This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0955
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/955 of 27 May 2021 laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) 2019/1156 of the European Parliament and of the Council with regard to the forms, templates, procedures and technical arrangements for the publications and notifications of marketing rules, fees and charges, and specifying the information to be communicated for the creation and maintenance of the central database on cross-border marketing of AIFs and UCITS, as well as the forms, templates and procedures for the communication of such information (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na foirmeacha, na teimpléid, na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí maidir le rialacha, táillí agus muirir mhargaíochta, agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl chun an bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis den sórt sin a chur in iúl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na foirmeacha, na teimpléid, na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí maidir le rialacha, táillí agus muirir mhargaíochta, agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl chun an bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis den sórt sin a chur in iúl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/3496
IO L 211, 15.6.2021, pp. 30–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
15/06/2021
|
15.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 211/30 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/955 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na foirmeacha, na teimpléid, na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí maidir le rialacha, táillí agus muirir mhargaíochta, agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl chun an bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis den sórt sin a chur in iúl
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 5(3), an tríú fomhír, Airteagal 10(3), an tríú fomhír, agus Airteagal 13(3), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú ag údaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme lena rialaítear ceanglais le haghaidh cistí infheistíochta malartacha (CIManna) agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna), go mbeidh an fhaisnéis sin inchomparáide. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla teimpléid a úsáid chun faisnéis den sórt sin a fhoilsiú. |
|
(2) |
Na hachoimrí ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna, ba cheart iad a bheith inrochtana go héasca. Ba cheart d’údaráis inniúla, dá bhrí sin, na hachoimrí sin a fhoilsiú ar an leathanach gréasáin céanna ar a bhfuil na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta sin is infheidhme foilsithe. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith soiléir, gonta agus éasca le tuiscint. |
|
(3) |
Ba cheart do bhainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIManna), cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna), cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna) agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna a bheith in ann measúnú a dhéanamh roimh ré ar chostas foriomlán ghníomhaíochtaí trasteorann laistigh de gach Ballstát. Chun inchomparáideacht na dtáillí agus na muirear a ghearrann údaráis inniúla as a ndualgais a dhéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann den sórt sin a áirithiú, ba cheart na táillí agus na muirir sin, nó na heilimintí riachtanacha le aghaidh táillí den sórt sin a ríomh, a chur i láthair i bhfoirm tábla. |
|
(4) |
Ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a bheith in ann a fhíorú an bhfuair sé an fhaisnéis ar fad maidir leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna agus maidir leis na hachoimrí orthu, agus maidir leis na táillí agus na muirir a ghearrtar i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECA, bhainisteoirí EuSEF agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna. Ba cheart do ESMA a bheith in ann a fhíorú freisin cibé an bhfuil an fhaisnéis sin iomlán agus cothrom le dáta nó nach bhfuil. Ba cheart d’údaráis inniúla, dá bhrí sin, foirmeacha caighdeánaithe a úsáid nuair atá fógra á thabhairt do ESMA acu maidir leis na hipearnaisc chuig na suíomhanna gréasáin a bhfuil an fhaisnéis le fáil orthu. |
|
(5) |
Ba cheart do ESMA agus na húdaráis inniúla araon pointe teagmhála aonair a ainmniú chun faisnéis maidir le hipearnaisc a sheoladh chuig a suíomhanna gréasáin agus a fháil ar a suíomhanna gréasáin áit a bhfoilsítear faisnéis maidir le forálacha náisiúnta lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna. |
|
(6) |
Ceanglaítear le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 ar ESMA bunachar sonraí lárnach a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, faoin 2 Feabhra 2022, ina bhfuil gach CIM, BCIM, bainisteoir EuSEF, bainisteoir EuVECA, GCUI agus cuideachta bainistíochta GCUI, a bhfuil margaíocht déanta orthu i mBallstát seachas an Ballstát dúchais. Tá faisnéis a chuireann údaráis inniúla ar fáil le cur sa bhunachar sonraí lárnach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dheireadh gach ráithe dar críoch an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig. Dá bhrí sin, maidir le haon cheanglais a bhaineann le faisnéis den sórt sin a sholáthar sa bhunachar sonraí lárnach ag údaráis inniúla, níor cheart feidhm a bheith acu roimh an 2 Feabhra 2022. |
|
(7) |
