Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1813

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1813 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí, craenacha, uirlisí mianadóireachta, agus innealra eile, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/27 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7403

IO L 366, 15.10.2021, pp. 109–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/08/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023D1586

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1813/oj

15.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 366/109


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1813 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí, craenacha, uirlisí mianadóireachta, agus innealra eile, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/27 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 10 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a monaraíodh i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go gcomhlíonann sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a chumhdaítear faoin gcaighdeán comhchuibhithe sin.

(2)

Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (‘an Iarraidh’) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus go gcuirfí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Ar bhonn na hIarrata, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas – EN 1459-5:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le comhéadain forbhaill le haghaidh trucailí ar féidir an síneadh atá astu a athrú, agus EN 16808:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le hardaitheoirí láimhe i dtionscail an pheitriliam, na bpeitriceimiceán agus an gháis nádúrtha.

(4)

Ar bhonn na hiarrata sin, d’athbhreithnigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Teachtaireacht 2018/C092/01 (4) ón gCoimisiún, chun iad a oiriúnú don dul chun cinn sa teicneolaíocht. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 12312-7:2020 i ndáil le ceanglais shonracha maidir le trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí; EN 13586:2020 i ndáil le ceanglais maidir le rochtain ar chraenacha; EN 15011:2020 i ndáil le craenacha droichid agus túir freastail; EN 15571:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le meaisíní bailchríochnnaithe dromchla le haghaidh clocha de chineál nádúrtha; EN 16564:2020 i ndáil le ceanglais maidir le meaisíní sábhadóireachta/muilleála ar chineál de shábh droichid nó de mhuileann droichid iad, meaisíní a rialaítear go huimhriúil san áireamh; EN 1804-1:2020 i ndáil le haonaid tacaíochta agus ceanglais ghinearálta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach; EN 1804-2:2020 i ndáil le cosa agus reithe a shocraítear go meicniúil le haghaidh tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach; EN 1804-3:2020 i ndáil le córais rialúcháin hiodrálacha agus leictri-hiodrálacha le haghaidh tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach; EN 1837:2020 i ndáil le soilsiú lárnach meaisíní; EN 1974:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais maidir le hinnealra próiseála bia; EN 81-40:2020 i ndáil le cathaoireacha staighre agus ardáin chlaonta ardúcháin le haghaidh daoine nach bhfuil an tsoghluaisteacht ach go lag acu; EN 1175:2020 i ndáil le ceanglais leictreacha agus leictreonacha maidir le trucailí tionsclaíocha; EN 12312-3:2017+A1:2020 i ndáil le feithiclí creasa iompair; EN ISO 16092-2:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le fáisceáin mheicniúla; EN ISO 16092-4:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le fáisceáin neomatacha; EN 16307-1:2020 i ndáil le ceanglais fhorlíontacha maidir le trucailí tionsclaíocha féinghluaiste, cé is moite de thrucailí gan tiománaí, de thrucailí sínidh inathraithe agus de thrucailí iompartha ualaí; EN 16808:2020 i ndáil le hardaitheoirí láimhe; EN ISO 19085-10:2019/A11:2020 i ndáil le sábha le haghaidh láithreáin tógála; EN ISO 20430:2020 i ndáil le meaisíní um múnlú trí bhíthin an insteallta; EN IEC 62841-2-6:2020 i ndáil le ceanglais shainiúla maidir le casúir láimhe, maille le leasú ar an gcaighdeán sin in EN IEC 62841-2-6:2020/A11:2020; chomh maith le EN ISO 11553-1:2020 i ndáil le ceanglais sábháilteachta maidir le léasair, maille le leasú ar an gcaighdeán sin in EN ISO 11553-1:2020/A11:2020.

(5)

Ina theannta sin, ar bhonn na hiarrata, d’athbhreithnigh CEN agus Cenelec EN 12999:2011+A2:2018, caighdeán a gcuimsítear an tagairt dó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún (5), agus is é EN 12999:2020 maidir le craenacha lódála an caighdeán athbhreithnithe – ba ar mhaithe le EN 12999:2011+A2:2018 a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch an t-athbhreithniú sin.

(6)

Leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2018/C092/01 – EN 16851:2017 maidir le córais craenach éadroime, caighdeán arb é EN 16851:2017+A1:2020 maidir le córais craenach éadroime an leasú a rinneadh air, agus EN 16486:2014 maidir le comhbhrúiteoirí, caighdeán arb é 16486:2014+A1:2020 maidir le comhbhrúiteoirí an leasú a rinneadh air.

