Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018D0412

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

    IO L 76, 19.3.2018, p. 30–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R0947

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/412/oj

    19.3.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    30


    CINNEADH (AE) 2018/412 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Márta 2018

    lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe ag bagairt ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus a éilíonn go mbeadh dlúthpháirtíocht ann agus go ndéanfaí acmhainní airgeadais a shlógadh ar bhealach éifeachtúil agus a éilíonn go rachfaí i ngleic leis na dúshláin atá ann agus go ndéanfaí iad a shárú ar bhealach comhbheartaithe. Ní mór do gach gníomhaí oibriú as láimh a chéile chun beartais mharthanacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a chur i bhfeidhm agus úsáid éifeachtach a bhaint as na cláir atá ann cheana, d'fhonn tionscnaimh tacaíochta a fhorbairt agus tacú leo, ar tionscnaimh iad lena rannchuidítear le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (NA) agus lena dtugtar aghaidh ar na tosca polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil arb iad bunchúiseanna na himirce iad — lena n-áirítear an bhochtaineacht, an éagothroime, an fás déimeagrafach, easpa fostaíochta, rochtain theoranta ar an oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha, an éagobhsaíocht, an choinbhleacht, an t-athrú aeráide agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhíonn ar an easáitiú éigeantach, ach gan bheith teoranta don mhéid sin.

    (2)

    Cé gur ríthábhacht acmhainní a chur ar fáil chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, tá an tAontas tiomanta i gcónaí do bheartais i réimsí eile, ar réimsí príomhthosaíochta straitéisí iad mar a leagtar amach sa Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh.

    (3)

    Tá creat nua comhpháirtíochta le tríú tíortha forbartha a chuireann gach beartas agus gach ionstraim de chuid an Aontais san áireamh. Mar chuid den chreat nua comhpháirtíochta sin, bunaíodh Plean Infheistíochta Seachtraí an Aontais chun tacú le hinfheistíochtaí i réigiúin atá lasmuigh den Aontas, agus san am céanna rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe NA a bhaint amach agus le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce. Ba cheart don phlean sin freisin rannchuidiú le comhlíonadh chuspóirí Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe NA agus chuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún NA ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), chomh maith leis na cuspóirí arna saothrú le hionstraimí maoinithe eile don ghníomhaíocht sheachtrach.

    (4)

    An 28 Meitheamh 2016, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an moladh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) rannchuidiú leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí trí Thionscnamh Athléimneachta BEI, a ceapadh chun infheistíochtaí a chothú i gComharsanacht an Deiscirt agus sna Balcáin Thiar.

    (5)

    Cuid thábhachtach de Thionscnamh Athléimneachta BEI is ea forleathnú Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI, i dtéarmaí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon. Ba cheart don fhorleathnú sin a chur ar chumas BEI rannchuidiú go pras le cuspóirí an Phlean Infheistíochta Seachtraí, go háirithe trí mhaoiniú breise a sholáthar do thairbhithe san earnáil phríobháideach, d'fhonn infheistíochtaí príobháideacha a charnadh isteach agus borradh a chur faoin infheistíocht fhadtéarmach.

    (6)

    Déanfaidh Bord Straitéiseach an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe, a ndéanann BEI ionadaíocht air, treoir a chur ar fáil maidir le comhlántacht idir Tionscnamh Athléimneachta BEI agus na comhchodanna den Phlean Infheistíochta Seachtraí i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus gan dochar do rialacha inmheánacha rialachais BEI.

    (7)

    Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) tugadh ráthaíocht bhuiséadach do BEI le haghaidh oibríochtaí um maoiniú arna ndéanamh lasmuigh den Aontas (“ráthaíocht AE”).

    (8)

    I gcomhréir le Cinneadh 466/2014/AE, chuir an Coimisiún, i gcomhar le BEI, tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú i dtoll a chéile, ina ndearnadh meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Chinnidh sin ar bhonn meastóireacht sheachtrach neamhspleách.

    (9)

    Ba cheart é a chur isteach mar chuspóir nua arna chumhdach ag ráthaíocht AE athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh a fheabhsú, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce (an “cuspóir nua”).

    (10)

    Ba cheart na hoibríochtaí a chumhdaítear faoin gcuspóir nua a bheith éagsúil leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas sa réimse a bhaineann le rialú teorann.

    (11)

    D'fhonn go bhféadfaidh an Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh freagairt do dhúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus do thosaíochtaí an Aontais, agus an cuspóir nua chomhlíonadh, ba cheart an uasteorainn le haghaidh oibríochtaí BEI um maoiniú faoi ráthaíocht AE a mhéadú go EUR 32 300 000 000.

    (12)

    Faoin sainordú ginearálta, ba cheart EUR 1 400 000 000 a chur i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí atá dírithe ar chomhlíonadh an chuspóra nua.

    (13)

    Faoi shainordú nua iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, ba cheart uasmhéid EUR 2 300 000 000 a bheith dírithe ar thionscadail arb é is aidhm dóibh an cuspóir nua a chomhlíonadh laistigh den uasteorainn mhéadaithe agus ba cheart dó tairbhiú de Ráthaíocht Chuimsitheach an Aontais.

    (14)

    Maidir le ceann de na príomhchuspóirí atá ag BEI faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh, is é sin tacú le forbairt na hearnála príobháidí áitiúla, go háirithe tacú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tá an rath a bheidh air ag brath ar thosca amhail rochtain a bheith ag FBManna ar mhaoiniú, ar chreidmheas agus ar chúnamh teicniúil, cur chun cinn na fiontraíochta agus iarrachtaí chun borradh a chur faoin aistriú ón ngeilleagar luaineach neamhfhoirmiúil go dtí an earnáil fhoirmiúil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú féachaint le tacaíocht a thabhairt do thionscadail bheaga infheistíochta arna riar ag FBManna chomh maith le tionscadail infheistíochta i gceantair iargúlta tuaithe agus i réimsí chóireáil an uisce óil, dhiúscairt an fhuíolluisce agus an fhuinnimh in-athnuaite.

