Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0639

Cinneadh (AE) 2022/639 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2021 maidir leis an scéim cabhrach SA.54915 - 2020/C (ex 2019/N) An Bheilg — Sásra acmhainneachta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6431) (Is é an leagan Béarla an t–aon leagan barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6431

IO L 117, 19.4.2022, pp. 40–105 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/639/oj

19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 117/40


CINNEADH (AE) 2022/639 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Lúnasa 2021

maidir leis an scéim cabhrach SA.54915 - 2020/C (ex 2019/N) An Bheilg — Sásra acmhainneachta

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6431)

(Is é an leagan Béarla an t–aon leagan barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na bhforálacha atá luaite thuas (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Tar éis nós imeachta réamhfhógra, le litir dar dáta an 19 Nollaig 2019, thug Ríocht na Beilge fógra don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), faoi shásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh (‘an beart’ nó ‘an sásra acmhainneachta’).

(2)

Le litir dar dáta an 21 Meán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún an Bheilg ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE a thionscnamh i leith an bhirt.

(3)

An cinneadh ón gCoimisiún chun an nós imeachta a thionscnamh (‘an Cinneadh Tosaigh’), foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach.

(4)

Le litir dar dáta an 22 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Bheilg a barúlacha isteach maidir leis an gCinneadh Tosaigh. Fuair an Coimisiún tuilleadh barúlacha ó 15 pháirtí leasmhara. Chuir sé ar aghaidh chuig an mBeilg iad agus tugadh deis di freagairt a thabhairt. Fuarthas a barúlacha le litir dar dáta an 24 Nollaig 2020.

(5)

An 9 Iúil 2021, chomhaontaigh an Bheilg go heisceachtúil a cearta a dhíorthaíonn ó Airteagal 342 CFAE a tharscaoileadh, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán 1/1958 (3), agus go nglacfar an Cinneadh seo agus go dtabharfar fógra faoi i mBéarla.

2   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN MBEART

2.1.   Forbhreathnú ar an mbeart

(6)

Measann an Bheilg go mbeidh fadhb leordhóthanachta giniúna leictreachais aici ó 2025, rud a thiocfaidh den chuid is mó as a cinneadh deireadh a chur leis an acmhainneacht núicléach uile le linn na tréimhse 2022-2025 agus as díchoimisiúnú acmhainneachtaí giniúna teirmeacha sa Bheilg agus ina tíortha comharsanacha.

(7)

Dá bhrí sin, is é is cuspóir don bheart seo a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ann chun leictreachas a tháirgeadh agus go gcomhlíonfar leis an táirgeadh sin an t-éileamh leictreachais a bhfuil coinne leis.

(8)

Faoin sásra acmhainneachta, roghnófaí na tairbhithe trí phróiseas tairisceana iomaíoch agus thabharfaí luach saothair dóibh as an n-infhaighteacht. Bheadh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta acmhainneachta le haghaidh fhad an chomhaontaithe acmhainneachta. Mar mhalairt, thabharfadh na tairgeoirí a n-éireoidh leo a n-infhaighteacht chun éileamh an oibreora córais tarchurtha (‘OCT’) a chomhlíonadh le linn teagmhais struis a d’fhéadfadh tarlú.

(9)

Tá a cuspóirí dícharbónúcháin náisiúnta leagtha síos ag an mBeilg ina Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (‘PNFA’) (4). Bunaithe ar an bplean sin, tá sé beartaithe go dtiocfaidh méadú ar an sciar d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite in ídiú leictreachais na Beilge, agus sin ó 17 % in 2017 suas le 40.4 % ar a laghad in 2030. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá foinsí fuinnimh inathnuaite suntasacha amhail ón ngaoth agus ón ngrian a lánpháirtiú, a bhféadfaidh gné eadrannach an mhéid sin a bheith ina dhúshlán roimh leordhóthanacht agus slándáil an tsoláthair.

(10)

Cé gur fíor nach é an príomhchuspóir atá ann forbairt a dhéanamh ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite, le dearadh an tsásra acmhainneachta glactar leis na spriocanna uaillmhianacha a bhaineann le foinsí fuinnimh inathnuaite a thabhairt isteach thairis sin i meascán fuinnimh na Beilge agus gníomhaíonn sé mar chomhlánú ar thuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite eadrannacha nua.

2.2.   Bunús dlí agus socruithe rialtais

(11)

Is é bunús dlí an bhirt an tAcht Leictreachais an 29 Aibreán 1999 maidir le heagrú mhargadh leictreachais na Beilge (‘an tAcht Leictreachais’), rud a modhnaíodh le dlíthe (5) a foilsíodh an 16 Bealtaine 2019 agus an 19 Márta 2021 in Iris Oifigiúil na Beilge.

(12)

Ina theannta sin, rinneadh Foraitheanta Ríoga (6) agus na Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge (7) a ullmhú chun módúlachtaí an tsásra acmhainneachta a mhionsaothrú a thuilleadh:

(1)

an Fhoraithne Ríoga an 28 Aibreán 2021 chun an mhodheolaíocht a chinneadh le haghaidh ríomh na hacmhainneachta agus paraiméadair cheant i gcomhthéacs an tsásra acmhainneachta (8);

(2)

an Fhoraithne Ríoga an 21 Bealtaine 2021 maidir le critéir incháilitheachta a bhaineann le tacaíocht charnach agus tairseach rannpháirtíochta íosta (9);

(3)

an Fhoraithne Ríoga an 4 Meitheamh 2021 maidir le tairseacha infheistíochta agus costais incháilithe (10);

(4)

an dréacht-Fhoraithne Ríoga maidir le cinneadh na gcoinníollacha ar bunaithe orthu is féidir le sealbhóirí acmhainneachta acmhainneachtaí eachtracha a bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta (11); agus

(5)

an Fhoraithne Ríoga an 30 Bealtaine 2021 maidir le módúlachtaí rialúcháin (12).

(13)

I mí Lúnasa 2020, rinne Elia, OCT de chuid na Beilge, comhairliúchán poiblí i leith na Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge (13).

2.3.   Leordhóthanacht giniúna sa Bheilg

2.3.1.   Caighdeán don iontaofacht

(14)

Is é is príomhchuspóir don sásra acmhainneachta atá beartaithe slándáil an tsoláthair a áirithiú, mar a shainmhínítear i gcaighdeán iontaofachta.

(15)

Mar a fógraíodh in 2019, sainíodh na critéir iontaofachta sa Bheilg le critéar dhá chuid Ionchais maidir le Cailliúint Lóid (‘LOLE’): maidir leis an líon réamh-mheasta uaireanta an chloig ar lena linn nach mbeidh sé indéanta an lód ná an riachtanas le haghaidh cúlchistí oibriúcháin a chumhdach leis na hacmhainní giniúna uile atá ar fáil d’eangach leictreachais na Beilge, agus freagairt don éileamh, stóráil agus idirnascairí á gcur san áireamh freisin, ní sháróidh sé 3 uair an chloig le haghaidh gnáthbhliain de réir staidrimh. Mar an dara critéar, fanfaidh LOLE faoi bhun 20 uair an chloig le haghaidh bliain neamhghnách de réir staidrimh (‘LOLE95’) (14). Cumhdaíodh na luachanna sin san Acht Leictreachais freisin.

(16)

Is éard atá sa chaighdeán iontaofachta léiriú ar mheastachán an luacha a chuireann tomhaltóirí ar sheachaint dhíscor a soláthair leictreachais (‘VOLL’), agus costas measta acmhainneachta nua sa Bheilg (‘CONE’).

(17)

Le hAirteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (15) (‘An Rialachán Leictreachais’) déantar foráil maidir le bunú modheolaíochta de chuid an Aontais chun VOLL, CONE agus an caighdeán iontaofachta a ríomh.

(18)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, d’fhormheas an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’) an mhodheolaíocht chun VOLL (‘modheolaíocht VOLL’), CONE (‘modheolaíocht CONE’) agus an caighdeán iontaofachta (‘modheolaíocht RS’) a ríomh. Tagraítear do na trí mhodheolaíocht go comhchoiteann mar ‘modheolaíocht VOLL/CONE/RS’ (16).

(19)

An 7 Meitheamh 2021, chuir an Bheilg isteach ríomh VOLL nua, CONE nua agus an chaighdeáin iontaofachta nua i gcomhréir le modheolaíocht VOLL/CONE/RS.

(20)

An 28 Bealtaine 2021, sheol rialtóir fuinnimh na Beilge (‘CREG’) a thogra maidir le caighdeán iontaofachta le haghaidh na Beilge chuig an Aire Fuinnimh. Mhair an caighdeán iontaofachta a mhol CREG 2 uair an chloig agus 43 nóiméad.

(21)

Mhol Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid Federal Public Service Economy (‘FPS Economy’) ina tuairim an 2 Meitheamh 2021 an caighdeán iontaofachta a shlánú chuig 3 uair an chloig chun comhsheasmhacht a áirithiú le staidéir roimhe sin maidir le leordhóthanacht acmhainní náisiúnta agus Eorpacha, comhlíontacht a chumasú leis an gcleachtas maidir le caighdeáin iontaofachta a léiriú in uaireanta slánaithe an chloig mar a dhéantar i dtíortha comharsanacha agus a chur san áireamh gurb amhlaidh a dhéanfar an t-easnamh neamhimeallach agus atá sainaitheanta le haghaidh na Beilge a líonadh le meascán fuinnimh seachas teicneolaíocht tagartha aonair.

(22)

De réir na dréacht-Fhoraithne Ríoga maidir le cinneadh an chaighdeáin iontaofachta agus formheas luachanna le haghaidh an chostais ar VOLL agus CONE, socraítear an caighdeán iontaofachta nua ag 3 uair an chloig.

(23)

Leis an dréacht-Fhoraithne Ríoga formheastar an meastachán aonair ar an gcostas ar VOLL freisin, ar bhonn an luacha a shocraíonn Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid FPS Economy i dteannta an Bhiúró Pleanála, agus CONE ar bhonn theicneolaíocht DSR (17).

(24)

Socrófar VOLL ag EUR 16 033/MWh agus CONE ag EUR 45/kW/bliain.

(25)

Ríomhadh VOLL agus modh triantánachta á úsáid lenar cuireadh san áireamh an fheidhm tháirgthe agus suirbhé maidir leis an toilteanas chun íoc arna dhéanamh ag CREG. De réir údaráis na Beilge, ní raibh an suirbhé a rinne CREG láidir ós rud é, i measc nithe eile, nach raibh an cás aonair a moladh (ag teocht is ísle ná + 5 °C) ionadaíoch le haghaidh an chuid is mó de na cásanna teirce. Dá bhrí sin, an t-ualú a cuireadh ar thorthaí an tsuirbhé chun VOLL a mheas, bhí sé teoranta.

(26)

De réir an Achta Leictreachais, déanfar na ríomhanna atá ábhartha maidir leis an sásra acmhainneachta bunaithe ar an gcaighdeán iontaofachta atá i bhfeidhm an 15 Meán Fómhair an bhliain roimh an gceant.

(27)

I bhfianaise an tráthchláir dhocht, ríomh an Bheilg an toirt atá le soláthar sna ceantanna Y-4 agus Y-1, a bheartaítear le haghaidh mhí Dheireadh Fómhair 2021 agus 2024 faoi seach, bunaithe ar an seanchaighdeán iontaofachta faoi réir an ghealltanais na toirteanna a choigeartú, más gá, i gcás ina léireofar leis an gcaighdeán iontaofachta nua agus an measúnú leordhóthanachta riachtanas acmhainneachta i bhfad níos ísle.

(28)

Gheall an Bheilg freisin VOLL a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar shuirbhé nua maidir le toilteanas chun íoc, i gcomhréir le modheolaíocht CONE/VOLL/RS agus, más gá, caighdeán iontaofachta nua a shocrú roimh mhí Mheán Fómhair 2022, d’fhonn an caighdeán iontaofachta nua a úsáid chun go gcinnfear an toirt atá le soláthar ar a dhéanaí le haghaidh cheant 2023.

2.3.2.   Measúnú leordhóthanachta

(29)

De réir údaráis na Beilge, beidh fadhb leordhóthanachta ag an mBeilg ó 2025, rud a thiocfaidh den chuid is mó as an gcéimniú amach núicléach a bheartaítear idir 2022-2025, rud a threisítear le díchoimisiúnú acmhainneachtaí giniúna teirmeacha sna tíortha comharsanacha. Suíodh an fhadhb leordhóthanachta trí bhíthin staidéar leordhóthanachta acmhainní náisiúnta lena dtoimhdítear roinnt cásanna.

(30)

Leis an staidéar leordhóthanachta náisiúnta lena gcumhdaítear an tréimhse idir 2020-2030, rud a d’fhoilsigh oibreoir córais tarchurtha na Beilge, Elia, i mí an Mheithimh 2019 (‘an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019’) (18), sainaithníodh go raibh gá córasach le hacmhainneacht nua 3.9 GW ar a laghad sa chás Ardtionchair Dóchúlachta Ísle (HiLo) (EU-HiLo), faoi gheimhreadh 2025-2026. Leis an gcás sin, cuirtear leictreachas allmhairithe san áireamh agus toimhdítear go mb’fhéidir nach mbeidh roinnt aonaid núicléacha de chuid na Fraince ar fáil (anuas ar an ‘ngnáth’ neamhinfhaighteacht). Úsáideadh an cás céanna faoi chuimsiú na meastóireachta ar thoirt cúltaca straitéisigh (19). Le bonnchás an Aontais (20) léirítear ganntanas 2.4 GW má choinnítear ar bun an acmhainneacht theirmeach atá ann cheana sa chóras (féach fíor 4-18 den staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019).

(31)

Le torthaí an staidéir Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 léirítear, le haghaidh an cháis EU-HiLo, gan idirghabháil, go mbeadh LOLE chomh hard le 10.5 uair an chloig in 2025, rud a sháraíonn an caighdeán iontaofachta náisiúnta go suntasach ó thaobh shlándáil an tsoláthair. Mhéadódh an táscaire LOLE95 chuig 84 uair an chloig fiú. Leis an tábla seo a leanas léirítear torthaí LOLE, mar atá i gceist sa staidéar leordhóthanachta náisiúnta le haghaidh EU-HiLo agus bonnchásanna an Aontais:

Tábla 1

Torthaí LOLE le haghaidh na Beilge sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta

 

2025

2028

2030

AE-bonn

EU-HiLo

AE-bonn

EU-HiLo

AE-bonn

EU-HiLo

LOLE atá fágtha ar an margadh (uaireanta an chloig)

9,4

10,5

6

6,9

6

6,2

LOLE95 atá fágtha ar an margadh (uaireanta an chloig)

89

84

63

76

43

51

Foinse: An staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019

(32)

An 11 Iúil 2019, d’fhoilsigh CREG anailís ar an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 (21). San anailís sin, i measc nithe eile, cheistigh CREG úsáid an cháis EU-HiLo mar an príomhchás. De réir CREG, ba cheart feabhas a chur ar an modheolaíocht chun meastóireacht a dhéanamh ar bhrabúsacht na hacmhainneachta atá ann cheana agus acmhainneachta nua agus ba cheart na cúltacaí cothromúcháin uile atá le fáil sa Bheilg agus ar an gcoigríoch a chur san áireamh.

(33)

I mí na Samhna 2019, d’eisigh an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO-E’) Mid-term Adequacy Forecast 2019 (‘MAF 2019’) (22) lena léirítear na torthaí seo a leanas le haghaidh na Beilge in 2025:

Tábla 2

Leibhéil LOLE le haghaidh na Beilge in MAF 2019

 

An bonnchás – 2025

Íogaireacht ísealcharbóin  (23) - 2025

LOLE meánach

1,09  uair an chloig

1,61  uair an chloig

LOLE95

3,15  uair an chloig

-

Foinse: ‘Mid-term Adequacy Forecast - 2019‘ ENTSO-E

(34)

Mar sin féin, de réir na Beilge, le MAF ENTSO-E 2019 ní chuirtear i láthair torthaí LOLE le haghaidh na Beilge ar bhealach sách cruinn ós rud é go dtoimhdítear leis sin infhaighteacht bhreise 2.5 GW (24), agus is amhlaidh nach ráthaítear an méid sin.

(35)

Ina thuarascáil chríochnaitheach i mí Aibreáin 2020 chuir (25) an Fóram Cúigthaobhach um Fhuinneamh (26) (‘PLEF’) na torthaí seo a leanas i láthair le haghaidh na Beilge in 2025:

Tábla 3

Leibhéil LOLE le haghaidh na Beilge i Measúnú Leordhóthanachta Ginearálta PLEF 2020

 

Bonnchás - 2025  (27)

Íogaireacht gáis ísil - 2025  (28)

Íogaireacht núicléach / CH NTC íseal 2025  (29)

LOLE meánach

3,3  uair an chloig

8,1  uair an chloig

4,6  uair an chloig

Foinse: An Fóram Cúigthaobhach um Fhuinneamh ‘Measúnú Leordhóthanachta Giniúna – Aibreán 2020 – Tuarascáil chríochnaitheach’

(36)

I mí na Samhna 2020, d’eisigh ENTSO-E MAF 2020. Le haghaidh bhonnchás 2025, léiríonn torthaí MAF 2020 LOLE meánach 0.4 uair an chloig, rud a chomhlíonann dá bhrí sin na critéir leordhóthanacha dlíthiúla le haghaidh na Beilge, is é sin LOLE 3 uair an chloig.

(37)

Mar sin féin, i mbarúlacha na dtíortha atá i gceangal le MAF 2020, léirigh an Bheilg an méid seo a leanas: ‘Is ann do mhéid suntasach acmhainneachta ‘tógtha nua’ toimhdithe in MAF 2020 agus é dáilte thar shraith mhór tíortha. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon deimhneacht ann go ginearálta go dtiocfadh na hacmhainneachtaí sin chun solais ar deireadh in 2025, dá réir sin ba cheart na toimhdí sin agus na torthaí a leanann astu sin a chuirtear i láthair in MAF 2020, ba cheart iad a léirmhíniú go cúramach. Thairis sin, le roinnt blianta anuas tá an Bheilg mar chuid den réigiún inar cuireadh chun feidhme an mhargadhchúpláil sreabhadhbhunaithe cheana féin. Cé go ndearna Elia samhail ionsamhlúcháin shreabhadhbhunaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, e.g. i staidéar Elia 2019 agus gur úsáideadh freisin í i staidéar PLEF GAA 2020, ní úsáidtear an cur chuige sin i staidéar MAF 2020 reatha’.

(38)

Ina bhfógra, chuir údaráis na Beilge in iúl go bhfuil an mhodheolaíocht agus na sonraí ailínithe ar an leibhéal Eorpach ionas go mbeidh an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 i gcomhréir le MAF 2019.

(39)

De réir Airteagal 23(3) den Rialachán Leictreachais, ba cheart do ENTSO-E modheolaíocht a fhorbairt, rud a úsáidfear le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leordhóthanacht acmhainní (‘ERAA’) agus aon mheasúnú náisiúnta ar leordhóthanacht acmhainní (‘NRAA’) (féach Airteagal 24 den Rialachán Leictreachais). Ba cheart do ACER an mhodheolaíocht sin a fhormheas.

(40)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, d’fhormheas ACER an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní (‘modheolaíocht ERAA’) (30).

(41)

An 30 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh Elia staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta nua le haghaidh na tréimhse 2022-2032 (‘an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021’).

(42)

I gcomhréir le modheolaíocht ERAA, lánpháirtigh Elia eilimintí mhodheolaíocht ERAA, a leagtar amach thíos, i gcreat an staidéir Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021:

(a)

blianta aeráide: roghnaigh Elia an chéad rogha a leagtar amach i modheolaíocht ERAA a chur chun feidhme, i.e. ag brath ar an réamhaisnéis is fearr ar réamh-mheastacháin aeráide amach anseo.

(b)

measúnú inmharthanachta eacnamaíche: d’fhorbair Elia modh chun inmharthanacht eacnamaíoch na sócmhainní éagsúla sa chóras leictreachais a ríomh, i gcomhréir le modheolaíocht ERAA.

(c)

sreabhadhbhunaithe: le creat samhaltúcháin Elia lánpháirtítear an tabhairt isteach dearaidh margaidh uile atá aitheanta agus beartaithe i modh ríofa na hacmhainneachta sreabhadhbhunaithe, amhail síneadh an réigiúin chuig an gcroí; ‘ardchúpláil hibrideach’; nó na rialacha minRAM a thugtar isteach leis an Rialachán Leictreachais.

(d)

solúbthacht: leis an staidéar áirítear ríomh riachtanais agus acmhainn solúbthachta iomlán an chórais agus measúnú ar thoisiú Cúltacaí Rialaithe Minicíochta agus Cúltacaí Athbhunaithe Minicíochta le haghaidh gach spriocbhliana chun riachtanais chúltaca a léiriú lena gcumhdófar éagothroime i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla a shamhaltaítear sna hionsamhlúcháin leordhóthanachta. Thairis sin, déantar saintréithe solúbthachta na cumhachta gaoithe ón talamh a scagadh agus áirítear teicneolaíochtaí de chineál cumhachta a thiontú go x mar theicneolaíochtaí nua. Ar deireadh, cuirtear béim shonrach ar thionchar lánpháirtiú an dara sruth d’ardáin acmhainneachta giniúna eischósta agus cothromúcháin trasteorann.

(e)

lánpháirtiú earnála: maidir le cúpláil earnála, déantar na comhéadain idir an córas leictreachais agus earnálacha éagsúla amhail na hearnálacha iompair, téimh agus gáis a chur san áireamh trí thoimhdí a áireamh faoi acmhainneachtaí giniúna feithiclí leictreacha, teaschaidéal agus aonad gáis theirmigh faoi seach. Chun eolas a fháil ar na himpleachtaí a bhaineann le húsáid a bhaint as leictreachas chun hidrigin a ghiniúint sa samhaltú a úsáidtear sa staidéar seo, cuireadh leictrealóirí isteach mar ídiú (solúbtha) ar leictreachas sa Bheilg agus ar an gcoigríoch. Thairis sin, tugadh aird ar leith ar dhigiteáil ar ídiú leictreachais breise ó iompar agus teas.

(f)

tréimhse 10 mbliana: tá an staidéar bunaithe ar thréimhse 10 mbliana (2022-2032). Chun an méid ionsamhlúchán agus ríomhanna a laghdú, níor ionsamhlaíodh na híogaireachtaí ná na cásanna uile le haghaidh na mblianta uile: rinneadh anailís níos mine ar phríomhbhlianta áirithe. Rinneadh méid mór íogaireachtaí ar an mBeilg agus ar an gcoigríoch chun eolas agus tuiscint a fháil ar na himpleachtaí a bhaineann le toimhdí áirithe a athrú. Chun críche comparáide, tá coinne leis nach n-ionsamhlófar le ERAA 2021 ach na blianta 2025 agus 2030.

(g)

athraithigh lena mbaineann sásraí acmhainneachta agus gan iad: i gcomhréir leis an Rialachán Leictreachais agus modheolaíocht ERAA, le Elia áiríodh cásanna ar bhain agus nár bhain sásraí acmhainneachta ar fud an mhargaidh leo san Eoraip.

(43)

Chuir údaráis na Beilge faisnéis isteach á rá go ndearnadh na príomhcheanglais mhodheolaíocha a shonraítear i modheolaíocht ERAA a chur chun feidhme sa staidéar seo.

(44)

Bunaithe ar an Rialachán Leictreachais, ní mór na príomhchásanna tagartha a bheith in NRAA. Sna cásanna sin áireofar, i measc nithe eile, measúnú inmharthanachta eacnamaíche ar shócmhainní giniúna. Sonraítear thairis sin le modheolaíocht ERAA go bhfuil dhá phríomhchás tagartha le sainiú, ceann le sásraí acmhainneachta ar fud na hEorpa agus an ceann eile gan na sásraí acmhainneachta sin.

(45)

Dá dhroim sin, sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021, scrúdaíodh dhá phríomhchás:

(a)

‘EU-BASE’: léirítear cás leis sin lena gcuirtear san áireamh sásraí acmhainneachta ar fud an mhargaidh a formheasadh cheana sa Fhrainc, sa Ríocht Aontaithe, sa Pholainn, san Iodáil agus in Éirinn agus toimhdítear go mbeidh siad i bhfeidhm go deireadh thráthchlár an staidéir seo;

(b)

‘EU-noCRM’: léiríonn an méid sin cás lena n-eisiatar ioncaim sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh, á thoimhdiú leis sin nach ann d’aon sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh san Eoraip.

(46)

Cuirtear san áireamh i staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 rannchuidiú na n-acmhainní uile, lena n-áirítear deiseanna i gcomhair giniúna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, stóráil fuinnimh, comhtháthú earnálach, freagairt don éileamh, agus allmhairiú agus onnmhairiú agus an méid a rannchuidíonn siad le hoibriú solúbtha an chórais.

(47)

Chuir údaráis na Beilge faisnéis isteach á rá gur cheart a chur san áireamh leis an samhaltú ar na huasphraghsanna imréitigh a dhéantar sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 na forálacha dlíthiúla uile atá ar fáil, amhail an uasteorainn ar phraghsanna is infheidhme faoi láthair, an riail 60 % (31) mar a shocraítear i Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (32), agus Cinneadh Uimh. 04/2017 ó ACER an 14 Samhain 2017.

(48)

Leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 samhaltaítear an méadú uathoibríoch ar an uasphraghas imréitigh ó 2025 ar aghaidh. De réir údaráis na Beilge, is é is dóichí nach dtarlóidh aon LOLE roimh 2025, dá bhrí sin ní dhéantar aon mhéadú uasphraghais imréitigh a shamhaltú roimh 2025. Mar sin féin, fiú dá dtarlódh méaduithe caidhpe praghais, de réir údaráis na Beilge, léirítear leis an samhaltú nach n-athrófaí torthaí an mheasúnaithe inmharthanachta eacnamaíche le haghaidh 2025 (féach fíor 3-72 den staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021). Maidir leis an staidéar leordhóthanachta nua, atá le foilsiú faoi mhí an Mheithimh 2023, gheall an Bheilg go n-áiritheofaí go ndéanfar an mhodheolaíocht le haghaidh méaduithe praghsanna dinimiciúla a chur san áireamh go hiomlán leis ó thús na tréimhse ionsamhlúcháin ar aghaidh.

(49)

De réir an staidéir Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021, ó 2025, nuair a chuirfear an céimniú amach núicléach i gcrích, beidh gá struchtúrach ag an mBeilg le hacmhainneacht nua. Tá an gá sin cothrom le 2 GW in 2025 sa chás lárnach ‘EU-BASE’, agus méadaíonn sé de réir a chéile chuig 3.9 GW faoi 2032. Tá an gá méadaithe sin nasctha leis an méadú a bhfuil coinne leis ar ídiú leictreachais agus allmhairí laghdaithe le linn tréimhsí teirce sa Bheilg.

(50)

Foráiltear leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 nach mbeidh ach sciar an-bheag den acmhainneacht nua inmharthana tríd an margadh fuinnimh amháin faoi 2025.

(51)

Dá dheasca sin, measann údaráis na Beilge go mbeidh ábhar imní leordhóthanachta acmhainní sainaitheanta sa Bheilg ó 2025 ar aghaidh, cheal gníomhaíochta.

(52)

Léirítear leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 an léargas is déanaí agus is fearr ar an ngá atá leis an sásra acmhainneachta.

2.3.3.   Teipeanna margaidh

(53)

Shainaithin an Bheilg roinnt teipeanna margaidh lena gcuirtear isteach ar mhargadh leictreachais dea-fheidhmiúil, slán, inacmhainne agus inbhuanaithe.

(54)

Eascraíonn an chéad teip margaidh as tosca éagsúla lena gcoisctear comharthaí praghais éifeachtúla agus as an gcosc a chuirtear ar ardú praghsanna fuinnimh chuig VOLL agus lochtanna dearaidh margaidh eile.

(55)

Mar gheall ar an teaglaim de na teipeanna margaidh sin agus gníomhaíocht rialála ghaolmhar, is féidir go ‘maolófar’ comharthaí praghais i margaí leictreachais ionas nach méadóidh praghsanna chuig leibhéal ‘éifeachtúil’ tráthanna teirce. Eascraíonn ganntanas ainsealach ioncam as sin le haghaidh oibreoirí gléasra agus oibreoirí freagartha don éileamh, rud a fhágann go ndéantar difear don chumas a gcostais sheasta agus inathraitheacha a ghnóthú, agus tagraítear dó sin mar ‘airgead ar iarraidh’ de ghnáth lena gcoisctear ar fhórsaí an mhargaidh an leibhéal leordhóthanachta is gá a bhaint amach.

(56)

Go teoiriciúil, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar éagumas tomhaltóirí a leibhéal inmhianaithe iontaofachta a roghnú, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin i margadh fuinnimh amháin trí ardú praghsanna a cheadú chuig leibhéal rialála lena léirítear an praghas nach mbeadh tomhaltóirí toilteanach íoc as fuinneamh air agus trína cheadú do ghineadóirí cíosanna teirce a fháil. Mar sin féin, de dheasca freagairt íseal don éileamh, is deacair VOLL iarbhír a ghabháil agus tá saincheisteanna inghlacthachta polaitiúla ag baint le harduithe tobann ar phraghsanna.

(57)

De réir údaráis na Beilge, eascraíonn an dara teip margaidh as col riosca infheisteoirí i gcomhthéacs luaineachta méadaithe agus éiginnteachta rialála ard. Fágann treá méadaitheach foinsí fuinnimh inathnuaite eadrannacha go bhfuil praghsanna níos luainí agus méadaítear an éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht go ngnóthódh teicneolaíochtaí traidisiúnta a gcostais sheasta sa mhargadh leictreachais. De réir na Beilge, maidir le hathruithe beaga ar na coinníollacha a bhaineann le leibhéal an tabhairt isteach le haghaidh RES, e.g. spriocanna maidir le grianghaoth, gaoth ar talamh agus gaoth ón talamh, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige sin ar ioncaim teicneolaíochtaí giniúna traidisiúnta. Tá an fhadhb a bhaineann le ‘airgead ar iarraidh’ ag éirí níos déine de réir mar a mhéadaíonn an acmhainneacht eadrannach. Dá thoradh sin, de réir údaráis na Beilge, leis sin méadaítear an riosca eacnamaíoch atá bainteach le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí giniúna traidisiúnta solúbtha. Ina theannta sin, de réir na Beilge, le praghsanna fuinnimh ní hiondúil go ndéantar foráil maidir le tréimhse fálúcháin todhchaíochtaí is faide ná 3 bliana, rud atá gairid chun cás infheistíochta a chur le chéile le haghaidh infheisteoirí. Lena chois sin, de réir údaráis na Beilge, cé go bhféadfaí freastal ar athruithe incriminteacha ar an soláthar agus ar an éileamh le margaí todhchaíochtaí, ní bheidís in ann fálú a sholáthar i gcás suaitheadh struchtúrach tábhachtach, amhail an céimniú amach núicléach a bheartaítear sa Bheilg.

(58)

Ar an tríú dul síos, tá gnéithe áirithe d’earra poiblí ag baint le hiontaofacht córas leictreachais. Is é is cúis leis sin go dtairbhíonn infheistíochtaí le haghaidh leibhéal slándála soláthair níos airde de chách, cé gurb amhlaidh, mar a míníodh roimhe seo, nach féidir leis an oibreoir córais an chuid is mó de thomhaltóirí deiridh aonair a dhíscor go roghnaitheach ar bhonn a dtoilteanais chun íoc. Dá réir sin, is dóigh go mbeidh dreasachtaí fo-optamacha ag gineadóirí chun infheistiú in acmhainneacht giniúna, rud a sholáthródh leibhéil fho-optamacha iontaofachta córais dá bhrí sin sa deireadh.

(59)

De réir údaráis na Beilge, bíonn na saincheisteanna sin i bhfoirm ar leith sa Bheilg, sa mhéid is gur margadh sách beag agus fíor-idirnasctha atá ann agus dá réir sin déantar difear dó freisin le rioscaí soláthair comhchosúla ó mhargaí leictreachais comharsanacha. Dá bhrí sin, de réir údaráis na Beilge, tá tionchar mór ag an staid sna margaí leictreachais comharsanacha ar leordhóthanacht na Beilge.

(60)

In 2018, d’fhormheas an Coimisiún cúltaca straitéiseach le haghaidh na Beilge go dtí an 31 Márta 2022 (33). Is é is cuspóir don chúltaca straitéiseach freastal ar an mbuaiclód le linn thréimhsí an gheimhridh nuair a theipeann ar an margadh déanamh amhlaidh, trí acmhainneacht áirithe giniúna agus freagartha don éileamh atá ann cheana a choinneáil ar bun lasmuigh den mhargadh mar chúltaca, rud nach ndéanfar a ghníomhachtú ach nuair a bheidh na hacmhainní comhardúcháin ídithe.

2.3.4.   Athchóirithe sa mhargadh

(61)

An 25 Samhain 2019, fuair an Coimisiún plean cur chun feidhme (34) ó Aireacht Fuinnimh na Beilge, rud a ullmhaíodh de bhun Airteagal 20(3) den Rialachán Leictreachais, lena gceanglaítear ar na Ballstáit ag a bhfuil ábhair imní leordhóthanachta bearta a leagan amach i bplean cur chun feidhme chun deireadh a chur le saobhadh rialála nó teipeanna margaidh ar a margaí. Tar éis comhairliúchán poiblí, ghlac an Coimisiún an 30 Aibreán 2020 tuairim maidir le plean cur chun feidhme na Beilge, de bhun Airteagal 20(5) den Rialachán Leictreachais (35). Ghlac an Bheilg leagan críochnaitheach dá plean cur chun feidhme agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin é (36).

(62)

A mhéid a bhaineann le margaí cothromúcháin, thug an Bheilg rud ar a dtugtar ‘comhpháirt alfa’ isteach ina sásra praghsála éagothroime. Is éard atá ann comhchuid praghais éagothroime bhreise a chuirtear ar Pháirtithe Freagracha Cothromúcháin (‘PFCanna’) chun an comhartha praghais fíor-ama a mhéadú nuair a mhéadaíonn córas éagothroime chrios rialúcháin na Beilge. Ina Thuairim, d’iarr an Coimisiún ar an mBeilg a mheas cibé acu ba cheart nó nár cheart feidhm a bheith ag an bhfeidhm praghsála teirce ní hamháin maidir le PFCanna ach maidir le soláthraithe seirbhíse cothromúcháin (‘SSCanna’) freisin. Is féidir go dtacófar le slándáil an tsoláthair leis sin trína áirithiú go mbeidh an praghas céanna ann le haghaidh PFCanna agus SSCanna le haghaidh an fhuinnimh a tháirgtear/a ídítear, ós rud é go bhféadfaidh arbatráiste neamhéifeachtúil ó ghníomhaithe margaidh teacht as difreáil praghsanna. Measann an Coimisiún freisin gur cheart an fheidhm praghsála teirce a thruicearú le teirce na gcúltacaí sa chóras agus gur cheart í a chalabrú chun praghsanna fuinnimh cothromúcháin a mhéadú chuig VOLL nuair a ritheann an córas as cúltacaí. D’iarr an Coimisiún ar an mBeilg a machnamh a dhéanamh ar a scéim praghsála teirce a leasú dá réir sin faoi thráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022. Thairis sin, tá glanluacháil neamhchothroime á cur chun feidhme ag an mBeilg, agus tá sí ag ullmhú chomh maith leis sin chun dul isteach in ardáin chothromúcháin an Aontais le haghaidh CAMu (Cúltaca Athbhunaithe Minicíochta uathoibríoch) agus CAMl (Cúltaca Athbhunaithe Minicíochta láimhe) a bhfuil coinne leis go mbeidh siad i bhfeidhm faoi dheireadh 2021 agus 2022 faoi seach. Lena chois sin, thug an Bheilg gealltanas maidir leis an méid seo a leanas a bhaineann le soláthar seirbhísí cothromúcháin agus coimhdeacha:

(a)

tráth nach déanaí ná mí Iúil 2020, ba ghá FCR (cúltacaí rialaithe minicíochta) a thairiscint ar bhonn laethúil agus a sholáthar go heisiach go réigiúnach.

(b)

tráth nach déanaí ná mí Iúil 2020, ba ghá CAMu a thairiscint ar bhonn laethúil agus beidh na gníomhaithe uile agus na leibhéil voltais uile in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh. Tabharfar luach saothair as fuinneamh cothromúcháin gníomhachtaithe trí phraghsáil imeallchostais a luaithe a bheidh leachtacht leordhóthanach ann.

(c)

ó mhí Feabhra 2020, déantar CAMl a thoisiú agus a mhéidniú ar bhonn laethúil, agus tugtar luach saothair as fuinneamh cothromúcháin gníomhachtaithe trí phraghsáil imeallchostais.

(63)

Sa tuarascáil bhliantúil a chuir an Bheilg isteach i mí Iúil 2021, deimhníodh go ndearnadh na gníomhaíochtaí sin idir an dá linn.

(64)

Sa Bheilg, tá freagairt don éileamh incháilithe chun bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais mórdhíola (lena n-áirítear margaí lá roimh ré agus ionlae) agus sa mhargadh cothromúcháin chomh maith leis sin agus láimhseáiltear an méid sin ar bhealach comhchosúil le rannpháirtithe eile sa mhargadh agus soláthraithe seirbhíse cothromúcháin. Is féidir freagairt don éileamh a léiriú go leithleach nó trí chomhbhailitheoirí. Chun freagairt don éileamh a éascú a thuilleadh, thug an Bheilg gealltanas ina plean cur chun feidhme (a cuireadh isteach in 2019) maidir le rolladh amach méadar cliste, rud a bheidh éagsúil le haghaidh gach ceann dá réigiúin:

(a)

Flóndras (37):

(1)

tráth nach déanaí ná 2023, beidh méadar cliste ag 33 % de chustaiméirí.

(2)

tráth nach déanaí ná 2028, beidh méadar cliste ag 66 % de chustaiméirí i bhFlóndras.

(3)

tráth nach déanaí ná 2034, beidh méadar cliste ag 100 % de chustaiméirí i bhFlóndras.

(b)

An Vallúin:

(1)

tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2023, beidh rolladh amach córasach méadar cliste ann (i) le haghaidh custaiméirí cónaithe ar mainneachtain íocaíochta, (ii) nuair is gá an méadar a athrú, (iii) le haghaidh naisc nua leis an eangach, (iv) nuair a iarrann an tomhaltóir amhlaidh.

(2)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2029, beidh 80 % de mhéadair chliste suiteáilte le haghaidh (i) tomhaltóirí ag a bhfuil ídiú atá cothrom le 6 000 kWh nó os a chionn, (ii) táirgeoirí is tomhaltóirí, nuair atá an ghlanchumhacht leictreach infhorbartha cothrom le 5 kWe nó os a chionn; (iii) pointe athluchtaithe atá ar oscailt don phobal.

(c)

Réigiún na Bruiséile: déantar méadair chliste a rolladh amach (i) nuair is gá méadair a athrú nó (ii) le haghaidh naisc nua leis an eangach.

(65)

Bhí ráta idirnaisc leictreachais na Beilge cothrom le 21 % in 2020. Leis na tionscadail atá beartaithe cheana (féach Plean Forbartha Feidearálach 2020-2030 (38)), sroichfidh ráta idirnaisc leictreachais na Beilge thart ar 30 % faoi 2030 (39). Tháinig na hathneartuithe líonra seo a leanas de chuid na Beilge chun bheith oibríochtúil le déanaí nó tiocfaidh siad chun bheith oibríochtúil sna blianta atá le teacht:

(a)

ALEGrO: rinneadh tionscadal leasa choitinn (PCI) ALEGrO le haghaidh idirnascaire 1 GW idir an Bheilg agus an Ghearmáin a choimisiúnú in 2020 (40).

(b)

NEMO: bhí PCI NEMO le haghaidh idirnascaire 1 GW idir an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe oibríochtúil ó 2019.

(c)

BRABO: baineann PCI BRABO le huasghrádú ar eangach leictreachais na Beilge arb é is aidhm dó sin, i measc nithe eile, an cumas allmhairiúcháin ón Ísiltír a mhéadú.

2.4.   Tairbhithe

2.4.1.   Incháilitheacht

(66)

Beidh an sásra acmhainneachta ar oscailt do na hacmhainneachtaí uile is féidir rannchuidiú le leordhóthanacht acmhainní, idir acmhainneacht, stóráil agus freagairt don éileamh atá ann cheana agus atá nua. Comhbhailiú acmhainneachta, lena n-áirítear ó theicneolaíochtaí éagsúla, ceadófar sin.

(67)

Ceadófar rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí freisin. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na rialacha i roinn 2.10.

(68)

Is iad na soláthraithe acmhainneachta a roghnaítear sa phróiseas tairisceana iomaíoch a bheidh ina dtairbhithe den sásra acmhainneachta.

