Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0701

    Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

    PE/11/2020/REV/1

    IO L 165, 27.5.2020, p. 31–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/701/oj

    27.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 165/31


    CINNEADH (AE) 2020/701 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Bealtaine 2020

    maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 (2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá éifeachtaí an-díobhálacha ag paindéim COVID-19 ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais sna réigiúin um méadú agus sna réigiúin chomharsanachta. Tá comhardú íocaíochtaí agus staid fioscach lag atá ag dul in olcas go tapa le sárú ag Comhpháirtithe, agus an geilleagar ag druidim i dtreo cúlú eacnamaíoch. Tá cás láidir ann le haghaidh gníomhú tapa agus cinntitheach ón Aontas chun tacú leis na geilleagair sin. Dá bhrí sin, cumhdaítear deich gcomhpháirtí leis an gCinneadh seo: Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*), Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh sa réigiún um méadú; an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin sa chomharsanacht Thoir agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine agus Poblacht na Túinéise sa chomharsanacht Theas (na “comhpháirtithe”).

    (2)

    Baineann práinn an chúnaimh le riachtanas láithreach na gcomhpháirtithe maidir le cistí chomh maith leis na cistí a chuirfear ar fáil trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, Ballstáit agus deontóirí déthaobhacha eile. Tá gá leis sin chun spás beartais gearrthéarmach a cheadú d’údaráis na gcomhpháirtithe chun bearta a chur chun feidhme chun cur in aghaidh na ndrochthorthaí eacnamaíocha a thiocfaidh as paindéim COVID-19.

    (3)

    Tá clár a gheobhaidh tacaíocht ó shocrú creidmheasa leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) comhaontaithe cheana féin ag údaráis gach comhpháirtí agus ag CAI nó táthar ag súil go mbeidh clár den sórt sin comhaontaithe acu go luath.

    (4)

    Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú íocaíochtaí, agus é d'aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí in éineacht le socrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúram é atá faoi réir clár comhaontaithe le haghaidh athchóirithe eacnamaíocha. I gcomhthéacs paindéim COVID-19, ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith ar fáil do chomhpháirtithe a bhaineann leas as cistiú éigeandála ó CAI, a fhéadfar teacht gan réamhghníomhaíochtaí agus/nó coinníollacht, amhail tríd an Ionstraim Mhearmhaoinithe. Dá bhrí sin, ba cheart an cúnamh sin a bheith níos giorra, teoranta do dhá eisíocaíocht agus ba cheart é a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí sraith theoranta de bhearta um athchóiriú i bhfeidhm.

    (5)

    Tá tacaíocht airgeadais ón Aontas do na comhpháirtithe comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le méadú agus comharsanacht.

    (6)

    Ós rud é gur comhpháirtithe aontachais nó réamhaontachais, nó comhpháirtithe a chumhdaítear faoi bheartas Comharsanachta na hEorpa iad na comhpháirtithe, tá siad incháilithe chun cúnamh macrairgeadais an Aontais a fháil.

    (7)

    Os rud é go bhfuiltear ag súil go mbeidh riachtanais maoinithe sheachtraigh na gcomhpháirtithe, ar riachtanais iad atá ag dul in olcas go mór, i bhfad níos airde ná na hacmhainní a soláthróidh CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na gcomhpháirtithe ar thacaíocht do chobhsú eacnamaíoch é don Aontas cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú creidmheasa CAI á bhforlíonadh.

    (8)

    Ba cheart é a bheith d'aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú do na comhpháirtithe, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta athnuaite.

    (9)

    Is bunaithe ar réamh-mheasúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag gach comhpháirtí atá méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, agus cuirtear san áireamh inniúlacht an chomhpháirtí sin a acmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil aici, a úsáid chun é féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macrairgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile an Aontais agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

    (10)

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, agus leis na bearta a ghlactar laistigh díobh, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

    (11)

    Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú le beartas seachtrach an Aontais maidir leis na comhpháirtithe. Ba cheart don Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú, agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

    (12)

    Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú leis an ngealltanas atá tugtha ag comhpháirtithe luachanna atá i gcoiteann aige leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha acu maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

    (13)

    Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don chomhpháirtí nach mór don chomhpháirtí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus a ráthú go n‐urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sna comhpháirtithe a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d'aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin araon.

    (14)

    Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart do na comhpháirtithe na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais sin de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún seiceálacha a dhéanamh, maidir leis an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chuid inniúlachtaí a fheidhmiú.