    (15)

    Ba cheart comhlántacht agus comhordú leis na tionscnaimh de chuid an Aontais ina dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce a áirithiú, lena n-áirítear trí thacaíocht ón Aontas d'ath-imeascadh inbhuanaithe na n-imirceach a bheidh fillte ar a dtíortha tionscnaimh.

    (16)

    Ag eascairt as Comhaontú Pháras, ba cheart do BEI féachaint le hardleibhéal oibríochtaí atá ábhartha don athrú aeráide a choinneáil ar siúl, agus ba cheart gurb ionann a líon agus 25 %, ar a laghad, de líon iomlán oibríochtaí BEI um maoiniú lasmuigh den Aontas. Ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE a bheith comhsheasmhach leis an sprioc gur i ngeilleagair éiritheacha agus i dtíortha i mbéal forbartha lasmuigh den Aontas a bheidh 35 %, ar a laghad, d'oibríochtaí iomlána BEI um maoiniú faoi 2020. Ba cheart do BEI conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 a chur san áireamh maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol nó don gheilleagar, lena n-áirítear na fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise.

    (17)

    Ba cheart praghas a chur ar an riosca do bhuiséad ginearálta an Aontais a bhaineann le hoibríochtaí BEI um maoiniú faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí. Ba cheart an t-ioncam a ghinfear as an bpraghsáil riosca sin a íoc isteach sa Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha a bunaíodh le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (3) d'fhonn an riosca tráchtála a chumhdach agus saobhadh margaidh a sheachaint.

    (18)

    Ba cheart do BEI tacar táscairí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina chreat Tomhaiste Torthaí do thionscadail atá dírithe ar chomhlíonadh an chuspóra nua. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú ar rannchuidiú oibríochtaí BEI um maoiniú leis an gcuspóir nua, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe NA, le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta áitiúla, agus leis an ailíniú le tosaíochtaí beartais sheachtraigh agus buiséadacha an Aontais, a chur san áireamh, i dtuairisciú bliantúil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibríochtaí BEI um maoiniú.

    (19)

    Ba cheart infheictheacht agus trédhearcacht oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, go háirithe i dtaca le tionscnaimh a mhaoinítear trí idirghabhálaithe airgeadais a áirithiú trí fheabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis d'institiúidí an Aontais agus don phobal i gcoitinne, agus é á chur san áireamh gur gá faisnéis atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint.

    (20)

    Tá beartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach leagtha síos i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais agus i gconclúidí ón gComhairle, go háirithe san Iarscríbhinn a ghabhann le conclúidí an 8 Samhain 2016, agus in aon nuashonrú a rinneadh orthu ina dhiaidh sin.

    (21)

    Ba cheart a chur san áireamh sa dícheall cuí maidir le hoibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh 466/2014/AE, seiceáil chuimsitheach ar chomhlíonadh reachtaíocht infheidhme an Aontais agus caighdeáin chomhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais maidir le frithsciúradh airgid, leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, le calaois chánach agus le seachaint cánach. Ina theannta sin, i gcomhthéacs tuairisciú ón Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh, ba cheart do BEI faisnéis a sholáthar, ar bhonn tír ar thír, i ndáil lena mhéid atá beartas BEI maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha agus an liosta d'idirghabhálaithe lena bhfuil BEI ag comhoibriú á chomhlíonadh ag oibríochtaí BEI um maoiniú.

    (22)

    An 12 Deireadh Fómhair 2016, d'fhormheas BEI cur chun feidhme Thionscnamh Athléimneachta BEI. Tionscadail faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, a formheasadh tar éis an dáta sin agus roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus roimh chur i gcrích an chomhaontaithe ráthaíochta, ba cheart go bhféadfaí iad a chumhdach faoi ráthaíocht AE, faoi réir dearbhú ón gCoimisiún go bhfuil siad i gcomhréir leis an gcuspóir nua agus go n-urramaíonn siad téarmaí an chomhaontaithe ráthaíochta.

    (23)

    Níor cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú le corparáidí tairbhiú den ráthaíocht chuimsitheach i leith na hearnála príobháidí ach i gcás ina ndéanann siad fás cuimsitheach agus cruthú feabhsaithe fostaíochta a chur chun cinn agus nach ndéanann na margaí airgeadais áitiúla freastal leordhóthanach orthu.

    (24)

    Ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú bheith comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “A renewed EU strategy 2011-14 for Corporate Social Responsibility” [Straitéis athnuaite 2011-14 de chuid AE don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach], lena n-áirítear maidir le hidirghabhálaithe airgeadais.

    (25)

    I gcás ina n-athródh tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais, nó i gcásanna práinne agus i staideanna géarchéimeanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse an tsainordaithe, agus i gcomhréir leis na rúin ábhartha ón bParlaimint agus leis na cinntí agus conclúidí ón gComhairle, ba cheart an uasteorainn maidir le hath-leithdháileadh BEI idir na réigiúin a mhéadú ó 10 % go 20 %. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choimeád ar an eolas go rialta faoi ath-leithdháileadh den sórt sin.