2.4.2.   Íostairseach le haghaidh na rannpháirtíochta

(69)

Socraíodh an íostairseach rannpháirtíochta ag 1 MW, go háirithe ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)

ailíniú leis an margadh cothromúcháin;

(b)

tagann an luach as idirphlé leanúnach le rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear roinnt comhairliúcháin phoiblí fhoirmiúla;

(c)

má théitear faoi bhun na teorann 1 MW tugtar le tuiscint as sin nach mór do roinnt acmhainneachtaí beaga tosú ar an bpróiseas réamhcháiliúcháin sásra acmhainneachta éigeantach agus na costais ghaolmhara a sheasamh cé go mb’fhéidir nach bhfuil sé beartaithe acu a bheith rannpháirteach i gceant an tsásra acmhainneachta;

(d)

má théitear faoi bhun na tairsí 1 MW méadaítear an t-ualach riaracháin go suntasach freisin.

(70)

Leis an bhForaithne Ríoga maidir le critéir incháilitheachta a bhaineann le tacaíocht charnach agus íostairseach rannpháirtíochta déantar foráil maidir le meastóireacht a dhéanamh ar leibhéal na híostairsí rannpháirtíochta le linn shaolré an tsásra acmhainneachta, gach 5 bliana ar a laghad.

(71)

Le rialacha comhbhailiúcháin cumasaítear rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta níos lú nach gcomhlíonann an ceanglas íostairsí.

2.4.3.   Comhiomlánú

(72)

Is féidir le soláthraithe acmhainneachta iomadúla a roghnú comhbhailiú in aonad margaidh acmhainne aonair atá cothrom le 1 MW ar a laghad gan uasteorannú méide. Is é an t-aon teorannú atá ann nach féidir le pointí seachadta a bhfuil feidhm ag cláir laethúla na margaí fuinnimh maidir leo (inniu bíonn na pointí seachadta cothrom le méid os cionn 25 MW) a bheith mar chuid de phunann comhbhailithe. Ceadaítear comhbhailiú ar fud na dteicneolaíochtaí uile. Ina theannta sin, athdháileadh comhchodanna laistigh d’aonad margaidh acmhainne comhbhailithe (‘AMA’), ceadaítear sin chun an tsolúbthacht a mhéadú i leith comhbhailitheoirí agus a rannpháirtíocht sa phróiseas ceant a spreagadh.

(73)

Déanfar athbhreithniú ar rialacha comhbhailiúcháin agus modhnófar iad má mheasann údaráis na Beilge gur gá sin, chun a áirithiú nach mbeidh na rialacha comhbhailiúcháin ina mbacainn ar an rannpháirtíocht sa cheant.

2.4.4.   Acmhainneacht neamhchruthaithe

(74)

Déantar foráil sa sásra maidir le catagóir shonrach ‘acmhainneacht neamhchruthaithe’. Sainmhínítear é sin mar acmhainneacht, rud nach féidir a bheith ag baint le pointe seachadta i dtús an phróisis réamhcháiliúcháin Y-4, agus nach féidir dá bhrí sin na ceanglais réamhcháiliúcháin pointe seachadta a urramú. Tá an chatagóir ar oscailt do na teicneolaíochtaí uile agus is é is aidhm di rannpháirtíocht acmhainneachtaí a chothú a bhféadfadh níos mó deacrachtaí a bheith acu an leibhéal aibíochta caighdeánach is gá a sholáthar in Y-4. Seasann acmhainneachtaí neamhchruthaithe do thionscadail nach bhfuil chomh haibí sin e.g. nuair nach eol fós an pointe seachadta; níl aon phlean forghníomhúcháin tionscadail ar fáil agus ní aibíonn an tionscadal a thuilleadh ach le linn na tréimhse réamhsheachadta. Mhínigh údaráis na Beilge go ndearnadh an coincheap a bhaineann le ‘acmhainneacht neamhchruthaithe’ a thabhairt isteach arna iarraidh sin don mhargadh agus go mb’fhéidir go mbeidh sé úsáideach go háirithe do chomhbhailitheoirí/soláthraithe DSR, a mheasann go mbeidh siad in ann acmhainneacht den sórt sin a aimsiú le linn na tréimhse réamhsheachadta, ach e.g. nach mór dóibh comhaontuithe a thabhairt chun críche go fóill le suíomhanna éilimh/atá ag déanamh a machnamh ar ionchais iomadúla. Níor cheart acmhainneacht neamhchruthaithe a thairiscint ach sa cheant Y-4. Ní féidir ach an chatagóir acmhainneachta caighdeánaí conradh 1 bliana a shannadh don chatagóir sin (féach aithrisí (138) agus (145)).

(75)

Chun teorainn a chur leis an riosca i leith slándáil córais trí bheith ag brath ar thionscadail nach bhfuil chomh haibí sin, tá an acmhainneacht fhoriomlán a nglactar léi sa chatagóir seo teoranta do 200 MW le haghaidh an chéad cheant. Leis an Acht Leictreachais foráiltear go ndéanfar cinneadh maidir leis an uasacmhainneacht fhoriomlán sin in aghaidh an cheant. D’fhéadfadh sé go bhforbródh an tairseach a thuilleadh le himeacht ama bunaithe ar thoradh dearfach ar an taithí.

2.4.5.   Dírátáil

2.4.5.1.   Rialacha ginearálta

(76)

Tá an sásra acmhainneachta ar oscailt do na sealbhóirí acmhainneachta uile ag brath ar a ráta infhaighteachta agus a rannchuidiú le cuspóir na leordhóthanachta acmhainní. Go deimhin, níl coinne leis go mbeidh AMAnna ar fáil 100 % den am ag 100 % dá gcumhacht tagartha de bharr e.g. dálaí aimsire, timthriallta cothabhála, clistí.

(77)

Ar an ábhar sin, ríomhtar toisc dírátála le haghaidh gach teicneolaíochta chun measúnú a dhéanamh ar a hiontaofacht agus a rannchuidiú le slándáil an tsoláthair le linn tráthanna a bhfuil ábharthacht ar leith leo ó thaobh na leordhóthanachta de (ar a dtugtar ‘uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig’). Dá bhrí sin, ní féidir le sealbhóirí acmhainneachta a bheith rannpháirteach sa cheant ná níl siad incháilithe dá réir sin le haghaidh conarthaí acmhainneachta ach suas lena n-acmhainneacht dírátáilte (41).

(78)

An mhodheolaíocht chun na paraiméadair dhírátála sin a ríomh, athraíonn sí in aghaidh na teicneolaíochta agus sonraítear í ar bhealach níos mionsonraithe san Fhoraithne Ríoga, lena leagtar amach an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainneachta agus paraiméadair ceant. Beidh sí ag brath ar chatagóir na hacmhainneachta:

(a)

déantar tosca dírátála le haghaidh teicneolaíochtaí teirmeacha ag a bhfuil sceideal laethúil a chinneadh bunaithe ar anailís staidrimh ó shonraí stairiúla trí ráta an éartha seirbhíse d’éigean a shladghearradh ós rud é go dtoimhdítear go bhfuil an paraiméadar sin neamhspleách ar dhálaí aeráide.

(b)

tosca dírátála le haghaidh teicneolaíochtaí teirmeacha gan sceideal laethúil, cinntear le tomhais iad. Mura bhfuil na tomhais leordhóthanach déantar iad a ionsamhlú tríd an meánrannchuidiú a bhfuil coinne leis ó na teicneolaíochtaí sin le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig a roinnt ar chumhacht tagartha ainmniúil chomhbhailithe na teicneolaíochta.

(c)

tosca dírátála le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag brath ar an aimsir ag a bhfuil sceideal laethúil agus le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag brath ar an aimsir nach bhfuil sceideal laethúil acu ná nach bhfuil comhaontú ar leibhéal seirbhíse roghnaithe acu (féach pointe e) thíos), cinnfear iad tríd an meánrannchuidiú gaolmhar ó na teicneolaíochtaí sin le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig a roinnt ar chumhacht tagartha ainmniúil chomhbhailithe na teicneolaíochta is infheidhme.

(d)

tosca dírátála le haghaidh teicneolaíochta ag a bhfuil sceideal laethúil atá teoranta ó thaobh fuinnimh de, cinnfear iad tríd an meánrannchuidiú a bhfuil coinne leis ó na teicneolaíochtaí sin le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig a roinnt ar an gcumhacht tagartha ainmniúil chomhbhailithe.

(e)

comhaontú ar leibhéal seirbhíse (‘SLA’) (freagairt don éileamh nó stóráil bheag den chuid is mó ach tá sé inrochtana freisin do na teicneolaíochtaí uile nach bhfuil sceideal laethúil acu, lena n-áirítear foinsí fuinnimh inathnuaite): tá an toisc dhírátála bainteach le gach SLA atá roghnaithe ag AMA féin le linn an phróisis réamhcháiliúcháin (agus mar a shocraítear sa chonradh acmhainneachta) ag brath ar na sriantachtaí fuinnimh a roghnaítear. Fágann sin gur féidir leis na teicneolaíochtaí nach bhfuil sceideal laethúil acu a chinneadh dóibh féin cén SLA is fearr a oireann dá sriantachtaí teicniúla, seachas iad a chur in SLA réamhshainithe. Ina theannta sin, is féidir le comhbhailitheoir an SLA is fearr a oireann dá phunann a roghnú.

(79)

An 4 Bealtaine 2021, sholáthair an Bheilg tosca dírátála a tugadh cothrom le dáta agus a léirítear sa tábla thíos:

Tábla 4

Tosca dírátála

Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse (SLA)

Infhaighteacht/Fad [h]

SLA

Stóráil mhórscála

1  u

11  %

11  %

2  u

19  %

19  %

3  u

28  %

28  %

4  u

36  %

36  %

6  u

52  %

52  %

8  h.

65  %

65  %

Teicneolaíochtaí teirmeacha ag a bhfuil sceideal laethúil

Fochatagóir

Toisc dhírátála

Gástuirbín comh-thimthrialla

91  %

Gástuirbín timthrialla oscailte

90  %

Innill turba-scairde

96  %

Innill gháis

95  %

Innill díosail

93  %

CTÉ

93  %

Bithmhais

93  %

Dramhaíl

93  %

Fuinneamh Núicléach

96  %

Gual

90  %

Teicneolaíochtaí atá teoranta ó thaobh fuinnimh de ag a bhfuil sceideal laethúil

Infhaighteacht/Fad [u]

Toisc dhírátála

1

11  %

2

19  %

3

28  %

4

36  %

5 -6

52  %

7 -8

65  %

Teicneolaíochtaí a bhraitheann ar an aimsir

Fochatagóir

Toisc dhírátála

Gaoth ón talamh

15  %

Gaoth ar talamh

6  %

Grianfhuinneamh

4  %

Hidrileictreachas shruth na habhann

34  %

Teicneolaíochtaí teirmeacha nach bhfuil clár laethúil acu

Fochatagóir

Toisc dhírátála

Teicneolaíochtaí teirmeacha comhbhailithe

62  %

Foinse: Fógra (42)

(80)

Is féidir na rialacha dírátála a athbhreithniú go bliantúil agus a mhodhnú más gá. Go háirithe, rachaidh OCT i mbun comhairle maidir le liosta na dteicneolaíochtaí reatha atá sa mhargadh faoi láthair. Dá bhfaighfí aiseolas á rá go bhfuil cineál nua teicneolaíochta ar iarraidh ón liosta, d’fhéadfaí an méid sin a chur san áireamh fós féin le linn an chalabrúcháin bhliantúil ar na tosca dírátála. Dá réir sin, más gá, tabharfar na tosca dírátála agus na teicneolaíochtaí cothrom le dáta go bliantúil agus athbhreithneofar iad.

2.4.6.   Na rialacha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht trasteorann

(81)

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht trasteorann, an uasacmhainneacht iontrála atá ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí indírí i gcrios rialúcháin, saineoidh an t-oibreoir córais í le haghaidh gach creasa margaidh atá nasctha go leictreach go díreach le limistéar rialúcháin na Beilge, i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán Leictreachais.

(82)

Go dtí go nglacfar na straitéisí, na tograí nó na cinntí straitéiseacha ábhartha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 26 den Rialachán Leictreachais, déantar rannchuidiú gach creasa margaidh atá nasctha go díreach leis an mBeilg a chinneadh trí rannchuidiú na gcriosanna sin le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig mar a thuairiscítear i roinn 2.10.1.

2.4.7.   Na rialacha is infheidhme maidir le hacmhainneacht neamhchruthaithe

(83)

Chun cothroime iomaíochta a ráthú le hacmhainneachtaí conraithe eile sa cheant Y-4, úsáidfidh Elia na tosca dírátála a aithnítear tráth an cheant Y-4 mar pharaiméadar ionchuir le haghaidh an phróisis réamhcháiliúcháin chaighdeánaigh maidir le hacmhainneachtaí neamhchruthaithe (ós rud é gur féidir an próiseas réamhcháiliúcháin caighdeánach a bhaineann leis na hacmhainneachtaí sin a eagrú suas le 24 mhí tar éis an cheant Y-4).

2.5.   An próiseas ceant agus rialacha praghsála

2.5.1.   Minicíocht na gceantanna

(84)

De réir an fhógra, eagróidh OCT ceantanna sásra acmhainneachta ag brath ar an leibhéal acmhainní acmhainneachta is gá chun leibhéal leordhóthanach leordhóthanachta acmhainní a ráthú chun an caighdeán iontaofachta a bhaint amach.

(85)

Reáchtáiltear ceant acmhainneachta gach bliain chun críche seachadta i gceann 4 bliana in ‘ceant Y-4’. Reáchtáiltear ceant eile bliain roimh ré sa bhliain díreach roimh bhliain seachadta an phríomhcheant (‘ceant Y-1’). Tá sé beartaithe an chéad cheant Y-4 a eagrú in 2021, cé gur cheart an chéad cheant Y-1 a reáchtáil in 2024.

2.5.2.   Cinneadh na toirte atá le cur ar ceant

(86)

I leagan níos luaithe den Acht Leictreachais, Airteagal 7 undecies mír 2 foráladh gur mhol OCT an mhodheolaíocht lena sainítear na paraiméadair lena gcinntear cainníocht na hacmhainneachta atá le ceannach. Faoin Rialachán Leictreachais, rud atá infheidhme ón 1 Eanáir 2020, formheasfaidh an Ballstát an toirt le cur ar ceant ar bhonn togra ó rialtóir CREG. Dá bhrí sin, bhí cinneadh déanta cheana ag coiste an tsásra acmhainneachta (FPS Economy, CREG, Elia agus Oifig Comh-aireachta an Aire Fuinnimh) in 2019 go bhforbródh CREG togra le haghaidh na modheolaíochta le haghaidh na bparaiméadar lena gcinntear an toirt atá le soláthar sna ceantanna. Leis na haithrisí seo a leanas tugtar níos mó mionsonraí maidir leis an gcroineolaíocht.

(87)

An 22 Samhain 2019, d’fhorbair Elia dréacht-togra d’Fhoraithne Ríoga le haghaidh chinneadh na modheolaíochta le haghaidh na bparaiméadar ceant (amhail tosca dírátála, praghsanna ceangail agus tagartha, caidhp phraghais idirmheánach), lena n-áirítear an próiseas chun an cás a chinneadh chun an acmhainneacht is gá a chinneadh (43). An 6 Nollaig 2019, ghlac CREG tuairim (44) maidir le togra Elia ina míníonn sé go háirithe go bhfuil úsáid an cháis EU-HiLo chun an acmhainneacht atá le ceannach a chinneadh míchuí (45) agus nach bhfuil sí i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais.

(88)

An 18 Márta 2020, rinne CREG dréacht-togra 2064 le haghaidh chinneadh na toirte acmhainneachta atá le soláthar a sheoladh chuig Aire Fuinnimh na Beilge. Spreagadh an dréacht-togra go mór le nóta (Z) CREG 2024, rud a seoladh chuig an Aire an 20 Nollaig 2019 tar éis comhairliúchán poiblí (46). Ghlac CREG an togra críochnaitheach an 24 Márta 2020 (47). Leis an togra seo:

(a)

díorthaítear sriantacht bhuiséadach inar gá do chostas an tsásra acmhainneachta a bheith níos ísle ná an costas ar an tomhaltóir de dheasca an fhuinnimh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh (EENS) (48), rud a sheachnaítear le sásra acmhainneachta. Is é atá i gcostas an tsásra acmhainneachta costas na hacmhainneachta a iarrtar chun an caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh. Is é atá sa chostas a bhfuil coinne leis agus a bhaineann le fuinneamh ar iarraidh EENS iolraithe ar an toilteanas chun íoc le haghaidh custaiméirí nach bhfaigheann an fuinneamh sin (VOLL) go neamhbheartaithe. I gcás riosca slándála soláthair, seasann an VOLL sin do chostas neamhsholáthair a fógraíodh roimh ré. Agus úsáid á baint as luachanna VOLL de chuid an Bhiúró Pleanála (49) agus as staidéar ACER (50), díorthaíonn CREG an tsriantacht bhuiséadach seo a leanas:

Image 1

Foinse: CREG ‘Proposition (E)2064 – 24 mars 2020 ’

(b)

díorthaítear an cuar éilimh seo a leanas, inarb é atá sa toirt spriocdhírithe atá le cur ar ceant C Q (51):

Image 2

Foinse: CREG ‘Proposition (E)2064 – 24 mars 2020 ’

(89)

Agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir le nóta CREG 2024 á gcur san áireamh, tháinig Aireacht Fuinnimh na Beilge ar an gconclúid nár soláthraíodh leis an modheolaíocht a mhol CREG (go háirithe an tsriantacht bhuiséadach) ráthaíochtaí leordhóthanacha go n-urramófaí cuspóir an tsásra acmhainneachta chun ‘an leibhéal slándála soláthair is gá a áirithiú’ i gcomhréir leis na critéir dhlíthiúla.

(90)

Dá dheasca sin, tharraing Aire Fuinnimh na Beilge modh malartach suas lena sainítear na paraiméadair lena gcinntear cainníocht na hacmhainneachta a ceannaíodh faoin sásra acmhainneachta, agus togra Elia maidir le Foraithne Ríoga a luaitear in aithris (87) agus togra CREG a luaitear in aithris (88) á gcur san áireamh. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an modheolaíocht oiriúnaithe sin ón 23 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2020. De bhun an Dlí Sásra Acmhainneachta Leasaithe, foráiltear le hAirteagal 7 oiriúnaithe undecies, mír 2 den Acht Leictreachais go ndéanfar na paraiméadair lena sainítear an méid toirte atá le soláthar a shainiú i bhForaithne Ríoga, ar bhonn togra ón rialtóir. Foilsíodh an Fhoraithne Ríoga chríochnaitheach in Iris Oifigiúil na Beilge an 30 Aibreán 2021, tar éis fhormheas an Dlí Sásra Acmhainneachta Leasaithe (52). Le haithrisí (91) go (99) tugtar tuairisc ar an bpróiseas mar a fhoráiltear san Fhoraithne Ríoga chríochnaitheach seo.

(91)

Gach bliain, an méid acmhainneachta is gá chun an caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh i mbliain seachadta ar leith amach anseo (i.e. an spriocthoirt), cinnfear é bunaithe ar thogra ón rialtóir. Déanann an rialtóir an togra sin agus na sonraí arna soláthar ag OCT á gcur san áireamh, ach ríomhann OCT na sonraí sin freisin ar bhonn cáis agus luachanna idirmheánacha a mhol an rialtóir agus a chinn an tAire. Cinntear an spriocthoirt ar bhonn an chaighdeáin iontaofachta dhlíthiúil, rud a chomhfhreagraíonn do luach LOLE áirithe. Déantar cás a chalabrú chun a áirithiú go gcomhlíonfar an critéar sin. Nuair a chalabraítear an cás, déantar ionsamhlú margaidh as a dtagann sainaithint uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig. Ríomhtar an spriocthoirt ansin mar shuim an mheánualaigh le linn na n-uaireanta teirce ionsamhlaithe agus an riachtanais cothromúcháin, as a mbaintear EENS meánach le linn na n-uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig.

(92)

An cás a luaitear in aithris (91), beidh sé ar cheann de na cásanna tagartha lárnacha a úsáidtear chun an t-ábhar imní leordhóthanachta acmhainní a shainaithint, ón ERAA is déanaí (53) nó ón NRAA is déanaí (54), agus tabharfar cothrom le dáta é leis an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil (55). Leis an bpróiseas a bhaineann le tabhairt chun críche an mhéid acmhainneachta atá le soláthar, ní mór na codanna ábhartha den Rialachán Leictreachais a urramú freisin.

(93)

Leis an bhForaithne Ríoga soláthraítear an próiseas seo a leanas chun an cás tagartha a bhunú. Mar ionchur le haghaidh an chinnidh ón Aire Fuinnimh, foilseoidh OCT de chuid na Beilge moladh, tar éis chomhairliúchán poiblí na bpáirtithe margaidh maidir leis na sonraí agus na toimhdí. Go comhleanúnach, déanfaidh an rialtóir togra le haghaidh an cháis tagartha, agus an mhodheolaíocht mar a fhoráiltear san Fhoraithne Ríoga á cur san áireamh. Ar deireadh, foilseoidh FPS Economy comhairle maidir leis an togra sin. Is é an tAire Fuinnimh atá freagrach as cinneadh críochnaitheach rogha an cháis.

(94)

Le caidhp cheant dhomhanda cinntear an luach saothair uasta is féidir a fháil le tairiscint i gceant an tsásra acmhainneachta agus is infheidhme maidir leis na catagóirí acmhainneachta uile. Trí theorainn a chur leis an luach saothair uasta is féidir a fháil, leis an gcaidhp cheant dhomhanda teorannaítear an fhéidearthacht a bhaineann le mí-úsáid a bhaint as cumhacht mhargaidh trí thairiscintí míchuí a chur isteach. Ríomhtar an chaidhp phraghais cheant dhomhanda mar ghlan-CONE (56) a iolrú faoi fhachtóir X. Le luach an fhachtóra ceartúcháin X, cuirtear san áireamh na héiginnteachtaí a bhaineann leis an meastachán ar ghlan-CONE, ar leibhéal athraitheachta ollchostais iontrálaí nua atá bainteach le teicneolaíochtaí éagsúla agus i gcinneadh na mblianachtaí infrimeallacha bliantúla sa mhargadh fuinnimh agus na glanioncam ar an margadh le haghaidh seirbhísí cothromúcháin cúntacha. Tá caidhp phraghais cheant dhomhanda don chéad cheant cothrom le EUR 75/kW/bliain, rud atá cothrom le glan-CONE iolraithe faoi fhachtóir ceartúcháin 1.50 (57).

(95)

Deartar an cuar éilimh le haghaidh na gceantanna Y-4 ar bhonn 3 phointe, mar a léirítear le fíor thíos:

(96)

Deartar an cuar éilimh le haghaidh cheantanna Y-1 ar bhonn na bpointí B agus C céanna le ceantanna Y-4, ach coigeartaítear an spriocthoirt chun acmhainneacht a conraíodh cheana sa cheant Y-4 agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse sheachadta chéanna a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn pointe A, in ordanáid, don chaidhp phraghais cheant dhomhanda, agus in aibsíosa, don spriocthoirt.

(97)

Measann údaráis na Beilge go n-urramaítear dhá phrionsabal le dearadh na gcuar éilimh:

(a)

slándáil an tsoláthair a áirithiú: ciallaíonn sin gur cheart an caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh nuair a thabharfar ceantanna Y-4 agus Y-1 i gcrích, seachas sin ní chomhlíonfaí cuspóir an tsásra acmhainneachta. Ós rud é go gcomhfhreagraíonn pointe B don toirt is gá chun an caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh, ba cheart a áirithiú go gconrófaí an méid sin ar a laghad. Ós rud é tar éis cheant Y-4 go bhfuil an deis fós ann tuilleadh acmhainneachtaí a chonrú sa cheant Y-1, tá cuar claonta idir pointe A agus pointe B in Y-4 indéanta, lena gceadaítear níos lú ná an méid a chalabraítear le haghaidh pointe B sa cheant Y-4 sin a chonrú. Mar sin féin, dá gconrófaí níos lú ná an toirt atá bainteach le pointe B in Y-1, ní rathófaí go gcomhlíontar an caighdeán iontaofachta. Leis sin mínítear an gearradh ingearach in Y-1 idir pointe A agus pointe B; agus

(b)

sásra comhréireach, lena mbaineann an costas is lú, a áirithiú: fágann sin nár cheart an toirt fhoriomlán atá le soláthar a bheith níos mó ná an toirt is gá chun an caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh mar dhéanfaí costas iomlán an tsásra a bhoilsciú leis sin seachas sin. Leis sin mínítear an fáth a bhfuil an cuar éilimh ingearach idir pointe B agus an trasnú leis an X-ais i gceantanna Y-4 agus Y-1 araon.

(98)

De réir an Achta Leictreachais, ní mór íostoirt acmhainneachta a fhorchoimeád le haghaidh cheantanna Y-1 agus a bhaint as an spriocthoirt le haghaidh cheant Y-4. Beidh an toirt fhorchoimeádta sin cothrom ar a laghad leis an acmhainneacht is gá, ar an meán, chun an bhuaic-acmhainneacht iomlán a chumhdach ar feadh níos lú ná 200 uair oibríochta an chloig in aghaidh na bliana. De réir na Foraithne Ríoga chun an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainneachta agus paraiméadair cheant a chinneadh i gcomhthéacs an tsásra acmhainneachta, an acmhainneacht is gá chun an bhuaic-acmhainneacht iomlán a chumhdach ar feadh níos lú ná 200 uair an chloig ar an meán, cinnfear í, le haghaidh gach bloic 100 MW, leis an meánlíon uaireanta is gá chun na critéir slándála soláthair a chomhlíonadh bunaithe ar an gcuar lódmharthanachta. Sin iad na huaireanta atá ag teastáil ó riachtanais acmhainneachta áirithe chun an t-uasídiú leictreachais a chomhlíonadh. Is é a tháinig as an meastachán ar an gcuar éilimh forchoimeád thart ar 2.5 GW le haghaidh cheant Y-1 dá bhforáiltear in 2024. De réir na Beilge, an cinneadh chun cuid den toirt atá le soláthar le haghaidh an phróiseas ceant Y-1 a fhorchoimeád, léiríonn sin a thoilteanas neodracht theicniúil agus oscailteacht theicniúil an tsásra a chur i dtábhacht. Leis an mbeart sin spreagtar rannpháirtíocht soláthraithe freagartha don éileamh ós rud é go mb’fhéidir go mbeidh sé níos deacra ar na hacmhainneachtaí sin a n-infhaighteacht a phleanáil i bhfad roimh ré, rud a dhéanfaidh a rannpháirtíocht sa cheant Y-4 níos casta, b’fhéidir. D’ainneoin aistriú sin na toirte acmhainneachta chuig an gceant Y-1, ceadaítear do na sealbhóirí acmhainneachta uile a bheith rannpháirteach sa phróiseas ceant Y-4 agus Y-1 araon ar feadh tréimhse sheachadta áirithe.

(99)

Cur chun feidhme dhréacht críochnaitheach na Foraithne Ríoga a réamh-mheas:

(a)

Sheol Elia comhairliúchán poiblí maidir leis na cásanna, na híogaireachtaí agus na sonraí le haghaidh ríomh pharaiméadair an tsásra acmhainneachta le haghaidh an cheant Y-4 le haghaidh na tréimhse seachadta 2025-2026. Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí idir an 5 Bealtaine 2020 agus an 5 Meitheamh 2020 (59). Chuaigh Elia i gcomhairle maidir leis na sonraí ó MAF 2019 ENTSO-E, rud a tugadh cothrom le dáta leis an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ó fhoinsí poiblí agus maidir le híogaireachtaí atá le háireamh sa chás tagartha ar ar féidir tionchar a bheith ar shlándáil soláthar na Beilge, i gcomhréir leis an bhForaithne Ríoga (féach aithris (93)). Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí, mhol Elia íogaireacht ‘éileamh íseal’ agus íogaireacht a chomhfhreagraíonn don chás EU-HiLo (60) (féach aithris (30)) a lánpháirtiú sa chás tagartha. An 10 Iúil 2020, ghlac CREG ina dhiaidh sin togra maidir le cás tagartha (61), ina n-athdhearbhaíonn sé go háirithe a cháintí in aghaidh mholadh Elia íogaireacht a áireamh maidir le hinfhaighteacht aonad núicléach de chuid na Fraince a laghdú de 4 aonad (féach aithris (87)), lena léirítear freisin an sásra acmhainneachta atá ann cheana sa Fhrainc chun leordhóthanacht a áirithiú mar aon leis an riosca a bhaineann le méadú san acmhainneacht atá le soláthar. Mar sin féin, go gairid ina dhiaidh sin, ghlac Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh FPS Economy comhairle chuig an Aire Fuinnimh (62), ina moltar an cás tagartha a lánpháirtiú i modhnú ar an éileamh a bhfuil coinne leis ós rud é gur thit an t-éileamh sin i ndiaidh thionchar ráig COVID-19. Áiríodh neamhinfhaighteacht bhreise d’aonaid núicléacha sa Fhrainc inti freisin. Dá réir sin, dhiúltaigh Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh FPS Economy an chuid is mó de cháintí CREG ach d’iarr sí fós féin ar Elia a anailísí a athbhreithniú i bhfianaise a raibh déanta ag PLEF (féach aithris (35)).

(b)

D’eagraigh CREG comhairliúchán poiblí ón 1 Iúil 2020 go dtí an 13 Iúil 2020 maidir le togra faoi luachanna oll-CONE, mheánchostas ualaithe an chaipitil (WACC) agus fhachtóir ceartúcháin X (63). Déanann an tAire Fuinnimh cinneadh go bliantúil ar bhonn thogra CREG ach is féidir leis imeacht uaidh sin.

(100)

An cuar éilimh le haghaidh an cheant Y-4 i mí Dheireadh Fómhair 2021, tá sé bunaithe ar chás lárnach MAF 2019, agus sonraí agus ceartúcháin tugtha cothrom le dáta bunaithe ar an ‘Measúnú Leordhóthanachta Giniúna’ arna dhéanamh ag PLEF agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2020 (féach freisin aithrisí (287) go (289)).

(101)

Leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 úsáidtear cás lárnach MAF 2020, arna chomhlánú leis an tacar sonraí is déanaí atá ar fáil le haghaidh gach tíre agus arna bhailiú laistigh de ENTSO-E agus faisnéis phoiblí nó staidéir náisiúnta a tugadh cothrom le dáta le haghaidh tíortha eile. De réir na Beilge, trí úsáid a bhaint as an bhfoinse chéanna (MAF) mar thacar sonraí le haghaidh na measúnuithe leordhóthanachta acmhainní agus an chalabrúcháin ar an gcuar éilimh, áirithítear comhleanúnachas.

(102)

Shoiléirigh an Bheilg go ndearnadh an íogaireacht a úsáideadh i ríomhanna an chuair éilimh le haghaidh an chéad cheant maidir le neamhinfhaighteacht na hacmhainneachta núicléiche de chuid na Fraince (i gcomhréir leis an ‘Measúnú Leordhóthanachta Giniúna’ arna dhéanamh ag PLEF) a shamhaltú freisin sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021.

(103)

Tá an toirt mheasta atá le soláthar sna chéad cheantanna Y-4 agus Y-1 cothrom le thart ar 9.5 GW. Sainítear an toirt fhoriomlán de réir an cheant agus tá sí bunaithe ar an modheolaíocht a thuairiscítear i roinn 2.5.2. Sa chuar éilimh le haghaidh cheant Y-4, chuir údaráis na Beilge toirt shuntasach i leataobh le haghaidh cheant Y-1, agus é á áirithiú leis sin go ndéanfar calabrú nua níos gaire don bhliain seachadta agus nach ndéanfar an iomarca acmhainneachta a chur ar ceant sa chéad cheant Y-4. Leis an bhforchoimeádas mór Y-1 sin ceadaítear d’údaráis na Beilge déileáil le claontaí miona tar éis sonraí ionchuir nua agus feabhsuithe modheolaíocha, ach áirithítear leis freisin go dtabharfar féidearthachta fairsinge do theicneolaíochtaí nua agus nuálacha a bheith rannpháirteach, rud a áirithíonn dá réir sin sa chleachtas neodracht theicneolaíoch an bhirt.

(104)

Ar an bhforiomlán, déanfar thart ar 54 % den mheánídiú buaice ag tráthanna teirce a chonrú sa cheant Y-4 in 2021, rud a laghdaíonn dá réir sin an spriocthoirt chuig an méid a bhfuil fíorghá leis.

(105)

Gheall an Bheilg cros-seiceáil agus coigeartú a dhéanamh más gá ar na toirteanna atá le soláthar sa cheant T-4 in 2023 agus sa cheant T-1 in 2026 de réir na dtorthaí ó NRAA 2023.

2.5.3.   Céim réamhcháiliúcháin

106

Tá nós imeachta réamhcháiliúcháin sainordaitheach infheidhme maidir le sealbhóirí uile acmhainneachta giniúna os cionn 1 MW. Mar sin féin, níl oibleagáid ar acmhainneachtaí réamhcháiliúcháin a bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana (clásal um rogha gan bheith páirteach). Chun an réamhcháiliúchán sainordaitheach sin a éascú, déantar foráil maidir le próiseas réamhcháiliúcháin mear chun é a chur ar a gcumas do shealbhóirí acmhainneachta an oibleagáid réamhcháiliúcháin a chomhlíonadh ach iarracht íosta a dhéanamh (níl gá ach le híoschainníocht faisnéise, amhail uimhir chéannachta, an cineál pointe seachadta agus an acmhainneacht shuiteáilte iomlán): sealbhóirí acmhainneachta tar éis próiseas réamhcháiliúcháin mear, déileáiltear leis an acmhainneacht go huathoibríoch mar chlásal um rogha gan bheith páirteach.

(107)

Áirítear leis na ceanglais réamhcháiliúcháin teorainn astaíochta: soláthraithe acmhainneachta a sháraíonn an teorainn astaíochta thíos, ní féidir leo a bheith rannpháirteach sa cheant acmhainneachta:

(a)

le haghaidh acmhainneachtaí a thosaigh ar an táirgeacht an 4 Iúil 2019 nó ina dhiaidh sin, tá feidhm ag teorainn astaíochta 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais;

(b)

acmhainneachtaí a thosaigh ar an táirgeacht roimh an 4 Iúil 2019 ní féidir leo níos mó ná 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais a astú, ná níos mó ná 350 kg CO2 de thionscnamh breosla ar an meán in aghaidh na bliana in aghaidh an kWe shuiteáilte a astú.

(108)

Thairis sin, mar chuid den phróiseas réamhchlárúcháin, ní mór do na hiarrthóirí urrús airgeadais sealadach a sholáthar chun go gceadófar dóibh a bheith rannpháirteach sa cheant. Tagann an t-urrús airgeadais sealadach sin chun bheith éifeachtach nuair a roghnaítear AMA sa cheant. Mura n-urramaíonn an soláthraí acmhainneachta, tar éis roghnú sa cheant, a oibleagáidí conarthacha nó i gcás nach bhfuil sé toilteanach an conradh acmhainneachta a shíniú, cuirfear pionóis airgeadais i bhfeidhm mar chuid den phróiseas rialúcháin réamhsheachadta. Tá an ceart ag an gcontrapháirtí conarthach urrús airgeadais a éileamh i gcás ina mbeadh na pionóis sin gan íoc. Tráth an réamhcháiliúcháin, beidh méid an urrúis airgeadais shealadaigh cothrom le EUR 20 000/MW le haghaidh AMAnna fíorúla agus breise agus EUR 10 000/MW le haghaidh sásraí acmhainneachta atá ann cheana, de réir thoirt incháilithe an tsásra acmhainneachta (ós rud é nach eol fós an acmhainneacht chonartha agus é á áirithiú go mbeidh an t-urrús airgeadais comhréireach le méid an tionscadail agus leis an riosca iarmhartach a bhaineann leis an gcóras i gcás neamhsheachadadh). Má tá acmhainneacht chonraithe chríochnaitheach AMA níos ísle ná a mhéid incháilithe, íslítear méid an urrúis airgeadais le haghaidh na difríochta dearfaí idir an méid incháilithe agus an acmhainneacht chonraithe, iolraithe faoi EUR 20 000 (le haghaidh AMAnna fíorúla agus breise) nó EUR 10 000 (le haghaidh AMAnna atá ann cheana).

(109)

Ina theannta sin, páirtithe ar mian leo iarratas a dhéanamh ar réamhcháiliú le haghaidh suiteálacha nua (le haghaidh conradh acmhainneachta 15 bliana) arna lasadh le breoslaí iontaise, má fhaigheann siad conradh acmhainneachta ní mór dóibh a aithint nach mbeidh siad díolmhaithe ón reachtaíocht ná ó na cuspóirí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo arna mbunú ag an Aontas agus/nó ag an mBeilg chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ina theannta sin, ní mór dóibh a admháil gurb amhlaidh má fhaigheann siad conradh acmhainneachta a gheallann siad go rannchuideoidh siad le hullmhú beartais chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Chuige sin, ní mór dóibh dearbhú i scríbhinn a chur i gceangal ina ngabhann siad de láimh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch a bhaineann le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na spriocanna Eorpacha agus Beilgeacha ábhartha, a bhaineann leis an tsuiteáil lena mbaineann faoin 31 Nollaig 2026;

(b)

plean laghdaithe astaíochta a bhunú, faoin 31 Nollaig 2027, lena léirítear an bealach a rannchuideoidh siad leis an aistriú chuig aeráidneodracht in 2050, le spriocanna eatramhacha le haghaidh na mblianta 2035 agus 2045; agus

(c)

astaíochtaí nialais nó diúltacha a bhaint amach faoi 2050. Féadfaidh na páirtithe atá ag gabháil do bhunú plean laghdaithe astaíochtaí a chinneadh an staidéar sin a dhéanamh go comhpháirteach.

(110)

Comhlíontacht leis na gealltanais a leagtar amach in aithris (109), ní mór í a léiriú d’Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh FPS Economy.

2.5.4.   Gnéithe deartha sonracha ceant

2.5.4.1.   Riail phraghsála

(111)

Le sásra ceant iomaíoch baintear úsáid as an bhformáid ceant tairisceana shéalaithe ina gcuireann tairgeoirí tairiscintí isteach go hanaithnid agus ina n-imréitítear an margadh ina dhiaidh sin in aon bhabhta amháin. De réir údaráis na Beilge, mura soláthraítear faisnéis don mhargadh le linn imréiteach an mhargaidh agus mura gceadaítear do thairgeoirí a dtairiscintí a thabhairt cothrom le dáta, leis an bhformáid ceant tairisceana shéalaithe teorannaítear an t-ionchas atá ann maidir le mí-úsáid cumhachta margaidh. Léiríonn siad freisin, maidir leis an bpróiseas tairisceana séalaithe, murab ionann agus clogcheantanna íslitheacha, nach bhfuil tairgeoirí ceangailte suas ar feadh 2-3 lá (go hiondúil) inar gá dóibh a bheith ar fáil chun freagairt a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil le haghaidh phróiseas an cheant. Leis an bpróiseas ceant nach bhfuil chomh casta ná fadálach sin, d’fhéadfaí an bhacainn iontrála a ísliú a thuilleadh, rud atá ábhartha go háirithe le haghaidh gníomhaithe nua agus beaga agus páirtithe freagartha don éileamh nach bhfuil a bpríomhghnó sa mhargadh fuinnimh.

(112)

Dámhfar luach saothair acmhainneachta ar na tairgeoirí uile a n-éireoidh leo, bunaithe ar an riail phraghsála íoc-mar-tairgthe le haghaidh na gceantanna uile a bhaineann leis an dá thréimhse sheachadta thosaigh ar a laghad (ceantanna Y-4 agus Y-1 le haghaidh na dtréimhsí seachadta a thosaíonn i mí na Samhna 2025 agus mí na Samhna 2026). I bhfocail eile, gheobhaidh soláthraithe acmhainneachta a n-éireoidh leo a bpraghas tairisceana mar luach saothair acmhainneachta.

(113)

Tar éis tuarascáil mheastóireachta a chur i láthair na Parlaiminte, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an riail phraghsála íoc-mar-imréitithe maidir le ceantanna a bhaineann le tréimhsí seachadta ina dhiaidh sin. Faoin riail íoc-mar-imréitithe, tá an luach saothair acmhainneachta cothrom le praghas tairisceana na tairisceana is costasaí a roghnaítear (le teorannú na caidhpe praghais idirmheánaí, féach roinn 2.5.4.2).

(114)

Creideann údaráis na Beilge go mbeidh gá le hacmhainneacht nua le haghaidh na staide leordhóthanachta sa Bheilg thart ar 2025 (féach aithris (29)). Dá bhrí sin, sealbhóirí acmhainneachta a chuireann struchtúir chostais an-ilchineálach in iúl, is dócha go mbeidh siad in iomaíocht i gceantanna an tsásra acmhainneachta tosaigh. Dá dhroim sin, tá eagla ar údaráis na Beilge go bhféadfadh soláthraithe acmhainneachta áirithe tairbhiú d’ardchíosanna infrimeallacha maidir leis an sásra acmhainneachta agus dá réir sin brabúis amhantair má chuirtear an riail phraghsála íoc-mar-imréitithe i bhfeidhm. De réir na Beilge, go teoiriciúil, i gcás faisnéis fhoirfe inar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh an praghas imréitigh margaidh a bheadh ann faoi íoc-mar-imréitithe a réamh-mheas, thiocfadh an toradh céanna as an riail phraghsála íoc-mar-tairgthe, ós rud é go bhfuil dreasacht ag tairgeoirí forthairiscint a dhéanamh ag an bpraghas imréitithe réamh-mheasta sin. Sa chleachtas, áfach, tá méid áirithe éiginnteachta agus dothuarthachta a bhaineann leis an margadhphraghas íoc-mar-imréitithe ionchasach bainteach ar ndóigh leis na chéad cheantanna sásra acmhainneachta. Dá bhrí sin, faoin riail phraghsála íoc-mar-tairgthe, féadfaidh gníomhaithe margaidh gníomhú ar bhealach níos stuama chun an riosca a bhaineann le gan bheith roghnaithe a sheachaint, agus dá réir sin féadfaidh toradh nach bhfuil chomh costasach sin teacht as íoc-mar-tairgthe.

