú éaga a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96, aithris (102) (IO L 75, 18.3.2008, lch. 33).

    (12)  Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2001 lena gcuirtear deireadh leis an imeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí d’fhearó-sileacan ar de thionscnamh na Brasaíle, Dhaon-Phoblacht na Síne, na Casacstáine, na Rúise, na hÚcráine agus Veiniséala iad, IO L 84/36, an 23 Márta 2001.

    (13)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2491

    (14)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

    (15)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2 (dá ngairtear ‘an Tuarascáil’ anseo feasta).

    (16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 109, 30.3.2021, lch. 1).

    (17)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

    (18)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

    (19)  Le fáil ag http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 15 Iúil 2019).

    (20)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

    (21)  Tuarascáil – Caibidil 3, lch. 41, 73-74.

    (22)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120-121.

    (23)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

    (24)  Tuarascáil – Caibidil 7, lch. 167-168.

    (25)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

    (26)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

    (27)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24 agus Caibidil 5, lgh. 97-108.

    (28)  Tuarascáil – Caibidil 5, lch. 104-9.

    (29)  Tuarascáil – Caibidil 5, lch. 100-1.

    (30)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

    (31)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 31-2.

    (32)  Le fáil ag https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 15 Iúil 2019).

    (33)  Ar fáil ag www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 10 Márta 2021).

    (34)  Financial Times (2020) ‘Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise’, le fáil ag: https://on.ft.com/3mYxP4j

    (35)  Suíomh gréasáin Anhui Jinhe Industrial (jinheshiye.com).

    (36)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

    (37)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

    (38)  Zhongtai Securities’ analysis of Anhui Jinhe Industrial [Anailís Zhongtai Securities ar Anhui Jinhe Industrial], mí Feabhra 2020 (dfcfw.com).

    (39)  13ú Plean Cúig Bliana maidir le forbairt thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán 2016-2020, ar taispeáint ar shuíomh gréasáin an NDRC.

    (40)  Fógra maidir le síniú creatchomhaontú de pháirt Anhui Jinhe Industrial le Contae Dingyuan maidir le tionscadal páirce tionsclaíochta um an ngeilleagar ciorclach – an 24 Samhain 2017 mar a eisíodh ar an suíomh gréasáin faisnéise airgeadais cninfo.com.cn

    (41)  Tuarascáil bhliantúil Anhui Jinhe Industrial 2020 (dfcfw.com).

    (42)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 138-149.

    (43)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

    (44)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

    (45)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

    (46)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 332-337.

    (47)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

    (48)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

    (49)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

    (50)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

    (51)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

    (52)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

    (53)  Féach an doiciméad oifigiúil beartais ó Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (CBIRC) an 28 Lúnasa 2020: Three-year action plan for improving corporate governance of the banking and insurance sectors (2020-2022) [Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na n-earnálacha baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022)] http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 3 Aibreán 2021). Tugtar treoir sa Phlean ‘an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping a chur chun feidhme a thuilleadh maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’. Thairis sin, tá roinn II den Phlean dírithe ar chomhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí i rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a dhéanamh ar bhonn níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta [...] Ní mór do Choiste an Pháirtí saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a phlé sula gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach iad.’

    (54)  Féach Fógra CBIRC maidir le modh meastóireachta feidhmíochta na mbanc Tráchtála, arna eisiúint an 15 Nollaig 2020. http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 12 Aibreán 2021).

    (55)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ‘Resolving China’s Corporate Debt Problem’, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

    (56)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

    (57)  Féach ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíochta ECFE: An tSín 2019, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 29.

    https://doi.org/10.1787/eco_surveys-chn-2019-en

    (58)  Féach: http://www.xinhuanet.com/fortune/2020-04/20/c_1125877816.htm (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 12 Aibreán 2021).

    (59)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income

    (60)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

    (61)  https://globalfinancials.com/index-admin.html

    (62)  https://www.ajinomoto.com.my/investors/annual-reports

    (63)  http://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials

    (64)  https://www.globaltradealert.org/data_extraction

    (65)  Ós rud é nach ndéantar athbhreithniú ar dhleachtanna frithdhumpála le linn athbhreithnithe éaga, i bprionsabal ní bheadh tionchar ag úsáid an dá amhábhar sin chun an gnáthluach a ríomh ar thorthaí foriomlána an athbhreithnithe sin. Go deimhin, sa chás áirithe sin, bheadh aon tionchar chun leasa na dtáirgeoirí is onnmhaireoir ós rud é go bhféadfadh an gnáthluach ríofa, agus an corrlach dumpála a eascraíonn as sin, a bheith ní b’airde in éagmais na gceanglas um cheadúnú sin.

    (66)  Ráitis Airgeadais Ajinomoto (Malaysia) Berhad le haghaidh na bliana dar críoch an 31 Márta 2020, lch 84.

    (67)  Ráitis Airgeadais Ajinomoto (Malaysia) Berhad le haghaidh na bliana dar críoch an 31 Márta 2020, lch. 45.

    (68)  https://www.ilmia.gov.my/index.php/my/labour-cost

    (69)  https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

    https://www.tnb.com.my/assets/files/Tariff_Rate_Final_01.Jan.2014.pdf

    (70)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

    (71)  https://www.ilmia.gov.my/index.php/my/labour-cost

    (72)  https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

    https://www.tnb.com.my/assets/files/Tariff_Rate_Final_01.Jan.2014.pdf

    (73)  Leagan oscailte den Iarratas, lch. 41.

    (74)  Deimhniú eisithe ag Comhlachas na Síne um Breiseáin Bia agus um Chomhábhair an 2 Márta 2021, arna sholáthar ag Anhui Jinhe i Sleamhnán 16 dá Aighneacht Oscailte dar dáta an 4 Márta 2021 agus Fógra ó Chúirt na nDaoine ag deimhniú fhéimheacht Hope, arna soláthar ag Anhui Jinhe i Sleamhnán 17 dá Aighneacht Oscailte dar dáta an 4 Márta 2021.

    (75)  http://www.hzsanhe.com/default2.asp

    (76)  http://www.cninfo.com.cn/new/disclosure/detail?plate=sse&orgId=9900023704&stockCode=603968&announcementId=1209844300&announcementTime=2021-04-27%2018:00, lch. 30.

    (77)  Aighneacht oscailte an iarratasóra dar dáta an 8 Meitheamh 2021, Iarscríbhinn I.

    (78)  Áirítear leis sin na meastacháin is fearr ar an acmhainneacht bhreise fhéideartha i gcás dhá chuideachta, bunaithe ar fhaisnéis in aighneacht a fuarthas agus/nó faisnéis i bhfoirm samplála a fuarthas ó tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne.

    (79)  Iarr leagan neamhrúnda, lch. 41.

    (80)  Féach aithris (255).

    (81)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


    Top