Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0391

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

    IO L 77, 5.3.2021, p. 2–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/391/oj

    5.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 77/2


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/391 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Márta 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart na hiontrálacha do bheirt a scriosadh agus ba cheart an fhaisnéis in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 208/2014 a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

    (1)

    i roinn A. (“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanach, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

    13.

    Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk;

    15.

    Serhiy Hennadiyovych Arbuzov;

    (2)

    i roinn B. (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), cuirtear an méid seo thíos isteach ina hionad:

    “B.

    Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

    Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

    Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (‘an Cód um Nós Imeachta Coiriúil’) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil drochamhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun dlíodóir cosanta a fháil, nuair a iarrtar ar dtús é; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

    Déantar idirdhealú in Airteagal 303 de Chód an Nós Imeachta Choiriúil idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúla gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialach, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de thrí lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167-175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

    Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

    1.

    Viktor Fedorovych Yanukovych

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh High Anti-Corruption Court (Ard-Chúirt Frith-Éillithe) na hÚcráine an 11 Lúnasa 2020 inar scrúdaigh an Chúirt achainí an National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe) na hÚcráine agus inar thug sí cead an tUasal Yanukovych a ghabháil. Sa rialú ón gCúirt sin, dheimhnigh an breitheamh imscrúdaithe, go bhfuil amhras réasúnach ann go raibh an tUasal Yanukovych rannpháirteach i gcion coiriúil maidir le míleithreasú agus deimhníodh freisin stádas an Uasail Yanukovych sna himeachtaí coiriúla mar dhuine atá faoi amhras.

    Shuigh an Ard-Chúirt Frith-Éillithe freisin go bhfuil an tUasal Yanukovych ina chónaí lasmuigh den Úcráin ó 2014 i leith. Chinn an Chúirt gurbh ann d’fhorais leordhóthanacha lena chreidiúint go raibh an tUasal Yankovych á cheilt féin ar na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialacha.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn a bhfuil imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Yanukovych a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chúirt, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Yanukovych.

    2.

    Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 27 Samhain 2019 lena dtugtar cead an tUasal Zakharchenko a choinneáil.

    Ina theannta sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Zakharechenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe an tUasal Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

    Filleadh ar an imscrúdú réamhthrialach an 28 Feabhra 2020 agus rinneadh gníomhartha nós imeachta agus imscrúdaithe. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Zakharchenko á cheilt féin ón gcomhlacht imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

    Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an an Uasal Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Zakharchenko.

    3.

    Viktor Pavlovych Pshonka

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 22 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead an tUasal Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Pshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an Uasail Pshonka a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh fós sin ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

    Dhiúltaigh údaráis na Rúise d’iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2016 agus in 2018.

    Sa chinneadh uaithi an 2 Deireadh Fómhair 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine),, an t-achomharc a thíolaic dlíodóir Viktor Pshonka chun an fógra amhrais dar dáta an 23 Nollaig 2014 a chur ar ceal. Chinn an Chúirt gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas an Uasail Pshonka sna himeachtaí coiriúla.

    An 7 Bealtaine 2020 agus an 9 Samhain 2020, dhiúltaigh High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine) iarratas chun tús a chur le himeachtaí a dhéanadh de bhonn gearán dlíodóirí maidir le neamhghníomhaíocht an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) sna himeachtaí coiriúla. Dhearbhaigh an Appellate Chamber of the High Anti-Corruption Court (Dlísheomra Achomhairc na hArd-Chúirte Frith-Éillithe) na cinntí sin an 1 Meitheamh 2020 agus an 26 Samhain 2020 faoi seach.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Pshonka a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

    6.

    Viktor Ivanovych Ratushniak

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 4 Nollaig 2019 lena dtugtar cead an tUasal Ratushniak a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe an tUasal Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

    An 28 Feabhra 2020, tosaíodh arís ar an imscrúdú réamhthrialach d’fhonn gníomhaíochtaí nós imeachta agus imscrúdaithe a dhéanamh. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Ratusniak á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

    Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Ratusniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measannan Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Ratushniak.

    7.

    Oleksandr Viktorovych Yanukovych

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chunan tUasal Yanukovych, atá ina chónaí i gCónaidhm na Rúise agus ag éalú ón imscrúdú, a chuardach.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an UasalYanukovych a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Yanukovych.

    9.

    Artem Viktorovych Pshonka

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 29 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead an tUasal Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasalPshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an duine atá faoi amhras a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh sin fós ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

    Dhiúltaigh údaráis na Rúise don iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2018.

    Sa chinneadh uaithi an 8 Iúil 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine),, an t-achomharc a thíolaic an dlíodóir atá ag Artem Pshonka chun an cinneadh - an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí - a chur ar ceal. Chinn an Chúirt freisin gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas an Uasail Pshonka sna himeachtaí coiriúla.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ina ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an UasalPshonka a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

    12.

    Serhiy Vitalyovych Kurchenko

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 7 Márta 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Ina theannta sin, tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach an 28 Márta 2019 agus tugadh rochtain ar na hábhair dóibh chun taithíochta. Tá faisnéis ag an gComhairle go bhfuil taithíocht na cosanta ar bun i gcónaí.

    Sa chinneadh uaithi an 29 Aibreán 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar an Uasal Kurchenko. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág an tUasal Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil an tUasal Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith an Uasail Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

    17.

    Oleksandr Viktorovych Klymenko

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Klymenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 1 Márta 2017 agus an 5 Deireadh Fómhair 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Tugann an Chomhairle faoi deara gur cuireadh an chosaint ar an eolas faoi thabhairt chun críche na n-imscrúduithe réamhthrialach in 2017 agus 2018, faoi seach agus gur cuireadh ábhair faoi na himeachtaí coiriúla ar fáil di ina dhiaidh sin ar mhaithe le taithíocht. Tá athbhreithniú agus scrúdú á dhéanamh i gcónaí, ag an gcosaint, ar an líon mór ábhar atá ar fáil i ndáil leis an imscrúdú réamhthrialach ar imeachtaí coiriúla. Measann an Chomhairle go bhfuil sé inchurtha i leith na cosanta an tréimhse taithíochta a bheith chomh fada sin.”.


    Top