Chun go bhfeidhmeoidh an tairseach fógartha dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/1156 i gceart, is gá saoráid chun sonraí lena ngabhann a uaslódáil chuig an tairseach fógartha a bheith san áireamh leis na socruithe teicniúla. Ba cheart do ESMA iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise a ionchorpraítear sa tairseach fógartha a áirithiú. |
|
(8) |
Tá na forálacha sa Rialachán seo nasctha go dlúth le chéile, mar go leagtar amach iontu foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le faisnéis a chur in iúl do ESMA a bhaineann le dáileadh trasteorann CIManna agus GCUInna agus foilsiú faisnéise den sórt sin ag údaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin. Chun comhleanúnachas a áirithiú agus na foirmeacha caighdeánaithe a leagan amach agus mar gheall ar na hidirnaisc shubstainteacha idir forálacha an Rialacháin seo, is iomchuí na forálacha sin a áirithiú i Rialachán aonair. |
|
(9) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(10) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir le forálacha na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Ní dheachaigh ESMA i gcomhairle, áfach, maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonraítear na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh cumarsáid faisnéise ag údaráis náisiúnta inniúla i ndáil leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear ceanglais mhargaíochta agus i ndáil leis na táillí agus na muirir rialála a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECA, bhainisteoirí EuSEF agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna, agus maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl ag údaráis inniúla chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh cumarsáid faisnéise ag údaráis inniúla chuig ESMA chun críche bunachar sonraí lárnach a chruthú agus a chothabháil maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna agus ar na socruithe teicniúla le haghaidh fheidhmiú na tairsí fógartha mar go mbeadh sé an-díréireach tuairimí a lorg maidir le forálacha nach bhfuil tionchar acu ach amháin ar ESMA agus údaráis inniúla. |
|
(11) |
Ba cheart cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le foilsiú forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2019/1156 a bhaineann leis an oibleagáid sin. Ba cheart cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le faisnéis atá le cur in iúl do ESMA, chun críche bunachar sonraí lárnach a chruthú agus a chothabháil, a ailíniú leis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 a bhaineann leis an oibleagáid sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Forálacha náisiúnta a fhoilsiú maidir le ceanglais mhargaíochta
1. Foilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 ar a suíomhanna gréasáin, trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Foilseoidh údaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ina hiomláine ar leathanach gréasáin tiomanta aonair dá suíomhanna gréasáin, nó ar leathanaigh ghréasáin ar leithligh, ina leagfar amach an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo le haghaidh cistí infheistíochta malartacha (CIManna) agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna).
3. Foilseoidh na húdaráis inniúla achoimrí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach soiléir, gonta agus éasca le tuiscint, trí úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Foilseofar na hachoimrí sin ar an leathanach gréasáin céanna leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ag barr nó ag bun an leathanaigh ghréasáin sin.
Airteagal 2
Foilsiú faisnéise a bhaineann le táillí nó muirir arna ngearradh ag údaráis inniúla i leith a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECAnna, bhainisteoirí EuSEFanna agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna.
Foilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 ar leithligh le haghaidh gach táille nó muirir trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Fógraí chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
1. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir leis na hipearnaisc chuig a suíomhanna gréasáin ar a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 foilsithe, agus aon athrú ar na hipearnaisc sin agus ar an bhfaisnéis atá foilsithe ar na leathanaigh ghréasáin lena mbaineann, trí úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
2. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA maidir leis na hipearnaisc chuig a suíomhanna gréasáin ar a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 foilsithe, agus aon athrú ar na hipearnaisc sin agus ar an bhfaisnéis atá foilsithe ar na leathanaigh ghréasáin lena mbaineann, trí úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
3. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA maidir le haon athrú ar na hipearnaisc agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 laistigh de 10 lá oibre tar éis an athrú ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil a chur chun feidhme.
Airteagal 4
Pointe teagmhála aonair
1. Chun críocha na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 3, ainmneoidh gach údarás inniúil pointe teagmhála aonair chun an fhaisnéis a sheoladh chuige agus chun aon saincheist a bhaineann le cur isteach na faisnéise sin a chur in iúl.
2. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoin bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear i mír 1.
3. Ainmneoidh ESMA pointe teagmhála aonair chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a fháil agus chun aon saincheist a bhaineann le fáil na faisnéise dá dtagraítear san Airteagal seo a chur in iúl.