(7)

Na caighdeáin a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú, a athbhreithniú agus a leasú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh.

(8)

Na caighdeáin chomhchuibhithe a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú, a athbhreithniú agus a leasú, sásaíonn siad na ceanglais sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i dteannta leis na tagairtí d’aon chaighdeán ábhartha lena leasaítear nó lena gceartaítear iad.

(9)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/27 ón gCoimisiún (6), an tagairt don chaighdeán EN 474-1:2006+A4:2013, foilsíodh í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian lena ndearnadh an toimhde comhréireachta dá bhforáiltear sa chaighdeán a eisiamh a mhéid a bhaineann le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta 1.2.2 agus 3.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(10)

Tá caighdeán EN 474-1:2006+A4:2013 tarraingthe siar ó bhí an 19 Meán Fómhair 2020 ann, mar a fhoráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2014 a aisghairm.

(11)

Le leagan EN 474-1:2006+A5:2018 rinne CEN an caighdeán sin a fheabhsú. Mar sin féin, ní dheachaigh an leagan nua i ngleic leis na húdair imní ó thaobh na hinfheictheachta de a d'eascair as an idirghníomhú idir EN 474-1:2006+A5:2018 agus cuid 5 de shraith EN 474, sraith faoina gcumhdaítear ceanglais shainiúla maidir le tochaltóirí hiodrálacha. Dá bhrí sin, na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.2.2 agus 3.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, níor chomhlíon caighdeán EN 474-1:2006+A5:2018 na buncheanglais sin go hiomlán. Trí bhíthin EN 474-5:2006+A3:2013 i ndáil le ceanglais maidir le tochaltóirí hiodrálacha, foilsíodh an caighdeán comhchuibhithe sin maille le srian nua maidir lena chur i bhfeidhm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, rud a rinneadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436.

(12)

Lean CEN air ag feabhsú EN 474-1 agus thíolaic sé leagan leasaithe den chaighdeán comhchuibhithe, mar atá EN 474-1:2006+A6:2019. Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin EN 474-1:2006+A6:2019 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.2.2 agus 3.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, agus is é an chonclúid ar ar tháinig sé gurbh fhéidir an srian a bhí ann a bhaint, srian de bharr údar imní ó thaobh na hinfheictheachta de a bhí ag eascairt as an gcaighdeán.

(13)

Mar sin féin, nuair a bhí ionadaithe thar ceann an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Threoir 2006/42/CE i mbun scrúdú ar an gcaighdeán EN 474-1, chuir siad údair imní nua in iúl maidir leis an sásra um chúpláil thapa dá bhforáiltear in Iarscríbhinn B.2 den chaighdeán, sásra a cheadaíonn uirlisí éagsúla a cheangal de mheaisíní crécharta. Go háirithe, thaifead na Ballstáit líon ard gortuithe tromchúiseacha agus básanna arb é ba chúis leo gur glasáladh uirlisí go mícheart agus nach raibh córais rabhaidh ghníomhaigh nó córais faireacháin ghníomhaigh ann don oibreoir agus é ag oibriú an mheaisín tráth a bhí uirlisí ceangailte go mícheart de, buicéid chúlghrafóige, alpairí, agus plátaí creathánacha mar shampla. Is díol suntais a airde atá líon na dtionóiscí i gcás meaisíní áirithe ar nós tochaltóirí ar minic na huirlisí cumhachtaithe éagsúla a n-úsáidtear leo á n-athrú ó lá go lá.

(14)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar EN 474-1:2006+A6:2019, is é an chonclúid ar ar tháinig an gCoimisiún nach gcomhlíonann an caighdeán sin na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.2.2 agus 3.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, mar atá an ceanglas maidir le comhtháthú na sábháilteachta agus an ceanglas gurb acmhainn don tiománaí an t-innealra agus na huirlisí a ghabhann leis a oibriú sna dálaí ina meastar go n-úsáidfear iad, ar bhealach a bheidh go hiomlán sábháilte don tiománaí agus do dhaoine neamhchosanta. Dá bhrí sin, ba cheart EN 474-1:2006+A6:2019 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian maidir lena chur i bhfeidhm in éineacht leis na codanna seo a leanas – EN 474-4:2006+A2:2012 i ndáil le lódairí cúlghrafóige agus EN 474-5:2006+A3:2013 i ndáil le ceanglais maidir le tochaltóirí hiodrálacha.