(115)

Mar sin féin, measann an Bheilg gurb é is dóichí go laghdaíonn buntáiste costéifeachtúlachta ceantanna íoc-mar-tairgthe le himeacht ama, ní hamháin toisc go mb’fhéidir go n-imeoidh an ceanglas maidir le hacmhainneacht nua, ach freisin toisc go gceadaítear le ceantanna íoc-mar-tairgthe athfhillteacha do rannpháirtithe sa mhargadh praghas imréitithe tagartha an mhargaidh a réamh-mheas ar bhealach níos fearr, as a dtagann cuar tairisceana ‘comhréidh’. Lena chois sin, i gcás ina n-imeodh an t-airgead ar iarraidh sa mheántéarma agus san fhadtéarma, le híoc-mar-tairgthe d’fhéadfaí cosc a chur ar an bpraghas claonadh i dtreo an nialais ós rud é nach bhfuil aon dreasacht ag soláthraithe acmhainneachta forthairiscint a dhéanamh ag nialas faoin riail phraghsála íoc-mar-tairgthe.

(116)

Measann an Bheilg, tar éis ceantanna ina dhiaidh sin, go mb’fhéidir go dtiocfaidh an riail phraghsála íoc-mar-imréitithe chun bheith mar an rogha is fearr chun an iomaíocht a spreagadh, comhartha praghais a sholáthar agus a cheadú go gclaonfaidh luachanna saothair acmhainneachta i dtreo an nialais nuair atá coinne leis go bhfuil an leibhéal acmhainneachta a sholáthraítear leordhóthanach chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh. Gné thábhachtach den riail phraghsála íoc-mar-imréitithe is ea gurb é atá san iompraíocht tairisceana réasúnach forthairiscint a dhéanamh ag fíorchostais. Lena chois sin, ós rud é go soláthraítear le praghsáil íoc-mar-imréitithe comhartha praghais trédhearcach i dtreo an mhargaidh, is féidir luach ar leith a bheith ag baint leis an bhfaisnéis sin le haghaidh aonaid bheaga agus gníomhaithe margaidh nua, ós rud é go mb’fhéidir go dtabharfar tuairim níos fearr dóibh leis sin maidir leis na dálaí margaidh a bhfuil coinne leo faoi láthair agus amach anseo, rud a spreagann rannpháirtíocht le himeacht ama. Ina theannta sin, leis an riail phraghsála íoc-mar-imréitithe éascaítear socruithe conarthacha, go háirithe le haghaidh comhbhailiúchán. Dá bhrí sin, déanfaidh an Bheilg foráil maidir le nós imeachta lena gceadaítear an riail phraghsála íoc-mar-imréitithe a athrú nuair a léirítear gur tairbhiúil déanamh amhlaidh.

2.5.4.2.   Caidhp phraghais idirmheánach

(117)

Mar a thuairiscítear go mion i roinn 2.6, AMA a cheanglaíonn infheistíochtaí suntasacha, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar chonradh acmhainneachta ilbhliantúil. De thráth na huaire, níl feidhm ag an riail sin maidir le rannpháirtíocht eachtrach indíreach, nach féidir ach conradh 1 bhliain amháin a fháil ina leith (féach aithrisí (143) agus (144)). De réir údaráis na Beilge, AMAnna laistigh de chatagóir an chonartha 1 bhliain amháin níl aon cheanglas orthu costais infheistíochta a chumhdach nó tá ceanglas orthu costais infheistíochta ísle a chumhdach (seachas sin cháileoidís le haghaidh conradh ilbhliantúil). Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le caidhp phraghais idirmheánach a chur i bhfeidhm maidir le AMAnna sa chatagóir conartha 1 bhliain amháin, chun brabúis amhantair a sheachaint. Beidh feidhm ag an riail sin freisin maidir le conarthaí a chuirtear i leith acmhainneacht eachtrach indíreach (féach roinn 1.10.1 go mionsonraithe).

(118)

Na AMAnna laistigh den chatagóir conartha 1 bhliain amháin, ní cheadófar dóibh tairiscint a dhéanamh ag praghas níos airde ná an chaidhp phraghais idirmheánach. Thairis sin, fiú faoin riail íoc-mar-imréitithe (féach aithris (113)), ní bhfaigheadh na sásraí acmhainneachta sin íocaíochtaí acmhainneachta atá níos airde ná an chaidhp phraghais idirmheánach.

(119)

De réir údaráis na Beilge, leis an gcaidhp phraghais idirmheánach cuirfear cosc freisin ar ghníomhaithe sa mhargadh ag a bhfuil cumhacht mhargaidh shuntasach cinneadh a dhéanamh go straitéiseach an acmhainneacht atá ann cheana a chur i leataobh nó a dhúnadh, rud a thógann an acmhainneacht amach as an margadh go héifeachtach agus a imríonn tionchar ar an bpraghas imréitigh margaidh. Trí theorainn a chur leis na huasluachanna saothair acmhainneachta le haghaidh acmhainneachtaí sa chatagóir acmhainneachta conartha 1 bhliain amháin (agus sócmhainní atá ann cheana ina measc), leis an gcaidhp phraghais idirmheánach chuirfí teorainn leis an ionchas le haghaidh cíosanna infrimeallacha iomarcacha.

(120)

Léiríonn údaráis na Beilge gur cheart an chaidhp phraghais idirmheánach, ar thaobh amháin, a bheith sách íseal chun brabúis amhantair a sheachaint, ach, ar an taobh eile, níor cheart í a bheith ró-íseal le go gcoiscfear leis sin gnáth-thorthaí le haghaidh na n-infheisteoirí, nó le go gcoiscfear ar AMAnna fiú a bheith rannpháirteach sa cheant sásra acmhainneachta agus comhartha scoir neamh-inmhianaithe a chruthú.

(121)

Leis an modheolaíocht ar a dtugtar tuairisc san Fhoraithne Ríoga lena leagtar amach an mhodheolaíocht chun na paraiméadair cheant a ríomh faoin sásra acmhainneachta, cinntear go ndéanfar an chaidhp phraghais idirmheánach a chalabrú chuig an leibhéal ‘airgead ar iarraidh’ a bhfuil coinne leis de chuid na teicneolaíochta is neamhfheidhmiúla sa mhargadh faoi láthair, agus costais agus ioncaim araon á meas.

(122)

Cuirtear na costais seo a leanas san áireamh:

(a)

costais bhliantúla Oibríochta agus Chothabhála Sheasta (‘OCS’);

(b)

costais chothabhála neamhbhliantúla bhliantúlaithe (seachas costais a bhaineann le méadú acmhainneachta nó síneadh saolré le suiteáil);

(c)

costais ghníomhachtúcháin le haghaidh tástáil infhaighteachta.

(123)

Roinntear na comhchodanna sin den chostas ar na tosca dírátála is infheidhme, ós rud é go bhfuil feidhm ag an gcaidhp phraghais idirmheánach sa cheant ina sloinntear praghsanna de réir an MW dhírátáilte. Sholáthair údaráis na Beilge na sonraí a chuirtear i láthair i dTábla 5 thíos (64).

Tábla 5

Costais bhliantúla iomlána le haghaidh gearrliosta de na teicneolaíochtaí atá ann cheana  (65)

 

Costais OCS bhliantúla [EUR/kW/bliain]

Costas gníomhachtúcháin le haghaidh tástáil infhaighteachta [EUR/kW/bliain]

Toisc dhírátála (66)

ÍSEAL

MID

ARD

CCGT

29

30

41

0

91  %

OCGT

19

19

40

0

90  %

Inneall turba-scairde

23

29

29

0

96  %

Freagairt mhargaidh

5

10

15

0,18

36  %

Foinse: Fógra

(124)

Cuirtear na hioncaim bhliantúla seo a leanas san áireamh:

(a)

cíosanna infrimeallacha bliantúla a thuilltear ar an margadh leictreachais;

(b)

glanioncaim bhliantúla ó sholáthar seirbhísí cothromúcháin a bhaineann le minicíocht.

(125)

Sholáthair údaráis na Beilge na sonraí a chuirtear i láthair i dTábla 6 thíos:

Tábla 6

Ioncaim bhliantúla iomlána le haghaidh gearrliosta de na teicneolaíochtaí atá ann cheana  (67)

 

Ioncaim bhliantúla iomlána [EUR/kW/bliain] (68)

ÍSEAL

MID

ARD

CCGT

5

11

20

OCGT

10,2

12.6

15.5

Inneall turba-scairde

19,3

23.2

27

Freagairt mhargaidh

14,3

17.1

20

Foinse: Fógra

(126)

Ar deireadh, ríomhtar ‘airgead ar iarraidh’ tríd an ioncam bliantúil a asbhaint as na luachanna costais bliantúla. Cuirtear corrlach éiginnteachta 5 % leis an bhfigiúir a dhíorthaítear, chun éiginnteachtaí ginearálta atá bainteach le meastachán ‘airgead ar iarraidh’ a chur san áireamh, go háirithe ós rud é go gceanglaítear le calabrú na caidhpe praghais idirmheánaí ginearálú figiúirí costais agus ioncaim in aghaidh na teicneolaíochta agus go ndéantar an meastachán sin suas le roinnt blianta roimh an tréimhse sheachadta ábhartha.

(127)

Sholáthair údaráis na Beilge na sonraí i dTábla 7. Na ‘leibhéil’ éagsúla le haghaidh an luacha le haghaidh ‘airgead ar iarraidh’, seasann siad don chatagóiriú seo a leanas: le leibhéal 1 meastar figiúirí ísealchostais agus figiúirí ardioncaim; le leibhéal 2 meastar figiúirí ísealchostais agus figiúirí meán-ioncaim; le leibhéal 3 meastar figiúirí ísealchostais agus figiúirí íseal-ioncaim; le leibhéal 4 meastar figiúirí meánchostais agus figiúirí ardioncaim; le leibhéal 5 meastar figiúirí meánchostais mheánaigh agus figiúirí meán-ioncaim; le leibhéal 6 meastar figiúirí meánchostais agus figiúirí ísealioncaim.

Tábla 7

Luachanna ‘airgead ar iarraidh’ arna ndíorthú le haghaidh gearrliosta de na teicneolaíochtaí atá ann cheana  (69)

‘Airgead ar iarraidh’ [EUR/kWde-rátáilte/bliantúil]

Leibhéal 1

Leibhéal 2

Leibhéal 3

Leibhéal 4

Leibhéal 5

Leibhéal 6

CCGT

10,4

20,8

27,7

11,5

21,9

28,8

OCGT

4,1

7,5

10,3

4,1

7,5

10,3

Inneall turba-scairde

0

0

4

2,2

6,4

10,6

Freagairt mhargaidh

0

0

0

0

0

0

Foinse: Fógra

(128)

Ar bhonn an ionchuir agus na sonraí arna soláthar ag Elia, agus na comhairle a fuarthas maidir leis na sonraí sin ón rialtóir, shocraigh údaráis na Beilge an chaidhp phraghais idirmheánach le haghaidh an chéad cheant, i.e. an ceant Y-4 le tréimhse sheachadta idir mí na Samhna 2025 - mí Dheireadh Fómhair 2026, ag EUR 20/kWde-rátáilte/bliantúil.

(129)

Le linn an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, chuir an Bheilg sásra i bhfeidhm lena ndéantar foráil maidir le maolú aonair ón gcaidhp phraghais idirmheánach (70).

(130)

Tugadh an sásra maolúcháin isteach san Fhoraithne Ríoga chun an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainneachta agus paraiméadair cheant a chinneadh i gcomhthéacs an tsásra acmhainneachta. Tá feidhm ag an sásra maolúcháin go cothrom maidir le hacmhainneachtaí trasteorann náisiúnta agus indíreacha araon.

(131)

Bunaithe ar an bhForaithne Ríoga, le haghaidh an chéad cheant, de bharr na tréimhse teoranta idir dearadh an tsásra maolúcháin agus ullmhú an chéad cheant, deonófar an maolú ex post, i.e. tar éis dhúnadh an cheant. Mhínigh an Bheilg go ndéanfaidh tairbhithe ionchasacha iarratas ar mhaolú roimh na ceantanna agus go gcuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile isteach roimh na ceantanna. Déanfar na critéir agus na rialacha uile le haghaidh an mhaolaithe a bhunú go trédhearcach roimh na ceantanna. Ní bheidh an maolú ag brath ar na tairiscintí a bheidh curtha isteach ag an aon rannpháirtí sa cheant. Ar deireadh, más rud é ex post go dtiocfar ar an gconclúid nach gcáilíonn aonaid áirithe le haghaidh maolú agus go laghdófar a n-íocaíochtaí, ní dhéantar difear leis sin don toradh (an conradh, an íocaíocht agus an chainníocht a dhámhtar) le haghaidh aonaid eile a ghlac páirt sa cheant.

2.5.4.3.   Rialacha imréitigh

(132)

Ba cheart an ceant acmhainneachta a imréiteach tríd an teaglaim de thairiscintí lena n-uasmhéadaítear leas sóisialta a roghnú, agus an cuar éilimh (a shocraítear ar bhealach riaracháin) agus an cuar tairisceana (trí thairiscintí éagsúla na sealbhóirí acmhainneachta a chomhbhailiú) á gcur san áireamh agus trí thoirt agus comhchodanna praghais na dtairiscintí éagsúla a chur san áireamh. Ríomhtar leas sóisialta sa chomhthéacs sin mar shuim an bharrachais tomhaltóra (an barrachas le haghaidh na sochaí ón éileamh ar shlándáil an tsoláthair a chomhlíonadh ag praghas atá faoi bhun an toilteanais chun íoc le haghaidh acmhainneacht mar a shainítear leis an gcuar éilimh) agus an bharrachais táirgeora (an barrachas le haghaidh soláthraithe acmhainneachta ó roghnú a dtairiscintí ag praghas os cionn an phraghais tairisceana).

(133)

Má tá réitigh imréitigh iomadúla (i.e. teaglaim de thairiscintí) coibhéiseach ó thaobh an barrachas eacnamaíoch a uasmhéadú, roghnaítear an réiteach leis na hastaíochtaí CO2 is ísle. Má tá dhá réiteach coibhéiseach ó thaobh uasmhéadú a dhéanamh ar bharrachas eacnamaíoch agus astaíochtaí meáin ualaithe CO2, roghnaítear an réiteach leis an bhfad conartha meáin ualaithe is ísle arb é is sprioc dó sin an gaibhniú a theorannú in imeacht roinnt blianta (71).

(134)

Leis an algartam ceant cuirfear sriantachtaí eangaí san áireamh freisin, ar bhealach go ndiúltóidh sé teaglamaí áirithe de thairiscintí nach bhfuil indéanta le chéile ó thaobh eangaí de. An tacar sriantachtaí eangaí a bhaineann le heangach OCT ag a mbeidh feidhm le linn an imréitigh ceant, cinnfear é sula ndéantar an t-imréiteach ceant agus déanfar é a thiomáint le breithnithe slándála córais nó teorannaithe spásála fisiciúla.

2.6.   Fad an chonartha

(135)

De réir údaráis na Beilge, le fad conartha acmhainneachta níos faide ceadaítear don soláthraí acmhainneachta cistiú fadtéarmach a áirithiú chun na costais infheistíochta a leathadh in imeacht tréimhse níos faide. Leis sin d’fhéadfaí an luach saothair acmhainneachta a cheanglaítear in aghaidh na bliana a laghdú agus cuidiú lena áirithiú go mbeidh tionscadal nua iomaíoch in aghaidh tionscadail atá ann cheana sa mhargadh. Tá an t-ionchas atá ann le haghaidh iontráil nua ag praghas iomaíoch ríthábhachtach freisin chun cumhacht mhargaidh na soláthraithe acmhainneachta atá ann cheana a rialú.

(136)

Mar sin féin, le conradh acmhainneachta a mhaireann níos faide is féidir teicneolaíocht a ‘ghaibhniú’ sa mhargadh fuinnimh ar feadh tréimhse níos faide. Dá bhrí sin, roghnaigh Stát na Beilge catagóirí acmhainneachta éagsúla (1 bhliain amháin, suas le 3, 8 agus 15 bliana). Dá dhroim sin, ní dheonaítear infheistíochtaí nua láithreach le haghaidh conradh acmhainneachta ar feadh na huastréimhse (15 bliana), rud a áirithíonn nach mbeadh an margadh fuinnimh gaibhnithe le haghaidh teicneolaíochtaí nua (agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol).

(137)

I bhForaithne Ríoga an 12 Nollaig 2019 (72) a mhol CREG, bunaítear na costais incháilithe mar a leanas: ‘caiteachas infheistíochta tosaigh agus neamh-athfhillteach, rud a ordaítear ó dháta foilseacháin na dtorthaí ceant ina ndéantar an tairiscint le haghaidh na hacmhainneachta sin a choinneáil agus a dhéanamh ar a dhéanaí an lá roimh an gcéad lá den tréimhse soláthair acmhainneachta, rud is gá le haghaidh thógáil agus/nó sholáthar eilimintí teicniúla fisiciúla fíor-riachtanacha na hacmhainneachta, agus chun acmhainneacht bhreise a thairiscint do mhargadh na Beilge, amhail ón gcéad tréimhse sheachadta a chumhdaítear leis an gconradh acmhainneachta’. Le haghaidh na hacmhainneachta atá ann cheana, is é atá i gcaiteachas ag a bhfuil sé d’éifeacht acmhainneacht bhreise a thairiscint: (i) caiteachas is gá chun é a chumasú don acmhainneacht caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh agus dá réir sin chun í a choinneáil ar bun ar an margadh; (ii) caiteachas is gá chun acmhainneacht shuiteáilte nó saolré theicniúil na suiteála a mhéadú agus (iii) le haghaidh acmhainneacht eachtrach dhíreach, caiteachas is gá chun an t-aonad a cheangal le líonra laistigh de limistéar rialaithe na Beilge (féach roinn 2.10.2).

(138)

Foráiltear leis an bhForaithne Ríoga a bheartaítear na tairseacha a chuirtear i láthair i dTábla 8. Ríomhadh na hinfheistíochtaí sin chun a áirithiú go mbeidh na meánchostais infheistíochta bhliantúlaithe mheasta cothrom idir na catagóirí acmhainneachta atá nasctha le fad conartha acmhainneachta uasta 15 bliana, 8 mbliana agus 3 bliana. Molfaidh CREG na tairseacha infheistíochta a thabhairt cothrom le dáta nuair is cosúil gur gá sin agus gach 3 bliana ar a laghad (73). Leis na tairseacha cuirtear san áireamh an acmhainneacht shuiteáilte seachas an acmhainneacht dhírátáilte. De réir na Beilge, i gcás ina ndéanfaí an acmhainneacht dhírátáilte a thairgeann AMA seachas an acmhainneacht shuiteáilte a chur san áireamh le haghaidh na dtairseach infheistíochta, shroichfeadh acmhainneachtaí ag a bhfuil toisc dhírátála ard na tairseacha infheistíochta le haghaidh conarthaí ilbhliantúla ar bhealach níos fusa, rud a thiocfadh salach ar chuspóir an tsásra acmhainneachta.

Tábla 8

Tairseacha infheistíochta le haghaidh conarthaí luacha saothair acmhainneachta fadtéarmacha

Fad an chonartha

Na tairseacha arna moladh ag CREG

Togra nua ó Rialtas na Beilge

Blianta

EUR/kW

EUR/kW

15

600

360

8

400

239

3

177

106

Foinse: FPS Economy

(139)

Déanfaidh CREG faireachán ar na costais infheistíochta chun a áirithiú, ar bhonn thíolacadh an aonaid ex ante agus ex post, go mbeidh an chatagóir acmhainneachta a shanntar do gach soláthraí acmhainneachta iomchuí. Go háirithe, ní mór don soláthraí acmhainneachta comhad infheistíochta ex post a sholáthar, rud is féidir leis an rialtóir a úsáid le haghaidh a mheasúnaithe ex post ar an gcatagóir acmhainneachta a sannadh. Dá nochtaí leis an anailís ex post nár comhlíonadh na critéir chostais (lena n-áirítear raon lamháltais teoranta chun éiginnteachtaí beaga a chur san áireamh), d’fhéadfaí coinníollacha conarthacha a athbhreithniú (e.g. athaicmiú AMA i gcatagóir leithreasaithe an chonartha). Ina theannta sin, i gcás nach soláthrófar an comhad infheistíochta ex post (in am), tá athaicmiú an tsásra acmhainneachta sa chatagóir acmhainneachta 1 bhliain amháin arna dhéanamh ag an rialtóir indéanta freisin.

(140)

De réir an togra tosaigh, sanntar catagóir chonartha do thairiscintí comhbhailithe freisin. Má dhéantar tairiscint chomhbhailithe d’acmhainneachtaí a chomhfhreagraíonn do chatagóirí conartha éagsúla, an chatagóir chonartha a chomhfhreagraíonn don acmhainneacht leis an gcatagóir chonartha is gaire, sanntar don tairiscint chomhbhailithe í.

(141)

Athbhreithníodh an togra seo tar éis an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil. Bunaithe ar an bhForaithne Ríoga lena socraítear na tairseacha infheistíochta, na critéir incháilitheachta le haghaidh costais infheistíochta agus an nós imeachta rangúcháin, déantar gach acmhainneacht atá mar chuid de thairiscint chomhbhailithe a aicmiú i gcatagóir acmhainneachta. Ar bhonn aicmiú acmhainneachtaí, cinneann CREG, i gcás inarb iomchuí, a theaglamaí aicmiúcháin éagsúla agus nascann sé gach teaglaim le cumhacht tagartha ainmniúil uasta a chomhfhreagraíonn do shuim acmhainneachtaí tagartha ainmniúla acmhainneachtaí na tairisceana comhbhailithe a aicmítear i gcatagóir acmhainneachta atá cothrom leis an gcatagóir acmhainneachta shonraithe nó atá níos airde ná sin. Bunaithe air sin, roghnaíonn bainisteoir na tairisceana comhbhailithe an chatagóir acmhainneachta ag a bhfuil feidhm maidir leis an tairiscint chomhbhailithe.

(142)

Tar éis an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, leasaigh an Bheilg forálacha na Foraithne Ríoga freisin maidir le costais infheistíochta incháilithe. Sonraítear san Fhoraithne Ríoga leasaithe nach mbeidh ach na costais a bhaineann le hoiriúnú do chaighdeáin an Aontais amach anseo incháilithe faoin sásra acmhainneachta.

(143)

De réir údaráis na Beilge, an fhéidearthacht a bhaineann le conarthaí ilbhliantúla ní féidir foráil a dhéanamh leo le haghaidh acmhainneacht eachtrach ós rud é, san fhadtéarma, nach féidir acmhainneacht iontrála leordhóthanach a ráthú i gcónaí. Níl an méid sin ag brath ar an leibhéal idirnaisc ná ar a infhaighteacht amháin, ach tá sé ag brath freisin ar an riosca a bhaineann le brú a bheith sna córais an tráth céanna le tíortha comharsanacha. Is féidir go n-athróidh an riosca deiridh sin go suntasach le himeacht ama, ag brath ar an leordhóthanacht agus staid an mhargaidh i dtíortha eile.

(144)

Gheall údaráis na Beilge áfach, athbhreithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go bhfaigheadh acmhainneachtaí eachtracha rochtain ar chonarthaí ilbhliantúla. Déanfar an chéad athbhreithniú faoin 15 Eanáir 2023 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Más rud é go léirítear leis an athbhreithniú go ndéantar na rioscaí a bhaineann le leibhéal agus infhaighteacht an idirnascaire agus an riosca a bhaineann le brú an chórais chomhuainigh a mhaolú go leordhóthanach, ionas nach ndéantar le conarthaí a mhaireann tréimhse is faide ná 1 bhliain amháin le haghaidh acmhainneacht eachtrach indíreach rioscaí míréasúnta i leith na leordhóthanachta a chruthú, féadfar conarthaí ilbhliantúla le haghaidh acmhainneachtaí eachtracha a dheonú.

(145)

Ar deireadh, ní féidir le hacmhainneacht neamhchruthaithe a bheith incháilithe le haghaidh conradh acmhainneachta 1 bhliain amháin, toisc gur deacair údar a thabhairt le figiúirí costais beachta lena bhféadfaí iad a chatagóiriú i gceann de na catagóirí conartha ilbhliantúil (féach roinn 1.4.4).

2.7.   Oibleagáidí

2.7.1.   Roghanna iontaofachta

(146)

I sásra acmhainneachta na Beilge, ceannaíonn an contrapháirtí conarthach an acmhainneacht ó na soláthraithe acmhainneachta i bhfoirm roghanna iontaofachta. Na soláthraithe acmhainneachta a roghnaítear sa cheant, díolann siad na roghanna iontaofachta leis an gceannaitheoir lárnach agus faigheann siad luach saothair acmhainneachta seasta i gcomaoin air sin. Aon uair a sháraíonn an praghas tagartha leibhéal réamhshainithe, an praghas ceangail mar a thugtar air, tá oibleagáid ar an soláthraí acmhainneachta an difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas ceangail a aisíoc leis an gceannaitheoir lárnach, arna ríomh ar na toirteanna acmhainneachta conraithe.

(147)

Dá thoradh sin, déantar ioncaim le haghaidh an tsoláthraí acmhainneachta ar an margadh fuinnimh amháin a chaidhpeáil ag an bpraghas ceangail, ach áirithítear luach saothair acmhainneachta seasta agus cinnte le haghaidh soláthraithe acmhainneachta i gcomaoin air sin. I bhfocail eile, tarscaoileann na soláthraithe acmhainneachta cuid dá gcíosanna teirce éiginnte chun luach saothair acmhainneachta cinnte a fháil i gcomaoin air sin, rud a laghdaíonn an riosca a bhaineann le hioncaim luaineacha go suntasach agus dá bhrí sin na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht atá le déanamh. Tá dhá ghné ag baint le cuspóir na rogha iontaofachta. Ar an gcéad dul síos, leis an oibleagáid aisíoca teorannaítear an t-ionchas a bhaineann le brabúis amhantair agus ar an dara dul síos dreasaítear AMAnna le bheith ar fáil i dtráthanna ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair.

2.7.2.   Praghsanna tagartha

(148)

Roghnaigh an Bheilg an margadhphraghas lá roimh ré (MLRR) mar phraghas tagartha. De réir na Beilge, is iad na príomhbhuntáistí atá leis:

(a)

seasann MLRR don chomhartha margaidh is ábhartha a bhaineann le saincheisteanna leordhóthanachta ós rud é go ndéantar an chuid is mó de thiománaithe shuíomhanna ghníomhaithe an mhargaidh a ionchorprú sa phleanáil agus sna réamhaisnéisí táirgthe;

(b)

tá feidhm chomharthaíochta láidir ag MLRR agus seasann sé don spotmhargadh is láidre agus is leachtaí, agus sin de bharr a ghráinneachta agus ardchruinneas na dtoimhdí, rud a léirítear sna toirteanna malartaithe;

(c)

tar éis na meaitseála lá roimh ré i gcóras na Beilge, ní mór do na Páirtithe Freagracha Cothromúcháin uile a bheith cothromaithe (ainmniúchán LRR ag 15.00) agus ag an tráth uathúil sin, socraítear an margadh. Ar an mbealach sin, tá MLRR ar an deis dheireanach san amlíne táirge leictreachais chun na héilimh agus na tairiscintí iomlána atá fágtha a thrasnú tar éis an mhargaidh todhchaíochtaí agus roimh riachtanais solúbthachta an ionlae agus an chothromaithe;

(d)

mar gheall ar a shuíomh ama sna spotmhargaí, ba cheart a cheadú leis sin do na teicneolaíochtaí uile (e.g. acmhainneacht mhall freisin) freagairt dó sin.

(149)

Mhínigh an Bheilg go bhféadfar modheolaíocht an phraghais tagartha a athbhreithniú sa todhchaí chun a áirithiú go seolfaidh sí an comhartha praghais is leordhóthanaí, nuair a mhéadóidh aibíocht spotmhargaí eile chuig leibhéal atá gar don mhargadh lá roimh ré. Go háirithe, féadfar margadhphraghsanna ionlae a mheas arís eile nuair atá an leachtacht leordhóthanach agus leanúnach.

(150)

Roghnaigh an Bheilg praghas ceangail aonair le roinnt ceartúchán chun oscailteacht teicneolaíochta an chórais a áirithiú agus brabúis amhantair á dteorannú sa chalabrú. De réir údaráis na Beilge, tá gá leis na ceartúcháin sin chun an riosca a bhaineann le praghas ceangail amháin le haghaidh rannpháirtíocht teicneolaíochtaí áirithe a theorannú chuig an sásra acmhainneachta. Go háirithe teicneolaíochtaí a bhfuil costas imeallach gearrthréimhseach ag baint leo os cionn an phraghais ceangail, is féidir go gcuirfear bac orthu gan na ceartúcháin sin.

(151)

Mar a fhoráiltear in Airteagal 7 undecies mír 2 den Acht Leictreachais, déanfar paraiméadar an phraghais ceangail a chalabrú gach bliain le Foraithne ón Aire tráth nach déanaí ná an 31 Márta an bhliain sin (le haghaidh cheant Y-4 agus Y-1 araon) agus bunaithe ar an modheolaíocht a shocraítear san Fhoraithne Ríoga le haghaidh pharaiméadair an cheant.

(152)

Beidh sé bunaithe ar anailís ar na cuair chomhbhailithe lena mbailítear an chuid leaisteach den toirt freagartha ón margadh, rud a bhreathnaítear ar MLRR ualaithe in imeacht tréimhse 3 bliana le haghaidh na dtréimhsí ábhartha le linn na 3 bliana sin (laethanta geimhridh na seachtaine). Léirítear leis an modheolaíocht gur cheart an praghas ceangail calabraithe a roghnú idir an raon comhfhreagrach [75 %; 85 %] den toirt phraghasleaisteach freagartha ón margadh atá ag freagairt dó agus roinnt prionsabail threoracha á gcur san áireamh:

(a)

an chéad chritéar: ba cheart costais imeallacha ghearrthréimhseacha (CIGanna) na dteicneolaíochtaí ag a bhfuil sceideal laethúil a chumhdach leis an bpraghas ceangail roghnaithe;

(b)

an dara critéar: le calabrú an phraghais ceangail cuirtear an cuar calabrúcháin san áireamh;

(c)

an tríú critéar: le calabrú an phraghais ceangail cuirtear forbairt an mhargaidh fuinnimh san áireamh;

(d)

an ceathrú critéar: cobhsaíocht an phraghais ceangail ó thaobh ama de; agus

(e)

an cúigiú critéar: seans réasúnta go mbainfear an praghas ceangail amach leis an bpraghas tagartha.

(153)

Le haghaidh an mheasúnaithe ar an gcéad chritéar, féachtar air sin i bhfianaise na dtorthaí agus na hipitéisí a úsáid sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019, go háirithe i ranna 2.9.3 agus 2.9.4. Tá ríomh na CIGanna sin bunaithe ar roinnt toimhdí: meastachán ar na praghsanna breosla, meastachán ar fhorbairt ionchasach an phraghais CO2, meastachán ar fheidhmíocht (‘éifeachtúlacht’) na dteicneolaíochtaí éagsúla a mheastar sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 (sa chás seo CCGT, OCGT agus gineadóir díosail).

(154)

Mhol an Bheilg praghasraon ceangail calabraithe táscach bunaithe ar na 3 thréimhse gheimhridh dheireanacha (geimhreadh 2016/2017 chuig geimhreadh 2018/2019), rud atá le cúngú chuig [320; 500] EUR/MWh.

(155)

Tugtar le tuiscint as sin go mb’fhéidir go bhforbróidh an praghas ceangail le himeacht ama (ach fanann sé seasta le haghaidh fad conartha acmhainneachta AMA), i gcomhréir le héabhlóidí ar an margadh fuinnimh, agus nach gá go n-áirítear le conarthaí acmhainneachta de thoradh ceant amháin an praghas ceangail céanna le conarthaí acmhainneachta a bhaineann le ceant eile. In aon chás, cuirfear na soláthraithe acmhainneachta ar an eolas faoin bpraghas ceangail is infheidhme roimh gach ceant, rud a cheadóidh dóibh an fhaisnéis sin a chur san áireamh ina dtairiscintí.

(156)

Ina theannta sin, roghnaigh an Bheilg an fhéidearthacht a thairiscint do AMAnna gan oibleagáid sceidealúcháin aonair (is iondúil go dtagann soláthraithe freagartha ar thaobh an éilimh agus comhbhailitheoirí faoin gcatagóir seo) a margadhphraghas dearbhaithe a chur in ionad an aon phraghais ceangail aonair amháin (i.e. a gcostas imeallach gearrthréimhseach) san oibleagáid aisíoca aon uair a bheadh an méid sin ní b’airde ná an t-aon phraghas ceangail aonair amháin. I bhfocail eile, na AMAnna sin gan oibleagáid sceidealúcháin aonair (agus soláthraithe freagartha don éileamh dá réir sin), níl siad faoi réir na hoibleagáide aisíoca i gcás ina sáraíonn an praghas tagartha a margadhphraghas dearbhaithe (MPD), rud a sheasann don phraghas ar os a chionn a dhearbhaigh na soláthraithe acmhainneachta sin fuinneamh a sheachadadh sa mhargadh fuinnimh. I bhfocail eile, i gcás ina dtiocfadh praghas faoi bhun a gcostais ghníomhachtúcháin as calabrú an phraghais ceangail aonair, níl oibleagáid ar na AMAnna sin ioncaim nach bhfuarthas sa mhargadh fuinnimh a aisíoc (i gcás ina sáródh an praghas tagartha an praghas ceangail, ach ina mbeadh sé faoi bhun a margadhphraghais dhearbhaithe). Tugadh an beart sin isteach tar éis phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí chun maolú a dhéanamh ar ábhar imní soláthraithe freagartha don éileamh agus páirtithe eile go mbeadh ní ba mhó deacrachta acu ar bhealach eile a bheith rannpháirteach ós rud é go mb’fhéidir go mbeidh siad faoi réir aisíoca gan seachadadh a bheith déanta agus tar éis na n-ioncam a thuilleamh ar an gcéad dul síos. De réir na Beilge, áirithítear leis sin oscailteacht teicneolaíochta agus na brabúis amhantair á dteorannú san am céanna. Go háirithe, de réir na n-údarás leis an eilimint dearaidh sin ba cheart éascaíocht a dhéanamh go sainráite do rannpháirtíocht na freagartha don éileamh sa sásra acmhainneachta agus aon teicneolaíocht eile ag a bhfuil costais imeallacha ghearrthréimhseacha níos airde.

(157)

Ina theannta sin, is féidir le AMAnna gan oibleagáid sceidealúcháin aonair a chinneadh roinnt praghsanna lá roimh ré a dhearbhú mar MPD. Tá an méid sin ábhartha go háirithe le haghaidh comhbhailitheoirí, a bhféadfaidh punann a bheith acu atá comhdhéanta de AMAnna ag a bhfuil praghsanna imeallacha éagsúla agus a léiríonn a gcuar costais iarbhír. Is é is cuspóir dó sin a áirithiú nach gcuirfear an oibleagáid aisíoca i bhfeidhm maidir le fuinneamh nár díoladh ar an margadh agus i gcás nár tuilleadh aon ioncam.

2.7.3.   Aisíoca

2.7.3.1.   Tuairisc

(158)

Aon uair a sháraíonn an praghas leictreachais ar an margadh lá roimh ré mórdhíola an praghas ceangail, ní mór don soláthraí acmhainneachta an difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas ceangail a íoc le Elia, arna ríomh ar na toirteanna acmhainneachta conraithe. Dá thoradh sin, déantar ioncaim le haghaidh an tsoláthraí acmhainneachta ar an margadh fuinnimh amháin a chaidhpeáil ag an bpraghas ceangail, ach áirithítear luach saothair acmhainneachta seasta agus cinnte le haghaidh soláthraithe acmhainneachta i gcomaoin air sin.

(159)

Beidh an soláthraí acmhainneachta faoi réir na hoibleagáide aisíoca, gan beann ar cibé acu a bhí nó nach raibh leictreachas á dhíol aige ag praghsanna níos airde le linn na tréimhse socraíochta ábhartha.

(160)

Is den tábhacht a lua go ndeartar an rogha iontaofachta ar bhealach a fhágann go bhfuil éarthaí beartaithe agus neamhbheartaithe na sócmhainní a chuirtear in iúl roimh ré díolmhaithe ón oibleagáid aisíoca sin go feadh na neamhinfhaighteachta. Go deimhin, is é is aidhm don oibleagáid aisíoca brabúis amhantair a sheachaint trí ioncaim gan choinne ón margadh fuinnimh a aisíoc. Mar sin féin, i gcás éarthaí (beartaithe agus neamhbheartaithe araon), ní sheachadtar aon fhuinneamh. Dá thoradh sin, i gcás éarthaí (a chuirtear in iúl go cuí), tá sé dodhéanta don soláthraí acmhainneachta na hioncaim fuinnimh níos airde a thagann as na harduithe tobanna ar phraghsanna a ghabháil, mar sin níor cheart aon oibleagáid aisíoca a bheith infheidhme dá bhrí sin sna himthosca sin.

(161)

Aonaid freagartha ar thaobh an éilimh agus acmhainneacht eile gan oibleagáid sceidil laethúil, tá siad faoi réir na hoibleagáide aisíoca i gcás ina sáróidh an praghas tagartha a margadhphraghas dearbhaithe (féach aithris (156)).

(162)

Gheall údaráis na Beilge anailís theicniúil agus eacnamaíoch a dhéanamh lena scrúdófar tairiscintí agus torthaí na gceantanna, agus béim ar leith ar éifeacht na hoibleagáide aisíoca. Déanfar an anailís gach 2 bhliain, a thosóidh tar éis an chéad cheant in earrach 2022. Cuirfear torthaí na hanailíse isteach le haghaidh comhairliúchán poiblí.

2.7.3.2.   Sásraí Stad le Caillteanas

(163)

Cuirfidh an Bheilg sásra stad le caillteanas chun feidhme freisin maidir leis an oibleagáid aisíoca (atá nasctha leis na roghanna iontaofachta) agus na pionóis mar gheall ar neamhinfhaighteacht araon, nithe a chuirtear i bhfeidhm go carnach (féach roinn 2.8.4).

(164)

Tugtar le tuiscint as an sásra stad le caillteanas sin nach mbeidh ar an soláthraí acmhainneachta faoin sásra acmhainneachta méid a sháraíonn luach a luacha saothair acmhainneachta bhliantúil a aisíoc go brách. I bhfocail eile, i gcás ina laghdófar luach an chonartha go nialas, ní hann d’aon oibleagáid íocaíochta (le haghaidh na roghanna iontaofachta ná le haghaidh na n-íocaíochtaí infhaighteachta). Tugtar le tuiscint as an bprionsabal sin teorannú riosca úsáideach le haghaidh an tsoláthraí acmhainneachta, rud a cheadaíonn tairiscintí nialais i gcás ina ndéanfar an ‘t-airgead ar iarraidh’ sa mhargadh fuinnimh a laghdú go nialas. Os a choinne sin, gan sásra stad le caillteanas den sórt sin, bheadh an baol ann go mbeadh an soláthraí acmhainneachta faoi réir oibleagáid aisíoca agus/nó pionóis, fiú i gcás nach mbeadh aon airgead ar iarraidh aige agus luach conartha acmhainneachta EUR 0 aige. Chun an riosca sin a chumhdach, ní dhéanfadh soláthraí acmhainneachta tairiscint ag EUR 0/MW/bliain go brách (fiú i gcás nach mbeadh aon airgead ar iarraidh aige) gan an sásra stad le caillteanas sin a chur chun feidhme.

2.8.   Faireachán ar infhaighteacht, tástáil agus pionóis

2.8.1.   Rialú réamhsheachadta

(165)

Le linn na tréimhse réamhsheachadta (i.e. an tréimhse tar éis AMA a roghnú sa cheant ach roimh thús na tréimhse seachadta), tá na soláthraithe acmhainneachta roghnaithe faoi réir tacar ceanglas chun a áirithiú go mbeidh a n-acmhainneacht chonraithe ar fáil i dtús na tréimhse seachadta agus ina rannchuidiú le slándáil an tsoláthair. Is é is cuspóir dóibh go príomha an riosca cearrbhachais a mhaolú agus an éiginnteacht a bhaineann le hinfheistíochtaí nua a chumhdach (e.g. moill ar oibreacha foirgníochta).

