EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0495

Rialachán (AE) 2019/495 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

PE/22/2019/REV/1

IO L 85I, 27.3.2019, p. 16–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R1153

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/495/oj

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


RIALACHÁN (AE) 2019/495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm chomhaontaithe um tharraingt siar nó ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar ionstraim mhaoiniúcháin lárnach de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal trasteorann agus leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh, d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun an t-iomaíochas a fheabhsú, agus chun rannchuidiú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe.

(3)

Leagtar amach i gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 liosta de naoi gcinn de chonairí an chroíghréasáin. Is ionstraim iad na conairí sin chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin a éascú. Ba cheart dóibh rannchuidiú le comhtháthú an chroíghréasáin trí chomhar críochach feabhsaithe, déileáil leis na cuspóirí beartais iompair i gcoitinne agus idir-inoibritheacht, comhtháthú módach agus oibríochtaí ilmhódacha a éascú.

(4)

Is cuid í an Ríocht Aontaithe de Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara, lena n-áirítear naisc idir Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Corcaigh ar oileán na hÉireann, agus naisc sa Bhreatain Mhór ó Ghlaschú agus ó Dhún Éideann, ó Thuaidh, chuig Folkestone agus Dover, ó Dheas. Tá codanna agus nóid na Ríochta Aontaithe san áireamh sa tábla dar teideal “Codanna réamhshainithe lena n-áirítear tionscadail” de na conairí croíghréasáin atá san áireamh i bpointe 2 de Chuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

(5)

Ag féachaint do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, titfidh na codanna sin d'ailíniú Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, agus na codanna agus na nóid de chuid na Ríochta Aontaithe atá san áireamh sa tábla de chodanna réamhshainithe lena n-áirítear tionscadail, titfidh siad as feidhm agus ní bheidh éifeachtaí dlíthiúla leo a thuilleadh ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(6)

Caoi lárnach ag Éirinn iad na naisc mhuirí chun nascacht na tíre le mór-roinn na hEorpa a áirithiú, go háirithe ó tharla nach cinnte cé mar a bheidh feasta ag sreabha trádála a dhéanfaidh a mbealach trasna “dhroichead talún” na Ríochta Aontaithe.

(7)

D'fhonn staid a sheachaint ina ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara a dheighilt ina dhá cuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, ba cheart, le Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara, naisc mhuirí nua a áireamh idir calafoirt na hÉireann agus calafoirt na Beilge, na Fraince, agus na hÍsiltíre, ar cuid den Chonair sin iad. Anuas ar an méid sin, ach nasc a bheith ann idir conair na Mara Thuaidh — na Meánmhara agus conair an Atlantaigh trí Le Havre, atá ar chonair an Atlantaigh, ba cheart a áirithiú gur fearrde nascacht agus comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh.

(8)

Is tábhachtach go gcuirfí san áireamh na hiarmhairtí meántéarmacha a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar naisc agus ar shreabha tráchta, go háirithe i dtaca le hath-imscaradh féideartha ar shreabha tráchta, agus ionstraim á ceapadh le teacht i gcomharbas ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus meastóireacht á déanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, faoin mbliain 2021, athbhreithniú luath a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, d'fhonn aon athruithe féideartha ar an sreabhadh earraí, nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas, a chur san áireamh.

(9)

Is den ríthábhacht d'infheistíochtaí bonneagair leanúnacha agus amach anseo agus don tsoiléireacht agus don chinnteacht dhlíthiúil i dtaca le pleanáil bhonneagair an nasc a choinneáil idir Éire agus na Ballstáit eile atá ar Chonair na Mara Thuaidh — na Meánmhara agus ar chuid theoranta de Chonair an Atlantaigh. Is den riachtanas an bonneagar ábhartha a fhorbairt chun na sreabha trádála idir Éire agus mór-roinn na hEorpa a choinneáil ar bun agus chun tacú leo, anois agus amach anseo.

(10)

Ba cheart an infheistíocht i dtrealamh agus i mbonneagar do shlándáil na dteorainneacha seachtracha agus seiceálacha ar na teorainneacha seachtracha a bheith mar ghníomhaíocht tosaíochta le linn na céime deiridh de chur chun feidhme chlárthréimhse reatha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa

(11)

Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, ba cheart don Choimisiún clár oibre nua bliantúil a mholadh.

(12)

Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh ar an gclár oibre ilbhliantúil d'fhonn é a oiriúnú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ba cheart, go háirithe, gníomhaíochtaí a chur san áireamh darb aidhm an bonneagar iompair don tslándáil agus do sheiceálacha ar na teorainneacha seachtracha a neartú.

(13)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 7(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(m)

gníomhaíochtaí lena n-oiriúnófar an bonneagar iompair chun críocha shlándáil na dteorainneacha seachtracha agus seiceálacha ar na teorainneacha seachtracha.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir oibre ilbhliantúla leath bealaigh tríd ar a laghad. San earnáil iompair, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil chun é a oiriúnú i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Más gá, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-athbhreithneofar an clár oibre ilbhliantúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   San earnáil iompair, beidh na gníomhaíochtaí sin a shonraítear faoi phointe (m) d'Airteagal 7(2) ina dtosaíochtaí sa chlár oibre bliantúil a ghlacfar an 28 Márta 2019 nó dá éis.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá i ndiaidh an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 301.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 173.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

In Iarscríbhinn I, Cuid I, pointe 2 (“Conairí an chroíghréasáin”), sa roinn “An Mhuir Thuaidh — an Mheánmhuir”, foroinn “Ailíniú”, cuirtear an líne seo a leanas isteach tar éis na líne “Béal Feirste — Baile Átha Cliath/Dublin — Corcaigh/Cork”:

“Sionainn-Faing/Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork — Le Havre/Calais/Dunkerque/Zeebrugge/Terneuzen/Gent/Antwerpen/Rotterdam/Amsterdam”.


Top