Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1104

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1104 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Cheanada, i dtaca le hidirbhearta díorthach a dhéantar faoi mhaoirseacht Oifig Cheannfort na nInstitiúidí Airgeadais mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/4845

    IO L 238, 6.7.2021, p. 89–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 06/07/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1104/oj

    6.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 238/89


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1104 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Iúil 2021

    maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Hong Cong, i dtaca le hidirbhearta a dhéantar faoi mhaoirseacht an Hong Cong Monetary Authority, mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le sásra lena dtugtar cumhacht don Choimisiún cinntí coibhéise a ghlacadh lena ndearbhaítear go bhfuil socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin tríú tír coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4, 9, 10 agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ionas, i dtaca leis na contrapháirtithe a dhéanann idirbheart faoi raon feidhme an Rialacháin sin, i gcás ina mbeidh ceann amháin ar a laghad de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin, go measfar go mbeidh na ceanglais sin comhlíonta ag na contrapháirtithe sin trí na ceanglais a leagtar amach i gcóras dlí na tíre sin a chomhlíonadh. Leis an dearbhú coibhéise rannchuidítear le haidhm uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaint amach, mar atá an riosca sistéamach a laghdú, trédhearcacht mhargaí na ndíorthach a mhéadú trína áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach ar an leibhéal idirnáisiúnta na prionsabail a comhaontaíodh le tríú tíortha agus a leagtar síos sa Rialachán sin.

    (2)

    Le hAirteagal 11(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán a fhorlíontar le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 (2) ón gCoimisiún agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 (3) ón gCoimisiún, bunaítear ceanglais dlí an Aontais maidir le conradh díorthach thar an gcuntar a dheimhniú go tráthúil, feidhmiú comhbhrú punainne a chur sa siúl agus na socruithe ar dá réir a dhéantar punanna a réiteach i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (“CPL”); chomh maith leis sin, leagtar síos sna forálacha sin na hoibleagáidí luachála agus na hoibleagáidí réitigh díospóide is infheidhme maidir leis na conarthaí sin (“teicnící um maolú riosca oibríochtúil”) chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le malartú comhthaobhachta (“éarlaisí”) idir contrapháirtithe.

    (3)

    Chun go measfar córas dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin tríú tír a bheith coibhéiseach le córas dlí an Aontais i ndáil le teicnící um maolú riosca oibríochtúil agus ceanglais éarlaisí, ba cheart toradh substainteach na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a bheith coibhéiseach le ceanglais an Aontais faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus leis an toradh substainteach sin, ní mór cosaint a áirithiú don rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an gcosaint dá bhforáiltear in Airteagal 83 den Rialachán sin. Thairis sin, ní mór na socruithe coibhéiseacha dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, cothromasach agus neamhshaofa sa tríú tír sin. Dá bhrí sin, is cuid den mheasúnú ar choibhéis é a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear leis na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i dtríú tír nach bhfágtar margaí airgeadais san Aontas ar neamhchosaint ar leibhéal riosca is airde le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL agus a dhéanann ar a laghad contrapháirtí amháin atá bunaithe sa tríú tír sin agus, dá bhrí sin, nach mbaineann leibhéil riosca shistéamaigh atá neamh-inghlactha san Aontas leis na conarthaí díorthach thar an gcuntas sin.

    (4)

    An 1 Deireadh Fómhair 2013, fuair an Coimisiún comhairle theicniúil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir leis na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i gCeanada (4) go háirithe maidir leis na teicnící um maolú riosca oibríochtúil agus na héarlaisí is infheidhme maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL. I gcomhairle theicniúil ESMA, thángthas ar an gconclúid nach raibh Ceanada in araíocht anailís chinntitheach iomlán a dhéanamh ná comhairle theicniúil a chur ar fáil maidir leis an ábhar sin, ós rud é go raibh sé fós ag críochnú a chórais reachtaigh maidir leis an oibleagáid imréitigh, le contrapháirtithe neamhairgeadais agus le teicnící um maolú riosca maidir le conarthaí neamh-imréitithe.