(166)

Tá gá le hurrús airgeadais coinníollach chun comhlíonadh iarrtha agus poncúil na n-oibleagáidí uile a áirithiú i leith na rialuithe réamhsheachadta a eascraíonn as an gConradh Acmhainneachta agus/nó na Rialacha maidir le Feidhmiú Rialacha Margaidh an tSásra Acmhainneachta (féach aithris (108)). I gcás nach n-urramófar oibleagáidí Soláthraí Acmhainneachta le linn tréimhse réamhsheachadta, is féidir an t-urrús airgeadais a agairt.

(167)

Le haghaidh AMAnna atá ann cheana, eagrófar tástálacha infhaighteachta réamhsheachadta, a gcuirfear pionóis i bhfeidhm maidir leo i gcás neamhchomhlíonadh. Thairis sin, le haghaidh sásraí acmhainneachta breise agus fíorúla, déantar foráil maidir le hoibleagáidí agus ceanglais faireacháin bhreise idir Y-4 agus an tréimhse sheachadta. Beidh an faireachán réamhsheachadta ar na hacmhainneachtaí nua sin bunaithe ar an bpleanáil tionscadail mhionsonraithe arna soláthar ag an soláthraí acmhainneachta. I gcás nach gcomhlíonfaidh an soláthraí acmhainneachta na garspriocanna a shocraítear sa phleanáil tionscadail, as a dtagann moill iarmharach, cuirfear pionóis i bhfeidhm, lena n-áirítear pionóis airgeadais (a chumhdaítear leis an urrús airgeadais), nó i gcásanna áirithe laghdú na hacmhainneachta a conraíodh i dtosach (agus dá réir sin an luach saothair acmhainneachta in aghaidh na bliana) agus/nó laghdú ar an bhfad conartha acmhainneachta (agus dá réir sin an líon blianta ar lena linn a gheofar luach saothair acmhainneachta).

2.8.2.   Faireachán ar infhaighteacht

(168)

Le OCT de chuid na Beilge áirithítear infhaighteacht na AMAnna conraithe uile (agus dírátáil á cur san áireamh) chun spriocleibhéal shlándáil an tsoláthair a shroicheadh. Ós rud é gurb é is príomhchuspóir don sásra acmhainneachta leibhéal leordhóthanach acmhainneachta a áirithiú sa chóras, déantar an faireachán infhaighteachta le linn tráthanna atá ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair. Ina leith sin, sainítear Truicear Faireacháin Infhaighteachta (TFI) chun na tráthanna atá ábhartha ó thaobh leordhóthanachta a shainaithint agus ar lena linn a dhéanfaidh OCT faireachán ar infhaighteacht AMAnna.

(169)

Tá TFI bunaithe ar an margadhphraghas lá roimh ré. Tá na cúiseanna atá le margadhphraghas lá roimh ré a roghnú mar an gcéanna leis an oibleagáid aisíoca, mar a thuairiscítear i roinn 2.7.2. Le linn tráthanna TFI (i.e. tráthanna ar lena linn a sháraíonn an margadhphraghas lá roimh ré TFI), is féidir le OCT a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil an acmhainneacht soláthartha in ann freagra a thabhairt go deimhin ar chomhartha margaidh lá roimh ré. Mura gcomhlíonfaidh an acmhainneacht an acmhainneacht faoi oibleagáid (74) (bunaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha sa chonradh acmhainneachta agus na rialacha feidhmiúcháin), tá an chuid den oibleagáid nach raibh ar fáil faoi dhliteanas pionós, mura féidir le AMA an difríocht dhearfach idir an acmhainneacht faoi oibleagáid agus an acmhainneacht atá ar fáil a chumhdach (75) trí mhargadh tánaisteach an tsásra acmhainneachta (féach roinn 2.9). Trí oibleagáidí a dhíol ar an margadh tánaisteach, is féidir leis an soláthraí acmhainneachta an acmhainneacht faoi oibleagáid a laghdú go héifeachtach chun neamhréireacht idir an acmhainneacht faoi oibleagáid agus an acmhainneacht atá ar fáil agus dá réir sin pionóis a sheachaint.

(170)

Chun an acmhainneacht faoi oibleagáid a ríomh, déantar idirdhealú idir sócmhainní fuinnimh srianta agus sócmhainní neamhfhuinnimh srianta ós rud é go rannchuidíonn siad le slándáil an tsoláthair ar bhealach éagsúil. Sócmhainn fuinnimh srianta (e.g. ceallraí, freagairt don éileamh), ní féidir léi a bheith ar fáil ach le linn líon áirithe uaireanta leantacha an chloig, cé nach bhfuil feidhm ag na sriantachtaí sin maidir leis na sócmhainní neamhshrianta.

(171)

Maidir le sócmhainní neamhfhuinnimh srianta (e.g. suiteálacha teirmeacha, feirmeacha gaoithe), le fad an tráth TFI (arna shloinneadh i líon uaireanta an chloig), ní dhéantar difear don acmhainneacht infhaighteachta. Ar an meán, ba cheart na sócmhainní sin a bheith in ann a n-acmhainneacht dhírátáilte ar a laghad a sheachadadh. Dá bhrí sin, gach uair TFI an chloig le linn an chonartha acmhainneachta, tá an acmhainneacht faoi oibleagáid cothrom le hacmhainneacht dhírátáilte na sócmhainne mar a chinntear le linn na céime réamhchailiúcháin.

(172)

Ós rud é nach féidir le sócmhainní fuinnimh srianta (e.g. ceallraí, freagairt don éileamh) a bheith ar fáil ach le linn líon áirithe uaireanta leantacha an chloig, le linn na céime réamhcháiliúcháin is féidir leis na AMAnna sin Comhaontú áirithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLA) a roghnú. Dá bhrí sin, tá an acmhainneacht faoi oibleagáid cothrom lena n-acmhainneacht neamh-dhírátáilte le haghaidh uaireanta an chloig laistigh dá sriantachtaí fuinnimh. Beidh an acmhainneacht faoi oibleagáid cothrom le 0 MW le haghaidh aon uair TFI an chloig eile an lá céanna. Coinníonn AMA an tsaoirse chun a shócmhainn a sheoladh le haghaidh aon trátha TFI de chuid tacar uaireanta TFI an chloig a roghnaíonn siad fad atá a SLA ar a laghad seachadta acu le linn uaireanta TFI uile an chloig i lá.

(173)

Soláthraithe acmhainneachta ag a bhfuil oibleagáid sceidil laethúil sa mhargadh fuinnimh toimhdítear go bhfuil acmhainneacht ar fáil dóibh gach uair TFI an chloig de réir na huaschumhachta (Pmax) atá ar fáil (76).

(174)

Ar an taobh eile, tá níos lú infheictheachta ann maidir leis an infhaighteacht iarbhír le haghaidh soláthraithe acmhainneachta gan oibleagáid sceidealúcháin den sórt sin. Dá bhrí sin, tá na soláthraithe acmhainneachta deiridh sin i gcónaí faoi oibleagáid roimh dhúnadh an mhargaidh lá roimh ré praghas lá roimh ré a chur in iúl ar os a chionn a sheachadfaidís fuinneamh don mhargadh le AMA i gcomhréir leis an acmhainneacht faoi oibleagáid ar a laghad, rud is féidir a bheith os cionn phraghas TFI. Má tharlaíonn an t-imréiteach margaidh faoi bhun an phraghais sin, toimhdítear go bhfuil an t-aonad ar fáil (ach gan bheith ag seachadadh fuinnimh) de réir dearbhú. I gcás imréiteach margaidh os cionn an phraghais lá roimh ré dhearbhaithe, fíoróidh OCT seachadadh an fhuinnimh. Ar an mbealach sin, leis an bhfaireachán ní fhorchuirtear seachadadh fuinnimh le linn gach trátha TFI, ach i gcás ina bhfuil dálaí an mhargaidh fabhrach do AMA (i.e. an praghas lá roimh ré dearbhaithe).

(175)

De rogha, is féidir leis an soláthraí acmhainneachta gan oibleagáid sceidealúcháin praghsanna eile a dhearbhú freisin chun seachadadh a léiriú ar mhargaí eile (margaí ionlae nó cothromúcháin) agus/nó le haghaidh toirteanna níos ísle. Is é is cuspóir dó sin feidhmiú an mhargaidh a léiriú ós rud é gur féidir cuid den fhuinneamh a dhíol níos gaire don fhíor-am. Déanfaidh OCT faireachán ar infhaighteacht agus úsáid á baint as an bpraghas a chomhfhreagraíonn don tráth a sheachadtar an fuinneamh. I gcás nach sárófar an praghas dearbhaithe ná na praghsanna dearbhaithe ina mhargadh nó ina margaí faoi seach, ní bheidh an tsócmhainn sách infheicthe sa mhargadh agus déanfar níos mó tástála uirthi dá dheasca sin. Leis na Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta, áireofar ceart OCT líon áirithe tástálacha a iarraidh le linn na tréimhse seachadta (féach roinn 2.8.3).

(176)

De réir na Beilge is ann do dhá phríomhthiománaí chun go ndearbhódh soláthraí acmhainneachta praghsanna cearta le haghaidh a AMAnna, a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid aisíoca agus an faireachán infhaighteachta:

(a)

le seoladh rathúil AMA mar fhreagairt do phraghas dearbhaithe rannchuidítear le creidiúnacht chumas an aonaid freagairt don mhargadh. Mar a sonraíodh cheana, laghdófar leis sin an seans go mbeidh tástálacha infhaighteachta ann. Seasann an soláthraí acmhainneachta na costais atá bainteach leis na tástálacha sin (féach aithris (181)), rud a chruthaíonn dreasacht chun infhaighteacht a thaispeáint tríd an sásra praghsanna dearbhaithe;

(b)

le linn uaireanta TFI an chloig lena mbaineann oibleagáid aisíoca, seiceálfar seoladh AMA i gcomhréir le praghsanna dearbhaithe an tsoláthraí acmhainneachta. I bhfocail eile, ba cheart do OCT a bheith in ann an toirt a cuireadh in iúl lena seachadadh chomh maith leis an gcorrlach atá le coinneáil a thomhas. Mar shampla: dá mbeadh sé léirithe ag AMA, bunaithe ar na praghsanna margaidh a thagann as sin, go seolfaí fuinneamh ag 90 % den acmhainneacht chonraithe, ba cheart seachadadh 90 % a thomhas chomh maith le corrlach 10 % i gcomparáid leis an teorainn theicniúil. Mura n-urramófar an seachadadh fuinnimh ná an corrlach a cuireadh in iúl, tiocfaidh pionóis infhaighteachta as sin. Seachnaítear leis sin dearbhú bréige ar phraghsanna chun an oibleagáid aisíoca a sheachaint. Lasmuigh d’uaireanta TFI oibleagáide aisíoca an chloig, ní dhéanfar na seiceálacha sin ós rud é nach bhfuil aon ghnóthachan ionchasach ag baint leis sin le haghaidh an tsoláthraí acmhainneachta.

2.8.3.   Tástáil

(177)

Is féidir le Elia infhaighteacht AMA a fhíorú trí thástálacha infhaighteachta nach bhfógraítear. Tabharfaidh Elia fógra maidir leis na tástálacha sin don soláthraí acmhainneachta idir 15:00 CET agus 15:30 CET an lá roimh an tástáil infhaighteachta ar a dhéanaí, i.e. an tráth céanna ina gcuirtear sainaithint uaireanta TFI an chloig in iúl.

(178)

Is féidir le Elia AMA a thástáil suas le trí huaire go rathúil le linn thréimhse an gheimhridh agus uair amháin go rathúil lasmuigh de thréimhse an gheimhridh. Ina theannta sin, forchoimeádann Elia an ceart tástáil a dhéanamh uair amháin ar a mhéad ar fhad iomlán SLA (más ann) go rathúil. Ní dhéanfaidh Elia tástálacha infhaighteachta i dtréimhse ina bhfuil réamheolas aige ar neamhinfhaighteacht phleanáilte le haghaidh an AMA lena mbaineann ar an acmhainneacht (cuid di) nach bhfuil ar fáil (i.e. tá an acmhainneacht faoi oibleagáid teoranta don mhéid is eol a bheith ar fáil).

(179)

Roghnóidh Elia AMAnna lena dtástáil de réir nós imeachta inmheánach, rud nach nochtfar go poiblí. Mar sin féin, bunóidh Elia a nós imeachta ar chritéir lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan bheith teoranta dó:

(a)

méid infhaighteacht chruthaithe AMAnna a bhaineann le gach AMA eile faoi réir conradh acmhainneachta le haghaidh na tréimhse seachadta reatha;

(b)

tástálacha infhaighteachta de chuid AMA ar teipeadh orthu;

(c)

acmhainneacht ar iarraidh le linn faireachán a dhéanamh ar an infhaighteacht;

(d)

comhghaol aischuir AMA leis na margadhphraghsanna dearbhaithe.

180

Nuair a thugann Elia fógra maidir leis an tástáil infhaighteachta mar aon lena fad a bhfuil coinne leis (fad SLA iomlán nó 1 cheathrú uaire an chloig amháin) don soláthraí acmhainneachta, beidh a ham tosaithe agus a ham críochnaithe ann freisin. Laistigh den tréimhse sin, tá an tsaoirse ag an soláthraí acmhainneachta seachadadh an fhuinnimh a eagrú de réir mar is fearr a oireann dó.

(181)

Aon acmhainneacht atá ar iarraidh le linn na tréimhse sin, tá sí faoi dhliteanas pionóis infhaighteachta. Aon chostas a bhaineann le tástálacha infhaighteachta, seasann an soláthraí acmhainneachta é.

2.8.4.   Pionóis

(182)

Aon acmhainneacht ar iarraidh, i.e. difríocht dhearfach idir an acmhainneacht faoi oibleagáid agus ar fáil, le linn uair TFI an chloig, tá sí faoi dhliteanas pionóis infhaighteachta.

(183)

Méid iomlán na bpionós infhaighteachta is féidir le soláthraí acmhainneachta a fháil le haghaidh aon AMA amháin, le haghaidh aon tréimhse sheachadta amháin agus le haghaidh acmhainneacht ar iarraidh ar a bhfuil príomhoibleagáid mhargaidh nó idirbheart margaidh tánaisteach a gcumhdaítear tréimhse sheachadta iomlán amháin ar a laghad leis an tréimhse idirbhirt, tá sé teoranta do na praghsanna tairisceana roghnaithe a dámhadh sna ceantanna le haghaidh na tréimhse seachadta iolraithe faoi na hacmhainneachtaí conraithe sna ceantanna.

(184)

Méid iomlán na bpionós infhaighteachta is féidir le soláthraí acmhainneachta a fháil le haghaidh aon AMA amháin, le haghaidh 1 mhí amháin agus le haghaidh acmhainneacht ar iarraidh a eascraíonn as príomhoibleagáid mhargaidh nó idirbheart margaidh tánaisteach a gcumhdaítear tréimhse sheachadta iomlán amháin ar a laghad leis an tréimhse idirbhirt, tá sé teoranta do 20 % de na praghsanna tairisceana roghnaithe a dámhadh sna ceantanna le haghaidh na tréimhse seachadta iolraithe faoi na hacmhainneachtaí conraithe sna ceantanna.

(185)

I gcás ina ndéanfar acmhainneacht ar iarraidh os cionn 20 % d’acmhainneacht faoi oibleagáid a bhunú le linn trí thráth TFI ar leith agus/nó tástálacha infhaighteachta le haghaidh an AMA chéanna, eisíonn Elia athbhreithniú anuas ar an luach saothair acmhainneachta le haghaidh an AMA sin i gcomhréir leis an uasacmhainneacht ar iarraidh a bunaíodh le linn na tréimhse sin. Coinníonn an soláthraí acmhainneachta oibleagáid infhaighteachta áfach agus leanann sé de bheith faoi dhliteanas pionós infhaighteachta féideartha le haghaidh an AMA sin faoi mar atá amhlaidh sa chonradh acmhainneachta bunaidh. Ní athraítear an luach conarthach iomlán. Déantar an luach saothair acmhainneachta bunaidh a aischur tar éis do AMA a acmhainneacht faoi oibleagáid a sholáthar go rathúil, rud a chomhfhreagraíonn don acmhainneacht chonraithe agus do SLA sa chonradh príomha, le linn trí thráth TFI leanúnacha nó trí thástáil infhaighteachta.

(186)

I gcás ina raibh AMA faoi réir athbhreithniú anuas ar an luach saothair acmhainneachta le linn dhá thréimhse sheachadta ina dhiaidh sin agus inar theip ar AMA gach tráth an luach saothair acmhainneachta bunaidh a aischur laistigh de 12 sheachtain ó gach athbhreithniú, caillfidh AMA an fhéidearthacht an luach saothair acmhainneachta bunaidh a aischur agus gach conradh acmhainneachta ag a bhfuil feidhm maidir le tréimhsí seachadta a thosaíonn ón gceann a chumhdaítear leis an gcéad cheant Y-1 atá le teacht tar éis an clásal seo a chur i bhfeidhm, déantar é a fhoirceannadh.

2.9.   Margadh tánaisteach

(187)

Cuirfidh an Bheilg margadh tánaisteach i bhfeidhm chun sásra a sholáthar do na soláthraithe acmhainneachta chun feabhas a chur ar a mbainistíocht riosca faoin sásra acmhainneachta. Go deimhin, i gcás ina mbeidh infhaighteacht atá níos ísle ná mar a réamh-mheasadh roimh sholáthraí acmhainneachta (is ísle ná a acmhainn faoi oibleagáid arna ríomh i gcomhréir leis na Rialacha Margaidh), tá an fhéidearthacht aige an difríocht dhearfach idir a acmhainn faoi oibleagáid agus a acmhainn atá ar fáil sa mhargadh tánaisteach a chumhdach, gan bheith faoi réir aon phionós mar gheall ar neamhinfhaighteacht. I gcás idirbhearta sa mhargadh tánaisteach, déantar aistriú iomlán oibleagáidí, lena n-áirítear praghas ceangail na hoibleagáide tosaigh.

(188)

Cuirfear an margadh tánaisteach chun feidhme ar a dhéanaí 1 bhliain amháin roimh thús na chéad tréimhse seachadta. Tugtar tuairisc ar mhódúlachtaí shásra an mhargaidh thánaistigh sna Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta.

2.10.   Rannpháirtíocht acmhainneachta trasteorann

(189)

Ceadóidh an Bheilg don acmhainneacht eachtrach atá suite i mBallstát ag a bhfuil nasc líonra díreach leis an mBeilg a bheith rannpháirteach ón gcéad seachadadh. Leagtar na rialacha síos i bhForaithne Ríoga (77). De réir na Beilge, ós rud é nach ndearnadh na modheolaíochtaí, na rialacha coiteanna ná na téarmaí a luaitear in Airteagal 26(11) den Rialachán Leictreachais a fhormheas ach i mí na Nollag 2020 (78), agus ós rud é nach raibh OCTanna in ann na comhaontuithe is gá a thabhairt i gcrích go fóill, ní rabhthas in ann an rannpháirtíocht trasteorann a eagrú amhail ón gcéad cheant Y-4. De réir údaráis na Beilge, cuirfear an méid sin i bhfeidhm a luaithe is féidir. Idir an dá linn, forchoimeádadh toirt le haghaidh cheant Y-1, lena n-áirithítear gur féidir le hacmhainneacht trasteorann a bheith rannpháirteach amhail ón gcéad bhliain seachadta, i.e. 2025.

(190)

Beidh rannpháirtíocht ar oscailt do na teicneolaíochtaí uile. Déantar idirdhealú leis sin idir dhá chineál acmhainneachta eachtraí – díreach agus indíreach.

2.10.1.   Rannpháirtíocht ó acmhainneacht eachtrach indíreach

(191)

Is éard is acmhainneacht eachtrach indíreach ann acmhainneacht atá suite i mBallstáit chomharsanacha. Le haghaidh gach ceann de na Ballstáit chomharsanacha, eagraítear réamhcheant. I bhfianaise na hacmhainneachta teoranta ar idirnascairí, is é is cuspóir don réamhcheant réamhcháiliú éifeachtúil a áirithiú, ós rud é gur réamhchoinníoll é sin den phríomhcheant. Tosóidh gach réamhcheant tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh agus eagróidh OCT é i gcomhréir leis an ordú arna thabhairt ag an Aire dá dtagraítear in Airteagal 7 undecies mír 6 den Acht Leictreachais, agus arna shonrú ag Ballstát comharsanach. Ina ordú, féadfaidh an tAire a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, nár cheart réamhcheant a eagrú le Ballstát comharsanach. Tá paraiméadair an réamhcheant mar an gcéanna le paraiméadair an cheant chomhfhreagraigh. Mar sin féin, beidh an praghas tagartha le haghaidh gach Ballstáit chomharsanaigh ag teacht leis an bpraghas a bheadh faighte ag an soláthraí acmhainneachta eachtraí indírí ar na margaí leictreachais atá bainistithe ag NEMO (79) agus atá ainmnithe ag an acmhainneacht eachtrach indíreach.

(192)

Gach bliain, cinneann OCT an uasacmhainneacht iontrála atá ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneacht eachtrach indíreach gach Ballstáit chomharsanaigh, ar bhonn an mholta ón Lárionad Comhordúcháin Réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 26(7) den Rialachán Leictreachais, i gcomhréir leis an modheolaíocht arna formheas ag ACER dá dtagraítear in Airteagal 26(11)(a) den Rialachán Leictreachais.

(193)

Go dtí go nglacfar na straitéisí, na tograí nó na cinntí ábhartha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 26 den Rialachán Leictreachais, déantar rannchuidiú gach creasa margaidh atá nasctha go díreach leis an mBeilg a chinneadh trí rannchuidiú na gcriosanna sin le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig bunaithe ar ERAA nó NRAA.

(194)

Coinníollacha eile lena rialaítear rannpháirtíocht trasteorann, soláthraítear iad i gCinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta.

(195)

Má shamhaltaítear nasc NTC idir an Bheilg agus crios margaidh eile atá nasctha go díreach go leictreach:

(a)

Le haghaidh gach uair theirce ionsamhlaithe an chloig:

(1)

Má tá onnmhairiú á dhéanamh ag an gcrios margaidh chuig an mBeilg, tá a rannchuidiú cothrom leis an malartú margaidh ionsamhlaithe;

(2)

Má tá an crios margaidh ag allmhairiú ón mBeilg, tá a rannchuidiú ar neamhní;

(b)

Sainmhínítear uasacmhainneacht iontrála creasa margaidh mar ní atá cothrom leis an meánrannchuidiú le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig.

(196)

Má shainítear fearann sreabhadhbhunaithe san ionsamhlú lena lánpháirtítear an Bheilg:

(a)

Déantar seiceáil ar dtús ar ghlansuíomh na Beilge maidir le huaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig:

(1)

Má tá glansuíomh na Beilge dearfach, tá rannchuidiú criosanna margaidh eile san fhearann sreabhadhbhunaithe ar neamhní;

(2)

Má tá glansuíomh na Beilge diúltach, déantar seiceáil ar ghlansuíomh criosanna margaidh eile:

má tá glansuíomh na gcriosanna margaidh eile diúltach, tá rannchuidiú an chreasa margaidh sin ar neamhní;

le haghaidh na gcriosanna margaidh uile ag a bhfuil glansuíomh dearfach, déantar meán ualaithe ar na glansuíomhanna idir criosanna margaidh chun leibhéal ghlansuíomh na Beilge a shroicheadh.

(b)

Sainmhínítear uasacmhainneacht iontrála creasa margaidh mar ní atá cothrom lena mheánrannchuidiú le linn uaireanta teirce ionsamhlaithe an chloig.

(197)

An acmhainneacht eachtrach indíreach ar mian léi tairiscint a chur isteach sa réamhcheant, is é a sholáthróidh sí do OCT an fhaisnéis maidir le toirt na hacmhainneachta a thairgtear tar éis chur i bhfeidhm na toisce dírátála, an praghas a thairgtear agus astaíochtaí CO2 na hacmhainneachta lena mbaineann.

(198)

Déanann an acmhainneacht eachtrach indíreach a roghnaítear a tairiscint i ndeireadh an réamhcheant comhad réamhcháiliúcháin a chur isteach. An measúnú ar an gcomhad réamhcháiliúcháin, déanfaidh OCT comharsanach é i gcomhar le Elia, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(11)(f) den Rialachán Leictreachais agus, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an gcomhaontú arna thabhairt i gcrích idir OCTanna.

2.10.2.   Rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí dírí atá suite i mBallstát comharsanach ag a bhfuil nasc díreach le líonra na Beilge agus dínasctha ó líonra na mBallstát comharsanach

(199)

De réir údaráis na Beilge, tá acmhainneacht eachtrach dhíreach suite i mBallstát comharsanach ach ag a bhfuil nasc díreach agus eisiach le líonra na Beilge agus atá dínasctha ó líonra an Bhallstáit chomharsanaigh sin.

(200)

Ní mór an acmhainneacht a bheith suite i mBallstát comharsanach freisin lena bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an mBeilg maidir le rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí dírí sa sásra acmhainneachta, agus an méid seo a leanas á áirithiú:

(a)

tá rannpháirtíocht aon acmhainneachta eachtraí dírí ag brath ar dhearbhú ón mBallstát comharsanach ina bhfuil an acmhainneacht suite, dearbhú á rá go gcomhlíonann an acmhainneacht i gceist roinnt ceanglais theicniúla, eagraíochtúla agus airgeadais a leagtar amach sa chomhaontú agus go ndearnadh na húdaruithe uile is gá le haghaidh na hacmhainneachta i gceist a eisiúint go tráthrialta agus go neamhchoinníollach, nó go n-eiseofar iad laistigh de thréimhse réasúnta;

(b)

tá rannpháirtíocht aon acmhainneachta eachtraí dírí ag brath ar dhearbhú ón mBallstát comharsanach ina bhfuil an acmhainneacht suite, dearbhú á rá nach n-éiríonn fadhbanna tromchúiseacha as an rannpháirtíocht sin ó thaobh shlándáil an tsoláthair sa Bhallstát comharsanach ná nach ndéantar an bonneagar is gá a bhaint de chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar fhadhbanna plódúcháin aitheanta.

(201)

I gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán Leictreachais, idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2019, rinne an Bheilg comhairliúchán leis na Ballstáit chomharsanacha.

2.10.3.   Ioncam ó phlódú

(202)

Leithdháileadh na n-ioncam a thagann as leithdháileadh ticéad trasteorann, i.e. cearta rochtana le haghaidh soláthraithe acmhainneachta eachtraí chun bheith rannpháirteach i sásra acmhainneachta na Beilge, rialaítear é go hiomlán le hAirteagal 26(9) den Rialachán Leictreachais.

(203)

Léirigh an Bheilg go n-úsáidfear na hioncaim ó phlódú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 19(2) den Rialachán Leictreachais mar a cheanglaítear le hAirteagal 26(9) den Rialachán sin.

(204)

Dheimhnigh an Bheilg go gcomhlíonfaidh sí Cinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER, lena ndéantar i measc nithe eile, an mhodheolaíocht maidir le comhroinnt na n-ioncam a eascraíonn trí leithdháileadh na hacmhainneachta iontrála a leagan amach.

2.11.   Carnadh

(205)

De réir Airteagal 3 den Fhoraithne Ríoga maidir le critéir incháilitheachta a bhaineann le tacaíocht charnach agus tairseach rannpháirtíochta íosta, déantar an acmhainneacht a thairbhíonn de chabhair oibriúcháin cheana a eisiamh ón gcéim réamhcháiliúcháin. Acmhainneachtaí a thairbhíonn den chabhair sin, is féidir leo a bheith rannpháirteach sa chéim réamhcháiliúcháin faoin gcoinníoll go ndiúltóidh siad don chabhair i gcás ina ndámhfar conradh sásra acmhainneachta orthu. Foirm lena ndeimhnítear an gealltanas sin chun diúltú, foilsíonn an Aireacht Fuinnimh í. Thairis sin, geallann acmhainneachtaí nach ndéanfaidh siad iarratas ar chabhair oibriúcháin eile le linn na tréimhse fad atá conradh acmhainneachta acu agus iarratas ar an gcéim réamhcháiliúcháin á chur isteach acu.

2.12.   Buiséad agus sásra maoiniúcháin

2.12.1.   Buiséad

(206)

Déanfar costas beacht an bhirt a chinneadh leis na ceantanna. De réir an mheastacháin costais is déanaí a chuir údaráis na Beilge isteach, rud a rinne an chuideachta comhairliúcháin Haulogy i mí Eanáir 2021, arna shainordú ag údaráis na Beilge, is féidir costas foriomlán an bhirt a mheas ag idir EUR 238 milliún agus EUR 253 milliún in aghaidh na bliana.

2.12.2.   Maoiniú an bhirt

(207)

Ghlac Parlaimint na Beilge rún an 16 Iúil 2020 (80) lena léirítear go ndéanfar costais an tsásra acmhainneachta a mhaoiniú trí ‘oibleagáid seirbhíse poiblí’ de chuid Elia sna taraifí líonra.

(208)

Léiríonn údaráis na Beilge go ndéantar an sásra acmhainneachta a mhaoiniú trí mhuirir nó cánacha paraifhioscacha a shanntar do thairbhí. De réir Airteagal 12(1) den Acht Leictreachais, beidh nasc, úsáid bonneagair agus córais leictreacha agus, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí coimhdeacha an oibreora córais faoi réir taraifí le haghaidh bhainistíocht an chórais tarchurtha agus líonraí ag a bhfuil feidhm iompair. Thairis sin, de réir Airteagal 12(13) den Acht Leictreachais, déanfaidh an t-oibreoir córais, a luaithe is féidir, na taraifí nach mór dó a chur i bhfeidhm a chur in iúl d’úsáideoirí a líonra agus cuirfidh sé iad ar fáil do na daoine uile a iarann amhlaidh.

(209)

De réir Airteagal 12(5)(11) den Acht Leictreachais, glanchostais na gcúraimí seirbhíse poiblí a fhorchuirtear leis an dlí sin, cuirfear san áireamh sna taraifí iad ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme.

(210)

De réir Airteagal 4(2) den fhoraithne a ghlac CREG an 28 Meitheamh 2018 ar bhonn Airteagal 12 den Acht Leictreachais (81), agus lena gcinntear na taraifí líonra le haghaidh na tréimhse 2020-2023, is iad na taraifí líonra na praghsanna atá dlite ag úsáideoirí líonra don oibreoir líonra. De réir Airteagal 4(7) den fhoraithne chéanna, leis an struchtúr taraife ginearálta déantar idirdhealú idir taraifí iompair, lena gcumhdaítear ioncam iomlán an oibreora córais, agus taraifí le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí. Le hAirteagal 6 den fhoraithne foráiltear go ndéanfaidh taraifí le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí cúiteamh ar ghlanchostais oibleagáidí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear costais bhainistíochta agus muirir airgeadais, a fhorchuirtear ar an oibreoir córais agus ar ina leith nach ndearnadh foráil leis an dlí, leis an bhforaithne ná leis an ordú, ná lena bhforaitheanta cur chun feidhme, maidir le sásra cúitimh sonrach, trí bhíthin rólódála nó tobhach eile, i gcomaoin fheidhmíocht an chórais.

(211)

Ar an mbonn sin, gach bliain cuirfidh OCT togra taraife le haghaidh na hoibleagáide seirbhíse poiblí faoi bhráid CREG lena fhormheas, agus buiséad ag gabháil leis lena n-áirítear réamhaisnéis ar na costais uile (luach saothair acmhainneachta, costais bhainistíochta agus forbartha OCT) agus ioncaim an tsásra acmhainneachta le haghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Leis an taraif a mholtar le haghaidh na hoibleagáide seirbhíse poiblí cuirfear san áireamh freisin an t-iarmhéid a thugtar anonn ón mbliain airgeadais roimhe sin.

(212)

I ndeireadh na bliana, cuirfidh OCT tuarascáil taraife faoi bhráid CREG lena formheas, lena leagtar amach na costais agus na hioncaim iarbhír le haghaidh na bliana roimhe sin agus an t-ioncam a thagann as cur i bhfeidhm na taraife. Tar éis seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na sonraí agus réasúntacht bhainistíocht agus chostais forbartha an tsásra acmhainneachta arna dtabhú ag OCT, cinnfidh CREG an t-iarmhéid atá le tabhairt ar aghaidh.

(213)

Aon ioncam atá nasctha leis an sásra acmhainneachta, úsáidfear é chun na costais a áirítear sa taraif le haghaidh na hoibleagáide seirbhíse poiblí a chumhdach, gan dochar d’Airteagal 26(9) den Rialachán Leictreachais.

(214)

Cuirtear an taraif i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar bhonn EUR/MWh maidir leis na tomhaltóirí uile (go díreach maidir leis an tomhaltóir atá nasctha leis an líonra tarchurtha nó go hindíreach, tríd an Oibreoir Córais Dáileacháin, agus na soláthróirí, le haghaidh na dtomhaltóirí atá nasctha leis an líonra dáileacháin).

(215)

Na módúlachtaí sonracha maidir le maoiniú an tsásra acmhainneachta, cuirfear i bhfeidhm iad in 2022 ar a luaithe i mí Eanáir 2025, dá bhforáiltear in Airteagal 7 undecies 15 den Acht Leictreachais.

(216)

De réir an rúin ón bParlaimint, ó 2029 ar a dhéanaí, déanfar an taraif a thobhach ar bhonn buaic-chumhachta ag brath ar úsáid méadar cliste sna réigiúin. Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Rialtas anailís ar úsáid méadar cliste a bhfuil coinne leis.

2.13.   Fad

(217)

D’iarr an Bheilg formheas le haghaidh an tsásra acmhainneachta le haghaidh na huastréimhse 10 mbliana a cheadaítear (82) a thosaíonn ó dháta an chéad cheant.

(218)

Gheall an Bheilg go dtabharfadh sí isteach san Acht Leictreachais, murar tugadh aon chomhaontú acmhainneachta i gcrích ar feadh 3 bliana leantacha i gcomhréir le mír 11 d’Airteagal 7 undecies den Acht Leictreachais, nach n-eagrófar aon cheant nua ón mbliain ina dhiaidh sin faoin sásra acmhainneachta.

2.14.   Trédhearcacht na cabhrach agus gnóthais i gcruachás nó faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc

(219)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais maidir leis an Teachtaireacht Trédhearcachta (83).

(220)

Gheall an Bheilg go gcuirfeadh sí ar fionraí dámhachtain agus/nó íocaíocht aon chabhrach faoin scéim cabhrach ar tugadh fógra ina leith a dhéantar le haon ghnóthas a thairbhigh de chabhair neamhdhleathach a dearbhaíodh roimhe sin a bheith neamhréireach le Cinneadh ón gCoimisiún.

(221)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá nach ndeonófar aon chabhair do thairbhithe i gcruachás (84).

2.15.   Forais chun an nós imeachta a thionscnamh

(222)

Bhí an Coimisiún in amhras maidir le comhoiriúnacht gnéithe áirithe den bheart leis an margadh inmheánach.

(223)

Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil agus na n-eilimintí ar a dtugtar tuairisc sa Chinneadh Tosaigh, lorg an Coimisiún soiléiriú agus d’iarr sé barúlacha maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a)

riachtanas an bhirt:

cibé acu a rinne nó nach ndearna údaráis na Beilge an fhadhb leordhóthanacha acmhainní a shainaithint go leordhóthanach agus a anailísiú agus a chainníochtú go cuí.

(b)

oiriúnacht an bhirt:

cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar leis na rialacha incháilitheachta chun rochtain a fháil ar chonarthaí ilbhliantúla comhionannas deiseanna a áirithiú le haghaidh na dteicneolaíochtaí uile, go háirithe le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin ag a bhfuil ardchostais infheistíochta agus ardtosca dírátála.

(c)

comhréireacht an bhirt:

cibé acu atá nó nach bhfuil an toirt atá le soláthar sa cheant comhréireach chun cuspóir shlándáil an tsoláthair a shroicheadh.

(d)

seachaint éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil:

cibé acu a seachnaíodh nó nár seachnaíodh na héifeachtaí sin leis an mbeart ós rud é nach mbeidh acmhainneacht eachtrach indíreach incháilithe ach le haghaidh chonarthaí 1 bhliain amháin agus faoi réir na caidhpe praghais idirmheánaí.

cibé acu nach laghdaítear leis an mbeart dreasachtaí chun infheistiú in acmhainneacht idirnaisc.

(224)

Tá an Coimisiún in amhras freisin maidir le comhlíontacht an bhirt le forálacha atá nasctha go dlúth le forálacha dhlí an Aontais, eadhon Airteagail 22 agus 24 den Rialachán Leictreachais.

3.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA

(225)

Leis an roinn seo déantar achoimre ar na barúlacha a fuair an Coimisiún le linn na tréimhse comhairliúcháin ó 15 pháirtí leasmhara, go háirithe ó gheallsealbhóirí atá gníomhach in earnáil an fhuinnimh chomh maith le comhlachais trádála agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Fuarthas barúlacha freisin ó thír chomharsanach amháin agus a OCT.

3.1.   Riachtanas an bhirt

(226)

Thrácht geallsealbhóirí éagsúla ar an léiriú ar an ngá atá le sásra acmhainneachta agus ríomh na toirte le haghaidh an gceantanna, agus an dá thopaic á gcomhcheangal uaireanta.

(227)

Dhíospóid ceithre pháirtí leasmhara gur léiríodh an riachtanas sin go leordhóthanach. Ar an taobh eile, dheimhnigh trí pháirtí leasmhara an gá a bhí leis agus chuir siad a phráinn i dtábhacht.

(228)

Shonraigh trí pháirtí leasmhara gur cosúil nach bhfuil úsáid an cháis EU-HiLo iomchuí chun leibhéal na faidhbe leordhóthanachta acmhainne a chinneadh, ós rud é go bhfuil an baol ann go rómheasfar an fhadhb leis sin agus go saobhfar an margadh leictreachais.

(229)

Léirigh ceithre pháirtí leasmhara go bhfuil an mhodheolaíocht ERRA is déanaí agus modheolaíocht VOLL/CONE/RS go hiomlán infheidhme maidir le sásra acmhainneachta beartaithe na Beilge.

(230)

D’áitigh cúig pháirtí leasmhara nach bhfuil na staidéir leordhóthanachta roimhe sin a úsáideadh chun an gá atá leis an sásra acmhainneachta a léiriú, nach bhfuil siad comhoiriúnach le modheolaíocht ERAA, go háirithe:

(a)

de réir mhodheolaíocht ERAA, tá an bunachar sonraí aeráide le bheith teoranta do 30 bliain stairiúla cé gur úsáid an Bheilg 35 díobh sin;

(b)

le staidéir ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach na torthaí a bhfuil coinne leo ó chur chun feidhme an phlean agus/nó úsáid ioncam margaidh a bhfuil coinne leo seachas ioncaim mheánacha;

(c)

le staidéir ní chuirtear san áireamh an fheidhm theirce a bhfuil coinne léi, ná neamh-eiseadh caidhpeanna praghais, rud a bheadh ina shárú ar Airteagail 20(3)(c) agus 23(5)(e) den Rialachán Leictreachais;

(d)

rolladh amach brostaithe méadar cliste agus forbairt gaoithe ón talamh, ba cheart an méid sin a chur san áireamh in NRAA, mar a mholtar sa tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir le plean cur chun feidhme na Beilge. Leis an anailís ar an ngá atá le sásra acmhainneachta, ba cheart an riail minRAM 70 % a chur san áireamh freisin.

(231)

Mhaígh páirtí leasmhar amháin nach féidir leis an mBeilg an chéad cheant a eagrú in 2021 ar bhonn NRAA atá as dáta agus neamhchomhlíontach. Ina thuairim, níor cheart an sásra acmhainneachta a chur chun feidhme fiú go dtí go n-eiseofar ERAA.

(232)

Léirigh ceithre pháirtí leasmhara nach bhfuil an caighdeán iontaofachta a d’úsáid an Bheilg chun an gá atá le sásra acmhainneachta agus/nó an toirt a ríomh le haghaidh an chéad cheant, nach bhfuil sé i gcomhréir leis an modheolaíocht a cheanglaítear leis an Rialachán Leictreachais.

(233)

Mhaígh páirtí leasmhara amháin gur cheart an chomhsheasmhacht a ráthú, sna nósanna imeachta, sna modheolaíochtaí, sna sonraí agus sna cásanna a úsáidtear, ar thaobh amháin, chun an gá atá le sásra acmhainneachta a léiriú agus, ar an taobh eile, a úsáidtear chun an toirt a cheanglaítear a chur ar ceant faoi shásra acmhainneachta den sórt sin a chinneadh.

(234)

Léirigh páirtí leasmhara eile go bhféadfadh athrú teacht ar an gcaighdeán iontaofachta agus ar an modheolaíocht chun VOLL agus CONE a shainiú, agus sin idir an ceant tosaigh T-4 agus ceantanna ina dhiaidh sin, as a dtagann sainmhíniú toirte éagsúil.

3.2.   Oiriúnacht an bhirt

3.2.1.   An rogha ionstraime

(235)

Chreid trí pháirtí leasmhara go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb leordhóthanacha shainaitheanta ar bhealach níos fearr le cúltaca straitéiseach ná le sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh. Shonraigh páirtithe leasmhara áirithe nach ndearnadh measúnú ar an rogha a bhaineann le cúltaca straitéiseach.

