Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0770

    Cinneadh (AE) 2022/770 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Danmhairg isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2291) (Is é an téacs sa Danmhairgis amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2291

    IO L 139, 18.5.2022, p. 124–132 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/770/oj

    18.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 139/124


    CINNEADH (AE) 2022/770 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Aibreán 2022

    maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Danmhairg isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2291)

    (Is é an téacs sa Danmhairgis amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír de,

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    BREITHNITHE GINEARÁLTA

    (1)

    De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige.

    (2)

    Ón gcéad ráithe de bhliain féilire 2020, bhí tionchar mór ag ráig phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus d’fhág sé gur tháinig laghdú suntasach ar an méid aerthráchta i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, de bharr na mbeart a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun srian a choinneáil ar an bpaindéim.

    (3)

    Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta a chuir na Ballstáit isteach ina ndiaidh siúd, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

    (4)

    Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3.

    (5)

    Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (‘STATFOR’) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla.

    (6)

    Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, forbartha agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún gurbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Danmhairg isteach atá sé bunaithe.

    (7)

    Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta a mholann an Danmhairg, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus na himthosca áitiúla á gcur san áireamh aige. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

    MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

    Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

    (9)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Danmhairg faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe na seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (10)

    Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Danmhairg i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

    An Danmhairg

    Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, sloinnte mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

    2021

    2022

    2023

    2024

    Naviair

    Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

    C

    C

    C

    C

    Bainistiú riosca sábháilteachta

    B

    C

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    Cur chun cinn na sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    (11)

    Maidir leis na dréachtspriocanna sábháilteachta a mhol an Danmhairg le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (Naviair), is é an chonclúid ón gCoimisiún go bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach in 2023 i gcás an chuspóra um ‘bainistiú riosca sábháilteachta’, agus, i gcás na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta eile, go gcomhlíonann na spriocanna áitiúla feidhmíochta leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2022 go 2024, ach amháin i gcás an ‘bheartais sábháilteachta agus na gcuspóirí’, arb é atá beartaithe ina leith leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach i leith gach bliana féilire den tréimhse tagartha

    (12)

    Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach, sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Danmhairg faoina bhráid, bearta lena ndéanamh ag Naviair chun na spriocanna áitiúla sábháilteachta a bhaint amach, amhail cur chun feidhme na gceanglas comhlíontachta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 (6), chomh maith leis na dea-chleachtais a leagtar amach i Lámhleabhair Bainistíochta Sábháilteachta ICAO, CANSO, agus Eurocontrol. Measann an Coimisiún, áfach, gur cheart tuilleadh mionsonraí a sholáthar, maidir leis na bearta atá beartaithe, agus faireacháin á dhéanamh ar na blianta atá fágtha de TT3.

    (13)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11) agus (12), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart a mheasúnú, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

    Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

    (14)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Danmhairg isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (15)

    I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

    (16)

    Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Danmhairg, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

     

    2021

    2022

    2023

    2024

    Dréachtspriocanna comhshaoil faoi bhealach na Danmhairge, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    Luachanna tagartha le haghaidh na Danmhairge

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    (17)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Danmhairg agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

    (18)

    Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Danmhairg ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear cur chun feidhme na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe agus athdhearadh na mbealach caighdeánach teachta agus imeachta de réir uirlisí.

    (19)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an t-aerspás saorbhealaigh curtha chun feidhme ag an Danmhairg cheana ó leibhéal eitilte 285 agus molann sé don Danmhairg féachaint leis an aerspás saorbhealaigh a chur chun feidhme a thuilleadh.

    (20)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (17) go (19), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

    Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

    (21)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Danmhairg isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (‘ATFM’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (22)

    I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

    (23)

    Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Danmhairg i leith TT3, arna sloinneadh mar nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:

     

    2021

    2022

    2023

    2024

    Dréachtspriocanna acmhainneachta na Danmhairge i leith eitiltí faoi bhealach i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,03

    0,06

    0,06

    0,05

    Luachanna tagartha le haghaidh na Danmhairge

    0,03

    0,06

    0,06

    0,05

    (24)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann an dréacht-acmhainneacht a mholann an Danmhairg agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

    (25)

    Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an Danmhairg sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin feabhsú leanúnach ar líonra bealach na seirbhísí aerthráchta, méadú ar an gcomhar sibhialta-míleata chun úsáid an aerspáis saorbhealaigh a bharrfheabhsú, mion-uasghráduithe ar an gcóras bainistíochta aerthráchta, agus cur chun feidhme teicnící feabhsaithe le haghaidh bhainistíocht na sreibhe aerthráchta agus na hacmhainneachta.

