EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1263

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1263 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena bhfoirceanntar na himeachtaí frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí córas leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2022/4944

IO L 191, 20.7.2022, p. 81–82 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1263/oj

20.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/81


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1263 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2022

lena bhfoirceanntar na himeachtaí frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí córas leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imeachtaí frith-fhóirdheontais a thionscnamh

(1)

An 4 Deireadh Fómhair 2021, fuair an Coimisiún gearán de bhun Airteagal 10 den bhun-Rialachán arna chur isteach ag Graphite Cova GmbH, Showa Denko Carbon Holding GmbH agus Tokai ErftCarbon GmbH (“na gearánaigh”).

(2)

An 18 Samhain 2021, tar éis dó comhairliúcháin a dhéanamh le Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne an 16 Samhain 2021, thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí frith-fhóirdheontais maidir le córais leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a allmhairítear isteach san Aontas. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“an Fógra Tionscnaimh”) (2).

(3)

An 6 Aibreán 2022, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála áirithe in imeachtaí frithdhumpála ar leithligh maidir le hallmhairí an táirge chéanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (3).

1.2.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(4)

Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Chumhdaigh an tréimhse faoi bhreathnú an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

1.3.   Páirtithe leasmhara

(5)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún iúl go sonrach do na gearánaigh, do tháirgeoirí agus comhlachais aitheanta de chuid an Aontais agus do Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne chomh maith gur tionscnaíodh an t-imscrúdú agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

(6)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

2.   AN TAIRGE FAOI IMSCRÚDÚ

(7)

Is éard atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo, leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha, ag a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó, agus ag a bhfuil friotaíocht leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, bíodh siní feistithe orthu nó ná bíodh (“an táirge faoi imscrúdú”).

3.   TARRAINGT SIAR AN GHEARÁIN

(8)

Ina litir chuig an gCoimisiún an 9 Bealtaine 2022, tharraing na gearánaigh siar a ngearán.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) den bhun-Rialachán, féadfar an imeacht a fhoirceannadh, ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais.

(10)

Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais.

4.   CONCLÚID AGUS NOCHTADH

(11)

Dá bhrín sin, mheas an Coimisiún gur cheart na himeachtaí a fhoirceannadh.

(12)

Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt.

(13)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil as a dtiocfaí ar an gconclúid nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais.

(14)

Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Foirceanntar leis seo na himeachtaí frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  IO C 466, 18.11.2021, lch. 6.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de rothaí bóthair cruaiche ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 108, 7.4.2022, lch. 20).


Top