3.2.2.   Oscailteacht an bhirt roimh na soláthraithe acmhainneachta ábhartha uile

(236)

Mhol páirtí leasmhar amháin ceant T-2 a chruthú chun rósholáthar a sheachaint in T-4 bunaithe ar thoimhdí atá róshlán, agus mhol sé chomh maith leis sin caighdeán iontaofachta athraithe a chur san áireamh bunaithe ar mhodheolaíocht ACER.

(237)

Mhaígh páirtí leasmhar amháin freisin go bhfuil na sealbhóirí acmhainneachta atá incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta (amhail CHP le hacmhainneacht is airde ná 1 MW) eisiata ó bheith rannpháirteach más rud é, le linn tréimhse ar leith, go dtairbhíonn siad de chabhair oibriúcháin trí dheimhnithe comhshaoil (GSC) agus/nó deimhnithe CHP (CHP).

3.3.   Éifeacht dreasachta

3.3.1.   Costais infheistíochta incháilithe

(238)

Léirigh páirtí leasmhar amháin gurb amhlaidh maidir leis an gcaiteachas lena gcumasaítear don acmhainneacht caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(1) den dréacht-Fhoraithne Ríoga maidir le tairseacha infheistíochta, nach cheart é a bheith incháilithe le haghaidh conarthaí níos faide.

3.4.   Comhréireacht

3.4.1.   An toirt atá le soláthar

(239)

De réir páirtí leasmhar amháin, na paraiméadair lena gcinntear an méid acmhainneachta atá le soláthar sa cheant, ba cheart iad a fhormheas ar bhonn togra ón rialtóir. D’áitigh an páirtí leasmhar céanna nach féidir togra ón rialtóir a athrú ná nach féidir leis an mBallstát ach é a dhiúltú agus togra nua a iarraidh.

3.4.2.   Sásra maoiniúcháin

(240)

Mhaígh páirtí leasmhar amháin gur cheart sócmhainní stórála a bheith díolmhaithe ón oibleagáid seirbhíse poiblí chun an sásra acmhainneachta a mhaoiniú. Leis an díolúine ba cheart stóráil os comhair an mhéadair agus taobh thiar den mhéadar araon a áireamh.

(241)

D’áitigh páirtí eile go mb’fhéidir go mbeidh tionchar ag an sásra maoiniúcháin ar thoirt acmhainneachta an tsásra acmhainneachta. Mar shampla, dá ndéanfaí na muirir a bhaineann le maoiniú an tsásra acmhainneachta a nascadh le hídiú leictreachais le linn buaicéileamh, d’fhéadfaí breathnú air sin mar dhreasacht chun go laghdódh na páirtithe lena mbaineann a n-ídiú le linn buaicéilimh, as a dtagann gá laghdaithe chun acmhainneacht a chur ar ceant.

3.5.   Seachaint éifeachtaí míchuí ar iomaíocht agus trádáil

3.5.1.   Oscailteacht an bhirt roimh na soláthraithe acmhainneachta ábhartha uile

3.5.1.1.   Comhiomlánú

(242)

Mhaígh dhá pháirtí leasmhara go gcuirtear isteach ar chomhbhailiú leis na rialacha incháilitheachta reatha le haghaidh conarthaí ilbhliantúla, agus níos sonraí ná sin leis an riail go gcinntear fad an chonartha le haghaidh na punainne iomláine leis an tsócmhainn ag a bhfuil an fad conartha is ísle i bpunann chomhbhailithe.

(243)

Mhaígh dhá pháirtí leasmhara eile gur cheart an tairseach le haghaidh comhbhailiú aonair a oiriúnú. Faoi láthair, leis na dréacht-Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta foráiltear nach féidir le hacmhainneachtaí atá faoi réir oibleagáid sceidil laethúil a bheith mar chuid de shásra acmhainneachta comhbhailithe.

(244)

Shonraigh páirtí leasmhar amháin go bhfuil rannpháirtíocht trí chomhbhailiú dodhéanta le haghaidh suiteálacha ag a bhfuil cumhacht os cionn 25 MW. Ba mhaith leis an bpáirtí leasmhar dá bhrí sin go socrófaí an tairseach sin ag 75 MW.

3.5.1.2.   Tairseacha infheistíochta

(245)

D’áitigh na páirtithe leasmhara nach bhfuil leibhéal na dtairseach infheistíochta le haghaidh conarthaí ilbhliantúla i gcomhréir le forbairtí margaidh a rinneadh le déanaí agus dá bhrí sin nach n-urramaíonn siad neodracht teicneolaíochta agus go dtiocfaidh idirdhealú as sin idir aicmí teicneolaíochta áirithe (aicme H/HL thar F-aicme CCGT agus OCGT) agus acmhainneachtaí atá ann cheana agus acmhainneachtaí nua.

(246)

D’áitigh páirtí amháin freisin gur cheart infheistíochtaí lena gcruthaítear solúbthacht nó lena méadaítear an acmhainneacht dhírátáilte gan an acmhainneacht shuiteáilte a mhéadú, gur cheart iad a bheith cáilithe mar chostais incháilithe freisin. De réir an pháirtí leasmhair sin, infheistíochtaí in aighnitheoirí, síneadh le taiscumar fuinnimh ceallra atá ann cheana nó in acmhainneachtaí stórála le haghaidh próisis thionsclaíocha, d’eisiafaí an méid sin dá bhrí sin ó chonarthaí ilbhliantúla.

3.5.1.3.   Tosca dírátála

(247)

Mhaígh dhá pháirtí leasmhara, i gcomparáid le sásraí acmhainneachta i dtíortha comharsanacha, amhail an Fhrainc nó an Ríocht Aontaithe, go bhfuil an baol ann go ngearrfar pionós mór ar theicneolaíochtaí amhail stóráil, freagairt don éileamh nó foinsí fuinnimh inathnuaite le tosca dírátála na Beilge.

(248)

Mhaígh páirtí leasmhar amháin go gcruthaítear leis na tosca dírátála atá beartaithe ag sásra acmhainneachta na Beilge agus atá foilsithe sa chinneadh tosaigh, go gcruthaítear leo dianbhacainní ar iontráil sa mhargadh le haghaidh stórála go háirithe agus soláthraithe atá teoranta ó thaobh fuinnimh de go ginearálta.

3.5.1.4.   Oibleagáid aisíoca

(249)

Mháigh dhá pháirtí leasmhara go ndéantar idirdhealú leis na hoibleagáidí aisíoca sna conarthaí acmhainneachta idir Aonaid Margaidh Acmhainneachta ‘sceideal iomlán’ agus ‘sceideal neamhiomlán’ agus go sáraítear an prionsabal a bhaineann le ‘praghas ceangail aonair’.

(250)

De réir páirtí leasmhar amháin, leis an meicnic a bhaineann leis an ‘oibleagáid aisíoca’ déantar idirdhealú in aghaidh oibreoirí acmhainneachta sceidil iomláin, ós rud é nach gcuirtear san áireamh léi gníomhaíochtaí fálúcháin na n-oibreoirí sin, ina ndíolann siad cuid mhór den toirt a bhfuil coinne léi uathu roimh ré ar na margaí todhchaíochtaí, lena gcuirtear iad i mbaol aisíoc ioncam nár thuill siad. Os a choinne sin, is amhlaidh atá solúbthacht shuntasach ag oibreoirí sceidil neamhiomláin chun margadhphraghsanna aonair a dhearbhú a ghníomhaíonn ag an bpraghas ceangail, rud a theorannaíonn an riosca go mbeidh orthu ioncaim nár tuilleadh a aisíoc agus lena soláthraítear deiseanna féideartha freisin chun an oibleagáid aisíoca a sheachaint.

(251)

D’áitigh páirtí eile go ndéantar idirdhealú leis an oibleagáid aisíoca idir AMAnna sceidil iomláin agus sceidil neamhiomláin, ar an gcéad dul síos de dheasca easpa díolúine ón oibleagáid aisíoca le haghaidh acmhainneachta a díoladh cheana ar mhargaí todhchaíochtaí (agus nach ngabhann praghsanna teirce) agus ar an dara dul síos mar gheall ar an ‘Margadhphraghas Dearbhaithe’ a thabhairt isteach le haghaidh AMAnna nach ngéilleann do sceidil iomlána, sa chleachtas, praghsanna ceangail iolracha á dtabhairt isteach.

3.5.1.5.   Caidhp phraghais idirmheánach

(252)

Léirigh páirtí leasmhar amháin a ábhair imní go saobhfaidh tabhairt isteach caidhpe praghais idirmheánaí iomaíocht sa cheant, toisc go mb’fhéidir nach mbeidh an ráthaíocht ann go ngnóthófar an ‘t-airgead ar iarraidh’ de chuid acmhainneachtaí áirithe atá ann cheana agus lena gceanglaítear go leanfaidh infheistíochtaí de bheith brabúsach go heacnamaíoch agus go mb’fhéidir go mbeidh ar na hacmhainneachtaí sin imeacht ón margadh.

(253)

De réir páirtí leasmhar amháin, tá ‘bearna infheistíochta’ ábhartha idir an tairseach infheistíochta le haghaidh conarthaí 3 bliana, EUR 177/kW faoi láthair, agus an chaidhp phraghais idirmheánach, rud a réamh-mheastar a bheith idir EUR 21-31/kW, as a dtagann idirdhealú in aghaidh acmhainneachtaí atá ann cheana lena gceanglaítear infheistíochtaí a bhféadfaidh ‘airgead ar iarraidh’ suntasach a bheith acu freisin.

3.5.1.6.   Acmhainneacht trasteorann dhíreach

(254)

Shonraigh dhá pháirtí leasmhara go mb’fhéidir go mbeidh éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil idir na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bhaineann le rannpháirtíocht trasteorann dhíreach.

(255)

De réir na bpáirtithe leasmhara sin, le rannpháirtíocht trasteorann dhíreach is féidir go laghdófar dreasachtaí chun infheistiú in acmhainneacht idirnaisc. Thairis sin, leis an mbeart is féidir go ndéanfar dochar do mhargadhchúpláil, ós rud é go bhféadfadh staid teacht as an sásra acmhainneachta ina lorgaíonn soláthraithe acmhainneachta rochtain ar an margadh is tarraingtí ag a bhfuil nasc díreach agus eisiach. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh leis an mbeart a mhéid a bhféadfaí aon fhadhb fhéideartha a bhaineann le leordhóthanacht giniúna a leigheas leis an idirnasc.

3.6.   Comhlíontacht leis an Rialachán Leictreachais

3.6.1.   Léirmhíniú ar Airteagal 24(1)

(256)

De réir Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, is féidir leis na Ballstáit íogaireachtaí a áireamh ina measúnú leordhóthanachta, atá nasctha le ‘saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta’. Sa Chinneadh Tosaigh léirigh an Coimisiún go raibh sé in amhras faoi cibé acu atá nó nach bhfuil an sásra acmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 24(1), ós rud é gur úsáideadh sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 de chuid na Beilge cás EU-HiLo, bunaithe ar thoimhdí faoi sholáthar leictreachais na Fraince. Cháin cúig pháirtí leasmhara léirmhíniú an Choimisiúin ar Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, á rá go bhfuil sé róshriantach.

(257)

D’áitigh na páirtithe leasmhara sin go ndeimhnítear leis an modheolaíocht le haghaidh ERAA nach mór raon feidhme réigiúnach a bheith ag NRAAnna agus go bhféadfar íogaireachtaí breise a áireamh iontu. Leis an modheolaíocht sin ní dhéantar cineál na n-íogaireachtaí breise sin a shonrú ná a shrianadh. Mar a luaitear in Airteagal 3(6) den mhodheolaíocht sin, leis na híogaireachtaí sin is féidir réimse leathan athruithe ar thoimhdí ar fud an raoin feidhme gheografaigh iomláin a mheastar a chumhdach, lena n-áirítear toimhdí éagsúla a bhaineann le sonraí ionchuir amhail acmhainneachtaí suiteáilte.

(258)

Thug páirtí leasmhar amháin chun suntais gurb amhlaidh leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (85) (‘EEAG’) a dheimhnítear go sonrach gur cheart a chur san áireamh sa mheasúnú ar leordhóthanacht acmhainní ‘measúnú ar thionchar na giniúna athraithí, lena n-áirítear an ghiniúint athraitheach sin de thionscnamh córas comharsanach’.

3.6.2.   Céimniú amach riaracháin

(259)

Léirigh dhá pháirtí leasmhara nach ann d’aon fhoráil maidir le céimniú amach an tsásra acmhainneachta sna gníomhartha reachtacha/rialála.

3.7.   Barúlacha eile

3.7.1.   Inbhuanaitheacht

(260)

Mhaígh dhá pháirtí leasmhara nach bhfuil an sciar mór d’acmhainneacht a fhorchoimeádtar le haghaidh gáis sa sásra acmhainneachta comhoiriúnach leis na cuspóirí a bhaineann leis an Aontas a dhícharbónú agus fóirdheontais breosla iontaise a chéimniú amach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, EEAG agus tacaíocht rialtas feidearálach na Beilge le haghaidh aeráidneodrachta faoi 2050.

3.7.2.   Céimniú amach núicléach

(261)

Léirigh páirtí leasmhar amháin go bhfuil an Bheilg ag smaoineamh ar 2 GW de chumhacht núicléach a choimeád má nochtar leis an tuarascáil mheasúnachta ar na chéad cheantanna acmhainneachta fadhb gan choinne maidir le slándáil an tsoláthair. De réir an pháirtí sin, léiríonn an méid sin roinnt saincheisteanna faoin ngá atá leis an sásra acmhainneachta agus faoina dhearadh.

3.7.3.   Fad

(262)

Léirigh páirtí leasmhar amháin gur cheart a chur san áireamh leis an mbealach a ndámhtar conarthaí fadtéarmacha an t-ábhar imní maidir le leordhóthanacht laghdaitheach le linn na bliana agus aon éifeacht maidir le ‘gaibhniú’ a sheachaint.

(263)

Thagair páirtí leasmhar amháin d’fhad na gconarthaí (15 bliana) a bheith ag sárú fhad an bhirt (10 mbliana) b’fhéidir, rud a bheadh in aghaidh chineál sealadach an bhirt dar leis.

4.   BARÚLACHA ÓN MBEILG

(264)

Leis an roinn seo déantar achoimre ar na barúlacha a fuarthas ón mBeilg an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus ar na barúlacha sin a fuarthas an 24 Nollaig 2020 maidir le barúlacha na dtríú páirtithe. Áirítear inti freisin an fhaisnéis a tugadh cothrom le dáta agus a chuir an Bheilg isteach an 28 Eanáir 2021, an 1 Márta 2021, an 13 agus an 27 Aibreán 2021, an 4, 5, 19 agus an 26 Bealtaine 2021 agus an 17 Lúnasa 2021.

4.1.   Riachtanas an bhirt

(265)

De réir na Beilge, lena hanailís, a dtacaíonn tuairim OCT léi, léirítear gurb amhlaidh, de dheasca céimniú amach acmhainneachtaí núicléacha idir 2022 agus 2025, a sheasann do bhreis agus leath na hacmhainneachta giniúna teirmí sa Bheilg faoi láthair, a dhéanfadh easpa an tsásra acmhainneachta dochar do shlándáil sholáthar leictreachais na Beilge. Le roinnt staidéir eile arna ndéanamh ag acadóirí, institiúidí teicneolaíochta agus an Biúró Pleanála Feidearálach in imeacht 2017 go 2020 deimhnítear an gá sin freisin, go neamhspleách ó anailís OCT.

(266)

Léirigh an Bheilg gur taispeánadh ní hamháin leis an gcás HiLo ach le bonnchás AE freisin go raibh saincheist shuntasach ag baint le slándáil an tsoláthair, i.e. LOLE níos mó ná trí oiread níos airde ná a critéar LOLE dlíthiúil, agus go bhfuil údar le hidirghabháil riachtanach trí bhíthin sásra acmhainneachta.

(267)

Léirigh an Bheilg nár fhormheas ACER an mhodheolaíocht ar ar cheart ERAA/NRAA a bhunú go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2020. Áirítear le modheolaíocht ACER athruithe suntasacha, agus dá bhrí sin déantar foráil léi maidir le cur chun feidhme céimneach, i.e. an chéad ERAA, rud a fhoilseofar i ndeireadh 2021, is é sin ní áireofar ach gnéithe áirithe de mhodheolaíocht ACER ann. Foráiltear le ENTSO-E go ndéanfar cur chun feidhme iomlán ar mhodheolaíocht ERAA faoi 2023.

(268)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá nach bhféadfadh coinne a bheith leis go gcuirfeadh sí modheolaíocht ACER i bhfeidhm go hiomlán le haghaidh ERAA agus NRAA i staidéir roimhe sin, ós rud é nár aithníodh an mhodheolaíocht go fóill an tráth sin. Mar sin féin, léirigh an Bheilg go raibh roinnt eilimintí tábhachtacha a eascraíonn as an modheolaíocht curtha chun feidhme cheana roimh a formheas, e.g. measúnú inmharthanachta eacnamaíche, samhaltú sreabhadhbhunaithe, samhaltú dóchúlaíoch agus éabhlóidí i dtíortha eile.

(269)

Chonspóid an Bheilg an t-éileamh nár cheart an sásra acmhainneachta a chur chun feidhme go dtí go scaoilfear ERAA. De réir na Beilge, féadfaidh na Ballstáit measúnuithe náisiúnta comhlántacha a dhéanamh freisin agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sásra acmhainneachta ar bhonn an NRAA sin, agus ní féidir leo fanacht ar chur chun feidhme iomlán ERAA (dá bhforáiltear in 2023).

(270)

A mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán iontaofachta, léirigh an Bheilg maidir leis an modheolaíocht chun VOLL agus CONE a ríomh agus leis an modheolaíocht chun an caighdeán iontaofachta a chinneadh, nár fhoilsigh ACER iad go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2020. Dá bhrí sin, níl sé indéanta ó thaobh ama de an sásra acmhainneachta a stad fad atá caighdeán iontaofachta nua á shainiú. Ina theannta sin, is ar an mBallstát a bheidh an fhreagracht chríochnaitheach chun leibhéal inmhianaithe shlándáil an tsoláthair a shocrú.

(271)

A mhéid a bhaineann leis na blianta aeráide a úsáidtear sna staidéir leordhóthanachta náisiúnta, mhínigh an Bheilg go n-úsáidtear sna staidéir sin, in éagmais modheolaíocht fhoilsithe, an bunachar sonraí aeráide céanna a úsáidtear in MAF mar ábhar comhleanúnachais.

(272)

Maidir le hioncaim mhargaidh, chuir an Bheilg faisnéis isteach, sna staidéir leordhóthanachta náisiúnta atá ann go dtí 2019, á rá go ndéantar na hioncaim a bhfuil coinne leo a shamhaltú agus úsáid á baint as airmheán ioncaim na mblianta ionsamhlaithe uile. Is féidir breathnú ar an gcur chuige sin, cé go bhfuil sé simplithe, mar léiriú ar ioncaim a bhfuil coinne leo, lena dtugtar cuntas ar rioscaí praghais, rud a aithnítear i modheolaíocht ACER mar eilimint ábhartha.

(273)

Maidir leis na caidhpeanna praghais agus an samhaltú margaidh ina iomláine go ginearálta, mhínigh an Bheilg go bhfuil an leagan amach a úsáidtear sna staidéir leordhóthanachta náisiúnta comhionann leis an gceann a úsáidtear ar an leibhéal Eorpach (ENTSO-E, PLEF). Meastar gurb é sin an cur chuige is fearr dá bhfuil ar fáil, lena léirítear an dearadh margaidh Eorpach, lena n-áirítear na caidhpeanna tairisceana teicniúla atá i réim agus dá bhforáiltear leis na NEMOnna.

(274)

Maidir leis an bhfeidhm teirce praghsála, mar a léirítear i bplean cur chun feidhme na Beilge a tugadh cothrom le dáta, tá breithniú á dhéanamh ag an mBeilg ar a mhéid a d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir leis an tionscnamh sin. Mhínigh an Bheilg go bhfuil staidéar á dhéanamh ag NRA agus OCT maidir leis sin.

(275)

Thug an Bheilg dá haire gur úsáideadh leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 na réamh-mheastacháin is fearr dá raibh ar fáil cheana ar rolladh amach solúbthachta agus gaoth ón talamh, i gcomhréir leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus gur cuireadh i bhfeidhm an riail minRAM 70 %. Sa bhonnchás, meastar go gcomhlíonann na tíortha Eorpacha uile an riail sin in am.

(276)

A mhéid a bhaineann leis an ábhar imní leordhóthanachta, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá, cé gur fíor go léirítear leis na staidéir luaineacht sa ghá atá le hacmhainneacht, rud a ríomhtar go sonrach, nach maolaítear leis sin go gceanglaítear idirghabháil atá dírithe ar acmhainneacht nua freisin leis an ngá atá le hacmhainneacht in 2025.

(277)

Leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta is déanaí léirítear gá acmhainneachta méadaitheach idir 2025 agus 2032.

4.2.   Oiriúnacht an bhirt

4.2.1.   An rogha ionstraime

(278)

Ní chomhroinneann an Bheilg tuairim páirtithe leasmhara áirithe gurbh fhearr cúltaca straitéiseach ná sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh.

(279)

Thagair an Bheilg don staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019, lena n-imscrúdaítear cás EOM + cúltaca straitéiseach agus cás EOM + sásra acmhainneachta. Thángthas ar an gconclúid leis an staidéar sin gurb amhlaidh sa chás EOM + cúltaca straitéiseach, nach gcomhlíonfaí critéar shlándáil an tsoláthair.

4.2.2.   Oscailteacht an bhirt roimh na soláthraithe acmhainneachta ábhartha uile

(280)

A mhéid a bhaineann leis an gceant T-2, mhínigh an Bheilg, amhail i gcás Ballstáit eile ag a bhfuil sásra acmhainneachta, go gceadaítear le ceant T-4 agus T-1 do na teicneolaíochtaí uile, le haga níos faide nó níos giorra, a bheith rannpháirteach sa sásra, agus go gceadaítear don Bhallstát dearbhú coibhneasta a bheith aige gur féidir go leor toirte a sholáthar chun slándáil an tsoláthair a áirithiú sa bhliain seachadta. Má dhéantar na toirteanna a scoilt idir ceant T-1 agus T-2, tá an baol ann go ndéanfar an iomaíocht a rólaghdú sna ceantanna sin.

(281)

A mhéid a bhaineann le húsáid na hacmhainneachta suiteáilte chun an tairseach infheistíochta a ríomh, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá gurb amhlaidh atá dámhachtain conarthaí ilbhliantúla do shásraí acmhainneachta a rannchuidíonn níos mó le slándáil an tsoláthair i gcomhréir le cuspóir coiteann an tsásra acmhainneachta.

(282)

De réir na Beilge, dá mba rud é, in ionad na hacmhainneachta suiteáilte, go ndéanfaí an acmhainneacht dhírátáilte a thairgeann an sásra acmhainneachta a chur san áireamh chun an tairseach infheistíochta a ríomh, shroichfeadh acmhainneachtaí ag a bhfuil toisc dhírátála ard an tairseach infheistíochta le haghaidh conarthaí ilbhliantúla ar bhealach níos fusa. Dá thoradh sin, thabharfaí buntáiste dóibh i gcomparáid le daoine eile agus an tseirbhís chéanna á soláthar.

(283)

Maidir le neamh-incháilitheacht soláthraithe acmhainneachta a thairbhíonn de bhearta tacaíochta eile chun bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta, léirigh an Bheilg dá gceadófaí d’acmhainneachtaí comhghiniúna tairbhiú den dá shásra go gcruthófaí riosca maidir le róchúiteamh a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí sin, lena gcruthófaí buntáiste iomaíoch éagórach freisin i gceantanna an tsásra acmhainneachta.

4.3.   Éifeacht dreasachta

4.3.1.   Costais infheistíochta incháilithe

(284)

Maidir leis an mbarúil nár cheart caiteachas lena gcumasaítear don acmhainneacht caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh a bheith incháilithe le haghaidh conarthaí níos faide, shoiléirigh an Bheilg go bhfuil an togra sin dírithe ar chóir chomhionann a áirithiú idir acmhainneachtaí nua agus acmhainneachta atá ann cheana maidir le haicmiú acmhainneachtaí i gconarthaí níos faide.

4.4.   Comhréireacht an bhirt

4.4.1.   An toirt atá le soláthar

(285)

De réir na Beilge, an rogha maidir le calabrú toirt an tsásra acmhainneachta (cás tagartha) le haghaidh an chéad cheant, rinneadh í bunaithe ar an gcomhairle ó FPS Economy. Leis an gcomhairle sin meastar infhaighteacht núicléach laghdaithe de chuid na Fraince, rud nach bhfuil chomh dian céanna leis an gceann a mhol OCT (agus nach bhfuil chomh dian céanna leis an gcás toisiúcháin a úsáideadh san am a chuaigh thart chun méid chúltaca straitéiseach na Beilge a chinneadh).

(286)

D’áitigh an Bheilg gur tréith ar leith den soláthar leictreachais náisiúnta a hardráta idirnaisc agus a spleáchas ard ar allmhairí. Chuir sí faisnéis isteach thairis sin á rá gurb é an t-aon íogaireacht a chuirtear san áireamh cuimsiú neamhinfhaighteachta de chuid acmhainneacht núicléach na Fraince, cé go bhfeiceann an Bheilg roinnt rioscaí eile sna tíortha comharsanacha (e.g. céimniú amach guail brostaithe, moilleanna i gcoimisiúnú bonneagair eangaí nó acmhainneachta nua).

(287)

Maidir le hAirteagal 4 den dréacht-Fhoraithne Ríoga a bhaineann leis an modheolaíocht chun an cás tagartha a shainiú le haghaidh gach ceant, léirigh an Bheilg go rialaítear leis sin roghnú an cháis tagartha. Le haghaidh gach ceant, cuirtear an cás tagartha le chéile bunaithe ar na trí bheart ar a dtugtar tuairisc thíos agus a chuirtear isteach le haghaidh comhairliúchán poiblí:

(a)

Roghnú cásanna/íogaireachtaí ón ERAA agus/nó NRAA is déanaí.

Le haghaidh an chéad cheant (2021), roghnaíodh an cás ó MAF 2019 (an staidéar Eorpach is déanaí a bhí ar fáil agus a bhí faoi réir comhairliúcháin ar an leibhéal Eorpach).

(b)

Sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus toimhdí ó na foinsí is ábhartha dá bhfuil ar fáil.

Le haghaidh an chéad cheant (2021), áiríodh an tabhairt cothrom le dáta ó PLEF 2020 GAA (86).

(c)

Roghnú íogaireachtaí breise ar féidir tionchar a bheith acu ar shlándáil soláthair na Beilge

Le haghaidh an chéad cheant (2021), baineadh coibhéis dhá aonad núicléacha sa Fhrainc, bunaithe ar an méid a rinneadh i staidéar PLEF chun ailíniú leis na barúlacha stairiúla/na barúlacha a bhfuil coinne leo ón gcabhlach núicléach sa Fhrainc, nach n-áirítear i bpointe (a) ná (b) thuas ach a úsáideann OCT de chuid na Fraince in NRAA na Fraince (‘Bilan Prévisionnel 2019’  (87)).

(288)

Léirigh an Bheilg go gcuirtear i láthair in PLEF 2020 GAA ‘íogaireacht núicléach íseal’ chun aithris a dhéanamh ar an mbonnchás a thóg OCT de chuid na Fraince le haghaidh a mheasúnuithe leordhóthanachta. Leis an íogaireacht sin meastar 1 700 MW d’acmhainneachtaí núicléacha mar neamhinfhaighteacht bhreise.

(289)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go gcomhfhreagraíonn an íogaireacht a roghnaítear le haghaidh an tsásra acmhainneachta do na sonraí agus do na toimhdí ó bhonnchás NRAA de chuid na Fraince. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú mar an gcéanna go bhfuil sé ar an mbonnchás is iomchuí le haghaidh na Beilge, ós rud é go bhfuil an tabhairt cothrom le dáta sin i gcomhréir leis na sonraí agus na toimhdí ó na foinsí is ábhartha dá bhfuil ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart é a cháiliú mar ‘EU-HiLo’ ach mar bhonnchás inchreidte.

(290)

Maidir leis an maíomh gur cheart na paraiméadair lena gcinntear an méid acmhainneachta atá le soláthar sa cheant a fhormheas ar bhonn togra ón rialtóir, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá gur ullmhaíodh modhnú ar Dhlí an tSásra Acmhainneachta lena ndeimhnítear an méid sin. Go dtí go bhformheasfar an modhnú sin go foirmiúil, urramaítear an Rialachán Leictreachais cheana, i.e. d’fhoilsigh an rialtóir a thogra le haghaidh na modheolaíochta chun na paraiméadair thoirte a chinneadh i mí an Mhárta 2020 agus dréachtóidh an rialtóir togra faoi mhí Feabhra 2021 le haghaidh chuar éilimh an chéad cheant.

(291)

Foilsíodh Dlí Leasaithe an tSásra Acmhainneachta an 19 Márta 2021. An 30 Aibreán 2021 foilsíodh an Fhoraithne Ríoga leis an modheolaíocht chun na paraiméadair thoirte a bhunú. An 30 Aibreán 2021 rinne CREG togra maidir le paraiméadair thoirte. An 30 Aibreán 2021 eisíodh Foraithne ón Aire leis na horduithe le haghaidh an cheant T-4 le haghaidh na bliana seachadta 2025.

(292)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá gurb é an réasúnaíocht nach bhféadfadh Ballstát imeacht ó thogra ón rialtóir ráiteas ar lena aghaidh nach féidir aon bhunús dlí a shuí sa Rialachán Leictreachais agus a bheadh contrártha do fhreagracht an Bhallstáit as slándáil an tsoláthair.

4.4.2.   Sásra maoiniúcháin

(293)

Mhínigh an Bheilg nach bhfuil, de thráth na huaire, méadair chliste leordhóthanacha suiteáilte sa Bheilg chun foráil a dhéanamh maidir le sásra maoiniúcháin bunaithe ar ídiú buaiclóid. Modhnaíodh dlí an tsásra acmhainneachta ionas go bhféadfaí samhail den sórt sin a thabhairt isteach in 2025. Mhínigh an Bheilg thairis sin go n-athmheasfaidh sí an méid sin in 2023 nuair a eiseofar tuarascáil ar rolladh amach méadar cliste.

(294)

Maidir leis an maíomh gur cheart sócmhainní stórála a dhíolmhú ón oibleagáid seirbhíse poiblí chun an sásra acmhainneachta a mhaoiniú, mhínigh an Bheilg go mbaineann an méid sin le saincheisteanna níos leithne taraifí agus tobhach a chuirtear i bhfeidhm maidir le stóráil leictreachais. Maidir leis sin, dheimhnigh an Bheilg go gcuirfeadh sí i bhfeidhm na treoirlínte agus na rialacháin dá bhforáiltear sa phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ (e.g. Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa) agus na díolúintí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003).

4.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus trádáil

4.5.1.   Oscailteacht an bhirt roimh na soláthraithe acmhainneachta ábhartha uile

4.5.1.1.   Comhiomlánú

(295)

Maidir leis an maíomh go gcuirtear isteach ar chomhbhailiú leis na rialacha incháilitheachta atá ann faoi láthair le haghaidh conarthaí ilbhliantúla, agus níos sonraí ná sin an riail go gcinntear fad an chonartha le haghaidh na punainne ina hiomláine leis an tsócmhainn leis an bhfad conartha is giorra, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go modhnófar an dréacht-Fhoraithne Ríoga agus na rialacha feidhmiúcháin chun a cheadú d’acmhainneachtaí, a maireann a gconradh níos faide agus ar mian leo comhbhailiú, conradh níos faide a roghnú.

(296)

Oiriúnaíodh an méid sin san Fhoraithne Ríoga lena socraítear na tairseacha infheistíochta, na critéir incháilitheachta le haghaidh costais infheistíochta agus an nós imeachta rangúcháin, agus sna Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta.

(297)

A mhéid a bhaineann leis an toirmeasc le haghaidh acmhainneachtaí atá faoi réir oibleagáid sceidil laethúil chun comhbhailiú, shonraigh an Bheilg nach cosúil go bhfuil sé iomchuí an tráth seo an eilimint dearaidh sin a athrú, mar sin féin iarrfaidh sí tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar an toirmeasc sin sna measúnuithe ar an sásra acmhainneachta, chun go bhféadfar athruithe a dhéanamh más iomchuí agus i gcás inarb iomchuí. De réir na Beilge, aonaid a thagann faoin gcatagóir sin, bhí siad riamh agus tá coinne leis go leanfaidh siad de bheith faoi réir nósanna imeachta comhordúcháin speisialta. Áirítear leis na nósanna imeachta sin oibleagáid sceidealúcháin laethúil MW-beacht, comhordú dian sa phleanáil agus sna hoibleagáidí éartha chun an acmhainneacht a chur ar fáil le haghaidh e.g. cothromú. Leis an modh sin áirithítear oibriú fíor-ama dea-chomhordaithe ar an eangach. Le léargas aonair ar na haonaid sin is féidir réamh-mheastachán cuí a dhéanamh ar an sreabhadh agus fágann sin gur féidir déileáil le sriantachtaí sonracha chomh héifeachtúil agus is féidir, cé go mbeadh an léargas sin ‘doiléir’ i malartán comhbhailithe, rud a fhágann nach mbeadh oibriú na heangaí chomh simplí ná chomh héifeachtúil sin.

(298)

Ina theannta sin, rinneadh dearadh an tsásra acmhainneachta a chalabrú le haghaidh acmhainneachtaí a thagann i gcatagóir amháin nó eile, agus déantar an faireachán infhaighteachta a ailíniú lena gcomhthéacs sa mhargadh fuinnimh. Dá n-imeofaí ón idirdhealú sin atá ann cheana d’fhéadfadh dearadh atá níos casta agus nach bhfuil chomh láidir sin, b’fhéidir, teacht as sin ar ghnéithe iomadúla. Mar shampla, is deacair a shamhlú conas a bheadh feidhm ag an oibleagáid aisíoca le haghaidh sásra acmhainneachta den sórt sin, ós rud é go bhféadfadh an dá chuid den sásra acmhainneachta comhbhailithe teacht faoi chórais éagsúla.

4.5.1.2.   Tairseacha infheistíochta

(299)

Maidir leis na tairseacha infheistíochta lena gcinntear an rochtain ar chonarthaí níos fadtéarmaí, shonraigh an Bheilg go ndéanfaidh sí anailís ar na heilimintí éagsúla ar bhealach níos cúramaí agus go gcuirfidh sí a rogha bhealaí ar aghaidh in iúl don Choimisiún Eorpach.

(300)

An 11 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh an Bheilg Foraithne Ríoga lena gcuirtear san áireamh na barúlacha a rinne na páirtithe leasmhara maidir leis na tairseacha infheistíochta.

(301)

A mhéid a bhaineann leis an maíomh gur cheart infheistíochtaí lena gcruthaítear solúbthacht nó lena méadaítear an acmhainneacht dhírátáilte gan méadú a dhéanamh ar an acmhainneacht shuiteáilte, gur cheart iad a cháiliú mar chostais incháilithe, shonraigh an Bheilg, ós rud é gur margadh acmhainneachta seachas margadh fuinnimh an sásra acmhainneachta, go n-imíonn an Bheilg ón toimhde gurb amhlaidh nach bhfuil ach infheistíochtaí a choinníonn an acmhainneacht ar bun nó a leathnaíonn í incháilithe. Mar shampla: (i) le haghaidh freagairt don éileamh, infheistíochtaí lena gceadaítear méadú ar an acmhainneacht shuiteáilte (arb éard é an difríocht idir an t-uasídiú (an ceannach uasta) agus an ceannach íosta (an corrlach dolúbtha), tá siad incháilithe chun conradh níos faide a fháil, agus (ii) le haghaidh aonaid theirmeacha, na hinfheistíochtaí a bheartaítear chun méadú a dhéanamh ar an iontaofacht agus dá réir sin an dírátáil, níl siad incháilithe, ar an mbealach céanna nach bhfuil siad incháilithe i gcás freagairt don éileamh.

(302)

Léirigh an Bheilg, cé nach bhfuil na costais sin incháilithe chun conradh níos faide a fháil, go bhféadfar iad a lánpháirtiú i bpraghas tairisceana na hacmhainneachta.

4.5.1.3.   Tosca dírátála

(303)

Maidir le tosca dírátála, shonraigh an Bheilg gurb é an míniú atá ar na tosca dírátála ‘níos ísle’ sa chéad amharc go bhfuil dírátálacha teicneolaíochtaí atá teoranta ó thaobh fuinnimh de níos ísle nuair a mhéadaíonn a gcion sa chóras/sa tír. Go deimhin, le scaireanna móra de na teicneolaíochtaí sin, níl a rannchuidiú teoranta do thráthanna teirce. Tá an scair is airde d’acmhainní atá teoranta ó thaobh fuinnimh de ag an mBeilg i gcomparáid le tíortha eile ag a bhfuil sásra acmhainneachta, agus méadóidh an méid sin a thuilleadh de réir chás tagartha an tsásra acmhainneachta (30 % in 2025, i gcomparáid le níos lú ná 10 % sa Fhrainc, sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn). Deimhnítear an treocht sin, i.e. dá airde an scair d’acmhainní atá teoranta ó thaobh fuinnimh de is ea is ísle an toisc dhírátála, freisin i dtíortha/i gcriosanna eile, amhail Éire nó an Ríocht Aontaithe.

(304)

Mhínigh an Bheilg thairis sin go bhfuil coinne le tuairim ón rialtóir maidir leis na tosca dírátála a bheartaítear agus gur eagraigh OCT cruinniú sonrach den Tascfhórsa ar an topaic sin le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile go luath i mí Eanáir 2021.

(305)

Sa chinneadh ón Aire lena dtugtar na horduithe le haghaidh an cheant Y-4 le haghaidh na bliana seachadta 2025, a foilsíodh an 30 Aibreán 2021, áiríodh tacar tosca a tugadh cothrom le dáta, lenar soláthraíodh tosca dírátála níos airde le haghaidh acmhainneachtaí atá teoranta ó thaobh fuinnimh de, agus a n-uasfhad seachadta á chur san áireamh.

4.5.1.4.   Oibleagáid aisíoca

(306)

Maidir leis an oibleagáid aisíoca, mhínigh an Bheilg go raibh dearadh an phraghais ceangail ina ábhar do roinnt pléití sa Tascfhórsa um an Sásra Acmhainneachta. Is é is aidhm don réiteach a thagann as, cothromaíocht a bhaint amach idir dhá bhreithniú:

(a)

ar thaobh amháin, is saintréith bhunúsach de shásra acmhainneachta na Beilge an oibleagáid aisíoca, bunaithe ar roghanna iontaofachta, agus ba cheart seans réalaíoch a bheith ann go mbeifear neamhchosanta ar an bpraghas ceangail i gcás buaicphraghsanna, chun brabúis amhantair a sheachaint;

(b)

ar an taobh eile, níor cheart acmhainneachtaí a eisiamh ón sásra acmhainneachta i gcás nach ngníomhachtaíonn siad ach ag margadhphraghas atá níos airde ná leibhéal an phraghais ceangail.

4.5.1.5.   Caidhp phraghais idirmheánach le haghaidh acmhainneacht náisiúnta

(307)

Maidir leis an gcaidhp phraghais idirmheánach, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go bhfuil an fhéidearthacht a bhaineann le sásra maolúcháin a thabhairt isteach á imscrúdú aici.

(308)

Leis an bhForaithne Ríoga a foilsíodh an 30 Aibreán 2021 déantar foráil i nós imeachta agus sásra um maolú maidir le páirtithe ar féidir leo a léiriú go bhfuil ‘airgead ar iarraidh’ níos airde acu ná mar is féidir a ghnóthú de bharr na caidhpe praghais idirmheánaí.

4.5.2.   Ioncaim ó phlódú

(309)

De réir na Beilge, le dáileadh agus úsáid na gcíosanna a thagann as leithdháileadh na dticéad trasteorann ar an sásra acmhainneachta, leantar na rialacha a leagtar amach leis an Rialachán Leictreachais ina n-iomláine, go háirithe Airteagal 26(9).

(310)

Shonraigh an Bheilg go ndéanann NRA nó na NRAnna cinntí a mhéid a bhaineann le dáileadh na n-ioncam idir na OCTanna. Rialaítear an úsáid a bhaineann OCT de chuid na Beilge as ioncaim ó phlódú leis an modheolaíocht taraife lena bhforáiltear go gcumhdaítear leis an ioncam iomlán na costais is gá chun leanúint de na gníomhaíochtaí rialáilte.

(311)

Léirigh an Bheilg, i gcás ina gcomhroinntear ioncaim le OCTanna comharsanacha, go rialaítear úsáid na n-ioncam sin leis an Rialachán Leictreachais.

(312)

Dheimhnigh an Bheilg freisin go gcomhlíonfaidh sí Cinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER, lena ndéantar i measc nithe eile, an mhodheolaíocht maidir le comhroinnt na n-ioncam a eascraíonn trí leithdháileadh na hacmhainneachta iontrála a leagan amach.

4.5.3.   Caidhp phraghais idirmheánach le haghaidh acmhainneacht eachtrach

(313)

Léirigh an Bheilg gur cosúil go bhfuil údar leis an teorannú i dreo conarthaí 1 bhliain amháin le haghaidh acmhainneacht indíreach eachtrach, ós rud é nach féidir a ráthú go mbeidh ticéid trasteorann leordhóthanacha ann le haghaidh teorainn shonrach le linn saolré conartha ilbhliantúil.