(15)

Caighdeán comhchuibhithe EN 62841-4-1:2020 i ndáil le ceanglais shainiúla maidir le sábha slabhracha láimhe, is caighdeán é lenar tugadh isteach athruithe móra ar na sonraíochtaí a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe EN 60745-2-13:2009. Sábha slabhracha láimhe a chumhdaítear faoi EN 62841-4-1:2020 agus EN 60745-2-13:2009, is innealra iad de chineál a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2006/42/CE agus ar gá tabhairt faoi nós imeachta deimhniúcháin níos déine ina dtaobh, nós imeachta ina mbítear ag plé le comhlacht faoina dtugtar fógra, toisc nach bhfuil caighdeán comhchuibhithe ann faoina gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ar fad. Ós rud é gur gá dearadh na sábhanna slabhracha a chumhdaítear faoi EN 62841-4-1:2020 a mhodhnú go mór agus ó rud é go scoirfidh caighdeán comhchuibhithe EN 62841-4-1:2020 de thoimhde comhréireachta a sholáthar tar éis an 3 Meán Fómhair 2022, d’fhéadfadh sé nach acmhainn do roinnt monaróirí an spriocdháta sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, an dáta a tharraingeofar siar caighdeán comhchuibhithe EN 60745-2-13:2009, is iomchuí é a chur siar go heisceachtúil go ceann 8 mí eile. Dá bhrí sin, an iontráil maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 60745-2-13:2019 in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, ba cheart í a leasú dá réir.

(16)

An tagairt don chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 3743-2:2019 maidir le modhanna i ndáil le seomraí tástála speisialta aisfhuaimniúla, rinneadh an tagairt sin a chuimsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2021/377 (7). Mar sin féin, an leagan den chaighdeán sin a bhí ann roimhe seo, mar atá EN ISO 3743-2:2009, foilsíodh é le Teachtaireacht 2018/C092/01 agus tá sé gan tarraingt siar. Ós rud é nach den úrscothacht a thuilleadh caighdeán EN ISO 3743-2:2009, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú le caighdeán EN ISO 3743-2:2019 a chur i bhfeidhm, is gá tarraingt siar EN ISO 3743-2:2009 a chur ar athló.

(17)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, tugtar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe faoina dtoimhdítear go bhfuil comhréireacht ann le Treoir 2006/42/CE, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcinneadh sin tugtar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe faoina dtoimhdítear maille le srian go bhfuil comhréireacht ann. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, chun a chinntiú gur in aon ghníomh amháin liostaítear iad, na tagairtí do na caighdeáin a dhéanann CEN agus Cenelec a athbhreithniú nó a leasú, nó a gcuireann CEN agus Cenelec caighdeáin eile ina n-áit, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436.

(18)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE agus atá tarraingthe siar ó shraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó bhí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin ann.

(19)

An obair a rinne CEN agus Cenelec ar bhonn na hIarrata, is é an toradh atá uirthi go ndearnadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin a foilsíodh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, go ndearnadh iad a athbhreithniú nó a leasú, nó gur cuireadh caighdeáin eile ina n-áit: EN 12312-7:2005+A1:2009; EN 13155:2003+A2:2009; EN 13586:2004+A1:2008; EN 15011:2011+A1:2014; EN 15571:2014; EN 15746-2:2010+A1:2011; EN 1804-1:2001+A1:2010; EN 1804-2:2001+A1:2010; EN 1804-3:2006+A1:2010; EN 1837:1999+A1:2009; EN 1974:1998+A1:2009; EN 60745-2-6:2010; EN IEC 62841-2-6:2020; EN ISO 11553-1:2008; EN ISO 11553-1:2020; EN 1175-1:1998+A1:2010; EN 1175-2:1998+A1:2010; EN 1175-3:1998+A1:2010; EN 12312-3:2017; EN 13411-1:2002+A1:2008; EN 13411-2:2001+A1:2008; EN 13411-3:2004+A1:2008; EN 13411-4:2011; EN 13411-5:2003+A1:2008; EN 13411-6:2004+A1:2008; EN 13411-7:2006+A1:2008; EN 13411-8:2011; EN 16307-1:2013+A1:2015; EN 16486:2014; EN 201:2009; agus EN 81-40:2008. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh trí na tagairtí sin a chuimsiú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436.

