EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0606

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/606 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Bealarúise agus na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann, agus Gheirsí ar na liostaí de thríú tíortha nó de réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2005

IO L 129, 15.4.2021, p. 65–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/606/oj

15.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 129/65


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/606 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Bealarúise agus na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann, agus Gheirsí ar na liostaí de thríú tíortha nó de réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinneadh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 127(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 maidir leis na coinníollacha a bhaineann le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tríú tíortha sin, a thabhairt isteach san Aontas, lena áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sna rialacha maidir le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 nó na ceanglais a aithnítear a bheith ar a laghad coibhéiseach leo. Áirítear ar na coinníollacha sin sainaithint na n-ainmhithe agus na n-earraí sin lena gcaitheamh ag an duine nach féidir a thabhairt isteach san Aontas ach ó thríú tíortha ná ó réigiúin a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(2)

I Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008 (3), (CE) Uimh. 119/2009 (4), (AE) Uimh. 206/2010 (5) agus (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (6), a aisghairtear ón 21 Aibreán 2021 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (7), agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 ón gCoimisiún (8), a aisghairtear ón 21 Aibreán 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (9), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó de réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe a thabhairt isteach san Aontas. Cuirtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, a mbeidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021 in ionad liostaí maidir le ceanglais sábháilteachta bia i Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010 agus (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún, agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626.

(3)

Áirítear an Bhealarúis ar liosta na dtríú tíortha óna gceadaítear táirgí iascaigh seachas moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí a thabhairt isteach san Aontas, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626, agus tá plean formheasta aici chun faireachán a dhéanamh ar iarmhar dobharshaothraithe, atá i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (10). Dá bhrí sin, tá fianaise ábhartha ann lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an Bhealarúis ceanglais phointí (a) go (f) d’Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le táirgí iascaigh a thabhairt isteach san Aontas, lena n-airítear táirgí dobharshaothraithe, seachas moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí. An ráiteas 'gabháil iasc fiáin amháin' a bhaineann leis an mBealarúis faoi láthair sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, ba cheart é a bhaint d’fhonn údarú a thabhairt don tríú tír sin táirgí iascaigh ó dhobharshaothrú a thabhairt isteach san Aontas.

(4)

Le Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/2205 (11), (AE) 2020/2206 (12), (AE) 2020/2204 (13), (AE) 2020/2207 (14) agus (AE) 2020/2209 (15), faoi seach ón gCoimisiún, leasaíodh Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010 agus (AE) Uimh. 605/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann, agus Gheirsí ar na liostaí de thríú tíortha nó de réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, níor áiríodh an Ríocht Aontaithe ná Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí ar na liostaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir chun na hiontrálacha sin a áireamh.

(6)

Tá fianaise ábhartha curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le hearraí agus ainmhithe atá údaraithe a thabhairt isteach san Aontas ón Ríocht Aontaithe agus ó Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí, a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún.

(7)

Déantar foráil le pointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 do chlár rialaithe iarmhar arna fhormheas ag an gCoimisiún a bheith ann, a chur chun feidhme agus a thuairisciú, i gcás inarb infheidhme, agus go mbeidh ceanglas breise maidir le tríú tíortha nó réigiúin díobh a áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 126 (2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625. Leagtar amach liosta de na tríú tíortha a ndearnadh formheas ar a bpleananna faireacháin le haghaidh iarmhar san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE, agus a leasaíodh a mhéid a bhaineann le formheas na bpleananna faireacháin le haghaidh iarmhar arna gcur isteach ag an Ríocht Aontaithe agus ag Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2218 ón gCoimisiún (16).

(8)