(314)

Léirigh an Bheilg más é a thagann as cur i bhfeidhm ginearálta na caidhpe praghais idirmheánaí maidir le hacmhainneachtaí indíreacha eachtracha go ndíspreagfar rannpháirtithe le bheith rannpháirteach, léirigh an Bheilg go mb’fhéidir go measfar athruithe ar an dearadh a dtugtar fógra ina leith (amhail foráil a dhéanamh maidir le sásra chun maoluithe a dheonú).

(315)

An sásra um maolú a luaitear in aithris (308), tá feidhm aige freisin maidir le hacmhainneachtaí indíreacha eachtracha.

4.5.4.   Acmhainneacht trasteorann dhíreach

(316)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá gur dréachtaíodh modhnú ar Dhlí an tSásra Acmhainneachta lena bhforáiltear gur réamhchoinníoll le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí dírí is ea tabhairt i gcrích conartha idir an Bheilg agus an Ballstát a bhfuil an acmhainneacht suite ar a chríoch. Leis an gcomhaontú sin ba cheart, ar thaobh amháin, a dhearbhú don Bheilg go n-urramóidh an sealbhóir acmhainneachta coinníollacha teicniúla, eagraíochtúla agus airgeadais, agus ar an taobh eile, a dhearbhú don Bhallstát óstach nach gcruthófar fadhbanna le haghaidh a shlándála soláthair ná a bhainistithe ar phlódú de dheasca na rannpháirtíochta sin.

(317)

An 19 Márta 2021 foilsíodh Dlí an tSásra Acmhainneachta, lena n-ionchorpraítear an modhnú sin.

4.6.   Comhlíontacht leis an Rialachán Leictreachais

4.6.1.   Léirmhíniú ar Airteagal 24(1)

(318)

Shocraigh an Bheilg go n-áirítear sna staidéir leordhóthanachta acmhainní íogaireachtaí ar acmhainneachtaí eachtracha. Creideann an Bheilg go bhfuil an cuimsiú sin go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán Leictreachais, ós rud é gur cheart spleáchas ard ar allmhairiú a mheas go beacht mar ‘saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta’, mar a luaitear in Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais. Tacaítear leis sin leis an raon feidhme réigiúnach a cheanglaítear le NRAA.

4.6.2.   Céimniú amach riaracháin

(319)

Maidir le clásal an chéimnithe amach riaracháin, d’áitigh an Bheilg, agus dearadh an tsásra acmhainneachta á chur san áireamh, gur féidir agus gur cheart claonadh a bheith sna conarthaí i dtreo luach saothair nialasach.

(320)

Mar a shonraítear in aithris (218), gheall an Bheilg foráil a thabhairt isteach san Acht Leictreachais lena sonraítear gurb amhlaidh, murar tugadh aon chomhaontú acmhainneachta nua i gcrích ar feadh 3 bliana leantacha i gcomhréir le mír 11 d’Airteagal 7 undecies den Acht Leictreachais, nach n-eagrófar aon cheant nua ón mbliain ina dhiaidh sin ar aghaidh faoin sásra acmhainneachta.

4.7.   Barúlacha eile

4.7.1.   Inbhuanaitheacht

(321)

Mhínigh an Bheilg gur dearadh an sásra acmhainneachta le bheith neodrach go teicneolaíoch agus nach bhforchoimeádtar leis aon acmhainneacht le haghaidh aonaid ghásadhainte. Thairis sin, rinneadh roinnt roghanna dearaidh chun cothroime iomaíochta a áirithiú agus chun rannpháirtíocht teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn go gníomhach, amhail bainistiú ar éileamh agus foirmeacha eile solúbthachta. Mar shampla, leis an dearadh déantar foráil maidir le forchoimeádas méid shubstaintiúil acmhainneachta le haghaidh cheant T-1, rud a fhágfaidh gur fearr is féidir le teicneolaíochtaí lena mbaineann agaí níos giorra, amhail bainistiú ar éileamh nó ceallraí, a bheith rannpháirteach sa cheant. Tá an toirt measta ag níos mó ná 1.5 GW a bheith 100 % ar fáil, rud atá níos mó ná 3 nó 4 GW tar éis tosca dírátála a chur i bhfeidhm. I gcomparáid le tíortha Eorpacha eile, tá an scair sin a fhorchoimeádtar le haghaidh cheant T-1 i bhfad níos airde, i.e. le haghaidh na bliana seachadta 2018/19, tá 2.5 GW curtha i leataobh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh an cheant T-1, i gcomparáid le 48.6 GW sa cheant T-4. I sásra acmhainneachta na hÉireann, foráiltear go bhforchoimeádtar 2 % go 5 % den cheanglas acmhainneachta le haghaidh cheant Y-1.

(322)

Mar a shonraítear in aithris (109), beidh na suiteálacha nua a lastar le breoslaí iontaise, a bheidh ina gconarthaí 15 bliana incháilithe, faoi cheangal ag na cuspóirí arna mbunú ag an Aontas Eorpach agus/nó ag an mBeilg chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

(323)

Ina theannta sin, chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá gur fhorbair sí aeráid tharraingteach chun teicneolaíochtaí atá teoranta don fhuinneamh mar a thugtar orthu a fhorbairt (e.g. tríd an bhféidearthacht a bheith rannpháirteach sna margaí seirbhíse coimhdí nó a éascaítear trí shásra fuinnimh a aistriú). Dá thoradh sin, b’ann do scaireanna arda bainistithe ar éileamh, treocht a mhéadóidh a thuilleadh fiú ós rud é go ndéantar foráil maidir le stóráil bhreise agus freagairt bhreise don éileamh a chur leis an gcóras i dtreo 2025.

(324)

Ar deireadh, tá leibhéal idirnascachta leictreachais na Beilge cothrom le thart ar 24 %, agus tá coinne leis go n-ardóidh sé i dtreo 33 % faoi 2030.

4.7.2.   Céimniú amach núicléach

(325)

Chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go leanann an fógra de bheith bunaithe ar an gcéimniú amach núicléach iomlán. Mhínigh sí thairis sin go dtabharfar fógra maidir le haon togra le haghaidh coigeartuithe, tar éis meastóireachta faoi dheireadh mhí na Samhna 2021.

4.7.3.   Fad

(326)

D’áitigh an Bheilg gurb é an phríomhchúis a tugadh conarthaí fadtéarmacha isteach dá réir sin cothroime iomaíochta a chruthú idir acmhainneachtaí atá ann cheana, acmhainneachtaí athchóirithe agus acmhainneachtaí nua. Is é an t-ábhar imní atá ann a áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta den sórt sin chomh bailí céanna sa chéad cheant agus atá sí i gceantanna ina dhiaidh sin.

(327)

Maidir le fad na gconarthaí (15 bliana) agus cineál sealadach an bhirt (10 mbliana), thug an Bheilg dá haire nach mór idirdhealú a dhéanamh idir fad an chonartha ar thaobh amháin agus eagrú formheasta ceantanna ar an taobh eile.

5.   MEASÚNÚ AR AN MBEART

5.1.   Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE

(328)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún an réamhthuairim gur státchabhair a bhí sa bheart de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Níor cheistigh an Bheilg ná aon pháirtí leasmhar an tuairim sin.

(329)

Le hAirteagal 107(1) CFAE sainmhínítear státchabhair mar ‘aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith’.

(330)

Státchabhair a thagann faoi Airteagal 107(1) CFAE tá sí ar neamhréir leis an margadh inmheánach más amhlaidh ‘a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe […], sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’.

(331)

Le hAirteagal 107(2) agus (3) CFAE liostaítear imthosca sonracha ina bhfuil cabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach nó ina meastar go bhfuil sí comhoiriúnach leis sin. Measúnú an Choimisiúin ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na himthosca sin sa chás sin, leagtar amach i roinn 5.3 é.

5.1.1.   A bheith inchurtha i leith an Stáit agus maoiniú trí acmhainní an Stáit

(332)

Chun go mbeidh bearta cáilithe mar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, (a) ní mór dóibh a bheith inchurtha i leith an Stáit agus (b) ní mór baint a bheith acu le hacmhainní an Stáit. Fágann an coinníoll deireanach sin nach mór don Stát nó do chomhlacht poiblí nó príobháideach atá ainmnithe nó bunaithe ag an Stát an chabhair a dheonú (88). Mar a mhínítear i roinn 1.2, cuireadh an sásra acmhainneachta i bhfeidhm leis an dlí feidearálach, a glacadh an 22 Aibreán 2019 lena modhnaítear an tAcht Leictreachais feidearálach an 29 Aibreán 1999 maidir le heagrú mhargadh leictreachais na Beilge (reachtaíocht phríomha). Roinnt forálacha cur chun feidhme le haghaidh an tsásra acmhainneachta sin, déantar foráil maidir leo tríd an reachtaíocht thánaisteach amhail Foraitheanta Ríoga, Foraitheanta ón Aire agus Rialacha Margaidh agus conarthaí a fhormheastar go rialála. Tá an bunús dlí ag an reachtaíocht thánaisteach sin uile san Acht Leictreachais Feidearálach a luaitear thuas. Dá dhroim sin, tá an beart sin inchurtha i leith Stát na Beilge.

(333)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún a réamhthuairim go ndéantar an sásra acmhainneachta a mhaoiniú ó acmhainní an Stáit. Níor chonspóid an Bheilg an tuairim sin.

(334)

Leis an sásra maoiniúcháin a thuairiscítear i roinn 2.12.2, cruthaíonn Stát na Beilge córas ina bhfuil na costais arna dtabhú ag OCT de dheasca an tsásra acmhainneachta cúitithe go hiomlán trí na taraifí líonra, lena bhfuil saintréithe tobhaigh pharaifhioscaigh ag baint. Go deimhin, bunaíonn an Stát le dlí formhuirear ar ídiú leictreachais trí na taraifí líonra (féach aithrisí (208) agus (209)). Ar thaobh amháin, déantar foráil leis an Acht Leictreachais go bhfuil oibleagáid ar OCT na taraifí sin a bhailiú go díreach ó úsáideoirí líonra (féach aithris (208)). Ar an taobh eile, úsáideoirí líonra ar a dtoibhítear na taraifí, ní mór dóibh iad a íoc (féach aithris (210)). Ina theannta sin, mar a chuirtear i dtábhacht in aithris (208), tá na taraifí líonra éigeantacha de thionscnamh an Stáit sa mhéid nár theorannaigh an Stát é féin chuig ranníocaíocht a dhéanann éigeantach le haghaidh grúpa daoine príobháideacha, ranníocaíocht a ndearna comhpháirtí duine phríobháidigh den sórt sin a thabhairt isteach agus a riar amhail sa chásdlí Pearle (89) agus Doux Élevage (90) . Dá dhroim sin, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais sa chás An Ghearmáin v An Coimisiún Eorpach, cáilíonn na taraifí líonra mar thobhach a fhorchuirtear le dlí (91).

(335)

Dá dhroim sin, tá an Coimisiún den tuairim go ndéantar an sásra acmhainneachta a mhaoiniú ó acmhainní an Stáit ós rud é go maoinítear é ó fháltais tobhaigh pharaifhioscaigh arna fhorchur ag an Stát agus a bhainistítear agus a chionroinntear i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta. Go deimhin, má cheanglaítear leis an dlí náisiúnta go ngearrfar muirear ar ghrúpa daoine ar leith, tá an muirear éigeantach agus dá réir sin is acmhainní de chuid an Stáit iad na cistí a chruinnítear (92).

5.1.2.   Buntáiste eacnamaíoch a thugtar do ghnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe (buntáiste roghnaitheach)

(336)

Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, aon tairbhe eacnamaíoch nach mbeadh faighte ag gnóthas faoi ghnáthdhálaí margaidh, i.e. in éagmais idirghabháil ón Stát (93).

(337)

Faigheann na tairgeoirí a n-éireoidh leo i gceantanna an tsásra acmhainneachta luach saothair tríd an sásra acmhainneachta, rud nach bhfaighidís dá leanfaidís de bheith ag oibriú sa mhargadh leictreachais faoi ghnáthdhálaí eacnamaíocha agus leictreachas agus seirbhísí coimhdeacha amháin á ndíol acu. Dá bhrí sin, leis an mbeart tugtar buntáiste eacnamaíoch do ghnóthais, ar a raibh rath i gceantanna an tsásra acmhainneachta. Is buntáiste roghnaitheach é sin sa mhéid nach bhfuil sé fabhrach ach do ghnóthais áirithe, eadhon na tairgeoirí rathúla i gceantanna an tsásra acmhainneachta, atá i staid fhíorasach agus dhlíthiúil atá inchomparáide le soláthraithe acmhainneachta eile nach raibh in ann a bheith rannpháirteach i gceantanna an tsásra acmhainneachta nó nach raibh rannpháirteach iontu, nó a bhí rannpháirteach iontu ach nach raibh rathúil.

(338)

Thairis sin, leis an mbeart ní thugtar buntáiste roghnaitheach ach do ghnóthais áirithe atá in ann cuidiú le dul i ngleic leis an bhfadhb leordhóthanachta shainaitheanta toisc go bhfuil acmhainneachtaí is lú ná 1MW (féach aithris (69)) eisiata ó bheith rannpháirteach go díreach sa sásra acmhainneachta (i.e. gan chomhbhailiú, féach aithris (72)), cé gur féidir leo cuidiú leis an bhfadhb leordhóthanachta shainaitheanta a laghdú freisin. Le haghaidh na todhchaí, más ann d’íostairseach chun bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta, fiú más laghdaithe atá sí (aithris (70)), leanfar d’acmhainneachtaí áirithe a eisiamh ó rannpháirtíocht dhíreach (i.e. gan chomhbhailiú) sa sásra acmhainneachta. Thairis sin, déanfar acmhainneachtaí eachtracha atá suite i mBallstáit neamhchomharsanacha, déanfar iad a eisiamh ón sásra acmhainneachta (féach aithris (199)). Dá dhroim sin, ón bpeirspictíocht sin freisin, leis an mbeart tugtar buntáiste roghnaitheach.

5.1.3.   Saobhadh iomaíochta agus trádála laistigh den Aontas

(339)

Leis an mbeart tá an baol ann go saobhfar iomaíocht agus go ndéanfar difear don trádáil laistigh den mhargadh inmheánach. Giniúint leictreachais chomh maith le margaí leictreachais mórdhíola agus miondíola, is gníomhaíochtaí iad atá ar oscailt don iomaíocht ar fud an Aontais (94). Dá bhrí sin, le haon bhuntáiste ó acmhainní stáit chuig aon ghnóthas san earnáil sin, d’fhéadfaí difear a dhéanamh don trádáil laistigh den Aontas agus iomaíocht a shaobhadh.

5.1.4.   Conclúid maidir leis an measúnú faoi Airteagal 107(1) CFAE

(340)

Is státchabhair an beart dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

5.2.   Dlíthiúlacht na cabhrach

(341)

Trí fhógra a thabhairt faoin mbeart roimh a chur chun feidhme, chomhlíon údaráis na Beilge a n-oibleagáid de réir Airteagal 108(3) CFAE.

5.3.   Comhoiriúnacht an bhirt leis an margadh inmheánach

(342)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an mbeart a dtugtar fógra ina leith ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE agus EEAG. Go háirithe, rinne sé measúnú ar an mbeart faoi roinn 3.9 de EEAG (95), lenar socraíodh coinníollacha sonracha maidir le cabhair le haghaidh leordhóthanacht giniúna.

(343)

Le hAirteagal 107(3)(c) CFAE foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair chomhoiriúnach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe. Thairis sin, leis an gcabhair níor cheart iomaíocht a shaobhadh ar bhealach atá contrártha don leas coiteann.

5.3.1.   Rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche

(344)

Faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE, ní mór an beart a bheith ina rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe (96).

(345)

Leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith tacaítear le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche san earnáil leictreachais trí infheistíochtaí leordhóthanacha a spreagadh go díreach san acmhainneacht nua agus san acmhainneacht atá ann maidir le giniúint, stóráil agus freagairt don éileamh chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú. Mar éifeacht thánaisteach, is féidir coinne a bheith leis go spreagfar gníomhaíocht eacnamaíoch níos ginearálta le slándáil an tsoláthair leictreachais dá dtugtar tacaíocht leis an mbeart, ós rud é go soláthraítear tairbhí le soláthar leictreachais slán, tairbhí do roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhraitheann ar leictreachas mar ionchur.

(346)

Leis an scéim a dtugtar fógra ina leith rannchuidítear le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche, mar a cheanglaítear le hAirteagal 107(3)(c) CFAE.

5.3.2.   Éascú gníomhaíochta eacnamaíche agus éifeacht dreasachta

(347)

Tá éifeacht dreasachta ag cabhair má dhreasaítear an tairbhí leis sin chun a iompraíocht a athrú i dtreo forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe a shaothraítear leis an gcabhair agus mura dtarlódh an t-athrú iompraíochta gan an chabhair. (97) Treoraíocht níos sonraí maidir le léirmhíniú an chritéir sin, leagtar amach i bpointe 227 í, arna léamh i gcomhar le roinn 3.2.4 de EEAG.

(348)

Sholáthair an Bheilg measúnú leordhóthanachta giniúna lena léirítear gurb amhlaidh, i gcás frithfhíorasach gan an beart, go sroichfeadh leordhóthanacht giniúna leibhéil chriticiúla in 2025, mar a léirítear in aithris (49). I bhfocail eile, gan an beart, ní bheadh an acmhainneacht is gá curtha ar fáil ag na soláthraithe acmhainneachta chun go gcomhlíonfar an caighdeán iontaofachta arna leagan síos ag an mBeilg chun fuinneamh a sheachadadh i dtréimhsí struis. Mar a mhínítear in aithris (227), dheimhnigh páirtithe leasmhara áirithe go bhfuil gá leis an sásra acmhainneachta agus chuir siad a phráinn i dtábhacht.

(349)

De réir an staidéir Leordhóthanacha agus Solúbthachta 2021, ní bheidh ach sciar an-bheag den acmhainneacht bhreise inmharthana tríd an margadh fuinnimh amháin faoi 2025 (aithris (50)).

(350)

Dá bhrí sin, tá éifeacht dreasachta ag an mbeart chun go dtiocfadh acmhainneachtaí nua isteach sa mhargadh. Leis an mbeart, spreagtar gníomhaithe margaidh nua agus gníomhaithe margaidh atá ann cheana chun rannchuidiú leis an gcuspóir a bhaineann le slándáil an tsoláthair.

(351)

Ina theannta sin, i gcomhréir le pointe 52 de EEAG, dámhtar an chabhair ar bhonn próiseas tairisceana iomaíoch. Tá an próiseas ceant a thuairiscítear i roinn 2.5 neamh-idirdhealaitheach agus ar oscailt do gach cineál acmhainneachta.

(352)

Thairis sin, leis an oibleagáid aisíoca a thuairiscítear i roinn 2.7.3 cruthaítear dreasacht airgeadais le bheith ar fáil tráthanna teirce. Thairis sin, thug an Bheilg isteach nósanna imeachta faireacháin um infhaighteacht roimh an tréimhse sheachadta agus lena linn (féach ranna 2.8.1 agus 2.8.2) agus tástáil agus pionóis iomchuí (a thuairiscítear i ranna 2.8.3 agus 2.8.4) chun comhlíontacht leis an oibleagáid infhaighteachta a áirithiú.

(353)

Ar deireadh, comhaontaíonn an Coimisiún leis na barúlacha a fuarthas ó pháirtí leasmhar lena léirítear maidir leis na hinfheistíochtaí a cheanglaítear chun é a chumasú don acmhainneacht caighdeáin chomhshaoil a glacadh cheana a chomhlíonadh, nár cheart na hinfheistíochtaí sin a bheith incháilithe le haghaidh conarthaí níos faide, i gcomhréir le pointe 53 de EEAG (féach aithris (238)).

(354)

Dá bhrí sin, fáiltíonn an Coimisiún roimh an leasú ar an bhForaithne Ríoga lena socraítear na tairseacha infheistíochta, na critéir incháilitheachta le haghaidh costais infheistíochta agus an nós imeachta rangúcháin. Sonraítear san Fhoraithne Ríoga leasaithe nach mbeidh ach na costais a bhaineann le hoiriúnú do chaighdeáin an Aontais sa todhchaí incháilithe faoin sásra acmhainneachta (féach aithris (142)).

(355)

Measann an Coimisiún go bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart lena n-athraítear iompraíocht a thairbhithe i dtreo forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe a shaothraítear leis an gcabhair.

5.3.3.   Comhlíontacht le forálacha eile de dhlí an Aontais

(356)

Státchabhair lena sáraítear forálacha nó prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais, ní féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhoiriúnach (98).

(357)

Maidir le beart státchabhrach (lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin, má tá sé curtha in áirithe don chabhair sin), má bhaineann gnéithe leis atá nasctha go doscaoilte le hábhar na cabhrach agus lena sáraítear forálacha eile de dhlí an Aontais, le sárú den sórt sin d’fhéadfaí difear a dhéanamh don mheasúnú ar chomhoiriúnacht na státchabhrach sin. (99) Sa chás seo, d’fhéadfadh an tsaincheist sin teacht chun cinn i leith Airteagail 30 agus 110 CFAE, agus i leith forálacha áirithe den Rialachán Leictreachais chomh maith leis sin. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún a fhíorú cibé acu d’fhéadfadh sé nó nach bhféadfadh sé go sárófaí an dlí sin de chuid an Aontais le gnéithe den sásra acmhainneachta agus, i gcás ina bhféadfadh sin a bheith amhlaidh, cibé acu atá nó nach bhfuil na gnéithe sin nasctha go doscaoilte le hábhar na cabhrach faoin sásra acmhainneachta.

5.3.3.1.   Comhlíontacht le hAirteagail 30 agus 110 den Chonradh

(358)

Sa Chinneadh Tosaigh léirigh an Coimisiún an réamhthuairim nach dtugtar isteach le sásra maoiniúcháin na mbeart a dtugtar fógra ina leith aon srianadh lena sárófaí Airteagal 30 nó Airteagal 110 CFAE. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil lena gconspóidtear an tuairim sin.

(359)

Mar a léirítear i bpointe 29 de EEAG, maidir le beart státchabhrach nó na coinníollacha atá ag gabháil leis (lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid dhílis de é) má bhaineann sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais leis sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. I réimse an fhuinnimh, aon tobhach arb é is aidhm dó beart státchabhrach a mhaoiniú, ní mór go háirithe Airteagail 30 agus 110 CFAE a chomhlíonadh leis. Dá bhrí sin, d’fhíoraigh an Coimisiún má chomhlíonann sásra maoiniúcháin na mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith Airteagail 30 agus 110 CFAE.

(360)

Mar a mhínítear in aithris (334), cruthaíonn Stát na Beilge córas ina bhfuil na costais arna dtabhú ag OCT de dheasca an tsásra acmhainneachta cúitithe go hiomlán trí na taraifí líonra, lena bhfuil saintréithe tobhaigh pharaifhioscaigh ag baint. Mar a mhínítear in aithris (214), cuirtear an taraif i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar bhonn EUR/MWh maidir leis na tomhaltóirí uile. Measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil na taraifí sin an-chosúil le cáin ar an leictreachas a ídítear.

(361)

Maidir le hAirteagail 30 agus 110 CFAE, is cásdlí socair é gurb amhlaidh, ina staid forbartha reatha, nach sriantar le dlí an Aontais saoirse gach Ballstáit chun córas cánach a bhunú lena ndéantar dealú idir táirgí áirithe, fiú táirgí atá comhchosúil de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 110 CFAE, ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail cineál na n-amhábhar a úsáideadh nó na próisis táirgthe a úsáideadh. Níl an t-idirdhealú sin comhoiriúnach le dlí an Aontais, áfach, ach má shaothraítear leis cuspóirí atá comhoiriúnach iad féin le dlí an Aontais, agus má tá na rialacha mionsonraithe de chineál lena gcoisctear aon fhoirm idirdhealaithe, bíodh sí díreach nó go hindíreach, in aghaidh allmhairí ó Bhallstáit eile nó aon fhoirm chosanta ar tháirgí intíre iomaíocha (100).

(362)

Mar a mhínítear i roinn 2.10, i gcomhréir leis an Rialachán Leictreachais, ceadóidh an Bheilg d’acmhainneacht eachtrach atá suite i mBallstát ag a bhfuil nasc líonra díreach leis an mBeilg a bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta ón gcéad seachadadh, i.e. 2025.

(363)

I bhfianaise oscailteacht an bhirt roimh acmhainneacht trasteorann, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéantar le sásra maoiniúcháin na mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith aon srianadh a thabhairt isteach lena sáraítear Airteagal 30 ná Airteagal 110 CFAE.

5.3.3.2.   Comhlíontacht leis an Rialachán Leictreachais

Comhlíontacht le hAirteagal 20 den Rialachán Leictreachais

(364)

De réir Airteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leordhóthanacht acmhainní laistigh dá gcríoch ar bhonn ERAA dá dtagraítear in Airteagal 23. Chun ERAA a chomhlánú, féadfaidh na Ballstáit NRAA a dhéanamh freisin de bhun Airteagal 24.

(365)

Thug an Coimisiún dá aire nár chomhlíon ENTSO-E a oibleagáid fós faoi Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais chun ERAA a sholáthar. Dá réir sin, sainaithníodh an t-ábhar imní sa Bheilg maidir le leordhóthanacht acmhainní ar bhonn NRAA agus ar an mbonn sin amháin. An chomparáid idir NRAA agus ERAA de bhun Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais, arb é is aidhm di éagsúlachtaí féideartha idir an dá mheasúnú a shainaithint, ní fhéadfaí í a dhéanamh. Mar a fhoráiltear in Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, ba cheart NRAA a bheith bunaithe freisin ar an modheolaíocht arna comhaontú le haghaidh ERAA, dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais.

(366)

An 25 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh Elia staidéar leordhóthanachta acmhainní nua, rud atá bunaithe ar mhodheolaíocht ERAA. Leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 sainaithnítear ábhar imní maidir le leordhóthanacht acmhainní le haghaidh na Beilge ó 2025 ar aghaidh.

(367)

Roimh shásraí acmhainneachta a thabhairt isteach, ceanglaítear ar na Ballstáit aon saobhadh rialála nó teip mhargaidh a bhí ina chúis nó ina cúis nó ina rannchuidiú leis an ábhar imní maidir le leordhóthanacht acmhainní a shainaithint. Ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun deireadh a chur leis an saobhadh a sainaithníodh, agus amlíne a fhoilsiú lena gcur chun feidhme (Airteagal 20(2) den Rialachán Leictreachais).

(368)

Mar a thuairiscítear i roinn 2.3.4, d’fhorbair agus d’fhoilsigh an Bheilg plean cur chun feidhme lena leagtar amach bearta chun deireadh a chur le saobhadh rialála nó teipeanna margaidh ar mhargadh leictreachais na Beilge.

(369)

Bunaithe ar an bplean cur chun feidhme, gheall údaráis na Beilge roinnt athchóirithe margaidh a dhéanamh, go háirithe d’fhonn margaí cothromúcháin a neartú (féach aithris (62)), freagairt don éileamh a éascú (féach aithris (64)) agus acmhainneacht idirnaisc a mhéadú (féach aithris (65)).

(370)

Gheall an Bheilg freisin an plean a fhoilsiú agus faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, torthaí an fhaireacháin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Ar deireadh, gheall an Bheilg cloí leis an bplean cur chun feidhme fiú tar éis réiteach an ábhair imní maidir le leordhóthanacht acmhainní.

(371)

Tar éis comhairliúchán poiblí, ghlac an Coimisiún an 30 Aibreán 2020 tuairim maidir le plean cur chun feidhme na Beilge, de bhun Airteagal 20(5) den Rialachán Leictreachais (101). Ina thuairim, shuigh an Coimisiún gur cheart don Bheilg tuilleadh feabhais a chur ar oibriú a margaí cothromúcháin trína scéim praghsála teirce a leasú trí bhreathnú ar an bhfeidhm praghsála teirce a chur i bhfeidhm freisin maidir le soláthraithe seirbhíse cothromúcháin (SSCanna) mar a luaitear in aithris (62), ach d’aithin sé freisin gur cuireadh chun feidhme roinnt feabhsuithe le déanaí nó go mbeartaítear iad a chur chun feidhme. Mar a luaitear in aithris (62), thug an Bheilg rud ar a dtugtar comhchuid alfa isteach ina sásra praghsála cothromúcháin, chuir sí glanluacháil neamhchothroime chun feidhme agus tá sí ag ullmhú chun dul isteach in ardán cothromúcháin an Aontais le haghaidh CAMu agus CAMl. Maidir le freagairt don éileamh, shuigh an Coimisiún ina thuairim gur cheart don Bheilg leanúint de rolladh amach méadar cliste agus na feidhmiúlachtaí is gá acu chun éascaíocht a dhéanamh do ghlacadh freagartha praghasbhunaithe don éileamh. Mar a luaitear in aithris (64), gheall an Bheilg tuilleadh méadair chliste a rolladh amach sa todhchaí. Tá na bearta leordhóthanach chun deireadh a chur leis an saobhadh rialála nó leis na teipeanna margaidh a sainaithníodh i bplean cur chun feidhme na Beilge, i gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Rialachán Leictreachais.

(372)

Comhlíonann an beart Airteagal 20 den Rialachán Leictreachais.

Comhlíontacht le hAirteagal 21 den Rialachán Leictreachais

(373)

De réir Airteagal 21(1) den Rialachán Leictreachais, chun deireadh a chur le hábhair imní iarmharacha maidir le leordhóthanacht acmhainní, ní fhéadfaidh na Ballstáit sásra acmhainneachta a thabhairt isteach ach mar rogha dheiridh, go háirithe faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 21(2) go (8).

(374)

I gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán Leictreachais, idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2019, rinne an Bheilg staidéar maidir le héifeachtaí a sásra ar na Ballstáit chomharsanacha trí dhul i gcomhairle lena Ballstáit chomharsanacha.

(375)

De réir Airteagal 20(3) den Rialachán Leictreachais, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar cibé acu is féidir nó nach féidir aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le leordhóthanacht acmhainní, agus sin le sásra acmhainneachta i bhfoirm cúltaca straitéisigh.

(376)

Mar a luaitear in aithris (60), tá cúltaca straitéiseach ag an mBeilg faoi láthair, rud a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 2022. Is é is cuspóir don chúltaca straitéiseach freastal ar an mbuaiclód le linn thréimhsí an gheimhridh nuair a theipeann ar an margadh déanamh amhlaidh, trí acmhainneacht áirithe giniúna agus freagartha don éileamh a choinneáil ar bun lasmuigh den mhargadh mar chúltaca, rud nach ndéanfar a ghníomhachtú ach nuair a bheidh na hacmhainní comhardúcháin ídithe.

(377)

Mar a mhínítear sa Tuarascáil Chríochnaitheach maidir le Fiosrúchán na hEarnála ar Shásraí Acmhainneachta (102), i gcás ina sainaithnítear ábhair imní leordhóthanachta fadtéarmacha, is dócha gurb é an sásra acmhainneachta is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb scéim toirtbhunaithe ar fud an mhargaidh. Mar a mhínítear a thuilleadh sa tuarascáil chéanna, le cúltaca straitéiseach ní réiteofaí an fhadhb infheistíochta a shainaithnítear le haghaidh gléasraí nua. Os a choinne sin, is féidir gur éifeachtaí atá sásraí acmhainneachta ar fud an mhargaidh chun infheistíocht a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní leordhóthanachta fadtéarmacha.

(378)

Ós rud é gur sainaithníodh leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 go bhfuil gá struchtúrach le hacmhainneacht nua (féach aithrisí (49) agus (50)), measann an Coimisiún nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht acmhainní atá sainaitheanta sa Bheilg ó 2025 ar aghaidh, agus sin le sásra acmhainneachta i bhfoirm cúltaca straitéisigh.

(379)

De réir Airteagal 20(3) den Rialachán Leictreachais, ní thabharfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta isteach sula mbeidh tuairim faighte ag an gCoimisiún maidir leis an bplean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 20(5).

(380)

Mar a thuairiscítear in aithris (371), ghlac an Coimisiún tuairim maidir le plean cur chun feidhme na Beilge an 30 Aibreán 2020. Tá réamhbhearta tosaithe ag an mBeilg le haghaidh an chéad cheant Y-4 ach níor thug sí isteach an sásra acmhainneachta fós.

(381)

I gcomhréir le hAirteagal 21(7) den Rialachán Leictreachais, lena gceanglaítear foráil maidir le céimniú amach éifeachtach ar an sásra acmhainneachta i gcás nach dtugtar aon chonradh nua i gcrích le linn 3 bliana leantacha, thug an Bheilg clásal isteach lena sonraítear nach n-eagrófar aon cheant nua faoin sásra acmhainneachta, murar tugadh i gcrích aon chomhaontú acmhainneachta nua le linn 3 bliana leantacha i gcomhréir le mír 11 d’Airteagal 7 undecies den Acht Leictreachais (féach aithris (218)).

(382)

Mar a thuairiscítear in aithris (217), lorgaíonn an Bheilg imréiteach státchabhrach ar feadh tréimhse 10 mbliana, i.e. ar feadh na huastréimhse a fhorordaítear le hAirteagal 21(8) den Rialachán Leictreachais.

(383)

Ar deireadh, gheall an Bheilg an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán Leictreachais a chur i bhfeidhm tar éis thabhairt isteach an tsásra acmhainneachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 21(8) den Rialachán.

(384)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an beart Airteagal 21 den Rialachán Leictreachais.

Comhlíontacht le hAirteagal 22 den Rialachán Leictreachais

(385)

Le hAirteagal 22(1) den Rialachán Leictreachais sainmhínítear gnéithe dearaidh sonracha a chomhlíonfaidh aon sásra acmhainneachta. De réir an Airteagail sin, maidir le sásra acmhainneachta: (i) beidh sé sealadach, (ii) ní chruthófar saobhadh margaidh míchuí leis ná ní chuirfear teorainn le trádáil thraschreasach leis, (iii) ní rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní leordhóthanachta, (iv) roghnófar leis soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus iomaíoch, (v) soláthrófar leis dreasachtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil tráthanna a bhfuil brú ar an gcóras agus coinne leis sin, (vi) áiritheofar leis go gcinnfear an luach saothair tríd an bpróiseas iomaíoch; (vii) leagfar amach leis na coinníollacha teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta roimh an bpróiseas roghnúcháin, (viii) beidh sé ar oscailt do rannpháirtíocht ó na hacmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena n-áirítear stóráil fuinnimh agus bainistiú ar éileamh, agus (ix) cuirfear pionóis iomchuí i bhfeidhm leis maidir le soláthraithe acmhainneachta nach bhfuil ar fáil tráthanna a bhfuil brú sa chóras.

(386)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go bhfuil sé in amhras faoi cibé acu atá nó nach bhfuil an beart i gcomhréir le hAirteagal 22(1)(c) den Rialachán Leictreachais, lena bhforáiltear nár cheart do shásra acmhainneachta dul thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le leordhóthanacht.

(387)

Tá an sásra acmhainneachta sealadach, mar a mhínítear in aithris (385).

(388)

Tá an sásra acmhainneachta deartha ar bhealach lena dteorannaítear an tionchar dá bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais a bhaint amach agus saobhadh míchuí ar an margadh leictreachais a sheachaint. Tá an sásra acmhainneachta ar fáil do na gineadóirí uile atá ann cheana agus atá nua agus do na hoibreoirí freagartha don éilimh agus stórála uile atá ann cheana agus atá nua. Ina theannta sin, tá an sásra acmhainneachta ar oscailt d’acmhainneacht trasteorann. Thairis sin, le dearadh an tsásra acmhainneachta áirítear roinnt beart a ghlactar go sonrach chun mí-úsáidí cumhachta margaidh a sheachaint, e.g. roghanna iontaofachta, caidhpeanna praghais agus próiseas ceant iomaíoch (féach ranna 2.5 agus 2.7). Ina theannta sin, leis an oscailteacht roimh acmhainneacht nua agus infhaighteacht conarthaí fadtéarmacha tá coinne leis go n-áiritheofar nach ndéanfar an cheannasacht atá ann cheana a neartú go míchuí (féach aithrisí (66) agus (117)).

(389)

A mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll nár cheart don sásra acmhainneachta dul thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le leordhóthanacht, rinne an Bheilg na paraiméadair lena gcinntear an méid acmhainneachta atá le soláthar sa sásra acmhainneachta a fhormheas bunaithe ar an togra ón údarás rialála, i gcomhréir le hAirteagal 25(4) den Rialachán Leictreachais (féach aithrisí (88) agus (290)).

(390)

Mar a shonraítear in aithris (92), leis an bpróiseas a bhaineann leis an méid acmhainneachta atá le soláthar a thabhairt chun críche, ní mór na codanna ábhartha den Rialachán Leictreachais a urramú. Chun cinneadh a dhéanamh ar an toirt atá le soláthar sa chéad cheant Y-4 le haghaidh na tréimhse seachadta 2025-2026, d’úsáid an Bheilg cás MAF 2019, rud a tugadh cothrom le dáta de réir an tabhairt cothrom le dáta ó PLEF 2020. Shoiléirigh an Bheilg gurb iad na híogaireachtaí céanna faoi neamhinfhaighteacht acmhainneacht núicléach na Fraince a úsáideadh sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 sa chás ‘EU-BASE’, (aithris (102)).

(391)

Thairis sin, mar a shonraítear in aithris (103), chuir údaráis na Beilge toirt shuntasach i leataobh le haghaidh cheant Y-1, lena n-áirithítear go ndéanfar calabrú nua ar an gcuar éilimh níos gaire don bhliain seachadta agus nach gcuirfear an iomarca acmhainneachta ar ceant sa chéad cheant Y-4. Leis an bhforchoimeádas mór Y-1 sin ceadaítear d’údaráis na Beilge déileáil le héagsúlachtaí beaga tar éis feabhsuithe sonraí ionchuir nua agus modheolaíocha.

(392)

Tugann an Coimisiún dá aire nach ndéanfar ach thart ar 54 % den mheánídiú buaice ag tráthanna teirce a chonrú sa cheant Y-4 in 2021 (féach aithris (104)).

(393)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin go gcinntear leis an gcaighdeán iontaofachta an méid acmhainneachta a chuirtear ar ceant sa mhargadh acmhainneachta agus nach n-imíonn an caighdeán iontaofachta nua, arna ríomh de réir mhodheolaíocht RS, ón seanchaighdeán iontaofachta (aithris (22)).

(394)

Mar a shonraítear in aithrisí (28) agus (105), gheall an Bheilg, más gá, caighdeán iontaofachta nua a shocrú roimh mhí Mheán Fómhair 2022, d’fhonn an caighdeán iontaofachta nua a úsáid chun an toirt atá le soláthar a chinneadh le haghaidh cheant 2023 ar a dhéanaí. Gheall an Bheilg freisin cros-seiceáil agus coigeartú a dhéanamh más gá ar na toirteanna atá le soláthar sa cheant T-4 in 2023 agus sa cheant T-1 in 2026 de réir na dtorthaí ó NRAA 2023. Iarrann an Coimisiún ar údaráis na Beilge dul i gcomhairle le ACER agus an caighdeán iontaofachta agus NRAA á dtabhairt cothrom le dáta, chun gur féidir cinntí ACER gaolmhara a luaitear in aithrisí (18) agus (40) a thuiscint.

(395)

I bhfianaise a bhfuil thuas, go háirithe barúlacha breise arna soláthar ag an mBeilg le linn an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, measann an Coimisiún nach dtéann an sásra acmhainneachta thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní leordhóthanachta.

(396)

Bunaithe ar na Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge, soláthrófar acmhainneacht trí bhíthin próiseas trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus iomaíoch.

(397)

Soláthraíonn an sásra acmhainneachta dreasachtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil tráthanna a bhfuil coinne le brú ar an gcóras (féach aithrisí (182) go (186)).

(398)

Thairis sin, cinntear an luach saothair tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch agus tá próiseas an cheant a thuairiscítear i roinn 2.5 neamh-idirdhealaitheach agus ar oscailt do na cineálacha acmhainneachta uile.

(399)

Shocraigh an Bheilg na coinníollacha teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta roimh an bpróiseas roghnúcháin. Leagtar amach na coinníollacha sin sna Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge (féach aithris (12)).

(400)

Beidh an sásra acmhainneachta ar oscailt do na hacmhainneachtaí uile ar féidir leo rannchuidiú le leordhóthanacht acmhainní. Beidh sé neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus beidh sé ar oscailt go háirithe d’acmhainneacht, stóráil agus freagairt don éileamh atá ann cheana agus atá nua araon. Ina theannta sin, beidh an sásra acmhainneachta ar oscailt d’acmhainneacht trasteorann.

(401)

Ar deireadh, mar a mhínítear in aithris (182), déantar foráil leis an sásra acmhainneachta maidir le pionóis le haghaidh neamhinfhaighteacht tráthanna a bhfuil brú ar an gcóras.

(402)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22(1) den Rialachán Leictreachais.