    (5)

    Thug an Coimisiún dá aire comhairle theicniúil ESMA agus chuir sé san áireamh na forbairtí rialála a tharla ó shin. Ní ar anailís chomparáideach ar na ceanglais dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is infheidhme i gCeanada amháin atá an Cinneadh seo bunaithe, ach ar mheasúnú ar thoradh na gceanglas sin freisin, agus ar a leordhóthanacht maidir leis na rioscaí a eascraíonn ó na conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL ar bhealach a mheastar a bheith coibhéiseach le toradh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    (6)

    Leagtar síos na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is infheidhme i gCeanada maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar i dTreoirlíne E-22 on Margin Requirements for Non-Centrally Cleared Derivatives [Ceanglais Éarlaise maidir le Díorthaigh Nach Bhfuil Imréitithe go Lárnach] agus faoi Threoirlíne B-7 maidir le Derivatives Sound Practices [Cleachtais Fhónta maidir le Díorthaigh] (dá ngairtear le chéile anseo feasta “na Treoirlínte”) ón Office of the Superintendent of Financial Institutions (“OSFI”). Mura gcomhlíontar na Treoirlínte, féadfaidh sé go ngníomhachtófar athbhreithniú ar an údarú faoina n-oibríonn eintitis atá faoi réir na dTreoirlínte. Déanann OSFI rialáil stuamachta agus maoirseacht ar Institiúidí Airgeadais faoi Rialú Cónaidhmeach i gCeanada agus tá sé freagrach as faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le treoirlínte uile OSFI. Tagraíonn FRFIanna do bhainc, brainsí na mbanc coigríche, cuideachtaí sealbhaíochta bainc, cuideachtaí iontaobhais agus iasachtaí, comharchumainn chreidmheasa, comharchumainn mhiondíola, cuideachtaí árachais saoil, cuideachtaí árachas maoine agus taismigh agus cuideachtaí árachais sealbhaíochta árachais. Leis na Treoirlínte bunaítear íoschaighdeáin maidir le ceanglais éarlaise agus teicnící eile um maolú riosca maidir le hidirbhearta díorthach nach bhfuil imréitithe go lárnach ag FRFIanna. Tháinig Treoirlíne B-7 i bhfeidhm i mí na Samhna 2014 agus tháinig Treoirlíne E-22 i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2017 agus tá cuid dá cheanglais faoi réir céimnithe isteach i gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta agus tá siad ailínithe leis an gcéimniú isteach atá ann cheana i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251.

    (7)

    Ní leor fós na teicnící um maolú riosca oibriúchtúil le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL, mar a leagtar síos i dTreoirlíne B-7 iad, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) agus in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 maidir le deimhniú tráthúil, comhbhrú agus réiteach punainne, agus luacháil idirbheart. Dá bhrí sin, níor cheart a chumhdach leis an gCinneadh seo ach na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a bhaineann leis na hoibleagáidí maidir le réiteach díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 chomh maith leis na socruithe sin a bhaineann le ceanglais éarlaise dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251.

    (8)

    I dtaca leis na ceanglais maidir le réiteach díospóidí is infheidhme maidir le díorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL, forálacha díorthach Cheanada a áirítear in Treoirlíne B-7 is infheidhme maidir le FRFIanna faoi Chumhdach, tá oibleagáidí iontu atá comhchosúil leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Go háirithe, faoi Threoirlíne B-7 tá forálacha sonracha maidir le réiteach díospóidí is infheidhme maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL.

    (9)