    (26)

    I bhfianaise na tábhachta atá ag Tionscnamh Athléimneachta BEI i straitéis an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, agus riachtanais na bpobal idirthurais agus óstach, is den ríthábhacht go fóill go ndéanfaí na méideanna a chuirtear i leataobh faoi uasteorainneacha an tSainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh do thionscadail atá dírithe ar an gcuspóir nua a ionsú go hiomlán. Mar sin féin, más rud é go bhfágann cúinsí gan choinne nach féidir na méideanna a cuireadh i leataobh a ionsú go hiomlán, is ceart beagán breise den tsolúbthacht a cheadú freisin. Dá bhrí sin, má chinneann BEI faoin 30 Meitheamh 2019 nach bhfuil sé in ann a sprioc réamh-mheasta féin faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI a ionsú, ba cheart bheith in ann ath-leithdháileadh suas le 20 % a dhéanamh ar an EUR 1 400 000 000 faoin sainordú ginearálta a cuireadh ar leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí, agus ar an EUR 2 300 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, laistigh de agus/nó idir na tíortha agus tairbhithe réamhaontachais agus tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta. Maidir le haon ath-leithdháileadh den sórt sin, ba cheart é a bheith faoi réir comhaontú roimh ré idir an Coimisiún agus BEI.

    (27)

    Ba cheart liostaí na réigiún agus na dtíortha atá incháilithe, mar aon le liosta na réigiún agus na dtíortha sin a d'fhéadfadh a bheith incháilithe, a mhodhnú chun réigiúin agus tíortha ardioncaim a bhfuil rátálacha creidmheasa arda acu a eisiamh, eadhon Brúiné, an tSile, an Íoslainn, Iosrael, Singeapór, an Chóiré Theas agus an Téaváin. Ina theannta sin, ba cheart an Iaráin a chur le liosta na réigiún agus na dtíortha a d'fhéadfadh a bheith incháilithe.

    (28)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) Uimh. 466/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2

    Uasteorainneacha le haghaidh oibríochtaí BEI um maoiniú faoi ráthaíocht AE

    1.   Is é EUR 32 300 000 000 a bheidh in uasteorainn na n-oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdófar faoi ráthaíocht AE le linn na tréimhse 2014-20. I dtaca leis an uasteorainn sin, ní chomhairfear méideanna a cuireadh i leataobh i dtosach aimsire le haghaidh oibríochtaí um maoiniú ach a cuireadh ar ceal ina dhiaidh sin.

    Déanfar an uasteorainn sin a mhiondealú mar a leanas:

    (a)

    uasmhéid dar luach EUR 30 000 000 000 faoi shainordú ginearálta, a ndéantar EUR 1 400 000 000 de a chur i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí atá dírithe ar athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce;

    (b)

    uasmhéid dar luach EUR 2 300 000 000 faoi shainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí do thionscadail atá dírithe ar athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce.

    2.   Déanfar na méideanna uasta dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú de réir na n-uasteorainneacha réigiúnacha agus fo-uasteorainneacha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I. Laistigh de na huasteorainneacha réigiúnacha agus le linn na tréimhse arna cumhdach ag an gCinneadh seo, áiritheoidh BEI go ndéanfar tírdháileadh sna réigiúin sin a chumhdaítear faoi ráthaíocht AE, arna chothromú i gcomhréir le tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais a bheidh le feiceáil sna treoirlínte oibríochtúla teicniúla réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5.”.

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    “Airteagal 3

    Cuspóirí ginearálta agus prionsabail ghinearálta

    1.   Ní dheonófar ráthaíocht AE ach i ndáil le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a bhfuil luach breise acu ar bhonn mheastóireacht BEI féin, agus a thacaíonn le haon cheann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

    (a)

    forbairt áitiúil san earnáil phríobháideach, go háirithe tacaíocht do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

    (b)

    bonneagar sóisialta agus eacnamaíoch a fhorbairt, lena n-áirítear iompar, fuinneamh, bonneagar comhshaoil, agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide;

    (c)

    maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó;

    (d)

    athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce.

    2.   Agus saintréith BEI mar bhanc infheistíochta á caomhnú, rannchuideoidh oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI arna gcur í gcrích faoin gCinneadh seo le leas ginearálta an Aontais, go háirithe na prionsabail ar dá réir a threoraítear gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 21 CAE agus rannchuideoidh siad le comhaontuithe idirnáisiúnta comhshaoil ar páirtí iontu an tAontas a chur chun feidhme. Moltar do chomhlachtaí ceannais BEI na bearta is gá a ghlacadh le gníomhaíocht BEI a oiriúnú le rannchuiidú le beartais sheachtracha an Aontais ar bhonn éifeachtach, agus na ceanglais a leagtar amach sa Chinneadh seo a chomhlíonadh go leordhóthanach.

    3.   Is cuspóir bunúsach d'oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI laistigh de réimsí a chumhdaítear leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1 a bheidh i lánpháirtíocht réigiúnach i measc tíortha, lena n-áirítear ach go háirithe lánpháirtíocht eacnamaíoch idir tíortha agus tairbhithe réamhaontachais, tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta agus an tAontas. Cuirfidh BEI oibríochtaí um maoiniú i gcrích i dtíortha tairbhíocha laistigh de réimsí a chumhdaítear leis na cuspóirí ginearalta trí thacú le hinfheistíochtaí iasachta díreacha lena gcuirtear comhtháthú eacnamaíoch leis an Aontas chun cinn.

    4.   I dtíortha atá i mbéal forbartha, mar atá sainithe sa liosta de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a fuair cúnamh forbartha oifigiúil, rannchuideoidh oibríochtaí BEI um maoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 208 agus le hAirteagal 209 CFAE, le cuspóirí an bheartais maidir le comhar um fhorbairt atá ag an Aontas, go háirithe i dtaca le laghdú na bochtaineachta tríd an bhfás cuimsitheach agus tríd an bhforbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.