(403)

De réir Airteagal 22(3) den Rialachán Leictreachais, is fíor an méid seo a leanas maidir le sásraí acmhainneachta ina theannta sin: (i) tógfar iad chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íoctar as infhaighteacht go huathoibríoch i dtreo an nialais nuair atá coinne leis go bhfuil an leibhéal acmhainneachta a sholáthraítear leordhóthanach chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh, (ii) ní thabharfar luach saothair leo do na hacmhainní rannpháirteacha ach as a n-infhaighteacht agus (iii) áiritheofar leo go mbeidh oibleagáidí acmhainneachta inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.

(404)

Is sásra acmhainneachta é an beart a dtugtar fógra ina leith atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ar fud an mhargaidh, faoina dtéann na soláthraithe acmhainneachta incháilithe uile in iomaíocht i gceant aonair chun an praghas inbhuanaithe is ísle a aimsiú ar ar féidir an acmhainneacht is gá a sholáthar. Le cineál iomaíoch an cheant ba cheart praghsanna a bhrú i dtreo an nialais má tá soláthar leordhóthanach ann chun an t-éileamh a chomhlíonadh.

(405)

Mar a mhínítear in aithris (8), is é atá i gceist leis an táille acmhainneachta a íoctar le soláthraithe acmhainneachta ag a bhfuil rogha iontaofachta íocaíocht sheasta chun an acmhainneacht chonraithe a choinneáil ar bun ar feadh aon tréimhse theirce. Dá réir sin, tugtar luach saothair d’infhaighteacht na hacmhainneachta leis sin agus ní áirítear leis luach saothair as an méid leictreachais a thairgfidh na soláthraithe acmhainneachta ar an margadh.

(406)

Mar a thuairiscítear in aithris (187), cuirfidh an Bheilg margadh tánaisteach i bhfeidhm chun sásra a sholáthar do na soláthraithe acmhainneachta chun feabhas a chur ar a mbainistíocht riosca faoin sásra acmhainneachta. I gcás idirbhearta ar an margadh tánaisteach, áiritheofar aistriú iomlán oibleagáidí.

(407)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22(2) den Rialachán Leictreachais.

(408)

Ar deireadh, le hAirteagal 22(4) den Rialachán Leictreachais leagtar amach na ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí CO2.

(409)

Mar a mhínítear in aithris (107), áirítear leis na ceanglais réamhcháiliúcháin teorainn astaíochta: soláthraithe acmhainneachta a sháraíonn an teorainn astaíochta seo a leanas, ní féidir leo a bheith rannpháirteach sa cheant acmhainneachta:

(a)

acmhainneachtaí a thosaigh ar an táirgeacht an 4 Iúil 2019 nó ina dhiaidh sin, tá siad faoi réir teorainn astaíochta 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais;

(b)

acmhainneachtaí a thosaigh ar an táirgeacht roimh an 4 Iúil 2019 tá siad faoi réir teorainn astaíochta 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus teorainn 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana in aghaidh an kWe shuiteáilte.

(410)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an beart Airteagal 22 den Rialachán Leictreachais.

Comhlíontacht le hAirteagal 24 den Rialachán Leictreachais

(411)

De réir Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, beidh raon feidhme réigiúnach ag NRAAnna agus beidh siad bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3) den Rialachán, go háirithe pointí (b) go (m) d’Airteagal 23(5).

(412)

Maidir leis sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon feidhme réigiúnach ag an staidéar leordhóthanachta acmhainní is déanaí le haghaidh na Beilge, i.e. an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021, agus go bhfuil sé bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

(413)

De réir Airteagal 12(1) de chinneadh ACER, cuirfear modheolaíocht ERAA chun feidhme go hiomlán faoi dheireadh 2023. Dá bhrí sin, le cinneadh ACER déantar foráil maidir le cur chun feidhme céimnitheach ar mhodheolaíocht ERAA, ar bhonn treochlár lena dtugtar tuairisc ar an gcéim chur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 11(8) de chinneadh ACER.

(414)

Cé gur formheasadh modheolaíocht ERAA tamall sula ndearna an Bheilg an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021, lánpháirtítear inti eilimintí éagsúla de mhodheolaíocht ERAA a leagtar amach in aithris (42).

(415)

Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, nach samhaltaítear leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 méadú uathoibríoch ar an uasphraghas imréitigh ach ó 2025 ar aghaidh. Mar sin féin, mar a léirigh an Bheilg, fiú má thosaíonn an méadú uathoibríoch ar an uasphraghas imréitigh ó 2022 ar aghaidh, ní thiocfadh athrú ar an measúnú inmharthanachta eacnamaíche le haghaidh 2025. Thairis sin, maidir leis an staidéar leordhóthanachta nua, atá le foilsiú faoi mhí an Mheithimh 2023, gheall an Bheilg go n-áiritheofaí go ndéanfar an mhodheolaíocht le haghaidh méaduithe praghsanna dinimiciúla a chur san áireamh go hiomlán ó thús na tréimhse ionsamhlúcháin ar aghaidh (féach aithris (48)).

(416)

Tá an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais (féach aithris (45)).

(417)

De réir Airteagal 24(1)(a) den Rialachán Leictreachais, féadfaidh na Ballstáit íogaireachtaí a áireamh ina measúnú leordhóthanachta atá nasctha leis na saintréithe a bhaineann le héileamh agus soláthar an leictreachais náisiúnta.

(418)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go raibh sé in amhras faoi chomhlíontacht an tsásra acmhainneachta le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, mar gur úsáid an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 an cás EU-HiLo, rud atá bunaithe ar thoimhdí faoi sholáthar leictreachais eachtrach, i.e. neamhinfhaighteacht bhreise gléasraí núicléacha de chuid na Fraince.

(419)

Cháin roinnt páirtithe leasmhara léirmhíniú an Choimisiúin ar Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, á rá go bhfuil sé róshriantach. De réir na bpáirtithe leasmhara, deimhnítear le modheolaíocht ERAA nach mór raon feidhme réigiúnach a bheith ag NRAAnna agus go bhféadfar íogaireachtaí breise a áireamh iontu. Leis an modheolaíocht sin ní dhéantar cineál na n-íogaireachtaí breise sin a shonrú ná a shrianadh. Mar a luaitear in Airteagal 3(6) den mhodheolaíocht sin, leis na híogaireachtaí sin is féidir réimse leathan athruithe ar thoimhdí ar fud an raoin feidhme gheografaigh iomláin a mheastar a chumhdach, lena n-áirítear toimhdí éagsúla a bhaineann le sonraí ionchuir amhail acmhainneachtaí suiteáilte (féach aithrisí (256) go (258)).

(420)

D’áitigh an Bheilg gur tréith ar leith den soláthar leictreachais náisiúnta a hardráta idirnaisc agus a spleáchas ard ar allmhairí (féach aithrisí (286) agus (318)).

(421)

Tugann an Coimisiún dá aire go n-áirítear sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 íogaireachtaí faoi neamhinfhaighteacht acmhainneacht núicléach na Fraince atá i gcomhréir leis na sonraí a d’úsáid OCT de chuid na Fraince in NRAA de chuid na Fraince (féach aithrisí (287) go (289)).

(422)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb amhlaidh a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais agus le modheolaíocht ERAA ar NRAAnna raon feidhme réigiúnach a bheith acu agus go gceadaítear le hAirteagal 3(6) de mhodheolaíocht ERAA na cásanna tagartha lárnacha a chomhlánú le cásanna agus/nó íogaireachtaí breise. Thairis sin, le pointe 224(a) de EEAG ceanglaítear ar an mBallstát measúnú a sholáthar ar thionchar na giniúna athraithí, lena n-áirítear é sin a thionscnaíonn ó chórais chomharsanacha.

(423)

Ina fhianaise sin, measann an Coimisiún nach gcoisctear le hAirteagal 24(1)(a) den Rialachán Leictreachais úsáid íogaireachtaí breise in NRAAnna, ar íogaireachtaí iad a bhaineann le soláthar leictreachais eachtrach.

(424)

Mar a mhínítear in aithris (365), ní fhéadfaí an chomparáid a cheanglaítear idir NRAA agus ERAA de bhun Airteagal 24(3) a dhéanamh de dheasca mhainneachtain ENTSO-E ERAA a chur isteach.

(425)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an beart Airteagal 24 den Rialachán Leictreachais.

Comhlíontacht le hAirteagal 25 den Rialachán Leictreachais

(426)

De réir Airteagal 25(1) den Rialachán Leictreachais, agus sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm, beidh caighdeán iontaofachta i bhfeidhm ag na Ballstáit.

(427)

Mar a shonraítear in aithris (22), tá caighdeán iontaofachta i bhfeidhm ag an mBeilg a shocraítear ag 3 uair an chloig LOLE.

(428)

Le hAirteagal 25(2) den Rialachán Leictreachais foráiltear go mbeidh an caighdeán iontaofachta socraithe ag an mBallstát nó ag údarás inniúil atá ainmnithe ag an mBallstát, tar éis togra ón údarás rialála. Beidh an caighdeán iontaofachta bunaithe ar an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 23(6).

(429)

Socraíodh an caighdeán iontaofachta le Foraithne Ríoga maidir le cinneadh an chaighdeáin iontaofachta agus formheas luachanna VOLL agus CONE tar éis an togra ón údarás rialála (féach aithris (20)). Imíonn an caighdeán iontaofachta a shocraítear ón gceann atá molta ag an údaráis rialála ar na cúiseanna a mhínítear in aithris (21). Ní choisctear an méid sin, áfach, le hAirteagal 25 den Rialachán Leictreachais.

(430)

Ríomh an Bheilg an caighdeán iontaofachta bunaithe ar an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 23(6).

(431)

De réir Airteagal 25(3) den Rialachán Leictreachais, ríomhfar an caighdeán iontaofachta agus ar a laghad VOLL agus CONE á n-úsáid le linn tráthchlár ar leith agus sloinnfear é mar ‘an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh’, agus ‘an t-ionchas cailliúna lóid’.

(432)

Faoi Airteagal 2(9), den Rialachán Leictreachais, ciallaíonn VOLL meastachán, in EUR/MWh, ar an uasphraghas leictreachais atá custaiméirí toilteanach a íoc chun éaradh a sheachaint.

(433)

Mar a shonraítear in aithris (25), rinne CREG suirbhé ar an toilteanas chun íoc ach i bhfianaise theorainneacha an tsuirbhé, ní rabhthas in ann úsáid a bhaint as a thorthaí chun meastachán aonair ar VOLL a chinneadh ach go feadh méid teoranta. Gheall an Bheilg VOLL a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar shuirbhé nua ar an toilteanas chun íoc agus, más gá, caighdeán iontaofachta nua a shocrú roimh mhí Mheán Fómhair 2022 (féach aithris (28)).

(434)

Suíonn an Coimisiún dá bhrí sin gur socraíodh an caighdeán iontaofachta bunaithe ar an meastachán ar VOLL agus ar CONE a bhfuil coinne leis (féach aithrisí (23) agus (24)), i gcomhréir le hAirteagal 25(3) den Rialachán Leictreachais.

(435)

De réir Airteagal 25(4) den Rialachán Leictreachais, agus sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm, is é an Ballstát nó údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát a dhéanfaidh na paraiméadair lena gcinnfear méid na hacmhainneachta a fhaightear sa sásra acmhainneachta a fhormheas, ar bhonn an togra ón údaráis rialála.

(436)

Mar a mhínítear in aithrisí (86) agus (290), ba é CREG a mhol an mhodheolaíocht chun cinneadh a dhéanamh ar na paraiméadair lena gcinntear an toirt ceannachán sa sásra acmhainneachta.

(437)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an beart Airteagal 25 den Rialachán Leictreachais.

Comhlíontacht le hAirteagal 26 den Rialachán Leictreachais

(438)

De réir Airteagal 26(1) den Rialachán Leictreachais, beidh sásraí acmhainneachta nach cúltacaí straitéiseacha iad agus i gcás inarb indéanta go teicniúil, cúltacaí straitéiseacha, oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

(439)

Le hAirteagal 26(2) den Rialachán Leictreachais, áfach, ceadaítear do na Ballstáit a cheangal go mbeidh acmhainneacht eachtrach suite i mBallstát ag a bhfuil nasc líonra díreach leis an mBallstát a chuireann an sásra acmhainneachta i bhfeidhm.

(440)

Ceadóidh an Bheilg don acmhainneacht eachtrach atá suite i mBallstát ag a bhfuil nasc líonra díreach leis an mBeilg a bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta ón gcéad bhliain seachadta, i.e. 2025. De réir na Beilge, ní dhearnadh na modheolaíochtaí, na rialacha ná na téarmaí coiteanna a luaitear in Airteagal 26(11) den Rialachán Leictreachais a ghlacadh ach i mí na Nollag 2020 agus ba cheart tréimhse réasúnach a cheadú le haghaidh a gcur chun feidhme agus na n-ullmhúchán is gá le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann. Ós rud é nach raibh OCT in ann na comhaontuithe is gá a thabhairt i gcrích go fóill, ní rabhthas in ann an rannpháirtíocht trasteorann a eagrú amhail ón gcéad cheant Y-4. Mar sin féin, de réir údaráis na Beilge, forchoimeádadh toirt le haghaidh cheant Y-1, lena n-áirithítear gur féidir le hacmhainneacht trasteorann a bheith rannpháirteach agus rannchuidiú fós amhail ón gcéad bhliain seachadta (féach aithris (189)).

(441)

Sa Chinneadh Tosaigh, lorg an Coimisiún soiléiriú ar úsáid an ioncaim acmhainneachta ó phlódú agus sciar na n-ioncam sin idir OCTanna.

(442)

Shoiléirigh an Bheilg go n-úsáidfear agus go gcomhroinnfear ioncaim ó phlódú de réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán Leictreachais, go háirithe Airteagal 26(9).

(443)

Ina theannta sin, dheimhnigh an Bheilg go gcomhlíonfaidh sí Cinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta, lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na hioncaim a thagann chun cinn trí leithdháileadh acmhainneachta iontrála a chomhroinnt.

(444)

Dá bhrí sin, comhlíonann an beart Airteagal 26 den Rialachán Leictreachais.

5.3.3.3.   Conclúid maidir leis an gcomhlíontacht le forálacha eile de dhlí an Aontais

(445)

Comhlíonann an beart Airteagail 30 agus 110 den Chonradh agus an Rialachán Leictreachais.

(446)

Leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, dá bhrí sin, ní sháraítear dlí ábhartha an Aontais.

5.3.4.   Tá an chabhair deartha chun a héifeachtaí ar iomaíocht agus trádáil a theorannú

5.3.4.1.   An gá atá le hidirghabháil Stáit

(447)

De réir fhoroinn 3.2.2 de EEAG, is gá don Bhallstát a léiriú go bhfuil gá leis an idirghabháil Stáit agus, go háirithe, go bhfuil gá leis an gcabhair chun teip mhargaidh nach dtabharfaí aghaidh uirthi murach sin a leigheas.

(448)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go raibh sé in amhras faoi cibé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh an fhadhb leordhóthanachta acmhainní ar bhealach sách beacht agus cibé acu a rinne nó nach ndearna údaráis na Beilge í a anailísiú agus a chainníochtú go cuí, go háirithe maidir le pointí 221 agus 222 de EEAG. Thacaigh roinnt páirtithe leasmhara leis na hábhair amhrais sin agus cheistigh siad freisin an gá atá leis an sásra acmhainneachta beartaithe agus/nó gné an tsásra sin (féach aithrisí (227) go (234)).

(449)

De réir an staidéir Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021, ó 2025, nuair a bheidh an céimniú amach núicléach curtha i gcrích, beidh fadhb leordhóthanachta le sárú ag an mBeilg agus beidh gá struchtúrach aici le hacmhainneacht nua. Tá an gá sin cothrom le 2 GW in 2025 sa chás lárnach ‘EU-BASE’, agus méadaíonn sé de réir a chéile chuig 3.9 GW faoi 2032 (féach aithris (49)). Foilsíodh an staidéar Leordhóthanacha agus Solúbthachta 2021 i mí an Mheithimh 2021 agus tá sé bunaithe ar mhodheolaíocht ERAA (féach pointe 221 de EEAG).

(450)

Ós rud é go bhfuil modheolaíocht ERAA formheasta ag ACER anois (féach aithris (40)), maidir le hábhair imní an Choimisiúin faoin mbéim ar an gcás EU-HiLo sa staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2019 nó an easpa cás frithfhíorasach cuí chun meastachán a dhéanamh ar mhéid na faidhbe leordhóthanachta acmhainní in MAF 2019 le haghaidh na Beilge níl siad ábhartha a thuilleadh, ós rud é gur aontaíodh na difríochtaí modheolaíocha i modheolaíocht choiteann amháin, atá níos láidre, lena ndeimhnítear gurb ann d’ábhar imní leordhóthanachta.

(451)

Cé gur áitigh dhá pháirtí leasmhara nár cuireadh an fheidhm theirce a bhfuil coinne léi san áireamh sna staidéir leordhóthanachta acmhainní de chuid na Beilge roimhe sin (aithris (230), níorbh ann do cheanglas den sórt sin an tráth sin. De réir na tuairime ón gCoimisiún maidir le plean cur chun feidhme na Beilge, iarrtar ar an mBeilg áfach a machnamh a dhéanamh ar a scéim praghsála teirce a leasú dá réir sin agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022. Sa mhéid sin, tugann an Coimisiún dá aire an obair atá á déanamh faoi láthair ag an údarás rialála agus OCT maidir le tabhairt isteach na feidhme praghsála teirce le haghaidh cothromú sa Bheilg.

(452)

Tá leibhéal idirnascachta leictreachais na Beilge cothrom le thart ar 24 % faoi láthair, agus tá coinne leis go n-ardóidh sé i dtreo 33 % faoi 2030. Mar a shonraítear in aithris (323), d’éascaigh an Bheilg freisin forbairt teicneolaíochtaí atá teoranta don fhuinneamh mar a thugtar orthu, e.g. tríd an bhféidearthacht a bheith rannpháirteach sna margaí seirbhíse coimhdí nó a éascaítear trí shásra fuinnimh a aistriú. Lean scaireanna arda bainistíochta ar an éileamh as sin.

(453)

Thairis sin, mar a thuairiscítear i roinn 2.3.4, gheall údaráis na Beilge go ndéanfaí roinnt athchóirithe margaidh, go háirithe d’fhonn margaí cothromúcháin a neartú (féach aithris (62)), freagairt don éileamh a éascú (féach aithris (64)) agus an acmhainneacht idirnaisc a mhéadú (féach aithris (65)).

(454)

D’ainneoin na n-athchóirithe sin, leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 sainaithnítear rioscaí le haghaidh leordhóthanacht acmhainní na Beilge, maidir leis an gcaighdeán iontaofachta a thuairiscítear in aithris (22). Foráiltear leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 nach mbeidh ach sciar an-bheag den acmhainneacht nua inmharthana tríd an margadh fuinnimh amháin faoi 2025.

(455)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur léirigh an Bheilg an fáth nach féidir leis an margadh an acmhainneacht leordhóthanach a sheachadadh in éagmais idirghabhála, i gcomhréir le pointe 223 de EEAG.

(456)

Le pointe 224 de EEAG ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnuithe éagsúla a chur san áireamh atá le soláthar ag an mBallstát, maidir leis an tionchar atá ag an nginiúint inathraitheach, rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh, idirnasc agus aon eilimint eile a chruthaíonn an fhadhb leordhóthanachta giniúna nó a chuireann in olcas í.

(457)

Leis an staidéar Leordhóthanacha agus Solúbthachta 2021 lánpháirtítear na forbairtí margaidh leanúnacha agus beartaithe uile agus na spriocanna beartais réamh-mheasta is déanaí a lánpháirtítear nó dá dtagraítear sa phlean cur chun feidhme, maidir leis na ceithre eilimint uile a luaitear i bpointe 224 de EEAG.

(458)

Mar a mhínítear in aithris (454), d’ainneoin na n-athchóirithe sin, leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2021 sainaithnítear rioscaí le haghaidh leordhóthanacht acmhainní na Beilge i gcomparáid leis an méid ba ghá chun sprioc LOLE 3 uair an chloig a bhaint amach.

(459)

Measann an Coimisiún go bhfuil gá leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, i gcomhréir le roinn 3.9.2 de EEAG.

5.3.5.   Oiriúnacht an bhirt

(460)

Mar phrionsabal ginearálta, tá beart státchabhrach iomchuí má tá sé deartha ar bhealach lena dtabharfar aghaidh chuí ar na teipeanna margaidh a sainaithníodh. Sonraíonn EEAG a thuilleadh i bpointí 225 agus 226 gurb amhlaidh, i gcomhthéacs cabhair le haghaidh leordhóthanacht giniúna, a thugtar le tuiscint as sin nár cheart luach saothair a thabhairt leis an gcabhair ach as infhaighteacht arna soláthar ag an ngineadóir agus gur cheart an beart a bheith ar oscailt agus dreasachtaí leordhóthanacha a sholáthar léi do ghineadóirí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus d’oibreoirí a úsáideann teicneolaíochtaí inionadaithe, amhail réitigh maidir le freagairt don éileamh nó stóráil.

(461)

Leis an roinn sin déantar anailís ar dtús ar cibé acu atá nó nach bhfuil sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh ar an rogha is iomchuí i measc na roghanna éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní leordhóthanachta a sainaithníodh (roinn 5.3.5.1 den Chinneadh seo). Déantar anailís léi ansin ar cibé acu atá nó nach bhfuil dearadh sonrach an tsásra acmhainneachta i gcomhréir le ceanglais shonracha EEAG a luaitear thuas (roinn 5.3.5.2 den Chinneadh seo).

5.3.5.1.   Oiriúnacht an tsásra acmhainneachta mar ionstraim

(462)

Mar a luaitear in aithris (235), léirigh roinnt páirtithe leasmhara gurbh fhearr a d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb leordhóthanachta a sainaithníodh le cúltaca straitéiseach ná le sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh. Os a choinne sin, mheas an Bheilg nach rachfaí i ngleic leis na teipeanna margaidh foluiteacha le cúltaca straitéiseach (féach aithrisí (278) agus (279)).

(463)

Mar a luaitear in aithris (60), tá cúltaca straitéiseach ag an mBeilg faoi láthair, rud a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 2022. Is é is cuspóir don chúltaca straitéiseach freastal ar an mbuaiclód le linn thréimhsí an gheimhridh nuair a theipeann ar an margadh déanamh amhlaidh, trí acmhainneacht áirithe giniúna agus freagartha don éileamh a choinneáil lasmuigh den mhargadh mar chúltaca, rud nach ndéanfar a ghníomhachtú ach nuair a bheidh na hacmhainní comhardúcháin ídithe.

(464)

Mar a mhínítear in aithrisí (377) agus (378), is cosúil go bhfuil sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh, lena mbainfeadh an margadh fuinnimh a bheith á chomhlánú le margadh acmhainneachta, ar an réiteach is éifeachtaí chun slándáil an tsoláthair a áirithiú sa Bheilg i gcomhthéacs athraithe struchtúraigh amhail céimniú amach giniúna núicléiche.

5.3.5.2.   Oiriúnacht dhearadh sonrach an tsásra acmhainneachta

Luach saothair as infhaighteacht acmhainneachta agus as sin amháin

(465)

De réir phointe 225 de EEAG, leis an mbeart ba cheart luach saothair a thabhairt as infhaighteacht agus as sin amháin.

(466)

Sa Chinneadh Tosaigh, tháinig an Coimisiún ar an réamhthuairim go dtugtar luach saothair leis an mbeart as infhaighteacht acmhainneachta, agus as sin amháin. Níor cheistigh an Bheilg ná aon pháirtí leasmhar an tuairim ón gCoimisiún.

(467)

Tugtar luach saothair d’infhaighteacht na hacmhainneachta leis an sásra acmhainneachta agus ní áirítear leis luach saothair as an méid leictreachais a thairgfidh soláthraithe acmhainneachta ar an margadh.

(468)

Dá bhrí sin, comhlíonann an beart pointe 225 de EEAG.

Oscailteacht an bhirt roimh na soláthraithe acmhainneachta ábhartha uile

(469)

Le pointe 226 de EEAG cinntear gur cheart sásraí acmhainneachta (i) a bheith oscailte do theicneolaíochtaí éagsúla, (ii) a mhéid is féidir le hacmhainneacht idirnaisc cuidiú le leigheas na faidhbe leordhóthanachta giniúna a sainaithníodh a chur san áireamh, agus (iii) dreasachtaí leordhóthanacha a sholáthar le haghaidh acmhainneacht nua agus acmhainneacht atá ann cheana.

(470)

Mar a leagtar amach in aithris (66), beartaítear go mbeidh an beart ar oscailt do na hacmhainneachtaí uile is féidir rannchuidiú le leordhóthanacht acmhainní, beartaítear go mbeidh sé neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus ar oscailt go háirithe d’acmhainneacht, stóráil agus freagairt don éileamh atá ann cheana agus atá nua. Comhbhailiú acmhainneachta, lena n-áirítear ó theicneolaíochtaí éagsúla, ceadófar sin. Is féidir leis na teicneolaíochtaí uile a bheith rannpháirteach sna ceantanna uile freisin (idir Y-4 agus Y-1) le haghaidh tréimhse sheachadta.

(471)

Rinne an Bheilg roinnt beart chun a áirithiú gur féidir leis na teicneolaíochtaí uile a bheith rannpháirteach sna ceantanna. Go háirithe, tugann an Coimisiún dá aire an cinneadh chun cuid den toirt atá le soláthar le haghaidh Y-1 a fhorchoimeád, chun rannpháirtíocht soláthraithe freagartha don éileamh a spreagadh. Thairis sin, déantar foráil maidir le catagóir shonrach ‘acmhainneacht neamhchruthaithe’ (rud atá ar oscailt do na teicneolaíochtaí uile nach gceanglaíonn cláir laethúla ná rannpháirtíocht aonair de dheasca ábharthacht a gcórais) in Y-4 chun rannpháirtíocht acmhainneachtaí a chothú freisin ar féidir go mbeidh níos mó deacrachtaí acu chun an gnáthleibhéal aibíochta is gá a sholáthar in Y-4 (féach aithrisí (83) agus (98)).

(472)

Maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite, tá na soláthraithe acmhainneachta atá ann cheana nó atá nua maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite incháilithe chun bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta, seachas má fhaigheann siad cabhair oibriúcháin trí scéimeanna státchabhrach tiomnaithe (féach aithris (205)).

(473)

Tar éis an Chinnidh Tosaigh, d’áitigh páirtí leasmhar amháin go bhfuil na sealbhóirí acmhainneachta atá incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta (amhail CHP ag a bhfuil acmhainneacht is airde ná 1 MW) eisiata ó bheith rannpháirteach más rud é, le linn tréimhse ar leith, go dtairbhíonn siad de chabhair oibriúcháin trí dheimhnithe comhshaoil (GSC) agus/nó deimhnithe CHP (CHP) (féach aithris (237)).

(474)

Measann an Coimisiún go bhfuil deimhnithe CHP deartha cheana chun costais riachtanacha na n-oibreoirí CHP a chumhdach agus a n-oibríocht leanúnach a spreagadh. Chun cosc a chur le carnadh cabhrach agus leis an róchúiteamh a thagann as, níor cheart do ghineadóirí a bheith ina bhfaighteoirí beart tacaíochta eile, e.g. scéimeanna tacaíochta maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite nó CHP lena gcumhdaítear costais oibriúcháin na dtairbhithe sin go leordhóthanach cheana, mar a thuairiscítear in aithris (205).

(475)

Mar a shonraítear in aithris (205), má scoireann na hoibreoirí sin de thairbhiú de chabhair oibriúcháin maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite/CHP, tagann siad chun bheith incháilithe le bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta.

(476)

Leis na rialacha a thuairiscítear in aithris (205) ní thagann eisiamh soláthraithe acmhainneachta as sin, ar soláthraithe iad nach bhfaigheann an chabhair sin.

(477)

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht trasteorann, rannpháirtíocht acmhainneachta trasteorann atá suite i mBallstát ag a bhfuil nasc líonra díreach leis an mBeilg, ceadófar sin ón gcéad tréimhse sheachadta ar aghaidh (féach aithris (189)).

(478)

Ina theannta sin, rannpháirtíocht acmhainneachtaí nua nó acmhainneachtaí atá ann cheana lena gceanglaítear caiteachais chaipitil shuntasacha chun leanúint de bheith ar fáil, cumasaítear sin trí chonarthaí ilbhliantúla a thairiscint, faoi réir léiriú go gceanglaítear leibhéal réamhshainithe costas infheistíochta chun na suiteálacha nua sin a fhorbairt agus a thógáil nó na cinn atá ann cheana a athchóiriú (féach aithris (138)).

(479)

Tá na tairseacha infheistíochta bunaithe ar thacar costas infheistíochta incháilithe mar a thuairiscítear in aithris (137). Leis na tairseacha cuirtear san áireamh an acmhainneacht shuiteáilte ainmniúil (i.e. uasacmhainneacht a ndeartar an t-aonad lena rith) seachas an acmhainneacht shuiteáilte dhírátáilte (i.e. a ráta infhaighteachta réamhshainithe agus a rannchuidiú le cuspóir na leordhóthanachta acmhainní).

(480)

Maidir leis sin, leis an gCinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go raibh sé in amhras faoi úsáid na hacmhainneachta suiteáilte ainmniúla chun na tairseacha infheistíochta a ríomh. De réir an Choimisiúin, leis an ngné dhearaidh sin is dócha go ndéanfar idirdhealú in aghaidh teicneolaíochtaí ag a bhfuil ardtosca dírátála, go háirithe foinsí fuinnimh inathnuaite gréine agus gaoithe eadrannacha. Is é atá i gceist leis an acmhainneacht shuiteáilte dhírátáilte an beart lena léirítear rannchuidiú éifeachtach teicneolaíochta leis an acmhainneacht fhoriomlán agus lena gceadófaí seansanna comhionanna le haghaidh na dteicneolaíochtaí uile maidir lena bhféidearthacht conarthaí ilbhliantúla a rochtain.

(481)

D’ainneoin na n-ábhar amhrais tosaigh, i bhfianaise staid reatha mhargadh leictreachais na Beilge agus na heaspa barúlacha ó pháirtithe leasmhara ar an bpointe sin, níl aon fhianaise ag an gCoimisiún an tráth seo chun teacht ar an gconclúid gurb é a thiocfaidh as dearadh an tsásra sa chleachtas idirdhealú teicneolaíochtaí áirithe sa chás sonrach seo. Thairis sin, gheall an Bheilg na Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta a choimeád faoi athbhreithniú chun a áirithiú nach dtiocfaidh idirdhealú féideartha teicneolaíochtaí as sin i bhfianaise na bhforbairtí margaidh.

(482)

Mar a shonraítear in aithris (236), mhol páirtí leasmhar amháin go gcruthófaí ceant T-2 chun rósholáthar a sheachaint sa cheant T-4.

(483)

Maidir leis sin, mhínigh an Bheilg go gceadaítear le ceant a scoiltear ina dhá thréimhse (T-4 agus T-1) do na teicneolaíochtaí uile cheana, lena mbaineann aga níos faide nó níos giorra, a bheith rannpháirteach sa sásra agus don Bhallstát dearbhú coibhneasta a bheith aige gur féidir go leor toirte a sholáthar chun slándáil an tsoláthair a áirithiú sa bhliain seachadta. Dá ndéanfaí na toirteanna acmhainneachta a scoilt agus dá gcuirfí ceant T-2 isteach bheadh an riosca ann go ndéanfaí rómhaolú ar iomaíocht sna ceantanna sin (féach aithris (280)).

(484)

Measann an Coimisiún go bhfuil rogha na n-údarás chun acmhainneacht a sholáthar trí dhá cheant Y-4 agus Y-1 dlisteanach.

(485)

Tugann an Coimisiún dá aire gealltanas na n-údarás na Rialacha maidir le Feidhmiú an tSásra Acmhainneachta a choimeád faoi athbhreithniú chun a áirithiú nach dtiocfaidh idirdhealú féideartha idir teicneolaíochtaí as sin i bhfianaise na bhforbairtí margaidh.

(486)

An teorainn astaíochtaí a thuairiscítear in aithris (107), tá feidhm aici maidir leis na teicneolaíochtaí uile agus bealach atá ann don Bheilg chun pointe 220 agus pointe 233(e) de EEAG a urramú. Ar deireadh, beidh na suiteálacha nua a lastar le breoslaí iontaise, a bheidh ina gconarthaí 15 bliana incháilithe, faoi cheangal ag na cuspóirí arna mbunú ag an Aontas Eorpach agus/nó ag an mBeilg chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 (féach aithris (109)).

(487)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil an chabhair iomchuí.

5.3.6.   Comhréireacht

(488)

Tá an méid cabhrach comhréireach má tá sé teoranta don íosmhéid is gá chun an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach. Sonraíonn EEAG an ceanglas sin le haghaidh bearta leordhóthanachta giniúna i bpointí 228 go 231, arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach dtuillfidh tairbhithe níos mó ná ráta réasúnach toraidh agus go n-eisiafar brabúis amhantair.

5.3.6.1.   Próiseas tairisceana iomaíoch

(489)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún a ábhair imní maidir leis an idirdhealú féideartha in aghaidh acmhainneachtaí ag a bhfuil ardtosca dírátála (a thuairiscítear in aithrisí (480) agus (481)) agus dá dhroim sin maidir leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch.

(490)

D’ainneoin amhrais prima facie, mar a mhínítear in aithris (485), níl aon fhianaise ag an gCoimisiún an tráth seo chun teacht ar an gconclúid gurb é a thiocfaidh as dearadh an tsásra sa chleachtas idirdhealú idir teicneolaíochtaí éagsúla sa chás sonrach seo agus dá dhroim sin lagú ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch.

(491)

Is sásra acmhainneachta é an beart a dtugtar fógra ina leith atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ar fud an mhargaidh, faoina dtéann na soláthraithe acmhainneachta incháilithe uile in iomaíocht i gceant aonair chun an praghas inbhuanaithe is ísle a aimsiú ar ar féidir an acmhainneacht is gá a sholáthar. Le cineál iomaíoch an cheant ba cheart praghsanna a bhrú i dtreo an nialais má tá soláthar leordhóthanach ann chun an t-éileamh a chomhlíonadh. Tá an próiseas faoi réir critéir thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta. Is é an phríomhchúis atá le neamh-incháilitheacht nuair a thairbhíonn soláthraithe acmhainneachta de bhearta tacaíochta eile as a dtiocfadh carnadh agus róchúiteamh féideartha. A mhéid a bhaineann le fad na gconarthaí, níl an chuid is mó de na soláthraithe acmhainneachta incháilithe ach le haghaidh comhaontuithe acmhainneachta 1 bhliain amháin. Tá acmhainneacht nua agus athchóirithe, lena mbaineann dianchostais chaipitil infheistíochta, tá sí incháilithe le haghaidh comhaontuithe acmhainneachta níos faide chun a cheadú do na hinfheisteoirí sin an maoiniú is gá a áirithiú (féach aithrisí (117) agus (326)).

(492)

Le dearadh margaidh acmhainneachta ar fud an mhargaidh, déantar aithris ar an toradh is dócha a thiocfaidh as margadh atá fuinneamhéifeachtúil. Eagrófar na ceantanna mar íoc-mar-tairgthe le haghaidh an chéad dá cheant (ceantanna Y-4 le haghaidh an chéad dá bhliain seachadta) agus íoc-mar-imréitithe ina dhiaidh sin (féach aithrisí (112) agus (113)). Áirítear dhá chaidhp phraghais éagsúla sa sásra acmhainneachta chun brabúis amhantair a sheachaint agus chun mí-úsáid cumhachta margaidh a theorannú: (i) an chaidhp phraghais cheant dhomhanda agus (ii) an chaidhp phraghais idirmheánach (féach roinn 2.5.4.2). Is é is cuspóir do na caidhpeanna cumhachta margaidh a mhaolú agus dá réir sin an méid cabhrach a theorannú dá bhfuil i gceist le luach saothair réasúnach as infhaighteacht.

(493)

Dá dhroim sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go ndeartar an beart mar phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn critéir shoiléire, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus go gcomhlíontar leis freisin an ceanglas a bhaineann le brabúis amhantair a chosc.

5.3.6.2.   An toirt atá le soláthar

(494)

Mar a luaitear in aithris (223), sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go raibh sé in amhras faoi cibé acu a thiocfaidh nó nach dtiocfaidh maoiniú a dhéanamh ar acmhainneacht nach gá as cás neamhréalaíoch a úsáid chun an toirt sa sásra acmhainneachta a ríomh.

(495)

D’áitigh páirtí leasmhar amháin go mb’fhéidir go mbeidh tionchar ag an sásra maoiniúcháin ar thoirt acmhainneachta an tsásra acmhainneachta. Mar shampla, dá ndéanfaí na muirir a bhaineann le maoiniú an tsásra acmhainneachta a nascadh le hídiú leictreachais le linn buaiclód, d’fhéadfaí breathnú air sin mar dhreasacht chun go laghdódh na páirtithe lena mbaineann a n-ídiú le linn buaiclód, as a dtagann gá laghdaithe chun acmhainneacht a chur ar ceant (féach aithris (241)).

(496)

Mar a mhínigh an Bheilg (féach aithris (293)), de thráth na huaire, níl méadair chliste leordhóthanacha suiteáilte sa Bheilg chun foráil a dhéanamh maidir le sásra maoiniúcháin bunaithe ar ídiú buaiclóid. Modhnaíodh dlí an tsásra acmhainneachta ionas go bhféadfaí samhail den sórt sin a thabhairt isteach in 2025. Mhínigh an Bheilg freisin go ndéanfaidh sí athbhreithniú ar an sásra maoiniúcháin atá ann in 2023 nuair a eiseofar tuarascáil ar rolladh amach méadar cliste.

(497)

Fuair an Coimisiún deimhnithe ón mBeilg freisin maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun an cuar éilimh a shocrú le haghaidh an cheant mar a leagtar amach i roinn 1.5.2. Dheimhnigh an Bheilg thairis sin go soláthródh sí méid acmhainneachta atá comhréireach leis an ábhar imní leordhóthanachta a tugadh cothrom le dáta agus go ndéanfaí an méid atá le soláthar a choigeartú le himeacht ama chun an tabhairt cothrom le dáta sa mheasúnú leordhóthanachta agus sa chaighdeán iontaofachta a léiriú, agus iomaíochas na gceantanna á áirithiú. Go háirithe, gheall an Bheilg go gcoigeartófaí na toirteanna, dá mba ghá, chun an measúnú leordhóthanachta agus an caighdeán iontaofachta a tugadh cothrom le dáta agus ar a tugadh tuairisc roimhe seo a léiriú. I bhfianaise a bhfuil thuas, agus na réasúnaíochta a leagtar amach in aithrisí (395) agus (400), measann an Coimisiún nach dtéann an sásra acmhainneachta thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní leordhóthanachta.

5.3.6.3.   Conclúid maidir le comhréireacht

(498)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an beart comhréireach.

5.3.7.   Saobhadh ar iomaíocht agus tástáil cothromúcháin

(499)

Ní mór éifeachtaí diúltacha an tsásra acmhainneachta ar iomaíocht agus trádáil sa mhargadh leictreachais inmheánach a bheith sách teoranta le go mbeadh cothromaíocht fhoriomlán an bhirt dearfach. Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar le beart do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann, shoiléirigh an Chúirt nach mór don Choimisiún éifeacht dhearfach na cabhrach pleanáilte a mheas le haghaidh fhorbairt na ngníomhaíochtaí dá bhfuil an chabhair beartaithe tacaíocht a thabhairt agus na héifeachtaí diúltacha a fhéadfaidh a bheith ag an gcabhair ar an margadh inmheánach a mheas freisin (103).

5.3.7.1.   Éifeachtaí dearfacha

(500)

Ar an taobh dearfach den chothromaíocht, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an scéim ó thaobh na hacmhainneachta atá ann cheana a choinneáil ar bun sa mhargadh leictreachais nó acmhainneacht nua a chruthú agus leis sin slándáil an tsoláthair leictreachais. Maidir leis sin, tá sé ar cheann d’aidhmeanna bheartas fuinnimh an Aontais slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, de bhun Airteagal 194 CFAE.

(501)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nach féidir suiteáil giniúna a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 in aghaidh an kWh leictreachais a chonrú faoin sásra acmhainneachta (féach aithris (107)) agus go mbeidh ar shuiteálacha incháilithe gealltanas a thabhairt go mbeidh siad aeráidneodrach faoi 2050. Is féidir teacht ar an gconclúid dá réir sin go dtugtar tosaíocht do ghineadóirí ísealcharbóin, i gcomhréir le pointe 233(e) de EEAG.

5.3.7.2.   Éifeachtaí diúltacha

(502)

Ar an taobh diúltach den chothromaíocht, trí thacaíocht a thabhairt do sholáthraithe acmhainneachta is féidir go saobhfar iomaíocht agus trádáil sa mhargadh leictreachais, lena n-áirítear idir gnóthais a fhaigheann an tacaíocht agus a n-iomaitheoirí san earnáil chéanna.

(503)

Sonraíonn EEAG an ceanglas a bhaineann le héifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil a sheachaint i bpointí 232 agus 233, lena gcuirtear i dtábhacht an gá atá le rannpháirtíocht leathan sa scéim agus le héifeachtaí lena mbaintear an bonn den mhargadh a sheachaint, amhail an cheannasacht a neartú nó difear a dhéanamh do chinntí infheistíochta.