(20)

An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 12999:2011+A2:2018, tagairt a foilsíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, is gá í sin a tharraingt siar freisin ós rud é go ndearnadh an caighdeán a athbhreithniú. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(21)

Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm na gcaighdeán nua, na gcaighdeán athbhreithnithe nó na gcaighdeán leasaithe, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a chur ar athló – EN 12999:2011+A2:2018, EN 1175-1:1998+A1:2010, EN 1175-2:1998+A1:2010, EN 1175-3:1998+A1:2010, EN 12312-3:2017, EN 12312-7:2005+A1:2009, EN 13411-1:2002+A1:2008, EN 13411-2:2001+A1:2008, EN 13411-3:2004+A1:2008, EN 13411-4:2011, EN 13411-5:2003+A1:2008, EN 13411-6:2004+A1:2008, EN 13411-7:2006+A1:2008, EN 13411-8:2011, EN 13586:2004+A1:2008, EN 15011:2011+A1:2014, EN 16307-1:2013+A1:2015, EN 16486:2014, EN 16851:2017, EN 1804-1:2001+A1:2010, EN 1804-2:2001+A1:2010, EN 1804-3:2006+A1:2010, EN 1837:1999+A1:2009, EN 1974:1998+A1:2009, EN 201:2009, EN 60745-2-6:2010, EN 81-40:2008, EN ISO 11553-1:2008, agus EN ISO 3743-2:2009.

(22)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a leasú dá réir.

(23)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/27.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 15 Aibreán 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

(3)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus foilsiú na dtagairtí do na caighdeáin sin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 92, 9.3.2018, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún an 18 Márta 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 75, 19.3.2019, lch. 108).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/27 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2015 maidir le foilsiú na tagartha do chaighdeán EN 474-1:2006+A4:2013 maidir le hinnealra crécharta, maidir le foilsiú na tagartha sin maille le srian in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 4, 8.1.2015, lch. 24).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/377 ón gCoimisiún an 2 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 72, 3.3.2021, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

scriostar ró 10

(2)

cuirtear isteach ró 10a seo a leanas isteach:

“10a.

EN 12999:2020

Craenacha - Craenacha lódála

C”;

(3)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

“95.

EN 1837:2020

Sábháilteacht innealra - Soilsiú lárnach meaisíní

B

96.

EN ISO 11553-1:2020

Sábháilteacht innealra - Meaisíní próiseála léasair - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le léasair (ISO 11553-1:2020)

EN ISO 11553-1:2020/A11:2020

B

97.

EN 81-40:2020

Ceanglais shainiúla maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí - Ardaitheoirí speisialta le haghaidh iompar daoine agus earraí - Cuid 40: Cathaoireacha staighre agus ardáin chlaonta ardúcháin le haghaidh daoine nach bhfuil an tsoghluaisteacht ach go lag acu

C

98.

EN 1175:2020

Sábháilteacht trucailí tionsclaíocha - Ceanglais leictreacha/leictreonacha

C

99.

EN 1459-5:2020

Trucailí tír-raoin ghairbh - Ceanglais agus fíorú sábháilteachta - Cuid 5: Comhéadan forbhaill

C

100.

EN 1804-1:2020

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach - Cuid 1: Aonaid tacaíochta agus ceanglais ghinearálta

C

101.

EN 1804-2:2020

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach - Cuid 2: Cosa agus reithí a shocraítear go meicniúil

C

102.

EN 1804-3:2020

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach - Cuid 3: Córais rialúcháin hiodrálacha agus leictri-hiodrálacha

C

103.

EN 1974:2020

Innealra próiseála bia - Meaisíní sliste - Ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais

C

104.

EN 12312-3:2017+A1:2020

Trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí - Ceanglais shainiúla - Cuid 3: Feithiclí creasa iompair

C

105.

EN 12312-7:2020

Trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí - Ceanglais shainiúla - Cuid 7: Trealamh aistrithe aerárthaí

C

106.

EN 13586:2020

Craenacha – Rochtain

C

107.

EN 15011:2020

Craenacha – Craenacha droichid agus túir freastail

C

108.

EN 15571:2020

Meaisíní agus gléasra le haghaidh cloch nádúrtha a bhaint agus a ghréasú - Sábháilteacht - Ceanglais maidir le meaisíní bailchríochnnaithe dromchla

C

109.

EN ISO 16092-2:2020

Sábháilteacht meaisín-uirlisí - Fáisceáin - Cuid 2: Ceanglais sábháilteachta maidir le fáisceáin mheicniúla (ISO 16092-2:2019)

C

110.