    5.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh an tionchar is uasfhéideartha ag infheistíochtaí de chuid na hearnála príobháidí ar chúrsaí forbartha, féachfaidh BEI le bheith ina rannchuidiú chun dálaí fabhracha a chruthú don fhiontar agus infheistíocht phríobháideach, agus áiritheoidh sí, mar thosaíocht, go ndéanfar an earnáil phríobháideach áitiúil i dtíortha tairbhíocha, lena n-áirítear comharchumainn agus fiontair shóisialta, a neartú, trí thacú le hinfheistíocht áitiúil faoi mar a fhoráiltear i bpointe (a) de mhír 1. I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1, féachfaidh siad le feabhas a chur freisin ar an tacaíocht a thugann siad do thionscadail infheistíochta arna riar ag FBManna de chuid na tíre is faighteoir agus de chuid an Aontais, rud a thabharfaidh rochtain ar mhaoiniú do thionscadail nua infheistíochta a riarfaidh FBManna. Tabharfaidh oibríochtaí BEI um maoiniú an deis do FBManna buntáiste a bhreith as, inter alia, rochtain ar an margadh do FBManna sna tíortha cáilitheacha, agus buntáiste a bhreith as a gcomhtháthú sna slabhraí luacha domhanda, agus rannchuideoidh siad a thuilleadh le feabhas a chur ar an iomaíochas i measc chuideachtaí an Aontais.

    D'fhonn faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go héifeachtach ar an úsáid a bhaintear as cistí a théann chun tairbhe na FBManna a bheidh i gceist, déanfaidh BEI dícheall cuí críochnúil, bunóidh sé agus coinneoidh sé ar bun forálacha leordhóthanacha conarthacha lena bhforchuirfear ar na hidirghabhálaithe airgeadais agus ar na tairbhithe deiridh araon oibleagáidí caighdeánacha maidir le tuairisciú. Féachfaidh BEI leis na bacainní maoiniúcháin a bhíonn roimh FBManna a shainaithint agus rannchuidiú lena dtabhairt ar shiúl.

    Comhoibreoidh BEI le hidirghabhálaithe airgeadais a bheidh in ann tacú le riachtanais shonracha FBManna sna tíortha oibríochta agus a chomhlíonann na ceanglais atá in Airteagal 13, mar a thrasuitear i gcomhaontuithe faoin tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.

    6.   I dtaca le hoibríochtaí BEI um maoiniú a thacaíonn leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1, is do thionscadail infheistíochta i réimsí an iompair, an fhuinnimh, an bhonneagair chomhshaoil, theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, na sláinte agus an oideachais, den chuid is mó, a thabharfaidh siad tacaíocht. Áirítear leis an méid sin táirgeadh agus comhtháthú an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, athrú ó bhonn ar chórais fuinnimh ionas gur féidir aistriú go teicneolaíochtaí agus breoslaí nach bhfuil dian ar charbón, slándáil agus bonneagar fuinnimh inbhuanaithe, lena n-áirítear i dtaca le táirgeadh gáis agus iompar gáis go dtí margadh fuinnimh an Aontais, chomh maith le leictriú ar limistéir thuaithe, bonneagar comhshaoil amhail uisce agus sláintíocht agus bonneagar glas, teileachumarsáid agus bonneagar an ghréasáin leathanbhanda.

    7.   I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1, tabharfaidh siad tacaíocht do thionscadail infheistíochta a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin ar tionscadail iad a rannchuidíonn le cuspóirí foriomlána Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoin gCoinbhinsiún céanna sin, go háirithe trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an lorg carbóin a laghdú i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an iompair inbhuanaithe, nó tríd an athléimneacht a mhéadú do na drochthionchair a bhíonn ag an athrú aeráide ar thíortha, ar earnálacha agus ar phobail ar leochaileach a gcás.

    Is i Straitéis Aeráide BEI atá fáil ar na critéir incháilitheachta do thionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide. Ar bhonn na modheolaíochtaí a d'ullmhaigh BEI chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus coinbhleachtaí astaíochta a bhíonn ag tionscadal ar leith, cuirfear anailís sa nós imeachta measúnaithe comhshaoil ar an lorg carbóin d'fhonn a chinneadh cé acu a chuireann nó nach gcuireann na tograí tionscadail an feabhas is uasfhéideartha ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

    Le linn na tréimhse a chuimsítear leis an gCinneadh seo, féachfaidh BEI le hardleibhéal oibríochtaí atá ábhartha don athrú aeráide a choinneáil ar siúl, arb ionann a líon agus 25 %, ar a laghad, de líon iomlán oibríochtaí BEI um maoiniú lasmuigh den Aontas. Ba cheart don mhaoiniú a dhéanfaidh BEI faoin gCinneadh seo a bheith comhsheasmhach leis an sprioc gur i ngeilleagair éiritheacha agus i dtíortha i mbéal forbartha lasmuigh den Aontas a bheidh 35 %, ar a laghad, d'oibríochtaí iomlána BEI um maoiniú faoi 2020.

    I dtaca le hoibríochtaí BEI um maoiniú, déanfaidh siad, inter alia, comhtháthú ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun deireadh a chur de réir a chéile leis an maoiniú a dhéantar ar thionscadail atá díobhálach do chuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, agus cuirfidh siad dlús lena ndua de thacaíocht le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

    Cuirfidh BEI lena chuid eilimintí oiriúnúcháin don athrú aeráide agus é ag rannchuidiú le tionscadail ar fud oibríochtaí BEI um maoiniú atá faoi chuimsiú Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI.

    8.   I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1, tabharfaidh siad tacaíocht do thionscadail infheistíochta a théann i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus a rannchuidíonn leis an athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus a chosnaíonn an fhorbairt inbhuanaithe i dtíortha tairbhíocha.

    Agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine, do chearta saothair agus sóisialta, do chearta bunúsacha, agus don chomhionannas inscne trí chur chuige cearta-bhunaithe a chur chun feidhme ina gcuimseofar gach ceart idir dhaonna agus shóisialta i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na rannpháirtíochta, an neamh-idirdhealaithe, agus na cuntasaíochta, déanfaidh oibríochtaí BEI um maoiniú an méid seo a leanas:

    (a)

    rachaidh siad i ngleic leis an ngá méadaithe atá le bonneagar gona sheirbhísí gaolmhara a riarfaidh go díreach nó go hindíreach ar an mórphlódú imirceach agus rachaidh siad chun leasa mhuintir na háite freisin;

    (b)

    cuirfidh siad borradh faoi dheiseanna fostaíochta do phobal na háite agus don phobal nua araon;

    (c)

    spreagfaidh siad an comhtháthú eacnamaíoch agus cuirfidh siad ar chumas na n-imirceach riar dóibh féin; nó

    (d)

    neartóidh siad an ghníomhaíocht dhaonnúil agus tacóidh siad le poist chuibhiúla a chruthú.