    Maidir leis na héarlaisí le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL, tá feidhm ag na forálacha a leagtar amach i dTreoirlíne E-22 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a shainítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cé is moite d’idirbhearta réamh-mhalairte airgeadraí agus babhtálacha eachtracha a shocraítear go fisiceach agus nach bhfuil faoi réir na gceanglas éarlaise dá bhforáiltear faoi Threoirlíne E-22, agus tá feidhm ag na forálacha sin freisin maidir leis na hidirbhearta airgeadraí eachtracha seasta a shocraítear go fisiceach agus a bhaineann le malartú phríomhsuim babhtálacha trasairgeadra, idirbhearta a dhíolmhaítear ó cheanglais éarlaisí tosaigh faoi Threoirlíne E-22, chomh maith le hidirbhearta tráchtearraí a shocraítear go fisiceach nach n-áirítear faoin sainmhíniú a dhéantar ar dhíorthach faoi Threoirlíne E-22. I gcomhréir le hAirteagail 27, 30, 30a, 31 agus 38 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251, díolmhaítear babhtálacha airgeadraí eachtracha agus idirbhearta réamh-mhalairte airgeadraí eachtracha ó cheanglais éarlaise tosaigh, ach os a choinne sin, maidir le díorthaigh a bhaineann le bannaí faoi chumhdach chun críocha fálaithe, le roinnt díorthach a bhfuil baint acu le hurrúsú, le díorthaigh lena ngabhann contrapháirtithe i dtríú tíortha nach féidir in-fhorfheidhmitheacht dlí comhaontuithe glanluachála ná cosaint chomhthaobhachta a áirithiú ina leith, chomh maith le roghanna cothromais aonstoic agus roghanna innéacs, tairbhíonn siad de dhíolúintí ó cheanglais éarlaisí tosaigh agus athrúcháin. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiceach.

    (10)

    Faoi faoi Threoirlíne E-22, gach FRFI atá i ngrúpa comhdhlúite agus ar mó ná CAD 12 billiún (“Eintitis Faoi Chumhdach”) ag ceann na míosa a mheánmhéid barúlach comhiomlán i dtaca le díorthaigh nach bhfuil imréitithe le haghaidh mhíonna an Mhárta, an Aibreáin agus na Bealtaine 2016 agus le haghaidh aon bhliain ina dhiaidh sin, ní mór dóibh éarlais tosaigh agus éarlais athrúcháin a mhalartú. Faoi faoi Threoirlíne E-22, ghlac Ceanada an sceideal arna chomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta le haghaidh céimniú isteach ceanglas maidir le héarlaisí tosaigh. Fiachais cheannasacha, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí, bainc incháilithe forbartha iltaobhacha ná an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta agus contrapháirtithe lárnacha, ní áirítear iad faoin sainmhíniú ar Eintiteas Faoi Chumhdach. Fochuideachtaí cisteáin a dhéanann gníomhaíochtaí bainistithe riosca thar ceann fochuideachtaí i ngrúpa corparáideach, agus roinnt eintiteas sainchuspóireach (SPEanna), ní airítear iad faoin sainmhíniú ar Eintitis faoi Chumhdach. Leis an gCinneadh seo, ba cheart, dá bhrí sin, na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chumhdach maidir le réiteach díospóidí agus malartú oibleagáidí comhthaobhachta is infheidhme maidir le hEintitis faoi Chumhdach (“FRFIanna faoi Chumhdach”). Le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ceanglaítear ar na contrapháirtithe uile in idirbheart díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL éarlaisí athrúcháin a mhalartú ar bhonn laethúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh seo a bheith ag brath ar an éarlais athrúcháin a mhalartú i gcás idirbhearta a dhéantar le FRFIanna faoi Chumhdach.

    (11)

    Faoi Threoirlíne E-22, ní mór éarlais tosaigh agus éarlais athrúcháin a ríomh agus a ghlaoch laistigh de dhá lá gnó tar éis idirbheart a chur i gcrích i dtaca le díorthach nach bhfuil imréitithe go lárnach idir FRFI faoi Chumhdach agus Eintiteas faoi Chumhdach. Uaidh sin amach, ní mór éarlaisí a ríomh agus a ghlaoch ar bhonn laethúil. Faoin dara lá gnó i ndiaidh gach glao ar éarlais ar a dhéanaí is gá éarlaisí a phostáil nó a bheith faighte. Le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe Uimh. (AE) 2016/2251, ceanglaítear ar na contrapháirtithe uile i gconradh díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL éarlaisí athrúcháin a mhalartú ar bhonn laethúil, nó coigeartú a dhéanamh ar an tréimhse éarlaise faoi riosca a úsáidtear chun an éarlais tosaigh a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart coinníollacha a leagan síos maidir leis an éarlais athrúcháin.

