This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0841
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/841 of 19 February 2021 amending Delegated Regulation (EU) No 640/2014 as regards the rules on non-compliances in relation to the system for the identification and registration for bovine, ovine and caprine animals and on the calculation of the level of administrative penalties in respect of declared animals under animal aid schemes or animal-related support measures
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe
C/2021/993
IO L 186, 27.5.2021, p. 12–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R1172
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/12 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/841 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 63(4), 64(6) agus 77(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Airteagal 30 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 (2) ón gCoimisiún tá rialacha chun líon na n-ainmhithe cinntithe a bhunú chun críocha na tacaíochta cúpláilte deonaí bunaithe ar iarratais ar chabhair beostoic faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi thacaíocht forbairt tuaithe atá bunaithe ar éilimh íocaíochta faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe. Go háirithe, leagtar amach ann rialacha le haghaidh cásanna neamhchomhlíontachta maidir leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha agus ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (3) go mbunóidh na Ballstáit córas chun ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Ós rud é go bhfuil ceanglais sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin sin atá cosúil leis na ceanglais atá sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin le haghaidh ainmhithe buaibheacha mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí na rialacha a ailíniú chun neamhchomhlíontachtaí a bhaineann le córas sainaitheanta agus clárúcháin na dtrí chatagóir ainmhithe sin a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí tagairt do “mhodh sainaitheantais” a chur in ionad na tagartha do “chlibeanna cluaise” i gcomhréir leis an dá Rialachán sin. |
(2) |
Agus forás an chórais chomhtháite riaracháin agus rialúcháin á chur san áireamh agus ar mhaithe le simpliú, is iomchuí oiriúnú a dhéanamh ar na pionóis riaracháin i leith scéimeanna cabhrach ainmhithe agus bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 trí suas le trí ainmhí a chinntear a bheith neamhchinntithe a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin, a fhad is gur féidir iad a shainaithint ina n-aonar trí bhíthin doiciméid sainaitheantais nó tacaíochta, agus trí choigeartú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós atá le cur i bhfeidhm más rud é go meastar go bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (5), i gcás ina mbaineann an beart tacaíochta cúpláilte le hainmhithe buaibheacha agus/nó le caoirigh agus le gabhair, ní mór do na Ballstáit na ceanglais maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 nó i Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 faoi seach, a shainiú mar choinníoll incháilitheachta don tacaíocht. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na Rialacháin sin, maidir le teagmhais a bhaineann le hainmhithe amhail breith, bás agus gluaiseacht, tabharfar fógra fúthu sa bhunachar sonraí ríomhairithe laistigh de theorainneacha ama áirithe. Is mar neamhchomhlíontacht a mheastar mainneachtain cloí leis na teorainneacha ama sin i leith an ainmhí lena mbaineann. Chun comhréireacht a áirithiú, áfach, agus gan dochar do choinníollacha incháilitheachta a shocróidh an Ballstát, ba cheart a mheas go bhfuil ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair incháilithe le haghaidh cabhrach nó tacaíochta gan pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm fad is a tugadh fógra déanach maidir le teagmhas a bhaineann le hainmhí roimh thús na tréimhse coinneála nó roimh dháta tagartha ar leith, mar atá leagtha síos ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014. |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus le simpliú, ba cheart foclaíocht Airteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a ailíniú idir an córas atá bunaithe ar éilimh agus an córas gan éilimh. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit a gcórais a choigeartú chun na rialacha leasaithe a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó tréimhsí préimhe ón 1 Eanáir 2021 amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31: “Airteagal 31 Pionóis riaracháin i leith ainmhithe faoi na scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe 1. Maidir le méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach ainmhithe nó beart tacaíochta a bhaineann le hainmhithe nó cineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann, íocfar é bunaithe ar an líon ainmhithe a bheidh cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3), tar éis na seiceálacha riaracháin nó na seiceálacha ar an láthair, ar choinníoll:
2. Má tá níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe, laghdófar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann:
Más mó ná 30 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. Más mó ná 50 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. Thairis sin, beidh an tairbhí faoi réir pionós breise a bheidh comhionann le méid a chomhfhreagraíonn don difear idir an líon ainmhithe a dhearbhaítear agus an líon ainmhithe atá cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3). Mura féidir an méid sin a fhritháireamh go hiomlán le linn na 3 bliana féilire tar éis na bliana féilire ina n-aimsítear an cás, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, cuirfear an t-iarmhéid atá gan íoc ar ceal. Maidir le speicis seachas na speicis dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh líon ainmhithe a chinneadh nach é an tairseach trí ainmhí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo é. Agus an líon sin á chinneadh ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go bhfuil sé coibhéiseach ó thaobh substainte leis an tairseach sin, trí inter alia na haonaid beostoic agus/nó méid na cabhrach nó na tacaíochta a deonaíodh a chur san áireamh. 3. Chun na céatadáin dá dtagraítear i mír 2 a shocrú, déanfar líon na n-ainmhithe faoi scéim chabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta a chinntear a bheith neamhchinntithe a roinnt ar líon na n-ainmhithe atá cinntithe don scéim cabhrach sin nó beart tacaíochta sin nó cineál oibríochta sin faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. 4. I gcás ina ríomhtar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar an ngabháltas, ríomhfar líon na n-ainmhithe a chinntear a bheith neamhchinntithe dá dtagraítear i mír 2, de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe sin ar an ngabháltas freisin.” |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin agus le coinníollacha maidir le híocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh a dhiúltú nó a aistarraingt (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun ainmhithe buaibheacha a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).