EN ISO 16092-4:2020

Sábháilteacht meaisín-uirlisí - Fáisceáin - Cuid 4: Ceanglais sábháilteachta maidir le fáisceáin neomatacha (ISO 16092-4:2019)

C

111.

EN 16307-1:2020

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais agus fíorú sábháilteachta - Cuid 1: Ceanglais fhorlíontacha maidir le trucailí tionsclaíocha féinghluaiste, cé is moite de thrucailí gan tiománaí, de thrucailí ar féidir an síneadh atá astu a athrú agus de trucailí iompartha ualaí

C

112.

EN 16486:2014+A1:2020

Meaisíní chun dramhábhair nó codanna in-athchúrsáilte a dhlúthú - Comhbhrúiteoirí - Ceanglais sábháilteachta

C

113.

EN 16564:2020

Meaisíní agus gléasra le haghaidh cloch nádúrtha a bhaint agus a ghréasú - Sábháilteacht - Ceanglais maidir le meaisíní sábhadóireachta/muilleála ar cineál de shábh droichid nó de mhuileann droichid iad, leaganacha faoi rialú uimhriúil (NC/CNC) san áireamh

C

114.

EN 16808:2020

Tionscail pheitriliam, pheitriceimiceacha agus gháis nádúrtha - Sábháilteacht innealraí - Ardaitheoirí láimhe

C

115.

EN 16851:2017+A1:2020

Craenacha - Córais craenach éadroime

C

116.

EN ISO 19085-10:2019

Meaisíní adhmadóireachta - Sábháilteacht - Cuid 10: Sábha le haghaidh láithreáin tógála (sábha conraitheora) (ISO 19085-10:2018)

EN ISO 19085-10:2019/A11:2020

C

117.

EN ISO 20430:2020

Meaisíní plaistice agus rubair - Meaisíní um múnlú trí bhíthin an insteallta - Ceanglais sábháilteachta (ISO 20430:2020)

C

118.

EN IEC 62841-2-6:2020

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 2-6: Ceanglais shainiúla maidir le casúir láimhe (IEC 62841-2-6:2020, Modhnaithe)

EN IEC 62841-2-6:2020/A11:2020

C”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 1:

“1.

EN 474-1:2006+A6:2019

Innealra crécharta — Sábháilteacht — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

Fógra: A mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn B.2 – Cúplóirí tapa, caighdeán comhchuibhithe EN 474-1:2006+A6:2019, ní caighdeán é a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréireacht ann le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta 1.2.2 agus 3.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE nuair a chuirtear na ceanglais sin i bhfeidhm i gcomhar le ceanglais EN 474-4:2006+A2:2012 le haghaidh lódairí cúlghrafóige agus ceanglais EN 474-5:2006+A3:2013 le haghaidh tochaltóirí hiodrálacha.

C”.


IARSCRÍBHINN III

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 73:

“73.

EN 60745-2-13:2009

Uirlisí leictreacha láimhe a oibrítear le mótar - Sábháilteacht - Cuid 2-13: Ceanglais shainiúla maidir le sábha slabhracha (IEC 60745-2-13:2006, Modhnaithe)

EN 60745-2-13:2009/A1:2010

An 3 Bealtaine 2023

C”;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas léi:

“6.

EN 1175-1:1998+A1:2010

Sábháilteacht trucailí tionsclaíocha - Ceanglais leictreacha - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta maidir le trucailí faoi chumhacht ceallra

15 Aibreán 2023

C

87.

EN 1175-2:1998+A1:2010

Sábháilteacht trucailí tionsclaíocha - Ceanglais leictreacha - Cuid 2: Ceanglais ghinearálta maidir le trucailí faoi chumhacht innill dócháin inmheánaigh

15 Aibreán 2023

C

88.

EN 1175-3:1998+A1:2010

Sábháilteacht trucailí tionsclaíocha - Ceanglais leictreacha - Cuid 3: Ceanglais shainiúla maidir le córais tarchurtha cumhachta leictrí trucailí faoi chumhacht innill dócháin inmheánaigh

15 Aibreán 2023

C

89.

EN 12312-3:2017

Trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí - Ceanglais shainiúla - Cuid 3: Feithiclí creasa iompair

15 Aibreán 2023

C

90.

EN 12312-7:2005+A1:2009

Trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí - Ceanglais shainiúla - Cuid 7: Trealamh aistrithe aerárthaí

15 Aibreán 2023

C

91.

EN 13411-1:2002+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 1: Timbilí le haghaidh crocháin rópaí sreinge cruach

15 Aibreán 2023

C

92.

