Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0371

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/371 ón gComhairle an 5 Márta 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    ST/6360/2020/INIT

    IO L 71, 6.3.2020, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/371/oj

    6.3.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 71/5


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/371 ÓN GCOMHAIRLE

    an 5 Márta 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

    (2)

    Ar an 25 Feabhra 2020, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a nuashonrú maidir le cúigear atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Márta 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    T. ĆORIĆ


    (1)  IO L 12, 19.1.2016, lch 1.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 6, 9, 23, 25 agus 27:

    ‘6.   Ainm: 1: ABU 2: ZAYD 3: UMAR 4: DORDA

    Teideal: níl sé ar fáil Ainmniú: a) Stiúrthóir, an Eagraíocht Slándála Seachtraí. b) Ceann na gníomhaireachta um fhaisnéis sheachtrach. Dáta Breithe:4 Aibreán 1944Áit bhreithe: Alrhaybat Ainm bréige láidir: Dorda Abuzed OE Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: Uimhir an phas: Uimhir na Libia FK117RK0, a eisíodh an 25 Samhain 2018, eisithe i dTripilí (Dáta éaga: 24 Samhain 2026) Uimhir aitheantais náisiúnta: níl sé ar fáil Seoladh: An Libia (Stádas/suíomh measta: ina chónaí san Éigipt) A liostaíodh an:26 Feabhra 2011 (a leasaíodh an 27 Meitheamh 2014, 1 Aibreán 2016, 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 15 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil). A liostaíodh an 17 Márta 2011 de bhun mhír 17 de rún 1970 (Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/notice/search/un/5938451’

    ‘9.   Ainm: 1: AISHA 2: MUAMMAR MUHAMMED 3: ABU MINYAR 4: QADHAFI

    Teideal: níl sé ar fáil Ainmniú:níl sé ar fáil Dáta Breithe:1 Eanáir 1978Áit bhreithe: Tripilí, an Libia Ainm bréige láidir: Aisha Muhammed Abdul Salam (Uimhir an phas sa Libia: 215215) Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: níl sé ar fáil Uimhir an phas: a) Uimhir phas Óman 03824970; a eisíodh an 4 Bealtaine 2014, eisithe in Muscat, Óman (Dáta éaga: 3 Bealtaine 2024) b) An Libia 428720 c) B/011641 Uimhir aitheantais náisiúnta: 98606612 Seoladh: Sabhdánacht Óman (Stádas/suíomh measta: Sabhdánacht Óman) A liostaíodh an:26 Feabhra 2011 (a leasaíodh an 11 Samhain 2016, 26 Meán Fómhair 2014, 21 Márta 2013, 2 Aibreán 2012, 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/notice/search/un/5525815’

    ‘23.   Ainm: 1: AHMAD 2: OUMAR 3: IMHAMAD 4: AL-FITOURI

    Teideal: níl sé ar fáil Ainmniú: Ceannasaí mhílíste Anas al-Dabbashi, Ceannaire líonra gáinneála trasnáisiúnta Dáta breithe:7 Bealtaine 1988Áit bhreithe: (b’fhéidir Sabratha, comharsanacht Talil ) Ainm bréige láidir: níl sé ar fáil Ainm bréige lag: a)Al-Dabachi b) Al Ammu c) An tUncail d) Al-Ahwal e) Al Dabbashi Náisiúntacht: Uimhir an phas sa Libia: Uimhir na Libia LY53FP76; a eisíodh an 29 Meán Fómhair 2015; eisithe i dTripilí Uimh.aitheantais náisiúnta: 119880387067 Seoladh: a) Garabulli, an Libia b) Zawiya, an Libia c) Dbabsha‐Sabratah A liostaíodh an:7 Meitheamh 2018 (a leasaíodh an 17 Meán Fómhair 2018, 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní)

    Liostaithe de bhun mhír 22(a) de rún 1970 (2011); mhír 4 (a) de rún 2174 (2014); mhír 11 (a) de rún 2213 (2015). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/notice/search/un/