4. Tabharfaidh ESMA fógra do na húdaráis inniúla faoin bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 5
Faisnéis atá le cur in iúl do ESMA chun críche bunachar sonraí lárnach a chruthú agus a chothabháil maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna.
1. Chun críocha an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/1156 a chruthú agus a chothabháil, seolfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile an fhaisnéis a shonraítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VI leis an Rialachán seo agus aon nuashonrú maidir leis chuig ESMA ar bhonn ráithiúil.
2. Seolfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig ESMA tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dheireadh gach ráithe dar críoch an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig.
Airteagal 6
Socruithe teicniúla le haghaidh fheidhmiú na tairsí fógartha arna bunú ag ESMA
1. Tarchuirfidh údaráis inniúla, i bhformáid XML coiteann, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) trí úsáid a bhaint as an bhformáid réimse a leagtar síos i dTábla 2 d’Iarscríbhinn VI.
2. Tarchuirfidh údaráis inniúla na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 go leictreonach tríd an tairseach fógartha arna bunú ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán sin.
3. Áiritheoidh ESMA iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le linn a tarchuir tríd an tairseach fógartha.
4. Áiritheoidh ESMA go bpróiseálfaidh agus go seiceálfaidh an tairseach fógartha dá dtagraítear i mír 2 an fhaisnéis tarchurtha agus na sonraí uile lena ngabhann go huathoibríoch agus go seolfaidh sí aiseolas chuig an údarás inniúil maidir le rathúlacht an tarchuir agus maidir le haon earráidí a tharla le linn an tarchuir sin.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus Airteagal 3(1) ón 2 Lúnasa 2021 agus beidh feidhm ag Airteagal 5 ón 2 Feabhra 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 188, 12.07.2019, lch. 55.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
Teimpléad le haghaidh fhoilsiú forálacha náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIMana agus GCUInna
|
[Tabhair le fios an dáta deiridh a modhnaíodh an fhaisnéis] Tá faisnéis ar an leathanach seo maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta. Ceanglais mhargaíochta le haghaidh GCUInna (Cuir isteach faisnéis cothrom le dáta agus iomlán maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh GCUInna, lena n-áirítear hipearnaisc chuig leaganacha iomlána na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sin) Ní mór na catagóirí rialacha a leanas ar a laghad a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis lena rialaítear an méid seo a leanas:
Séanadh: Tá cúram réasúnach glactha ag [Ainm an údaráis inniúil] lena áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh GCUInna in [Ainm an Bhallstáit] san áireamh ar an leathanach gréasáin seo cothrom le dáta agus iomlán. Níl [Ainm an údaráis inniúil] freagrach as suíomhanna gréasáin seachtracha a chothabháil agus níl sé freagrach as aon earráid nó easnamh ar aon suíomh gréasáin seachtrach a soláthraítear hipearnaisc chuige ar an leathanach gréasáin seo. Ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna (Cuir isteach faisnéis cothrom le dáta agus iomlán maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna, lena n-áirítear na hipearnaisc chuig leaganacha iomlána na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sin). I gcás ina bhfuil aon fhoráil shonrach i bhfeidhm maidir le margaíocht catagóirí áirithe CIManna (e.g. CIManna réadmhaoine, CIManna cothromais phríobháidigh, etc.), cuir isteach na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta ábhartha le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin. Ní mór na catagóirí rialacha a leanas ar a laghad a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis lena rialaítear an méid seo a leanas:
Séanadh: Tá cúram réasúnach glactha ag [Ainm an údaráis inniúil] lena áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna in [Ainm an Bhallstáit] san áireamh ar an leathanach gréasáin seo cothrom le dáta agus iomlán. Níl [Ainm an údaráis inniúil] freagrach as suíomhanna gréasáin seachtracha a chothabháil agus níl sé freagrach as aon earráid nó easnamh ar aon suíomh gréasáin seachtrach a soláthraítear hipearnaisc chuige ar an leathanach gréasáin seo. Ceanglais eile* Chomh maith leis na forálacha dá dtagraítear thuas, a leagtar amach go sonrach le haghaidh margaíocht [GCUInna/CIManna/GCUInna agus CIManna], d’fhéadfadh forálacha dlí eile a bheith i bhfeidhm agus margaíocht á déanamh orthu in [Ainm an Bhallstáit], cé nach bhfuil siad deartha go sonrach le haghaidh margaíocht [GCUInna/CIManna/GCUInna agus CIManna], ag brath ar chás aonair na ndaoine sin atá páirteach i margaíocht scaireanna nó aonad [GCUInna/CIManna/GCUInna agus CIManna]. D’fhéadfadh margaíocht in [ainm an Bhallstáit] cur i bhfeidhm na gceanglas eile a spreagadh, amhail [sonraigh na comhlachtaí ábhartha den dlí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith infheidhme]. Séanadh: Seo a leanas liosta neamhchuimsitheach de dhlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith infheidhme agus níl [Ainm an údaráis inniúil] faoi dhliteanas i leith aon easnaimh ar an liosta sin. Níl maoirseacht na gceanglas a eascraíonn as na dlíthe seo faoi mhaoirseacht [Ainm an údaráis inniúil]. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht na gceanglas seo, agus aon cheanglais dhlíthiúil eile, sula ndéanfar margaíocht ar [GCUI/CIM/GCUI nó CIM] nó infheistíocht ann. I gcás ina bhfuil neamhchinnteacht, ba cheart do na daoine sin a dhéanann margaíocht ar GCUInna nó CIManna nó a infheistíonn iontu comhairle neamhspleách a fháil maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir lena gcás aonair.