    Tacóidh oibríochtaí BEI sin um maoiniú leo seo a leanas:

    (a)

    an earnáil phríobháideach i réimsí FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe, airgeadas corparáideach agus micreamhaoiniú;

    (b)

    an earnáil phoiblí, lena n-áirítear bardais agus eintitis earnála poiblí, i dtaca le bonneagar agus seirbhísí, lena n-áirítear cúram sláinte agus saoráidí speisialta do leanaí, seirbhísí sláintíochta agus oideachas scoile, chun dul i ngleic leis an méadú as cuimse atá tagtha ar riachtanais.

    9.   I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1, aithneoidh siad gur mór-shaincheist trasearnála é an comhionannas inscne atá ríthábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach, agus gur eilimint thábhachtach freisin é i dtaca le dícheall cuí a dhéanamh i leith tionscadail. Cuirfear an ghné inscne i bhfeidhm maidir le gach oibríocht um maoiniú den chineál sin.Áiritheoidh BEI go gcomhlíonfaidh gach oibríocht um maoiniú de chuid BEI na gealltanais a leagtar amach ina Straitéis maidir le hInscne agus ina Phlean Gníomhaíochta maidir le hInscne.

    10.   Féachfaidh BEI lena áirithiú go gcloíonn na cuideachtaí sin atá rannpháirteach i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag BEI le prionsabail na trédhearcachta pá agus an chomhionannais inscne agus le prionsabal an phá chomhionainn mar a leagtar amach i dTreoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad (*1). Agus cinneadh maoiniúcháin á dhéanamh ag BEI maidir le tionscadal, cuirfear san áireamh aon ghníomhaíocht dá bhfuil déanta ag cuideachtaí féideartha tairbhíocha i ndáil leis an gcomhionannas pá agus na freagrachta sóisialta corparáidí.

    11.   Ní chumhdóidh ráthaíocht AE ach oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a ndeachthas ina mbun i dtíortha incháilithe atá tar éis comhaontú réime a thabhairt i gcrích le BEI, lena mbunaítear na dálaí dlíthiúla faoina mbeidh oibríochtaí den sórt sin le déanamh agus a bheidh i gcomhréir leis an Ráiteas ó BEI maidir le Prionsabail agus Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta agus lena Lámhleabhar Comhshaoil agus Sóisialta.

    (*1)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).”."

    (3)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    “Agus na treoirlínte oibríochtúla teicniúla réigiúnacha á dtabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Coimisiún agus BEI rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus cinntí agus conclúidí ábhartha ón gComhairle, mar aon le prionsabail agus treoirlínte a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir leis an bhfreagracht shóisialta chorparáideach, a chur san áireamh. Beidh na treoirlínte oibríochtúla teicniúla réigiúnacha comhsheasmhach leis na tosaíochtaí atá sna cláir náisiúnta nó réigiúnacha, ach a leithéidí a bheith ann, arna ndréachtú ag na tíortha tairbhíocha, agus aird chuí á tabhairt ar aon dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta áitiúil a rinneadh le linn dhréachtú na gclár sin.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “1a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 i ndáil le leasuithe ar Iarscríbhinn IV.”.

    (4)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Cumhdófar freisin leis an Ráthaíocht Chuimsitheach oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), agus den chuid is mó, beidh próifíl riosca níos airde ag na hoibríochtaí sin ná mar a bheidh ag an bpunann a chumhdaítear faoin Ráthaíocht um Riosca Polaitiúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i dtíortha réamhaontachais agus i dtairbhithe agus i dtíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

    “5.   I dtaca le comhaontuithe maoiniúcháin a dhéanfar le tionscnóirí aonair agus a bhaineann le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI, beidh iontu sin freisin forálacha iomchuí soláthair, comhshaoil, aeráide agus sóisialta i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI féin, lena n-áirítear ceanglais nach mór ráthaíocht AE agus rannpháirtíocht BEI a bheith le feiceáil ag an tairbhí deiridh.

    6.   Leagfaidh an Coimisiún agus BEI amach sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14, beartas soiléir trédhearcach leithdháileacháin a chuirfidh ar chumas BEI, laistigh dá ghníomhaíocht sheachtrach, na hoibríochtaí a bheidh le maoiniú faoin gCinneadh seo a shainaithint d'fhonn a áirithiú go mbaintear an úsáid is éifeachtaí as ráthaíocht AE. Beidh an beartas leithdháileacháin bunaithe ar na nithe seo a leanas: acmhainneacht chreidmheasa oibríochtaí BEI um maoiniú faoi mar a mhesúnaíonn BEI iad, na huasteorainneacha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I iad, cineál an chontrapháirtí, cé acu stát ceannasach nó eintiteas fofhlaithiúnais a chumhdaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo nó eintiteas príobháideach atá i gceist, acmhainn ionsúcháin riosca BEI agus critéir ábhartha eile, lena n-áirítear breisluach ráthaíocht AE. Gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an beartas leithdháileacháin i gcomhréir le hAirteagal 14.”.