    Faisnéis bhreise

    Is ceannasaí mhílíste Anas al-Dabbashi é Ahmad Imamad, a bhíodh ag feidhmiú sa limistéar cósta idir Sabratha agus Melita. Is ceannaire suntasach é Imhamad i ngníomhaíochtaí aindleathacha a bhaineann le gáinneáil ar imircigh. Cothaíonn treibh agus mílíste al-Dabbashi caidreamh freisin le grúpaí sceimhlitheoireachta agus grúpaí antoisceacha foréigneacha. Tá Imhamad gníomhach timpeall ar Zawiya faoi láthair, tar éis caismirtí foréigneacha a briseadh amach le mílístí eile agus le heagraíochtaí smuigleála comhraice mórthimpeall an limistéir cósta i mí Dheireadh Fómhair 2017, rud a d’fhág go bhfuair níos mó ná 30 duine bás, sibhialtaigh ina measc. Mar fhreagairt ar a dhíbirt, gheall Ahmad Imhamad an 4 Nollaig 2017 go poiblí go bhfillfeadh sé ar Sabratha le hairm agus le fórsa. Tá fianaise fhairsing ann go raibh baint dhíreach ag mílíste Imhamad leis an ngáinneáil aindleathach agus smuigleáil imirceach, agus go bhfuil rialú á dhéanamh ag a mhílíste ar limistéir imeachta d’imircigh, ar champaí, ar thithe sábháilte agus ar bháid. Tá faisnéis ann a thacaíonn leis an gconclúid gur Imhamad is cúis le himircigh a bheith i mbaol (mionaoisigh san áireamh) dhálaí brúidiúla agus uaireanta i mbaol chúinsí marfacha ar an talamh agus ar muir. Tar éis caismirtí foréigneacha idir mílíste Imhamad agus mílístí eile i Sabratha, thángthas ar na mílte imirceach (go leor acu go mór i mbaol), a bhformhór á gcoinneáil in ionaid Bhriogáid Mhairtírigh Anas al-Dabbashi agus mhílíste al-Ghul. Tá naisc sheanbhunaithe ag treibh al-Dabbashi, agus ag mílíste Anas al-Dabbashi a bhfuil baint aige léi, leis an Stát Ioslamach i Levante (ISIL) agus lena chleamhnaithe.

    Tá roinnt oibrithe ISIL tar éis a bheith ina ngrúpaí, lena n-áirítear Abdallah al-Dabbashi, ‘calif’ ISIL Sabratha. Líomhnaíodh go raibh baint ag Imhamad freisin le heagrú dhúnmharú Sami Khalifa al‐Gharabli, a cheap comhairle bhardasach Sabratha chun oibríochtaí smuigleála imirceach a chomhrac i mí Iúil 2017. Cuireann gníomhaíochtaí Imhamad go mór leis an bhforéigean atá ag dul i méid agus leis an míshlándáil in iarthar na Libia agus cuireann siad síocháin agus cobhsaíocht sa Libia agus i dtíortha comharsanachta i mbaol.’

    ‘25.   Ainm: 1: MOHAMMED 2: AL AMIN 3: AL-ARABI 4: KASHLAF

    Teideal: níl sé ar fáil Ainmniú: Ceannasaí ar bhriogáid Shuhada al-Nasr, Ceann Gharda Scaglainne Pheitreal Scaglann Zawiya Dáta breithe:2 Nollaig 1985Áit bhreithe: Zawiya, an Libia Ainm bréige láidir: níl sé ar fáil Ainm bréige lag: a) Kashlaf b) Koshlaf c) Keslaf d) al-Qasab Náisiúntacht: Uimhir an phas sa Libia: C17HLRL3, a eisíodh an 30 Nollaig 2015, eisithe in Zawiya Uimh. aitheantais náisiúnta: níl sé ar fáil Seoladh: Zawiya, an Libia A liostaíodh an:7 Meitheamh 2018 (a leasaíodh an 17 Meán Fómhair 2018, 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní)

    Liostaithe de bhun mhír 22(a) de rún 1970 (2011); mhír 4 (a) de rún 2174 (2014); mhír 11 (a) de rún 2213 (2015).