    (12)

    Foráiltear freisin i dTreoirlíne E-22 maidir le híosmhéid comhcheangailte aistrithe d’éarlais tosaigh agus d’éarlais athrúcháin CAD 750 000. Socraítear an méid sin ag EUR 500 000 in Airteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251. I bhfianaise na difríochta imeallaí i luach na n-airgeadraí sin agus an chuspóra choitinn, ba cheart a mheas go bhfuil na méideanna sin coibhéiseach.

    (13)

    Maidir le ríomh na héarlaise tosaigh, amhail an modh caighdeánaithe lena ríomhtar an éarlais tosaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251, le Treoirlíne E-22, is féidir úsáid a bhaint as samhail chaighdeánaithe atá coibhéiseach leis an tsamhail a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Mar mhalairt rogha, féadfar samhlacha inmheánacha nó samhlacha tríú páirtí a úsáid chun an éarlais tosaigh a ríomh i gcás ina gcomhlíontar, leis na samhlacha sin, ceanglais áirithe atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251. Tá samhlacha inmheánacha agus tríú páirtí faoi réir a n-athbhreithnithe ag OSFI i gcomhthéacs na gcritéar a bhunaítear ar mhaithe le comhlíontacht.

    (14)

    Na ceanglais i dTreoirlíne E-22 maidir le comhthaobhacht incháilithe agus leis an gcaoi a sealbhaítear agus a scartar an chomhthaobhacht sin, tá siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251. Faoi Threoirlíne E-22 tá liosta coibhéiseach de chomhthaobhachtaí incháilithe agus, ar an gcuma chéanna le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251, leagtar síos léi nach mór comhthaobhacht a luacháil ar bhonn laethúil. Thairis sin, bunaítear faoi Threoirlíne E nach mór éarlais tosaigh a mhalartaítear a shealbhú ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh sí ar fáil láithreach don pháirtí bailithe i gcás mhainneachtain an chontrapháirtí, agus go bhfuil sí faoi réir socruithe lena dtabharfar cosaint a mhéid is féidir don pháirtí postaithe i gcás féimheacht an chontrapháirtí bailithe.

    (15)

    Maidir le cosaint a thabhairt don rúndacht ghairmiúil, an fhaisnéis atá i seilbh OSFI, tá sí faoi réir na bhforálacha a leagtar amach in alt 22 den Office of the Superintendent of Financial Institutions Act (“Acht OSFI”), lena n-áirítear i dtaca le haon fhaisnéis maidir le gnó nó le gnóthaí institiúide airgeadais, nó le daoine a bhíonn ag déileáil leo, faisnéis a fhaigheann OSFI nó aon duine a ghníomhóidh faoi stiúir OSFI, go bhfuil sí faoi rún agus gur amhlaidh a chaithfear léi. Tá OSFI agus daoine atá ag gníomhú faoina threoracha faoi réir an tAcht Um Phríobháideacht] freisin, Acht lena gcosnaítear faisnéis phearsanta faoi rialú institiúid an rialtais chónaidhmigh, chomh maith leis an Access to Information Act [Acht Um Rochtain ar Fhaisnéis] lena bhforáiltear maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis i dtaifid faoi rialú institiúidí an rialtais chónaidhmigh. Dá bhrí sin, le halt 22 den OSFI Act in éineacht leis an Acht Um Phríobháideacht agus an Access to Information Act [Acht Um Rochtain ar Fhaisnéis], tugtar ráthaíochtaí maidir leis an rúndacht ghairmiúil, lena n-áirítear cosaint a thabhairt do rúin ghnó, agus tá na ráthaíochtaí seo coibhéiseach leis na ráthaíochtaí a leagtar amach i dTeideal VIII de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    (16)

    Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le maoirseacht chónaidhmeach éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach na socruithe dlí i gCeanada, is ar OSFI an phríomhfhreagracht as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na dTreoirlínte agus as an gcomhlíonadh sin a fhorfheidhmiú. Is féidir le OSFI raon leathan beart maoirseachta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon sárú ar na ceanglais is infheidhme. Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, go bhforáiltear leis na bearta sin maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na socruithe ábhartha dlí, rialála agus forfheidhmiúcháin faoi na Treoirlínte ar bhealach cothromasach agus neamhshaofa chun go n-áiritheofar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a bheidh coibhéiseach le socruithe maoirseachta agus forfheidhmiúcháin ar fáil faoi chreat dlí an Aontais.