|
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad le haghaidh fhoilsiú na n-achoimrí ar fhorálacha náisiúnta lena rialaítear na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna
|
[Tabhair le fios an dáta deiridh a modhnaíodh an fhaisnéis má fhoilsítear an achoimre seo ar leathanach gréasáin ar leithligh ón bhfaisnéis in Iarscríbhinn I] Achoimre ar na ceanglais mhargaíochta le haghaidh GCUInna (Cuir isteach an achoimre ar na ceanglais mhargaíochta le haghaidh GCUInna, ag sainaithint go háirithe na rialacha lena rialaítear an méid seo a leanas:
Achoimre ar na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna (Cuir isteach an achoimre ar na ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna, ag sainaithint go háirithe na rialacha lena rialaítear an méid seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
Teimpléad le haghaidh táillí agus muirir rialála a fhoilsiú
|
[Tabhair le fios an dáta deiridh a modhnaíodh an fhaisnéis] Tá faisnéis ar an leathanach seo maidir leis na táillí agus na muirir arna ngearradh ag [ainm an údaráis inniúil] i leith a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuSEF, bhainisteoirí EuVECA agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta. [Ní mór d’údaráis inniúla an teimpléad seo a úsáid chun na táillí agus na muirir ar fad a ghearrann siad as a ndualgais a dhéanamh i leith a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECAnna, bhainisteoirí EuSEFanna agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna, chun iad sin a fhoilsiú, ag scagadh na dtáillí agus na muirear, i measc nithe eile, sna catagóirí a leanas, de réir mar is infheidhme]. Táillí agus muirir bhainistithe trasteorann*
Táillí agus muirir mhargaíochta trasteorann*
Teimpléad le haghaidh táillí agus muirear (Ainm nó tuairisc ghairid ar an táille nó muirear) (An bunús dlí agus hipearnasc le leagan iomlán an téacs dlí ábhartha) (An t-eintiteas atá faoi dhliteanas an táille nó an muirear a íoc) (Gníomhaíocht as a dtagann an táille nó muirear) (Tuairisc ar struchtúr na táille nó an mhuirir, lena n-áirítear, inter alia, an fhaisnéis seo a leanas:
(Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a sholáthar maidir le struchtúr, tréimhsiúlacht, nó modheolaíocht ríofa na táille nó an mhuirir. Nuair a mheasann an t-údarás go bhféadfadh an fhaisnéis atá sna sraitheanna thuas a bheith doiléir nó míthreorach, ní mór faisnéis bhreise a chur ar fáil.) Séanadh: Is iad na táillí agus na muirir a liostaítear thuas na táillí agus na muirir a ghearrann [ainm an údaráis inniúil]. D’fhéadfaí costais a thabhú, áfach, a bhaineann le hoibleagáidí riaracháin, comhairle tríú páirtí nó forbairt thráchtála agus margaíocht á déanamh ar GCUInna nó CIManna in [ainm an Bhallstáit]. Níl [Ainm an údaráis inniúil] freagrach as suíomhanna gréasáin seachtracha a chothabháil agus níl sé freagrach as aon earráid nó easnamh ar aon suíomh gréasáin seachtrach a soláthraítear hipearnaisc chuige ar an leathanach gréasáin seo. |
IARSCRÍBHINN IV
Teimpléad le haghaidh an fhógra faisnéise de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo
|
An fhoirm le haghaidh cumarsáid faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/1156 Ó: Ballstát: Údarás inniúil: Pointe teagmhála ainmnithe: Ríomhphost: (Fógra tosaigh) A Dhuine Uasail, I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta, is mian liom an fhaisnéis dá dtagraítear san fhoráil seo a sholáthar, eadhon:
Tá an fhaisnéis sin sa tábla thíos.