(504)

Tá an beart ar oscailt do na gineadóirí uile atá ann cheana agus atá nua agus do na hoibreoirí freagartha don éileamh agus stórála uile atá ann cheana agus atá nua. Ina theannta sin, tá an beart ar fáil d’acmhainneacht trasteorann.

Oscailteacht do chomhbhailiú an éilimh agus an tsoláthair

(505)

Le pointe 232(a) de EEAG sonraítear gur cheart an beart leordhóthanachta giniúna a bheith ar oscailt do chomhbhailiú ionchasach an éilimh agus an tsoláthair araon.

(506)

Mar a luaitear in aithris (242), léirigh roinnt páirtithe leasmhara go gcuirtear isteach ar chomhbhailiú leis na rialacha incháilitheachta atá ann faoi láthair le haghaidh conarthaí ilbhliantúla, agus níos sonraí ná sin, an riail go gcinntear fad an chonartha le haghaidh na punainne iomláine leis an tsócmhainn ag a bhfuil an fad conartha is ísle i bpunann chomhbhailithe.

(507)

Aithníonn an Coimisiún go mb’fhéidir go gcuirfear isteach ar chomhbhailiú leis na rialacha incháilitheachta reatha le haghaidh conarthaí ilbhliantúla. Dá bhrí sin, fáiltíonn sé roimh thogra na Beilge leasú a dhéanamh ar an bhForaithne Ríoga lena socraítear na tairseacha infheistíochta, na critéir incháilitheachta le haghaidh costais infheistíochta agus an nós imeachta rangúcháin (féach aithris (141)). Leis an leasú sonraítear gur féidir le bainisteoir na tairisceana comhbhailithe an chatagóir acmhainneachta a roghnú ag a bhfuil feidhm maidir leis an tairiscint chomhbhailithe.

(508)

Maidir leis an mbarúil ó pháirtí leasmhar a bhaineann le bacainní ar chomhbhailiú le haghaidh sócmhainní lena mbaineann oibleagáid sceidil laethúil (féach aithris (243)), tugann an Coimisiún na hargóintí a rinne an Bheilg (aithrisí (297) agus (298)) agus an páirtí leasmhar dá aire (aithris (243)). Ós rud é go ndéantar difear do na hacmhainneachtaí faoi réir oibleagáid sceidil laethúil le nósanna imeachta comhordúcháin speisialta, measann an Coimisiún go bhfuil údar le cur chuige na Beilge i leith na n-acmhainneachtaí sin chun a ngnéithe sonracha a chur san áireamh sa mhargadh leictreachais. Mar sin féin, déanfaidh an Bheilg measúnuithe tráthrialta ar an sásra acmhainneachta chun go bhféadfar athruithe a dhéanamh más iomchuí agus i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcomhbhaileodh sócmhainní ar a bhfuil oibleagáid sceidil laethúil.

Tairseacha infheistíochta

(509)

A mhéid a bhaineann leis na barúlacha ó pháirtithe leasmhara áirithe a bhaineann le leibhéal na dtairseacha infheistíochta le haghaidh conarthaí ilbhliantúla agus a líomhnaíonn go mb’fhéidir go dtiocfaidh idirdhealú idir aicmí áirithe teicneolaíochta astu sin, tugann an Coimisiún dá aire gealltanas na Beilge chun na tairseacha sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina léireofaí le fianaise nua, lena n-áirítear barúlacha na bpáirtithe leasmhara, go raibh gá leis sin. Na tairseacha infheistíochta nua le haghaidh conarthaí ilbhliantúla, a bhí faoi réir an chomhairliúcháin phoiblí, leagtar amach in aithris (138) iad. Tabharfaidh CREG na tairseacha infheistíochta cothrom le dáta nuair is cosúil gur gá, ach ar a laghad gach 3 bliana. Dá dhroim sin, níl aon fhoras ag an gCoimisiún lena mheas go dtiocfaidh idirdhealú idir teicneolaíochtaí as na tairseacha nua le haghaidh conarthaí ilbhliantúla.

Tosca dírátála

(510)

Mar a luaitear in aithrisí (247) agus (248), d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go bhfuil an baol ann go ngearrfar pionós mór ar theicneolaíochtaí amhail stóráil, freagairt don éileamh nó foinsí fuinnimh inathnuaite leis na tosca dírátála atá ann faoi láthair.

(511)

Mhínigh an Bheilg (féach aithris (303)) go bhfuil tosca dírátála teicneolaíochtaí atá teoranta ó thaobh fuinnimh níos ísle nuair a mhéadaíonn a gcion sa chóras/sa tír. Dá réir sin, an difríocht idir na tosca dírátála sa Bheilg, sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe atá luaite ag na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, chun freastal ar ábhair imní na bpáirtithe leasmhara, thug an Bheilg na tosca dírátála cothrom le dáta tar éis comhairle ón údarás rialála agus cruinniú Tascfhórsa sonrach de chuid na bpáirtithe leasmhara uile ar an topaic sin a reáchtáladh go luath i mí Eanáir 2021. Leagtar amach in aithris (79) na tosca dírátála a tugadh cothrom le dáta. Dá dhroim sin, níl aon fhoras ag an gCoimisiún lena mheas go bhfuil na tosca dírátála athbhreithnithe míchuí.

Oibleagáid aisíoca

(512)

A mhéid a bhaineann leis na barúlacha ó roinnt páirtithe leasmhara go ndéantar idirdhealú le meicnic na hoibleagáide aisíoca in aghaidh oibreoirí acmhainneachta sceidil iomláin (aithrisí (250) agus (251)), chuir an Bheilg faisnéis isteach á rá go mbaintear cothromaíocht amach leis an sásra acmhainneachta idir an oibleagáid aisíoca a áireamh agus idirdhealú i dtreo acmhainneachta a sheachaint, rud nach féidir a ghníomhachtú ach ag praghas níos airde ná an praghas ceangail.

(513)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil cleachtais éagsúla ag Ballstáit ag a bhfuil sásraí acmhainneachta comhchosúla ar fud an mhargaidh a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid aisíoca. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go ndearnadh sásra na hoibleagáide aisíoca i sásra acmhainneachta na Beilge a mhodhnú agus a fheabhsú go mór tar éis comhairliúcháin phoiblí.

(514)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go mbaintear amach an chothromaíocht iomchuí idir an dá sprioc iomaíocha dá dtagraítear in aithris (512), agus sin le sásra na hoibleagáide aisíoca.

Caidhp phraghais idirmheánach

(515)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún go raibh amhras air faoi cibé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí le tabhairt isteach caidhpe praghais idirmheánaí sa chatagóir chonartha 1 bhliain amháin, gan an fhéidearthacht a bheith ann maidir le maolú aonair, sealbhóirí acmhainneachta áirithe a eisiamh ón sásra acmhainneachta. Thacaigh páirtithe leasmhara áirithe leis na hábhair amhrais sin (féach aithris (252)).

(516)

Dá réir sin, fáiltíonn an Coimisiún roimh ghealltanas na Beilge chun sásra maolúcháin a chur i bhfeidhm. Bhí an sásra maolúcháin faoi réir an chomhairliúcháin phoiblí agus tugadh isteach é san Fhoraithne Ríoga lena socraítear tairseacha infheistíochta agus critéir incháilitheachta le haghaidh costais infheistíochta. Beidh feidhm ag an sásra maolúcháin go cothrom maidir le hacmhainneachtaí trasteorann náisiúnta agus indíreacha (féach aithrisí (129) agus (130)).

(517)

Mar a shonraítear in aithris (131), deonófar an maolú le haghaidh an chéad cheant ex post, i.e. tar éis dhúnadh an cheant. I bhfianaise na n-argóintí a rinne an Bheilg in aithris (131), mheas an Coimisiún go bhfuil údar leis an maolú ex post ón gcaidhp phraghais idirmheánach le haghaidh an chéad cheant.

Conclúid maidir le hoscailteacht an bhirt roimh na teicneolaíochtaí uile

(518)

Leis an mbeart ceadaítear rannpháirtíocht gineadóirí a úsáideann teicneolaíochtaí éagsúla agus oibreoirí a thairgeann bearta ag a bhfuil feidhmíocht choibhéiseach theicniúil, i gcomhréir le pointe 232(a) de EEAG.

Acmhainneacht trasteorann

(519)

Tá coimircí i bpointe 232(b) de EEAG chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí ó Bhallstáit eile in ann a bheith rannpháirteach i mbeart.

(520)

Sa Chinneadh Tosaigh, léirigh an Coimisiún ábhair imní go mb’fhéidir go ndéanfaí oibreoirí ó Bhallstáit eile a dhíspreagadh ó bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta, dá ndéanfaí incháilitheacht acmhainneachta trasteorann indírí a theorannú do chonarthaí 1 bhliain amháin, atá faoi réir na caidhpe praghais idirmheánaí.

(521)

Glacann an Coimisiún le hargóintí na Beilge i ndáil leis an ábhar imní sin. Go háirithe, san fhadtéarma, ní féidir acmhainneacht iontrála leordhóthanach a ráthú i gcónaí, ós rud é go bhfuil sí ag brath ar thosca éagsúla a leagtar amach in aithris (143). Fáiltíonn an Coimisiún roimh ghealltanas na Beilge athbhreithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go bhfaigheadh acmhainneachtaí eachtracha rochtain ar chonarthaí ilbhliantúla (féach aithris (144)).

(522)

Mar a luaitear in aithris (516), an sásra maolúcháin ón gcaidhp phraghais idirmheánach, a thug an Bheilg isteach tar éis an Chinnidh Tosaigh, tá feidhm aige go cothrom maidir le hacmhainneachtaí trasteorann náisiúnta agus indíreacha araon.

(523)

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht trasteorann dhíreach sa sásra acmhainneachta, d’áitigh dhá pháirtí leasmhara go bhféadfadh an rannpháirtíocht sin laghdú a dhéanamh ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht idirnaisc agus dochar a dhéanamh do mhargadhchúpláil (aithrisí (254) agus (255)).

(524)

Mar a mhínigh an Bheilg (féach aithris (316)), rinneadh athruithe ar dhlí an tsásra acmhainneachta chun freastal ar na hábhair imní a chuir na páirtithe leasmhara in iúl. De réir na rialacha nua, réamhchoinníoll le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí dírí sa sásra acmhainneachta is ea tabhairt i gcrích conartha idir an Bheilg agus an Ballstát a bhfuil an acmhainneacht suite ar a chríoch.

Ioncaim ó phlódú

(525)

Sa Chinneadh Tosaigh, lorg an Coimisiún soiléiriú freisin ar úsáid na n-ioncam acmhainneachta ó phlódú agus comhroinnt na n-ioncam sin idir OCTanna.

(526)

Shoiléirigh an Bheilg go n-úsáidfear agus go gcomhroinnfear ioncaim ó phlódú de réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán Leictreachais, go háirithe Airteagal 26(9).

(527)

Dheimhnigh an Bheilg freisin go gcomhlíonfaidh sí Cinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER, lena ndéantar i measc nithe eile, an mhodheolaíocht maidir le comhroinnt na n-ioncam a eascraíonn trí leithdháileadh na hacmhainneachta iontrála a leagan amach (féach aithris (204)).

Conclúid maidir le hoscailteacht an bhirt roimh acmhainneacht trasteorann

(528)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach laghdaítear leis an mbeart dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht idirnaisc nó margadhchúpláil, i gcomhréir le pointe 233(a) agus (b) de EEAG.

(529)

Maidir le neartú míchuí cheannasacht an mhargaidh (pointe 233(d) de EEAG), le dearadh an tsásra acmhainneachta cuimsítear roinnt beart a bheartaítear go sonrach chun mí-úsáidí cumhachta margaidh a sheachaint, e.g. roghanna iontaofachta, caidhpeanna praghais agus próiseas ceant iomaíoch (féach aithrisí (94), (111) agus (147)). Ina theannta sin, leis an oscailteacht roimh acmhainneacht nua agus infhaighteacht conarthaí fadtéarmacha tá coinne leis go n-áiritheofar nach ndéanfar an cheannasacht atá ann cheana a neartú go míchuí.

(530)

Ar deireadh, maidir le tosaíocht a thabhairt do ghineadóirí ísealcharbóin i gcás ina dtairgeann siad paraiméadair theicniúla agus eacnamaíocha choibhéiseacha (pointe 233(a) de EEAG), tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an beart ar oscailt do ghineadóirí ísealcharbóin. Mar sin féin, chun cosc a chur le carnadh cabhrach agus leis an róchúiteamh a thagann as, níor cheart do ghineadóirí a bheith ina bhfaighteoirí beart tacaíochta eile, mar a thuairiscítear in aithris (205).

(531)

Tá an beart i gcomhréir le roinn 3.9.6 de EEAG.

5.3.7.3.   Conclúid maidir le saobhadh ar iomaíocht agus tástáil cothromúcháin

(532)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an mbeart ó thaobh gníomhaíocht eacnamaíoch a éascú agus slándáil an tsoláthair á háirithiú agus gan saobhadh míchuí iomaíochta ná trádála a bheith ag teacht as sin. Fágann sin gur mó éifeachtaí dearfacha ná diúltacha atá ag cabhair ar iomaíocht agus trádáil. Dá bhrí sin, leis an gcabhair a bheartaítear éascaítear forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe cé nach ndéantar dochar do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha don leas coiteann, mar a cheanglaítear le hAirteagal 107(3)(c) CFAE.

5.3.8.   Trédhearcacht na cabhrach agus gnóthais i gcruachás nó faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc

(533)

Gheall an Bheilg na coinníollacha trédhearcacha a shonraítear i roinn 3.2.7 de EEAG a chur i bhfeidhm a mhéid is infheidhme maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoin sásra acmhainneachta (féach aithris (219)).

(534)

I gcomhréir le pointe 16 de EEAG, ní dhámhfar aon chabhair ar ghnóthais atá i gcruachás (féach aithris (221)).

(535)

I gcomhréir le pointe 17 de EEAG, faoin sásra acmhainneachta, ní féidir aon chabhair a dheonú do ghnóthais faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach (féach aithris (220)).

6.   CONCLÚID

Tá an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE agus fhorálacha ábhartha EEAG.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chabhair i bhfoirm an tsásra acmhainneachta a bhfuil sé beartaithe ag Ríocht na Beilge a chur chun feidhme, tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) den Chonradh. Tá an scéim cabhrach údaraithe ar feadh uastréimhse 10 mbliana a thosaíonn ó dháta an chéad cheant.

Airteagal 2

Is ar Ríocht na Beilge atá an Cinneadh seo dírithe.

Má tá faisnéis rúnda sa Chinneadh nár cheart a fhoilsiú, cuir an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaightear í. Mura bhfaigheann an Coimisiún iarraidh réasúnaithe faoin sprioc-am sin, meastar go gcomhaontaíonn tú le foilsiú théacs iomlán an Chinnidh. Ba cheart d’iarraidh lena sonraítear an fhaisnéis ábhartha a sheoladh go leictreonach chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Greffe Státchabhrach

1049 An Bhruiséil

Stateaidgreffe@ec.europa.eu

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Lúnasa 2021

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO C 346, 16.10.2020, lgh. 27.

(2)  Cf. fonóta 1.

(3)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

(4)  https://ec.europa.eu/energy/en/content/national-energy-and-climate-plans-necps-belgium

(5)  Dlí an 22 Aibreán 2019 lena mbunaítear sásra acmhainneachta (Loi modifiant la loi du 29 avril 1999 relative à l'organisation du marché de l'électricité portant la mise en place d'un mécanisme de rémunération de capacité) (‘Dlí an tSásra Acmhainneachta’), agus Dlí an 15 Márta 2021 lena leasaítear Dlí an 22 Aibreán 2019 (Loi modifiant la loi du 29 avril 1999 relative à l'organisation du marché de l'électricité et modifiant la loi du 22 avril 2019 modifiant la loi du 29 avril 1999 relative à l'organisation du marché de l'électricité portant la mise en place d'un mécanisme de rémunération de capacité) (‘Dlí Leasaithe an tSásra Acmhainneachta’).

(6)  Tá na téacsanna sin le fáil ar shuíomh gréasáin na hAireachta Fuinnimh, féach: https://economie.fgov.be/fr/themes/energie/securite-dapprovisionnement/mecanisme-de-remuneration-de

(7)  Cuireadh an chéad togra faoi bhráid an rialtóra náisiúnta ina dhiaidh sin an 13 Samhain 2020. Tar éis pléití idir OCT agus an rialtóir, chuir OCT togra nua faoi bhráid an rialtóra an 30 Aibreán 2021. Sheol an rialtóir comhairliúchán poiblí breise idir an 30 Aibreán agus an 7 Bealtaine 2021, maidir leis na modhnuithe a mheas sé is gá i leith thogra OCT. Na Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge, shocraigh an rialtóir ansin iad le cinneadh an 14 Bealtaine 2021 agus formheasadh le Foraithne Ríoga an 30 Bealtaine 2021 iad.

(8)   Arrêté royal du 28 avril 2021 fixant les paramètres avec lesquels le volume de la capacité à prévoir est déterminé, y compris leurs méthodes de calcul, et les autres paramètres nécessaires pour l'organisation des mises aux enchères, ainsi que la méthode pour et les conditions à l'octroi d'une dérogation individuelle à l'application du ou des plafond(s) de prix intermédiaire(s) dans le cadre du mécanisme de rémunération de capacité.

(9)   Arrêté royal du 21 mai 2021 relatif à l'établissement des critères de recevabilité visés à l'article 7undecies, § 8, alinéa 1er, 1° et 2°, de la loi du 29 avril 1999 relative à l'organisation du marché de l'électricité, en ce qui concerne les conditions dans lesquelles les détenteurs de capacité bénéficiant ou ayant bénéficié de mesures de soutien ont le droit ou l'obligation de participer à la procédure de préqualification et en ce qui concerne le seuil minimal, en MW.

(10)   Arrêté royal du 4 juin 2021 fixant les seuils d'investissements, les critères d'éligibilité des coûts d'investissement et la procedure de classement.

(11)   Projet d’arrêté royal relatif à l’établissement des conditions auxquelles les détenteurs de capacité étrangère directe et indirecte peuvent participer à la procédure de préqualification dans le cadre du mécanisme de rémunération de capacité. Tráth a glacadh an cinneadh seo, níor glacadh an Fhoraithne Ríoga seo fós.

(12)   Arrêté royal du 30 mai 2021 déterminant des modalités du contrôle du bon fonctionnement du mécanisme de rémunération de capacité par la commission de régulation de l'électricité et du gaz.

(13)  Féach: https://www.elia.be/en/public-consultation/20200828_public-consultation-crm-functioning-rules

(14)  Le LOLE95 tagraítear don 95ú caighdeán peircintíle ar dá réir le linn diandálaí a bhfuil seans 5 % ann go dtarlóidís (i.e. geimhreadh an-fhuar a tharlaíonn uair i gcaitheamh 20 bliain) nach mór do LOLE a bheith níos lú ná an caighdeán lena mbaineann, rud atá cothrom le 20 uair an chloig, i gcás na Beilge.

(15)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.

(16)  Cinneadh ACER an 2 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an modheolaíocht chun an luach lóid chaillte, an costas ar iontráil nua, agus an caighdeán iontaofachta a ríomh: https://www.acer.europa.eu/Official_documents/Acts_of_the_Agency/Individual%20decisions%20Annexes/ACER%20Decision%20No%2023-2020_Annexes/ACER%20Decision%2023-2020%20on%20VOLL%20CONE%20RS%20-%20Annex%20I.pdf

(17)  Bhí an luach a bhí ar VOLL roimhe sin sa Bheilg cothrom le EUR 23.3/kWh agus bhí luach measta ar CONE cothrom le EUR 65/kW/bliain.

(18)  https://www.elia.be/fr/actualites/communiques-de-presse/2019/06/20190628_press-release-adequacy-and-flexibility-study-for-belgium-2020-2030

(19)  Féach Cinneadh Státchabhrach C(2018) 589 final, i gcás SA.48648 (2017/NN) – An Bheilg – Cúltaca Straitéiseach.

(20)  Leis an gcás ‘AE-BONN’ cuirtear san áireamh na beartais aitheanta is déanaí de chuid na dtíortha Eorpacha samhaltaithe uile (conairí núicléacha agus guail, giniúint gáis thógtha lena bhfuil coinne, forbairtí ar fhreagairt ar thaobh an éilimh agus forbairt stórála, sásraí acmhainneachta, sreabhadhbhunaithe, rialacha an phacáiste Fuinnimh Ghlain, forbairt eangaí lena bhfuil coinne, etc.).

(21)  https://www.creg.be/fr/publications/etude-f1957

(22)  https://eepublicdownloads.blob.core.windows.net/public-cdn-container/clean-documents/sdc-documents/MAF/2019/MAF%202019%20Appendix%201%20-%20Detailed%20Results%2C%20Sensitivities%20and%20Input%20Data.pdf

(23)  Déantar íogaireacht ‘Céimniú amach Guail’. San iomlán, baineadh thart ar 23.6 GW d’acmhainneacht giniúna ó Bhonnchás 2025, trí laghduithe in acmhainneachtaí ligníte agus antraicíte go príomha.

(24)  De réir na Beilge, leis an staidéar toimhdíodh giniúint theirmeach 2.5 GW agus bhí rogha na teicneolaíochta treallach.

(25)  https://www.benelux.int/files/4515/8998/1576/PENTAreport_FINAL.pdf

(26)  Is é an Fóram Cúigthaobhach um Fhuinneamh an creat le haghaidh comhar réigiúnach san Eoraip Láir Thiar idir an Bheilg, an Eilvéis, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg agus an Ostair.

(27)  Cosúil le MAF 2019, ‘le haghaidh 2025 toimhdítear sa staidéar seo go bhfuil gá le hacmhainneacht nua 2.5 GW dá réir sin, rud atá le seachadadh faoin sásra acmhainneachta in 2025 chun leordhóthanacht a bhaint amach le haghaidh na Beilge.’

(28)   ‘Le haghaidh ‘Íogaireacht Gáis Ísil’ in PLEF le haghaidh na Beilge, baineadh an acmhainneacht thoimhdithe nua 2.5 GW de ‘Bhonnchás’ PLEF’. ‘Tá acmhainneachtaí na Beilge agus na Fraince 2.5 GW agus 2.2 GW faoi seach níos ísle ná an bonnchás. Le haghaidh na hOstaire (acmhainneacht gáis is lú ná 1.2 GW), na hÍsiltíre (acmhainneacht gáis is lú ná 1.6 GW) agus Lucsamburg (acmhainneacht gáis is lú ná 0.1 GW).’

(29)   ‘Don íogaireacht Núicléach / CH NTC Íseal, tá an acmhainneacht núicléach 1 700 MW níos ísle sa Fhrainc agus 1 190 MW níos ísle san Eilvéis. Le haghaidh na dtíortha uile eile, fanann an acmhainneacht shuiteáilte gan athrú i gcomparáid leis an mbonnchás. Ina theannta sin, tá NTCanna idir an Eilvéis agus na criosanna comharsanacha laghdaithe chun sreabhadh neamhsceidealta méadaitheach tríd an Eilvéis a chur san áireamh ós rud é nach bhféadfar an Eilvéis a áireamh sa mhargadhchúpláil sreabhadhbhunaithe (FBMC) in 2025.’

(30)  Cinneadh ACER maidir le modheolaíocht ERAA: https://www.acer.europa.eu/Official_documents/Acts_of_the_Agency/Individual%20decisions%20Annexes/ACER%20Decision%20No%2024-2020_Annexes/ACER%20Decision%2024-2020%20on%20ERAA%20-%20Annex%20I.pdf

(31)  Le Cinneadh Uimh. 04/2017 ó ACER an 14 Samhain 2017 sonraítear gurb amhlaidh i gcás ina sáróidh an praghas imréitigh luach 60 faoin gcéad den uasphraghas imréitigh comhchuibhithe le haghaidh cúpláil amháin lá roimh ré in aonad ama amháin ar a laghad den mhargadh i lá i gcrios tairisceana aonair nó i gcriosanna tairisceana iomadúla, a mhéadófar an t-uasphraghas imréitigh comhchuibhithe le EUR 1 000/MWh.

(32)   IO L 197, 25.7.2015, lch. 24.

(33)  Féach Cinneadh Státchabhrach C(2018) 589 final, i gcás SA.48648 (2017/NN) – An Bheilg – Cúltaca Straitéiseach.

(34)  https://ec.europa.eu/energy/consultations/consultation-belgiums-market-reform-plan_en

(35)  Tuairim C(2020) 2654 final ón gCoimisiún: https://ec.europa.eu/energy/topics/markets-and-consumers/capacity-mechanisms_en

(36)  https://economie.fgov.be/sites/default/files/Files/Energy/Belgian-electricity-market-Final-implementation-plan-CRM-22062020.pdf

(37)  In 2020, chinn an Rialtas Pléimeannach rolladh amach méadar cliste a bhrostú, arb é is aidhm dó sin 80 % de na méadair fuinnimh uile a ionadú i dteaghlaigh Phléimeannacha faoi dheireadh 2024. Thairis sin, san fhoraithne fuinnimh leasaithe an 17 Iúil 2020, shocraigh an Rialtas Pléimeannach an uaillmhian gur cheart méadair fuinnimh dhigiteacha a chur in ionad na méadar traidisiúnta uile i bhFlóndras faoin 1 Iúil 2029.

(38)  https://www.elia.be/en/grid-data/grid-development/investment-plan/federal-development-plan-2020-2030.

(39)  Tá na céatadáin sin bunaithe ar na sainmhínithe a úsáideann an Sainghrúpa Sprice Idirnascachta (SSI), i.e. ráta idirnaisc = Iomlán na n-allmhairí / Acmhainneacht giniúna iomlán, arb é atá le tuiscint as iomlán na n-allmhairí ‘uas-sreabhadh cumhachta is féidir leis an tsócmhainn trasteorann a tharchur i gcomhréir le critéir slándála córais.’

(40)  I ndeireadh 2020, bhí an t-idirnasc ALEGrO idir an Bheilg agus an Ghearmáin curtha i gcrích, lenar cumasaíodh malartú leictreachais idir an dá thír. Ó mhí na Samhna 2020, tá an t-idirnasc sin ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála.

(41)  Níl soláthraithe acmhainneachta incháilithe le haghaidh conarthaí acmhainneachta ach suas lena dtoirt incháilithe, a shainmhínítear mar a gcumhacht tagartha (agus na toirteanna um rogha gan a bheith páirteach á gcur san áireamh) iolraithe faoin toisc dhírátála.

(42)  Le fáil freisin ag: CRM-bijlage-reductiefactoren-veiling-10-2021.pdf (fgov.be)

(43)  https://www.elia.be/fr/users-group/implementation-crm

(44)  https://www.creg.be/fr/publications/avis-a2030

(45)   ‘Is ar éigean a d’fhéadfaí úsáid cáis ArdÍseal, ina dtoimhdítear gurb é atá sa bhonnchás ná teagmhais fhoircneacha, a mheas mar ‘gnáthbhliain de réir staidrimh’. Os a choinne sin, de réir sainmhíniú, tugtar cás eisceachtúil le tuiscint as cás ArdÍseal. Ní shéanann CREG go mb’fhéidir go dtarlóidh cásanna foircneacha iarbhír, ach ní mór iad sin a áireamh lena ndóchúlacht in ionsamhlú dóchúlaíoch. Ina ionad sin, baineann anailísí slándála soláthair Elia bunaithe ar chás ArdÍseal le LoLE meánach a ríomh le bonntoimhde aimhrialta de réir staidrimh (i.e. ‘dóchúlacht íseal’).’

(46)  https://www.creg.be/fr/publications/note-z2024

(47)  https://www.creg.be/fr/publications/proposition-e2064

(48)  An fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh réamhaisnéis ar an éileamh bliantúil nach féidir a sholáthar leis na hacmhainní atá ar fáil ar mhargadh an fhuinnimh, arna shloinneadh in MWh.

(49)  https://www.plan.be/admin/uploaded/201403170843050.WP_1403.pdf

(50)  https://www.acer.europa.eu/electricity/infrastructure/network-development

(51)  Is féidir teacht ar eilimintí eile de thogra CREG anseo: https://www.creg.be/fr/publications/proposition-e2064

(52)  https://economie.fgov.be/fr/themes/energie/securite-dapprovisionnement/mecanisme-de-remuneration-de

(53)  Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais.

(54)  Airteagal 24 den Rialachán Leictreachais.

(55)  An cás tagartha a úsáidtear le haghaidh an chéad chalabrúcháin ar an gcuar éilimh, tugtar tuairisc air in aithris (287).

(56)  Seasann glan-CONE do na hioncaim ba ghá don teicneolaíocht iontrálaí nua is fearr a thuilleamh sa mhargadh acmhainne mar chúiteamh ar a ‘airgead ar iarraidh’ sa mhargadh fuinnimh ar feadh 1 bhliain amháin. Ríomhtar é trí ioncaim mhargaidh agus ioncaim seirbhíse cúntaí a bhaint den Oll-CONE.

(57)  Sheol rialtóir CREG comhairliúchán poiblí ón 1 Iúil 2020 go dtí an 13 Iúil 2020 maidir le moladh luachanna CONE le haghaidh gearrliosta de theicneolaíochtaí tagartha, WACC agus fachtóir ceartúcháin X (féach aithris (99)(b)).

(58)  Agus CCGT, OCGT agus díosail i ngearrliosta na teicneolaíochta tagartha á meas agus trí mheánluachanna a thoimhdiú le haghaidh oll-CONE, ioncaim margaidh fuinnimh agus ioncaim seirbhísí cúntacha.

(59)  https://www.elia.be/en/public-consultation/20200505_public-consultation-on-the-scenarios-sensitivities-and-data-for-the-crm

(60)   ‘2.2.1 Infhaighteacht núicléach de chuid na Fraince – Tá an chéad íogaireacht i gcomhréir leis an staidéar Leordhóthanachta agus Solúbthachta 2020-30 10 mbliana (Elia 2019) agus cuirtear i láthair in §2.6.8. í. Áirítear infhaighteacht núicléach inti arna laghdú le 4 aonad sa gheimhreadh.’

(61)  https://www.creg.be/fr/publications/proposition-c2105

(62)  https://economie.fgov.be/sites/default/files/Files/Energy/avis-dg-energie-projet-proposition-2105-signed.pdf

(63)  https://www.creg.be/fr/consultations-publiques/consultation-publique-relative-au-projet-de-proposition-2086-relative-au

(64)  Sheol Elia comhairliúchán poiblí maidir leis na cásanna, na híogaireachtaí agus na sonraí le haghaidh ríomh paraiméadair an tsásra acmhainneachta le haghaidh cheant Y-4 le haghaidh na tréimhse seachadta 2025-2026 (féach aithris (99)(a)).

(65)  Figiúirí arna bhfáil ó thuarascáil chalabrúcháin Elia. Le fáil ag: https://www.elia.be/nl/users-group/implementatie-crm.

(66)  Ós rud é go n-athraíonn an raon toisce dírátála le haghaidh na teicneolaíochta atá ‘teirmeach ar scála mór’ idir 85 % agus 95 %, cuirtear toisc dhírátála 90 % ar a laghad i bhfeidhm maidir leis an teicneolaíocht CCGT, OCGT agus innill turba-scairde. Le haghaidh na teicneolaíochta Freagartha Margaidh, seasann an toisc dhírátála do mheán chun an éagsúlacht féidearthachtaí a áirítear sa teicneolaíocht Freagartha Margaidh a chur san áireamh.

(67)  Figiúirí arna bhfáil ó thuarascáil chalabrúcháin Elia. Le fáil ag: https://www.elia.be/nl/users-group/implementatie-crm.

(68)  Tugtar faoi deara nach gcuirtear ach táillí forchoimeádais CAMl faoi bhun EUR 10/Mh/u san áireamh i dtreo an mheánluacha fhoriomláin, ós rud é go meastar go seasann praghsanna os cionn an scoithphointe sin do thréimhsí lena mbaineann saincheisteanna leordhóthanachta agus dá bhrí sin nach bhfuil siad ionadaíoch le haghaidh na hanailíse seo. Ríomhtar na luachanna ÍSLE/MEÁNACHA/ARDA mar 60/75/90 % den mheánluach foriomlán, chun costais inathraitheacha atá bainteach le forchoimeád CAMl a chur san áireamh, amhail mar shampla costas chun tairiscint a dhéanamh. Na glanioncaim ó sholáthar seirbhísí cothromúcháin a bhaineann le minicíocht, chun áireamh dúbailte a sheachaint agus glanioncaim amháin a mheas, rinneadh iad a mheas a mhéid seo a leanas: Ní mheastar ioncaim FCR, ós rud é gur dócha a thiocfaidh ceallraí chun bheith mar an teicneolaíocht cheannasach chun FCR a sholáthar. Ní chuirtear an teicneolaíocht Ceallraí san áireamh chun an chaidhp phraghais idirmheánach a chalabrú, ós rud é go meastar go ndíorthaíonn siad cás gnó dearfach ó sholáthar FCR. Ní chuirtear ioncaim CAMu san áireamh, ós rud é go dtoimhdítear go ndéanann teicneolaíochtaí a sholáthraíonn CAMu arbatráiste idir soláthar CAMu agus díol fuinnimh. Dá bhrí sin, toimhdítear nach seasann táillí forchoimeádais CAMu do ghlanioncam anuas ar na cíosanna infrimeallacha a thuilltear ar an margadh fuinnimh. Meastar go bhfuil ioncaim CAMl ábhartha le haghaidh na dteicneolaíochtaí maidir le hinnill turba-scairde (agus toimhdítear go soláthraíonn siad táirge caighdeánach CAMl) agus freagairt mhargaidh (agus toimhdítear go soláthraítear táirge fleisce CAMl leis sin), ós rud é gurb iondúil go soláthraíonn siad na seirbhísí sin faoi láthair sa mhargadh. Ar bhealach níos sonraí, cinntear ioncaim le haghaidh innill turba-scairde agus freagairt mhargaidh le céatadán den mheántáille forchoimeádais CAMl nó an cíos infrimeallach ón margadh fuinnimh, de réir cibé acu den dá cheann atá ina chúis leis an luach is airde.

(69)  Figiúirí arna bhfáil ó thuarascáil chalabrúcháin Elia. Le fáil ag: https://www.elia.be/nl/users-group/implementatie-crm.

(70)  Bhí modheolaíocht chun maolú aonair a fháil faoi réir comhairliúchán poiblí a rinneadh i mí Feabhra 2021.

(71)  Ceanglaítear ar sholáthraithe acmhainneachta faisnéis CO2 a chur isteach maidir lena AMAnna le linn an phróisis réamhcháiliúcháin. Leis na Rialacha maidir le Feidhmiú Shásra Acmhainneachta na Beilge (cf. roinn 18.1.17) soláthraítear treoirlínte chun na hastaíochtaí sonracha agus bliantúla a ríomh, bunaithe ar Thuairim Uimh. 22/2019 ó ACER.

(72)  https://www.creg.be/fr/publications/proposition-c1907

(73)  Socraítear na tairseacha infheistíochta leis an bhForaithne Ríoga, ar bhonn togra ón rialtóir (Airteagal 6, mír 2 den Fhoraithne Ríoga fhoilsithe).

(74)  An toirt a bhfuil oibleagáid ar AMA a chur ar fáil le linn tástálacha infhaighteachta agus faireachán infhaighteachta.

(75)  Acmhainneacht AMA atá ar fáil iarbhír le linn an tsásra faireacháin infhaighteachta nó na tástála infhaighteachta.

(76)  An uaschumhacht (in MW) is féidir leis an bPointe Seachadta a instealladh isteach in eangach Elia (nó a thógáil di) le haghaidh cheathrú uaire an chloig ar leith, agus na srianta teicniúla, oibríochtúla, meitéareolaíocha uile nó na srianta eile a aithnítear tráth a thugtar fógra do Elia maidir leis an Sceideal Laethúil á gcur san áireamh, gan aon rannpháirtíocht ón bpointe seachadta a chur san áireamh agus seirbhísí cothromúcháin á soláthar.

(77)  Dréacht-Fhoraithne Ríoga maidir le bunú na gcoinníollacha ar fúthu is féidir le sealbhóirí acmhainneachta eachtraí dírí agus indírí a bheith rannpháirteach sa nós imeachta réamhcháiliúcháin faoi chuimsiú an tsásra acmhainneachta.

(78)  Féach Cinneadh Uimh. 36/2020 ó ACER an 22 Nollaig 2020 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta.

(79)  Ciallaíonn ‘oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais’ eintiteas arna ainmniú ag an údarás inniúil chun cúraimí a bhaineann le cúpláil amháin lá roimh ré nó cúpláil amháin ionlae a dhéanamh – féach Airteagal 2 den Rialachán Leictreachais.

(80)  https://www.dekamer.be/kvvcr/showpage.cfm?section=/none&leftmenu=no&language=fr&cfm=/site/wwwcfm/flwb/flwbn.cfm?lang=F&legislat=55&dossierID=1220

(81)  https://www.creg.be/sites/default/files/assets/Publications/Decisions/Z1109-10FR.pdf

(82)  Féach Airteagal 21(8) den Rialachán Leictreachais.

(83)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, lena leasaítear na Teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte an Aontais maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir leis an Státchabhair i ndáil le himscaradh gasta líonraí leathanbhanda, maidir le Treoirlínte maidir leis an Státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014-2020, maidir le Státchabhair maidir le scannáin agus saothair eile closamhairc, maidir le Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí airgeadais a chur chun cinn agus maidir le Treoirlínte maidir le Státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (IO C 198, 27.6.2014, lch. 30).

(84)  Mar a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

(85)   IO C 200, 28.6.2014, lch. 1, mar a ceartaíodh leis an gceartúchán a ghlac an Coimisiún in IO C 290, 10.8.2016, lch. 11. An 2 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún teachtaireacht lena bhfadaítear EEAG go dtí an 31 Nollaig 2021 agus lena leasaítear é. Féach Teachtaireacht C(2020) 4355 final.

(86)  https://www.elia.be/en/news/press-releases/2020/05/20200520_third-regional-generation-adequacy-assessment-report

(87)  https://assets.rte-france.com/prod/public/2020-06/bp2019_synthegse_12_1_0.pdf

(88)  Cás 76/78 Steinike & Weinlig v an Ghearmáin [1977] ECR 595, mír 21; Cás C-379/98 PreussenElektra [2001] ECR I-2099, mír 58; Cás C-706/17 Achema [2019] mír 47 agus ina dhiaidh sin.

(89)  Cás C-345/02, Pearle agus Eile [2004] ECLI:EU:C:2004:448.

(90)  Cás C-677/11, Doux Élevage agus Coopérative agricole UKL-ARREE [2013] ECLI:EU:C:2013:348

(91)  Cás C-405/16 P, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v An Coimisiún Eorpach [2019] ECLI:EU:C:2019:268, mír 68.

(92)  Féach cás C-405/16 P, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v An Coimisiún Eorpach [2019] ECLI:EU:C:2019:268, míreanna 68 agus 72; cás C-706/17 Achema agus Eile [2019] ECLI:EU:C:2019:407, mír 57 agus cás T-217/17 FVE Holýšov I agus Eile v An Coimisiún [2019] ECLI:EU:T:2019:633, mír 111.

(93)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1996, SFEI agus Eile, C-39/94, ECLI:EU:C:1996:285, mír 60; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 1999, An Spáinn v An Coimisiún, C-342/96, ECLI:EU:C:1999:210, mír 41.

(94)  Féach an Rialachán Leictreachais agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach do leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(95)  I bpointe (16) de EEAG, cuireadh an abairt seo a leanas isteach i dTeachtaireacht C(2020) 4355 final: ‘Beidh feidhm ag na Treoirlínte sin, áfach, maidir le gnóthais nach raibh i gcruachás an 31 Nollaig 2019 ach a tháinig chun bheith i gcruachás sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.’

(96)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, EU:C:2020:742, míreanna 20 agus 24.

(97)  Féach sa mhéid sin pointí 49 agus 144 de EEAG.

(98)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, EU:C:2020:742, mír 44.

(99)  Féach aithris (25) den Chinneadh ón gCoimisiún maidir le cás státchabhrach SA.40029 (2014/N) ‘Tabhairt isteach an athuair na scéime foirceannta, na scéime cúitimh, Samhail I agus Samhail II – H1 2015’, IO C 136, 24.4.2015, lch. 4. Féach aithris (29) den Chinneadh ón gCoimisiún maidir le státchabhair SA.42215 (2015/N) ‘Fadú bhearta tacaíochta airgeadais na Gréige (Airteagal 2 dlí 3723/2008)’, IO C 277, 21.8.2015, lch. 11.

(100)  Cás C-213/96 Outokumpu [1998] I-1777, mír 30.

(101)  Tuairim C(2020) 2654 final ón gCoimisiún: https://ec.europa.eu/energy/topics/markets-and-consumers/capacity-mechanisms_en.

(102)  Tuarascáil Chríochnaitheach maidir le Fiosrúchán na hEarnála ar Shásraí Acmhainneachta, SWD(2016) 385 final.

(103)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, EU:C:2020:742, mír 101.


Top