    (5)

    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh BEI dícheall cuí críochnúil agus, i gcás inarb iomchuí déanfaidh sé sin i gcomhréir leis an Ráiteas uaidh maidir le Prionsabail agus Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta agus lena Lámhleabhar Comhshaoil agus Sóisialta, ceanglóidh sé ar thionscnóirí tionscadail comhairliúchán poiblí áitiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha náisiúnta agus áitiúla, agus leis an tsochaí shibhialta, a chur i gcrích, i gcomhréir le prionsabail shóisialta agus chomhshaoil an Aontais, ag céimeanna pleanála agus chur chun feidhme an tionscadail, maidir leis na gnéithe sóisialta a bhaineann leis na tionscadail infheistíochta a chumhdaítear faoi ráthaíocht AE, agus maidir leis na gnéithe sin díobh a bhaineann le cearta an duine, comhionannas inscne, na gnéithe comhshaoil, eacnamaíoch agus forbartha; ceanglóidh sé freisin orthu faisnéis a sholáthar atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann an tionscadal le cuspóirí beartais sheachtraigh agus straitéiseacha an Aontais a bhaint amach.

    Áiritheoidh BEI go ndéanfar prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré a chur chun feidhme sula ndéantar aon oibríochtaí um maoiniú a dhéanann difear do thalamh agus acmhainní nádúrtha.

    Áireofar sa bhreithmheas sin measúnú ar cé acu is ceart nó nach ceart -acmhainneachtaí na dtairbhithe a fhaigheann maoiniú ó BEI a atreisiú le cúnamh teicniúil ó thús deireadh thimthriall an tionscadail, agus i gcás ina gcinntear gur ceart, cé mar is ceart sin a dhéanamh. Áireofar i rialacha agus nósanna imeachta BEI féin pé forálacha is gá maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil agus sóisialta a bheidh ag tionscadail infheistíochta agus ar ghnéithe a bhaineann le cearta an duine agus cosc coinbhleachtaí, d'fhonn a áirithiú go mbeidh tionscadail infheistíochta a dtacófar leo faoin gCinneadh seo inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de agus go gcuireann oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, agus go háirithe an sainordú iasachtathe i leith na hearnála príobháidí, go gcuireann siad feabhas ar athléimneacht eacnamaíoch na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach agus idirthurais, agus na gcomhphobal tionscnaimh.

    Mar chuid dá threoir inmheánach a chuireann BEI ar fáil maidir le dícheall cuí a chur i bhfeidhm, feabhsóidh BEI mar is gá an treoir phraiticiúil maidir le measúnú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le cearta bunúsacha uile an duine, trína Lámhleabhar Comhshaoil agus Sóisialta, a bheidh le húsáid le linn an mheasúnaithe ex ante agus an fhaireacháin leanúnaigh, ar bhonn tionscadal ar thionscadal, lena n-áirítear le haghaidh tionscadal a bhaineann le hidirghabhálaithe airgeadais, bunaithe ar na creata atá ann cheana, go háirithe EU Strategic Framework and Action Plan on Human Rights and Democracy [Creat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas], agus aird á tabhairt ar na tagarmharcanna atá ann cheana maidir le cearta an duine, arna gcur ar fáil ag an Aontas, ag comhlachtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe agus ag na heagraíochtaí um chearta an duine.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Cuimseofar san fhaireachán a dhéanfaidh BEI cur chun feidhme na n-oibríochtaí idirghafa agus feidhmíocht na n-idirghabhálaithe airgeadais a thacaíonn le FBManna.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Déanfar torthaí an fhaireacháin a nochtadh, faoi réir ceanglais rúndachta agus thoiliú na bpáirtithe ábhartha.”.

    (6)

    in Airteagal 10, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “I dtaca leis an riosca a bhainfidh leis an mbuiséad de chuid an Aontais a bhaineann le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), cuirfear praghas ar an riosca sin, agus déanfar an t-ioncam a ghinfear as an bpraghsáil riosca tráchtála a íoc isteach sa Chiste Ráthaíochta.”.

    (7)

    leasaítear Airteagal 11(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (b) agus phointe (c):

    “(b)

    measúnú ar an mbreisluach, an t-aschur, na torthaí agus an tionchar forbartha a mheastar a bheidh ar oibríochtaí BEI um maoiniú ar bhonn comhiomlán, ag tarraingt ar an tuarascáil bhliantúil ar Chreat Tomhaiste Torthaí BEI. Chuige sin, úsáidfidh BEI táscairí toraidh i ndáil le forbairt, agus leis na gnéithe comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear na gnéithe sin a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas inscne, agus na táscairí ábhartha faoi Dhearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Chabhrach, 2005, á gcur san áireamh.

    Déanfar táscairí le haghaidh comhionannas inscne a fhorbairt i gcomhréir le Straitéis BEI maidir le hInscne agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le hInscne; léireoidh na táscairí sin cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir agus, i gcás inar féidir, déanfar iad a mheasúnú ex post trí na sonraí a imdhealú de réir gnéis. Áireofar leis na táscairí le haghaidh ghnéithe comhshaoil na dtionscadal critéir maidir leis an teicneolaíocht ghlan, ar critéir iad a bheidh dírithe i bprionsabal ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar theicneolaíochtaí le hastaíochtaí a laghdú. Forbróidh BEI táscairí do thionscadail a thugann freagairt straitéiseach a thugann aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce agus a chothaíonn athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch sna pobail idirthurais agus óstacha, agus tuairimí na ngeallsealbhóirí, na sochaí sibhialta, na bpobal a ndéantar difear dóibh agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha á gcur san áireamh;

    (c)

    measúnú ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí BEI um maoiniú le comhlíonadh chuspóirí beartais sheachtraigh agus straitéiseacha an Aontais, agus aird á tabhairt ar chomhlíonadh na bprionsabal ar a bhfuil gníomhaíocht sheachtrach an Aontais bunaithe, faoi mar a thagraítear in Airteagal 21 CAE, na dtreoirlínte oibríochtúla teicniúla réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh seo agus EU Strategic Framework and Action Plan on Human Rights and Democracy [Creat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas];”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    measúnú ar cháilíocht oibríochtaí BEI um maoiniú, go háirithe a mhéid a chuir BEI an inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil san áireamh sa dícheall cuí maidir leis na tionscadail infheistíochta a ndearnadh maoiniú orthu chomh maith le bearta chun an rannpháirtíocht áitiúil a uasmhéadú trí rannpháirtíocht na bpobal dá ndéantar difear, agus rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a chur chun cinn, agus san fhaireachán a dhéantar orthu;”;

    (c)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(j)

    measúnú ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí BEI um maoiniú le hathléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce.”.