EN 13411-2:2001+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 2: Spladhsáil súl le haghaidh crocháin rópaí sreinge

15 Aibreán 2023

C

93.

EN 13411-3:2004+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 3: Biannaí agus daingniú biannaí

15 Aibreán 2023

C

94.

EN 13411-4:2011

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 4: Soicéid mhiotail agus roisín

15 Aibreán 2023

C

95.

EN 13411-5:2003+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 5: Greamáin rópa sreinge U-bholta

15 Aibreán 2023

C

96.

EN 13411-6:2004+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 6: Soicéad dinge neamhshiméadrach

15 Aibreán 2023

C

97.

EN 13411-7:2006+A1:2008

Foircinn le haghaidh rópaí de shreang cruach - Sábháilteacht - Cuid 7: Soicéad dinge siméadrach

15 Aibreán 2023

C

98.

EN 13411-8:2011

Foircinn le haghaidh rópaí sreinge cruach - Sábháilteacht - Cuid 8: Foircinn cruthmhúnlóraí agus an cruthmhúnlú

15 Aibreán 2023

C

99.

EN 13586:2004+A1:2008

Craenacha – Rochtain

15 Aibreán 2023

C

100.

EN 15011:2011+A1:2014

Craenacha – Craenacha droichid agus túir freastail

15 Aibreán 2023

C

101.

EN 16307-1:2013+A1:2015

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais agus fíorú sábháilteachta - Cuid 1: Ceanglais fhorlíontacha maidir le trucailí tionsclaíocha féinghluaiste, cé is moite de thrucailí gan tiománaí, de thrucailí ar féidir an síneadh atá astu a athrú agus de trucailí iompartha ualaí

15 Aibreán 2023

C

102.

EN 16486:2014

Meaisíní chun dramhábhair nó codanna in-athchúrsáilte a dhlúthú - Comhbhrúiteoirí - Ceanglais sábháilteachta

15 Aibreán 2023

C

103.

EN 16851:2017

Craenacha - Córais craenach éadroime

15 Aibreán 2023

C

104.

EN 1804-1:2001+A1:2010

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach - Cuid 1: Aonaid tacaíochta agus ceanglais ghinearálta

15 Aibreán 2023

C

105.

EN 1804-2:2001+A1:2010

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumhacht hiodrálach - Cuid 2: Cosa agus reithí a shocraítear go meicniúil

15 Aibreán 2023

C

106.

EN 1804-3:2006+A1:2010

Meaisíní le haghaidh mianaigh faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta maidir le tacaí dín faoi chumacht hiodrálach - Cuid 3: Córais rialúcháin hiodrálacha

15 Aibreán 2023

C

107.

EN 1837:1999+A1:2009

Sábháilteacht innealra - Soilsiú lárnach meaisíní

15 Aibreán 2023

B

108.

EN 1974:1998+A1:2009

Innealra próiseála bia - Meaisíní sliste - Ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais

15 Aibreán 2023

C

109.

EN 201:2009

Meaisíní plaistice agus rubair - Meaisíní um mhúnlú trí bhíthin an insteallta - Ceanglais sábháilteachta

15 Aibreán 2023

C

110.

EN 60745-2-6:2010

Uirlisí leictreacha láimhe a oibrítear le mótar - Sábháilteacht - Cuid 2-6: Ceanglais shainiúla maidir le casúir (IEC 60745-2-6:2003, Modhnaithe, + A1:2006)

15 Aibreán 2023

C

111.

EN 81-40:2008

Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí - Ardaitheoirí speisialta le haghaidh iompar daoine agus earraí - Cuid 40: Cathaoireacha staighre agus ardáin chlaonta ardúcháin le haghaidh daoine nach bhfuil an tsoghluaisteacht ach go lag acu

15 Aibreán 2023

C

112.

EN ISO 11553-1:2008

Sábháilteacht innealra - Meaisíní próiseála léasair - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta (ISO 11553-1:2005)

15 Aibreán 2023

C

113.

EN ISO 3743-2:2009

Fuaimíocht - Leibhéil cumhachta fuaime foinsí torainn a chinneadh trí fhuaimbhrú a úsáid - Modhanna innealtóireachta le haghaidh foinsí beaga inaistrithe i réimsí aisfhuaimiúla - Cuid 2: Modhanna le haghaidh seomraí tástála speisialta aisfhuaimniúla (ISO 3743-2:1994)

15 Aibreán 2023

B”.


Top