Mise le dúthracht duit, [Síniú] (I gcás ina mbaineann an fógra le hathrú ar fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi roimhe) A Dhuine Uasail, I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/1156, is mian liom fógra a thabhairt faoi athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhoráil seo, eadhon (cibé acu) an hipearnasc chuig suíomh gréasáin [ainm an údaráis inniúil], áit a bhfoilsítear an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta go léir is infheidhme lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna agus a n-achoimrí, (agus/nó) an achoimre ar na ceanglais mhargaíochta chun críche foilsithe ar shuíomh gréasáin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí. Tá sonraí an athraithe a cuireadh chun feidhme le fáil sa tábla thíos ar an [dáta chur chun feidhme an athraithe ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil].
Mise le dúthracht duit, [Síniú] |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN V
Teimpléad le haghaidh an fhógra faisnéise de bhun Airteagal 3(2) den Rialachán seo
|
An fhoirm le haghaidh cumarsáid faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1156 Ó: Ballstát: Údarás inniúil: Pointe teagmhála ainmnithe: Ríomhphost: A Dhuine Uasail, I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta, is mian liom an fhaisnéis dá dtagraítear san fhoráil seo a thabhairt duit, eadhon an hipearnasc chuig suíomh gréasáin [ainm an údaráis inniúil], ar a bhfoilsítear faisnéis maidir le táillí nó muirir a ghearrtar i [Ballstát] i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECA, bhainisteoirí EuSEF, agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna.
(I gcás ina mbaineann an fógra le hathrú ar fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi roimhe) A Dhuine Uasail, Is mian liom a chur in iúl duit go bhfuil athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1156, eadhon an hipearnasc chuig suíomh gréasáin [ainm an údaráis inniúil], ar a bhfoilsítear faisnéis maidir le táillí nó muirir a ghearrtar i [Ballstát] i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECA, bhainisteoirí EuSEF, agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna. (I gcás inarb infheidhme) is mian liom a chur in iúl duit go bhfuil athrú ar an bhfaisnéis atá foilsithe ar shuíomh gréasáin [ainm an údaráis inniúil] maidir leis na táillí agus na muirir rialála a ghearrtar i [Ballstát] i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECA, bhainisteoirí EuSEF, agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna. Tá na sonraí maidir leis an athrú a cuireadh chun feidhme ar an [dáta chur chun feidhme an athraithe ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil] sa tábla thíos.
Mise le dúthracht duit, [Síniú] |
||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN VI
SONRAÍ ATÁ LE SOLÁTHAR DO ESMA CHUN BUNACHAR SONRAÍ LÁRNACH MAIDIR LE MARGAÍOCHT TRASTEORANN AR CIM AGUS GCUI A CHRUTHÚ AGUS A CHOTHABHÁIL
Tábla 1
Na réimsí atá le tuairisciú
|
Uimhir |
Réimse |
An t-inneachar atá le tuairisciú |
An caighdeán agus an fhormáid atá le húsáid |
||||||||||
|
1 |
Ainm an chiste |
Ainm iomlán an chiste. |
{ALPHANUM-350} |
||||||||||
|
2 |
Cód céannachta náisiúnta an chiste |
Aitheantóir uathúil an chiste. |
{ALPHANUM-35} |
||||||||||
|
3 |
LEI an chiste |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh an chiste. |
{LEI} |
||||||||||
|
4 |
Aicme scaireanna ISIN |
Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta na haicme scaireanna. |
{ISIN} |
||||||||||