    (8)

    leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (a):

    “(a)

    gach oibríocht um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoin gCinneadh seo, tar éis chéim fhormheasta an tionscadail, go háirithe cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear tionscadal infheistíochta faoi ráthaíocht AE agus cé mar a chuireann sé le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus aird á tabhairt go háirithe ar a thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, aeráide agus inscneshonrach.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, comhaontuithe réime arb ann dóibh cheana idir BEI agus tír is faighteoir. Agus comhaontuithe nua á síniú aige, nó comhaontuithe arb ann dóibh cheana á leasú aige, áiritheoidh BEI go mbeidh sé indéanta comhaontuithe den sórt sin a nochtadh;”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “3.   Áiritheoidh BEI go bhfoilseofar agus go gcuirfear ar fáil gan stró don tsochaí shibhialta áitiúil faisnéis faoi oibríochtaí atá beartaithe agus formheasta nó faoi aon athrú suntasach orthu.

    4.   Arna iarraidh sin air, cuirfidh BEI ar fáil do Pharlaimint na hEorpa bileoga Tomhaiste Torthaí i dtaca le tionscadail infheistíochta a chumhdaítear faoi ráthaíocht AE, agus cosaint na faisnéise rúnda agus cosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh, agus faoi réir a rialacha inmheánacha lena rialaítear an tslí ina ndéileáiltear le faisnéis rúnda.”.

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

    “Airteagal 13

    Sciúradh airgid a chosc, an comhrac in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, cánachas agus dlínsí neamh-chomhoibritheacha

    1.   I dtaca leis na hoibríochtaí um maoiniú a chumhdaítear faoin gCinneadh seo, déanfaidh BEI an chuid is infheidhme de reachtaíocht an Aontais mar aon le caighdeáin chomhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh sé le haon tionscadal faoin gCinneadh seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach.

    Anuas air sin, ní dhéanfaidh BEI oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh BEI maolú ar an bprionsabal sin ach i gcás gur i gceann de na dlínsí sin a chuirtear an tionscadal ar siúl go fisiciúil, agus i gcás nach léir go rannchuidíonn an tionscadal airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach.

    Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh BEI na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh sé ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú.

    Déanfaidh BEI athbhreithniú ar a bheartas i leith dlínsí neamh-chomhoibríocha ar a dhéanaí tar éis liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach a ghlacadh. Gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh BEI tuarascáil faoi bhráidPharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme a bheartais i ndáil le dlínsí neamh-chomhoibríocha maidir lena oibríochtaí um maoiniú, lena n-áirítear faisnéis tír ar thír agus liosta de na hidirghabhálaithe lena mbíonn sé ag comhoibriú.

    2.   Ina oibríochtaí um maoiniú a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, cuirfidh BEI i bhfeidhm na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus sceimhlitheoirí a mhaoiniú, go háirithe Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus Treoir (AE) 2015/849. Go háirithe, cuirfidh BEI de choinníoll ar an gcistiú díreach agus ar an gcistiú trí idirghabhálaithe araon faoin gCinneadh seo go ndéantar faisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

    Airteagal 14

    Comhaontú ráthaíochta

    Síneoidh an Coimisiún agus BEI comhaontú ráthaíochta lena leagfar síos na forálacha agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann le ráthaíocht AE mar a leagtar amach in Airteagal 8 í. Cuirfear an comhaontú ráthaíochta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi réir a rialacha inmheánacha faoi seach lena rialaítear an chaoi a ndéileáiltear le faisnéis rúnda.

    (*2)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)."

    (*3)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)”."

    (10)

    leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas

    “2a.   Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ama a dhéanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 don Choimisiún ón 8 Aibreán 2018.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

    “Airteagal 20

    Tuairisciú

    Faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo agus soláthróidh an tuarascáil sin ionchur do chinneadh nua a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis na hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI arna gcumhdach laistigh de Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI le ráthaíocht AE.

    Faoin 31 Nollaig 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo.”.

    (12)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 20a

    Foráil idirthréimhseach

    Féadfaidh BEI tionscadail a mhaoiniú a formheasadh tar éis an 12 Deireadh Fómhair 2016 agus roimh 8 Aibreán 2018 agus roimh chomhaontú ráthaíochta a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus BEI. D'fhéadfaí tionscadail den sórt sin a chumhdach le ráthaíocht AE, faoi réir dearbhú ón gCoimisiún go bhfuil siad i gcomhréir leis an gcuspóir a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(1) agus go n-urramaíonn siad téarmaí an chomhaontaithe ráthaíochta.”.

    (13)

    cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

    (14)

    in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

    “Tarlaíonn gníomhaíocht BEI i gcomhpháirtithe atá rannpháirteach sa phróiseas réamhaontachais sa chreat arna bhunú sna Comhpháirtíochtaí Aontachais agus Eorpacha lena leagtar amach na tosaíochtaí do thíortha réamhaontachais agus do thairbhithe d'fhonn dul chun cinn a dhéanamh maidir le bogadh níos gaire don Aontas, agus lena soláthraítear creat do chúnamh Aontais. Is é an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an creat straitéise Aontais do na Balcáin Thiar. Tá sé bunaithe ar chomhpháirtíocht fhorchéimnitheach, ina dtairiscíonn an tAontas lamháltais trádála, cúnamh eacnamaíoch agus airgeadais agus caidrimh chonarthacha trí chomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais. Le cúnamh airgeadais réamhaontachais cuidítear le tíortha réamhaontachais agus leis na tairbhithe ullmhú do na hoibleagáidí agus do na dúshláin a bhaineann le comhaltas an Aontais. Le cúnamh den sórt sin tacaítear leis an bpróiseas athchóirithe, lena n-áirítear ullmhúcháin le haghaidh comhaltais faoi dheireadh. Díritear leis ar fhorbairt institiúidí, ar ailíniú le hacquis an Aontais, ar ullmhúchán le haghaidh bheartas agus ionstraimí an Aontais agus ar bhearta a chur chun cinn le cóineasú eacnamaíoch a bhaint amach.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. PAVLOVA


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.