    (15)

    Ní dochar eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

    (16)

    Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn don chúnamh macrairgeadais a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

    (17)

    Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macrairgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

    (18)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (19)

    Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na gcomhpháirtithe faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear in Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais atá an tAontas ag tabhairt do gach comhpháirtí, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana le Montainéagró, agus ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana leis na comhpháirtithe eile a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, agus dá réir sin, maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

    (20)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo, eadhon tacú le geilleagair na gcomhpháirtithe a bhfuil comhardú íocaíochtaí agus staid fioscach lag atá ag dul in olcas go tapa le sárú acu, leis an geilleagar ag druidim i dtreo cúlú eacnamaíoch, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (21)

    I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (22)

    Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh macrairgeadais (“cúnamh macrairgeadais an Aontais”) ar fáil do Phoblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Túinéise agus an Úcráin (na “comhpháirtithe”), ar uasmhéid iomlán de EUR 3 bhilliún d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na gcomhpháirtithe agus le clár substainteach um athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais phráinneacha na gcomhpháirtithe maidir le comhardú íocaíochtaí, mar a aithníodh iad sa chlár a fhaigheann tacaíocht ó CAI, a chumhdach agus cuirfear ar fáil é mar a leanas:

    (a)

    EUR 180 milliún do Phoblacht na hAlbáine;

    (b)

    EUR 250 milliún don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin;

    (c)

    EUR 150 milliún don tSeoirsia;

    (d)

    EUR 200 milliún do Ríocht Haisimíteach na hIordáine;

    (e)

    EUR 100 milliún don Chosaiv;

    (f)

    EUR 100 milliún do Phoblacht na Moldóive;

    (g)

    EUR 60 milliún do Mhontainéagró;

    (h)

    EUR 160 milliún do Poblacht na Macadóine Thuaidh;

    (i)

    EUR 600 milliún do Phoblacht na Túinéise;

    (j)

    EUR 1.2 billiún don Úcráin.

    2.   Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh macrairgeadais do gach comhpháirtí. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t‐airgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t‐airgead sin a thabhairt ar iasacht don chomhpháirtí. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

    3.   Bainisteoidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an comhpháirtí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n‐áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

    4.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse 12 mhí, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á eisíoc, go dtiocfaidh laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe comhpháirtí i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú, cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó cuirfidh sé é ar ceal.

    Airteagal 2

    1.   Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don chomhpháirtí nach mór don chomhpháirtí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n‐urramófar cearta an duine.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar síos i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais a thabharfaidh an tAontas.

    3.   Cuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (3).

    Airteagal 3

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis gach comhpháirtí, coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadaisa bheidh sainithe go soiléir agus ina mbeidh an bhéim ar athchóirithe struchtúracha agus ar airgeadas poiblí fónta, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar síos na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais sin i Meabhrán Tuisceana ina mbeidh tráthchlár ar dá réir nach mór na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n‐áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an gcomhpháirtí le tacaíocht ó CAI.

    2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sna comhpháirtithe a fheabhsú, lena n‐áirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, trádáil chothrom atá bunaithe ar rialacha a fhorbairt, agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais, cuirfear san áireamh go cuí é freisin uair a cheapfar na bearta beartais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

    3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis gach comhpháirtí ar leithligh (an “Comhaontú Iasachta”), leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macrairgeadais an Aontais.

    4.   Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n‐áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha an chomhpháirtí i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

    Airteagal 4

    1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ina dhá thráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana.

    2.   Déanfar foráil maidir leis na méideanna de chúnamh macrairgeadais an Aontais, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (4).

    3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

    (a)

    an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2;

    (b)

    teist shásúil leanúnach maidir le socrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúraim é a chur chun feidhme;

    (c)

    na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

    Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc.

    4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó an cur ar ceal sin.

    5.   Is le banc ceannais an chomhpháirtí a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana, lena n‐áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig an Aireacht Airgeadais ina cáil mar an tairbhí deireanach.

    Airteagal 5

    1.   Na hoibríochtaí iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt a bhaineann le cúnamh macrairgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu, agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

    2.   I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an comhpháirtí amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n‐áireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n‐oibríochtaí iasachtaíochta.

    3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an comhpháirtí amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4, agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n‐iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

    4.   Is ar an gcomhpháirtí a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

    Airteagal 6

    1.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

    3.   Beidh sa Chomhaontú Iasachta:

    (a)

    forálacha lena n‐áirithítear go ndearbhóidh an comhpháirtí go tráthrialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sé bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sé caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a soláthraíodh faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

    (b)

    forálacha lena n‐áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (6) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7) , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9). Chuige sin, údarófar go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‐áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n‐áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

    (c)

    forálacha lena n‐údaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n‐áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

    (d)

    forálacha lena n‐údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, lena n‐áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

    (e)

    forálacha lena n‐áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú chúnamh macrairgeadais an Aontais, go raibh baint ag an gcomhpháirtí le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais; agus

    (f)

    forálacha lena n‐áirithítear gur ar an gcomhpháirtí a thitfidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

    4.   Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais an chomhpháirtí, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

    Airteagal 7

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais do Mhontainéagró, agus beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh 182/2011 maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais do na comhpháirtithe eile a chumhdaítear leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 8

    1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:

    (a)

    scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

    (b)

    déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na gcomhpháirtithe a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

    (c)

    sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach an chomhpháirtí agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i gcúnamh macrairgeadais an Aontais.

    2.   Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, mar a thagraítear di in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.

    Airteagal 9

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020.

    (*)  Tá an t‐ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (3)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

    (4)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (6)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


    Top