    (26)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

    Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

    (27)

    Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Danmhairge.

    Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

    (28)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Danmhairg isteach maidir leis an gcostas aonaid arna suíomh (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an dara tréimhse tagartha (TT2) agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

    (29)

    Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na spriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (30)

    Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Danmhairg i leith TT3:

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Danmhairge

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020 - 2021

    2022

    2023

    2024

    Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

    DKK 488,1

    DKK 428,7

    DKK 935,4

    DKK 479,4

    DKK 423,3

    DKK 393,9

    EUR 65,63

    EUR 57,64

    EUR 125,78

    EUR 64,47

    EUR 56,92

    EUR 52,97

    (31)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht CAAS faoi bhealach na Danmhairge ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, -2,1 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %.

    (32)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach na Danmhairge le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -2,4 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %.

    (33)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Danmhairge, mar atá, EUR 57,64 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (‘EUR2017’), 28,0 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 45,04 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil costas aonaid na Danmhairge arna shuíomh fós níos airde ná meán an ghrúpa comparáide le linn TT3 ar fad, agus go bhfuil sé 22,2 % níos mó ná an meán sin i leith 2024.

    (34)

    Mar a leagtar amach in aithrisí (31) agus (32), is léir gur fearr i bhfad feidhmíocht na Danmhairge ná an treocht CAAS uile-Aontais i leith TT3 agus an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais araon. Thairis sin, tá CAAS na Danmhairge i leith 2024 níos ísle ná luachanna bonnlíne 2014 agus 2019, rud a léiríonn go bhfuil gnóthachain costéifeachtúlachta éifeachtacha á mbaint amach sa mheántéarma agus san fhadtéarma araon. Gan beann ar an difríocht a thugtar faoi deara in aithris (33) idir luach bonnlíne na Danmhairge agus meán an ghrúpa comparáide, tá forbairt costéifeachtúlachta léirithe ag an Danmhairg atá níos fearr ná na treochtaí uile-Aontais, rud is leor mar bhunús chun an chomhsheasmhacht a shuí leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais i leith TT3.

    (35)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (31) go (34), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

    Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

    (36)

    Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Danmhairge.

    Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta

    (37)

    I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i dtaca leis an measúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú sin le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréachtscéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge.

    (38)

    Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Danmhairge agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht chríochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,50 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,40 % de na costais arna suíomh.

    (39)

    Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh na huas-mhíbhuntáistí airgeadais a mholtar, arb ionann iad agus 0,50 % de na costais arna suíomh, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (40)

    Ba cheart don Danmhairg, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach agus acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é an tuairim ón gCoimisiún gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin.

    CONCLÚIDÍ

    (41)

    Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (9) go (40), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir an Danmhairg isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    (42)

    Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs comhlíontacht na rátaí aonaid a fhíorú. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann.

    (43)

    Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Danmhairg isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

    Airteagal 2

    Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

    (6)  IO L 62, 8.3.2017, lch.1


    IARSCRÍBHINN

    Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Danmhairg isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA

    Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

    An Danmhairg

    Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

    2021

    2022

    2023

    2024

    Naviair

    Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Bainistíocht riosca sábháilteachta

    B

    C

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    Cur chun cinn na sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    B

    C

    C

    C

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

    Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

     

    2021

    2022

    2023

    2024

    Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealachna Danmhairge, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    Luachanna tagartha don Danmhairg

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    1,14  %

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

    Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

     

    2021

    2022

    2023

    2024

    Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Danmhairge „ i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

    0,03

    0,06

    0,06

    0,05

    Luachanna tagartha don Danmhairg

    0,03

    0,06

    0,06

    0,05

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

    Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Danmhairge

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020 -2021

    2022

    2023

    2024

    Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

    488,1 DKK

    428,7 DKK

    935,4 DKK

    479,4 DKK

    423,3 DKK

    393,9 DKK

    EUR 65,63

    EUR 57,64

    EUR 125,78

    EUR 64,47

    EUR 56,92

    EUR 52,97


    Top