    (17)

    Aithnítear sa Chinneadh seo coibhéis na gceanglas ceangailteach a leagtar amach i ndlí Cheanada maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar is infheidhme an tráth a glacadh an Cinneadh seo. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go rialta, i gcomhar le ESMA, ar éabhlóid na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i dtaca leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin agus ar a gcur chun feidhme comhsheasmhach éifeachtach, maidir le deimhniú tráthúil, comhbhrú punainne agus réiteach punainne, luacháil, réiteach díospóidí agus na ceanglais éarlais is infheidhme maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar, nach bhfuil imréitithe ag CPL a ndearnadh an Cinneadh seo ina leith. Mar chuid d’iarrachtaí faireacháin an Choimisiúin, féadfar a iarraidh ar OSFI faisnéis a sholáthar maidir le forbairtí rialála agus maoirseachta. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú sonrach a dhéanamh tráth ar bith i gcás ina bhfágfaidh forbairtí ábhartha gur gá don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an dearbhú coibhéise a dheonaítear leis an gCinneadh seo. D’fhéadfaí an Cinneadh seo a aisghairm de thoradh an athmheasúnaithe sin, rud a d’fhágfadh go huathoibríoch go mbeadh contrapháirtithe faoi réir na gceanglas uile a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    (18)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun críocha Airteagal 13 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá ag Ceanada maidir le hoibleagáidí réiteach díospóide a leagtar amach i dTreoirlíne B-7 a chuirtear ar idirbhearta a rialaítear mar dhíorthaigh thar an gcuntar ag an Office of the Superintendent of Financial Institutions (“OSFI”), measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i gcás ina bhfuil ar a laghad contrapháirtí amháin sna hidirbhearta sin bunaithe i gCeanada agus inar Covered Federally Regulated Financial Institution ([Institúid Airgeadais faoi Rialú Chónaidhmeach faoi Chumhdach]) atá ann de réir mar a leagtar amach faoi Threoirlíne E-22.

    Airteagal 2

    Chun críocha Airteagal 13 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá ag Ceanada maidir le malartú comhthaobhachta a chuirtear i bhfeidhm ar idirbhearta díorthach nach bhfuil imréitithe ag OSFI, cé is moite d’idirbhearta dhíorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiceach, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, de réir mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ar a laghad contrapháirtí amháin sna hidirbhearta sin a bheith bunaithe i gCeanada agus é a bheith faoi réir cheanglais éarlaise Cheanada;

    (b)

    déantar idirbhearta a mharcáil de réir an mhargaidh agus, i gcás ina gceanglaítear éarlais athrúcháin a sholáthar faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, malartaítear an éarlais athrúcháin an lá céanna a ríomhtar í;

    De mhaolú ar phointe (b), i gcás ina suífear idir na contrapháirtithe nach féidir an éarlais athrúcháin a sholáthar go comhsheasmhach an lá céanna a ríomhtar é, measfar go bhfuil socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Cheanada coibhéiseach le ceanglais Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcás ina soláthraítear an éarlais athrúcháin laistigh de dhá lá gnó óna ríomh agus ina ndéantar coigeartú ar an tréimhse éarlaise faoi riosca a úsáidtear chun éarlais tosaigh a ríomh a choigeartú dá réir sin.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar shocruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, an clár poiblí, rochtain ar ionad trádála, contrapháirtithe neamhairgeadais, agus teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach OTC nach bhfuil imréitithe ag CPL (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 340, 15.12.2016, lch. 9).

    (4)  ESMA/2013/BS/1375, Technical advice on third country regulatory equivalence under EMIR [Comhairle theicniúil maidir le coibhéis rialála tríú tír faoi EMIR] — SAM, Tuarascáil deiridh, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an 1 Deireadh Fómhair 2013.


    Top