Agus fianaise agus ráthaíochtaí na Ríochta Aontaithe á gcur san áireamh gur cheart tríú tíortha agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí a áireamh in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin. Ní gá athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó rannáin óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais maidir le deimhniúchán tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 119/2009 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2009 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha nó codanna díobh, maidir le feoil ó leipirdigh fiáine, ó mhamaigh thalún fiáine áirithe agus feoil ó choiníní feirme a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais maidir le deimhniúchán tréidliachta (IO L 39, 10.2.2009, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún an 12 Márta 2010 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha, críocha nó codanna díobh atá údaraithe chun ainmhithe áirithe agus feoil úr áirithe a thabhairt isteach san Aontas Eorpach agus na ceanglais maidir le deimhniúchán tréidliachta (IO L 73, 20.3.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha deimhniúcháin sláinte ainmhithe, sláinte poiblí agus tréidliachta maidir le bainne amh agus táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí atá bunaithe ar ghruth buí lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 ón gCoimisiún an 5 Márta 2019 maidir le liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas Eorpach, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 maidir leis na liostaí sin (IO L 131, 17.5.2019, lch. 31).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(10)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2205 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríoch Corónach Gheansaí ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó rannáin óna bhféadfar coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí éineola a thabhairt isteach san Aontas nó a bheith faoi bhealach tríd (IO L 438, 28.12.2020, lch. 11).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2206 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 119/2009 a mhéid a bhaineann le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha nó codanna díobh atá údaraithe chun coinsíneachtaí feola ó leipirdigh fhiáine, ó mhamaigh thalún fhiáine áirithe agus ó choiníní feirme a thabhairt isteach san Aontas (IO L 438, 28.12.2020, lch. 15).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2204 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha na Corónach ar liostaí de thríú tíortha, críocha, criosanna nó codanna díobh atá údaraithe chun earraí áirithe agus feoil úr áirithe a thabhairt isteach san Aontas (IO L 438, 28.12.2020, lch. 7).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2207 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha na Corónach ar an liosta de thríú tíortha nó codanna díobh atá údaraithe chun bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí atá bunaithe ar ghruth buí, lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 438, 28.12.2020, lch. 18).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2209 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha na Corónach ar an liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 438, 28.12.2020, lch. 24).

(16)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2218 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE a mhéid a bhaineann le formheas na bpleananna faireacháin le haghaidh iarmhar arna gcur isteach ag an Ríocht Aontaithe agus ag Spleáchchríocha na Corónach (IO L 438, 28.12.2020, lch. 63).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinní IV go XIII, agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hEilvéise agus iontráil na Nua Shéalainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*1)

 

(2)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hEilvéise agus iontráil na Seapáine:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*2)

 

(3)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na Síne agus iontráil na Macadóine Thuaidh:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*3)

 

(4)

in Iarscríbhinn VI, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil Cheanada agus iontráil na Graonlainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*4)

 

(5)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na Síne agus iontráil na Graonlainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*5)

A

A

A

A

A

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na Sile agus iontráil na Graonlainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*6)

 

GG

Geansaí

Gabháil iasc fiáin amháin

(b)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na Graonlainne agus iontráil na hIamáice:

“IM

Oileán Mhanann

 

JE

Geirsí

Gabháil iasc fiáin amháin”

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBealarúis:

“BY

an Bhealarúis”

 

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na Gabúine agus iontráil Ghreanáda:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*7)

 

(c)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na Seoirsia agus iontráil Ghána:

“GG

Geansaí

Gabháil iasc fiáin amháin”

(d)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil Iosrael agus iontráil na hIndia:

“IM

Oileán Mhanann”

 

(e)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hIaráine agus iontráil na hIamáice:

“JE

Geirsí

Gabháil iasc fiáin amháin”

(8)

in Iarscríbhinn X, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na hEilvéise agus iontráil na Seapáine:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*8)

 

GG

Geansaí

 

IM

Oileán Mhanann

 

JE

Geirsí

 

(9)

Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na hÉigipte agus iontráil Ghána:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*9)

 

GG

Geansaí

 

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hIndinéise agus iontráil na hIndia:

“IM

Oileán Mhanann”

 

(c)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hIndia agus iontráil Mharacó:

“JE

Geirsí”

 

(10)

Leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil Oileáin Fháclainne agus iontráil na Graonlainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*10)

 

GG

Geansaí

 

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil Iosrael agus iontráil na hIndia:

“IM

Oileán Mhanann”

 

(c)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na hIndia agus iontráil na Seapáine:

“JE

Geirsí”

 

(11)

in Iarscríbhinn XIII, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na Síne agus iontráil na Graonlainne:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*11)

 

GG

Geansaí

 

(12)

in Iarscríbhinn XVI, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach idir iontráil na hEilvéise agus iontráil Iosrael:

“GB

An Ríocht Aontaithe (*12)

BPP, DOC, HEP

BPP, DOC, HEP

GG

Geansaí

BPP

BPP



Top