    (2)  Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).

    (3)  Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).


    IARSCRÍBHINN

    IARSCRÍBHINN I

    UASTEORAINNEACHA RÉIGIÚNACHA

    A.

    Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais: EUR 8 075 000 000, lena n-áirítear EUR 7 635 000 000 faoin sainordú ginearálta agus EUR 440 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí.

    B.

    Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta: EUR 19 680 000 000, arna mhiondealú sna fo-uasteorainneacha seo a leanas:

    (i)

    Tíortha na Meánmhara: EUR 13 030 000 000, lena n-áirítear EUR 11 170 000 000 faoin sainordú ginearálta agus EUR 1 860 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí;

    (ii)

    Oirthear na hEorpa, Cugas Theas agus an Rúis: EUR 6 650 000 000.

    C.

    An Áise agus Meiriceá Laidineach: EUR 4 083 000 000, arna miondealú sna fo-uasteorainneacha seo a leanas:

    (i)

    Meiriceá Laidineach: EUR 2 694 000 000;

    (ii)

    An Áise: EUR 1 165 000 000;

    (iii)

    An Áise Láir: EUR 224 000 000.

    D.

    An Afraic Theas: EUR 462 000 000.

    Laistigh den uasteorainn fhoriomlán, féadfaidh comhlachtaí rialaithe BEI, a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, suas le 20 % de na huasteorainneacha fo-réigiúnacha laistigh de réigiúin agus suas le 20 % de na huasteorainneacha idir réigiúin a ath-leithdháileadh. I gcás go gcinneann comhlachtaí rialaithe BEI, faoin 30 Meitheamh 2019, nach bhfuil BEI in ann a sprioc réamh-mheasta féin faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI a ionsú, féadfar ath-leithdháileadh suas le 20 % a dhéanamh ar an EUR 1 400 000 000 faoin sainordú ginearálta a cuireadh i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí, agus ar an EUR 2 300 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, laistigh agus/nó idir réigiúin dá dtagraítear i bpointe A agus pointe B den Iarscríbhinn seo.

    Aon ath-leithdháileadh a dhéanfar faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, beidh sé faoi réir comhaontú roimh ré idir an Coimisiún agus BEI.

    Úsáidfidh comhlachtaí rialaithe BEI go háirithe an deis ath-leithdháilte sin chun a áirithiú go leanfaidh ráthaíocht AE de bheith ag díriú ar thionscadail a bhfuil próifíl riosca níos airde acu sna réigiúin tosaíochta. Coimeádfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi na hath- leithdháiltí sin.

    IARSCRÍBHINN II

    RÉIGIÚIN AGUS TÍORTHA A D'FHÉADFADH A BHEITH INCHÁILITHE

    A.   Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais

    An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Chosaiv (*1), Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc (1)

    B.   Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta

    1.   Tíortha na Meánmhara

    An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín, an tSiria, an Túinéis

    2.   Oirthear na hEorpa, Cugas Theas agus an Rúis

    Oirthear na hEorpa: an Bhealarúis, Poblacht na Moldóive, an Úcráin

    Cugas Theas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia

    An Rúis

    C.   An Áise agus Meiriceá Laidineach

    1.   Meiriceá Laidineach

    An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, Eacuadór, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua, Veiniséala

    2.   An Áise

    An Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, an Chambóid, an tSín, an India, an Indinéis, an Iaráin, an Iaráic, Laos, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, an Mhongóil, Maenmar/Burma, Neipeal, an Phacastáin, na hOileáin Fhilipíneacha, Srí Lanca, an Téalainn, Vítneam, Éimin

    3.   An Áise Láir

    an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin

    D.   An Afraic Theas

    An Afraic Theas

    IARSCRÍBHINN III

    RÉIGIÚIN AGUS TÍORTHA INCHÁILITHE

    A.   Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais

    An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Chosaiv (*2), Montainéagró, an tSeirbia, an Tuirc (2)

    B.   Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta

    1.   Tíortha na Meánmhara

    An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín, an Túinéis

    2.   Oirthear na hEorpa, an Cugas Theas agus an Rúis

    Oirthear na hEorpa: an Bhealarúis, Poblacht na Moldóive, an Úcráin

    Cugas Theas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia

    An Rúis

    C.   An Áise agus Meiriceá Laidineach

    1.   Meiriceá Laidineach

    An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua, Veiniséala

    2.   An Áise

    An Bhanglaidéis, an Bhútáin, an Chambóid, an tSín, an India, an Indinéis, an Iaráic, Laos, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, an Mhongóil, Maenmar/Burma, Neipeal, an Phacastáin, na hOileáin Fhilipíneacha, Srí Lanca, an Téalainn, Vítneam, Éimin

    3.   An Áise Láir

    an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin

    D.   An Afraic Theas

    An Afraic Theas


    (*1)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    (1)  Ní chuirtear an Tuirc, ar tír í atá cumhdaithe faoi chomhaontú ar leithligh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, san áireamh i dTionscnamh Athléimneachta BEI.

    (*2)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    (2)  Ní chuirtear an Tuirc, ar tír í atá cumhdaithe faoi chomhaontú éagsúil idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, san áireamh i dTionscnamh Athléimneachta BEI.


    Top