    Faisnéis bhreise

    Tá Mohammed al-Hadi ina cheannaire ar an mbriogáid Shuhada al Nasr in Zawiya na Libia Thiar. Rialaíonn a mhílíste scaglann Zawiya, mol lárnach d’oibríochtaí smuigleála imirceach. Rialaíonn Al-Hadi ionaid choinneála freisin, lena n-áirítear ionad coinneála Nasr – atá faoi rialú go hainmniúil ag an stiúrthóireacht chun dul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach (DCIM). Mar a taifeadadh i bhfoinsí éagsúla, tá líonra al-Hadi ar cheann de na líonraí is mó atá ann i réimse na smuigleála imirceach agus i réimse shaothrú na n-imirceach sa Libia. Tá naisc fhairsinge ag Al-Hadi le ceann an aonaid áitiúil de gharda cósta Zawiya, al-Rahman al-Milad, a ndéanann a aonad báid a idircheapadh le himircigh, ar báid iad a mbaineann le líonraí comhraice smuigleála imirceach eile go minic. Tugtar na himircigh chuig saoráidí coinneála ansin faoi smacht an mhílíste Al Nasr, áit a dtuairiscítear iad i ndálaí criticiúla. Bhailigh an Painéal Saineolaithe maidir leis an Libia fianaise ar imircigh a bualadh go minic, agus díoladh daoine eile, go háirithe mná ó thíortha fo-Shaháracha agus ó Mharacó, ar an margadh áitiúil mar ‘sclábhaithe gnéis’. Feictear don Phainéal freisin go gcomhoibríonn al-Hadi le grúpaí armtha eile agus go raibh baint aige le caismirtí foréigneacha arís agus arís eile in 2016 agus in 2017.’

    ‘27.   Ainm: 1: IBRAHIM 2: SAEED 3: SALIM 4: JADHRAN

    Teideal: níl sé ar fáil Ainmniú: Ceannaire mhílístí armtha Dáta breithe:29 Deireadh Fómhair 1982Áit bhreithe: níl sé ar fáil Ainm bréige láidir: Ibrahim Saeed Salem Awad Aissa Hamed Dawoud Al Jadhran Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: Uimhir an phas sa Libia: S/263963; a eisíodh an 8 Samhain 2012Uimh.aitheantais náisiúnta: a) 119820043341 b) Uimh. aitheantais phearsanta: 137803 Seoladh: níl sé ar fáil A liostaíodh an:11 Meán Fómhair 2018 (a leasaíodh an 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Ainm na máthar Salma Abdula Younis. Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: www.interpol.int/en/notice/search/un/xxxx.

    Liostaithe de bhun mhíreanna 11 (b), 11 (c) agus 11 (d) de rún 2213 (2015); mhír 11 de rún 2362 (2017).

    Faisnéis bhreise

    Tá barántas gabhála eisithe ag Oifig Ard-Aighne na Libia i gcoinne an duine lena mbaineann á chur ina leith go ndearna sé roinnt coireanna.

    Rinne an duine lena mbaineann gníomhaíochtaí armtha agus ionsaithe i gcoinne suiteálacha ola atá suite i réigiún Chorrán na hOla, a ba chúis lena scrios, a raibh an ceann is déanaí acu an 14 Meitheamh 2018.

    Bhí líon na ngortuithe an-ard i measc áitritheoirí an réigiúin de bharr na n-ionsaithe a rinneadh ar réigiún Chorrán na hOla agus cuireadh beatha na sibhialtach i mbaol.

    Chuir na hionsaithe stad treallach le honnmhairithe ola na Libia ó 2013 go 2018, rud a d’fhág go raibh caillteanais shuntasacha ann do gheilleagar na Libia.

    Rinne an duine lena mbaineann iarracht ola a onnmhairiú go neamhdhleathach.

    Earcaíonn an duine lena mbaineann trodaithe eachtracha do na hionsaithe a rinne sé arís agus arís eile in aghaidh réigiún Chorrán na hOla.

    Tá an duine lena mbaineann, trína ghníomhaíochtaí, ag obair i gcoinne chobhsaíocht na Libia, agus is bac é ar pháirtithe na Libia chun an ghéarchéim pholaitiúil a réiteach agus Plean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.’


    Top