|
5 |
Ainm na cuideachta bainistíochta |
Ainm iomlán na cuideachta bainistíochta. |
{ALPHANUM-350} |
||||||||||
|
6 |
LEI na cuideachta bainistíochta |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh na cuideachta bainistíochta. |
{LEI} |
||||||||||
|
7 |
Cód náisiúnta céannachta na cuideachta bainistíochta ciste |
Aitheantóir uathúil na cuideachta bainistíochta ciste arna hainmniú ag an údarás inniúil. |
{ALPHANUM-35} |
||||||||||
|
8 |
An cineál ciste |
An cineál ciste. |
Rogha ó liosta réimsí réamhshainithe:
|
||||||||||
|
9 |
Ballstát seolta |
Ainm an Bhallstáit seolta. |
{COUNTRYCODE_2} |
||||||||||
|
10 |
Ballstát óstach |
Ní mór d’údaráis inniúla na Ballstáit óstacha uile inar fógraíodh an ciste le haghaidh margaíochta a léiriú. |
{COUNTRYCODE_2} |
||||||||||
|
11 |
Dáta an fhógra |
Le haghaidh gach Ballstáit óstaigh, ní mór don údarás inniúil a léiriú cathain a sheol sé an fógra maidir le margaíocht an chiste chuig údarás inniúil na mBallstát óstach. |
{DATEFORMAT} |
||||||||||
|
12 |
An dáta a cuireadh an fógra ar ceal |
Le haghaidh gach Ballstáit óstaigh, ní mór don údarás inniúil a léiriú cathain a sheol sé an fógra i dtaca le margaíocht an chiste a chur ar ceal chuig údarás inniúil na mBallstát óstach. |
{DATEFORMAT} |
||||||||||
|
13 |
An doiciméadacht fógartha dá dtagraítear in Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE agus in Airteagail 31(2) agus 32(2) de Threoir 2011/61/AE |
Ní mór do na húdaráis inniúla ainm an chomhaid a léiriú a úsáideadh chun an doiciméadacht fógartha a thuairisciú. |
Formáid lena gceadaítear anailís a dhéanamh ar inneachar an doiciméid gan gá a bheith ann an doiciméad a thiontú chuig formáid eile. |
||||||||||
|
14 |
Teanga na doiciméadachta fógartha |
An teanga ina bhfuil an doiciméadacht dí-fhógartha dréachtaithe. |
{LANGUAGE} |
||||||||||
|
15 |
An doiciméadacht i dtaca leis an bhfógra a chur ar ceal dá dtagraítear in Airteagal 93a(2) de Threoir 2009/65/CE agus in Airteagal 32a(2) de Threoir 2011/61/AE |
I gcás inarb infheidhme, tugann sé le fios ainm an chomhaid a úsáideadh chun an doiciméadacht i dtaca leis an bhfógra a chur ar ceal a thuairisciú. |
Formáid lena gceadaítear anailís a dhéanamh ar inneachar an doiciméid gan gá a bheith ann an doiciméad a thiontú chuig formáid eile. |
||||||||||
|
16 |
Teanga na doiciméadachta i dtaca leis an bhfógra a chur ar ceal |
An teanga ina bhfuil an doiciméadacht i dtaca leis an bhfógra a chur ar ceal dréachtaithe. |
{LANGUAGE} |
||||||||||
|
17 |
Margaithe |
Ní mór do na húdaráis inniúla a léiriú, más féidir, an bhfuil margaíocht déanta ar an gciste. |
Rogha ó liosta réimsí réamhshainithe:
|
||||||||||
|
18 |
Cineál an chiste |
Ní mór do na húdaráis inniúla a léiriú cibé an bhfuil an ciste á bhainistiú go hinmheánach. |
Rogha ó liosta réimsí réamhshainithe:
|
Tábla 2
Formáidí réimse
|
Uimhir |
Siombail |
An cineál sonraí |
Sainmhíniú |
|
1 |
{ALPHANUM-n} |
Suas le n charachtar alfa-uimhriúla |
Réimse saorthéacs |
|
2 |
{LEI} |
20 carachtar alfa-uimhriúla |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh mar a shainmhínítear in ISO 17442 |
|
3 |
{ISIN} |
12 charachtar alfa-uimhriúla |
Cód ISIN, mar a shainmhínítear in ISO 6166 |
|
4 |
{COUNTRYCODE_2} |
Dhá charachtar alfa-uimhriúla |
Cód tíre dhá litir, mar a shainmhínítear in ISO 3166-1 cód tíre alfa-2 |
|
5 |
{LANGUAGE} |
Cód dhá litir |
ISO 639-1 |
|
6 |
{DATEFORMAT} |
Dátaí san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LL; Ní mór dátaí a thuairisciú in UTC |
Formáid dáta ISO 8601 |